29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 608/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina rún an 25 Meán Fómhair 2008 maidir le plean cuimsitheach Eorpach um fhrith-ghóchumadh agus frith-phíoráideacht, d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le gníomhaíocht chustaim in aghaidh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta áirithe maoine intleachtúla agus maidir leis na bearta atá le déanamh in aghaidh earraí a bhfaightear amach gur sháraigh siad na cearta sin (2).

(2)

Déantar dochar suntasach do shealbhóirí cirt, d’úsáideoirí nó do ghrúpaí táirgeoirí, agus do mhonaróirí atá géilliúil don dlí agus do thrádálaithe nuair a dhéantar margaíocht ar earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla. Ina theannta sin, d’fhéadfadh margaíocht den sórt sin tomhaltóirí a mhealladh agus, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sí a sláinte agus a sábháilteacht a chur i mbaol. Ba cheart na hearraí sin a choinneáil ó mhargadh an Aontais, a mhéad is féidir, agus ba cheart bearta a ghlacadh chun déileáil leis an margaíocht neamhdhleathach sin gan cur isteach ar thrádáil dhlisteanach.

(3)

Léiríodh san athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 go bhfuil, i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha, tráchtála agus dlí, gá le feabhsuithe áirithe ar an gcreat dlíthiúil chun an forghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla a neartú agus chun cinnteacht chuí dhlíthiúil a áirithiú.

(4)

Ba cheart go mbeadh na húdaráis chustaim inniúil chun cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú maidir le hearraí atá faoi dhliteanas maoirseachta custaim nó rialaithe custaim, i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais, agus ba cheart go mbeidís inniúil chun rialuithe leordhóthanacha a dhéanamh maidir leis na hearraí sin d’fhonn oibríochtaí lena sáraítear dlíthe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a chosc. Bealach éifeachtach chun cosaint dhlíthiúil a sholáthar don sealbhóir cirt agus d’úsáideoirí agus do ghrúpaí tairgeoirí is ea cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ag an teorainn, áit a bhfuil na hearraí, nó ar cheart iad a bheith, faoi mhaoirseacht chustaim nó faoi rialú custaim. Nuair a chuirtear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó nuair a choinníonn údaráis chustaim earraí ag an teorainn, níor cheart go mbeadh gá ach le nós imeachta dlíthiúil amháin, ach ba cheart go mbeadh gá le roinnt nósanna imeachta ar leithligh chun an leibhéal céanna forghníomhaithe a chur i bhfeidhm maidir le hearraí ar an margadh, ar earraí iad a dí-chombhailíodh agus a seachadadh ar mhiondíoltóirí. Ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcás earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoin gcóras úsáide deiridh toisc go bhfanann na hearraí sin faoi mhaoirseacht chustaim cé gur scaoileadh i saorchúrsaíocht iad. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a iompraíonn paisinéirí ina mbagáiste pearsanta ar choinníoll gur chun críche a n-úsáide pearsanta féin atá na hearraí sin agus nach dtugann aon ní le fios go bhfuil aon bhaint ag trácht tráchtála leo.

(5)

Ní chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 cearta áirithe maoine intleachtúla agus déantar roinnt sáruithe ar leithligh a eisiamh óna raon feidhme. D’fhonn forghníomhú ceart maoine intleachtúla a neartú, ba cheart rialú custaim a leathnú d’fhonn sáruithe eile a chumhdach, ar sáruithe iad nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003. Ba cheart dá bhrí sin ainmneacha trádála a áireamh freisin i raon feidhme an Rialacháin seo, chomh maith leis na cearta atá cumhdaithe cheana féin le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, sa mhéid go ndéantar iad a chosaint mar chearta eisiacha maoine faoin dlí náisiúnta, agus topagrafaíocht táirgí leathsheoltóra, cuspaí áisiúlachta agus gléasanna a dheartar, a thairgtear nó a oiriúnaítear go príomha chun teacht timpeall ar bhearta teicneolaíochta a chumasú nó a éascú.

(6)

Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach nó sáruithe atá mar thoradh ar rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003. Maidir le hearraí atá faoi réir na trádála comhthreomhaire neamhdhleathaí, eadhon earraí a monaraíodh le toiliú an tsealbhóra chirt ach a cuireadh ar an margadh iad den chéad uair sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch gan a thoiliú, agus maidir le cásanna de rótháirgeadh, eadhon earraí a mhonaraíonn duine, ar duine é atá údaraithe go cuí ag an sealbhóir cirt chun méid áirithe earraí a mhonarú, atá os cionn na méideanna a comhaontaíodh idir an duine sin agus an sealbhóir cirt, go monaraítear iad mar earraí dílse agus dá bhrí sin ní iomchuí é go ndíríonn údaráis chustaim a gcuid iarrachtaí ar earraí den sórt sin. Ba cheart go ndéanfaí trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach agus “rótháirgeadh” a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, dá bhrí sin.

(7)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, oiliúint iomchuí a chur ar fáil le haghaidh oifigeach custaim d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart.

(8)

Nuair a chuirfear an Rialachán seo chun feidhme go hiomlán, cuideofar tuilleadh le margadh inmheánach a bhaint amach lena n-áiritheofar cosaint níos éifeachtaí do shealbhóirí cirt, lena gcuirfear dlús leis an gcruthaitheacht agus leis an nuálaíocht agus lena gcuirfear táirgí iontaofa a bheidh ar ardchaighdeán ar fáil do thomhaltóirí agus ba cheart go neartófaí idirbhearta trasteorann idir tomhaltóirí, gnólachtaí agus trádálaithe sa chaoi sin.

(9)

Tá acmhainní i réimse an chustaim ag éirí níos teoranta i gcónaí do na Ballstáit. Mar sin, ba cheart go dtacófaí le teicneolaíochtaí agus le straitéisí bainistithe riosca a chur chun cinn chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d’údaráis chustaim.

(10)

Tá ar áireamh sa Rialachán seo rialacha nós imeachta le haghaidh údarás custaim agus sin amháin. Dá réir sin, ní thugtar isteach leis an Rialachán seo aon chritéar chun a fhionnadh gurb ann do shárú ar cheart maoine intleachtúla.

(11)

Faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in Doha an 14 Samhain 2001, is féidir agus is cóir an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS) a thuiscint agus a chur chun feidhme ar bhealach a thacóidh le ceart Bhaill EDT an tsláinte phoiblí a chosaint, go háirithe chun rochtain ar chógais don uile duine a chur chun cinn. Mar sin, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus a bheartas comhair um fhorbairt, i gcás cógas atá faoi bhealach trí chríoch custaim an Aontais Eorpaigh, nuair nach bhfuil sa turas thar an gcríoch sin, le hathlastáil nó ina éagmais, le trádstóráil nó ina héagmais, le toirtbhriseadh nó ina éagmais, le hathruithe ar an modh iompair nó ina n-éagmais, nuair nach bhfuil ann ach cuid den turas iomlán a thosaíonn agus a chríochnaíonn lasmuigh de chríoch an Aontais, ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh.

(12)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha maidir le hinniúlacht na gcúirteanna, go háirithe forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (3).

(13)

Maidir le daoine, úsáideoirí nó grúpaí táirgeoirí atá in ann imeachtaí dlí a thionscnamh ina n-ainm féin maidir le sárú féideartha ar an gceart maoine intleachtúla, ba cheart go mbeadh siad i dteideal iarratas a thíolacadh.

(14)

D’fhonn a áirithiú go déanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d’eintiteas atá ag lorg ceart ar fud an Aontais a fhorghníomhú iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin. Ba cheart go mbeadh iarratasóirí den sórt sin ábalta a iarraidh go gcinnfeadh na húdaráis sin gur cheart gníomhú chun an cirt maoine intleachtúla a fhorghníomhú ina mBallstát féin agus in aon Bhallstát eile araon.

(15)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú go tapa, ba cheart a fhoráil go bhféadfaidh údaráis chustaim, i gcás ina mbeidh amhras orthu, ar bhonn tásc réasúnta, go sáraíonn earraí atá faoina maoirseacht cearta maoine intleachtúla, scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, ar a dtionscnamh féin nó ar iarratas, d’fhonn duine nó eintiteas atá i dteideal iarratas a thíolacadh a chumasú imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh an ndearnadh sárú ar cheart maoine intleachtúla.

(16)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, ligeadh do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta lena gceadaítear earraí áirithe a scriosadh gan oibleagáid a bheith orthu imeachtaí a thionscnamh d’fhonn a fháil amach ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla. Faoi mar a aithníodh sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2008 maidir le tionchar an ghóchumtha ar an trádáil idirnáisiúnta (4), d’éirigh go maith leis an nós imeachta sin sna Ballstáit ina raibh teacht air. Dá bhrí sin, ba cheart an nós imeachta sin a bheith éigeantach i gcás sáruithe uile ar chearta maoine intleachtúla, agus ba cheart é a chur i bhfeidhm, i gcás ina n-aontaíonn an dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí leis an scriosadh. Thairis sin, ba cheart a fhoráil leis an nós imeachta sin go bhféadfaidh údaráis chustaim a mheas go n-aontaíonn dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí le scriosadh na n-earraí i gcás nár chuir sé go sainráite i gcoinne an scriosta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

(17)

D’fhonn an t-ualach riaracháin agus na costais a ísliú a mhéad is féidir, ba cheart nós imeachta sonrach a thabhairt isteach le haghaidh coinsíneachtaí beaga d’earraí góchumtha agus bradacha sa chaoi go bhféadfaí na hearraí sin a scriosadh gan comhaontú follasach an iarratasóra i ngach cás. Mar sin féin, ba cheart go n-éileofaí iarraidh ghinearálta ón iarratasóir san iarratas ionas go gcuirfí an nós imeachta sin i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag údaráis chustaim a éileamh go gcumhdóidh an t-iarratasóir na costais a thabhófar tríd an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm.

(18)

Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta dlíthiúla, is iomchuí na hamlínte a mhodhnú maidir le scaoileadh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla a chur ar fionraí nó iad a choinneáil agus na coinníollacha faoina gcuirfidh údaráis chustaim faisnéis faoi choinsíneachtaí ar aghaidh chuig daoine agus eintitis lena mbaineann, amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003.

(19)

Agus cineál sealadach agus coisctheach na mbeart a ghlac na húdaráis chustaim agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm chomh maith le coinbhleacht leasanna na bpáirtithe a bhfuil tionchar ag na bearta orthu á gcur san áireamh, ba cheart roinnt gnéithe de na nósanna imeachta a oiriúnú d’fhonn cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin a áirithiú, agus cearta na bpáirtithe lena mbaineann á n-urramú ag an am céanna. Dá bhrí sin, maidir leis na fógraí éagsúla atá beartaithe leis an Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt don duine is ábhartha, ar bhonn na ndoiciméad a bhaineann leis an gcóras custaim nó ar bhonn stádas na n-earraí. Thairis sin, ós rud é go gciallaíonn an nós imeachta chun earraí a scriosadh gur cheart don dearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí agus do shealbhóir an chinnidh araon aon agóid a d’fheadfadh a bheith acu i gcoinne an scriosta a chur in iúl go comhuaineach, ba cheart a áirithiú go dtabharfar an deis do shealbhóir an chinnidh chun freagairt d’agóid in aghaidh scriosta a d’fhéadfadh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí a dhéanamh. Ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, go dtabharfar fógra don dearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí gur cuireadh na hearraí ar fionraí nó gur coinníodh iad dó sula thugtar fógra do shealbhóir an chinnidh nó ar an lá céanna.

(20)

Spreagtar údaráis chustaim agus an Coimisiún comhoibriú leis an bhFaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach.

(21)

D’fhonn deireadh a chur leis an trádáil idirnáisiúnta in earraí lena sáraítear cearta maoine intleachtúla, foráiltear le Comhaontú TRIPS go ndéanfaidh baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) malartú faisnéise faoin trádáil sin a chur chun cinn idir údaráis chustaim. Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na dtríú tíortha lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin.

(22)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (5).

(23)

Ba cheart go rialófaí le reachtaíocht na mBallstát dliteanas na n-údarás custaim, cé nár cheart go gciallódh géilleadh d’iarratas ag na húdaráis chustaim go mbeadh sealbhóir an chinnidh i dteideal cúitimh mura n-aimseodh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear leo ceart maoine intleachtúla agus má scaoiltear iad nó mura nglacfaí gníomhaíocht chun iad a choinneáil.

(24)

Ós rud é nach ndéanann na húdaráis chustaim gníomhaíocht gan iarratas a fháil, is iomchuí a fhoráil go ndéanfaidh sealbhóir an chinnidh na costais ar fad a aisíoc a thabhaigh na húdaráis chustaim nuair a rinne siad gníomhaíocht chun cearta maoine intleachtúla an tsealbhóra a fhorghníomhú. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sé sin ina chosc ar shealbhóir an chinnidh cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith faoi dhliteanas faoi reachtaíocht an Bhallstáit inar thángthas ar na hearraí. D’fhéadfadh idirmheánaithe a bheith san áireamh le daoine den sórt sin, más iomchuí. Na costais agus na damáistí a thabhaíonn daoine, seachas údaráis chustaim, de bharr gníomhaíochta custaim nuair a chuirtear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó nuair a choinnítear na hearraí ar bhonn éilimh ó thríú páirtí maidir le maoin intleachtúil, ba cheart go rialófaí leis an reachtaíocht shonrach is infheidhme iad i ngach cás ar leith.

(25)

Leis an Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis chustaim cead a thabhairt na hearraí atá le scriosadh a bhogadh faoi mhaoirseacht chustaim idir áiteanna éagsúla laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Féadfaidh údaráis chustaim a chinneadh chomh maith leis sin na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht d’fhonn breis athchúrsála a dhéanamh orthu nó iad a dhiúscairt go neamhspleách ó bhealaí tráchtála lena n-áirítear chun feasacht a chruthú agus chun críocha oiliúna agus oideachais.

(26)

Is éard a bheidh i gceist leis an gcaoi a dhéanfaidh údaráis chustaim forghníomhú ar chearta maoine intleachtúla, aistriú sonraí i dtaobh cinntí a bhaineann le hiarratais. Cumhdaítear sonraí pearsanta i bpróiseáil na sonraí sin agus ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais mar a leagtar amach í i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7).

(27)

Maidir leis an malartú faisnéise a bhaineann le cinntí ar iarratais agus le gníomhaíochtaí custaim ba cheart iad a dhéanamh trí bhunachar leictreonach sonraí lárnach. Ba cheart an t-eintiteas a rialóidh agus a dhéanfaidh an bunachar sonraí sin a bhainistiú agus na heintitis a bhfuil sé mar chúram orthu slándáil phróiseáil na sonraí atá sa bhunachar sonraí a áirithiú a shainiú. Ba cheart go mbeadh tabhairt isteach aon chineáil d’idir-inoibritheacht nó de mhalartú a d’fhéadfadh a bheith ann ag cloí thar aon ní eile le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, eadhon go mba cheart go n-úsáidfí sonraí chun na críche ar bunaíodh an bunachar sonraí ina leith, agus níor cheart go gceadófaí aon mhalartú nó aon idirnasc breise ach amháin chun na críche sin.

(28)

D’fhonn a áirithiú go bhféadfar an sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga a oiriúnú má fheictear go bhfuil sé neamhphraiticiúil, agus an gá atá ann a áirithiú go n-oibreofar an nós imeachta go héifeachtach á chur san áireamh, nó i gcás inar mbeidh gá aon teacht timpeall ar an nós imeachta sin a sheachaint maidir le comhdhéanamh coinsíneachtaí, ba cheart go ndéanfaí an chumhacht gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na gnéithe neamhriachtanacha den sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga a leasú, eadhon na cainníochtaí sonracha a leagtar amach sa sainmhíniú sin. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaí san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(29)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann leis na gnéithe de na socruithe praiticiúla chun sonraí a mhalartú le tríú tíortha a shainmhíniú agus na bhforálacha a bhaineann leis na foirmeacha i ndáil le hiarratas ar ghníomhaíocht ó na húdaráis chustaim agus maidir le síneadh a iarraidh ar an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, eadhon an chumhacht chun na gnéithe sin de na socruithe praiticiúla a shainmhíniú agus chun foirmeacha caighdeánacha a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (8). Maidir leis na foirmeacha caighdeánacha a bhunú, cé go dtagann ábhar fhorálacha an Rialacháin seo atá le cur chun feidhme faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála, ba cheart, i bhfianaise chineál agus thionchar na ngníomhartha cur chun feidhme sin, an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid lena nglacadh de bhrí go ndéanann na mionsonraí uile maidir leis an bhfaisnéis atá le háireamh sna foirmeacha téacs an Rialacháin seo a leanúint go díreach. Mar sin, ní bhunófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin ach formáid agus struchtúr na foirme agus ní bheidh aon impleachtaí eile acu ar chomhbheartas tráchtála an Aontais.

(30)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 a aisghairm.

(31)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 12 Deireadh Fómhair 2011 (9),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht i gcás ina mbeidh, nó inar cheart go mbeadh, earraí a mbeidh amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim laistigh de chríoch chustaim an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (10), go mbeidís faoina réir, go háirithe earraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhearbhófar go scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta, onnmhairiú nó ath-onnmhairiú iad;

(b)

ag teacht isteach ar chríoch chustaim an Aontais dóibh nó ag imeacht ón gcríoch sin dóibh;

(c)

nuair a chuirfear nós imeachta fionraíochta i bhfeidhm orthu nó nuair a chuirfear i limistéar saor nó i dtrádstóras saor iad.

2.   Maidir leis na hearraí atá faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim, agus gan dochar d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 18, cuirfidh na húdaráis chustaim rialuithe custaim leordhóthanacha i gcrích agus glacfaidh siad bearta aitheantais comhréireacha dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 72 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 i gcomhréir le critéir anailíse riosca d’fhonn gníomhartha lena sáraítear dlíthe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a chosc, ar dlíthe iad atá infheidhme ar chríoch an Aontais agus d’fhonn comhoibriú le tríú tíortha i ndáil le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoin gcóras úsáide deiridh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí neamhthráchtála a bheidh i mbagáiste pearsanta taistealaithe.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a monaraíodh le toiliú shealbhóir an chirt nó maidir le hearraí a mhonaróidh duine a n-údaróidh sealbhóir cirt go hiomchuí é chun méid áirithe earraí a mhonarú, os cionn na méideanna a comhaontaíodh idir an duine sin agus an sealbhóir cirt.

6.   Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar an dlí náisiúnta ná ar dhlí an Aontais maidir le maoin intleachtúil ná ní bheidh tionchar aige ar dhlíthe na mBallstát maidir le nósanna imeachta coiriúla.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “ceart maoine intleachtúla”:

(a)

trádmharc;

(b)

dearadh;

(c)

cóipcheart nó aon cheart a bhaineann le cóipcheart amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(d)

sonra geografach;

(e)

paitinn amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(f)

teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí míochaine amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (11);

(g)

teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chur ar bun le haghaidh táirgí cosanta plandaí (12);

(h)

ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (13);

(i)

ceart maidir le cineálacha plandaí amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta;

(j)

topagrafaíocht táirge leathsheoltóra amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(k)

cuspa áisiúlachta sa mhéid go gcosnaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla;

(l)

ainm trádála sa mhéid go gcosnaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla eisiach;

(2)

ciallaíonn “trádmharc”:

(a)

trádmharc Comhphobail amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (14);

(b)

trádmharc arna chlárú i mBallstát nó, i gcás na Beilge, na hÍsiltíre nó Lucsamburg, arna chlárú in Oifig Maoine Intleachtúla Benelux;

(c)

trádmharc arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát nó san Aontas;

(3)

ciallaíonn “dearadh”:

(a)

dearadh Comhphobail amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Chomhphobail (15);

(b)

dearadh arna chlárú i mBallstát nó, i gcás na Beilge, na hÍsiltíre nó Lucsamburg, arna chlárú in Oifig Maoine Intleachtúla Benelux;

(c)

dearadh arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht aige i mBallstát nó san Aontas;

(4)

ciallaíonn “sonra geografach”:

(a)

sonra geografach nó sonrúchán tionscnaimh a chosnaítear do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhar amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (16);

(b)

sonrúchán tionscnaimh nó sonra geografach le haghaidh fíona amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (17);

(c)

sonrúchán geografach le haghaidh deochanna cumhraithe atá bunaithe ar tháirgí fíona amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona cumhraithe agus manglaim a dhéantar as táirgí fíona cumhraithe (18);

(d)

sonra geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (19);

(e)

sonra geografach do tháirgí nach dtagann faoi phointe (a) go pointe (d) sa mhéid go mbunaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla eisiach;

(f)

sonra geografach amhail dá bhforáiltear sna Comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha agus a liostaítear amhlaidh sna Comhaontuithe sin;

(5)

ciallaíonn “earraí góchumtha”:

(a)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear trádmharc sa Bhallstát ina n-aimsítear na hearraí agus a bhfuil comhartha ag gabháil leo gan údarú is ionann agus trádmharc atá cláraithe go bailí maidir leis an gcineál céanna earraí, nó nach féidir a bhunghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin;

(b)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear sonra geografach sa Bhallstát ina n-aimsítear iad agus a bhfuil ainm nó téarma ag gabháil leo atá cosanta i ndáil leis an sonra geografach sin nó a ndéantar cur síos orthu le hainm nó téarma den chineál sin;

(c)

aon phacáistiú, aon lipéad, aon ghreamán, aon bhróisiúr, aon treoracha oibriúcháin, aon doiciméad baránta nó aon ítim chomhchosúil eile, fiú má chuirtear i láthair ar leithligh é, is ábhar do ghníomhaíocht lena sáraítear trádmharc nó sonra geografach agus lena n-áirítear comhartha, ainm nó téarma is ionann agus trádmharc atá cláraithe go bailí nó sonra geografach faoi chosaint, nó nach féidir a bhunghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin nó ón sonra geografach sin, agus a fhéadtar a úsáid don chineál céanna earraí agus an cineál sin ar cláraíodh an trádmharc nó an sonra geografach ina leith;

(6)

ciallaíonn “earraí bradacha” earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear cóipcheart nó ceart gaolmhar nó dearadh sa Bhallstát ina n-aimsítear na hearraí, ar cóipeanna iad, nó ina bhfuil cóipeanna, a rinneadh gan toiliú shealbhóir an chóipchirt nó an chirt ghaolmhair nó an deartha, nó gan toiliú duine arna údarú ag an sealbhóir sin i dtír an táirgthe;

(7)

ciallaíonn “earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla”, earraí a bhfuil tásca réasúnta ina leith gurb iad, prima facie na hearraí seo a leanas sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin:

(a)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear ceart maoine intleachtúla sa Bhallstát sin;

(b)

gléasanna, táirgí nó comhpháirteanna a dheartar, a tháirgtear nó a oiriúnaítear chun sárú ar aon teicneolaíocht, ar aon ghléas nó ar aon chomhpháirt a chumasú, lena ndéantar, agus é á ghnáthfheidhmiú, cosc nó srian a chur ar ghníomhaíochtaí i leith oibreacha nach bhfuil údaraithe ag sealbhóir aon chóipchirt nó aon chirt a bhaineann le cóipcheart agus a bhaineann le gníomh lena ndéantar sárú ar na cearta sin sa Bhallstát sin;

(c)

aon mhúnla nó aon mhaitrís atá deartha nó oiriúnaithe go sonrach chun earraí lena sáraítear ceart maoine intleachtúla a mhonarú, má bhaineann na múnlaí sin nó na maitrísí sin le gníomhaíocht lena sáraítear ceart maoine intleachtúla sa Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn “sealbhóir cirt” sealbhóir an chirt maoine intleachtúla;

(9)

ciallaíonn “iarratas” iarraidh a dhéantar leis an roinn chustaim inniúil go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht i ndáil le hearraí a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla;

(10)

ciallaíonn “iarratas náisiúnta” iarratas lena n-iarrtar ar údaráis chustaim de chuid Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh sa Bhallstát sin;

(11)

ciallaíonn “iarratas Aontais” iarratas arna thíolacadh i mBallstát amháin lena n-iarrtar ar údaráis chustaim an Bhallstáit sin agus ar údaráis chustaim Ballstáit amháin eile nó níos mó gníomhaíocht a dhéanamh ina mBallstáit féin;

(12)

ciallaíonn “iarratasóir” an duine nó an t-eintiteas ar ar a shon a dhéantar an t-iarratas a thíolacadh;

(13)

ciallaíonn “sealbhóir an chinnidh” sealbhóir an chinnidh lena ndeonaítear iarratas;

(14)

ciallaíonn “sealbhóir na n-earraí” an duine arb é úinéir na n-earraí é nó an duine a bhfuil ceart comhchosúil diúscartha aige ina leith nó a bhfuil smacht fisiciúil aige orthu;

(15)

ciallaíonn “dearbhóir” an dearbhóir mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(16)

ciallaíonn “scriosadh” scriosadh fisiciúil, athchúrsáil nó diúscairt earraí go neamhspleách ó bhealaí tráchtála, ar shlí nach ndéanfar damáiste do shealbhóir an chinnidh;

(17)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” críoch chustaim an Chomhphobail mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(18)

ciallaíonn “scaoileadh na n-earraí” scaoileadh na n-earraí mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(19)

ciallaíonn “coinsíneacht bheag” coinsíneacht phoist nó coinsíneacht luaschúiréara ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá trí aonad inti nó níos lú;

(b)

tá ollmheáchan níos lú ná dhá chileagram uirthi.

Chun críche phointe (a), is é a bheidh in “aonaid” earraí mar a aicmítear iad faoin Ainmníocht Chomhcheangailte i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (20) mura bhfuil sé pacáistithe, nó pacáistiú earraí den sórt sin atá beartaithe lena miondíol leis an tomhaltóir deiridh.

Chun críche an tsainmhínithe sin, measfar gur aonaid éagsúla iad earraí ar leith a thagann faoin gcód céanna san Ainmníocht Chomhcheangailte agus measfar gur aonad amháin iad earraí a chuirtear i láthair mar thacair atá aicmithe i gcód amháin san Ainmníocht Comhcheangailte;

(20)

ciallaíonn “earraí meatacha” aon earraí a mheasann údaráis chustaim go meathlaíonn siad má choimeádtar iad suas go 20 lá ón dáta a ndéantar an scaoileadh a chur ar fionraí nó ó dháta a gcoinneála;

(21)

ciallaíonn “ceadúnas eisiach” ceadúnas (bíodh sé ginearálta nó teoranta) lena n-údaraítear don cheadúnaí, agus gach duine eile á eisiamh, lena n-áirítear an duine a dheonaíonn an ceadúnas, ceart maoine intleachtúla a úsáid sa tslí a údaraítear leis an gceadúnas.

CAIBIDIL II

IARRATAIS

ROINN 1

Iarratais a thíolacadh

Airteagal 3

Teidlíocht chun iarratas a thíolacadh

Beidh na daoine agus na heintitis seo a leanas, a mhéid a bhfuil siad i dteideal imeachtaí a thionscnamh, chun cinneadh a dhéanamh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla, sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina n-iarrfar ar na húdaráis chustaim gníomhú, i dteideal an méid seo a leanas a thíolacadh:

(1)

iarratas náisiúnta nó iarratas Aontais:

(a)

sealbhóirí cirt;

(b)

comhlachtaí bainistithe comhcheart maoine intleachtúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú (21);

(c)

comhlachtaí gairmiúla cosanta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/48/CE;

(d)

grúpaí de réir bhrí pointe (2) d’Airteagal 3 agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, nó grúpaí táirgeoirí de réir bhrí Airteagal 118e de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó grúpaí táirgeoirí dá samhail dá bhforáiltear i ndlí an Aontais lena rialaítear sonraí geografacha agus a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí a tháirgeann táirgí a bhfuil sonra geografach orthu, nó ionadaithe na ngrúpaí sin, go háirithe Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus oibreoirí atá i dteideal sonra geografach a úsáid; agus comhlachtaí iniúchta nó údaráis atá inniúil maidir le sonra geografach den chineál sin;

(2)

iarratas náisiúnta:

(a)

daoine nó eintitis a údaraítear cearta maoine intleachtúla a úsáid, ar cearta iad a thug sealbhóir an chirt údarú foirmiúil dóibh imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh an ceart maoine intleachtúil;

(b)

grúpaí táirgeoirí dá bhforáiltear i reachtaíocht na mBallstát lena rialaítear sonraí geografacha agus a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí a tháirgeann táirgí a bhfuil sonraí geografacha orthu nó ionadaithe na ngrúpaí sin agus oibreoirí atá i dteideal sonra geografach a úsáid, mar aon le comhlachtaí cigireachta nó údaráis is inniúil maidir le sonra geografach den chineál sin;

(3)

iarratas Aontais: sealbhóirí ceadúnas eisiacha lena gcumhdaítear críoch iomlán dhá Bhallstát nó níos mó ar údaraíodh sealbhóirí ceadúnais go foirmiúil imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh a gcearta maoine intleachtúla.

Airteagal 4

Cearta maoine intleachtúla a chumhdófar le hiarratais Aontais

Ní fhéadfar iarratas Aontais a thíolacadh ach amháin maidir le cearta maoine intleachtúla a bheidh bunaithe ar dhlí an Aontais a bhfuil éifeachtaí acu ar fud an Aontais.

Airteagal 5

Iarratais a thíolacadh

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an roinn chustaim is inniúil maidir le hiarratais a fháil agus a phróiseáil (“an roinn inniúil chustaim”). Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas dá réir sin agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ranna inniúla custaim arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

2.   Déanfar iarratais a thíolacadh chuig an roinn inniúil chustaim. Déanfar na hiarratais ar an bhfoirm dá dtagraítear in Airteagal 6 agus beidh an fhaisnéis is gá ann.

3.   I gcás ina gcuirfear isteach iarratas tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó maidir leis na hearraí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), comhlíonfaidh an t-iarratas sin an méid seo a leanas:

(a)

déanfar é a thíolacadh don roinn inniúil chustaim laistigh de cheithre lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó maidir leis na hearraí a choinneáil;

(b)

iarratas náisiúnta a bheidh ann;

(c)

beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ann. Féadfaidh an t-iarratasóir, mar sin féin, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) den mhír sin a fhágáil ar lár.

4.   Seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 3, ní fhéadfar ach iarratas náisiúnta amháin agus iarratas Aontais amháin a thíolacadh in aghaidh an Bhallstáit don cheart céanna maoine intleachtúla a chosnaítear sa Bhallstát sin. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 3, ceadófar níos mó ná iarratas Aontais amháin.

5.   I gcás ina ngéillfear d’iarratas Aontais i leith Ballstáit atá cumhdaithe cheana le hiarratas Aontais eile ar glacadh leis ar son an iarratasóra chéanna agus an chirt chéanna maoine intleachtúla, gníomhóidh údaráis chustaim an Bhallstáit sin ar bhonn an iarratais Aontais a deonaíodh i gcéaduair. Déanfaidh siad roinn inniúil chustaim an Bhallstáit inar deonaíodh aon iarratas Aontais ina dhiaidh sin a chur ar an eolas faoi agus déanfaidh an Ballstát sin an cinneadh chun an t-iarratas Aontais sin a leasú nó a chúlghairm.

6.   I gcás ina mbeidh córais ríomhairithe ar fáil chun iarratais a fháil agus a phróiseáil, úsáidfear teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun iarratais mar aon le ceangaltáin a thíolacadh. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na córais sin a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid i gcomhréir leis an bplean straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht chustaim gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (22).

Airteagal 6

Foirm iarratais

1.   Bunóidh an Coimisiún foirm iarratais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Ar an bhfoirm iarratais, saineofar an fhaisnéis nach mór a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus de bhun dlíthe náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil gá leis an bhfaisnéis seo a leanas ón iarratasóir san fhoirm iarratais:

(a)

sonraí maidir leis an iarratasóir;

(b)

stádas an iarratasóra de réir bhrí Airteagal 3;

(c)

doiciméid lena gcuirfear fianaise ar fáil chun go mbeidh an roinn inniúil chustaim sásta go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal an t-iarratas a thíolacadh;

(d)

i gcás ina dtíolacfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas trí bhíthin ionadaí, mionsonraí an duine a dhéanfaidh ionadaíocht air agus fianaise maidir le cumhachtaí an duine sin chun gníomhú mar ionadaí, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina dtíolacfar an t-iarratas;

(e)

an ceart nó na cearta maoine intleachtúla a bheidh le forghníomhú;

(f)

i gcás iarratais Aontais, na Ballstáit ina n-iarrfar gníomhaíocht chustaim;

(g)

sonraí sonracha agus teicniúla maidir leis na hearraí barántúla, lena n-áirítear marcálacha amhail barrachódú agus íomhánna i gcás inarb iomchuí;

(h)

an fhaisnéis is gá chun go bhféadfaidh na húdaráis chustaim na hearraí a bheidh i gceist a shainaithint go héasca;

(i)

faisnéis a bheidh ábhartha maidir le hanailís agus measúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann, amhail na dáileoirí údaraithe;

(j)

cé acu a bheidh nó nach mbeidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (g), pointe (h) nó pointe (i) den mhír seo le marcáil i gcomhair láimhseála srianta i gcomhréir le hAirteagal 31(5);

(k)

sonraí aon ionadaí arna ainmniú ag an iarratasóir, ar ionadaí é a bheidh i bhfeighil cúrsaí dlíthiúla agus teicniúla;

(l)

gealltanas an iarratasóra fógra a thabhairt don roinn inniúil chustaim maidir le haon cheann de na cásanna a leagtar síos in Airteagal 15;

(m)

gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d’anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;

(n)

gealltanas an iarratasóra dliteanas a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28;

(o)

gealltanas an iarratasóra na costais dá dtagraítear in Airteagal 29 a sheasamh faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

(p)

comhaontú ón iarratasóir go bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit próiseáil a dhéanamh ar na sonraí a chuirfidh sé ar fáil;

(q)

an n-iarrann an t-iarratasóir go n-úsáidfí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26 agus, i gcás ina n-iarrfaidh na húdaráis chustaim é, go gcomhaontóidh sé na costais a bhaineann le hearraí a scriosadh faoin nós imeachta sin a chumhdach.

ROINN 2

Cinntí maidir le hiarratais

Airteagal 7

Iarratais neamhiomlána a phróiseáil

1.   I gcás ina measfaidh an roinn inniúil chustaim, ar iarratas a fháil di, nach bhfuil an fhaisnéis ar fad a éilítear faoi Airteagal 6(3) san iarratas sin, iarrfaidh an roinn inniúil chustaim ar an iarratasóir an fhaisnéis a bheidh in easnamh a sholáthar laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoin iarraidh.

I gcásanna den sórt sin, cuirfear an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ar fionraí go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis ábhartha.

2.   I gcás nach soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a bheidh in easnamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, diúltóidh an roinn inniúil chustaim don iarratas.

Airteagal 8

Táillí

Ní ghearrfar táille ar an iarratasóir chun na costais riaracháin a eascróidh as próiseáil an iarratais a chumhdach.

Airteagal 9

Fógra faoi chinntí lena ngéillfear d’iarratais nó lena ndiúltófar dóibh

1.   Tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra don iarratasóir maidir lena cinneadh lena ngéillfear don iarratas nó lena ndiúltófar dó laistigh de 30 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas. I gcás ina ndiúltófar dó, soláthróidh an roinn inniúil chustaim na cúiseanna lena cinneadh agus áireoidh sí faisnéis maidir leis an nós imeachta achomhairc.

2.   I gcás inar cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas gur chuir na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó gur choinnigh siad na hearraí sular tíolacadh iarratas, tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra don iarratasóir maidir lena cinneadh lena ngéillfear don iarratas nó lena ndiúltófar dó laistigh de dhá lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas.

Airteagal 10

Cinntí maidir le hiarratais

1.   Cinneadh lena ngéillfear d’iarratas náisiúnta agus aon chinneadh lena gcúlghairfear nó lena leasófar é, beidh éifeacht aige sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas náisiúnta ón lá tar éis an dáta a nglacfar iad.

Cinneadh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh na húdaráis chustaim le dul i mbun gníomhaíochta lena linn, beidh éifeacht aige sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas náisiúnta ón lá tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse a mbeifear chun síneadh a chur léi in éag.

2.   Beidh éifeacht mar a leanas ag cinneadh lena ngéillfear d’iarratas Aontais agus aon chinneadh lena gcúlghairfear nó lena leasófar é:

(a)

sa Bhallstát inar tíolacadh an t-iarratas, an lá tar éis an dáta a nglacfar iad;

(b)

sna Ballstáit eile ar fad ina n-iarrfar go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht, an lá tar éis an dáta a thabharfar fógra do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 14(2) ar choinníoll go mbeidh a chuid oibleagáidí comhlíonta ag sealbhóir an chinnidh faoi Airteagal 29(3) maidir le costais aistriúcháin.

Cinneadh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh na húdaráis chustaim le dul i mbun gníomhaíochta lena linn, beidh éifeacht acu sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas Aontais agus sna Ballstáit eile uile ina n-iarrfar go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht an lá tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse a mbeifear chun síneadh a chur léi in éag.

Airteagal 11

An tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn

1.   Nuair a dheonóidh sí iarratas, sonróidh an roinn inniúil chustaim an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn.

Tosóidh an tréimhse sin an lá a mbeidh éifeacht ag an gcinneadh lena ndeonófar an t-iarratas de bhun Airteagal 10 agus ní mhairfidh sí níos faide ná bliain amháin ón lá tar éis dháta an ghlactha.

2.   I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d’Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra go ndearnadh scaoileadh na n-earraí nó coinneáil na n-earraí a chur ar fionraí.

3.   I gcás ina dtiocfaidh deireadh le héifeacht cirt maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t-iarratasóir an duine a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh lenar deonaíodh an t-iarratas an cinneadh sin a chúlghairm nó a leasú dá réir.

Airteagal 12

Síneadh na tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn

1.   Nuair a rachaidh an tréimhse in éag a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn, agus faoi réir aon fhiach atá dlite do na húdaráis chustaim faoin Rialachán seo a bheith glanta roimhe sin ag sealbhóir an chinnidh, féadfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh tosaigh, ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh, síneadh a chur leis an iarratas sin.

2.   I gcás ina bhfaighidh an roinn chustaim inniúil an iarraidh go ndéanfar an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn a shíneadh níos lú ná 30 lá oibre roimh dhul in éag an chinnidh atá le síneadh, féadfaidh sí an iarraidh sin a dhiúltú.

3.   Tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra maidir lena cinneadh i ndáil leis an síneadh do shealbhóir an chinnidh laistigh de 30 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Sonróidh an roinn inniúil chustaim an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn.

4.   An tréimhse shínte a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn, tosóidh sí ar an dáta tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse roimhe sin in éag, agus ní bheidh sí níos faide ná bliain amháin.

5.   I gcás ina dtiocfaidh deireadh le héifeacht cirt maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t-iarratasóir an duine a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh an roinn inniúil chustaim a dheonaigh an cinneadh lenar deonaíodh an síneadh an cinneadh sin a chúlghairm nó a leasú dá réir.

6.   Ní ghearrfar táille ar shealbhóir an chinnidh chun na costais riaracháin a eascraíonn as próiseáil na hiarrata ar shíneadh a chumhdach.

7.   Bunóidh an Coimisiún foirm iarrata le haghaidh sínidh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 13

An cinneadh maidir le cearta maoine intleachtúla a leasú

Féadfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh lena ndeonaítear an t-iarratas, ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh sin, liosta na gceart maoine intleachtúla sa chinneadh sin a leasú.

Nuair a chuirtear isteach ceart nua maoine intleachtúla, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (c), (e), (g), (h) agus (i) d’Airteagal 6(3) ann.

I gcás cinnidh lena ngéillfear d’iarratas Aontais, beidh aon leasú arb é atá inti foráil maidir le cur leis na cearta maoine intleachtúla teoranta do na cearta maoine intleachtúla sin a chumhdaítear le hAirteagal 4.

Airteagal 14

Na hoibleagáidí atá ar an roinn inniúil chustaim i ndáil le fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh an roinn inniúil chustaim ar tíolacadh iarratas náisiúnta dó na cinntí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig oifigí custaim a Bhallstáit díreach tar éis di iad a ghlacadh:

(a)

cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(b)

cinntí lena gcúlghairfear cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(c)

cinntí lena leasófar cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(d)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn.

2.   Déanfaidh an roinn inniúil chustaim ar cuireadh iarratas Aontais faoina bráid na cinntí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas Aontais díreach tar éis di iad a ghlacadh:

(a)

cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(b)

cinntí lena gcúlghairfear cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(c)

cinntí lena leasófar cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(d)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn.

Cuirfidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas ón Aontas na cinntí sin ar aghaidh láithreach tar éis na cinntí sin a fháil chuig a n-oifigí custaim féin.

3.   Féadfaidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas ón Aontas a iarraidh ar an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh faisnéis bhreise a sholáthar di a meastar a bhfuil gá léi le haghaidh cur chun feidhme an chinnidh sin.

4.   Cuirfidh an roinn inniúil chustaim a chinneadh lena gcuirfear gníomhaíocht na n-údarás custaim ar fionraí faoi phointe (b) d’Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(2) ar aghaidh chuig oifigí custaim a Bhallstáit díreach tar éis di é a ghlacadh.

Airteagal 15

Na hoibleagáidí atá ar shealbhóir an chinnidh i ndáil le fógra a thabhairt

Tabharfaidh sealbhóir an chinnidh fógra láithreach bonn don roinn inniúil chustaim a dheonaigh an t-iarratas maidir le haon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)

scoireann ceart maoine intleachtúla a cumhdaíodh lena iarratas d’éifeacht a bheith aige;

(b)

scoireann sealbhóir an chinnidh, ar chúiseanna eile, de bheith i dteideal an t-iarratas a chur isteach;

(c)

rinneadh leasuithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

Airteagal 16

Mainneachtan shealbhóir an chinnidh a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh

1.   I gcás ina n-úsáidfidh sealbhóir an chinnidh an fhaisnéis a sholáthróidh na húdaráis chustaim chun críocha seachas na críocha sin dá bhforáiltear in Airteagal 21, féadfaidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit inar soláthraíodh an fhaisnéis nó inar baineadh mí-úsáid aisti an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aon chinneadh a ghlac sé lenar deonaíodh iarratas náisiúnta a chuir sealbhóir an chinnidh isteach a chúlghairm, agus diúltú tréimhse a shíneadh a mbeidh gníomhaíocht le déanamh lena linn ag na húdaráis chustaim;

(b)

aon chinneadh ina gcríoch lenar deonaíodh iarratas Aontais a thíolaic sealbhóir an chinnidh a chur ar fionraí le linn tréimhse na bailíochta.

2.   Féadfaidh an roinn inniúil chustaim cinneadh a dhéanamh gníomhaíocht na n-údarás custaim a chur ar fionraí go dtí go rachaidh an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis sin lena linn in éag, sna cásanna seo a leanas:

(a)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 15;

(b)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na ceanglais maidir le samplaí a chur ar ais mar a leagtar amach in Airteagal 19(3);

(c)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí maidir le costais agus le haistriúchán mar a leagtar amach in Airteagal 29(1) agus (3);

(d)

gan cúis bhailí, níor thionscain sealbhóir an chinnidh imeachtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23(3) nó in Airteagal 26(9).

I gcás iarratais Aontais, ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás custaim a chur ar fionraí ach sa Bhallstát ina ndéanfar an cinneadh sin.

CAIBIDIL III

GNÍOMHAÍOCHT ARNA DÉANAMH AG NA hÚDARÁIS CHUSTAIM

ROINN 1

Scaoileadh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear ceart maoine inlteachtúla leo a chur ar fionraí nó na hearraí sin a choinneáil

Airteagal 17

Scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil tar éis géilleadh d’iarratas

1.   I gcás ina sainaithneoidh údaráis chustaim, earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear leo ceart maoine intleachtúla a chumhdaítear le cinneadh lenar deonaíodh iarratas, cuirfidh siad scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó coinneoidh siad iad.

2.   Sula gcuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó sula gcoinneoidh siad iad, féadfaidh siad a iarraidh ar shealbhóir an chinnidh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh a bhaineann leis na hearraí. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis a sholáthar do shealbhóir an chinnidh freisin maidir le líon iarbhír na n-ítimí, nó a líon measta, cineál na n-earraí agus íomhánna díobh de réir mar is iomchuí.

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis dóibh scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó tar éis dóibh iad a choinneáil.

I gcás ina gcineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.

Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do shealbhóir an chinnidh faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó faoin gcoinneáil, ar an lá céanna, nó go pras tar éis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí fógra a fháil.

Áireofar sna fógraí faisnéis ar an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 23.

4.   Cuirfidh na húdaráis chustaim sealbhóir an chinnidh agus dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí ar an eolas faoi chainníocht iarbhír nó mheasta na n-earraí agus faoi chineál iarbhír nó measta na n-earraí, lena n-áirítear na híomhánna de na hítímí sin a bheidh ar fáil do na húdaráis chustaim, de réir mar is iomchuí, ar ítimí iad ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad. Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin agus más eol, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní, an choinsíneora, dhearbhóir nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

Airteagal 18

Scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil sula ngéillfear d’iarratas

1.   I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas, féadfaidh siad scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.

2.   Sula gcuirfidh siad scaoileadh na n-earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla ar fionraí nó sula gcoinneoidh siad iad, féadfaidh na húdaráis chustaim, gan aon fhaisnéis a nochtadh seachas líon iarbhír nó measta na n-earraí, cineál iarbhír nó measta cineál na n-earraí agus íomhánna díobh, de réir mar is iomchuí, a iarraidh ar aon duine nó eintiteas a d’fhéadfadh a bheith i dteideal iarratas a chur isteach maidir le sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh.

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis na fionraí nó an choinneála sin.

I gcás ina gcinneann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.

Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhaoine nó d’eintitis atá i dteideal iarratas a chur isteach maidir le sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla i leith scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil ar an lá céanna, nó go pras tar éis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí fógra a fháil.

I gcás nach féidir leis na húdaráis chustaim an duine nó na heintitis a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a shainaithint, féadfaidh siad dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla phoiblí chun go sainaithneofaí duine den chineál sin.

Áireofar sna fógraí faisnéis ar an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 23.

4.   Glacfaidh na húdaráis chustaim le scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach mbeidh aon duine nó aon eintiteas sainaitheanta acu a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach maidir leis an sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla laistigh de lá oibre amháin ón tráth a ndéanfar scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí, nó a ndéanfar iad a choinneáil;

(b)

i gcás nach mbeidh iarratas faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 5(3), nó i gcás inar dhiúltaigh siad iarratas den sórt sin.

5.   I gcás ina mbeifear tar éis iarratas a dheonú, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin, agus i gcás ina mbeidh na nithe sin ar fáil dóibh, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní, an choinsíneora, an dearbhóra nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad, más eol.

Airteagal 19

Cigireacht agus sampláil a dhéanamh ar earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad

1.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim an deis do shealbhóir an chinnidh agus do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí cigireacht a dhéanamh ar na hearraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim samplaí a ghlacadh de na hearraí. Féadfaidh siad na samplaí sin a sholáthar do shealbhóir an chinnidh, nó iad a chur chuige, arna iarraidh sin don úinéar agus chun críocha anailíse, agus chun na gcríoch sin amháin, agus chun an nós imeachta i ndáil le hearraí góchumtha agus bradacha a dhéanfar ina dhiaidh sin a éascú. Aon anailís a dhéanfar ar na samplaí sin, déanfar í faoi fhreagracht shealbhóir an chinnidh agus fúithi sin amháin.

3.   Tabharfaidh sealbhóir an chinnidh na samplaí dá dtagraítear i mír 2 ar ais do na húdaráis chustaim nuair a bheidh an anailís críochnaithe, ach amháin i gcás nach féidir sin a dhéanamh mar gheall ar chúinsí, agus ar a dhéanaí sula scaoilfear na hearraí nó sula gcuirfear deireadh lena gcoinneáil.

Airteagal 20

Na coinníollacha stórála

Is iad na húdaráis chustaim a chinnfidh na coinníollacha faoina stórálfar earraí le linn na tréimhse a mbeidh an scaoileadh ar fionraí lena linn nó le linn na tréimhse coinneála.

Airteagal 21

Úsáid faisnéise áirithe a bheith ceadmhach do shealbhóir an chinnidh

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(4), Airteagal 18(5), Airteagal 19 nó Airteagal 26(8) faighte ag sealbhóir an chinnidh, ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis sin a nochtadh nó a úsáid ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun imeachtaí a thionscnamh maidir le cinneadh a dhéanamh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla agus le linn na n-imeachtaí sin;

(b)

i ndáil le himscrúduithe coiriúla a bhaineann le sárú ar cheart maoine intleachtúla agus ar imeachtaí iad a dhéanfaidh údaráis phoiblí sa Bhallstát ar aimsíodh na hearraí ann;

(c)

chun imeachtaí a thionscnamh agus le linn na n-imeachtaí sin;

(d)

chun cúiteamh a lorg ón duine a rinne an sárú nó ó dhaoine eile;

(e)

chun comhaontú a dhéanamh leis an dearbhóir nó le sealbhóir na n-earraí go ndéanfar iad a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1);

(f)

chun comhaontú le dearbhóir nó le sealbhóir na n-earraí maidir le méid na ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 24(2).

Airteagal 22

Faisnéis agus sonraí a roinnt idir údaráis chustaim

1.   Gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí san Aontas agus chun cur le díchur na trádála idirnáisiúnta in earraí lena sáraítear cearta maoine intleachtúla, féadfaidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát sonraí agus faisnéis áirithe a bheidh ar fáil dóibh a roinnt leis na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha de réir na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 3.

2.   Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú le go n-éascófar forfheidhmiú éifeachtach go luath i gcoinne lastas earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh sonraí agus faisnéis den sórt sin le hurghabháil, treochtaí agus faisnéis ghinearálta ar riosca, lena n-áirítear faisnéis ar earraí ar a mbealach trí chríoch an Aontais arb é críoch tríú tíortha lena mbaineann a dtionscnamh nó a gceann scríbe. Féadfar a áireamh i sonraí agus i bhfhaisnéis den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

cineál agus cainníocht na n-earraí;

(b)

an ceart maoine intleachtúla a bhfuil amhras ina leith gur sáraíodh é;

(c)

tionscnamh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí;

(d)

faisnéis maidir le gluaiseachtaí na modhanna iompair, go háirithe:

(i)

ainm an tsoithigh nó clárúchán an mhodha iompair;

(ii)

uimhreacha tagartha an bhille lasta nó doiciméid eile iompair;

(iii)

líon na gcoimeádán;

(iv)

meáchan an luchta;

(v)

tuairisc na n-earraí agus/nó códú na n-earraí;

(vi)

uimhir áirithinte;

(vii)

uimhir an tséala;

(viii)

áit an chéad luchtaithe;

(ix)

áit an díluchtaithe deiridh;

(x)

áiteanna an trasloingsithe;

(xi)

an dáta a measfar go mbainfear áit an díluchtaithe deiridh amach;

(e)

faisnéis maidir le gluaiseachtaí coimeádán, go háirithe:

(i)

uimhir an choimeádáin;

(ii)

stádas luchtaithe an choimeádáin;

(iii)

dáta na gluaiseachta;

(iv)

cineál na gluaiseachta (luchtaithe, díluchtaithe, trasloingsithe, tagtha isteach, imithe, etc.);

(v)

ainm an tsoithigh nó clárúchán an mhodha iompair;

(vi)

uimhir an aistir/an turais;

(vii)

áit;

(viii)

bille lasta nó doiciméad iompair eile.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena saineofar gnéithe na socruithe praiticiúla is gá maidir le malartú na sonraí agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

ROINN 2

Earraí a scriosadh, imeachtaí a thionscnamh agus luath-scaoileadh earraí

Airteagal 23

Earraí a scriosadh agus imeachtaí a thionscnamh

1.   Féadfar earraí a bhfuiltear in amhras ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla leo a scriosadh faoi rialú custaim gan aon ghá a bheith ann a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla faoi dhlí an Bhallstáit ar aimsíodh na hearraí ann, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

laistigh de 10 lá oibre ó tugadh fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, dhearbhaigh sealbhóir an chinnidh i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis chustaim go bhfuil sé den tuairim gur sáraíodh ceart maoine intleachtúla, nó tá fógra tugtha laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha;

(b)

laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha, ón tráth ar tugadh an fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, dhearbhaigh sealbhóir an chinnidh i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú go ndéanfar na hearraí a scriosadh;

(c)

laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha, ón tráth ar tugadh an fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil dhearbhaigh an dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú maidir leis na hearraí a scriosadh. I gcás nach mbeidh a chomhaontú dearbhaithe do na húdaráis chustaim maidir le scriosadh na n-earraí ag dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí nó nach bhfuil fógra tugtha acu dóibh go bhfuil siad i gcoinne scriosadh na n-earraí, laistigh de na spriocanna sin, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil a chomhaontú dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí maidir le scriosadh na n-earraí.

Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích i gcás nach mbeidh an dearbhú i scríbhinn faighte acu ó shealbhóir an chinnidh, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, go bhfuil sé den tuairim gur sáraíodh ceart ábhartha maoine intleachtúla, ná a chomhaontú i ndáil le scriosadh, ach amháin i gcás inar cuireadh na húdaráis sin ar an eolas go cuí maidir le himeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

2.   Déanfar scriosadh na n-earraí faoi rialú custaim agus faoi fhreagracht shealbhóir an chinnidh, ach amháin má shonraítear a mhalairt i reachtaíocht an Bhallstáit ina scriosfar na hearraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla samplaí a ghlacadh sula scriosfar na hearraí. Féadfar samplaí a ghlacfar sula scriosfar na hearraí a úsáid chun críocha oideachais.

3.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir leis an scriosadh dearbhaithe i scríbhinn ag dearbhóir ná ag sealbhóir na n-earraí agus i gcás nach measfar go bhfuil a chomhaontú maidir leis an scriosadh dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí, i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear ann, cuirfidh na húdaráis chustaim sealbhóir an chinnidh ar an eolas faoi láithreach. Laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha, tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, tionscnóidh sealbhóir an chinnidh imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

4.   Seachas i gcás earraí meatacha, féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 ar iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí leis ó shealbhóir an chinnidh sna cásanna iomchuí.

5.   Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích, laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, i gcás nár cuireadh na húdaráis sin ar an eolas go cuí, i gcomhréir le mír 3, faoi imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

Airteagal 24

Luath-scaoileadh earraí

1.   I gcás ina mbeidh fógra tugtha d’údaráis chustaim maidir le himeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh dearadh, paitinn, cuspa áisiúlachtaí, topagrafaíocht táirge leathsheoltóra nó cineál planda, féadfaidh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí iarraidh ar na húdaráis chustaim na hearraí a scaoileadh nó deireadh a chur lena gcoinneáil sula gcríochnófar na himeachtaí sin.

2.   Ní scaoilfidh na húdaráis chustaim na hearraí ná ní chuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh ráthaíocht curtha ar fáil ag an dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí, ar ráthaíocht í is de mhéid is leordhóthanach chun go gcosnófar leasanna shealbhóir an chinnidh;

(b)

nach mbeidh bearta réamhchúraim údaraithe ag an údarás is inniúil maidir lena chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla;

(c)

go mbeidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích.

3.   Má sholáthraítear an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ní dhéanfaidh sé difear do na réitigh dhlíthiúla eile a bheidh ar fáil do shealbhóir an chinnidh.

Airteagal 25

Earraí atá le scriosadh

1.   Maidir le hearraí atá le scriosadh faoi Airteagal 23 nó faoi Airteagal 26:

(a)

ní scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta iad, ach amháin má chineann na húdaráis chustaim, le comhaontú ó shealbhóir an chinnidh, go bhfuil gá leis sa chás ina mbeidh na hearraí le hathchúrsáil nó le cur de láimh lasmuigh de bhealaí tráchtála, lena n-áirítear chun feasacht a chruthú agus chun críche oiliúna agus oideachais. Déanfaidh na húdaráis chustaim na coinníollacha maidir leis na hearraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta a chinneadh;

(b)

ní thabharfar amach ó chríoch custaim an Aontais iad;

(c)

ní dhéanfar iad a onnmhairiú;

(d)

ní dhéanfar iad a ath-onnmhairiú;

(e)

ní chuirfear nós imeachta fionraíochta i bhfeidhm orthu;

(f)

ní chuirfear i limistéar saor ná i dtrádstóras saor iad.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim cead a thabhairt na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a bhogadh faoi mhaoirseacht chustaim idir áiteanna éagsúla laistigh de chríoch chustaim an Aontais d’fhonn iad a scriosadh faoi rialú custaim.

Airteagal 26

Nós imeachta maidir le hearraí a scriosadh i gcoinsíneachtaí beaga

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hearraí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

earraí a mbeidh amhras fúthu gur earraí góchumtha nó earraí bradacha iad;

(b)

earraí nach earraí meatacha iad;

(c)

earraí a chumhdófar le cinneadh lena ngéillfear d’iarratas;

(d)

d’iarr sealbhóir an chinnidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a úsáid ina iarratas;

(e)

earraí a iomprófar ina gcoinsíneachtaí beaga.

2.   Nuair a chuirtear an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(3) agus (4) ná ag Airteagal 19(2) agus (3).

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis dóibh scaoileadh na n-earraí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis dóibh iad a choinneáil. San fhógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, beidh an fhaisnéis a leanas:

(a)

an bhfuil ar intinn ag na húdaráis chustaim na hearraí a scriosadh;

(b)

cearta an dearbhóra nó shealbhóir na n-earraí faoi mhír 4, faoi mhír 5 agus faoi mhír 6.

4.   Tabharfar an deis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí a thuairimí a chur in iúl laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.

5.   Féadfar na hearraí lena mbaineann a scriosadh i gcás ina ndearbhóidh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí do na húdaráis chustaim go gcomhaontaíonn sé le scriosadh na n-earraí, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.

6.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú dearbhaithe do na húdaráis chustaim maidir le scriosadh na n-earraí ag an dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí nó nach mbeidh fógra tugtha aige dóibh go bhfuil siad i gcoinne scriosadh na n-earraí, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil a chomhaontú dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí maidir le scriosadh na n-earraí.

7.   Déanfar an scriosadh faoi rialú custaim. Déanfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin, agus de réir mar is iomchuí faisnéis a sholáthar do shealbhóir an chinnidh maidir le cainníocht iarbhír na n-ítimí, nó a gcainníocht mheasta, agus cineál na n-earraí a scriosadh.

8.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí nó nach measfar go bhfuil a chomhaontú den sórt sin dearbhaithe, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n-áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin agus i gcás ina mbeidh an méid sin ar fáil dóibh, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní agus an choinsíneora, dhearbhóir nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

9.   Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil, i gcás inarb iomchuí, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích, i gcás nach mbeidh faisnéis faighte acu, laistigh de 10 lá oibre ón tráth ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 8, ó shealbhóir an chinnidh faoi imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

10.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 a bhaineann le leasú na gcainníochtaí sa sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga i gcás ina measfar go bhfuil an sainmhíniú míphraiticiúil i bhfianaise an ghá atá le hoibríocht éifeachtach an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, nó más gá chun aon dul timpeall ar an nós imeachta sin a sheachaint maidir le comhdhéanamh coinsíneachtaí.

CAIBIDIL IV

DLITEANAS, COSTAIS AGUS PIONÓIS

Airteagal 27

Dliteanas na n-údarás custaim

Gan dochar don dlí náisiúnta, ní thabharfaidh cinneadh lena ngéillfear d’iarratas teideal do shealbhóir an chinnidh cúiteamh a fháil i gcás nach mbraithfidh oifig chustaim earraí a mbeidh amhras fúthu gur sáraíodh ceart maoine intleachtúla leo, agus i gcás ina scaoilfear na hearraí sin, nó i gcás nach ndéanfar aon ghníomhaíocht chun iad a choinneáil.

Airteagal 28

Dliteanas shealbhóir an chinnidh

I gcás ina gcuirfear deireadh le nós imeachta a tionscnaíodh go cuí de bhun an Rialacháin seo de bharr gnímh nó neamhghnímh shealbhóir an chinnidh, i gcás, maidir le samplaí a thógfar de bhun Airteagal 19(2), nach dtabharfar ar ais iad nó ina ndéanfar damáiste dóibh agus nach bhféadfar iad a úsáid a thuilleadh de bharr gnímh nó neamhghnímh shealbhóir an chinnidh, i gcás ina ndearbhófar ina dhiaidh sin nár sáraíodh ceart maoine intleachtúla leis na hearraí sin, beidh sealbhóir an chinnidh faoi dhliteanas i leith aon sealbhóra ar na hearraí nó aon dearbhóra a d’fhulaing damáiste ina leith sin i gcomhréir le reachtaíocht shonrach is infheidhme.

Airteagal 29

Costais

1.   I gcás ina n-iarrfaidh na húdaráis chustaim amhlaidh, aisíocfaidh sealbhóir an chinnidh na costais ar fad a thabhóidh na húdaráis chustaim nó páirtithe eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na n-údarás custaim, ón tráth a rinneadh na hearraí a choinneáil nó scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí, lena n-áirítear stóráil agus láimhseáil na n-earraí, i gcomhréir le hAirteagal 17(1), le hAirteagal 18(1) agus le hAirteagal 19(2) agus (3) agus nuair a bheidh bearta ceartúcháin á n-úsáid amhail scriosadh earraí i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 26.

Sealbhóir an chinnidh a dtabharfar fógra dó faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, tabharfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin dó, faisnéis dó faoin áit agus faoin mbealach a mbeidh na hearraí sin á stóráil agus maidir leis na costais mheasta don stóráil dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfar an fhaisnéis maidir leis na costais mheasta a chur in iúl, i dtéarmaí ama, táirgí, méide, meáchain nó seirbhíse ag brath ar chúinsí na stórála agus ar chineál na n-earraí.

2.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart shealbhóir an chinnidh cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

3.   Soláthróidh sealbhóir an chinnidh lena ngéillfear d’iarratas ón Aontas aon aistriúchán a éileoidh an roinn inniúil chustaim nó na húdaráis chustaim a bheidh le gníomhaíocht a dhéanamh maidir leis na hearraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, agus íocfaidh sé as an aistriúchán sin.

Airteagal 30

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sealbhóirí na gcinntí na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí fhorálacha a leagan síos lena mbunófar pionóis. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

CAIBIDIL V

MALARTÚ FAISNÉISE

Airteagal 31

Malartú sonraí maidir le cinntí a bhaineann le hiarratas agus coinneáil idir na Ballstáit agus an Coimisiún

1.   Tabharfaidh na ranna inniúla custaim fógra don Choimisiún gan mhoill maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinntí lena ngéillfear d’iarratais, lena n-áirítear an t-iarratas agus na ceangaltáin a ghabhann leis;

(b)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, nó cinntí lena ndéanfar an cinneadh lena ngéillfear don iarratas a chúlghairm nó a leasú;

(c)

an cinneadh lena ngéillfear don iarratas a chur ar fionraí.

2.   Gan dochar do phointe (g) d’Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, i gcás ina gcuirfear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó ina gcoinneofar na hearraí, déanfaidh na húdaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha, seachas sonraí pearsanta, lena n-áirítear faisnéis maidir le cainníocht agus cineál na n-earraí, luach, ceart maoine intleachtúla, nósanna imeachta custaim, tíortha tionscnaimh, bunús agus ceann scríbe agus bealaí agus modhanna iompair, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

3.   Is trí bhunachar sonraí lárnach de chuid an Choimisiúin a dhéanfar tarchur na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus gach malartú faisnéise maidir le cinntí faoi iarratais idir údaráis chustaim na mBallstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 14. Déanfar an fhaisnéis agus na sonraí a stóráil sa bhunachar sonraí sin.

4.   Chun próiseáil na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 den Airteagal seo a áirithiú, is i bhfoirm leictreonach a bhunófar an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 3. Beidh an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 14 agus san Airteagal seo sa bhunachar sonraí lárnach.

5.   Beidh rochtain ag údaráis chustaim na mBallstát agus ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí lárnach de réir mar is iomchuí sin i ndáil lena a gcuid freagrachtaí faoin dlí a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. Beidh an rochtain ar fhaisnéis a dhéantar a láimhseáil ar bhonn srianta i gcomhréir le hAirteagal 6(3) srianta d’údaráis chustaim na mBallstát inar iarradh gníomhaíocht. Nuair a bheidh iarraidh a ngabhfaidh bonn cirt léi déanta ag an gCoimisiún, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a thabhairt don Choimisiún i gcás ina bhfuil sí fíor-riachtanach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Cuirfidh na húdaráis chustaim faisnéis isteach sa bhunachar sonraí lárnach, ar faisnéis í a bhaineann leis na hiarratais arna gcur faoi bhráid na roinne inniúla custaim. I gcás inar gá, déanfaidh na húdaráis chustaim a chuir faisnéis isteach sa bhunachar sonraí lárnach faisnéis den sórt sin a leasú, cur léi, í a cheartú nó í a scriosadh. Beidh an fhreagracht as beachtas, as leordhóthanacht agus as ábharthacht na faisnéise sin ar an údarás custaim a chuirfidh an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí lárnach.

7.   Déanfaidh an Coimisiún socruithe leordhóthanacha teicniúla agus eagraíochtúla maidir le feidhmiú iontaofa agus sábháilteacht an bhunachair sonraí lárnaigh a bhunú agus a choimeád i bhfeidhm. Bunóidh údaráis chustaim gach Ballstáit socruithe leordhóthanacha teicniúla agus eagraíochtúla chun go n-áiritheofaí rúndacht agus slándáil na próiseála maidir leis na hoibríochtaí próiseála a gcuirfidh a gcuid údarás custaim i gcrích agus maidir le teirminéil na mbunachar sonraí a bheidh lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit sin, agus coinneoidh siad na socruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 32

Bunachar sonraí lárnach a bhunú

Déanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 31 a bhunú. Beidh an bunachar sonraí ag feidhmiú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015.

Airteagal 33

Forálacha cosanta sonraí

1.   Déanfar próiseáil sonraí pearsanta i mbunachar sonraí lárnach an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus faoi mhaoirseacht údarás neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid chun críocha an Rialacháin seo, agus chun na críche sin amháin. Beidh sonraí pearsanta a bhaileofar amhlaidh beacht agus coinneofar cothrom le dáta iad.

4.   Gach údarás custaim a mbeidh sonraí pearsanta tugtha isteach aige sa bhunachar sonraí lárnach, beidh sé ina rialaitheoir i leith na sonraí sin a phróiseáil.

5.   Beidh ceart rochtana ag an duine is ábhar do na sonraí ar na sonraí pearsanta a bhainfidh leis féin agus a phróiseálfar tríd an mbunachar sonraí lárnach agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an ceart aige go ndéanfaí a shonraí pearsanta a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nó i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

6.   Déanfar gach iarraidh ar fheidhmiú an chirt chun rochtana, ceartaithe, scriosta nó blocála a chur faoi bhráid na n-údarás custaim agus is iad na húdaráis sin a dhéanfaidh an phróiseáil. I gcás ina ndéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí iarraidh maidir le feidhmiú an chirt sin a thíolacadh don Choimisiún, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin ar aghaidh chuig na húdaráis chustaim lena mbaineann.

7.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a choimeád níos faide ná sé mhí ón dáta a ndéanfar an cinneadh ábhartha lena ngéillfear don iarratas a chúlghairm nó ón dáta a mbeidh an tréimhse ábhartha ar lena linn a bheidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim dulta in éag.

8.   I gcás ina mbeidh sealbhóir an chinnidh tar éis imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 23(3) nó le hAirteagal 26(9) agus a mbeidh fógra tugtha aige do na húdaráis chustaim faoi na himeachtaí sin a thionscnamh, coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh sé mhí tar éis cinneadh deiridh a dhéanamh le linn na n-imeachtaí ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

CAIBIDIL VI

COISTE, TARMLIGEAN AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 247a agus le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 26(10) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 19 Iúil 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26(10) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi ag an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 26(10) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a dtabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 mutatis mutandis maidir leis an Rialachán seo.

Airteagal 37

Tuairisciú

Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Más gá, beidh moltaí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Déanfar tagairt sa tuarascáil sin d’aon teagmhais iomchuí a bhaineann le cógas atá faoi bhealach trasna críche custaim an Aontais a d’fhéadfadh tarlú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar ghealltanais an Aontais maidir le rochtain ar chógas faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in Doha an 14 Samhain 2001, agus na bearta a thógfar chun aghaidh a thabhairt ar aon chás ina gcruthófar éifeachtaí diúltacha i dtaca leis sin.

Airteagal 38

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

Leanfaidh na hiarratais a ngéillfear dóibh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 de bheith bailí go ceann na tréimhse a shonrófar sa chinneadh lena ngéillfear don iarratas, ar tréimhse í a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, agus ní chuirfear síneadh leis an tréimhse sin.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014, cé is moite:

(a)

d’Airteagal 6, d’Airteagal 12(7) agus d’Airteagal 22(3) a mbeidh feidhm acu ón 19 Iúil 2013;

(b)

d’Airteagal 31(1) agus (3) go (7), agus d’Airteagal 33, a mbeidh feidhm acu ón dáta a mbeidh an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 32 ann. Déanfaidh an Coimisiún an dáta sin a phoibliú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO L 196, 2.8.2003, lch. 7.

(3)  IO L 351. 20.12.2012, lch. 1.

(4)  IO C 45 E, 23.2.2010, lch. 47.

(5)  IO L 82, 22.3.1997, lch. 1.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO C 363, 13.12.2011, lch. 3.

(10)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(11)  IO L 152, 16.6.2009, lch. 1.

(12)  IO L 198, 8.8.1996, lch. 30.

(13)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

(14)  IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.

(15)  IO L 3, 5.1.2002, lch. 1.

(16)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(17)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(18)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

(19)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

(20)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(21)  IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.

(22)  IO L 23, 26.1.2008, lch. 21.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 18

Airteagal 5

Airteagal 3 go hAirteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 6 agus Airteagal 29

Airteagal 7

Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 15

Airteagal 9

Airteagal 17 agus Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagal 16 agus Airteagal 21

Airteagal 13

Airteagal 23

Airteagal 14

Airteagal 24

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 25

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 30

Airteagal 19

Airteagal 27 agus Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 6, Airteagal 12, Airteagal 22 agus Airteagal 26

Airteagal 21

Airteagal 34

Airteagal 22

Airteagal 31 agus Airteagal 36

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 38

Airteagal 25

Airteagal 40