25.4.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 345/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2013

maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déanann caipiteal fiontair maoiniú a sholáthar do ghnóthais atá an-bheag de ghnáth, atá ag dul i gceann an tsaoil chorparáidigh agus a bhfuil móracmhainn fáis agus méadaíochta iontu. Sa bhreis air sin, cuireann cistí caipitil fiontair ar fáil do ghnóthais saineolas agus eolas luachmhar, teagmhálacha gnó, cothromas branda agus comhairle straitéiseach. Trí bhíthin maoiniú agus comhairle a sholáthar do na gnóthais sin, déanann cistí caipitil fiontair fás eacnamaíoch a spreagadh, cuireann siad le cruthú post agus le slógadh caipitil, cothaíonn siad bunú agus leathadh gnóthas nuálach, déanann siad a n-infheistiú i dtaighde agus forbairt a mhéadú, agus cothaíonn siad fiontraíocht, nuálaíocht agus iomaíochas, i gcomhréir le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a chur ar fáil” (An Eoraip 2020) a chomhlíonadh agus i gcomhthéacs dhúshláin fhadtéarma na mBallstát, amhail na cinn a shainaithnítear sa tuarascáil ón gCóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais Márta 2012 dar teideal “Treochtaí Domhanda 2030 — saoránaigh i ndomhan idirnasctha agus polalárnach”.

(2)

Is gá creat coiteann a leagan síos maidir leis na rialacha i leith an sonrúchán “EuVECA” a úsáid do chistí caipitil fiontair cáilitheacha, go háirithe i dtaca le comhdhéanamh phunann na gcistí a oibrítear faoin sonrúchán sin, spriocanna infheistíochta incháilithe na gcistí sin, na huirlisí infheistíochta a fhéadfaidh siad a úsáid agus na catagóirí infheisteoirí atá incháilithe infheistiú a dhéanamh iontu, trí bhíthin rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais. In éagmais creata choitinn den sórt sin, bheadh an baol ann go ndéanfadh na Ballstáit bearta ar an leibhéal náisiúnta nach mbeadh ag teacht lena chéile agus a mbeadh iarmhairt dhiúltach dhíreach acu ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus go mbeadh sé ina chonstaic roimhe, ós rud é go mbeadh cistí caipitil fiontair ar mian leo oibriú ar fud an Aontais faoi réir rialacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. Thairis sin, d’fhéadfadh leibhéil éagsúla cosanta infheisteoirí agus mearbhall maidir leis an tairiscint infheistíochta a bhaineann le cistí caipitil fiontair cáilitheacha teacht as ceanglais cháilíochta éagsúla maidir le comhdhéanamh punann, spriocanna infheistíochta, agus infheisteoirí incháilithe. Ba cheart, chomh maith leis sin, go mbeadh infheisteoirí in ann comparáid a dhéanamh idir tairiscintí infheistíochta de chuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha éagsúla. Is gá deireadh a chur leis na mórbhacainní atá roimh chistí caipitil fiontair cáilitheacha tiomsú airgid trasteorann a dhéanamh agus saobhadh iomaíochta idir na cistí sin a sheachaint, agus cosc a chur ar aon bhacainní trádála breise agus saobhadh suntasach iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a theacht chun cinn amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí iomchuí an Rialacháin seo, arna léirmhíniú ag cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(3)

Is gá Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus lena bhforchuirfear oibleagáidí comhfhreagracha ar bhainisteoirí na gcistí sin i ngach Ballstát ar mian leis caipiteal a thiomsú ar fud an Aontais trí bhíthin an tsonrúcháin “EuVECA” a úsáid. Ba cheart go n-áiritheodh na ceanglais sin muinín na n-infheisteoirí ar mian leo infheistiú i gcistí caipitil fiontair.

(4)

Trí na ceanglais cháilíochta maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuVECA” a shainiú i bhfoirm rialacháin, áirithítear go bhfuil na ceanglais sin infheidhme go díreach maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a thiomsaíonn cistí trí úsáid a bhaint as an sonrúchán sin. Áirithítear leis sin freisin coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le húsáid an tsonrúcháin sin trí chosc a chur ar cheanglais dhifriúla náisiúnta de thoradh an treoir a thrasuí. Ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a úsáideann an sonrúchán sin na rialacha céanna a leanúint ar fud an Aontais, rud a mhéadóidh muinín. Ina theannta sin laghdaíonn an Rialachán seo an chastacht rialála atá ann agus na costais a bhíonn ar bhainisteoirí toisc go gcaithfidh siad rialacha difriúla náisiúnta maidir le cistí caipitil fiontair a chomhlíonadh, go háirithe i gcás na mbainisteoirí sin ar mian leo caipiteal a thiomsú ar bhonn trasteorann. Chomh maith leis sin, rannchuidíonn sé le saobhadh iomaíochta a dhíchur.

(5)

Mar a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011, dar teideal “Plean gníomhaíochta chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú”, bhí an Coimisiún leis an scrúdú ar na bacainní cánach atá le hinfheistíochtaí trasteorann caipitil fiontair a chríochnú in 2012, d’fhonn réitigh a mholadh in 2013 a mbeidh de chuspóir acu deireadh a chur leis na bacainní sin, agus san am céanna, seachaint cánach agus imghabháil cánach a chosc.

(6)

Ba cheart go bhféadfaí ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistiú go seachtrach nó go hinmheánach. I gcás ina mbainistítear ciste caipitil fiontair cáilitheach go hinmheánach, is é an ciste an bainisteoir chomh maith agus ba cheart dó, dá bhrí sin, cloí leis na ceanglais ábhartha uile do bhainisteoirí faoin Rialachán seo agus a bheith cláraithe amhlaidh. Maidir le haon chiste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistítear go hinmheánach, níor cheart, áfach, go mbeadh cead ag an mbainisteoir sin a bheith ina bhainisteoir seachtrach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile nó ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI).

(7)

Chun an caidreamh idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí a shoiléiriú, is gá a bhunú nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, seachas GCUI a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (4), atá bunaithe san Aontas agus atá cláraithe leis an údarás inniúil ina mBallstát baile i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (5), ar choinníoll go mbainistíonn na bainisteoirí sin punanna cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Maidir le bainisteoirí seachtracha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, áfach, ba cheart cead a thabhairt dóibh GCUI a bhainistiú freisin, faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.

(8)

Thairis sin, níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le bainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta sin nach bhfuil iomlán na sócmhainní iontu atá á mbainistiú os cionn na tairsí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE. Is ionann ríomh na tairsí chun críocha an Rialacháin seo agus ríomh na tairsí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE.

(9)

Maidir le bainisteoirí cistí caipitil fiontair atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, áfach, a bhfuil sócmhainní á mbainistiú san iomlán a sháraíonn an tairsearch dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE ina dhiaidh sin, agus a thagann faoi réir údarú le húdaráis inniúla a mBallstáit baile dá bharr sin i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, ba cheart go bhféadfadh siad leanúint den sonrúchán “EuVECA” a úsáid maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin agus go leanann siad de cheanglais áirithe a chomhlíonadh maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuVECA” arna shainiú sa Rialachán seo gach tráth maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Tá feidhm ag an méid sin maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá ann cheana agus le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhunaítear tar éis an tairseach a shárú araon.

(10)

I gcás nach mian le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta an sonrúchán “EuVECA” a úsáid, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo. Sna cásanna sin, ba cheart go leanfadh d’fheidhm a bheith ag na rialacha náisiúnta agus ag rialacha ginearálta an Aontais atá ann cheana.

(11)

Ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le céard is cistí caipitil fiontair cáilitheacha ann, go háirithe maidir leis na gnóthais punainne cáilitheacha inar féidir cistí caipitil fiontair cáilitheacha a infheistiú agus na hionstraimí infheistíochta atá le húsáid. Tá gá leis sin chun líne teorann shoiléir a tharraingt idir ciste caipitil fiontair cáilitheach agus cistí infheistíochta malartacha nach bhfuil a straitéisí infheistíochta chomh speisialaithe céanna, mar shampla ceannaigh thar barr amach nó infheistíochtaí amhantracha eastáit réadaigh, nach bhféachann an Rialachán seo lena gcur chun cinn.

(12)

D’fhonn an aidhm a bhaint amach na gnóthais chomhinfheistíochta atá le cumhdach ag an Rialachán seo a shainiú go soiléir agus chun a áirithiú go mbeidh siad dírithe ar chaipiteal a sholáthar do ghnóthais bheaga atá ag dul i gceann an tsaoil chorparáidigh, ba cheart cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mheas mar chistí a bhfuil sé beartaithe leo ar a laghad 70 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i ngnóthais den sórt sin. Níor cheart go gceadófaí do chistí caipitil fiontair cáilitheacha níos mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha. Ciallaíonn sé sin, de bhrí gur cheart an tairseach 30 % a bheith ina uasteorainn le haghaidh infheistíochtaí neamhcháilitheacha gach tráth, gur cheart an tairseach 70 % a choimeád le haghaidh infheistíochtaí cáilitheacha le linn ré an chiste caipitil fiontair cháilithigh. Ba cheart na tairseacha sin a ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis gach costas ábhartha agus sealúchais in airgead tirim agus coibhéisí airgid a asbhaint. Ba cheart go leagfaí amach sa Rialachán seo na mionsonraí is gá chun na tairseacha a ríomh.

(13)

Is é is cuspóir don Rialachán seo fás agus nuálaíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FMBanna) san Aontas a fheabhsú. Trí infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais phunainne cháilitheacha arna mbunú i dtríú tíortha, féadfar tuilleadh caipitil a thabhairt do chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ar an tslí sin dul chun sochair do FBManna san Aontas leis sin. Níor cheart, i gcás ar bith, áfach, go rachadh an Rialachán seo chun sochair d’infheistíochtaí a dhéantar i ngnóthais punainne arna mbunú i dtríú tíortha arb é is príomhthréith iontu easpa socruithe comhair iomchuí idir údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus gach Ballstát eile ina bhfuil aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh atá beartaithe lena margú nó easpa malartaithe éifeachtaigh faisnéise in ábhair chánach.

(14)

Ba cheart, mar chéad chéim, ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhunú san Aontas le go mbeifí i dteideal an sonrúchán “EuVECA” a úsáid mar a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún, laistigh de dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, athbhreithniú a dhéanamh ar an teorannú ar úsáid an tsonrúcháin “EuVECA” do chistí arna mbunú san AE, agus an taithí maidir le cur i bhfeidhm an Mholta ón gCoimisiún maidir le bearta atá ceaptha spreagadh a thabhairt do thríú tíortha caighdeáin íosta dea-rialachais a chur i bhfeidhm i gcúrsaí cánach á cur san áireamh.

(15)

Ba cheart go mbeadh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha in ann gealltanais caipitil bhreise a mhealladh le linn ré an chiste sin. Ba cheart aird a thabhairt ar na gealltanais caipitil bhreise sin le linn ré an chiste caipitil fiontair cháilithigh nuair a bheidh an chéad infheistíocht eile i sócmhainní nach sócmhainní cáilitheacha iad á beartú. Ba cheart go gceadófaí gealltanais caipitil bhreise a dhéanamh i gcomhréir le critéir agus faoi réir coinníollacha atá leagtha amach i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh.

(16)

Ba cheart infheistíochtaí cáilitheacha a bheith i bhfoirm ionstraimí cothromais nó cuasachothromais. Cuimsíonn ionstraimí cuasachothromais aon chineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de chothromas agus d’fhiachas, sa chás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais punainne cháilithigh agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana lán-urraithe. Áirítear sna hionstraimí sin réimse ionstraimí maoinithe amhail fo-iasachtaí, rannpháirtíochtaí ciúine, iasachtaí rannpháirtíochta, cearta rannpháirtíochta brabúis, bannaí in-chomhshóite agus bannaí le barántais. Mar chomhlánú féideartha seachas ionadú ar ionstraimí cothromais agus cuasachothromais ba cheart iasachtaí urraithe nó neamhurraithe a cheadú, amhail maoiniú idirlinne, arna dheonú ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ina sealbhaíonn an gnóthas punainne cáilitheach infheistíochtaí cáilitheacha cheana féin, ar choinníoll nach n-úsáidfear méid nach mó ná 30 % de na ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipiteal geallta neamhghlaoite sa chiste caipitil fiontair cáilitheach do na hiasachtaí sin. Thairis sin, chun cleachtais ghnó atá ann cheana a léiriú ar an margadh caipitil fiontair, ba cheart a cheadú do chiste caipitil fiontair cáilitheach scaireanna gnóthais phunainne cháilithigh atá ann cheana a cheannach ó scairshealbhóirí an ghnóthais sin atá ann cheana. Ina theannta sin, chun críocha an oiread deiseanna agus is féidir a áirithiú maidir le tiomsú airgid, ba cheart infheistíochtaí i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha eile a cheadú. Le cosc a chur ar chaolú na n-infheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha, níor cheart a cheadú do chistí caipitil fiontair cáilitheacha infheistiú i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha eile ach ar choinníoll nár infheistigh na cistí caipitil fiontair cáilitheacha sin níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha eile.

(17)

Is iad príomhghníomhaíochtaí cistí caipitil fiontair maoiniú a sholáthar do FBManna trí infheistíochtaí príomha. Níor cheart do chistí caipitil fiontair cáilitheacha páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí baincéireachta atá tábhachtach go sistéamach taobh amuigh den ghnáthchreat rialála stuamachta (ar a dtugtar “scáthbhaincéireacht”). Níor cheart dóibh leanúint de straitéisí tipiciúla cothromais phríobháidigh, ach an oiread, amhail ceannaigh thar barr amach le giaráil.

(18)

I gcomhréir le straitéis Eoraip 2020, is é is aidhm don Rialachán seo infheistíochtaí caipitil fiontair i FBManna nuálaíochta a bheidh neadaithe san fhíorgheilleagar a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha a eisiamh ón sainmhíniú ar ghnóthais phunainne cháilitheacha faoin Rialachán seo.

(19)

Chun cosaint shár-riachtanach a chur ar bun a dhéanann dealú idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha faoin Rialachán seo agus an chatagóir ghinearálta de chistí infheistíochta malartacha lena dtrádáiltear urrúis eisithe ar mhargaí tánaisteacha, is gá rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar go ndéanfaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha infheistíochtaí go príomha in ionstraimí arna n-eisiúint go díreach.

(20)

Chun solúbthacht áirithe a thabhairt do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha i dtaca le hinfheistiú agus bainistiú leachtachta a gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, ba cheart trádáil, amhail i scaireanna nó rannpháirtíochtaí i ngnóthais phunainne neamhcháilitheacha nó glacadh infheistíochtaí neamhcháilitheacha, a bheith ceadmhach suas go tairseach de 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipitil neamhghlaoite.

(21)

Chun a áirithiú go mbeidh an sonrúchán “EuVECA” iontaofa so-aitheanta ag infheisteoirí ar fud an Aontais, níor cheart go mbeadh ach bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a chomhlíonann na critéir maidir le cáilíocht aonfhoirmeach arna leagan amach sa Rialachán seo incháilithe an sonrúchán “EuVECA” a úsáid agus cistí caipitil fiontair cáilitheacha á margú ar fud an Aontais.

(22)

Chun a chinntiú go mbeidh próifíl leithleach inaitheanta ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha a oireann dá gcuspóir, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha a bheith ann maidir le comhdhéanamh na punainne agus maidir leis na teicnící infheistíochta atá ceadaithe i gcás na gcistí cáilitheacha sin.

(23)

Chun a áirithiú nach mbeidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha ina gcúis le teacht chun cinn rioscaí sistéamacha agus go ndíreofar gníomhaíochtaí infheistíochta na gcistí sin ar thacaíocht a thabhairt do ghnóthais phunainne cháilitheacha, níor cheart úsáid giarála ar leibhéal an chiste a bheith ceadmhach. Níor cheart do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bheith ceadaithe iasachtaí a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint, ná ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, ach ar choinníoll go bhfuil na hiasachtaí sin, na hoibleagáidí fiachais sin nó na ráthaíochtaí sin cumhdaithe ag gealltanais neamhghlaoite agus nach méadóidh siad neamhchosaint an chiste thar leibhéal a chaipitil geallta dá bharr sin. Ní mhéadaítear airleacain airgid ó infheisteoirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh atá cumhdaithe go hiomlán ag gealltanais caipitil ó na hinfheisteoirí sin neamhchosaint an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ba cheart dá bhrí sin iad a cheadú. Ina theannta sin, ionas go bhféadfaidh an ciste riachtanais leachtacha urghnácha a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir an glao ar chaipiteal geallta ó infheisteoirí agus an caipiteal a fháil go hiarbhír ina chuntais a chumhdach, ba cheart go mbeadh sé ceadmhach iasachtaí gearrthéarmacha a fháil, ar choinníoll nach mó méid iasachta den sórt sin ná caipiteal geallta neamhghlaoite an chiste.

(24)

Chun a áirithiú nach ndéanfar cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú ach d’infheisteoirí ag a bhfuil an taithí, an t-eolas agus an saineolas is gá chun a gcuid cinntí infheistíochta féin a ghlacadh agus na rioscaí a bhaineann leis na cistí sin a mheas mar is cuí, agus chun muinín agus iontaoibh infheisteoirí i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a chothabháil, ba cheart coimircí sonracha áirithe a leagan síos. Dá bhrí sin, níor cheart cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú ach d’infheisteoirí ar cliaint ghairmiúla iad nó ar féidir déileáil leo mar chliaint ghairmiúla faoi Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí ionstraimí airgeadais (6). Mar sin féin, d’fhonn bonn infheisteoirí atá leathan a dhóthain bheith ann chun infheistíocht a dhéanamh i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha tá sé inmhianaithe freisin rochtain a bheith ag infheisteoirí áirithe eile ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha, lena n-áirítear daoine aonair a bhfuil glanfhiúchais ard acu. I gcás na n-infheisteoirí eile sin, áfach, ba cheart coimircí sonracha a leagan síos d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar cistí caipitil fiontair a mhargú ach d’infheisteoirí a bhfuil an phróifíl is gá acu na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh. Ní áirítear ar na cosaintí sin margaíocht a dhéanamh trí phleananna coigiltis tréimhsiúla. Thairis sin, ba cheart go bhféadfaidh feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe a bhfuil baint acu le bainistiú bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach infheistiú sa chiste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn siad toisc go bhfuil na daoine sin eolach a ndóthain le páirt a ghlacadh in infheistíochtaí caipitil fiontair.

(25)

Chun a áirithiú nach n-úsáidfidh ach bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a chomhlíonann critéir cháilíochta aonfhoirmeacha maidir lena iompraíocht ar an margadh an sonrúchán “EuVECA”, ba cheart rialacha a bheith ann maidir le hiompar gnó agus maidir leis an gcaidreamh idir na bainisteoirí sin agus a infheisteoirí. Ar an gcúis chéanna ba cheart coinníollacha a bhunú i dtaca le coinbhleachtaí leasa a bheith á láimhseáil ag na bainisteoirí sin. Ba cheart go gcuirfeadh na rialacha agus na coinníollacha sin ceangal ar an mbainisteoir na socruithe eagraíochtúla agus riaracháin is gá a dhéanamh chun a áirithiú go láimhseálfar coinbhleachtaí leasa mar is ceart.

(26)

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, níor cheart go ndéanfadh an tarmligean feidhmeanna sin chuig tríú páirtí difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste caipitil fiontair agus a chuid infheisteoirí. Thairis sin, níor cheart do bhainisteoir cáilitheach na gcistí caipitil fiontair feidhmeanna a tharmligean sa mhéid nach féidir a thuilleadh féachaint air, go bunúsach, mar bhainisteoir cáilitheach na gcistí caipitil fiontair agus gur eintiteas bosca poist é, i ndáiríre. Ba cheart do bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a bheith freagrach as feidhmíocht chuí feidhmeanna tarmligthe agus as comhlíonadh an Rialacháin seo gach tráth. Níor cheart do tharmligean feidhmeanna an bonn a bhaint d’éifeachtacht an mhaoirsithe ar bhainisteoir cáilitheach na gcistí caipitil fiontair agus, go háirithe, níor cheart go ndéanfadh sé an bainisteoir a chosc ó ghníomhú, ná an ciste a chosc ó bheith á bhainistiú, chun sár-leasa a infheisteoirí.

(27)

Chun sláine an tsonrúcháin “EuVECA” a áirithiú, ba cheart critéir cáilíochta a bhunú maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a eagrú. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais aonfhoirmeacha, chomhréireacha a leagan síos maidir leis an ngá atá ann acmhainní leordhóthanacha daonna agus teicniúla, a chothabháil.

(28)

Chun bainistíocht chuí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cumas a mbainisteora rioscaí a chumhdach a d’fhéadfadh eascairt as a gcuid gníomhaíochtaí a áirithiú, ba cheart ceanglais aonfhoirmeacha, chomhréireacha a leagan síos le go ndéanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha cistí dílse leordhóthanacha a chothabháil. Ba cheart méid na gcistí dílse sin a bheith leordhóthanach chun leanúnachas agus bainistíocht chuí cistí caipitil fiontair a áirithiú.

(29)

Is gá a áirithiú, chun críocha infheisteoirí a chosaint, go ndéanfar meastóireacht cheart ar shócmhainní cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh forálacha maidir le luacháil sócmhainní i rialacha nó in ionstraimí corpraithe cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Ba cheart go n-áiritheodh sé sin iontaofacht agus trédhearcacht na luachála.

(30)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a úsáideann an sonrúchán “EuVECA”, go ndéanfaidh siad léiriú leordhóthanach ar a gcuid gníomhaíochtaí, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha maidir le tuarascálacha bliantúla a bhunú.

(31)

Is gá, chun críocha sláine an tsonrúcháin “EuVECA”, in aigne na n-infheisteoirí, nach n-úsáidfidh ach bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha é a bhfuil a mbeartas infheistíochta agus a spriocanna infheistíochta go hiomlán trédhearcach. Ba cheart a rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos i ndáil le ceanglais maidir le nochtadh nach mór don bhainisteoir cáilitheach cistí caipitil fiontair a chomhlíonadh i leith a infheisteoirí. Go háirithe, ba cheart oibleagáidí réamhchonarthacha maidir le nochtadh a bheith ann i dtaca le straitéis agus spriocanna infheistíochta na gcistí caipitil infheistíochta cáilitheacha, na hionstraimí infheistíochta a úsáidtear, faisnéis maidir le costais agus maidir le muirir ghaolmhara, agus próifíl riosca/luaíochta na hinfheistíochta atá an ciste cáilitheach a thairiscint. D’fhonn ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú, ba cheart faisnéis maidir leis an gcaoi a dhéantar luach saothair bhainisteoir cáilitheach na gcistí caipitil fiontair a ríomh a bheith ar áireamh sna ceanglais sin maidir le nochtadh freisin.

(32)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar cheanglais aonfhoirmeacha an Rialacháin seo, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha ag comhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach atá leagtha amach sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na bainisteoirí ar mian leo a gcuid cistí cáilitheacha a mhargú faoin sonrúchán “EuVECA” údarás inniúil a mBallstáit baile a chur ar an eolas maidir lena bhfuil beartaithe aige. Ba cheart don údarás inniúil an bainisteoir cistí a chlárú má tá gach faisnéis is gá soláthraithe agus má tá socruithe oiriúnacha ar bun chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Ba cheart an clárú sin bheith bailí ar fud an Aontais.

(33)

Chun margú éifeachtúil trasteorann ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha a éascú, ba cheart clárú an bhainisteora a dhéanamh chomh gasta agus is féidir.

(34)

Cé go n-áirítear coimircí sa Rialachán seo le féachaint chuige go n-úsáidtear cistí mar is cuí, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta a bheith airdeallach agus iad á áirithiú go gcloítear leis na coimircí sin.

(35)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gcritéar aonfhoirmeach a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart rialacha maidir leis na cúinsí inar gá an fhaisnéis a sholáthraítear don údarás inniúil sa Bhallstát baile a thabhairt cothrom le dáta a bhunú.

(36)

Chun maoirseacht éifeachtach ar cheanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh, ba cheart próiseas a bhunú freisin maidir le fógraí trasteorann a thabhairt idir na húdaráis maoirseachta inniúla, ar phróiseas é a gcuirfí tús leis ar chlárú do bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ina Bhallstát baile.

(37)

Chun coinníollacha trédhearcacha a chothabháil do mhargú cistí caipitil cáilitheacha ar fud an Aontais, ba cheart a chur de chúram ar an Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí) (“ÚEUM”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), bunachar sonraí lárnach a chothabháil ina liostófaí na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha go léir agus na cistí caipitil fiontair a bhainistíonn siad atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(38)

I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta lena chreidiúint go bhfuil bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, ba cheart dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas faoi go pras agus ba cheart don Bhallstát baile sin bearta iomchuí a ghlacadh.

(39)

Más rud é go leanann bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ag gníomhú ar bhealach is léir a bheith i gcoinbhleacht leis an Rialachán seo in ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó mar gheall go mainníonn údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse ama réasúnach, ba cheart go bhféadfadh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an fhéidearthacht an bainisteoir lena mbaineann a chosc ó aon mhargú breise eile a dhéanamh ar a chuid cistí caipitil fiontair laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

(40)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar na critéir aonfhoirmeacha atá bunaithe sa Rialachán seo, tá liosta sa Rialachán seo de na cumhachtaí maoirseachta ar gá do na húdaráis inniúla iad a bheith ar fáil dóibh.

(41)

Chun forfheidhmiú cuí a áirithiú, tá pionóis riaracháin agus bearta eile sa Rialachán seo as príomhfhorálacha den Rialachán a shárú, is iad sin na rialacha maidir le comhdhéanamh punainne, maidir le coimircí a bhaineann le céannacht infheisteoirí incháilithe, agus maidir le húsáid an tsonrúcháin “EuVECA” ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo amháin. Ba cheart toirmeasc ar úsáid an tsonrúcháin agus baint an bhainisteora lena mbaineann den chlár bheith mar thoradh atá ar shárú na bpríomhfhorálacha sin, i gcás inarb iomchuí.

(42)

Ba cheart faisnéis maoirseachta a mhalartú idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhaile agus sna Ballstáit aíochta agus ÚEUM.

(43)

Chun comhar rialála éifeachtach a bhaint amach idir na heintitis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar aonfhoirmeach atá leagtha amach sa Rialachán seo, is gá ardleibhéal rúndachta gairmiúla a chur i bhfeidhm maidir le gach údarás náisiúnta rialála ábhartha agus maidir le ÚEUM.

(44)

Chun na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na cineálacha coinbhleachtaí leasa a chaithfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a sheachaint agus na bearta atá le déanamh chuige sin. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(45)

Ba cheart go n-áiritheodh caighdeáin theicniúla maidir le seirbhísí airgeadais comhchuibhiú comhsheasmhach agus ardleibhéal maoirseachta ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é an ÚEUM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, b’éifeachtúil agus b’iomchuí dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a chur de chúram ar an ÚEUM, sa chás nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a ullmhú, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(46)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart dréachtú caighdeán teicniúil cur chun feidhme maidir le formáid an fhógra dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur de chúram ÚEUM.

(47)

Laistigh de cheithre bliana de dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun an forás atá tagtha ar an margadh caipitil fiontair a mheasúnú. Mar chuid den athbhreithniú sin ba cheart a chur san áireamh ann suirbhé ginearálta ar fheidhmiú rialacha an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle agus, más iomchuí, ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.

(48)

Thairis sin, laistigh de cheithre bliana de dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún tús a chur le hathbhreithniú ar an idirghníomhaíocht idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais comhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe iad sin a thagann faoi réim Threoir 2011/61/AE. Ba cheart aghaidh a thabhairt san athbhreithniú sin, go háirithe, ar raon feidhme an Rialacháin seo d’fhonn a mheasúnú an gá an raon feidhme a leathnú le go bhféadfadh bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha móra an sonrúchán “EuVECA” a úsáid. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi.

(49)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar aon bhacainní a bhféadfadh sé gur chuir siad isteach ar ghlacadh na gcistí ag infheisteoirí, lena n-áirítear an tionchar ar infheisteoirí institiúideacha a bheadh ag rialacháin eile de chineál stuamachta a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir leo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún sonraí a bhailiú chun a gcuireann an sonrúchán “EuVECA” le cláir eile de chuid an Aontais a mheas amhail Fís 2020 a bhfuil sé d’aidhm acu sin freisin tacú le nuálaíocht san Aontas.

(50)

I bhfianaise na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal “Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020: Aontas na Nuálaíochta” agus na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011 dar teideal “Plean gníomhaíochta chun rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna a fheabhsú”, tá sé tábhachtach éifeachtacht scéimeanna poiblí ar fud an Aontais a áirithiú le tacú leis an margadh caipitil fiontair agus le comhordú agus le comhchuibheas frithpháirteach beartas difriúil de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm acu nuálaíocht a chothú, lena n-áirítear beartais iomaíochta agus taighde. Dírítear go príomha ar an teicneolaíocht ghlas le beartais an Aontais ar nuálaíocht agus ar fhás, i bhfianaise chuspóir an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda maidir le fás cliste inbhuanaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, lena n-áirítear i ndáil le maoiniú le haghaidh FBManna. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá aige ar an dul chun cinn an cuspóir seo a bhaint amach.

(51)

Ba cheart do ÚEUM measúnú a dhéanamh ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as glacadh ar láimh a chumhachtaí agus a dhualgas i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

(52)

Infheistíonn an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) i gcistí caipitil fiontair, inter alia, ar fud an Aontais. Maidir leis na bearta sa Rialachán seo lena gcuidítear le cistí caipitil fiontair le gnéithe coitianta sainithe a shainaithint gan stró ba cheart go n-éascódh sé sin do CEI cistí caipitil fiontair a shainaithint faoin Rialachán seo mar spriocanna infheistíochta féideartha. Dá bhrí sin ba cheart CEI a spreagadh chun infheistiú i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha.

(53)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh (Airteagal 7) agus saoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16).

(54)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8), déantar rialú ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údarás inniúil na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9), déantar rialú ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

(55)

Ba cheart an Rialachán seo bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

(56)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go bhfuil feidhm ag ceanglais aonfhoirmeacha maidir le cistí caipitil fiontair a mhargú agus córas simplí clárúcháin do bhainisteoirí cáilitheacha cistí caipitil fiontair a bhunú, ar an mbealach sin margú cistí caipitil cáilitheacha ar fud an Aontais a éascú, agus lánaird a thabhairt ar an ngá atá le cothromaíocht idir, sa chéad chás de, sábháilteacht agus iontaofacht an tsonrúcháin “EuVECA”, agus os a choinne sin, oibriú éifeachtach an mhargaidh cistí caipitil fiontair agus an costas a chuireann sé ar gheallsealbhóirí an mhargaidh sin, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha agus coinníollacha do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an sonrúchán “EuVECA” sin a úsáid maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas, agus, ar an dóigh sin, cuireann an Rialachán seo le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú le hinfheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais, maidir le comhdhéanamh punainne cistí caipitil fiontair cáilitheacha, maidir leis na hionstraimí agus na teicnící infheistíochta incháilithe atá le húsáid ag na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le heagrú, iompraíocht agus trédhearcacht bainisteoirí a dhéanann cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.

Airteagal 2

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl a gcuid sócmhainní iomlána faoi bhainistíocht níos airde ná an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

tá siad bunaithe san Aontas;

(c)

tá siad faoi réir a gcláraithe le húdaráis inniúla a mBallstáit baile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE; agus

(d)

déanann siad bainistíocht ar phunanna de chistí caipitil fiontair cáilitheacha.

2.   Maidir le bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, áfach, atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus a dhéanann na sócmhainní iomlána atá faoi bhainistíocht acu an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE a shárú, agus, dá bhrí sin, a thagann faoi réir údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, féadfaidh siad leanúint den sonrúchán “EuVECA” a úsáid i dtaca le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas, ar choinníoll go ndéanann siad, i dtaca leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn siad, na nithe seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE; agus

(b)

go leanann siad d’Airteagal 3, d’Airteagal 5 agus pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 13(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ag gach tráth maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

3.   Nuair is bainisteoirí seachtracha iad bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus nuair atá siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfaidh siad gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bhainistiú freisin faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.

Airteagal 3

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” AIF mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

ciallaíonn “ciste caipitil fiontair cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta ar fíor na nithe seo a leanas ina thaobh:

(i)

go bhfuil sé ar intinn aige, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos ina rialacha nó ina ionstraimí corpraithe, 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;

(ii)

nach n-úsáideann sé níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste chun sócmhainní seachas ionstraimí cáilitheacha a fháil, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;

(iii)

go bhfuil sé bunaithe i gcríoch Ballstáit;

(c)

ciallaíonn “bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta é ciste caipitil fiontair amháin ar a laghad a bhainistiú;

(d)

ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas:

(i)

ag tráth na hinfheistíochta ag ciste caipitil fiontair cáilitheach:

nach bhfuil sé ligthe isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach (MTF) mar a shainítear i bpointe (14) agus i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,

a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe aige, agus

a bhfuil láimhdeachas bliantúil aige nach mó ná EUR 50 milliún, nó clár comhordaithe bliantúil nach mó ina iomláine ná EUR 43 milliún;

(ii)

nach gnóthas comhinfheistíochta é féin é;

(iii)

nach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas é:

institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun ghnó institiúidí creidmheasa, agus gabháil don ghnó sin (10),

cuideachta infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,

gnóthas árachas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (11),

cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE, nó

cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

(iv)

atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:

nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,

go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus le gach ceann de na Ballstáit eile ina bhfuil sé ar intinn aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú, ionas go ndéantar a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhail-Choinbhinsiún Cánach an ECFE maidir le hIoncam agus le Caipiteal á gcomhlíonadh ag an tríú tír agus go n-áirithítear malartú éifeachtach faisnéise i gcúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;

(e)

ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:

(i)

ionstraim chothromais nó ionstraim chuasachothromais:

arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna fáil go díreach ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,

arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó

arna heisiúint ag gnóthas ar fochuideachta faoi úinéireacht thromlaigh atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a fhaigheann an ciste caipitil fiontair cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;

(ii)

iasacht urraithe nó iasacht neamhurraithe arna dheonú ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach do ghnóthas punainne cáilitheach a sealbhaíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach infheistíochtaí cáilitheacha cheana ann, ar choinníoll nach ndéantar níos mó ná 30 % de na ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipiteal geallta neamhghlaoite sa chiste caipitil fiontair cáilitheach a úsáid d’iasachtaí den sórt sin;

(iii)

scaireanna i ngnóthas punainne cáilitheach a fhaightear ó scairshealbhóirí láithreacha an ghnóthais sin;

(iv)

aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó de roinnt cistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar choinníoll nár infheistigh na cistí caipitil fiontair cáilitheacha sin iad féin níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(f)

ciallaíonn “costais ábhartha” gach táille, muirear agus speansas a sheasann na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus atá comhaontaithe idir bainisteoir um chiste caipitil fiontair cháilitheach agus na hinfheisteoirí;

(g)

ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile rannpháirteachais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cháilithigh, arna n-eisiúint dá infheisteoirí;

(h)

ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de chothromas agus fiachas, sa chás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán;

(i)

ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste caipitil fiontair atá faoina bhainistíocht nó a bhainistíonn sé le hinfheisteoirí a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;

(j)

ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas ar dá bhun a bhfuil oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corparáide an chiste caipitil fiontair cháilithe, leas a fháil sa chiste nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;

(k)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ina bhfuil an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach bunaithe agus ina bhfuil sé faoi réir a chláraithe leis na húdaráis inniúla i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(l)

ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach margaíocht ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(m)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás náisiúnta a bheidh ainmnithe, de réir dlí nó rialacháin, ag an mBallstát baile chun tabhairt faoi chlárú na mbainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

I ndáil le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh bainistiú inmheánach a dhéanamh agus i gcás nach ndéanann comhlacht rialála an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, déanfar an ciste caipitil fiontair cáilitheach féin a chlárú mar an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 14. Ní dhéanfar ciste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste caipitil fiontair cáilitheach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID AN tSONRÚCHÁIN “EuVECA”

Airteagal 4

Beidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo i dteideal an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas.

Airteagal 5

1.   Áiritheoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, le linn dóibh sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha a fháil, nach n-úsáidfear ach 30 % ar a mhéad de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste chun sócmhainní den sórt sin a fháil. Déanfar an tairseach 30 % a ríomh ar bhonn na méideanna is in-infheistithe tar éis gach costas ábhartha a asbhaint. Ní chuirfear sealúchas in airgead tirim ná coibhéisí airgid san áireamh chun an tairseach sin a ríomh mar nach fhéachtar ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid mar infheistíochtaí.

2.   Ní úsáidfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, aon mhodh lena méadófaí neamhchosaint an chiste thar leibhéal a chaipitil gheallta, cibé trí airgead nó urrúis a fháil ar iasacht, trí shuímh dhíorthacha a ghlacadh nó trí aon mhodh eile.

3.   Ní fhéadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha iasachtaí a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint nó ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, ach amháin sa chás ina bhfuil na hiasachtaí, na hoibleagáidí fiachais nó na ráthaíochtaí sin clúdaithe ag gealltanais neamhghlaoite.

Airteagal 6

1.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha aonaid agus scaireanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú go heisiach le hinfheisteoirí a mheastar gur cliaint ghairmiúla iad i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nó a bhféadfaí, ar iarraidh a dhéanamh, déileáil leo mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, nó le hinfheisteoirí eile sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé geallta ag na hinfheisteoirí eile sin EUR 100 000 ar a laghad a infheistiú; agus

(b)

tá sé dearbhaithe i scríbhinn ag na hinfheisteoirí eile sin, i ndoiciméad ar leithligh ón gconradh atá le tabhairt i gcrích maidir leis an ngealltanas infheistíochta, go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas nó leis an infheistíocht atá beartaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí a dhéanfaidh feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe atá páirteach i mbainistiú bainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nuair a bheidh siad ag infheistiú sna cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu.

Airteagal 7

Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an méid seo a leanas maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu:

(a)

agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhú go hionraic, go cothrom agus leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;

(b)

cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leis go ndéanfaidís difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;

(c)

déanfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí gnó ar bhealach is go gcuirfear na leasanna is fearr chun cinn do na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, do na hinfheisteoirí iontu agus do shláine an mhargaidh;

(d)

cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha;

(e)

beidh eolas agus tuiscint leormhaith acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha a ndéanann siad infheistíocht iontu;

(f)

déileálfaidh siad go cothrom lena n-infheisteoirí;

(g)

áiritheoidh siad nach bhfaighidh infheisteoir ar bith cóir níos fabhraí, mura rud é go ndéantar an chóir níos fabhraí sin a nochtadh i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh.

Airteagal 8

1.   I gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, ní dhéanfar aon difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus i leith na n-infheisteoirí ann. Ní dhéanfaidh an bainisteoir a oiread de tharmligean a fhágfaidh, go bunúsach, nach féidir é a mheas a thuilleadh a bheith ina bhainisteoir ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach agus a oiread agus go dtiocfaidh dó a bheith ina eintiteas bosca poist.

2.   Ní dhéanfaidh aon tarmligean feidhmeanna faoi mhír 1 dochar d’éifeachtúlacht na maoirseachta ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus, go háirithe, ní dhéanfaidh sé an bainisteoir sin a chosc ó ghníomhú, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach a chosc ó bheith á bhainistiú, chun sárleasa na n-infheisteoirí ann.

Airteagal 9

1.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a aithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras ionas nach ndéanfaidh siad dochar do leasanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu, agus chun a áirithiú go ndéileálfar go cothrom leis na cistí caipitil fiontair cáilitheach atá á mbainistiú acu.

2.   Sainaithneoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:

(a)

bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, daoine a sheolann i ndáiríre gnó na mbainisteoirí sin, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá faoi riail acu, go díreach nó go hindíreach, agus an ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn na bainisteoirí sin, nó infheisteoirí ann;

(b)

an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste caipitil fiontair cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann;

(c)

an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.

3.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.

4.   Déanfar nochtadh coinbhleachtaí leasa mar a dtagraítear dó i mír 1 a chur in iúl i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena áirithiú, le muinín réasúnta, go gcoiscfear na rioscaí go ndéanfar díobháil do leas infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir d’infheisteoirí sula rachaidh siad i mbun gnó thar a gceann.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na cineálacha coinbhleachtaí leasa amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

na céimeanna is gá do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a ghlacadh, i dtaca le struchtúir agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.

Airteagal 10

1.   Ag gach tráth, beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus úsáidfidh siad acmhainní daonna agus teicniúla atá leormhaith agus iomchuí de réir mar is gá chun na cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistíonn siad a bhainistiú go cuí.

2.   Ag gach tráth, déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a áirithiú, go mbeidh siad in ann bonn cirt a thabhairt i dtaobh leordhóthanacht a gcuid cistí dílse chun leanúnachas oibríochtúil a choimeád ar bun agus beidh sé de dhualgas orthu an réasúnú atá acu maidir leis an gcúis go bhfuil na cistí sin leordhóthanach, amhail a shonraítear in Airteagal 13, a nochtadh.

Airteagal 11

1.   Déanfar rialacha maidir le luacháil sócmhainní a leagan síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus déanfar próiseas luachála fónta agus trédhearcach a áirithiú leo sin.

2.   Áiritheofar leis na nósanna imeachta luachála go ndéantar sócmhainní a luacháil go cuí agus go ndéantar an luach sócmhainne a ríomh go bliantúil ar a laghad.

Airteagal 12

1.   Cuirfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha tuarascáil bhliantúil ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás gach ciste caipitil fiontair cáilitheach atá á bhainistiú acu, faoi shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil ar chomhdhéanamh phunann an chiste caipitil fiontar cháilithigh agus ar ghníomhaíochtaí na bliana roimhe sin. Nochtófar inti freisin, i dtaobh bhrabúis arna dtuilleamh ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ag deireadh a ré agus, i gcás inarb infheidhme, na brabúis arna ndáileadh le linn a ré. Beidh cuntais airgeadais iniúchta an chiste caipitil fiontar cháilithigh inti.

Déanfar an tuarascáil bhliantúil a tháirgeadh i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe atá ann cheana agus leis na téarmaí a bheidh comhaontaithe idir na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an tuarascáil a sholáthar d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus infheisteoirí a chomhaontú breis nochta a dhéanamh lena chéile.

2.   Déanfar iniúchóireacht a sheoladh ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach go bliantúil ar a laghad. Dearbhóidh an iniúchóireacht go sealbhaítear airgead agus sócmhainní in ainm an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus go bhfuil taifid agus seiceálacha leormhaithe bunaithe agus á gcothabháil ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i ndáil le húsáid aon sainordaithe nó rialaithe ar airgead agus sócmhainní an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus na hinfheisteoirí atá ann.

3.   I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar margadh rialáilte (12) i dtaca leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar leithligh nó ina chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.

Airteagal 13

1.   Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i ndáil leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí an cinneadh infheistíochta, ar shlí shoiléir agus intuigthe, faoi na gnéithe seo a leanas:

(a)

céannacht an bhainisteora sin agus céannacht aon soláthraithe seirbhíse eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir leis an mbainistíocht a dhéanann siad ar na cistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus tuairisc ar a gcuid dualgas;

(b)

méid na gcistí dílse atá ar fáil don bhainisteoir sin agus ráiteas mionsonraithe i dtaobh an chúis a measann an bainisteoir sin go bhfuil na cistí dílse sin leordhóthanach chun na hacmhainní daonna agus teicniúla leormhaithe atá riachtanach do bhainistiú cuí a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a chothabháil;

(c)

tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh, lena n-áirítear:

(i)

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;

(ii)

aon chistí caipitil fiontair cáilitheacha eile a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;

(iii)

na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé ar intinn go ndéanfadh aon chiste caipitil fiontair cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistiú iontu;

(iv)

na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh;

(v)

na teicnící a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid; agus

(vi)

aon srianta infheistíochta infheidhme;

(d)

tuairisc ar phróifíl riosca an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a bhféadfadh an ciste infheistiú iontu nó leis na teicnící infheistíochta a d’fhéadfaí a úsáid;

(e)

tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar an modheolaíocht praghsála chun na sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun na gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;

(f)

tuairisc ar an tslí a dhéantar luach saothair an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a ríomh;

(g)

tuairisc ar na costais ábhartha uile agus na méideanna uasta díobh sin;

(h)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh;

(i)

na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile arna soláthar nó arna n-eagrú ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó, ar shlí éigin eile, oibríochtaí leanúnacha na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú ar an bhfíoras sin;

(j)

tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.

2.   Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Coimeádfar í cothrom le dáta agus déanfar í a athbhreithniú go tráthrialta i gcás inar ábhartha sin.

3.   I gcás ina gceanglófar ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú, i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála (13), nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.

CAIBIDIL III

MAOIRSEACHT AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 14

1.   Bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun a gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil a mBallstáit baile go bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

céannacht na ndaoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(b)

céannacht na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus a straitéisí infheistíochta;

(c)

faisnéis maidir leis na socruithe a rinneadh chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d)

liosta de na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach gach ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú iontu;

(e)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí caipitil fiontair cáilitheacha bunaithe ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó a bhfuil sé ar intinn aige cistí den sórt sin a bhunú iontu.

2.   Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

go bhfuil na daoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha de dhea-cháil leordhóthanach agus go bhfuil taithí leordhóthanach acu freisin i ndáil leis na straitéisí infheistíochta atá á saothrú ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 iomlán;

(c)

go bhfuil na socruithe arna gcur in iúl de réir phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d)

go léiríonn an liosta a chuirtear in iúl faoi phointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo go bhfuil na cistí caipitil fiontair cáilitheacha go léir bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3.

3.   Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú faoin sonrúchán “EuVECA” ar fud an Aontais.

Airteagal 15

Cuirfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ina bhfuil sé ar intinn acu margú a dhéanamh ar:

(a)

chiste caipitil fiontair cáilitheach nua; nó

(b)

ciste caipitil fiontair cáilitheach atá ann cheana i mBallstát nach bhfuil luaite sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 14(1).

Airteagal 16

1.   Díreach tar éis bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú, ciste caipitil fiontair cáilitheach nua a chur isteach, sainchónaí nua do bhunú ciste caipitil fiontair cáilitheach a chur isteach nó Ballstát nua a chur isteach ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú iontu, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile é a chur in iúl dá réir sin i bhfógra do na Ballstáit atá luaite, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1) agus do ÚEUM.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit aíochta atá luaite i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1) aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú a gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a fhorchur ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, agus ní cheanglóidh siad aon fhormheas a bheith déanta ar an margú sula rachfar ina bhun.

3.   Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid fógra faoin Airteagal seo a chinneadh.

4.   Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.

5.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 17

Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a bheidh inrochtana ag an bpobal ar an idirlíon, ina liostófar gach bainisteoir um chistí caipitil fiontair cáilitheacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á margú acu mar aon leis na tíortha ina bhfuil na cistí sin á margú.

Airteagal 18

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.

2.   I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta lena chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas go pras dá réir. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhail bearta iomchuí.

3.   Más rud é go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag gníomhú ar shlí is léir a bheith contrártha don Rialachán seo in ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainníonn údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chosc ó aon mhargú breise eile a dhéanamh ar a chuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

Airteagal 19

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Beidh sé de chumhacht acu go háirithe:

(a)

rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b)

a cheangal ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;

(c)

a cheangal ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le gníomhaíochtaí an chiste caipitil fiontair cháilithigh faisnéis a sholáthar;

(d)

tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;

(e)

bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo;

(f)

ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.

Airteagal 20

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis riaracháin agus le bearta eile is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Faoin 16 Bealtaine 2015 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM i dtaobh na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 21

1.   Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2 i gcás, maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach:

(a)

go mainníonn sé na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b)

go ndéanann sé, de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

(c)

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14;

(d)

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3;

(e)

go bhfuair sé clárú trí bhíthin ráiteas falsa nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 14;

(f)

go mainníonn sé gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil cuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh a chuid gnó de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;

(g)

go mainníonn sé beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;

(h)

go mainníonn sé arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i)

go mainníonn sé arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na bearta seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann Airteagal 5 agus Airteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7 agus Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 14;

(b)

úsáid an tsonrúcháin “EuVECA” a thoirmeasc agus an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a bhaint den chlár.

3.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1) agus ÚEUM ar an eolas gan mhoill faoi bhaint an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach den chlár dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Maidir leis an gceart ciste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú faoin sonrúchán “EuVECA”, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.

Airteagal 22

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoi seach faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

Airteagal 23

1.   Tá gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla nó do ÚEUM, agus na hiniúchóirí agus na saineolaithe a fuair treoir ó na húdaráis inniúla nó ó ÚEUM, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin i mbun a gcuid dualgas a nochtadh le haon duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfar bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí caipitil fiontair cáilitheacha a shainaithint ar leithligh, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil agus le himeachtaí dlí faoin Rialachán seo.

2.   Ní chuirfear bac ar údaráis inniúla na mBallstát ná ar ÚEUM faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus le cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

3.   I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla nó ÚEUM faisnéis rúnda i gcomhréir le mír 2, ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid ach le linn dóibh a bheith i mbun a gcuid dualgas agus chun críche imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.

Airteagal 24

I gcás ina mbíonn easaontú idir údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ceann de na húdaráis inniúla i réimsí ina gceanglaítear comhoibriú nó comhordú idir údaráis inniúla ó níos mó ná Ballstát amháin faoin Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a mhéid is nach mbaineann an t-easaontú le pointe (iii) de phointe (b) nó le pointe (iv) de phointe (d) d’Airteagal 3 den Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana amhail ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhacht a fhadú go hintuigthe ar feadh treimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(5) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn a gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

(a)

a mhéid a bhain bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha úsáid as an sonrúchán “EuVECA” i mBallstáit éagsúla, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann;

(b)

dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a dtugann cistí caipitil fiontair cáilitheacha fúthu;

(c)

oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 13, go háirithe cibé ar leor iad lena chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach infheistíochta a ghlacadh;

(d)

úsáid na n-infheistíochtaí cáilitheacha éagsúla ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus go háirithe cibé an gá na hinfheistíochtaí cáilitheacha a choigeartú sa Rialachán seo;

(e)

an fhéidearthacht maidir le margú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a leathnú chuig infheisteoirí miondíola;

(f)

éifeachtúlacht, comhréireacht agus feidhmiú na bpionós riaracháin agus na mbeart eile a bhforálann na Ballstáit dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(g)

tionchar an Rialacháin seo ar an margadh caipitil fiontair;

(h)

an fhéidearthacht go gceadófaí do chistí caipitil fiontair atá bunaithe i dtríú tír an sonrúchán “EuVECA” a úsáid, á chur san áireamh an taithí maidir le cur i bhfeidhm an Mholta ón gCoimisiún maidir le bearta atá ceaptha spreagadh a thabhairt do thríú tíortha caighdeáin íosta dea-rialachais a chur i bhfeidhm in ábhair chánach;

(i)

a oiriúnaí atá sé an Rialachán seo a chomhlánú le réim taisclainne;

(j)

meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh cur isteach ar infheistíocht i gcistí a úsáideann an sonrúchán “EuVECA”, lena n-áirítear an tionchar ar infheisteoirí institiúideacha i ndlí eile de chuid an Aontais a bhfuil nádúr stuamachta ag roinnt leo.

2.   Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 faoi:

(a)

an 22 Iúil 2017 maidir le pointí (a) go (g), (i) agus (j); agus

(b)

an 22 Iúil 2015 maidir le pointe (h).

3.   I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 27

1.   Faoin 22 Iúil 2017, cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar an idirghníomhaíocht idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais comhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe iad siúd a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE. Díreoidh an t-athbhreithniú sin ar réim feidhme an Rialacháin seo. Baileofar ann na sonraí chun measúnú a dhéanamh an gá an raon feidhme a leathnú chun cead a thabhairt do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair a bhfuil sócmhainní faoi bhainistíocht acu a sháraíonn an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) a bheith ina mbainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 28

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 22 Iúil 2013, cé is moite d’Airteagal 9(5) a mbeidh feidhm aige amhail ón 15 Bealtaine 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 175, 19.6.2012, lch. 11.

(2)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 72.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Márta 2013.

(4)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(5)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(6)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(7)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(10)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(11)  IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

(12)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(13)  IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.