18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/63


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 22 Bealtaine 2013

maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh

(2013/272/AE)

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 17(5) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ag na cruinnithe a bhí aici an 11-12 Nollaig 2008 agus an 18-19 Meitheamh 2009, thug an Chomhairle Eorpach dá haire an imní a bhí ar mhuintir na hÉireann i dtaca le Conradh Liospóin agus dá bhrí sin tháinig sí ar chomhaontú, ar choinníoll go mbeadh Conradh Liospóin tagtha i bhfeidhm, go ndéanfaí cinneadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dlíthiúla is gá, á rá go leanfadh náisiúnach amháin ó gach Ballstát de bheith ar an gCoimisiún.

(2)

Ba cheart an cinneadh maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin a ghlacadh in am cuí sula gceapfar an Coimisiún a bheidh le dul i mbun dualgas an 1 Samhain 2014.

(3)

Ba cheart go ndéanfaí na himpleachtaí a bheidh ag an gCinneadh seo a choimeád faoi athbhreithniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar líon é is ionann agus líon na mBallstát.

Airteagal 2

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an Cinneadh seo a athbhreithniú, i bhfianaise an éifeacht a bheidh aige ar fheidhmiú an Choimisiúin, in am trátha sula gceapfar an chéad Choimisiún tar éis dáta aontachais an tríochadú Ballstát nó sula gceapfar an Coimisiún a thiocfaidh i gcomharbas ar an gCoimisiún a bheidh le dul i mbun dualgas an 1 Samhain 2014, cibé acu is túisce.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2014.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 22 Bealtaine 2013.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

H. VAN ROMPUY