29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/57


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 28 Meitheamh 2013

lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

(2013/312/AE)

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

Ag féachaint d’Airteagal 2(3) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha,

Ag féachaint don tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rachaidh Airteagal 2(1) agus (2) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha in éag ag deireadh théarma parlaiminteach 2009-2014.

(2)

Maidir le hAirteagal 19(1) den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, rachaidh an tAirteagal sin in éag ag deireadh théarma parlaiminteach 2009-2014.

(3)

Tá sé riachtanach go ndéanfar na forálacha atá in Airteagal 2(3) de Phrótacal Uimh. 36 a chomhlíonadh gan mhoill agus, dá bhrí sin, go nglacfar an cinneadh dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, d’fhonn go bhféadfaidh na mBallstát na bearta náisiúnta riachtanacha a achtú in am trátha chun na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a eagrú do théarma parlaiminteach 2014-2019.

(4)

Leagtar síos leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach na critéir maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, eadhon nach rachaidh líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go mbeidh an ionadaíocht comhréireach go céimlaghdaitheach, agus go mbeidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát, agus nach mbeidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach inter alia go mbeidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear go díreach do na saoránaigh ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle ag a Rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach. Is faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálacha cinnteoireachta sa Chomhairle, atá feidhm ag Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, dá bhrí sin, maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

le leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa, bainfear leas iomlán as an íosmhéid agus as an uasmhéid atá leagtha amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn méideanna dhaonraí faoi seach na mBallstát a léiriú a ghaire is féidir;

an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéanfar slánú go dtí slán-uimhreacha, athróidh sé de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Comhalta de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos mó daoine, ionadaíocht do líon níos mó saoránach ná gach Comhalta arb as Ballstát dó ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó an teideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige más airde an daonra sa Bhallstát sin.

Airteagal 2

Ríomhfaidh an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát ar bhonn sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, i gcomhréir le modh a bhunófar trí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 3

De bhun Airteagal 1, déanfar leis seo líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach mBallstát a shocrú mar a leanas do théarma parlaiminteach 2014-2019:

An Bheilg

21

An Bhulgáir

17

Poblacht na Seice

21

An Danmhairg

13

An Ghearmáin

96

An Eastóin

6

Éire

11

An Ghréig

21

An Spáinn

54

An Fhrainc

74

An Chróit

11

An Iodáil

73

An Chipir

6

An Laitvia

8

An Liotuáin

11

Lucsamburg

6

An Ungáir

21

Málta

6

An Ísiltír

26

An Ostair

18

An Pholainn

51

An Phortaingéil

21

An Rómáin

32

An tSlóivéin

8

An tSlóvaic

13

An Fhionlainn

13

An tSualainn

20

An Ríocht Aontaithe

73

Airteagal 4

Déanfar athbhreithniú ar an gCinneadh seo fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2019-2024 ar bhonn tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa a thíolacfar roimh dheireadh 2016 agus é mar aidhm córas a bhunú trína bhféadfar, amach anseo, roimh gach toghchán nua do Pharlaimint na hEorpa, na suíocháin a leithdháileadh idir na Ballstáit ar bhealach oibiachtúil, cothrom, marthanach agus trédhearcach, ar bhonn phrionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí mar a leagtar síos é in Airteagal 1, agus aird á tabhairt ar aon athrú ar an líon daoine atá iontu agus ar aon treochtaí déimeagrafacha ina gcuid daonraí, a fhionnfar go cuí agus ar an gcaoi sin urramófar cothromaíocht fhoriomlán an chórais institiúidigh a leagtar síos sna Conarthaí.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2013.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

H. VAN ROMPUY


(1)  Tionscnamh a glacadh an 13 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Toiliú an 12 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).