29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/4


RIALACHÁN (AE) Uimh. 606/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá curtha de chuspóir roimhe féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine ina n-éascaítear rochtain ar cheartas, go háirithe trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Chun limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá bearta a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe nuair is gá sin d’oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh, le glacadh ag an Aontas.

(2)

Le hAirteagal 81(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go mbeidh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu san Aontas bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha.

(3)

I limistéar coiteann ceartais gan teorainneacha inmheánacha, ní mór forálacha a bheith ann chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas go mear simplí agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar bearta cosanta a ordaítear i mBallstát eile a fhorghníomhú i mBallstát ionas go n-áiritheofar go gcothabhálfar an chosaint do dhuine nádúrtha i mBallstát amháin agus go leanfar ar aghaidh leis an gcosaint sin in aon Bhallstát eile ina dtaistealaíonn duine nó ina dtéann an duine sin chun cónaithe. Is gá a áirithiú nach gcaillfidh saoránaigh an Aontais a gcosaint mar thoradh ar an gceart atá acu chun saorghluaiseachta agus chun saorchónaithe laistigh de chríoch na mBallstát a fheidhmiú go dlisteanach, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagal 21 CFAE.

(4)

Tugann muinín fhrithpháirteach i riaradh an cheartais san Aontas agus an aidhm de chúrsaíocht beart cosanta atá níos gasta agus níos saoire a áirithiú údar maith leis an bprionsabal ar dá réir sin a ndéanfar bearta cosanta a ordaítear i mBallstát amháin a aithint i ngach Ballstát eile gan gá le haon nós imeachta speisialta, laistigh den Aontas Eorpach. I ngeall air sin, ba cheart caitheamh le beart cosanta a ordaítear i mBallstát amháin (“Ballstát tionscnaimh”) amhail is dá n-ordaítear é sa Bhallstát ina n-iarrtar an aithint (“Ballstát ar a ndírítear”).

(5)

Chun saorghluaiseacht beart cosanta a bhaint amach, is gá agus is iomchuí na rialacha lena rialaítear aithint agus, i gcás inarb infheidhme, forghníomhú beart cosanta a bheith á rialú ag ionstraim dlí de chuid an Aontais a bheidh go huile is go hiomlán ina ceangal agus infheidhme go díreach.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le bearta cosanta a ordaítear chun duine a chosaint nuair atá forais thromchúiseacha ann lena mheas go bhfuil saol an duine sin, a iomláine choirp nó shíceolaíoch, a shaoirse phearsanta, a shlándáil nó a iomláine ghnéis i mbaol, mar shampla chun aon chineál foréigin inscne nó foréigin i ndlúthchaidreamh a chosc, amhail foréigean fisiceach, ciapadh, ionsaí gnéis, stalcaireacht, imeaglú nó aon chineál eile comhéigin neamhdhírigh. Tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach íospartach beag beann ar an íospartaigh an fhoréigin inscne iad.

(7)

Maidir le Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint (3), áirithítear léi go bhfaighfidh íospartaigh na coireachta faisnéis agus tacaíocht iomchuí.

(8)

Déantar Treoir 2012/29/AE a chomhlánú leis an Rialachán seo. Ní dhéanfar bac ar dhuine a shainmhíniú mar “íospartach” go díreach de bharr go mbeidh an duine sin ina ábhar do bheart cosanta a ordaítear in ábhair shibhialta.

(9)

Tá raon feidhme an Rialacháin seo faoi chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta de réir bhrí Airteagal 81 CFAE. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le bearta cosanta a ordaítear in ábhair shibhialta. Cumhdaítear bearta cosanta arna n-ordú in ábhair choiriúla le Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach (4).

(10)

Ba cheart an coincheap d’ábhair shibhialta a léirmhíniú go huathrialach, i gcomhréir le prionsabail dhlí an Aontais. Níor cheart go mbeadh cineál sibhialta, riaracháin nó coiriúil an údaráis a ordaíonn beart cosanta cinntitheach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar thréith shibhialta birt chosanta.

(11)

Leis an Rialachán seo níor cheart go gcuirfí isteach ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora (5), (“Rialachán na Bruiséile IIa”). Ba cheart go leanfaí de chinntí a ghlactar faoi Rialachán na Bruiséile IIa a aithint agus a fhorghníomhú faoin Rialachán sin.

(12)

Leis an Rialachán seo cuirtear traidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát san áireamh, agus ní chuirtear isteach ar na córais náisiúnta maidir le bearta cosanta a ordú. Leis an Rialachán seo, ní chuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a gcóras náisiúnta a mhodhnú ionas go bhféadfaí bearta cosanta a ordú in ábhair shibhialta, ná ní chuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit bearta cosanta in ábhair shibhialta a thabhairt isteach d’fheidhmiú an Rialacháin seo.

(13)

D’fhonn na cineálacha éagsúla údarás a eisíonn bearta cosanta in ábhair shibhialta sna Ballstáit a chur san áireamh agus d’fhonn a chur san áireamh go bhfuil siad difriúil ó réimsí eile comhair bhreithiúnaigh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cinntí cúirteanna agus údarás riaracháin araon, ar choinníoll go dtugann na húdaráis riaracháin ráthaíochtaí i dtaca lena neamhchlaontacht, go háirithe, agus i dtaca le ceart na bpáirtithe chun athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Níor cheart i gcás ar bith, go bhféachfaí ar phóilíní mar údaráis eisiúna de réir bhrí an Rialacháin seo.

(14)

Bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart bearta cosanta a ordaítear in ábhair shibhialta sa Bhallstát tionscnaimh a aithint sa Bhallstát ar a ndírítear mar bhearta cosanta in ábhair shibhialta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(15)

De réir phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, tá an t-aitheantas agus fad an bhirt chosanta ag freagairt dá chéile. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar éagsúlacht na mbeart cosanta atá ar fáil faoi dhlíthe na mBallstát, go háirithe maidir lena bhfad agus go mbeadh an Rialachán seo infheidhme go tipiciúil maidir le cásanna práinneacha, ba cheart go mbeadh éifeachtaí an aitheantais faoin Rialachán seo teoranta go heisceachtúil go tréimhse 12 mhí ón am a eisítear an deimhniúchán dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beag beann ar chás ina bhféadfadh tréimhse an bhirt chosanta bheith níos faide (bíodh beart sealadach, teoranta ó thaobh ama de nó éiginnte i gceist).

(16)

I gcásanna ina mbeidh fad an bhirt chosanta níos mó ná 12 mhí, ba cheart go mbeadh teorannú ar éifeachtaí an aitheantais gan dochar do cheart an duine faoi chosaint an beart cosanta sin a agairt faoi aon ionstraim eile an Aontais atá ar fáil lena bhforáiltear d’aitheantas nó beart cosanta náisiúnta a iarraidh sa Bhallstát ar a ndírítear.

(17)

Tá an teorannú ar éifeachtaí an aitheantais eisceachtúil mar thoradh ar chineál speisialta ábhar an Rialacháin seo agus níor cheart go mbeadh sí ina fasach le haghaidh ionstraimí eile i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála.

(18)

Níor cheart go mbeadh baint ag an Rialachán seo ach le haithint na hoibleagáide a fhorchuirtear leis an mbeart cosanta agus sin amháin. Níor cheart go rialaítear leis an Rialachán na nósanna imeachta chun an beart cosanta a chur chun feidhme nó a fhorghníomhú ná ní chumhdaítear leis aon smachtbhannaí ionchasacha a d’fhéadfaí a fhorchur má dhéantar an oibleagáid a ordaítear leis an mbeart cosanta a shárú sa Bhallstát ar a ndírítear. Is faoi dhlí an Bhallstáit sin a fhágfar an t-ábhar sin. Mar sin féin, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus go háirithe le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na bearta cosanta a aithnítear faoin Rialacháin seo teacht i bhfeidhm sa Bhallstát ar a ndírítear.

(19)

Leis na bearta cosanta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ba cheart cosaint a thabhairt do dhuine ag a áit chónaithe nó a háit chónaithe, ag a áit oibre nó a háit oibre nó áit eile a thaithíonn sé/sí ar bhonn rialta, amhail áit chónaithe garghaolta nó an scoil nó ionad oideachais ar a bhfreastalaíonn a leanbh. Beag beann ar thuairisc ar an áit i dtrácht nó raon an limistéir a chumhdaítear leis an mbeart cosanta a bheith tugtha sa bheart cosanta trí sheoladh sainiúil amháin nó níos mó nó trí thagairt a dhéanamh d’imlíne áirithe nach bhféadfaidh an duine is cúis leis an mbaol a shárú (nó comhcheangal den dá chritéar sin), baineann aithint na hoibleagáide arna bhforchur ag an mbeart cosanta leis an gcineál cuspóra atá san áit sin don duine faoi chosaint seachas leis an seoladh sonrach.

(20)

I bhfianaise an méid a tháinig roimhe seo agus ar an gcoinníoll go gcaomhnaítear cineál agus bunghnéithe an bhirt chosanta, ba cheart go gcuirfí ar chumas an údaráis inniúil sa Bhallstát ar a ndírítear na gnéithe fíorasacha den bheart cosanta a choigeartú, i gcás ina mbeidh gá leis an gcoigeartú sin chun go mbeidh an t-aitheantas ar an mbeart cosanta éifeachtach i dtéarmaí praiticiúla sa Bhallstát ar a ndírítear. Áirítear ar ghnéithe fíorasacha an seoladh nó an tsuíomh ghinearálta nó an t-achar íosta nach mór don duine is cúis leis an mbaol a choimeád ón duine faoi chosaint, ón seoladh nó ón tsuíomh ghinearálta. Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mbeadh tionchar ag an gcoigeartú sin ar shaghas agus ar chineál sibhialta an bhirt chosanta.

(21)

D’fhonn coigeartú ar bheart cosanta a éascú, ba cheart a léiriú sa deimhniúchán an í áit chónaithe, áit oibre nó áit a thaithíonn an duine faoi chosaint ar bhonn rialta an seoladh a shonraítear sa bheart cosanta. Thairis sin, ba cheart an imlíne, más ábhartha, (an neasgha ón seoladh sainiúil) a bhfuil feidhm aici maidir leis an oibleagáid a fhorchuirtear leis an mbeart cosanta ar an duine is cúis leis an mbaol a léiriú chomh maith sa deimhniúchán.

(22)

Chun saorghluaiseacht beart cosanta a éascú san Aontas Eorpach, ba cheart samhail aonfhoirmeach don deimhniúchán a thabhairt isteach trí bhíthin an Rialacháin seo agus foirm chaighdeánach ilteangach a chur ar fáil chun na críche sin. Ba cheart don údarás eisiúna an deimhniúchán a eisiúint arna iarraidh sin ag an duine faoi chosaint.

(23)

Ba cheart go mbeadh réimsí téacs saor chomh teoranta agus is féidir san fhoirm chaighdeánach ilteangach den deimhniúchán, ionas go bhféadfaí an traslitriú nó an t-aistriúchán a chur ar fáil formhór an ama gan aon chostas a fhorchur ar an duine faoi chosaint ach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a úsáid sa teanga ábhartha is gá. Aon chostas ar aistriúchán a bheidh riachtanach agus a sháraíonn téacs na foirme caighdeánaí ilteangaí, tá siad le leithdháileadh mar a fhoráiltear dó faoi dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

(24)

I gcás ina bhfuil réimsí téacs saor i ndeimhniúchán, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit ar a ndírítear a chinneadh an gá aistriúchán nó traslitriú. Níor cheart go gcuirfear bac ar an duine cosanta ná ar údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh aistriúchán nó traslitriú a chur ar fáil ar a dtionscnamh féin.

(25)

Chun a áirithiú go n-urramófar cearta cosanta an duine is cúis leis an mbaol, i gcás ina n-ordaíodh an beart cosanta toisc nár thángthas i láthair nó faoi nós imeachta nach bhforáiltear leis do réamhfhógra don duine sin (“imeacht ex-parte”), níor cheart go bhfhéadfaí an deimhniúchán a eisiúint ach amháin má bhí an deis ag an duine sin socrú a dhéanamh dá chosaint nó dá cosaint i gcoinne an bhirt chosanta. Mar sin féin, chun sárú a sheachaint agus an phráinn thipiciúil a bhaineann le cásanna a éilíonn bearta cosanta á cur san áireamh, níor cheart go mbeadh gá go mbeadh an tréimhse a theastaíonn chun an chosaint sin a shocrú imithe in éag sula bhféadfar deimhniúchán a eisiúint. Ba cheart an deimhniúchán a eisiúint a luaithe atá an beart cosanta infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh.

(26)

Ag féachaint do chuspóirí na simplíochta agus an luais, foráiltear sa Rialachán seo do mhodhanna simplí, gasta a chur i bhfeidhm a úsáidfear chun aird an duine is cúis leis an mbaol a tharraingt ar chéimeanna nós imeachta. Níor cheart go mbeadh feidhm ag na modhanna sonracha sin chun fógra a thabhairt ach amháin chun críocha an Rialacháin seo toisc gur de chineál ar leith é an t-ábhar atá ann, níor cheart go mbeidís ina bhfasach le haghaidh ionstraimí eile i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála agus níor cheart go ndéanfaí difear leo d’aon oibleagáidí atá ar Bhallstát maidir le seirbhís thar lear doiciméad dlíthiúil agus seachdhlíthiúil in ábhair shibhialta a eascraíonn as coinbhinsiún déthaobhach nó iltaobhach a chuir an Ballstát sin i gcrích le tríú tír.

(27)

Agus an deimhniúchán á chur in iúl don duine is cúis leis an mbaol agus tráth a mbeidh aon eilimint fíorasach de bheart cosanta sa Bhallstát ar a ndírítear á gcoigeartú, ba cheart go dtabharfaí aird chuí do leas an duine cosanta gan suíomh an duine sin nó aon sonraí teagmhála eile a bheith curtha in iúl. Níor cheart go gcuirfí nochtadh den sórt sin in iúl don duine is cúis leis an mbaol mura mbeidh sonraí mar sin riachtanach chun an beart a chomhlíonadh nó a fhorghníomhú.

(28)

Níor cheart go mbeadh eisiúint an deimhniúcháin faoi réir achomhairc.

(29)

Ba cheart an deimhniúchán a cheartú, i gcás nach léirítear an beart cosanta i gceart mar thoradh ar earráid shoiléir nó míchruinneas follasach, amhail earráid chló nó earráid thras-scríbhinn nó chóipeála, nó ba cheart é a aistarraingt más léir gur deonaíodh é de shárú ar na ceanglais eisiúna, mar shampla nuair a úsáideadh é le haghaidh beart a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó nuair a eisíodh é agus go raibh na ceanglais i ndáil lena eisiúint á sárú leis.

(30)

Ba cheart d’údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh, arna iarraidh sin, cúnamh a thabhairt don duine faoi chosaint faisnéis a fháil faoi údaráis an Bhallstáit ar a ndírítear a ndéanfar an beart cosanta a agairt os a gcomhair nó a ndéanfar a fhorghníomhú a lorg.

(31)

Chun go bhfeidhmeoidh an ceartas go comhchuí níor cheart cinntí atá bunoscionn le chéile a thabhairt in dhá Bhallstát ar leith. Chuige sin, ba cheart go bhforálfaí sa Rialachán seo d’fhoras chun aithint nó forghníomhú an bhirt chosanta a dhiúltú arna iarraidh sin don duine is cúis leis an mbaol i gcás doréititheachta le breithiúnas a tugadh nó atá aitheanta sa Bhallstát ar a ndírítear.

(32)

In imthosca eisceachtúla, ar mhaithe le leas an phobail, d’fhéadfaí go dtabharfar bonn cirt do dhiúltú ó chúirteanna an Bhallstáit a ndírítear air beart cosanta a aithint nó a fhorghníomhú i gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm an bhirt chosanta go follasach neamhréititheach le beartas poiblí an Bhallstáit sin. Níor cheart go mbeadh na cúirteanna sin in ann eisceacht an bheartais phoiblí a chur i bhfeidhm, áfach, d’fhonn aithint nó forghníomhú birt chosanta a dhiúltú toisc go mbeadh sé contrártha do na cearta atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe in Airteagal 21 de, dá ndéanfaí a leithéid.

(33)

I gcás ina gcuirtear an beart cosanta ar fionraí nó má aistarraingítear é nó má aistarraingítear an deimhniúchán sa Bhallstát tionscnaimh, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit ar a ndírítear, éifeachtaí an aitheantais agus, i gcás inarb infheidhme, forghníomhú an bhirt chosanta a chur ar fionraí nó a aistarraingt.

(34)

Ba cheart go mbeadh rochtain éifeachtach ar cheartas an duine cosanta i mBallstáit eile. Chun rochtain éifeachtach den chineál sin a áirithiú i nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cuirfear cúnamh dlíthiúil ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 chun rochtain ar cheartas a fheabhsú i ndíospóidí trasteorann trí rialacha íosta coiteanna a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil do dhíospóidí den chineál sin (6).

(35)

D’fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart go gcuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis áirithe maidir lena rialacha náisiúnta agus a nósanna imeachta maidir le bearta cosanta in ábhair shibhialta a chur in iúl faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE (7). Ba cheart go gcuirfí rochtain ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

(36)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh dálaí aonfhoirmeacha ann do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhunú agus, ina dhiaidh sin a leasú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (8).

(37)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus lena leasaítear iad ina dhiaidh.

(38)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann sé leis an ceart chun cosanta agus an ceart chun trialach córa a áirithiú, de réir mar a bhunaítear iad in Airteagal 47 agus Airteagal 48 de. Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(39)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(40)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i ndáil le Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(42)

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim uaidh an 17 Deireadh Fómhair 2011 (9), bunaithe ar Airteagal 41(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha i gcomhair sásra simplí, mear chun bearta cosanta a ordaítear i mBallstát in ábhair shibhialta a aithint.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta cosanta in ábhair shibhialta a ordóidh údarás eisiúna laistigh de bhrí phointe (4) d’Airteagal 3.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cásanna trasteorann. Chun críocha an Rialacháin seo, measfar cás trasteorann a bheith ann nuair atá aitheantas do bheart cosanta arna ordú i mBallstát amháin á lorg i mBallstát eile.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta cosanta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “beart cosanta” aon chinneadh, beag beann ar an ainm a bheidh air, a ordaíonn údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus lena bhforchuirtear ceann amháin nó níos mó ná sin de na hoibleagáidí seo a leanas ar an duine is cúis leis an mbaol, d’fhonn an duine eile a chosaint i gcás ina bhféadfadh iomláine choirp nó shíceolaíoch an dara duine sin a bheith i mbaol:

(a)

toirmeasc nó rialú maidir le dul isteach san áit ina bhfuil cónaí ar an duine faoi chosaint, ina n-oibríonn sé, ar a dtugann sé cuairt go rialta nó ina bhfanann sé go rialta;

(b)

toirmeasc nó rialú maidir le dul i dteagmháil, de shórt ar bith, leis an duine faoi chosaint, lena n-áirítear ar an teileafón, trí ríomhphost nó trí ghnáthphost, trí fhacs nó trí mhodh ar bith eile;

(c)

toirmeasc nó rialú maidir le dul i bhfoisceacht an duine faoi chosaint laistigh d’achar forordaithe;

(2)

ciallaíonn “duine faoi chosaint” duine nádúrtha is ábhar don chosaint a thugtar le beart cosanta;

(3)

ciallaíonn “duine is cúis leis an mbaol” duine nádúrtha ar forchuireadh ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí air dá dtagraítear i bpointe (1);

(4)

ciallaíonn “údarás eisiúna” aon údarás breithiúnach, nó aon údarás eile a ainmneoidh Ballstát mar údarás a bhfuil inniúlacht aige in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll go dtugann an t-údarás eile sin ráthaíochtaí do na páirtithe i dtaca le neamhchlaontacht agus ar choinníoll go bhféadfar a chinntí i ndáil leis an mbeart cosanta, faoi dhlí an Bhallstáit ina ngníomhaíonn siad, a chur faoi athbhreithniú údaráis bhreithiúnaigh agus go mbeidh éifeacht agus fórsa acu atá cosúil le breith ó údarás breithiúnach i ndáil leis an ábhar céanna;

(5)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát inar ordaíodh an beart cosanta;

(6)

ciallaíonn “Ballstát ar a ndírítear” an Ballstát ina bhfuil aitheantas agus, más infheidhme, forghníomhú an bhirt chosanta á lorg.

CAIBIDIL II

BEARTA COSANTA A AITHINT AGUS A FHORGHNÍOMHÚ

Airteagal 4

Aitheantas agus forghníomhú

1.   Beart cosanta a ordaítear i mBallstát, déanfar é a aithint sna Ballstáit eile gan aon nós imeachta speisialta a bheith ag teastáil agus beidh sé infhorghníomhaithe gan aon dearbhú infhorghníomhaitheachta a bheith ag teastáil.

2.   Duine faoi chosaint ar mian leis beart cosanta a agairt sa Bhallstát ar a ndírítear, ar beart cosanta é a ordaíodh sa Bhallstát tionscnaimh, cuirfidh sé na nithe seo a leanas ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit ar a ndírítear:

(a)

cóip den bheart cosanta a chomhlíonfaidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh;

(b)

an deimhniúchán a eisítear sa Bhallstát tionscnaimh de bhun Airteagail 5; agus

(c)

i gcás inar gá, traslitriú den deimhniúchán agus/nó aistriúchán air i gcomhréir le hAirteagal 16.

3.   Ní bheidh éifeacht ag an deimhniúchán ach laistigh de theorainneacha infhorghníomhaitheachta an bhirt chosanta.

4.   Beag beann ar cibé an bhfuil fad níos faide ag an mbeart cosanta, beidh éifeachtaí an aitheantais sin teoranta de bhun mhír 1 go tréimhse 12 mhí, a thosóidh ó dháta eisiúna an deimhniúcháin.

5.   Déanfar an nós imeachta i ndáil le forghníomhú beart cosanta a rialú le dlí an Bhallstáit ar a ndírítear.

Airteagal 5

Deimhniúchán

1.   Eiseoidh údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh an deimhniúchán arna iarraidh sin don duine faoi chosaint, agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach ilteangach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 19 agus ina bhfuil an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 7.

2.   Ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh i gcoinne deimhniúchán a eisiúint.

3.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh, arna iarraidh sin don duine faoi chosaint, an traslitriú agus/nó an t-aistriúchán den deimhniúchán ar fáil don duine faoi chosaint trí leas a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach ilteangach arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 6

Ceanglais chun an deimhniúchán a eisiúint

1.   Ní fhéadfar deimhniúchán a eisiúint ach amháin má tugadh fógra don duine is cúis leis an mbaol maidir leis an mbeart cosanta i gcomhréir le dlí an Bhallstáit tionscnaimh.

2.   I gcás ina n-ordaítear beart cosanta toisc nár thángthas i láthair, ní fhéadfar an deimhniúchán a eisiúint ach amháin má seirbheáladh doiciméad tionscanta na himeachta nó doiciméad comhionann ar an duine is cúis leis an mbaol, nó, i gcás inarb ábhartha, má tugadh fógra dó ar bhealach eile, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit tionscnaimh, in am trátha agus sa dóigh go bhféadfadh an duine sin socrú a dhéanamh dá chosaint féin.

3.   I gcás inar ordaíodh an beart cosanta faoi nós imeachta nach bhforáiltear do réamhfhógra a thabhairt don duine is cúis leis an mbaol (“imeacht ex-parte”), ní fhéadfar an deimhniúchán a eisiúint ach amháin má tá sé de cheart ag an duine sin agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt chosanta faoi dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

Airteagal 7

Ábhair an deimhniúcháin

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa deimhniúchán:

(a)

ainm agus seoladh/sonraí teagmhála an údaráis eisiúna;

(b)

uimhir thagartha an chomhaid;

(c)

dáta eisiúna an deimhniúcháin;

(d)

sonraí maidir leis an duine faoi chosaint: ainm, dáta agus áit bhreithe, má tá siad ar fáil, agus seoladh le húsáid chun críche fógra a thabhairt, agus fógra feiceálach roimh na sonraí sin go bhféadfar an seoladh sin a chur in iúl don té is cúis leis an mbaol;

(e)

sonraí maidir leis an duine is cúis leis an mbaol: ainm, dáta agus áit bhreithe, má tá siad ar fáil, agus seoladh le húsáid chun críche fógra a thabhairt;

(f)

gach faisnéis is gá leis an mbeart cosanta a fhorghníomhú, lena n-áirítear, más infheidhme, an cineál birt agus an oibleagáid a fhorchuirtear leis ar an duine is cúis leis an mbaol lena sainítear feidhm agus/nó imlíne na háite a bhfuil toirmeasc ar an duine dul ina foisceacht nó dul isteach inti, faoi seach;

(g)

an fad a mhairfidh an beart cosanta;

(h)

an fad a mhairfidh éifeachtaí an aitheantais de bhun Airteagal 4(4);

(i)

dearbhú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos le hAirteagal 6;

(j)

faisnéis maidir leis na cearta a dheonaítear faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 13;

(k)

chun tagairt dó a éascú, teideal iomlán an Rialacháin seo.

Airteagal 8

Fógra faoin deimhniúchán a thabhairt don duine is cúis leis an mbaol

1.   Tabharfaidh údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh fógra don duine is cúis leis an mbaol faoin deimhniúchán agus cuirfidh sé in iúl dó go dtabharfar aitheantas don bheart cosanta agus, más infheidhme, go mbeidh sé infhorghníomhaithe sna Ballstáit go léir de bhun Airteagal 4 mar thoradh ar an deimhniúchán a eisiúint.

2.   I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol sa Bhallstát tionscnaimh, tabharfar an fógra i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh nó i dtríú tír, tabharfar an fógra trí litir chláraithe agus tabharfar admháil go bhfuarthas é nó a chomhionann.

Déanfar cásanna nach bhfuil eolas ann faoi sheoladh an duine is cúis leis an mbaol nó ina ndiúltaíonn an duine sin glacadh leis an bhfógra a rialú le dlí an Bhallstáit tionscnaimh.

3.   Ní dhéanfar na sonraí sin a chur in iúl don duine is cúis leis an mbaol mura mbeidh sonraí mar sin riachtanach chun an beart a chomhlíonadh nó a fhorghníomhú.

Airteagal 9

An deimhniúchán a cheartú nó a aistarraingt

1.   Gan dochar d’Airteagal 5(2), déanfar an méid seo a leanas leis an deimhniúchán, arna iarraidh sin don duine faoi chosaint nó don duine is cúis leis an mbaol ar údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh nó ar thionscnamh an údaráis féin:

(a)

déanfar é a cheartú, i gcás ina mbeidh neamhréireacht idir an beart cosanta agus an deimhniúchán, mar gheall ar earráid chléireachais; nó

(b)

déanfar é a aistarraingt i gcás inar léir gur deonaíodh é go mícheart, ag féachaint do na riachtanais a leagtar síos in Airteagal 6 agus do raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Déanfar an nós imeachta i ndáil le deimhniúchán a cheartú nó a aistarraingt, lena n-áirítear aon achomharc in aghaidh an cheartaithe nó na haistarraingthe, a rialú le dlí an Bhallstáit tionscnaimh.

Airteagal 10

Cúnamh don duine faoi chosaint

Ar iarraidh ón duine faoi chosaint, tabharfaidh údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh cúnamh don duine sin faoi chosaint chun faisnéis a fháil, mar a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 18, i ndáil le húdaráis an Bhallstáit ar a ndírítear a ndéanfar an beart cosanta a agairt os a gcomhair nó a dhéanfar a fhorghníomhú a lorg.

Airteagal 11

An beart cosanta a choigeartú

1.   Más gá, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar a ndírítear na gnéithe fíorasacha den bheart cosanta a choigeartú chun éifeacht a thabhairt don bheart cosanta sa Bhallstát sin.

2.   Déanfar an nós imeachta i ndáil le forghníomhú an bhirt chosanta a rialú le dlí an Bhallstáit ar a ndírítear.

3.   Fógrófar an coigeartú ar an mbeart cosanta don duine is cúis leis an mbaol.

4.   I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol sa Bhallstát ar a ndírítear, tabharfar an fógra i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i mBallstát seachas an Ballstát ar a ndírítear nó i dtríú tír, tabharfar an fógra trí litir chláraithe agus tabharfar admháil go bhfuarthas é nó a chomhionann.

Déanfar cásanna nach bhfuil eolas ann faoi sheoladh an duine is cúis leis an mbaol nó ina ndiúltaíonn an duine sin glacadh leis an bhfógra a rialú le dlí an Bhallstáit ar a ndírítear.

5.   Féadfaidh an duine faoi chosaint nó an duine is cúis leis an mbaol achomharc i gcoinne choigeartú an bhirt chosanta a thaisceadh. Is de réir dhlí an Bhallstáit ar a ndírítear a rialófar an nós imeachta achomhairc. Ní bheidh, áfach, éifeacht fionraíochta ag aon achomharc den chineál sin a thaisceadh.

Airteagal 12

Gan athbhreithniú ó thaobh substainte de

Ní fhéadfar i gcás ar bith beart cosanta a ordaíodh sa Bhallstát tionscnaimh a athbhreithniú ó thaobh a substainte sa Bhallstát ar a ndírítear.

Airteagal 13

Diúltú an aitheantais nó an fhorghníomhaithe

1.   Diúltófar an t-aitheantas agus, mas infheidhme, forghníomhú an bhirt chosanta, arna iarraidh sin don duine is cúis leis an mbaol, a mhéid a bheidh an méid seo a leanas fíor i gcás an aitheantais:

(a)

más léir go mbeadh sé ag teacht salach ar an mbeartas poiblí sa Bhallstát ar a ndírítear; nó

(b)

dá mbeadh sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh nó a aithnítear sa Bhallstát ar a ndírítear.

2.   Cuirfear an t-iarratas ar aitheantas nó ar fhorghníomhú a dhiúltú faoi bhráid chúirt an Bhallstáit ar a ndírítear sa chaoi a gcuirfidh an Ballstát sin fógra faoi chuig an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (a)(iv) d’Airteagal 18(1).

3.   Ní fhéadfar diúltú aitheantas a thabhairt don bheart cosanta toisc nach ndéantar foráil i ndlí an Bhallstáit ar a ndírítear maidir le beart den sórt sin bunaithe ar na fíorais chéanna.

Airteagal 14

Fionraí nó aistarraingt an aitheantais nó an fhorghníomhaithe

1.   I gcás beart cosanta a chur ar fionraí nó a aistarraingt sa Bhallstát tionscnaimh nó má chuirtear a fhorghníomhú ar fionraí nó má tá sé teoranta nó má aistarraingítear an deimhniúchán i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 9(1), déanfaidh údarás eisiúna an Bhallstáit tionscnaimh, arna iarraidh sin don duine faoi chosaint nó don duine is cúis leis an mbaol, deimhniúchán a eisiúint lena léirítear an fhionraí, an teorannú nó an aistarraingt sin trí leas a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach ilteangach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 19.

2.   Nuair a thaiscfear an deimhniúchán arna eisiúnt i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar a ndírítear na héifeachtaí a bheidh ag an aitheantas agus, i gcás inarb infheidhme, forghníomhú an bhirt chosanta a chur ar fionraí nó a aistarraingt.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Dlisteanú agus foirmiúlachtaí comhchosúla eile

Ní bheidh gá le reachtaíocht nó le foirmiúlacht chomhchosúil eile le haghaidh doiciméad a eisítear i mBallstát i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 16

Traslitriú nó aistriúchán

1.   I gcás ina n-éilítear aon traslitriú nó aistriúchán faoin Rialachán seo, déanfar é go teanga oifigiúil nó go ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a ndírítear nó go haon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais ar chuir an Ballstát sin in iúl gur féidir leis glacadh léi.

2.   Faoi réir Airteagal 5(3), is duine atá cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh aon aistriúchán faoin Rialachán sin.

Airteagal 17

Faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal

Déanfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE agus d’fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, tuairisc a sholáthar ar na rialacha náisiúnta agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le bearta cosanta in ábhair shibhialta, lena n-áirítear faisnéis faoin gcineál údarás atá inniúil maidir leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.

Airteagal 18

Faisnéis a chur in iúl ag na Ballstáit

1.   Faoin 11 Iúil 2014, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

an cineál údarás atá inniúil maidir leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ina sonrófar, i gcás inarb infheidhme:

(i)

na húdaráis atá inniúil maidir le bearta cosanta a ordú agus le deimhniúcháin a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5;

(ii)

na húdaráis a ndéanfar beart cosanta a ordófar i mBallstát eile a agairt os a gcomhair agus/nó atá inniúil maidir leis an mbeart sin a fhorghníomhú;

(iii)

na húdaráis atá inniúil chun na bearta cosanta a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 11(1);

(iv)

na cúirteanna a mbeidh an t-iarratas ar aitheantas a dhiúltú, agus más infheidhme, a fhorghníomhú, le cur faoina mbráid i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)

an teanga nó na teangacha a nglactar le haistriúcháin iontu dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don phobal trí aon mhodh iomchuí, go háirithe tríd an suíomh gréasáin den Ghréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Airteagal 19

Na foirmeacha a bhunú agus iad a leasú ina dhiaidh sin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 14 agus chun iad a leasú ina dhiaidh sin. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20.

Airteagal 20

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21

Athbhreithniú

Faoin 11 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh tograí le haghaidh leasuithe ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 11 Eanáir 2015.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta cosanta a ordaítear ar an 11 Eanáir 2015 nó ina dhiaidh sin, beag beann ar an am a thionscnófar imeachtaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 113, 18.4.2012, lch. 56.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2013.

(3)  IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.

(4)  IO L 338, 21.12.2011, lch. 2.

(5)  IO L 338, 23.12.2003, lch. 1.

(6)  IO L 26, 31.1.2003, lch. 41.

(7)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO C 35, 9.2.2012, lch. 10.

(10)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.