10.12.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/21 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1258/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tuarascáil i ndáil le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí. |
(2) |
Sa tuarascáil sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar bhealaí chun rialú na trádála in ainhidríd aicéiteach a neartú, ar shubstaint sceidealaithe í i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, de bhun Airteagal 2(a) den Rialachán sin, chun cosc níos fearr a chur ar atreorú ainhidríde aicéití chun hearóin a tháirgeadh go haindleathach. |
(3) |
Ina Conclúidí an 25 Bealtaine 2010 maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasuithe reachtacha a mholadh tar éis dó an tionchar a d’fhéadfaidís a imirt ar údaráis agus ar oibreoirí eacnamaíocha na mBallstát a mheasúnú go cúramach. |
(4) |
Déanann an Rialachán seo an sainmhíniú ar shubstaintí sceidealaithe a shoiléiriú: i dtaca leis seo, scriostar an téarma “ullmhóid chógaisíochta” a thagann as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne na Gáinneála Aindleathaí ar Dhrugaí Támhshuanacha agus ar Shubstaintí Síceatrópacha a glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988, toisc go bhfuil sé clúdaithe ag téarmaíocht ábhartha ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, eadhaon “táirgí íocshláinte”. Thairis sin, scriostar an téarma “ullmhóidí eile” mar is ionann é agus an téarma “meascáin” atá in úsáid sa sainmhíniú sin cheana féin. |
(5) |
Ba cheart sainmhíniú ar an téarma “úsáideoir” a thabhairt isteach i gcomhair daoine a bhfuil substaintí ina seilbh acu chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh agus ba cheart a shoiléiriú nach mór do dhaoine atá ag úsáid substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh ceadúnas a fháil. |
(6) |
Ba cheart rialacha níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le clárúchán chun coinníollacha aonfhoirmeacha clárúcháin a áirithiú i ngach Ballstát i gcás substaintí sceidealaithe i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004. I gcás substaintí atá sceidealaithe san fhochatagóir nua 2A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart úsáideoirí, de bhreis ar oibreoirí, bheith faoi réir ceanglais chlárúcháin. |
(7) |
I gcás ina ndéantar táillí a ghearradh chun ceadúnas nó clárúchán a fháil, ba cheart do na Ballstáit féachaint faoi na táillí sin a mhodhnú chun iomaíochas micreaghnóthas a chosaint. |
(8) |
Ba cheart go ndéanfaí a shoiléiriú go bhfuil an deis ag na Ballstáit gníomhú i ndáil le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe ionas go mbeidh siad in ann gníomhú níos sciobtha i ndáil le treochtaí nua i dtáirgeadh aindleathach drugaí. |
(9) |
Ba cheart bunachar sonraí Eorpach (“an bunachar sonraí Eorpach”) maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chruthú chun an tuairisciú ag na Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo, i gcás inar féidir, ar bhealach comhiomlánaithe agus gan ainmneacha a lua agus sa bhealach is lú a dhéanann cúngracht i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun príobháideachas a neartú agus prionsabal an teorannaithe sonraí á chur san áireamh. Ba cheart don bhunachar sonraí Eorpach bheith mar chlár Eorpach d’oibreoirí agus d’úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán acu lena n-éascófar fíorú dlisteanachta idirbheart tráchtála lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus ba cheart go gcuirfí ar chumas oibreoirí faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta lena mbaineann substaintí sceidealaithe. |
(10) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, beartaítear faisnéis a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil, chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear réamhtheachtaithe drugaí ar an margadh agus cosc a chur ar atreorú substaintí sceidealaithe. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a bheadh ag cloí le cuspóir an Rialacháin sin agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, go háirithe, le ceanglais Aontais a bhaineann le cáilíocht sonraí, le comhréireacht, le teorannú de réir cuspóra, agus le cearta maidir le faisnéis, le rochtain, le sonraí a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil, bearta eagrúcháin agus teicniúla agus aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta. |
(11) |
Le próiseáil arna déanamh ar shonraí pearsanta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, agus ag aon gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglachadh dá bhun, ba cheart go n-urramófaí an ceart bunúsach chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart um chosaint sonraí pearsanta a ráthaítear le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áireofaí leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme go dtarlaíonn aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. |
(12) |
Ba cheart ainhidríd aicéiteach, atá sceidealaithe i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 faoi láthair, a chur san fhochatagóir nua 2A d’Iarscríbhinn I a ghabhainn leis an Rialachán ionas go bhféadfar rialú níos mó a dhéanamh ar a trádáil. Ba cheart na substaintí de chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 atá fágtha a liostú i bhfochatagóir 2B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(13) |
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagadh síos i gCinneadh 1999/468/CE (6). |
(14) |
Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(15) |
Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na ceanglais agus na coinníollacha a shonrú maidir le deonú an cheadúnais agus an chlárúcháin, maidir le hoibreoirí agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán faighte acu sna bunachair sonraí Eorpacha a liostú, maidir le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid, maidir le meascáin ina bhfuil substaintí sceidealaithe a dhoiciméadú nó a lipéadú, maidir le soláthar faisnéise ag na hoibreoirí i dtaobh idirbheart lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus maidir le soláthar faisnéise ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart faireacháin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus chun na hIarscríbhinní a leasú. Ba cheart go gcinnfí leis na gníomhartha tarmligthe sin freisin catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfaidh na Ballstáit agus oibreoirí a phróiseáil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus na catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfar a stóráil sa bhunachar sonraí Eorpach agus na cosaintí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
(16) |
Tá sé tábhachtach freisin go n-iarrfadh an Coimisiún a thuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus gníomhartha tarmligthe a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta á n-ullmhú aige. |
(17) |
Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú d’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na mionsonraí a chinneadh maidir leis an gcaoi ar cheart dearbhuithe custaiméirí a sholáthar i bhfoirm leictreonach agus maidir leis an gcaoi a soláthrófar do bhunachar sonraí Eorpach an fhaisnéis faoi idirbhearta oibreoirí lena mbaineann substaintí sceidealaithe. |
(18) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neartú na rialacha maidir le clárúchán oibreoirí atá ag cur substaintí sceidealaithe chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ar an margadh nó a bhfuil substaintí den sórt sin ina seilbh acu, go háirithe ainhidríd aicéiteach, chun cosc a chur ar a atreorú i dtreo táirgthe aindleathaigh dhrugaí, a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur leas na ngáinneálaithe éagsúlachtaí náisiúnta maidir le clárúchán agus toisc go n-aistríonn siad a ngnó aindleathach go dtí na háiteanna is éasca réamhtheachtaithe drugaí a atreorú chucu, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(19) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 18 Eanáir 2013 (8). |
(20) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Raon feidhme agus cuspóirí Bunaítear leis an Rialachán seo bearta comhchuibhithe maidir le rialú agus le faireachán in-Aontais ar shubstaintí áirithe a úsáidtear go minic i monarú aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha d’fhonn atreorú substaintí den sórt sin a chosc.”. |
(2) |
In Airteagal 2:
|
(3) |
In Airteagal 3:
|
(4) |
In Airteagal 4:
|
(5) |
In Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le doiciméadú meascán a mbeidh substaintí sceidealaithe iontu.” |
(6) |
In Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le lipéadú meascán a mbeidh substaintí sceidealaithe iontu.”. |
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla 1. Tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill maidir le haon imthosca, amhail orduithe nó idirbhearta neamhghnácha a bhaineann le substaintí sceidealaithe a bheidh le cur ar an margadh, a thabharfaidh le fios go bhféadfaí na substaintí sin a atreorú chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí aon fhaisnéis a bheidh le fáil lena bhféadfaidh na húdaráis inniúla dlisteanacht an ordaithe nó an idirbhirt ábhartha a fhíorú. 2. Soláthróidh na hoibreoirí faisnéis i bhfoirm achomair do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta lena mbaineann substaintí sceidealaithe. 3. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha ar oibreoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a sholáthar lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na catagóirí sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil chun na críche sin agus na cosaintí maidir le sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil. 4. Ní nochtfaidh oibreoirí sonraí pearsanta ar bith a bhaileofar de bhun an Rialacháin seo ach amháin do na húdaráis inniúla.”. |
(8) |
In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun comhar idir na húdaráis inniúla, na hoibreoirí agus tionscadal na gceimiceán a éascú, go háirithe maidir le substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.”. |
(9) |
In Airteagal 10:
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 go hAirteagal 16: “Airteagal 13 Teachtaireachtaí ó na Ballstáit 1. D’fhonn aon oiriúnú is gá a dhéanamh ar na socruithe maidir le faireachán a dhéanamh ar thrádáil i substaintí sceidealaithe agus i substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le cur chun feidhme na mbeart faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe maidir le substaintí a úsáidtear le haghaidh monarú neamhdhleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha agus maidir le modhanna atreoraithe agus monaraithe neamhdhleathacha, agus maidir lena dtrádáil dhleathach, a thabhairt don Choimisiún ar bhonn tráthúil i bhfoirm leictreonach tríd an mbunachar sonraí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 13a. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a d’fhonn na ceanglais agus na coinníollacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar faoi mhír 1 den Airteagal seo. 3. Cuirfidh an Coimisiún achoimre ar na teachtaireachtaí a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach i gcomhréir le hAirteagal 12(12) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus i gcomhairle leis na Ballstáit. Airteagal 13a Bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí 1. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige:
Is tar éis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(8) agus in Airteagal 8(3) a ghlacadh, agus tar éis sin amháin, a áireofar sonraí pearsanta sa bhunachar sonraí Eorpach. 2. Glacfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla na bearta uile is gá chun slándáil, rúndacht agus cruinneas sonraí pearsanta a bheidh sa bhunachar sonraí Eorpach a áirithiú agus chun a áirithiú go gcosnófar cearta daoine is ábhar do na sonraí i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). 3. Maidir le faisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear sonraí pearsanta, bainfear úsáid aisti i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta agus ní choinneofar í níos faide ná an t-achar ama is gá chun críocha an Rialacháin seo. Cuirfear cosc le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil. 4. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a bhaineann leis an mbunachar sonraí Eorpach a chur ar fáil ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus sothuigthe don phobal i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Airteagal 13b Cosaint Sonraí 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, leis na rialacháin náisiúnta agus leis na forálacha riaracháin náisiúnta lena trasuítear Treoir 95/46/CE agus faoi mhaoirseacht údarás maoirseachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin. 2. Gan dochar d’Airteagal 13 de Threoir 95/46/EC, is chun cosc a chur ar atreorú substaintí sceidealaithe, agus chuige sin amháin, a úsáidfear sonraí pearsanta a gheofar nó a dhéanfar a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo. 3. Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear chun críche an bhunachair sonraí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 4. Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 13a. Airteagal 14 Gníomhartha cur chun feidhme 1. Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:
2. Déanfar na gníomhartha seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2). Airteagal 14a Nós Imeachta Coiste 1. Beidh an Coiste um Réamhtheachtaithe Drugaí a bunaíodh le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (14) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 15 Na hIarscríbhinní a oiriúnú Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú do threochtaí nua in atreorú réamhtheachtaithe drugaí agus chun aon leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe a leanúint. Airteagal 15a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), sa dara mír d’Airteagal 7, Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 15 a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ón 30 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh gach tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tairmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), sa dara mír d’Airteagal 7, in Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Deanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), an dara mír d’Airteagal 7, Airteagal 8(3), Airteagal 13(2), nó Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 16 Faisnéis faoi bhearta a ghlacfaidh na Ballstáit 1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh siad de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe faoi na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 12. Tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin freisin. 2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit eile. 3. Faoin 31 Nollaig 2019, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Rialacháin seo, agus go háirithe leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann dul i mbun gníomhaíochta breise chun idirbhearta maidir le substaintí neamhsceidealaithe a mbeidh amhras fúthu a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. |
(11) |
In Iarscríbhinn I:
|
(12) |
In Iarscríbhinn III, scriostar an téacs “údarú/”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) IO C 76, 14.3.2013, lch. 54.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).
(4) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(6) Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(9) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(10) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).”;
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).”.
(12) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).”.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun monatóireacht a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.
IARSCRÍBHINN
CATAGÓIR 2
FOCHATAGÓIR 2A
Substaint |
Ainmniúchán AC (más éagsúil) |
Cód AC (1) |
Uimh. CAS (2) |
Ainhidríd aicéiteach |
|
2915 24 00 |
108-24-7 |
Salainn na substaintí a liostaítear sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann. |
FOCHATAGÓIR 2B
Substaint |
Ainmniúchán AC (más éagsúil) |
Cód AC (1) |
Uimh. CAS (2) |
Aigéad feiniolaicéiteach |
|
2916 34 00 |
103-82-2 |
Aigéad antrainileach |
|
2922 43 00 |
118-92-3 |
Pipiridín |
|
2933 32 00 |
110-89-4 |
Sármhanganáit photaisiam |
|
2841 61 00 |
7722-64-7 |
Salainn na substaintí a liostaítear sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann. |
(1) IO L 290, 28.10.2002, lch. 1.
(2) Is éard atá san Uimh. CAS “uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe ceimiceacha”, ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhair faoi deara go mbeidh Uimhreacha CAS shalainn na substaintí a liostaítear thuas éagsúil ó na cinn a thugtar.