27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 25 Feabhra 2009, rinne Grúpa Ardleibhéil faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière tuarascáil a fhoilsiú ar iarratas ón gCoimisiún, agus ba é an tátal a bhí ar an tuarascáil sin go gcaithfí an creat maoirseachta don earnáil sin a neartú chun an riosca a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí, agus déine géarchéime den sórt sin, a laghdú. Moladh sa tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta san earnáil, lena n-áirítear Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a bhunú, ina mbeadh trí údarás maoirseachta Eorpacha, údarás amháin faoi seach thar ceann earnáil na baincéireachta, thar ceann earnáil an árachais agus na bpinsean gairme agus thar ceann earnálacha na n-urrús agus na margaí, agus Comhairle Eorpach um Riosca Sistéamach a bhunú.

(2)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, dar teideal “Driving European Recovery,” (Téarnamh na hEorpa a Chur Chun Cinn), moladh creat rialála an Aontais a neartú do sheirbhísí airgeadais. Ina Theachtaireacht an 3 Iúil 2009 dar teideal “Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets”, (Margaí na ndíorthach éifeachtacha, sábháilte agus fónta a áirithiú), rinne an Coimisiún measúnú ar ról na ndíorthach sa ghéarchéim airgeadais, agus ina Theachtaireacht an 20 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal “Ensuring efficient, safe and sound derivative markets: Future policy actions”, (Margaí na díorthach éifeachtacha, sábháilte agus fónta a áirithiú: Gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), thug an Coimisiún cuntas ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh leis na rioscaí a bhaineann le díorthaigh a laghdú.

(3)

An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh trí rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach Maoirseachta Airgeadais, lena n-áirítear trí Údarás Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) a bhunú a rannchuideoidh le cur i bhfeidhm comhsheasmhach reachtaíocht an Aontais agus le comhchaighdeáin agus comhchleachtais rialála agus maoirseachta ar ardchaighdeán a bhunú. Cuimsíonn na hÚMEanna an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEAPC) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tá ról fíorthábhachtach ag na hÚMEanna sin i gcobhsaíocht na hearnála airgeadais a choimirciú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go leanúnach gur ábhar lena ngabhann ardtosaíocht pholaitiúil é forbairt a gcuid oibre agus go gcuirtear acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh.

(4)

Bíonn easpa trédhearcachta i gceist le díorthaigh thar an gcuntar (“conarthaí díorthacha thar an gcuntar”) toisc gur conarthaí iad a dhéanann páirtithe a chaibidliú go príobháideach eatarthu féin agus de ghnáth gur ag páirtithe an chonartha amháin a bhíonn faisnéis ar bith fúthu ar fáil. Cruthaíonn siad gréasán casta idirthuilleamaíochta, rud a d'fhéadfadh é a dhéanamh deacair nádúr agus leibhéal na rioscaí atá i gceist a shainaithint. Léirigh an ghéarchéim airgeadais go méadaíonn saintréithe den sórt sin neamhchinnteacht nuair a bhíonn strus sa mhargadh agus, dá bhrí sin, go mbíonn rioscaí ag baint leis na saintréithe sin don chobhsaíocht airgeadais. Leagtar síos sa Rialachán seo coinníollacha chun na rioscaí sin a mhaolú agus trédhearcacht conarthaí díorthacha a fheabhsú.

(5)

Ag an gcruinniú mullaigh in Pittsburgh an 26 Meán Fómhair 2009, chomhaontaigh ceannairí an G20 gur cheart gach conradh caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnacha faoi dheireadh na bliana 2012, agus gur cheart conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thuairisciú do stórtha trádála. I mí an Mheithimh 2010, dheimhnigh Ceannairí an G20 in Toronto a dtiomantas agus gheall siad freisin dlús a chur le bearta láidre a chur chun feidhme chun trédhearcacht agus formhaoirseacht rialála ar na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a fheabhsú ar bhealach atá comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach go hidirnáisiúnta.

(6)

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na tiomantais sin agus féachfaidh sé lena áirithiú go gcuirfidh gcomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais na tiomantais sin chun feidhme ar an mbealach céanna. Ba cheart don Choimisiún comhoibriú le húdaráis tríú tíortha chun féachaint an bhféadfaí teacht ar réitigh lena soláthrófaí tacaíocht fhrithpháirteach agus iad ag iarraidh comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a bhunaíonn tríú tíortha agus, ar an gcaoi sin, aon fhorluí a d'fhéadfadh a bheith ann ina leith sin a sheachaint. Le cúnamh ÚEUM, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos sa Rialachán seo agus tuarascálacha ina leith a ullmhú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. D'fhonn ceanglais a d'fhéadfadh a bheith dúblach nó codarsnach a sheachaint, d'fhéadfadh an Coimisiún cinntí maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil a ghlacadh, maoirseachta agus forghníomhnaithe i dtríú tíortha, má chomhlíontar líon áirithe coinníollacha. Níor cheart go ndéanfadh an measúnú atá mar bhonn le cinntí den sórt sin dochar do cheart contrapháirtí lárnaigh atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ÚEUM seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó do stórtha trádála atá bunaithe san Aontas, mar gur cheart go mbeadh an cinneadh aitheantais neamhspleách ar an measúnú sin. Ar an gcuma chéanna, níor cheart go ndéanfadh cinneadh coibhéise ná an measúnú dochar don cheart atá ag stór trádála atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ÚEUM seirbhísí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas.

(7)

Maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil i Seirbhísí, níor cheart cinntí lena gcinntear go bhfuil córais dlí tríú tír coibhéiseach le córais dlí an Aontais, a ghlacadh ach amháin má fhorálann córas dlí an tríú tír do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do na contrapháirtithe lárnacha sin atá údaraithe faoi chórais dlí eachtracha i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta rialála agus na caighdeáin a leagadh amach ag an G20 i mí Mheán Fómhair 2009 maidir leis an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú, agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh. Ba cheart córas den sórt sin a mheas mar chóras coibhéiseach má áirithítear leis gur comhchosúil le ceanglais an Aontais atá toradh substaintiúil an chórais rialála is infheidhme agus ba cheart a mheas gur córas éifeachtach é má tá na rialacha sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

(8)

Is iomchuí sa chomhthéacs seo, agus saintréithe margaí na ndíorthach mar aon le feidhmiú na gcontrapháirtithe lárnacha á gcur san áireamh, coibhéis éifeachtach na gcóras eachtrach rialála a fhíorú i gcomhlíonadh spriocanna agus caighdeán an G20 chun an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh. Éilíonn cás an-speisialta seo na gcontrapháirtithe lárnacha go mbeadh na forálacha i ndáil le tríú tíortha eagraithe ó thaobh feidhme de i gcomhréir le socruithe atá sainiúil do mhaoirseacht na n-eintiteas sin agus go bhfeidhmeodh na forálacha i gcomhréir leis na socruithe sin. Ní gá, dá bhrí sin, go mbeadh an cur chuige seo ina fhasach do reachtaíocht eile.

(9)

D'aontaigh an Chomhairle Eorpach, ina Conclúidí an 2 Nollaig 2009, go raibh gá le maolú riosca creidmheasa contrapháirtí a fheabhsú go substaintiúil, agus go raibh sé tábhachtach trédhearcacht, éifeachtúlacht agus sláine a fheabhsú le haghaidh idirbheart díorthach. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 dar teideal “Derivatives markets: future policy actions” (Margaí na ndíorthach: gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), iarradh imréiteach agus tuairisciú éigeantach le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar.

(10)

Ba cheart do ÚEUM gníomhiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo trí chobhsaíocht na margaí airgeadais i gcásanna éigeandála a choimirciú, trína áirithiú go gcuireann údaráis mhaoirseachta náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach agus trí easaontuithe eatarthu a réiteach. Cuirtear de chúram air freisin dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, agus bíonn ról lárnach aige ó thaobh contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála a údarú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(11)

Ceann de na cúraimí bunúsacha atá le cur i gcrích tríd an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) is ea feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn. Maidir leis sin, déanann comhaltaí CEBC formhaoirseacht trína áirithiú go bhfuil córais éifeachtúla fónta imréitigh agus íocaíochta ann, lena n-áirítear comhpháirtithe lárnacha. Mar sin, bíonn dlúthbhaint ag comhaltaí CEBC le húdarú agus le faireachán na gcomhpháirtithe lárnacha, leis an aitheantas a thugtar do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír agus le faomhadh socruithe maidir le hidiroibritheacht. Chomh maith leis sin, bíonn dlúthbhaint acu le caighdeáin theicniúla rialála a shocrú, mar aon le treoirlínte agus moltaí. Tá an Rialachán seo gan dochar do na freagrachtaí atá ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ar na bainc cheannais náisiúnta as córais éifeachtúla, fónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile. Dá bhrí sin, agus ionas nach bhféadfadh sé go gcruthófaí sraitheanna comhthreomhara rialacha, ba cheart do ÚEUM agus do CEBC comhoibriú go dlúth lena chéile nuair a bhíonn na dréachtchaighdeáin theicniúla ábhartha á n-ullmhú acu. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag an mBCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta ar fhaisnéis agus iad ag comhlíonadh a gcuraimí a bhaineann le formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais imréitigh agus íocaíochta chomh maith le feidhmeanna bainc cheannais eisiúna.

(12)

Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha le haghaidh na gconarthaí díorthacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I Roinn C, pointe (4) go pointe (10) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (7).

(13)

Níor leor na dreasachtaí chun úsáid na gcontrapháirtithe lárnacha a chur chun cinn lena áirithiú go ndéantar conarthaí díorthacha thar an gcuntar chaighdeánaithe a imréiteach go lárnach go hiarbhír. Tá gá, dá bhrí sin, le ceanglais éigeantacha imréitigh trí chontrapháirtí lárnach le haghaidh na conarthaí díorthacha sin thar an gcuntar ar féidir iad a imréiteach go lárnach.

(14)

Tá gach dealraitheacht ann go nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta atá éagsúil óna chéile a d'fhéadfadh bacainní a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus a d'fhéadfadh dul chun dochair do na rannpháirtithe sa mhargadh agus don chobhsaíocht airgeadais. Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide imréitigh san Aontas riachtanach freisin chun leibhéal ard cosanta infheisteoirí a áirithiú agus chun deis chothrom a chruthú idir na rannpháirtithe sa mhargadh.

(15)

Chun a áirithiú go ndéantar leis an oibleagáid imréitigh an riosca sistéamach a laghdú, tá gá le próiseas sainaitheantais le haghaidh aicmí díorthach ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide sin. Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas sin nach féidir gach díorthach thar an gcuntar a imréitítear trí chontrapháirtí lárnach a mheas mar chonarthaí díorthacha atá oiriúnach d'imréiteach éigeantach trí chontrapháirtí lárnach.

(16)

Leagtar amach sa Rialachán seo na critéir chun a chinneadh ar cheart nó nár cheart go mbeadh aicmí éagsúla de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir oibleagáide imréitigh. Bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbróidh ÚEUM, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh faoinar mbeidh aicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir oibleagáide imréitigh, agus faoin uair a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme de réir a chéile agus íosaibíocht iarmhair conarthaí a dhéantar nó a nuaitear roimh an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh i gcomhréir leis an Rialachán seo. D'fhéadfadh sé gurb iad cineálacha rannpháirtithe an mhargaidh a chaithfidh an oibleagáid imréitigh a chomhlíonadh a bheadh i gceist le cur chun feidhme de réir a chéile na hoibleagáide imréitigh. Agus cinneadh á dhéanamh ag ÚEUM maidir le cad iad na haicmí de chonarthaí díorthach thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh cineál sonrach na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a ndéantar iad a thabhairt chun críche le heisiúnóirí bannaí faoi chumhdach nó le comhthiomsúcháin cumhdaigh do bhannaí faoi chumhdach.

(17)

Agus na haicmí de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh á gcinneadh, ba cheart do ÚEUM aird chuí a thabhairt ar bhreithnithe ábhartha eile, go háirithe an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar agus an tionchar ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí agus ba cheart dó dálaí comhionanna iomaíochta a chur chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach amhail dá dtagraítear in Airteagal 1(5)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(18)

I gcás ina mbeidh sé aitheanta ag ÚEUM go bhfuil táirge díorthach thar an gcuntar caighdeánaithe agus oiriúnach don imréiteach, ach nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach toilteanach an táirge sin a imréiteach, ba cheart go bhfiosródh ÚEUM an chúis atá leis sin.

(19)

Agus na haicmí de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh á gcinneadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál sonrach na n-aicmí ábhartha de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh na príomhrioscaí d'idirbhearta in aicmí áirithe de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar le riosca maidir le socrú, a dtugtar aghaidh air trí shocruithe ar leith bonneagair, agus d'fhéadfadh sé, leis an bpríomhriosca sin, go ndéanfaí aicmí áirithe de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar (mar shampla malairtí eachtracha) a idirdhealú ó aicmí eile. Tugann imréiteach an chontrapháirtí lárnaigh aghaidh go sonrach ar riosca creidmheasa contrapháirtí agus d'fhéadfadh sé nach é sin an modh is fearr chun déileáil le riosca maidir le socrú. Ba cheart go mbeadh an réim i gcomhair conarthaí den sórt sin ag brath, go háirithe, ar chóineasú idirnáisiúnta agus aitheantas frithpháirteach roimh ré an bhonneagair ábhartha.

(20)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach comhleanúnach agus go dtabharfar deis chothrom do rannpháirtithe sa mhargadh nuair a dhearbhófar go mbeidh aicme de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le gach conradh a bhaineann leis an aicme sin de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar an dáta a dtabharfar fógra d'údarú contrapháirtí lárnach chun críche na hoibleagáide imréitigh a gheobhaidh ÚEUM, nó i ndiaidh an dáta sin, ach a dhéanfar roimh an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh ar choinníoll go mbeidh aibíocht iarmhair níos airde ná an íosaibíocht a chinnfidh an Coimisiún ag na conarthaí seo.

(21)

Agus cinneadh á dhéanamh an mbeidh aicme chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir ceanglas imréitigh, ba cheart é a bheith d'aidhm ag ÚEUM go ndéanfaí laghdú ar an riosca sistéamach. Áirítear leis sin go ndéanfar imthosca amhail leibhéal caighdeánaithe conarthaigh agus oibríochtúla na gconarthaí, toirt agus leachtacht na haicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar iomchuí chomh maith leis an bhfáil atá ar fhaisnéis phraghsála atá cothrom, iontaofa agus a nglactar go forleathan léi i dtaca leis an aicme ábhartha conartha díorthach thar an gcuntar a chur san áireamh sa mheasúnú.

(22)

Chun conradh díorthach thar an gcuntar a imréiteach, ní mór don dá pháirtí sa chonradh sin a bheith faoi réir oibleagáid imréitigh nó ní mór dóibh toiliú leis. Ba cheart díolúintí ón oibleagáid imréitigh a chur in oiriúint go sonrach, toisc go laghdóidís éifeachtacht na hoibleagáide agus tairbhí an imréitigh ó thaobh an chontrapháirtí lárnaigh de, agus d'fhéadfadh arbatráiste rialaitheach idir ghrúpaí de rannpháirtithe sa mhargadh a bheith mar thoradh orthu.

(23)

Chun an chobhsaíocht airgeadais a chothú laistigh den Aontas, d'fhéadfadh sé freisin gur ghá na hoibleagáidí maidir leis na teicnící um imréiteach agus um maolú riosca a chur i bhfeidhm ar na hidirbhearta a dhéanann eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ar choinníoll go mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag na hidirbhearta lena mbaineann laistigh den Aontas nó i gcás inar riachtanach nó inarb iomchuí na hoibleagáidí sin chun cosc a chur le haon fhorálacha de chuid an Rialacháin seo a bheith á seachaint.

(24)

Bíonn riosca conarthaí creidmheasa contrapháirtí agus oibríochtúil i gceist le conarthaí díorthacha thar an gcuntar nach meastar a bheith oiriúnach le haghaidh imréitigh trí chontrapháirtí lárnach agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an riosca sin a bhainistiú. Chun an riosca creidmheasa contrapháirtí a mhaolú, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta bainistithe riosca ann do rannpháirtithe sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ar nósanna imeachta iad lena gceanglaítear malartú tráthúil, beacht agus deighilte go hiomchuí ar an gcomhthaobhacht. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla lena sonraítear cad iad na nósanna imeachta bainistithe riosca a bheidh san áireamh, ba cheart do ÚEUM tograí ó na comhlachtaí idirnáisiúnta um shocrú caighdeán maidir le ceanglais éarlaisithe le haghaidh díorthach nach ndéantar a imréiteach go lárnach a chur san áireamh. Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt chun go sonrófar na socruithe atá riachtanach le haghaidh malartú beacht agus iomchuí ar chomhthaobhachtaí d'fhonn bainistiú a dhéanamh ar rioscaí a ghabhann le trádálacha neamh-imréitithe, ba cheart go ndéanfaidh ÚEUM bacainní a bheidh ar eisiúnóirí bannaí faoi chumhdach nó ar chomhthiomsuithe faoi chumhdach maidir le comhthaobhacht a sholáthar i roinnt dlínsí éagsúla den Aontas a chur san áireamh go cuí. Ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM san áireamh freisin an fíoras go dtugann éilimh tosaíochta a thugtar do chontrapháirtithe eisiúnóirí bannaí faoi chumhdach ar shócmhainní an eisiúnóra bannaí faoi chumhdach cosaint choibhéiseach ar riosca creidmheasa contrapháirtí.

(25)

Na rialacha maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, le hidirbhearta díorthach a thuairisciú agus le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le contrapháirtithe airgeadais, eadhon gnólachtaí infheistíochta mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE, institiúidí creidmheasa mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (8), gnóthais árachais mar a údaraítear i gcomhréir leis an gCéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gabháil le gnó árachais dhírigh seachas árachas saoil agus lena shaothrú (9), gnóthais árachais mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (10), gnóthais athárachais mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2005 maidir le hárachas saoil (11), gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus, i gcás inarb ábhartha, a gcuideachtaí bainistíochta mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) a chomhordú (12), institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme mar a shainmhínítear i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme a sholáthar (13) agus cistí infheistíochta malartacha arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFM) mar a údaraítear nó mar a chláraítear i gcomhréir le Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (14).

(26)

Na heintitis a fheidhmíonn socruithe do scéimeanna pinsean, arb é príomhchuspóir na socruithe sin sochair a chur ar fáil tráth an scoir, de ghnáth i bhfoirm íocaíochtaí ar feadh an tsaoil, ach freisin i bhfoirm íocaíochtaí a thugtar ar feadh tréimhse sealadaí nó mar chnapshuim, is iondúil go ndéanann siad íoslaghdú ar an leithdháileadh in airgead tirim chun éifeachtúlacht agus toradh a uasmhéadú dá gcuid sealbhóirí polasaí. Dá bhíthin sin, dá gceanglófaí ar na heintitis sin conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach go lárnach, is éard a bheadh mar thoradh air go ndéanfaí sciar suntasach dá sócmhainní a chur i leataobh le haghaidh airgid tirim ionas go gcomhlíonfaidís ceanglais éarlaise leanúnacha na gcomhpháirtithe lárnacha. Chun tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ag ceanglas den sórt sin ar ioncam scoir daoine a bheidh ina bpinsinéirí a sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid imréitigh maidir le scéimeanna pinsean go dtí go bhforbróidh na comhpháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach chun comhthaobhacht neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Ba cheart go mbeadh ról speisialta na socruithe do scéimeanna pinsean san áireamh sa réiteach teicniúil sin agus ba cheart go seachnófaí éifeachtaí ábharthacha díobhálacha ar phinsinéirí. I rith na hidirthréimhse sin, maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéantar d'fhonn rioscaí infheistíochta a laghdú, ar conarthaí iad a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéime pinsin, ba cheart go mbeidís faoi réir oibleagáide tuairiscithe, ach ní hé sin amháin ba cheart go mbeidís faoi réir ceanglas déthaobhach maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh chomh maith. Is é an aidhm ar deireadh thiar, áfach, imréiteach lárnach a bheith ann a luaithe is féidir é sin a dhéanamh.

(27)

Tá sé tábhachtach a áirithiú gurb iad na heintitis agus na socruithe iomchuí amháin a gheobhaidh an chóir speisialta chomh maith le héagsúlacht na scéimeanna pinsean ar fud an Aontais a chur san áireamh, agus a fhoráil freisin go dtabharfaí deis chothrom do na socruithe scéimeanna pinsean uile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an maolú sealadach maidir le hinstitiúidí um chóir ar scor ceirde atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a cheann mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh chun críocha infheistíochta ag na hinstitiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin, agus maidir le gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE.

(28)

Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag an maolú sealadach maidir le gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid na ngnóthas árachais saoil ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní comhfhreagracha uile agus na dliteanais chomhfhreagracha uile a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh óna chéile, gan aon deis ar aistriú. Ba cheart go mbeadh feidhm aige freisin maidir le haon eintiteas údaraithe agus maoirsithe eile a oibríonn ar bhonn náisiúnta amháin nó maidir le socruithe a chuirtear ar fáil i gcríoch Ballstáit amháin go príomha ach amháin má aithnítear iad araon leis an dlí náisiúnta agus gurb é is príomhchuspóir dóibh sochair a chur ar fáil tráth an scoir. Ba cheart na heintitis agus na socruithe dá dtagraítear san aithris seo a bheith faoi réir chinneadh an údaráis inniúil ábhartha agus, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, fáil réidh le haon mhí-ailínithe a d'fhéadfadh a bheith ann agus aon droch-úsáid a sheachaint, ba cheart go mbeadh siad faoi réir thuairim ÚEUM, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚEÁPC. D'fhéadfaí a áireamh le heintitis agus socruithe a chlúdach nár ghá go mbeidís ceangailte le clár fostóirí maidir le pinsean ach arb é an príomhchuspóir atá fós acu ioncam a chur ar fáil tráth an scoir, ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach. D'fhéadfaí a áireamh i measc na samplaí eintitis dhlíthiúla a fheidhmíonn scéimeanna pinsean ar bhonn maoinithe faoi dhlí náisiúnta, ar choinníoll go n-infheisteoidís i gcomhréir le prionsabal “an duine stuama” agus socruithe pinsean a dhéanann daoine aonair go díreach, a bhféadfadh árachóirí saoil iad a chur ar fáil freisin. Níor cheart go gclúdófaí leis an díolúine sa chás sin idirbhearta na gconarthaí thar an gcuntar a bhaineann le táirgí eile an árachóra maidir le hárachas saoil nach bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu ioncam a chur ar fáil tráth an scoir.

Samplaí eile a d'fhéadfaí a lua is ea gnóthaí um chóir ar scor de chuid gnóthais árachais a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go n-áireofaí na sócmhainní uile a fhreagraíonn do na gnóthaí i gclár speisialta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le gnóthais árachais a atheagrú agus a fhoirceannadh (15) mar aon le socruithe um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthais árachais atá bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála. Institiúidí a bhunaítear chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de chuid socruithe scéim pinsin i gcás mainneachtana, ba cheart breathnú orthu siúd mar scéim pinsean chomh maith chun críocha an Rialacháin seo.

(29)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh na rialacha atá infheidhme maidir le contrapháirtithe airgeadais infheidhme freisin maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais. Aithnítear go mbaineann contrapháirtithe neamhairgeadais úsáid as conarthaí díorthacha thar an gcuntar chun iad féin a chumhdach in aghaidh rioscaí tráchtála atá nasctha go díreach lena gcuid gníomhaíochtaí tráchtála nó lena gcuid gníomhaíochtaí airgeadais cisteáin. Dá réir sin, agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart do chontrapháirtí neamhairgeadais a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go mbreithneofaí an chúis atá ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais sin le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a úsáid chomh maith le méid na neamhchosaintí atá aige sna hionstraimí sin. Chun a áirithiú go mbíonn an deis ag institiúidí neamhairgeadais a dtuairimí i leith na dtairseach imréitigh a thabhairt, ba cheart do ÚEUM, agus na caighdeáin theicniúla ábhartha rialála á n-ullmhú aige, comhairliúchán poiblí oscailte a sheoladh chun rannpháirtíocht na n-institiúidí neamhairgeadais a áirithiú. Ba cheart do ÚEUM freisin dul i gcomhairle le gach údarás ábhartha, mar shampla an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh, chun a áirithiú go ndéantar nósúlacht na n-earnálacha sin a chur san áireamh go hiomlán. Ina theannta sin, faoin 17 Lúnasa 2015, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i gconarthaí díorthacha thar an gcuntar in earnálacha difriúla, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh.

(30)

Agus cinneadh á dhéanamh an laghdaíonn nó nach laghdaíonn conradh díorthach thar an gcuntar rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála agus gníomhaíochtaí cistíochta contrapháirtí neamhairgeadais, ba cheart aird chuí a thabhairt ar straitéisí fálaithe agus maolaithe riosca foriomlána an chontrapháirtí neamhairgeadais sin. Ba cheart, go háirithe, a bhreithniú cibé acu atá nó nach bhfuil conradh díorthach thar an gcuntar iomchuí go heacnamaíoch chun rioscaí a laghdú i stiúradh agus i mbainistiú contrapháirtí neamhairgeadais, i gcás ina mbaineann na rioscaí le luaineachtaí i rátaí úis, i rátaí malairte eachtraí, i rátaí boilscithe nó i bpraghsanna tráchtearraí.

(31)

Is figiúr an-tábhachtach é an tairseach imréitigh do na contrapháirtithe neamhairgeadais go léir. Nuair a bheidh an tairseach imréitigh á socrú, ba cheart ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ba cheart dícheall cuí a dhéanamh aitheantas a thabhairt do na modhanna maolaithe riosca a bhíonn in úsáid ag contrapháirtithe neamhairgeadais i gcomhthéacs a gcuid gnáthghníomhaíochta gnó.

(32)

Ba cheart go ndéanfaí comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile eile a dhéanann feidhmeanna cosúla, comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé mar chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann, agus an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ionas go seachnófaí teorainn a chur lena gcumhacht a gcuid cúraimí comhleasmhara a dhéanamh.

(33)

Toisc nach bhfuil gach rannpháirtí sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh ábalta a bheith ina gcomhaltaí imréitigh de chontrapháirtí lárnach, ba cheart an deis a bheith acu contrapháirtithe lárnacha a rochtain mar chliaint nó mar chliaint indíreacha faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

(34)

D'fhéadfadh saobhadh iomaíoch gan choinne tarlú i margadh na ndíorthach thar an gcuntar má thugtar isteach oibleagáid imréitigh mar aon le próiseas lena shuíomh cé na contrapháirtithe lárnacha is féidir a úsáid ar mhaithe leis an oibleagáid sin. Mar shampla, d'fhéadfadh contrapháirtí lárnach diúltú idirbhearta a dhéantar a fhorghníomhú ar ionaid trádála áirithe a imréiteach toisc gur le hionad thrádála atá in iomaíocht leo é an contrapháirtí lárnach sin. Chun cleachtais idirdhealaitheacha den sórt sin a sheachaint, ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha comhaontú le hidirbhearta arna bhforghníomhú in ionaid trádála dhifriúla a imréiteach, a mhéid go gcomhlíonann na hionaid sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag na contrapháirtithe sin, gan a bheith faoi threoir na ndoiciméad conarthach ar ar a mbonn a ndearna na páirtithe an t-idirbheart díorthach thar an gcuntar a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil na doiciméid comhsheasmhach sin le caighdeáin an mhargaidh. Ba cheart d'ionaid trádála fothaí trádála a sholáthar do chontrapháirtithe lárnacha ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart go bhféadfadh ceart rochtana contrapháirtí lárnaigh ar ionad um fhorghníomhú deis a thabhairt socruithe a dhéanamh ina mbeidh níos mó ná contrapháirtí lárnach amháin ag úsáid fothaí trádála an ionaid trádála chéanna. Mar sin féin níor cheart go dtarlódh idir-inoibritheacht le haghaidh díorthaigh a imréiteach dá bharr nó níor cheart go gcruthódh sé ilroinnt leachtachta.

(35)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo bac ar rochtain chothrom agus oscailte idir ionaid trádála agus contrapháirtithe lárnacha sa mhargadh inmheánach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM agus arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún leanúint le faireachán géar a dhéanamh ar an athrú a thagann ar mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar agus ba cheart dó, nuair is gá sin, idiragairt chun saobhadh iomaíoch a chosc sa mhargadh inmheánach arb é an aidhm atá leis deis chothrom a áirithiú sna margaí airgeadais.

(36)

I réimsí áirithe faoi chuimsiú seirbhísí airgeadais agus trádáil conarthaí díorthacha, d'fhéadfadh cearta tráchtála agus maoine intleachtúla a bheith ann chomh maith. I gcásanna ina mbaineann cearta maoine den sórt sin le táirgí nó seirbhísí a bhfuil caighdeáin tionscail déanta díobh, nó a bhfuil tionchar acu ar na caighdeáin sin, ba cheart ceadúnais a bheith ar fáil ar théarmaí comhréireacha atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.

(37)

Tá gá le sonraí iontaofa chun na haicmí ábhartha de conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, na tairseacha a chuirfear i bhfeidhm agus na contrapháirtithe neamhairgeadais eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a shainaithint. Dá bhrí sin, chun críocha rialála, tá sé tábhachtach go ndéantar ceanglas aonfhoirmeach tuairiscithe sonraí maidir le díorthaigh a bhunú ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, tá gá le hoibleagáid tuairiscthe chúlghabhálach, a mhéid is féidir, do chontrapháirtithe airgeadais agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais araon, chun sonraí inchomparáide a sholáthar, [lena n-áirítear] do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla ábhartha.

(38)

Is idirbheart idir dhá ghnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus atá faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú é idirbheart laistigh de ghrúpa. Is cuid den scéim institiúideach cosanta chéanna dá dtagraítear in Airteagal 80(8) de Threoir 2006/48/CE iad nó, i gcás institiúidí creidmheasa iad atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, gur institiúidí creidmheasa iad araon nó gur institiúid creidmheasa ceann amháin acu agus gur chomhlacht lárnach é an ceann eile. Féadfar conarthaí díorthacha thar an gcuntar a aithint laistigh de ghrúpaí neamhairgeadais nó de ghrúpaí airgeadais, chomh maith le laistigh de ghrúpaí ina bhfuil gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais araon, agus má mheastar gur idirbheart laistigh de ghrúpa é an conradh sin maidir le contrapháirtí amháin, ba cheart breathnú air freisin mar idirbheart laistigh de ghrúpa maidir le contrapháirtí eile an chonartha. Aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hidirbhearta laistigh de ghrúpa chun rioscaí laistigh de struchtúr grúpa a chomhbhailiú agus gur rioscaí sonracha mar sin iad rioscaí laistigh de ghrúpa. Toisc go bhféadfaí teorainn a chur le héifeachtúlacht na bpróiseas bainistithe riosca laistigh de ghrúpa le tíolacadh na n-idirbheart sin chuig an oibleagáid imréitigh, d'fhéadfadh sé a bheith tairbhiúil idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh, ar choinníoll nach n-ardófaí an riosca sistéamach leis an díolúine sin. Mar thoradh air sin, ba cheart malartú comhthaobhachta leordhóthanach a chur chuig an gcontrapháirtí lárnach d'imréiteach na n-idirbheart sin, i gcás inarb iomchuí é sin a dhéanamh chun rioscaí contrapháirtí laistigh de ghrúpa a mhaolú.

(39)

I roinnt cásanna ar bhonn cinnidh ó na húdaráis inniúla, áfach, d'fhéadfaí roinnt idirbheart laistigh de ghrúpa a dhíolmhú ón gceanglas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh ar choinníoll go bhfuil nósanna imeachta bainistithe riosca acu atá sách fónta, daingean agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt agus nach bhfuil bac ar aistriú pras a gcistí dílse nó ar dhliteanas a aisíoc go pras idir na contrapháirtithe. Na critéir sin, chomh maith leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear díolúintí i bhfeidhm, ba cheart iad a shonrú i gcaighdeáin theicniúla rialála a ghlacfar i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha lena mbunaítear na ÚMEanna. Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do na hÚMEanna measúnú iarmharta a ullmhú maidir leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar an margadh inmheánach agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chomh maith agus go háirithe ar oibríochtaí agus struchtúr na ngrúpaí lena mbaineann. Maidir leis na caighdeáin theicniúla uile is infheidhme i leith na comhthaobhachta arna malartú sna hidirbhearta laistigh de ghrúpa, lena n-áirítear na critéir don díolúine, ba cheart go gcuirfí san áireamh leo príomhshainiúlachtaí na n-idirbheart sin agus na difríochtaí atá ann idir contrapháirtithe neamhairgeadais agus contrapháirtithe airgeadais chomh maith leis an cuspóir agus na modhanna a bhaineann le díorthaigh a úsáid.

(40)

Ba cheart go measfaí contrapháirtithe a bheith san áireamh sa chomhdhlúthú céanna, ar a laghad, nuair a bhíonn siad araon áirithe i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 83/349/CEE (16) ón gComhairle nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) nó, i ndáil le grúpa a bhfuil ceannoifig a mháthairghnóthais i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún (18) (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007), nó i gcás go bhfuil an dá cheann díobh cuimsithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE nó le Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag an máthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíordheimhnithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 143 de Threoir 2006/48/CE nó in Airteagal 2 de Threoir 2006/49/CE.

(41)

Tá sé tábhachtach go ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh na sonraí ar fad faoi na conarthaí díorthacha atá déanta acu a thuairisciú do stórtha trádála. Dá bhrí sin, déanfar faisnéis faoi na rioscaí a bhaineann go dlúth le margaí na ndíorthach a stóráil go lárnach agus beidh rochtain éasca orthu, inter alia, ag ÚEUM, ag na húdaráis inniúla iomchuí, ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus ag na bainc cheannais ábhartha de CEBC.

(42)

Tá barainneachtaí scála ina bpríomhthréith a ghabhann le soláthar seirbhísí stórtha trádála, agus is rud é sin a d'fhéadfadh cur isteach ar iomaíochas sa réimse áirithe sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh ceanglas cuimsitheach tuairiscithe a fhorchur ar rannpháirtithe an mhargaidh luach na faisnéise atá á coimeád ag stórtha trádála a mhéadú chomh maith do thríú páirtithe a chuireann seirbhísí coimhdeacha ar fáil, amhail deimhniú trádála, comhoiriúnú trádála, seirbhísiú teagmhas creidmheasa, seirbhísí um réiteach punainne nó seirbhísí um chomhbhrú punainne. Is iomchuí a áirithiú nach ndéanfaidh monaplacht nádúrtha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le seirbhísí stórtha trádála a sholáthar an bonn a bhaint de na coinníollacha cothroma san earnáil iarthrádála i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar stórtha trádála rochtain ar an bhfaisnéis a choimeádtar sa stór a sholáthar ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, faoi réir na réamhchúraimí is gá maidir le cosaint sonraí.

(43)

Chun foráil a dhéanamh d'fhorbhreathnú cuimsitheach ar an margadh agus chun rioscaí sistéamacha a mheasúnú, ba cheart conarthaí díorthacha atá imréitithe trí chontrapháirtí lárnach mar aon le conarthaí díorthacha nach bhfuil imréitithe trí contrapháirtí lárnach a thuairisciú do stórtha trádála.

(44)

Ba cheart go ndéanfaí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na hÚMEanna chun na cúraimí a thugtar dóibh sa Rialachán seo a fheidhmiú go héifeachtach.

(45)

Contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha a thugann conradh díorthach i gcrích, nó a dhéanann é a leasú nó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh a áirithiú go dtuairisceofaí mionsonraí an chonartha sin chuig stór trádála. Ba cheart go mbeadh siad in ann tuairisciú an chonartha a tharmligean chuig eintiteas eile. Maidir le heintiteas nó a chuid fostaithe a thuairiscíonn mionsonraí conartha díorthach do stór trádála thar ceann contrapháirtí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart dó srian ar bith a shárú maidir le nochtadh. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le tuairisciú á n-ullmhú, ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM san áireamh an dul chun cinn atá déanta i bhforbairt aitheantóra uathúil conartha mar aon leis an liosta de shonraí tuairiscithe a cheanglaítear a dhéanamh, mar atá in Iarscríbhinn I, Tábla 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (20) lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE, agus rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile amhail an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh.

(46)

Agus na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na réimeanna pionósaithe in earnáil na seirbhísí airgeadais a threisiú mar aon leis na gníomhartha reachtacha Aontais a glacadh ag teacht as an Teachtaireacht sin á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit na pionóis sin a fhorfheidhmiú ar bhealach nach laghdaíonn éifeachtacht na rialacha sin. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go mbeadh siad bunaithe ar threoirlínte a bheidh glactha ag ÚEUM chun cóineasú agus comhsheasmhacht thrasearnálach na réimeanna pionós san earnáil airgeadais a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar na pionóis agus na bearta riaracháin a fhorchuirtear a fhoilsiú go poiblí, i gcás inarb iomchuí, agus go ndéantar tuarascálacha um measúnú ar éifeachtacht na rialacha atá ann cheana féin a fhoilsiú ar bhonn tráthrialta.

(47)

D'fhéadfaí contrapháirtí lárnach a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo in aon Bhallstát. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí imréitigh. Níor cheart go bhféachfadh aon ní sa Rialachán seo le contrapháirtí lárnach i ndlínse amháin a shrianadh nó a chosc ó imréiteach a dhéanamh ar tháirge atá ainmnithe in airgeadra Ballstáit eile nó in airgeadra tríú tír.

(48)

Ba cheart go mbeadh údarú contrapháirtí lárnaigh coinníollach ar mhéid íosta de chaipiteal tosaigh. Ba cheart don chaipiteal, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtí lárnaigh, a bheith comhréireach leis an riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí an chontrapháirtí lárnaigh i gcónaí chun a áirithiú go bhfuil sé caipitlithe go leormhaith in aghaidh rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlí agus gnó nach bhfuil cuimsithe cheana féin le hacmhainní sonracha airgeadais agus go bhfuil sé ábalta a oibríochtaí a fhoirceannadh nó a athstruchtúrú go hordúil más gá.

(49)

Toisc go dtugtar isteach leis an Rialachán seo oibleagáid dhlíthiúil contrapháirtithe lárnacha sonracha a úsáid ar mhaithe le himréiteach chun críocha rialála, is ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin sábháilte agus fónta agus go gcloíonn siad i gcónaí leis na ceanglais dhiana eagraíochtúla, iompair ghnó agus stuamachta, arna mbunú ag an Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le himréiteach na n-ionstraimí airgeadais go léir a ndéileálann na contrapháirtithe lárnacha leo.

(50)

Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áirithiú, chun críocha rialála agus comhchuibhithe, gur contrapháirtithe lárnacha a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus iadsan amháin, a bhíonn in úsáid ag contrapháirtithe. Níor cheart leis na ceanglais sin go gcuirfí cosc ar na Ballstáit riachtanais bhreise a ghlacadh, nó leanúint de na riachtanais sin a chur i bhfeidhm, maidir le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríoch lena n-áirítear ceanglais áirithe um údarú faoi Threoir 2006/48/CE. Mar sin féin, má chuirtear na riachtanais bhreise sin i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh tionchar aige sin ar cheart na gcontrapháirtithe lárnacha atá údaraithe i mBallstáit eile nó a aithnítear, i gcomhréir leis an Rialachán seo, seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint atá bunaithe sa Bhallstát lena dtugtar isteach ceanglais bhreise, ós rud é nach bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin faoi réir na gceanglas breise sin agus nach gá dóibh iad a chomhlíonadh. Faoin 30 Meán Fómhair 2014, ba cheart go ndéanfadh ÚEUM tuarascáil a dhréachtú ar an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm ceanglas breise a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit.

(51)

Tá rialacha díreacha maidir le húdarú agus maoirseacht contrapháirtithe lárnacha ina n-atoradh bunriachtanach den oibleagáid conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach. Is iomchuí go bhfanfadh an fhreagracht ar údaráis inniúla as gach gné d'údarú agus de mhaoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha sin, lena n-áirítear an fhreagracht chun fíorú a dhéanamh go bhfuil an Rialachán seo agus Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (21) á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir, toisc gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta sin is fearr atá ábalta féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na contrapháirtithe sin ar bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair is gá.

(52)

Nuair a bhíonn contrapháirtí lárnach i mbaol dócmhainneachta, d'fhéadfadh freagracht fhioscach a bheith, den chuid is mó, ar an mBallstát ina bhfuil an contrapháirtí lárnach sin bunaithe. Dá bhrí sin, is é an t-údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát sin ar cheart dó an contrapháirtí lárnach sin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh air. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh comhaltaí imréitigh contrapháirtí lárnaigh a bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla agus gurb iad sin na chéad chomhaltaí a mbeidh tionchar ag mainneachtain an chontapháirtí lárnaigh orthu, is ríthábhachtach go mbeadh na húdaráis ábhartha inniúla uile agus ÚEUM rannpháirteach sa phróiseas údaraithe agus maoirseachta. Ar an dóigh sin, seachnófar bearta nó cleachtais náisiúnta a bheadh éagsúil le chéile agus bacainní do dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM údaráis inniúla eile sna Ballstáit lena mbaineann a áireamh san obair maidir le moltaí agus cinntí a ullmhú.

(53)

I bhfianaise an róil a thugtar do choláistí, tá sé tábhachtach go mbeidh na húdaráis inniúla ábhartha uile agus comhaltaí CEBC rannpháirteach i gcomhlíonadh a gcúraimí. Ba cheart go mbeadh an coláiste comhdhéanta de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ní hamháin ar an gcontrapháirtí lárnach ach freisin ar mhaoirseoirí na n-eintiteas a bhféadfadh oibríochtaí an chontrapháirtí lárnaigh sin tionchar a bheith acu orthu, eadhon comhaltaí imréitigh roghnaithe, ionaid trádála, contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha agus taisclanna lárnacha urrús. Maidir le comhaltaí CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnaigh agus ar na contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha agus maidir leis na comhaltaí sin atá freagrach as eisiúint airgeadraí na n-ionstraimí airgeadais arna n-imréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach, ba cheart go mbeadh siad in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste. Ós rud é gur i réimse teoranta Ballstát ina bhfeidhmíonn an contrapháirtí lárnach a bhunófaí na heintitis a ndéanfaí maoirseacht nó formhaoirseacht orthu, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh údarás inniúil amháin nó comhalta aonair de CEBC freagrach as maoirseacht nó formhaoirseacht a dhéanamh ar roinnt de na heintitis. Chun a áirithiú go mbeidh comhar réidh ann idir comhaltaí uile an choláiste, ba cheart nósanna imeachta agus sásraí iomchuí a bhunú.

(54)

Toisc go nglactar leis go bhfuil bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir comhaltaí uile an choláiste, is iomchuí, i bhfianaise íogaireacht an ábhair, an chumhacht a thabhairt do na comhaltaí sin chun na nósanna imeachta cinnteoireachta a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta vótála a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn arna dhéanamh idir comhaltaí uile an choláiste. Mar sin féin, chun cothrom na Féinne a thabhairt do leasanna na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh agus leasanna na mBallstát araon, ba cheart don choláiste vótáil i gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta gur vóta amháin a bhíonn ag gach comhalta, beag beann ar líon na bhfeidhmeanna a chomhlíonann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 chomhalta nó 12 chomhalta, ba cheart go mbeadh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus ba cheart gur vóta amháin a bheadh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, ba cheart go mbeadh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus ba cheart gur vóta amháin a bheadh ag gach comhalta vótála.

(55)

Éilíonn cás an-sonrach seo na gcontrapháirtithe lárnacha go mbeadh na coláistí eagraithe agus go mbeadh siad ag feidhmiú i gcomhréir le socruithe atá sainiúil do mhaoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha sin.

(56)

Ní hionann na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus fasach do reachtaíocht eile maidir le maoirseacht agus formhaoirseacht bonneagar margaí airgeadais, go háirithe maidir le modheolaíochtaí vótála le haghaidh tarchur chuig ÚEUM.

(57)

Níor cheart contrapháirtí lárnach a údarú i gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis inniúla an Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile nár cheart an contrapháirtí lárnach a údarú. Más rud é, áfach, go dtugann tromlach dóthanach den choláiste tuairim dhiúltach agus má dhéanann aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach sin de dhá thrian den choláiste, an cheist a tharchur chuig ÚEUM, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe a chinneadh maidir leis an údarú a chur siar agus fanacht go ndéanfar aon chinneadh ón ÚEUM maidir le comhréireacht le dlí an Aontais. Ba cheart don údarás inniúil na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe a chinneadh a dhéanamh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM. I gcás ina dtagann comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim maidir leis an gcúis go measann siad nach bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh, agus nár cheart go dtabharfaí údarú don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe bheith in ann an cheist a tharchur chuig ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh maidir le comhréireacht le dlí an Aontais.

(58)

Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla, ÚEUM agus údaráis ábhartha eile a threisiú agus na dualgais maidir le cúnamh agus comhar eatarthu a neartú. Ós rud é go bhfuil an ghníomhaíocht trasteorann ag dul i méid, ba cheart do na húdaráis sin an fhaisnéis ábhartha chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích a sholáthar dá chéile d'fhonn forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh sáruithe nó sáruithe amhrasta a bheith ina n-ábhar imní d'údaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Tá dianrúndacht ghairmiúil de dhíth le haghaidh an mhalartaithe faisnéise. Toisc tionchar leathan a bheith ag na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, is bunriachtanach go mbíonn rochtain ag údaráis ábhartha eile, amhail údaráis chánach agus rialtóirí fuinnimh, ar an bhfaisnéis a bhíonn de dhíth orthu lena bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

(59)

I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, ba cheart go mbeadh freagracht dhíreach ar ÚEUM as contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithint agus, dá réir sin, as cead a thabhairt dóibh seirbhísí imréitigh a sholáthar laistigh den Aontas, ar choinníoll go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin coibhéiseach le creat an Aontais agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚEUM aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír, a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Fós féin, ionas nach gcuirfear bacainn ar ghnó bainistithe infheistíochta trasteorann san Aontas a fhorbairt tuilleadh, níor cheart go mbeadh ar chontrapháirtí lárnach i dtríú tír a sholáthraíonn seirbhísí do chliaint atá bunaithe san Aontas trí chomhalta imréitigh atá bunaithe i dtríú tír a bheith aitheanta ag ÚEUM. Sa chomhthéacs sin, beidh tábhacht faoi leith le comhaontuithe le mór-chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais chun a áirithiú go mbeidh deis chothrom ann ar fud an domhain agus d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

(60)

An 16 Meán Fómhair 2010, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach gur ghá don Aontas a leas agus a cuid luachanna a chur chun cinn ar bhealach ní ba threallúsaí agus de mheon na cómhalartachta agus an chomhleasa i gcomhthéacs chaidreamh seachtrach an Aontais, agus céimeanna a ghlacadh, inter alia, chun rochtain ní b'fhearr ar an margadh a fháil don ghnó Eorpach agus chun an comhoibriú rialála a dhoimhniú le mórpháirtithe trádála.

(61)

Ba cheart socruithe daingne rialachais, lucht bainistíochta sinsearaí a bhfuil dea-cháil orthu agus comhaltaí neamhspleácha a bheith ar an mbord ag an gcontrapháirtí lárnaigh, beag beann ar a struchtúr úinéireachta. Ba cheart aon trian ar a laghad, agus gan níos lú ná beirt, de chomhaltaí a bhord a bheith neamhspleách. Mar sin féin, d'fhéadfadh socruithe éagsúla rialachais agus struchtúir úinéireachta a bheadh i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach tionchar a imirt ar a thoilteanas nó ar a chumas táirgí áirithe a imréiteach. Dá bhrí sin, is iomchuí go rachadh comhaltaí neamhspleácha an bhoird agus an coiste rioscaí arna bhunú ag an gcontrapháirtí lárnach i ngleic le coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de chontrapháirtí lárnach. Ní mór go mbeadh ionadaíocht leormhaith ag comhaltaí imréitigh agus ag a gcliaint toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag cinntí an chontrapháirtí lárnaigh orthu.

(62)

Féadfaidh contrapháirtí lárnach feidhmeanna a eisfhoinsiú. Ba cheart do choiste riosca an chontrapháirtí lárnaigh comhairle a thabhairt maidir le heisfhoinsiú. Níor cheart mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a eisfhoinsiú mura rud é go mbeidh an méid sin formheasta ag údarás inniúil.

(63)

Ba cheart go mbeadh na ceanglais rannpháirtíochta le haghaidh contrapháirtí lárnaigh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do chianrochtain a mhéid nach bhfuil an contrapháirtí lárnach sin neamhchosanta ar rioscaí breise.

(64)

Ba cheart leibhéal ard cosanta a thabhairt do chliaint na gcomhaltaí imréitigh a imréitíonn a gconarthaí díorthacha thar an gcuntar trí chontrapháirtithe lárnacha. Braitheann leibhéal iarbhír na cosanta ar an leibhéal leithscartha a roghnaíonn na cliaint sin. Ba cheart d'idirghabhálaithe a sócmhainní a leithscaradh ó shócmhainní a gcliant. Ar an gcúis sin, ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha taifid cothrom le dáta agus atá so-aitheanta a choimeád, d'fhonn aistriú suíomhanna agus sócmhainní chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana chuig comhalta imréiteach sócmhainneach a éascú nó, de réir mar a bheidh, leachtacht ordúil shuíomhanna na gcliant agus aischur na comhthaobhachta barrachais chuig na cliaint a éascú. Ba cheart go mbeadh forlámhas ag na ceanglais maidir le leithscaradh agus iniomparthacht shuímh agus shócmhainní cliant atá leagtha síos sa Rialachán seo ar aon dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin codarsnacha de chuid na mBallstát a chuireann cosc ar na páirtithe iad a chomhlíonadh.

(65)

Ba cheart creat bainistithe riosca fónta a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha chun rioscaí creidmheasa, rioscaí leachtachta, rioscaí oibríochtúla agus rioscaí eile a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí a iompraíonn sé nó a chruthaíonn sé d'eintitis eile mar thoradh ar idirthuilleamaíochtaí. Ba cheart nósanna imeachta agus sásraí leormhaithe a bheith i bhfeidhm ag an gcontrapháirtí lárnach chun déileáil le mainneachtain comhalta imréitigh. Chun riosca tadhlachta mainneachtana den sórt sin a íoslaghdú, ba cheart don chontrapháirtí lárnach diancheanglais rannpháirtíochta a bheith i bhfeidhm aige, corrlaigh bhunaidh iomchuí a bhailiú, ciste mainneachtana agus acmhainní airgeadais eile a chothabháil chun caillteanais ionchais a chumhdach. Chun a áirithiú go dtairbhíonn 's ar bhonn leanúnach, ba cheart don chontrapháirtí lárnach méid íosta a shuíomh nach rachaidh méid an chiste mainneachtana faoina bhun i gcoitinne. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé sin teorainn le cumas contrapháirtithe lárnacha úsáid a bhaint as an gciste sin ina iomláine chun na caillteanais a eascraíonn as ciste mainneachtain comhalta imréitigh a chlúdach.

(66)

Agus creat bainistithe rioscaí fónta á shainmhíniú aige, ba cheart do chontrapháirtí lárnach an riosca a d'fhéadfadh a bheith ag roinnt leis sin agus an tionchar eacnamaíoch ar na comhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint a chur san áireamh. Cé gur cheart go mbeadh forbairt bainistiú riosca a bheadh stóinsitheach fós ina príomhchuspóir ag contrapháirtí lárnach, féadfaidh sé a chomharthaí sóirt a chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí sonracha agus próifílí riosca chliaint na gcomhaltaí imréitigh, agus má mheastar gurb iomchuí sin bunaithe ar na critéir a bheidh sonraithe sna caighdeáin theicniúla rialála atá le forbairt ag ÚEUM, féadfaidh sé ar a laghad airgead tirim, bannaí rialtais, bannaí faoi chumhdach i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE faoi réir ag caolchorrlaigh dhóthanacha, ráthaíochtaí a bheidh inghlaoite don chéad éileamh a dheonóidh comhalta de CEBC, ráthaíochtaí bainc thráchtála a bheidh faoi réir coinníollacha dochta a bhaineann go háirithe le hacmhainneacht creidmheasa an ráthóra agus naisc chaipitil an ráthóra le comhaltaí imréitigh chontrapháirtí lárnaigh a áireamh le raon na sócmhainní ardleachtachta a nglactar leo mar chomhthaobhacht. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ÚEUM a mheas gur sócmhainn a bheidh inghlactha mar chomhthaobhacht é an t-ór freisin. Ba cheart go mbeadh contrapháirtithe lárnacha in ann glacadh freisin, faoi choinníollacha diana bainistithe riosca, le ráthaíochtaí bainc thráchtála ó chontrapháirtithe neamhairgeadais a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh.

(67)

Ba cheart do straitéisí bainistithe riosca na gcontrapháirtithe lárnacha a bheith fónta a ndóthain ionas go seachnófaí rioscaí don cháiníocóir.

(68)

D'fhéadfadh iarmhairtí comhthimthriallacha a bheith ag glaonna ar éarlais agus ag caolchorrlaigh. Ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha, d'údaráis inniúla agus do ÚEUM, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun iarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn i gcleachtais bhainistithe riosca arna nglacadh ag contrapháirtithe lárnacha a chosc agus a rialú, a mhéid nach ndéantar dochar d'fhóntacht ná do shlándáil airgeadais na gcontrapháirtithe lárnacha sin.

(69)

Is cuid bhunriachtanach den phróiseas imréitigh é an bainistiú ar neamhchosaint. Ba cheart rochtain ar na foinsí praghsála ábhartha, mar aon lena n-úsáid, a cheadú chun seirbhísí imréitigh i gcoitinne a sholáthar. Ba cheart go n-áireofaí sna foinsí praghsála sin na foinsí sin a bhaineann le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagairtí do dhíorthaigh nó d'ionstraimí airgeadais eile.

(70)

Is corrlaigh an phríomhchosaint atá ag contrapháirtí lárnach. Bíodh is gur cheart do chontrapháirtithe lárnacha na corrlaigh a fhaigheann siad a infheistiú ar bhealach sábháilte agus stuama, ba cheart dóibh iarracht ar leith a dhéanamh cosaint leormhaith do chorrlaigh a áirithiú lena ráthú go ndéantar iad a thabhairt ar ais go tráthúil do na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó do chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí lárnach atá ag bailiú na gcorrlach sin.

(71)

Is bunriachtanach do chontrapháirtí lárnach rochtain a bheith aige ar acmhainní leachtacha leordhóthanacha. D'fhéadfadh leachtacht den sórt sin teacht as rochtain ar leachtacht bainc cheannais, as rochtain ar leachtacht bainc thráchtála atá inchairde agus iontaofa, nó as an dá rud in éineacht. D'fhéadfadh rochtain ar leachtacht a bheith mar thoradh ar údarú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2006/48/CE nó mar thoradh ar shocruithe iomchuí eile. Agus leordhóthanacht na n-acmhainní leachtachta á measúnú, go háirithe i gcásanna struis, ba cheart go gcuirfeadh contrapháirtí lárnach san áireamh na rioscaí maidir le leachtacht a fháil trína bheith ag brath ar línte creidmheasa ó bhainc thráchtála, agus orthu sin amháin.

(72)

In European Code of Conduct for Clearing and Settlement (An Cód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach agus Socrú) an 7 Samhain 2006, bunaíodh creat deonach chun naisc a chur ar bun idir contrapháirtithe lárnacha. Mar sin féin, tá an earnáil iarthrádála ilroinnte i gcónaí ar bhonn náisiúnta, rud a dhéanann trádálacha trasteorann níos costasaí agus a chuireann bac ar chomhchuibhiú. Is gá, dá bhrí sin, na coinníollacha chun socruithe idir-inoibritheachta a bhunú idir contrapháirtithe lárnacha a leagan síos a mhéid is nach ndéanann siad sin na contrapháirtithe lárnacha ábhartha a neamhchosaint ar rioscaí nach bhfuil á mbainistiú go cuí.

(73)

Tá socruithe idir-inoibritheachta tábhachtach chun an margadh iarthrádála laistigh den Aontas a chomhtháthú tuilleadh, agus ba cheart go ndéanfaí foráil do rialáil. De bhrí go bhféadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta ar rioscaí breise de dheasca socruithe idir-inoibritheacha, áfach, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha a bheith údaraithe ar feadh trí bliana sula ndéafaidh údaráis inniúla formheas a thabhairt do shocruithe idir-inoibritheacha den sórt sin. Chomh maith leis sin, i bhfianaise na gcastachtaí breise a bhaineann le socrú idir-inoibritheachta idir contrapháirtithe lárnacha a imréitíonn conarthaí díorthacha thar an gcuntar, is iomchuí ag an tráth seo raon feidhme na socruithe idir-inoibritheachta a shrianadh d'urrúis inaistrithe agus le hionstraimí margadh airgid. Faoin 30 Meán Fómhair 2014, áfach, ba cheart do ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh an mbeadh sé iomchuí ionstraimí airgeadais eile a chuimsiú faoin raon feidhme sin.

(74)

Chun críocha rialála, déanann stórtha trádála sonraí a bhailiú atá ábhartha do na húdaráis sna Ballstáit go léir. Ba cheart do ÚEUM freagracht a ghlacadh as stórtha trádála a chlárú, an clárú a tharraingt siar agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

(75)

Toisc go mbíonn rialtóirí, contrapháirtithe lárnacha agus rannpháirtithe eile sa mhargadh ag brath ar na sonraí atá á gcoimeád ag stórtha trádála, is gá a áirithiú go mbíonn na stórtha trádála sin faoi réir diancheanglas oibríochta, coimeáda taifead agus bainistíochta sonraí.

(76)

Is riachtanach é trédhearcacht praghsanna, táillí agus samhlacha bainistithe riosca a bhaineann leis na seirbhísí a chuireann contrapháirtithe lárnacha, a gcomhaltaí agus stórtha trádála ar fáil le cur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh rogha eolasach a dhéanamh.

(77)

Chun a chuid dualgas a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, in ann an fhaisnéis riachtanach uile a éileamh ar stórtha trádála, ar thríú páirtithe gaolmhara agus ar thríú páirtithe a ndearna na stórtha trádála feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu. Má éilíonn ÚEUM an fhaisnéis sin trí iarraidh shimplí, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an seolaí an fhaisnéis a sholáthar, ach, i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh dá dheoin féin, níor cheart go mbeadh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart ná míthreorach. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil gan mhoill.

(78)

Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánach, níor cheart do na húdaráis inniúla, do ÚEUM, do chomhlachtaí nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Maidir le comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as cásanna drochriaracháin a chosc, a imscrúdú nó a cheartú, níor cheart go ndéanfadh an méid seo, áfach, cosc a chur ar a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(79)

Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.

(80)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig an údarás inniúil i mBallstát, mar shampla, i gcás ina mbeadh eolas agus taithí i leith na gcúinsí áitiúla ag teastáil do chúram maoirseachta, mar atá ar fáil níos éasca ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair a tharmligean. Sula ndéantar na cúraimí a tharmligean, ba cheart do ÚEUM dul i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le cúraimí a tharmligean amhlaidh, lena n-áirítear raon feidhme an chúraim atá le tarmligean, an clár ama a bheidh i gceist chun an cúram a chur i gcrích agus tarchur faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuig ÚEUM. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM na húdaráis atá inniúil maidir le cur i gcrích cúraim tharmligthe a chúiteamh i gcomhréir le rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh tharmligthe. Níor cheart go mbeadh ÚEUM in ann tarmligean a dhéanamh i gcás na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le clárúchán.

(81)

Is den riachtanas é a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a iarraidh ar ÚEUM a scrúdú an bhfuil na coinníollacha chun clárú stóir trádála a tharraingt siar á gcomhlíonadh. Ba cheart do ÚEUM iarrataí den sórt sin a mheasúnú agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh dá réir.

(82)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun go gcuirfí iallach ar stórtha trádála deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair.

(83)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann fíneálacha a ghearradh ar stórtha trádála, i gcás ina gcinneann sé go bhfuil siad tar éis an Rialachán seo a shárú d'aon ghnó nó le faillí. Ba cheart fíneálacha a ghearradh i gcomhréir le tromchúis na sáruithe. Ba cheart sáruithe a roinnt ina ngrúpaí éagsúla ar cheart fíneálacha sonracha a chionroinnt ina leith. Chun an fhíneáil a bhaineann le sárú sonrach a ríomh, ba cheart do ÚEUM úsáid a bhaint as modheolaíocht dhá chéim arbh é a bheadh ann méid bunúsach a shocrú agus an méid bunúsach sin a choigeartú, más gá, faoi chomhéifeachtaí áirithe. Ba cheart an méid bunúsach a chinneadh trí láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann a chur san áireamh agus ba cheart go ndéanfaí na coigeartuithe tríd an méid bunúsach a mhéadú nó a laghdú trí na comhéifeachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(84)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbunófaí comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun go dtabharfaí na huirlisí is gá do ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh ar fhíneáil a bheadh comhréireach le tromchúis an tsáraithe arna dhéanamh ag stór trádála, agus na himthosca ar fúthu a rinneadh an sárú sin á gcur san áireamh.

(85)

Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart do ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir leis na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(86)

Ba cheart go staonfadh ÚEUM ó fhíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

(87)

Ba cheart go mbeadh cinntí ÚEUM lena ndéantar fíneálacha a ghearradh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur infhorfheidhmithe agus ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú na gcinntí sin a chur faoi réir le rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Níor cheart go mbeadh rialacha nós imeachta choiriúil san áireamh i rialacha nós imeachta shibhialta, ach ba cheart rialacha nós imeachta riaracháin a áireamh iontu.

(88)

I gcás sáraithe arna dhéanamh ag stór trádála, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag ÚEUM raon bearta maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú, agus, mar rogha dheireanach, an clárúchán a tharraingt siar i gcás ina mbeidh sárú tromchúiseach nó sárú arís agus arís eile déanta ag an stór trádála ar an Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM na bearta maoirseachta i bhfeidhm agus cineál agus tromchúis an tsáraithe á gcur san áireamh, agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na comhréireachta a urramú leo. Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh maidir le bearta maoirseachta, ba cheart dó deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun na cearta maidir le cosaint á gcomhlíonadh.

(89)

Is bunriachtanach é go dtugann Ballstáit agus ÚEUM cosaint don cheart chun príobháideachta atá ag daoine nádúrtha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (22) agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (23).

(90)

Is tábhachtach cóineasú ceanglas idirnáisiúnta a áirithiú le haghaidh contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Leanann an Rialachán seo na moltaí reatha a d'fhorbair an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO), á thabhairt ar aire go bhfuil prionsabail CPSS-IOSCO do bhonneagar an mhargaidh airgeadais, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha, arna mbunú an 16 Aibreán 2012. Cruthaítear leis creat Aontais ina bhféadann contrapháirtithe lárnacha feidhmiú go sábháilte. Ba cheart do ÚEUM na caighdeáin reatha sin mar aon le forbairtí orthu amach anseo a bhreithniú le linn dó na caighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas, nó le linn dó a mholadh athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála, mar aon leis na treoirlínte agus na moltaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(91)

Ba cheart go ndéanfaí an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas atá díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe faoin Rialachán seo, i ndáil le rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionóis nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; i ndáil le bearta chun Iarscríbhinn II a leasú chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh; i ndáil leis an cineál táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfaí doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(92)

Chun comhchuibhiú comhleanúnach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEM a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun críocha an Rialachán seo, maidir le pointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE agus a chur i bhfeidhm, agus chun an méid seo a leanas a shonrú: conarthaí díorthacha thar an gcuntar a meastar go bhfuil éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha laistigh den Aontas acu a shonrú nó na cásanna ina bhfuil sé riachtanach nó iomchuí aon seachaint aon fhorála den Rialachán seo a chosc; na cineálacha socruithe conarthacha indíreacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo; aicmí na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar ba cheart a chur faoi réir na hoibleagáid imréitigh, an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach, na catagóirí contrapháirtithe a bhfuil feidhm ag an oibleagáid imréitigh maidir leo, agus íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a rinneadh nó a ndearnadh iad a nuachan roimh an dáta a ngabhann éifeacht leis an oibleagáid imréitigh; na mionsonraí atá le cur san áireamh i bhfógra an údaráis inniúil chuig ÚEUM maidir le húdarú a thugann sé do chontrapháirtí lárnach aicme conarthaí díorthacha a imréiteach; aicmí ar leith conarthaí díorthacha thar an gcuntar, méid caighdeánaithe na dtéarmaí conarthacha agus na bpróiseas oibríochtúla, an toirt agus an leachtacht, agus an fháil atá ar fhaisnéis phraghsála atá cothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go ginearálta léi; na mionsonraí atá le cur san áireamh i gclár ÚEUM d'aicmí conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá faoi réir oibleagáide imréitigh; na mionsonraí agus an cineál tuarascálacha do na haicmí éagsúla díorthach; critéir lena chinneadh cé acu conarthaí díorthacha thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí a laghdaíonn go díreach rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála nó gníomhaíocht um maoiniú cisteáin agus luachanna tairseacha imréitigh, na nósanna imeachta agus na socruithe i ndáil le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach; nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta atá riachtanach mar aon leis na socruithe um leithscaradh agus an leibhéal riachtanach caipitil; an nóisean ilroinnt leachtachta; ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtithe lárnacha; an t-íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais do chontrapháirtithe lárnacha; mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coimeád ag contrapháirtithe lárnacha; íosmhéid inneachair agus ceanglais an bheartais um leanúnachas gnó agus na bpleananna athshlánaithe ó thubaiste atá ag contrapháirtithe lárnacha; an céatadán iomchuí agus na tréimhsí ionchais iomchuí i gcomhair tréimhse leachtachta agus i gcomhair ríomh na luaineachta stairiúla a bheidh le breithniú le haghaidh na n-aicmí éagsúla ionstraimí airgeadais, agus an cuspóir chun comh-thimthriallacht a theorannú mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadfar na coinníollacha um éarlaisiú punainne a chur chun feidhme á gcur san áireamh; an creat lena sonrófar dálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, ar cheart iad a úsáid agus méid an chiste mainneachtana agus na n-acmhainní atá ag contrapháirtithe lárnacha á sainmhíniú. an mhodheolaíocht chun an méid d'acmhainní dílse an chontrapháirtí lárnaigh a ríomh agus chun iad a chothabháil; an cineál comhthaobhachta a d'fhéafdaí a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide, bannaí faoi chumhdach agus na caolchorrlaigh agus na coinníollacha faoina bhféadfar na ráthaíochtaí bainc thráchtála a ghlacadh mar chomhthaobhacht; na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh, socruithe an-urraithe agus teorainneacha maidir le comhchruinnithe; na cineálacha tástálacha struis a bheidh le déanamh ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh aicmí éagsúla ionstraimí airgeadais agus punann, rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha, minicíocht agus tráthú na dtástálacha agus na faisnéise ríthábhachtaí a bheidh le nochtadh ag an gcontrapháirtí lárnach i dtaobh a shamhail bhainistithe riosca agus toimhdí a ghlactar chun na tástálacha struis a dhéanamh; na mionsonraí i dtaobh iarratas stórtha trádála ar chlárú le hÚEUM; a mhinice a dhéanfaidh stórtha trádála faisnéis a bhaineann le suíomhanna comhiomlána de réir aicme na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a nochtadh, agus mionsonraí ina thaobh sin; agus na caighdeáin oibríochtúla atá riachtanach chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar shonraí idir na stórtha.

(93)

Aon oibleagáid a fhorchuirtear leis an Rialachán seo atá le forbairt tuilleadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 290 nó Airteagal 291 CFAE, ba cheart go dtuigfí leo go bhfuil feidhm acu ón dáta a ngabhfaidh éifeacht leis na gníomhartha sin agus ón dáta sin amháin.

(94)

Mar chuid den fhorbairt ar threoirlínte theicniúla agus ar chaighdeáin teicniúla rialála, agus go háirithe nuair a bheidh an tairseach imréitigh do chontrapháirtithe neamhairgeadais á socrú faoin Rialachán seo, ba cheart do ÚEUM éisteachtaí poiblí de rannpháirtithe sa mhargadh a eagrú.

(95)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (24).

(96)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar an ngá atá le haon bhearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar rialacháin, caighdeáin agus cleachtais a thagann faoi raon feidhme Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtach, agus toradh na hoibre a dhéanfaidh na fóraim idirnáisiúnta ábhartha á chur san áireamh.

(97)

I bhfianaise na rialacha maidir le córais idir-inoibritheacha, measadh gurbh iomchuí Treoir 98/26/CE a leasú le cearta oibreora córais a chuireann urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais ghlactha a chosaint i gcás imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh oibreoir an chórais ghlactha sin,

(98)

Chun imréiteach, taifead, socrú agus íocaíocht éifeachtach a éascú, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha agus do stórtha trádála na nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide idirnáisiúnta ábhartha i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha a chuimsiú ina nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus leis an mbonneagar margaidh a mbeidh idirphlé acu leo.

(99)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar agus freisin ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, a ghnóthú go leordhóthanach, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais imréitigh agus bainistithe riosca déthaobhaigh le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar, ceanglais thuairiscithe le haghaidh conarthaí díorthacha, chomh maith le ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) agus stórtha trádála.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le CPLanna agus a gcomhaltaí imréitigh, le contrapháirtithe airgeadais agus le stórtha trádála. Beidh feidhm aige maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais agus le hionaid trádála i gcás ina bhforáiltear dó sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag Teideal V den Rialachán seo ach amháin maidir le hurrúis inaistrithe agus le hionstraimí margadh airgid, mar a shainmhínítear i bpointe (18)(a) agus (b) agus i bpointe 19 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)

comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile a bhfuil feidhmeanna cosúla á bhfeidhmiú acu agus comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann;

(b)

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;

5.   Cé is moite den oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

bainc forbartha iltaobhacha, mar atá liostaithe faoi Roinn 4.2 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE;

(b)

eintitis earnála poiblí de réir bhrí phointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2006/48/CE nuair atá siad ar úinéireacht ag rialtais láir agus a bhfuil socruithe rathaíochta follasacha arna soláthar ag rialtais láir;

(c)

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

6.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach mír 4 den Airteagal seo.

Chuige sin, faoin 17 Samhain 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir a chuirtear ar na bainc cheannais.

Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar na comhlachtaí sin agus ar na bainc cheannais i gcreat dlíthiúil líon suntasach tríú tíortha, lena n-áirítear ar a laghad na trí dhlínse is tábhachtaí ó thaobh méid na gconarthaí arna dtrádáil, agus na caighdeáin bainistithe riosca is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthach a chuireann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais i gcrích sna dlínsí sin. Má thagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgid na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh agus tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 4.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “CCP” duine dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir;

(2)

ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ó dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(3)

ciallaíonn “imréiteach” an próiseas chun suíomhanna a bhunú, lena n-áirítear glanoibleagáidí a ríomh, agus a áirithiú go bhfuil ionstraimí airgeadais, airgead tirim, nó an dá rud, ar fáil leis na neamhchosaintí a urrú a eascraíonn as na suíomhanna sin;

(4)

ciallaíonn “ionad trádála” córas arna fheidhmiú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) agus Airteagal 4(1)(13) de Threoir 2004/39/CE seachas inmheánaitheoir córasach de réir bhrí Airteagal 4(1)(7), lena dtugtar leasanna ceannaithe nó leasanna díola in ionstraimí airgeadais le chéile sa chóras, ar dhóigh as a n-eascraíonn conradh i gcomhréir le Teideal II nó le Teideal III den Treoir sin;

(5)

ciallaíonn “díorthach” nó “conradh díorthach” ionstraim airgeadais mar a leagtar amach i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE mar a chuirtear chun feidhme iad in Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;

(6)

ciallaíonn “aicme díorthach” fothacar de dhíorthaigh a bhfuil comharthaí sóirt coitianta agus bunriachtanacha á roinnt acu agus a chuimsíonn ar a laghad an gaol leis an mbunsócmhainn, an cineál bunsócmhainne agus airgeadra an mhéid bharúlaigh. Féadfaidh díorthaigh a bhaineann leis an aicme chéanna aibíochtaí éagsúla a bheith acu;

(7)

ciallaíonn “díorthaigh thar an gcuntar” nó “conradh díorthach thar an gcuntar” conradh díorthach nach ndéantar a bhforghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Threoir 2004/39/CE;

(8)

ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais” gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE, institiúid chreidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE, gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 73/239/CEE, gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/83/CE, gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2005/68/CE, GCUI agus, i gcás inarb iomchuí, a chuideachta bhainistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, institiúid le haghaidh sochair scoir ghairme de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE agus ciste infheistíochta malartacha arna bhainistiú ag AIFManna atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

(9)

ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointe (8);

(10)

ciallaíonn “socrú scéimeanna pinsin”:

(a)

institiúidí um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a ceann amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun críche infheistíocht na n-institiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin;

(b)

gnóthaí um chóir ar scor ceirde na n-institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE;

(c)

gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthas árachais saoil a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní agus dliteanais uile a fhreagraíonn don ghnó a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí eile an ghnóthais árachais, agus gan aon deis ar aistriú a bheith ann;

(d)

aon eintitis eile atá údaraithe, nó socruithe, atá ach amháin faoi mhaoirseacht a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll gur fíor an méid a leanas:

(i)

tugtar aitheantas dóibh faoin dlí náisiúnta; agus

(ii)

is é is príomhchuspóir dóibh sochair scoir a sholáthar.

(11)

ciallaíonn “riosca creidmheasa contrapháirtí” an riosca a mhainníonn contrapháirtí in idirbheart roimh shocraíocht chríochnaitheach shreafaí airgid an idirbhirt;

(12)

ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir dhá chontrapháirtí lárnacha nó níos mó lena mbaineann idirbhearta a fhorghníomhú thar chórais éagsúla;

(13)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil mar a dtagraítear é sa reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (8) den Airteagal seo, an t-údaras inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), nó an t-údarás a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;

(14)

ciallaíonn “comhalta imréitigh” gnóthas a bhíonn rannpháirteach i gcontrapháirtí lárnach agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais ag éirí as an rannpháirtíocht sin a chomhlíonadh;

(15)

ciallaíonn “cliant” gnóthas a bhfuil gaol conarthach aige le comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach a chuireann ar chumas an ghnóthais sin a idirbhearta leis an gcontrapháirtí lárnach sin a imréiteach;

(16)

ciallaíonn “grúpa” an grúpa gnóthas comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a fhoghnóthais de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE nó an grúpa gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 80(7) agus (8) de Threoir 2006/48/CE;

(17)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” gnóthas seachas institiúid chreidmheasa, arb é a phríomhghníomaíocht sealúchais a fháil nó gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (12) d'Iarscríbhinn I de Threoir 2006/48/CE;

(18)

ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” institiúid airgeadais ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, go heisiach nó go príomha, a foghnóthais, ar institiúid chreidmheasa ceann amháin ar a laghad de na foghnóthais sin, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha é de réir bhrí Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (25);

(19)

ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” aon ghnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht a bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó ghníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúide creidmheasa amháin nó níos mó;

(20)

ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil ar a laghad 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe (26), agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de atá leagtha amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;

(21)

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(22)

ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, lena n-áirítear fochuideachta ar bith de ghnóthas fochuideachta máthairghnóthais deiridh;

(23)

ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus foghnóthas, mar a thuairiscítear in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE;

(24)

ciallaíonn “dlúthnaisc” staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha mar seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht, trí úinéireacht dhíreach, nó trí rialú ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais, nó;

(b)

rialú nó gaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas nó fochuideachta de fhochuideachta a mheastar a bheith freisin ina fhochuideachta den mháthairghnóthas atá i gceannas ar na gnóthais sin.

Maidir le cás ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe, measfar freisin go bhfuil dlúthnasc idir daoine den sórt sin.

(25)

ciallaíonn “caipiteal” caipiteal suibscríofa de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (27) sa mhéid is go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, comhghabhann sé na caillteanais i gcásanna gnóthais leantaigh, agus, i gcás féimheachta nó leachtaithe, rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;

(26)

ciallaíonn “cúlchistí” cúlchistí mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí (28) agus brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhrabúis nó an chaillteanais deiridh;

(27)

ciallaíonn “bord” bord riaracháin nó bord maoirseachta, nó an dá cheann, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí;

(28)

ciallaíonn “comhalta neamhspleách den bhord” comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige/aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasanna leis an gcontrapháirtí lárnach lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena chomhaltaí imréitigh, agus nach raibh gaol den sórt sin aige sna cúig bliana roimh a chomhaltas den bhord;

(29)

ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir trádála go hiarbhír agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird.

Airteagal 3

Idirbhearta laistigh de ghrúpa

1.   I ndáil le contrapháirtí neamhairgeadais, is conradh díorthach thar an gcuntar idirbheart laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear na contrapháirtithe araon sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go mbeidh siad faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go mbeidh an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír sin.

2.   I ndáil le contrapháirtí airgeadais, is ionann idirbheart laistigh de ghrúpa agus aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas;

(i)

go bhfuil an contrapháirtí airgeadais sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír;

(ii)

is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é an contrapháirtí eile atá faoi réir na gceanglas stuamachta iomchuí;

(iii)

áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus

(iv)

tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;

(b)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim chosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 80(8) de Threoir 2006/48/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;

(c)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid chreidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2006/48/CE; nó

(d)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear na contrapháirtithe araon sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go bhfuil an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó i ndlínse tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún ina leith amhail dá dtagraítear in Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír sin.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar go mbeidh contrapháirtithe san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor ceann de na nithe seo a leanas fúthu araon:

(a)

go bhfuil siad áirithe i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 83/349/CEE nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó

(b)

go bhfuil siad cuimsithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE nó le Treoir 2006/49/CE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna arna dhéanamh ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 143 de Threoir 2006/48/CE nó in Airteagal 2 de Threoir 2006/49/CE.

TEIDEAL II

IMRÉITEACH, TUAIRISCIÚ AGUS MAOLÚ RIOSCA DÍORTHACH THAR AN GCUNTAR

Airteagal 4

Oibleagáid imréitigh

1.   Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:

(i)

idir dhá chontrapháirtí airgeadais;

(ii)

idir contrapháirtí airgeadais agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b);

(iii)

idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b);

(iv)

idir contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) agus eintiteas atá bunaithe i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeadh an t-eintiteas sin bunaithe san Aontas; nó

(v)

idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus

(b)

go ndéantar iad a dhéanamh nó a nuachan:

(i)

an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, nó tar éis an dáta sin; nó

(ii)

ar fhógra a fháil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó ina dhiaidh sin ach é fós roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh i gcás inar mó an aibíocht iarmhair ná an íosaibíocht iarmhair a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c).

2.   Gan dochar do theicnící maolaithe riosca faoi Airteagal 11, conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar idirbhearta laistigh de ghrúpa iad mar a thuairiscítear in Airteagal 3, ní bheidh siad faoi réir oibleagáide imréitigh.

Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:

(a)

sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(b)

maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin.

3.   Déanfar na conarthaí díorthacha atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 1 a imréiteach i gcontrapháirtí lárnach a údarófar faoi Airteagal 14 nó a shainaithneofar faoi Airteagal 25 chun an aicme díorthach sin a imréiteach agus atá liostaithe sa chlár i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(b).

Chun na críche sin, déanfar comhalta imréitigh den chontrapháirtí, déanfar cliant de, nó bunóidh sé socruithe imréitigh indíreach le comhalta imréitigh, ar choinníoll nach ndéanann na socruithe sin an riosca contrapháirtí a mhéadú agus go ndéanann siad a áirithiú go dtairbhíonn sócmhainní agus suíomhanna an chontrapháirtí den chosaint a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici léi seo dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 48.

4.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó ina sonrófar na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo amhail dá dtagraítear i mír 1(a)(v) a bheith á seachaint, agus ina sonrófar na cineálacha socruithe conarthacha indíreacha a dhéanann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a chomhall.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh

1.   I gcás ina n-údaraíonn údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme díorthach thar an gcuntar a imréiteach faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 15, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM láithreach faoin údarú sin.

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na mionsonraí a bheidh le háireamh sna fógraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Laistigh de shé mhí ón ÚEUM fógra a fháil i gcomhréir le mír 1 nó tar éis dó nós imeachta aitheantais a leagtar amach in Airteagal 25 a chur i gcrích, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis dul dó i gcomhairle leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith, ar dréachtchaighdeáin iad lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

an aicme díorthach thar an gcuntar ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo; agus

(c)

íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii).

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Sainaithneoidh ÚEUM, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4, ar a thionscnamh féin, agus tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus dul i gcomhairle leis an BERS, agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, aicmí na ndíorthach ar cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá bhforáiltear in Airteagal 4, ach nach bhfuil údarú faighte go fóill ag contrapháirtí lárnach ar bith ina leith.

Tar éis an fógra a thabhairt, foilseoidh ÚEUM glao ar fhorbairt tograí le haghaidh imréiteach na n-aicmí díorthach sin.

4.   Agus é d'aidhm uileghabhálach leo an riosca sistéamach a laghdú, déanfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(a) na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a)

méid an chaighdeánaithe ar théarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla na haicme ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar;

(b)

toirt agus leachtacht na haicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(c)

an fháil atá ar fhaisnéis chothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go forleathan léi maidir le praghsáil san aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú, féadfaidh ÚEUM an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar, an tionchar ionchasach ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí idir na contrapháirtithe agus an tionchar ar iomaíocht ar fud an Aontais a bhreithniú.

D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (8a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonraítear tuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.

5.   Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(b)

an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;

(c)

cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;

(d)

cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(e)

an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;

(f)

acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1).

6.   Más ann d'aicme díorthach thar an gcuntar nach ann a thuilleadh, i leith na haicme sin, do chontrapháirtí lárnach atá údaraithe nó aitheanta chun na conarthaí seo a imréiteach faoin Rialachán seo, stadfaidh sí de bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4, agus beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Clár poiblí

1.   Déanfaidh ÚEUM clár poiblí a bhunú, a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta chun na haicmí díorthach thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh a shainaithint. Cuirfear an clár poiblí ar fáil ar láithreán gréasáin ÚEUM.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar an gclár:

(a)

na haicmí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4;

(b)

na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe nó atá aitheanta, ar mhaithe leis an oibleagáid imréitigh;

(c)

na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chur chun feidhme céimnithe isteach;

(d)

na haicmí díorthach thar an gcuntar arna sainaithint ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(3).

(e)

íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii);

(f)

na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil fógra tugtha ag an údarás lárnach do ÚEUM ina leith chun críche na hoibleagáide imréitigh, agus dáta an fógra do gach ceann a thabhairt.

3.   I gcás nach mbíonn contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo chun aicme áirithe díorthach a imréiteach, déanfaidh ÚEUM é a bhaint den chlár poiblí láithreach i ndáil leis an aicme díorthach thar an gcuntar sin.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí a áireofar sa chlár poiblí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Rochtain ar chontrapháirtí lárnach

1.   Aon chontrapháirtí lárnach atá údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, beag beann ar an ionad trádála.

Féadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.

2.   Géillfidh contrapháirtí lárnach d'iarraidh fhoirmiúil ar rochtain ó ionad trádála laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin, nó diúltóidh sé di.

3.   I gcás ina ndiúltaíonn contrapháirtí lárnach rochtain faoi mhír 2, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána atá leis an diúltú sin don ionad trádála.

4.   Ach amháin sa chás ina ndéanann údarás inniúil an ionaid trádála agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú, déanfaidh an t-ionad trádála, faoi réir an dara fomhír, rochtain a dheonú don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí ó chinneadh a dhéanamh lena ngéilltear d'iarraidh fhoirmiúil ó ionad trádála i gcomhréir le mír 2.

Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid um fhorghníomhú agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain ar chontrapháirtí lárnach a dhiúltú tar éis iarraidh fhoirmiúil a fháil ón ionad um fhorghníomhú ach amháin sa chás ina mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéimeach.

5.   Déanfaidh ÚEUM aon díospóid, a eascraíonn as easaontú idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Rochtain ar ionad trádála

1.   Déanfaidh ionad trádála fothaí trádála a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach d'aon chontrapháirtí lárnach a údaraítear chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar a thrádáil ar an ionad trádála sin a imréiteach, arna iarraidh sin don chontrapháirtí lárnach.

2.   I gcás ina mbeidh iarraidh ar rochtain ar ionad trádála curtha go foirmiúil chuig ionad trádála ag contrapháirtí lárnach, tabharfaidh an t-ionad trádála freagairt don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí.

3.   I gcás ina ndiúltóidh ionad trádála rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé fógra don chontrapháirtí lárnach dá réir sin, agus tabharfaidh sé na cúiseanna ar fad atá leis sin.

4.   Gan dochar don chinneadh ó údaráis inniúla an ionaid trádála agus ón gcontrapháirtí lárnach, ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí ó thráth na freagartha dearfaí ar iarraidh ar rochtain.

Ní dheonófar rochtain an chontrapháirtí lárnaigh ar an ionad trádála ach amháin sa chás ina mbeadh gá le hidir-inoibritheacht de bharr rochtana den sórt sin nó nach ndéanfaí bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí go háirithe mar thoradh ar ilroinnt leachtachta agus go mbeadh sásra leordhóthanach curtha ar bun ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an nóisean ilroinnt leachtachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Oibleagáid tuairiscithe

1.   Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach atá curtha i gcrích acu agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú do stór trádála a chlárófar i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre eile tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthacha:

(a)

a rinneadh roimh 16 Lúnasa 2012 agus atá fós ann an dáta sin,

(b)

a dhéanfar ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó tar éis an 16 Lúnasa 2012.

Féadfaidh contrapháirtí nó contrapháirtí lárnach a bheidh faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe tuairisciú mhionsonraí an chonartha díorthach a tharmligean.

Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí a gconarthaí díorthacha a thuairisciú d'uireasa aon dúbailte.

2.   Coimeádfaidh na contrapháirtithe taifead d'aon chonradh díorthach a bheidh curtha i gcrích acu agus d'aon mhodhnú ar feadh cúig bliana ar a laghad tar éis an conradh a fhoirceannadh.

3.   I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun taifeadadh a dhéanamh ar mhionsonraí conartha díothach, áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí den sórt sin a thuairisciú do ÚEUM.

Sa chás sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí uile na gconarthaí díorthachaa theastaíonn uathu chun a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

4.   Maidir le contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh a thuairiscíonn mionsonraí conartha díorthach do stór trádála nó do ÚEUM, nó maidir le heintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh, ní bhreithneofar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.

Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.

5.   D'fhonn feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus cineál na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 le haghaidh na n-aicmí éagsúla díorthach.

Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3:

(a)

na páirtithe sa chonradh díorthach agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as;

(b)

príomhthréithe na gconarthaí díorthacha, lena n-áirítear a gcineáil, an aibíocht fholuiteach, an luach barúlach, an praghas agus an dáta socraíochta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar:

(a)

formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 le haghaidh na n-aicmí díorthach éagsúla;

(b)

an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthacha a thuairisciú, lena n-áirítear aon chéimniú isteach le haghaidh conarthaí a dhéanfar sula mbeidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Contrapháirtithe neamhairgeadais

1.   I gcás ina bhfaigheann contrapháirtí neamhairgeadais suíomhanna i gconarthaí díorthacha thar an gcuntar agus go sáraíonn na suíomhanna sin an tairseach imréitigh mar a shonraítear faoi mhír 3, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 de;

(b)

tiocfaidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh i ndáil le conarthaí todhchaí i gcomhréir le hAirteagal 4 má sháraíonn an meánsuíomh rollach do thréimhse os cionn 30 lá oibre an tairseach; agus

(c)

laistigh de cheithre mhí tar éis teacht faoi réir na hoibleagáide imréitigh, imréiteoidh sé gach conradh todhchaí ábhartha.

2.   Maidir le contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le mír 1(b) agus a léiríonn ina dhiaidh sin don údarás inniúil arna shainiú i gcomhréir le mír 5 nach sáraíonn a mheánsuíomh rollach do thréimhse os cionn 30 lá oibre an tairseach imréitigh, ní bheidh sé a thuilleadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí neamhairgeadais san áireamh na conarthaí díorthacha thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí neamhairgeadais nó aon eintiteas neamhairgeadais eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí neamhairgeadais leis, ar conarthaí iad nach féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála ná gníomhaíocht mhaoinithe cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.

4.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, tar éis dul dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhunú ar conarthaí iad is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht mhaoinithe cistíochta dá dtagraítear i mír 3; agus

(b)

luachanna na dtairseach imréitigh, a chinntear agus ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme díorthach thar an gcuntar á gcur san áireamh.

Tar éis dó comhairliúchán poiblí oscailte a sheoladh, cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha agus, más ga, molfaidh sé na caighdeáin rialála chun iad a leasú.

5.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás atá freagrach as a áirithiú go ndéanfar an oibleagáid faoi mhír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach

1.   Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;

(b)

próisis fhoirmiúlaithe

2.   Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 marcáil don mhargadh ar bhonn laethúil ar luach na gconarthaí amuigh. Más rud é go gcuirtear cosc ar mharcáil don mhargadh mar gheall ar choinníollacha an mhargaidh, bainfear úsáid as marcáil do shamhail atá iontaofa agus stuama.

3.   Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag contrapháirtithe airgeadais lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar nó ina dhiaidh an 16 Lúnasa 2012. Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar tráth a sárófar an táirseach imréitigh nó ina dhiaidh sin.

4.   Sealbhóidh na contrapháirtithe airgeadais méid iomchuí agus comhréireach caipitil chun bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach mbeidh cumhdaithe leis an malartú comhthaobhachta iomchuí.

5.   Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 3 maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3 a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe sa Bhallstát céanna ar choinníoll nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

6.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

8.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) go (d) a bheidh déanta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí atá bunaithe san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

9.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

10.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais agus contrapháirtí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Tá an díolúine bailí mura rud é nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil ar gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe ón gceanglas a leagtar síos i mír 3, nochtfaidh contrapháirtí an idirbhirt sin an fhaisnéis maidir leis an díolúine go poiblí.

Cuirfidh údarás inniúil fógra chuig ÚEUM i ndáil le haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 6, mhír 8 nó mhír 10 nó le haon fhógra a gheofar de bhun mhír 7, mhír 9 nó mhír 10 agus déanfaidh siad sonraí an idirbhirt laistigh de ghrúpa lena mbainfidh a sholáthar do ÚEUM.

12.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 go mír 11 maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéantar idir eintitis ó thríú tír a bheadh faoi réir na n-oibleagáidí sin dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag na conarthaí sin san Aontas, nó i gcás inar riachtanach nó iomchuí an oibleagáid sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint.

13.   Déanfaidh ÚEUM faireachán go tréimhsiúil ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach bhfuil incháilithe lena n-imréiteach chun cásanna a shainaithint ina bhféadfadh aicme díorthach ar leith a bheith ina riosca sistéimeach agus chun arbatráiste rialála idir idirbhearta díorthach imréitithe agus neamh-imréitithe a chosc. Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, go háirithe, gníomh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó déanfaidh sé athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais éarlaisithe a leagtar síos i mír 14 den Airteagal seo agus in Airteagal 41.

14.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

coinníollacha an mhargaidh lena gcuirtear cosc ar an marcáil don mhargadh dá dtagraítear i mír 2 agus na critéir le haghaidh úsáid na marcála do shamhail dá dtagraítear i mír 2;

(c)

mionsonraí na n-idirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus a bheidh le háireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 7, i mír 9 agus i mír 10;

(d)

mionsonraí na faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus dá dtagraítear i mír 11.

(e)

na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo, amhail dá dtagraítear i mír 12, a bheith á seachaint

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

15.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh, atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 3;

(b)

an leibhéal caipitil atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 4;

(c)

na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6e go mír 10 i bhfeidhm,

(d)

na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.

Cuirfidh na ÚMEanna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagaraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 12

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na rialacha faoin Teideal seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Áireofar fíneálacha riaracháin, ar a laghad, ar na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe airgeadais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chontrapháirtithe neamhairgeadais, gach pionós a forchuireadh i leith sáruithe ar Airteagal 4 go hAirteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11 a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh nochtadh den sórt sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha um measúnú a fhoilsiú go tráthrialta maidir le héifeachtacht na rialacha pionóis a bheidh á gcur i bhfeidhm. Sa nochtadh agus foilsiú sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 95/46/CE.

Faoin 17 Feabhra 2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

3.   Ní dhéanfaidh sárú ar na rialacha faoin Teideal seo difear do bhailíocht conartha díorthach thar an gcuntar ná don fhéidearthacht go bhféadfadh na páirtithe forálacha an chonartha díorthach thar an gcuntar a fhorfheidhmiú. Ní bheidh aon cheart cúitimh ann ó pháirtí i gconradh díorthach thar an gcuntar mar thoradh ar shárú ar na rialacha faoin Teideal seo.

Airteagal 13

Sásra chun rialacha dúblacha nó codarsnacha a sheachaint

1.   Cuideoidh ÚEUM leis an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh agus tuarascálacha a ullmhú le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagail 4, 9, 10 agus 11,go háirithe i dtaca le ceanglais a d'fhéadfadh a bheith dúblach nó codarsnach a chuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus moltaí a thabhairt maidir le gníomhartha a d'fhéadfaí a dhéanamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhaítear an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír:

(a)

go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos i Rialachán seo faoi Airteagail 4, 9, 10 agus 11;

(b)

go n-áirithíonn siad rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo; agus

(c)

go ndéantar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh chothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

3.   Aon ghníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis amhail dá dtagraítear i mír 2, tuigfear leis, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanann idirbheart faoi réir an Rialacháin seo, go measfar go mbeidh na hoibleagáidí atá in Airteagail 4, 9, 10 agus 11comhlíonta sa chás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hÚEUM faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos in Airteagail 4, 9, 10 agus 11 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus tuairisceoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás ina nochtar sa tuarascáil nach bhfuil na ceanglais choibhéiseacha á gcur i bhfeidhm go leordhóthanach nó go comhleanúnach ag údaráis tríú tír, tarraingeoidh an Coimisiún, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a ndéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a thíolacadh, siar an t-aitheantas a bheidh ag creat dlíthiúil an tríú tír i dtrácht mar chreat coibhéiseach. I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, beidh na contrapháirtithe faoi réir arís, go huathoibríoch, ag ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo.

TEIDEAL III

CONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA A ÚDARÚ AGUS A MHAOIRSIÚ

CAIBIDIL 1

Coinníollacha agus Nósanna Imeachta chun Contrapháirtí Lárnach a Údarú

Airteagal 14

Contrapháirtí Lárnach a Údarú

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas seirbhísí imréitigh a sholáthar mar chontrapháirtí lárnach, cuirfidh sé iarratas ar údarú chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17.

2.   A luaithe a bheidh údarú a deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh éifeacht leis i gcríoch iomlán an Aontais.

3.   Ní dheonófar an údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcomhair gníomhaíochtaí atá nasctha le himréiteach agus sonrófar san údarú na seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh lena n-áirítear na haicmí ionstraimí airgeadais a chuimsítear le húdarú den sórt sin.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach na coinníollacha atá riachtanach d'údarú a chomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha d'údarú.

5.   I dtaca le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríoch, níor cheart go gcuirfeadh údarú dá dtagraítear i mír 1 cosc ar na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh nó leanúint dá gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear ceanglais áirithe um údarú faoi Threoir 2006/48/CE.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú

1.   Contrapháirtí lárnach atá ag iarraidh a ghnó a leathnú chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí breise a áireamh nach gcumhdaítear faoin údarú bunaidh, cuirfidh sé iarraidh ar leathnú isteach chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh. Measfar gur leathnú ar an údarú sin é seirbhísí imréitigh a thairiscint nach ndearnadh an contrapháirtí lárnach a údarú fós ina leith.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi Airteagal 17 a dhéanfar leathnú ar údarú.

2.   I gcás inar mian le contrapháirtí lárnach a ghnó a leathnú isteach i mBallstát seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, tabharfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh fógra láithreach d'údarás inniúil an Bhallstáit eile sin.

Airteagal 16

Ceanglais chaipitil

1.   Beidh EUR 7,5 milliún ar a laghad de chaipiteal tosaigh atá buan agus infhaighte ag contrapháirtí lárnach chun go ndéanfar é a údarú de bhun Airteagal 14.

2.   Beidh caipiteal contrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí, comhréireach leis an riosca a thig as gníomhaíochtaí an chontrapháirtí lárnaigh. Beidh an oiread ann i gcónaí agus a áiritheoidh go ndéanfar foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil ar na gníomhaíochtaí thar réimse ama iomchuí agus go mbeidh cosaint leormhaith ag an gcontrapháirtí lárnach ar rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlíthiúla agus gnó nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis na hacmhainní sonracha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 41 go hAirteagal 44.

3.   Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC agus tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear i mír 2.

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 17

Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú

1.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir iarratas ar údarú a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Soláthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach leis an údarás inniúil a shásamh gur bhunaigh an contrapháirtí lárnach, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad atá riachtanach chun na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis uile a bheidh faighte aige ón gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir a tharchur láithreach chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

3.   Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an t-údarás inniúil síos spriocdháta faoina gcaithfidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Tar éis don údarás inniúil measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh sé fógra don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir agus do chomhaltaí an choláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus do ÚEUM dá réir sin.

4.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh sé lánsásta go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach is iarratasóir na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus go bhfuil fógra tugtha don chontrapháirtí lárnach mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.

Déanfaidh an t-údarás inniúil tuairim an choláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le hAirteagal 19. Sa chás nach n-aontaíonn údarás inniúil an contrapháirtí lárnach le tuairim dhearfach an choláiste, beidh sa chinneadh na cúiseanna iomlána atá leis agus beidh míniú ann ar aon diall suntasach ón tuairim dhearfach sin.

I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile, de bhun Airteagal 19(1), nár cheart don chontrapháirtí lárnach údarú a fháil, ní údarófar an contrapháirtí lárnach agus is sa chás sin amháin nach ndéanfar é a údarú. Sa tuairim sin, luaifear i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag an gcoláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó dlí Aontais eile á gcomhlíonadh.

I gcás nár thángthas ar chomhthuairim de thoil a chéile amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír agus i gcás ina léiríonn tromlach dhá thrian den choláiste tuairim diúltach, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach dhá thrian sin den choláiste, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a nglacfar an tuairim dhiúltach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Sa chinneadh um tharchur, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag comhaltaí ábhartha an choláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó codanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh maidir leis an údarú a tharchur siar agus fanfaidh sé go ndéanfar aon chinnidh um údarú a d'fhéadfadh ÚEUM a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM tar éis tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a bheith caite.

I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile de bhun Airteagal 19(1), nár cheart údarú a thabhairt don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an chontrapháirtí lárnaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

5.   Gníomhóidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sa chás ina dtarlaíonn sé nach ndearna údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, nó go ndearna sé iad a chur i bhfeidhm ar chaoi a dhealródh a bheith ag sárú dhlí an Aontais.

Féadfaidh ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste nó ar a thionscnamh féin, tar éis dó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chur ar an eolas.

6.   Agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, ní dhéanfaidh gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh aon chomhalta den choláiste idirdhealú, go díreach nó go neamhdhíreach, in aghaidh aon Bhallstáit nó ar aon ghrúpa Ballstát mar ionad le haghaidh seirbhísí imréitigh in aon airgeadra.

7.   Laistigh de shé mhí tar éis iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a bheith tíolactha, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl i scríbhinn don contrapháirtí lárnach is iarratasóir i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t-údarú agus tabharfaidh sé míniú lánréasúnaithe ina thaobh sin.

Airteagal 18

Coláiste

1.   Laistigh de 30 lá féilire ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 17 a bheith tíolactha, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh coláiste a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, Airteagal 17, Airteagal 49, Airteagal 51 agus in Airteagal 54 a éascú.

2.   Is éard a bheidh sa choláiste:

(a)

ÚEUM;

(b)

údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;

(c)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42 ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana

(d)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(e)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(f)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;

(g)

na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;

(h)

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ón gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

ullmhú na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 19;

(b)

malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 84;

(c)

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach;

(d)

comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh; agus

(e)

cinneadh nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha chun tabhairt faoi chásanna géarchéime, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.

5.   Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Sa chomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta vótála amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3), agus féadfar a chinneadh ann cad iad na cúraimí a bheidh le cur ar iontaoibh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó ar chomhalta eile den choláiste.

6.   Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar na hairgeadraí Aontais dá dtagraítear i mír 2(h) a mheas mar na hairgeadraí is ábhartha agus ina sonraítear mionsonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 5.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Tuairim ón gColáiste

1.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh measúnú riosca ar an gcontrapháirtí lárnach a sheoladh agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choláiste.

Laistigh de 30 lá féilire tar éis dó í a fháil, agus bunaithe ar na torthaí sa tuarascáil sin, tiocfaidh an coláiste ar chomhthuairim ina gcinnfear an gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach is iarratasóir na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Gan dochar don ceathrú fomhír d'Airteagal 17(4) agus, mura dtiocfar ar chomhthuairim i gcomhréir leis an dara fomhír, glacfaidh an coláiste tuairim le tromlach laistigh den tréimhse ama céanna.

2.   Déanfaidh ÚEUM glacadh na comhthuairime a éascú i gcomhréir lena fheidhm chomhordaithe ghinearálta faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Déanfar tuairim thromlaigh ón gcoláiste a ghlacadh trí thromlach simplí a chomhaltaí. Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 comhalta nó 12 comhalta, beidh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Ní bheidh aon chearta vótála ag ÚEUM maidir le comhthuairimí an choláiste.

Airteagal 20

Údarú a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 22(3), déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh údarú a tharraingt siar sa chás, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach:

(a)

nár úsáid sé an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige nó aon ghníomhaíocht déanta aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c)

nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus nach bhfuil na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh déanta aige laistigh de thréimhse ama socraithe;

(d)

i gcás ina bhfuil sé tar éis aon de na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.

2.   I gcás ina measfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh go bhfuil feidhm ag ceann de na himthosca dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé, laistigh de chúig lá oibre fógra faoi sin do ÚEUM agus do chomhaltaí an choláiste dá réir.

3.   Rachfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhairle le comhaltaí an choláiste maidir leis an ngá a bheidh le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh a tharraingt siar, ach amháin i gcás ina bhfuil gá go práinneach le cinneadh.

4.   Féadfaidh aon chomhalta den choláiste a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdódh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an leanann an contrapháirtí lárnach ar aghaidh ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.

5.   Féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme na n-ionstraimí airgeadais ar leith.

6.   Seolfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh lánréasúnaithe chuig ÚEUM agus chuig comhaltaí an choláiste, a dhéanfaidh forchoimeádais aon duine de chomhaltaí an choláiste a chur san áireamh.

7.   An cinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar, gabhfaidh éifeacht leis ar fud an Aontais.

Airteagal 21

Athbhreithniú agus meastóireacht

1.   Gan dochar do ról an choláiste, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuirfidh contrapháirtithe lárnacha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta orthu.

2.   Déanfaidh an t-athbhreithniú agus an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chumhdach.

3.   Leagfaidh na húdaráis inniúla síos a mhinice a dhéanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, agus a dhoimhne a bheidh siad, ag féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do nádúr, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbaineann. Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, ar a laghad.

Beidh na contrapháirtithe lárnacha faoi réir cigireachtaí ar an láthair.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an coláiste a chur ar an eolas go tráthrialta, agus ar a laghad uair sa bhliain, faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó aon phionóis.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar aon chontrapháirtí lárnach nach mbeidh ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige tabhairt faoi na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.

6.   Déanfaidh ÚEUM ról comhordúcháin idir na húdaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí a chomhall d'fhonn cultúr maoirseachta comhchoiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt, d'fhonn nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus modhanna cur chuige comhleanúnacha a áirithiú, agus d'fhonn comhleanúnachas a neartú sna torthaí maoirseachta.

Chun críche na chéad fhomhíre, déanfaidh ÚEUM, uair sa bhliain ar a laghad:

(a)

anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010; agus

(b)

measúnachtaí ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú maidir le stóinseacht na gcontrapháirtithe lárnacha agus iad ag déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Más rud é, le measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír, go dtugtar chun solais go bhfuil easnaimh i stóinseacht ceann amháin nó níos mó de na contrapháirtithe lárnacha, eiseoidh ÚEUM na moltaí riachtanacha de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Contrapháirtithe lárnacha a mhaoirsiú agus a fhormhaoirsiú

Airteagal 22

Údarás inniúil

1.   Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais a thagann as an Rialachán seo a chomhlíonadh chun na contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcomhréir le hAirteagail 23, 24, 83 agus 84.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag an údarás inniúil chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir bearta riaracháin iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh in aghaidh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach, nó a fhorchur orthu, i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh leo iarrataí ar ghníomhaíocht leasúcháin laistigh de thréimhse ama socraithe.

4.   Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL 3

Comhar

Airteagal 23

Comhar idir na húdaráis

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth lena chéile, le ÚEUM agus, más gá le CEBC.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 24, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag an am.

Airteagal 24

Cásanna éigeandála

Cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó aon údarás inniúil eile in iúl do ÚEUM, don choláiste, do chomhaltaí ábhartha CEBC agus d'údaráis ábhartha eile gan aon mhoill mhíchuí, faoi aon chás éigeandála a bhaineann le contrapháirtí lárnach, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.

CAIBIDIL 4

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 25

Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír

1.   Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála atá bunaithe san Aontas ach amháin má thugann ÚEUM aitheantas don chontrapháirtí lárnach sin.

2.   Ní fhéadfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3. aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar ach amháin i sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6;

(b)

go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír ábhartha, agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh lena n-áirithítear go ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;

(c)

go bhfuil socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 7;

(d)

go bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe nó údaraithe i dtríú tír a meastar córais maidir leis an sciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith acu a bhfuil coibhéiseach leis na cinn sin san Aontas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chomhthuiscint idir na Ballstáit maidir le coibhéis tríú tír faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (29).

3   Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in mír 2 á gcomhlíonadh, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leo seo a leanas:

(a)

údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a bheidh roghnaithe ag an gcontrapháirtí lárnach;

(b)

na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42, nó a mheasann an contrapháirtí lárnach go ndéanfaidh siad na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste sin, ar bhonn comhiomlán ar feadh tréimhse bliana;

(c)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá lonnaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(d)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(e)

comhaltaí ábhartha CEBC de chuid na mBallstát ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus comhaltaí ábhartha CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(f)

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais a imréitítear nó atá le himréiteach.

4.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach dá dtagraítear i mír 1 a iarratas a chur faoi bhráid ÚEUM.

Soláthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir an fhaisnéis uile do ÚEUM atá riachtanach maidir lena aitheantas. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Is ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a bheidh an cinneadh aitheantais bunaithe agus beidh sé neamhspleách ar aon mheasúnú mar bhonn don chinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3 sula ndéanfaidh sé a chinneadh.

Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a gcuirfear isteach iarratas atá comhlánaithe ina iomláine, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir le míniú lán-réasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

Foilseoidh ÚEUM liosta na gcontrapháirtithe lárnacha atá aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.

5.   Déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a bheidh faighte ag an gcontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír i gcás ina mbeidh leathnú déanta ag an gcontrapháirtí lárnach ar a raon gníomhaíochtaí agus seirbhísí san Aontas. Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4. Féadfaidh ÚEUM an t-aitheantas a tugadh don chontrapháirtí lárnach sin a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh agus sna himthosca atá ar aon dul leo sin a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 20.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinntear go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos faoi Theideal IV den Rialachán seo, go bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin agus go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha a údaraítear faoi chórais dlí tríú tír.

7.   Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile arna iarradh ag ÚEUM maidir le contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe i dtríú tíortha;

(b)

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile á sárú ag contrapháirtí lárnach a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil air, ar coinníollacha iad a bhfuil sé faoina réir;

(c)

an sásra lena dtabharfaidh údarás inniúil tríú tír fógra pras do ÚEUM i gcás ina ndéanfar an ceart chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó do chliaint atá bunaithe san Aontas a dheonú do chontrapháirtí lárnach a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil sin air;

(d)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair;

8   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis a sholáthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir do ÚEUM ina iarratas ar aitheantas.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

CEANGLAIS AR CHONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA

CAIBIDIL 1

Ceanglais Eagrúcháin

Airteagal 26

Forálacha Ginearálta

1.   Beidh ag contrapháirtí lárnach socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

2.   Glacfaidh contrapháirtithe lárnacha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bhainisteoirí agus a fhostaithe.

3.   Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtithe lárnacha struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach deighilt shoiléir a choimeád idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an chontrapháirtí lárnaigh.

5.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach beartas luach saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas lena gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú.

6.   Cothabhálfaidh contrapháirtí lárnach córais teicneolaíochta faisnéise atá leordhóthanach chun déileáil le castacht, éagsúlacht agus cineálacha na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a chomhlíontar d'fhonn ardchaighdeáin slándála a áirithiú mar aon le sláine agus rúndacht na faisnéise a choinnítear a áirithiú.

7.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an contrapháirtí lárnach, agus a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce.

8.   Déanfar iniúchtaí minice agus neamhspleácha ar na contrapháirtithe lárnacha. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl don bhord agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad.

9.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina leagtar síos an íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 go mír 8.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27

Lucht bainistíochta sinsearaí agus an bord

1.   Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí chontrapháirtí lárnaigh agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an gcontrapháirtí lárnach.

2.   Beidh bord ag an gcontrapháirtí lárnach. Beidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí neamhspleách agus beidh beirt chomhaltaí neamhspleácha ar a laghad ar an mbord i gcónaí. Tabharfar cuireadh d'ionadaithe chliaint na gcomhaltaí imréitigh chuig chruinnithe boird le haghaidh ábhar atá ábhartha d'Airteagal 38 agus d'Airteagal 39. Ní bheidh cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord nasctha le feidhmíocht ghnó an chontrapháirtí lárnaigh.

Beidh saineolas leordhóthanach ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí bainistithe riosca agus seirbhísí imréitigh ag comhaltaí bord an chontrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear a chomhaltaí neamhspleácha, agus beidh dea-cháil a ndóthain orthu.

3.   Cinnfidh contrapháirtí lárnach róil agus freagrachtaí an bhoird go soiléir agus cuirfidh sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil agus do na hiniúchóirí.

Airteagal 28

Coiste riosca

1.   Bunóidh an contrapháirtí lárnach coiste riosca, ar a mbeidh ionadaithe a chomhaltaí imréitigh, comhaltaí neamhspleácha an bhoird, agus ionadaithe a chliant. Féadfaidh an coiste riosca cuireadh a thabhairt d'fhostaithe an chontrapháirtí lárnaigh agus do shaineolaithe seachtracha, freastal ar choistí bainistithe riosca ach gan vóta a bheith acu. Féadfaidh údaráis inniúla a iarraidh freastal ar chruinnithe coiste ach gan vóta a bheith acu agus a bheith curtha ar an eolas mar is cuí faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chinntí an choiste riosca. Beidh comhairle an choiste riosca neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an chontrapháirtí lárnaigh. Ní bheidh tromlach ar an gcoiste riosca ag grúpa ar bith de ghrúpaí na n-ionadaithe.

2.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus cinnfidh siad, ar a laghad, go mbeidh an coiste riosca faoi chathaoirleacht comhalta neamhspleách den bhord, go dtuairisceoidh sé go díreach don bhord agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.

3.   Cuirfidh an coiste riosca aon socruithe a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh in iúl don bhord, lena n-áirítear, athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir chun comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d'eisfhoinsiú feidhmeanna. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d'oibríochtaí laethúla an chontrapháirtí lárnaigh ná i gcásanna éigeandála. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca i staideanna éigeandála.

4.   Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí an choiste riosca faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste riosca go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta ar cheist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.

5.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint.

Airteagal 29

Taifead a choimeád

1.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir leis an údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialachán seo.

2.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí a bheidh próiseáilte aige ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh. Beifear in ann, ar a laghad, téarmaí bunaidh idirbhirt a shainaithint sula ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach sin é a imréiteach, de dhroim na faisnéise sin.

3.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, beag beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil don údarás inniúil, do ÚEUM arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coimeád amhail dá dtagraítear i mír 1 go mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coinneáil a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu

1.   Ní údaróidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha iad, daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.

2.   Diúltóidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach a údarú mura deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa chontrapháirtí lárnach, ag féachaint don ghá le bainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh a áirithiú.

3.   I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an contrapháirtí lárnach agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin bac ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

4.   I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 1 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil gach beart is iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus d'fhéadfadh údarú an chontrapháirtí lárnaigh a tharraingt siar a bheith san áireamh sna bearta sin.

5.   Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina ndéantar le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an gcontrapháirtí lárnach leo, nó le deacrachtaí ó thaobh iad a chur i bhfeidhm, cosc a chur ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 31

Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach fógra a thabhairt dá údarás inniúil maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht, agus soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá don údarás inniúil d'fhonn comhlionadh le hAirteagal 27(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(2) a mheasúnú.

Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.

2.   Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (“an faighteoir beartaithe”), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin i gcontrapháirtí lárnach a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go dtiocfadh an contrapháirtí lárnach chun bheith ina fhochuideachta (“an éadáil bheartaithe”), tabharfaidh siad ar dtús fógra i scríbhinn don údarás inniúl ar faoin gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil siad ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú, ag léiriú méid an tsealúchais atá beartaithe agus na faisnéise cuí dá dtagraítear in Airteagal 32(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

Ar shlí phras agus laistigh de dhá lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil, agus ón bhfhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir, go bhfuil sé faighte aige.

Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil ón dáta a n-admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra agus na doiciméid ar fad atá ag gabháil leis an bhfógra faighte aige ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) (“an tréimhse um measúnú”), chun an measúnú a dhéanamh a ndéantar foráil dó in Airteagal 32(1) (“an measúnú”).

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, más gá, le linn na tréimhse um measúnú, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh a bhfuil gá léi chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar an t-iarratas sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá ann.

Brisfear an tréimhse um measúnú ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a bhfaighidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse um measúnú dá bharr.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú suas le 30 lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe:

(a)

lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;

(b)

ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 73/239/CEE, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil (30), nó Treoracha 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2011/61/AE.

5.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an measúnú críochnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de dhá lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 dá réir sin. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal ar iarratas ón bhfaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit údarás inniúil a cheadú nochtadh den sórt sin a dhéanamh in éagmais iarratais ón bhfaighteoir beartaithe.

6.   I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe laistigh den tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith ceadaithe.

7.   Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a dhéanamh agus í a fhadú nuair is iomchuí.

8.   Ní fhorchuirfidh Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus formheas a fháil ina leith uaidh.

Airteagal 32

Measúnú

1.   I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas maidir le seo a leanas d'fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:

(a)

dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b)

clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c)

an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(d)

an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE nó iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa chontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

I gcás ina bhfuil inniúlacht an chontrapháirtí lárnaigh an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air i dtaobh an bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.

2.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 nó i gcás inar chuir an faighteoir beartaithe faisnéis neamhiomlán ar fáil.

3.   Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais a gheofar ná ní cheadóidh siad a n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit liosta ar fáil don phobal ina sonrófar an fhaisnéis atá de dhíth chun an measúnú a dhéanamh, agus ar liosta é a dhéanfar a sholáthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a thabhairt. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth comhréireach agus beidh sí oiriúnaithe do nádúr an fhaighteora bheartaithe agus na héadála beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh.

5.   D'ainneoin Airteagal 31(2), (3) agus (4), i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a mhéadú sa chontrapháirtí lárnach céanna, caithfidh an t-údarás inniúil leis na faighteoirí beartaithe ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.

6.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí go dlúth le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:

(a)

contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;

(b)

máthairghnóthas contrapháirtí lárnaigh eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;

(c)

duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córais socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile.

7.   Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis dá chéile atá de dhíth nó atá ábhartha chun an measúnú a dhéanamh. Cuirfidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl dá chéile agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl ar a dtionscnamh féin. Léireofar aon tuairimí nó cuntair a chuireann an t-údarás inniúil atá freagrach as an bhfaighteoir beartaithe in iúl i gcinneadh ón údarás inniúil lenar údaraíodh an contrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Airteagal 33

Coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú nó dlúthnaisc dhíreacha nó indíreacha aige leo, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an gcontrapháirtí lárnach fúthu a shainaithint agus a bhainistiú. Déanfaidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach.

2.   I gcás nach leor na socruithe eagrúcháin nó riaracháin atá ag contrapháirtí lárnach ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú le go n-áiritheofar, le muinín réasúnach, go ndéantar an baol damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc, nochtfaidh sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglacfar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin. Más eol do chontrapháirtí cé hé an cliant, cuirfidh sé an cliant agus an comhalta imréitigh arb é a chliant sin atá i gceist ar an eolas.

3.   Aon chúinsí a bhfuil an contrapháirtí lárnach ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil gaol máthairghnóthas nó fochuideachta aige leo, déanfar na cúinsí sin a chur san áireamh sna socruithe i scríbhinn freisin, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta é an contrapháirtí lárnach.

4.   Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d'fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;

(b)

nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus bearta le glacadh leo d'fhonn coinbhleacht den chineál sin a bhainistiú.

5.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina chórais agus cuirfidh sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó. Maidir le faisnéis rúnda a thaifeadtar i gcontrapháirtí lárnach amháin, ní dhéanfaidh aon duine nádúrtha eile ná dlítheanach eile a bhfuil caidreamh máthairchuideachta nó fochuideachta aige leis an gcontrapháirtí lárnach sin, í a úsáid chun críocha tráchtála. ach amháin le toiliú roimh ré i scríbhinn an chliaint ar leis an fhaisnéis rúnda sin.

Airteagal 34

Leanúnachas gnó

1.   Ceapfaidh contrapháirtí lárnach beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d'aidhm acu a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an contrapháirtí lárnach iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beifear in ann na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin, ionas gur féidir leis an gcontrapháirtí lárnach leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach nós imeachta leordhóthanach a chur ar bun lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní agus suíomhanna na gcliant agus na gcomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil agus go hordúil i gcás údarú a tharraingt siar de bhun cinnidh faoi Airteagal 20, agus déanfaidh sé an próiseas a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina lea íosmhéid inneachair agus ceangaltas an bheartais um leanúnachas gnó agus an phlean athshlánaithe ó thubaiste.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 35

Eisfhoinsiú

1.   I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:

(a)

ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;

(b)

ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;

(c)

ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;

(d)

ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;

(e)

ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;

(f)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;

(g)

coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(h)

bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;

(i)

bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;

(j)

tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas.

Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a eisfhoinsiú mura mbeidh eisfhoinsiú den sórt sin formheasta ag údarás inniúil.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a chearta agus a oibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí a sholáthraí seirbhísí a leithdháileadh agus a leagan amach go soiléir, i gcomhaontú scríofa.

3.   An fhaisnéis ar fad atá de dhíth ionas gur féidir leis an údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar an dóigh ina gcomhlíontar an Rialachán seo i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis sin ar fáil nuair a iarrtar í.

CAIBIDIL 2

Rialacha maidir le Gnó a Dhéanamh

Airteagal 36

Forálacha Ginearálta

1.   Nuair a bheidh seirbhísí á soláthar dá gcomhaltaí imréitigh, agus i gcás inarb ábhartha, dá gcliaint, gníomhóidh contrapháirtí lárnach go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant sin agus le bainistiú riosca fónta.

2.   Is rialacha inrochtana trédhearcacha agus cothroma a bheidh ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le láimhseáil phras a dhéanamh ar ghearáin.

Airteagal 37

Ceanglais rannpháirtíochta

1.   Bunóidh contrapháirtí lárnach, i gcás inarb iomchuí de réir an chineáil táirge a imréitítear, catagóirí na gcomhaltaí imréitigh atá inghlactha agus na critéir iontrála, le comhairle ón gcoiste riosca de bhun Airteagal 28 (3). Beidh na critéir sin neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus oibiachtúil ionas gur féidir rochtain chothrom agus oscailte ar an gcontrapháirtí lárnach a áirithiú agus áiritheofar leo go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leordhóthanach ag comhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach i gcontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann don chontrapháirtí lárnach an cuspóir atá leo.

2.   Áiritheoidh contrapháirtí lárnach go gcomhlíonfar cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn leanúnach agus go mbeidh fáil go tráthúil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an measúnú sin. Déanfaidh contrapháirtí lárnach, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhlíonadh an Airteagail seo a bheith á dhéanamh ag a chomhaltaí imréitigh.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais breise agus an cumas oibríochtúil atá de dhíth chun an ghníomhaíocht seo a dhéanamh ag comhaltaí imréitigh a dhéanann idirbhearta a imréiteach thar ceann a gcliant. Le rialacha an chontrapháirtí lárnaigh maidir le comhaltaí a imréiteach, ceadófar dó buneolas a bhailiú chun na comhchruinnithe riosca ábhartha a bhaineann le seirbhísí a sholáthar do chliaint a shainaithint, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a bhainistiú. Cuirfidh comhaltaí imréitigh, arna iarraidh sin dóibh, an contrapháirtí lárnach ar an eolas faoi na critéir agus na socruithe a ghlacann siad ionas go mbeidh fáil ag a gcliaint ar sheirbhísí an chontrapháirtí lárnaigh. Leanfaidh an fhreagracht chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cliaint a n-oibleagáidí de bheith ag na comhaltaí imréitigh.

4.   Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.

5.   Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú do chomhaltaí imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar údar cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach.

6.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach dualgais bhreise shonracha a fhorchur ar chomhaltaí imréitigh, amhail a bheith rannpháirteach i gceantanna maidir le suíomh comhalta imréitigh mhainneachtana. Beidh oibleagáidí breise den chineál sin cionmhar leis an riosca atá tugtha ag an gcomhalta imréitigh agus ní chuirfidh siad srian leis na catagóirí comhaltaí imréitigh ar féidir leo a bheith rannpháirteach.

Airteagal 38

Trédhearcacht

1.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach agus a chomhaltaí imréitigh go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Nochtfaidh siad na praghsanna ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ligfidh contrapháirtí lárnach dá chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, dá gcliaint rochtain leithleach a bheith acu ar na seirbhísí ar leith a chuirtear ar fáil.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach cuntas go leithleach i dtaobh chostas agus ioncaim na seirbhísí a sholáthraítear agus nochtfaidh sé an fhaisnéis sin don údarás inniúil.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint.

3.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach dá chomhaltaí imréitigh agus dá údarás inniúil an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh.

Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme díorthaigh arna himréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach ar bhonn comhiomlán.

4.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé le hidirghníomhú le tríú páirtithe, lena n-áirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7.

5.   Foilseoidh contrapháirtí lárnach go poiblí aon sáruithe a dhéanfaidh comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin sa chás ina measann an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, gur bagairt a bheadh sa nochtadh sin don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín an mhargaidh agus mura gcuirfeadh nochtadh den chineál sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol mór nó mura ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 39

Leithscaradh agus iniomparthacht

1.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin.

2.   Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliant (“leithscaradh cliant comhthiomsaithe”).

3.   Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh, i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas cliaint a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais cliant eile (“leithscaradh cliant aonair”). Arna iarraidh sin air, tairgfidh an contrapháirtí lárnach do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina n-ainm féin nó do chuntais a gcliant.

4.   Coimeádfaidh comhalta imréitigh lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis sna cuntais a choimeádtar leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chuntais féin araon a shócmhainní agus a shuíomhanna a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntas a chliant ag an gcontrapháirtí lárnach.

5.   Tairgfidh comhalta imréitigh dá chliaint, ar a laghad, an rogha idir “leithscaradh cliant comhthiomsaithe” agus "leithscaradh cliaint aonair" agus cuirfidh sé ar an eolas iad maidir leis na costais agus an leibhéal cosaint dá dtagraítear i mír 7 a bhaineann le gach rogha. Déanfaidh an cliant a rogha a dhearbhú i scríbhinn.

6.   I gcás ina nglacann cliant leithscaradh cliant aonair, déanfar aon éarlais iomarcach a bheidh sa bhreis ar riachtanas an chliaint a chur suas chuig an gcontrapháirtí lárnach agus go ndéanfaí é a idirdhealú ó éarlaisí cliant eile nó ó chomhaltaí imréitigh eile agus ní dhéanfar iad a nochtadh do chaillteanais a nasctar le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.

7.   Nochtfaidh contrapháirtithe lárnacha agus na comhaltaí imréitigh go poiblí na leibhéil cosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann siad ar fáil agus tairgfidh siad na seirbhísí sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Sna mionsonraí maidir leis na leibhéil éagsúla leithscartha, áireofar cur síos ar na príomhimpleachtaí dlíthiúla maidir leis na leibhéil leithscartha faoi seach a bheidh á dtairiscint, lena n-áirítear an dlí dócmhainneachta atá infheidhme sna dlínsí lena mbaineann.

8.   Beidh ceart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach a bhainfidh leis na héarlaisí nó leis na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana a bailíodh trí shocrú comhthaobhach airgeadais urrúis, laistigh de bhrí Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (31) ar choinníoll go bhforáiltear dó sin lena rialacha oibriúcháin. Déanfaidh an comhalta imréitigh a dhearbhú i scríbhinn go mbeidh glactha aige leis na rialacha oibriúcháin. Nochtfaidh an contrapháirtí lárnach go poiblí an ceart úsáide sin a dhéanfar a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 47.

9.   Comhlíontar an ceanglas sócmhainní agus suíomhanna a idirdhealú i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach má chloítear leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

taifeadtar na sócmhainní agus suíomhanna i gcuntais leithleacha;

(b)

cuirtear cosc ar shuíomhanna a thaifeadtar ar chuntais éagsúla a ghlanadh;

(c)

ní nochtar na sócmhainní lena gcumhdaítear na suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas do chaillteanais atá nasctha le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.

10.   Tagraítear le sócmhainní do chomhthaobhacht a choimeádtar chun suíomhanna a chumhdach agus áirítear leo an ceart chun sócmhainní atá coibhéiseach leis an gcomhthaobhacht sin nó an ceart i leith na bhfáltas a thig as réadú aon chomhthaobhachta a aistriú, ach ní áirítear leo ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana.

CAIBIDIL 3

Ceanglais Stuamachta

Airteagal 40

Neamhchosaint a bhainistiú

Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí ar chontrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach. Is ar bhonn costais réasúnaigh a dhéanfar é sin.

Airteagal 41

Ceanglais éarlaise

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh, agus, nuair is iomchuí, ó chontrapháirtithe lárnacha lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo. Beidh na héarlaisí sin leordhóthanach chun neamhchosaintí féideartha a mheasann an contrapháirtí lárnach a thiocfaidh chun cinn roimh leachtú na suíomhanna ábhartha a chlúdach. Beidh siad leordhóthanach freisin chun caillteanais a chumhdach a eascraíonn as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais cuí agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar chontrapháirtithe lárnacha lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfaidh contrapháirtí lárnach faireachán go tráthrialta ar leibhéil a éarlaisí, agus, más gá sin, athbhreithniú orthu chun coinníollacha reatha an mhargaidh a léiriú agus aon iarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh a bheith ag na hiarmhairtí sin á gcur san áireamh.

2.   Glacfaidh contrapháirtí lárnach samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léireoidh saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus a dhéanfaidh an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt a chur san áireamh. Deimhneoidh an t-údarás inniúil na samhlacha agus na paraiméadair agus beidh siad faoi réir tuairime i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú laistigh de lá amháin, ar a laghad nuair a shárófar tairseacha réamhshainithe.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú a bheidh leormhaith chun an riosca a eascróidh ó na suíomhanna atá cláraithe i ngach cuntas atá á choimeád i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hionstraimí airgeadais sonracha a chlúdach. Féadfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ríomh maidir le punann ionstraimí airgeadais ar choinníoll gur stuama agus daingean í an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar síos an céatadán iomchuí agus an tréimhse ionchais iomchuí i gcomhair tréimhse leachtachta agus i gcomhair ríomh na luaineachta stairiúla, dá dtagraítear i mír 1, a bheidh le breithniú le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais, agus an cuspóir chun comhthimthriallacht a theorannú á chur san áireamh, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na cleachtais um éarlaisiú punainne dá dtagraítear i mír 4 a chur chun feidhme.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 42

Ciste mainneachtana

1.   D'fhonn a neamhchosaintí creidmheasa a theorannú níos mó dá chomhaltaí imréitigh, coinneoidh contrapháirtí lárnach ciste mainneachtana réamh-mhaoinithe chun caillteanais ag eascairt as mainneachtain a chlúdach, ar caillteanais iad lena sáraítear na caillteanais atá le clúdach ag ceanglais éarlaise atá leagtha síos in Airteagal 41, lena n-áirítear nós imeachta dócmhainneachta comhalta imréitigh amháin nó níos mó a oscailt.

Suífidh an contrapháirtí lárnach méid íosta nach rachaidh méid an chiste mainneachtana, ar aon chúinse, faoina bhun.

2.   Socróidh contrapháirtí lárnach íosmhéid na ranníocaíochtaí i leith an chiste mainneachtana agus na critéir chun ranníocaíochtaí comhaltaí imréitigh aonair a ríomh. Beidh na ranníocaíochtaí i gcomhréir le neamhchosaintí gach aon chomhalta imréitigh.

3.   Cuirfear ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh ar a laghad leis an gciste mainneachtana, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí. Déanfaidh contrapháirtí lárnach forbairt ar chásanna de dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte. Cuimseofar leis na cásanna sin na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Cuirfear san áireamh leo acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh.

4.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach níos mó ná ciste mainneachtana amháin a bhunú le haghaidh na n-aicmí éagsúla ionstraimí a dhéanann sé a imréiteach.

5.   D'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an creat chun dálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte dá dtagraítear i mír 3 a shainiú, ar cheart iad a úsáid agus méid an chiste mainneachtana agus na n-acmhainní eile airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 43 á sainmhíniú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43

Acmhainní eile airgeadais

1.   Coinneoidh contrapháirtí lárnach acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe ar fáil chun caillteanais a d'fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, ar caillteanais iad lena sárófaí na caillteanais atá le cumhdach ag na ceanglais éarlaise amhail dá dtagraítear in Airteagal 41 agus an ciste mainneachtana amhail dá dtagraítear in Airteagal 42. Áireofar leis na hacmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe sin acmhainní tiomnaithe an chontrapháirtí lárnaigh. Beidh siad sin ar fáil gan srian don chontrapháirtí lárnach agus ní úsáidfear iad chun an caipiteal a cheanglaítear faoi hAirteagal 16 a sholáthar.

2.   Cuirfidh an ciste mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 agus na hacmhainní airgeadais eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh i gcónaí mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith, ar a laghad, a sheasamh faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte.

3.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach a chur de cheangal ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana cistí breise a sholáthar má mhainníonn comhalta imréitigh eile. Beidh neamhchosaintí teoranta i leith an contrapháirtí lárnaigh ag comhaltaí imréitigh an chontrapháirtí sin.

Airteagal 44

Rialuithe riosca leachtachta

1.   Beidh rochtain ag contrapháirtí lárnach an t-am ar fad ar leachtacht leordhóthanach chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh. Chuige sin, gheobhaidh sé na línte creidmheasa nó socruithe dá samhail atá de dhíth chun a riachtanais leachtachta a chlúdach ar eagla nach féidir teacht láithreach bonn ar na sócmhainní airgeadais atá ar fáil dó. Ní dhéanfaidh comhalta imréitigh, máthairghnóthas nó fochuideachta an chomhalta imréitigh níos lú ná 25 % de na línte creidmheasa atá de dhíth ón gcontrapháirtí lárnach a sholáthar.

Tomhaisfidh contrapháirtí lárnach, ar bhonn laethúil, na riachtanais leachtachta a d'fhéadfadh a bheith aige. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta a bheadh ann tar éis mhainneachtain an dá chomhalta imréitigh ar a laghad, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith.

2.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an creat le haghaidh bhainistiú an riosca leactachtachta a sheasfaidh an contrapháirtí lárnach i gcomhréir le mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 45

Mainneachtain i bhfoirm chascáide

1.   Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbainfidh sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chlúdach.

2.   I gcás nach leor na héarlaisí a chuireann an comhalta imréitigh mainneachtana suas chun na caillteanais arna dtabhú ag contrapháirtí lárnach a chlúdach, bainfidh an contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíocht an chomhalta mhainneachtana i leith an chiste mainneachtana chun na caillteanais sin a chlúdach.

3.   Ní bhainfidh contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus aon acmhainní eile airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 43(1) go dtí go mbeidh ranníocaíochtaí an chomhalta imréitigh mhainneachtana ídithe aige.

4.   Bainfidh contrapháirtí lárnach úsáid as acmhainní dílse tiomnaithe sula n-úsáidfidh sé na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana. Ní bheidh cead ag contrapháirtí lárnach na héarlaisí a chuireann comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana suas a úsáid chun caillteanais a eascraíonn as mainneachtain comhalta imréitigh eile a chlúdach.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh agus chothabháil an méid d'acmhainní dílse an chontrapháirtí lárnaigh atá le húsáid i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 46

Ceanglais maidir le comhthaobhacht

1.   Glacfaidh contrapháirtí lárnach le comthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chlúdach. Maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais, féadfaidh contrapháirtí lárnach ráthaíochtaí bainc a ghlacadh, agus ráthaíochtaí den sórt sin á gcur san áireamh agus a neamhchosaint ar bhanc ar comhalta imréitigh é á ríomh aige. Cuirfidh sé caolchorrlaigh leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le luachanna sócmhainne a léireoidh go bhféadfaidh laghdú teacht ar luach thar an tréimhse idir a luacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go ndéanfar iad a leachtú. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta tar éis mhainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus comhchruinniú riosca ar shócmhainní áirithe, rud a d'fhéadfadh bunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha a chur faoi deara.

2.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach, nuair is iomchuí agus nuair is ciallmhar a dhóthain, glacadh leis an ábhar is bunús leis an gconradh díorthach nó leis an ionstraim airgeadais a thionscnaíonn neamhchosaint an chontrapháirtí lárnaigh mar chomhthaobhacht chun a cheanglais éarlaise a chlúdach.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, le BERS agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar:

(a)

an cineál comhthaobhachta ar féidir é a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus, bannaí faoi chumhdach,

(b)

na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1; agus,

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfar na ráthaíochtaí bainc thráchtála a ghlacadh mar chomhthaobhacht faoi mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Beartas infheistíochta

1.   Ní infheisteoidh contrapháirtí lárnach a acmhainní airgeadais ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

2.   Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí lárnaigh, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 1, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 16(2) nó Airteagal 45(4).

3.   Déanfar ionstraimí airgeadais a chuirfear suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, le hoibreoirí córais socraíochta urrús lena n-áirithítear lánchosaint na n-ionstraimí airgeadais sin. Mar mhalairt rogha, féadfar socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid.

4.   Déanfar taiscí in airgead tirim de chuid contrapháirtí lárnaigh trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó, mar rogha air sin, trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid banc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuirfidh na bainc cheannais ar fáil.

5.   I gcás ina dtaiscfidh contrapháirtí lárnach sócmhainní le tríú páirtí, déanfaidh sé a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an chontrapháirtí lárnaigh nó sócmhainní an tríú páirtí trí bhíthin cuntais lena ngabhann teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbainfear an leibhéal céanna cosanta amach. Beidh rochtain phras ag contrapháirtí lárnach ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá.

6.   Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach a chaipiteal ná na suimeanna ag eascairt as na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 41, 42, 43 nó 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta ná a fhochuideachta.

7.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaintí foriomlána ar riosca creidmheasa i leith féichiúnaithe aonair san áireamh nuair a bheidh a chinntí infheistíochta á ndéanamh aige agus áiritheoidh sé go bhfanfaidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca i leith aon fhéichiúnaí ar leith laistigh de theorainneacha comhchruinnithe inghlactha.

8.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM agus CEBC, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 1, na socruithe an-urraithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 7.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48

Nósanna imeachta mainneachtana

1.   Beidh nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach a bheidh le leanúint i gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta imréitigh ceanglais rannpháirtíochta an chontrapháirtí lárnaigh atá leagtha síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach. Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach cuntas mionsonraithe ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás nach bhfógraíonn contrapháirtí lárnach mainneachtain comhalta imréitigh. Déanfar na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach beart pras chun brúnna leachtachta agus caillteanais ag eascairt as mainneachtanna a shrianadh agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú.

3.   I gcás ina measfaidh contrapháirtí lárnach nach mbeidh an comhalta imréitigh in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh amach anseo, cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras sula bhfógraítear nó sula dtionscnaítear an nós imeachtaí mainneachtana. Cuirfidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin in iúl go pras do ÚEUM, do chomhaltaí ábhartha CEBC agus don údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhalta imréitigh mhainneachtana.

4.   Fíoróidh contrapháirtí lárnach gur féidir a nósanna imeachta mainneachtana a fhorfheidhmiú. Glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú nó a aistriú.

5.   I gcás ina ndéanfar a thaifeadadh i dtaifid agus i gcuntais contrapháirtí lárnaigh go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á gcoimeád do chuntas le haghaidh cliant atá ag comhalta imréitigh mhainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39 (2), tabharfaidh an contrapháirtí lárnach, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh dé leis na nósanna imeachta chun na sócmhainní agus suíomhanna atá i seilbh an chomhalta imréitigh mhainneachtana do na cuntais le haghaidh a chliant a aistriú chuig comhalta imréitigh eile a ainmneoidh na cliaint sin go léir, arna iarraidh sin do na cliaint, agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mhainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile na sócmhainní agus na suíomhanna sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh sin go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear i rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, féadfaidh sé na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna atá i seilbh an chomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh a chliant a leachtú.

6.   I gcás ina ndéanfar a thaifeadadh i dtaifid agus i gcuntais contrapháirtí lárnaigh go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á sealbhú do chuntas le haghaidh cliant atá ag comhalta imréitigh mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39(3), tabharfaidh an contrapháirtí lárnach, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh sé na nósanna imeachta chun na sócmhainní agus na suíomhanna a bheidh á sealbhú ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a aistriú chuig comhalta imréitigh eile a ainmneoidh an cliant, arna iarraidh sin don chliant, agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mhainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile na sócmhainní agus na suíomhanna sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh sin go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear i rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, féadfaidh sé na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna atá ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a leachtú.

7.   Úsáidfear comhthaobhacht cliant a idirdhealaítear i gcomhréir le hAirteagal 39(2) agus (3) go heisiach chun na suíomhanna a shealbhaítear dá gcuntais a chumhdach. Aon iarmhéid a bheidh dlite ag an gcontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach an próiseas bainistithe mainneachtana i leith comhalta imréitigh a chríochnú, tabharfar ar ais do na cliaint sin é gan stró i gcás inarb eol don chontrapháirtí lárnach cé hiad féin, agus murarb eol tabharfar ar ais é don chomhalta imréitigh do na cuntais le haghaidh a chliant.

Airteagal 49

Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach athbhreithniú rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a solúbthacht faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas agus déanfaidh sé aistástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas. Gheobhaidh an contrapháirtí bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ÚEUM ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé a mbailíochtú uathu sula nglacfar aon athrú suntusach ar na samhlacha agus ar na paraiméadair.

Beidh na samhlacha glactha agus na paraiméadair ghlactha, lena n-áirítear aon athrú suntasach orthu, faoi réir tuairime ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.

Áiritheoidh ÚEUM go dtabharfar an fhaisnéis maidir le torthaí na dtastálacha struis do na ÚMEanna chun iad a chumasú neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na gcontrapháirtithe lárnacha a mheasúnú.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach tástáil rialta ar phríomhghnéithe a nósanna imeachta mainneachtana agus glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go dtuigfidh na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbeidh socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt do theagmhas mainneachtana.

3.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bhainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis a dtagraítear dóibh i mír 1 a dhéanamh.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, na húdaráis inniúla ábhartha eile agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d'ionstraimí airgeadais agus punanna;

(b)

rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;

(c)

minicíocht na dtástálacha;

(d)

tréimhse ionchais na dtástálacha;

(e)

an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 50

Socraíocht

1.   Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as airgead bainc cheannnais, sa chás ina mbeidh sé praiticiúil agus nuair a bheidh a leithéid ar fáil, chun a chuid idirbhearta a shocrú. I gcás nach n-úsáidfear airgead bainc cheannais, déanfar bearta chun srian dian a chur le rioscaí um shocraíocht airgid thirim

2.   Tabharfaidh contrapháirtí lárnach le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear an bhfuil sé d'oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus an slánaíonn sé na rannpháirtithe le haghaidh caillteanas a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta.

3.   I gcás ina bhfuil oibleagáid ar chontrapháirtí lárnach ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh, déanfaidh sé an príomhriosca a dhíchur trí shásraí maidir le seachadadh in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir.

TEIDEAL V

SOCRUITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA

Airteagal 51

Socruithe idir-inoibritheacha

1.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach socrú idir-inoibritheachta a dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile má chomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52, in Airteagal 53 agus in Airteagal 54.

2.   Nuair atá socrú idir-inoibritheachta á dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile d'fhonn seirbhísí a chur ar fáil go hionaid trádála ar leith, beidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an gcontrapháirtí lárnach ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála áirithe sin a mhéid a chomhlíonann an contrapháirtí lárnach sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an ionad trádála agus ar an gcóras socraíochta ábhartha.

3.   Nuair a bhítear ag déanamh socrú idir-inoibritheachta nó ag rochtain fotha sonraí nó córas socraíochta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní dhíúltófar dó nó ní chuirfear aon srian i bhfeidhm go díreach nó go hindíreach, ach amháin chun aon riosca a eascraíonn ón socrú nó ón rochtain sin a rialú.

Airteagal 52

Bainistiú riosca

1.   Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:

(a)

beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;

(b)

comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;

(c)

rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;

(d)

an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.

Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis.

Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.

2.   Nuair nach ionann na córais bhainistithe riosca a úsáideann na contrapháirtithe lárnacha chun a neamhchosaint ar a gcomhaltaí imréitigh nó a neamhchosaintí frithpháirteacha a chumhdach, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha na difríochtaí sin a aithint, déanfaidh siad measúnú ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, agus déanfaidh siad bearta, lena n-áirítear acmhainní breise airgeadais a fháil, a dhéanfaidh maolú ar an tionchar a bheidh acu ar na socruithe idir-inoibritheachta mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith acu ó thaobh riosca tadhlachta agus áiritheoidh siad nach mbeidh tionchar ag na difríochtaí sin ar chumas gach contrapháirtí lárnaigh iarmhairtí mainneachtana comhalta imréitigh a bhainistiú.

3.   Is ar an gcontrapháirtí lárnacha a iarann idir-inoibritheacht nó rochtain a bheidh aon chostais ghaolmhara a eascraíonn as mír 1 agus mír 2, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

Airteagal 53

Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna a shealbhaítear do chuntas na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbeidh sé ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta.

2.   Mura gcuirfidh contrapháirtí lárnach a dhéanfaidh socrú idir-inoibritheachta le contrapháirtí lárnach eile ach éarlaisí tosaigh ar fáil faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais urrúis, ní bheidh aon cheart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach is faighteoir maidir leis na héarlaisí a chuirfidh an contrapháirtí lárnach eile ar fáil.

3.   Déanfar comhthaobhacht i bhfoirm ionstraimí airgeadais a thaisceadh le hoibreoirí na gcóras socraíochta urrús a dtugtar fógra dóibh faoi Threoir 98/26/CE.

4.   Ní bheidh na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar fáil don chontrapháirtí lárnach is faighteoir ach i gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a chuirfidh an chomhthaobhacht ar fáil i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta.

5.   I gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a fhaigheann an chomhthaobhacht i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta, tabharfar an chomhthaobhacht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar ais don chontrapháirtí lárnach is soláthróir.

Airteagal 54

Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas

1.   Ní mór formheas roimh ré a fháil ó údaráis inniúla na gcomhpháirtithe lárnacha lena mbaineann chun socrú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Beidh feidhm ag an nós imeachta de bhun Airteagal 17.

2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla formheas don socrú idir-inoibritheach ach amháin sa chás gur údaraíodh na contrapháirtithe lárnacha lena mbaineann chun imréiteach a dhéanamh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 nó gur tugadh aitheantas dóibh faoi Airteagal 25 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad, na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52 agus go gceadaíonn na coinníollacha teicniúla maidir le hidirbhearta a imréiteach faoi théarmaí an chomhaontaithe do na margaí airgeadais feidhmiú go réidh ordúil agus nach mbaineann an socrú an bonn d'éifeacht na maoirseachta.

3.   I gcás ina measann údarás inniúil nach gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos i mír 2, tabharfaidh sé mínithe i scríbhinn maidir lena chomaoineacha riosca do na húdaráis inniúla agus do na comhpháirtithe lárnacha eile lena mbaineann. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas freisin, agus eiseoidh sé sin tuairim ar bhailíocht éifeachtach na gcomaoineacha riosca mar fhorais chun an comhaontú idir-inoibritheachta a dhiúltú. Cuirfear tuairim ÚEUM ar fáil do na contrapháirtithe lárnacha ar fad lena mbaineann. I gcás ina bhfuil difear idir tuairim ÚEUM agus an measúnú a rinne an t-údarás inniúil ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil sin machnamh ar a chás arís, agus tuairim ÚEUM á chur san áireamh aige.

4.   Eiseoidh ÚEUM treoirlínte nó moltaí faoin 31 Nollaig 2012 d'fhonn measúnuithe comhsheasmacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú maidir le socruithe idir-inoibritheachta, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Ullmhóidh ÚEUM dréachtaí do na treoirlínte nó na moltaí sin tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC.

TEIDEAL VI

STÓRTHA TRÁDÁLA A CHLÁRÚ AGUS MAOIRSEACHT A DHÉANAMH ORTHU

CAIBIDIL 1

Coinníollacha agus Nósanna Imeachta maidir le stór trádála a chlárú

Airteagal 55

Stór trádála a chlárú

1.   Cláróidh stór trádála é féin le ÚEUM chun críocha Airteagal 9.

2.   Chun a bheith incháilithe a bheith cláraithe faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór trádála duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i dTeideal VII.

3.   Beidh éifeacht le clárú stóir thrádála i gcríoch iomlán an Aontais.

4.   Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe coinníollacha an chlárúcháin i gcónaí. Tabharfaidh stór trádála fógra, gan aon mhoill mhíchuí, do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.

Airteagal 56

Iarratas ar chlárúchán

1.   Cuirfidh stór trádála iarratas ar chlárú faoi bhráid ÚEUM.

2.   Laistigh de 20 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas, déanfaidh ÚEUM measúnú faoina bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine.

Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm mhír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar formáid an iarratais ar chlárú chuig ÚEUM.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 57

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú

1.   Más eintiteas atá cláraithe nó údaraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe é an stór trádála a bhfuil iarratas ar chlárú á dhéanamh aige, tabharfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil sin sula ndéanfar an stór trádála a chlárú.

2.   Malartóidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis go léir a bheidh riachtanach chun an stór trádála a chlárú mar aon le maoirseacht a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas na coinníollacha a ghabhann lena chlárú nó lena údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 58

An t-iarratas a scrúdú

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 56(2) a fháil, an t–iarratas ar chlárú a scrúdú bunaithe ar an gcaoi a gcomhlíonann an stór trádála Airteagal 78 go hAirteagal 81 agus déanfaidh sé cinneadh a bheidh lán-réasúnaithe é a chlárú nó diúltú don iarratas.

2.   Tiocfaidh an Cinneadh arna eisiúint ag ÚEUM de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 59

Fógra a thabhairt faoin chinntí ÚEUM i ndáil le clárú

1.   Sa chás ina nglacann ÚEUM cinneadh clárú a dhéanamh, nó cinneadh clárú a dhiúltú nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra don stór trádála laistigh de chúig lá oibre mar aon le míniú lán-réasúnaithe faoina chinneadh.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan aon mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoina chinneadh.

2.   Cuirfidh ÚEUM aon chinneadh a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta na stór trádála atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 60

Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61 go hAirteagal 63 a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d'aon oifigeach nó d'aon duine eile a údaróidh ÚEUM faoi Airteagal 61 go hAirteagal 63, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 61

Iarraidh ar fhaisnéis

1.   Féadfaidh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar stórtha trádála agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na stórtha trádála feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)

cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus

(f)

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

3.   Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)

sonróidh sé na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éileofar tugtha ar aird go neamhiomlán;

(f)

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus

(g)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí a údaraítear go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.

Airteagal 62

Imscrúduithe ginearálta

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)

cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)

aon duine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t-údarú sin freisin na tráthíocaíochtaí pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile a éilítear ná freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (b) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) mícheart nó míthreorach.

3.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4.   In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ón ÚEUM, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5.   Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, cuirfear iarratas isteach ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar údarú den sórt sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 63

Cigireachtaí ar an láthair

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó nó ar thalamh na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 62(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

4.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. Déanfaidh ÚEUM na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

5.   Arna iarraidh sin ag ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha agúdarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Chuige sin, téachtfaidh siad na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

6.   Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1) a chur i gcrích thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1).

7.   I gcás ina n-aimsíonn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir dlí náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

9.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a fhíorú go bhfuil an cinneadh ón ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh an iarraidh sin ar mhínithe mionsonraithe go sonrach leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 64

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1.   Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i maoirseacht, ná sa phróiseas clárúcháin an stóir thrádala lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 60.

Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

3.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chinntí ach ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.

4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe. Beidh siad i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholófar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda lena ndéantar difear do thríú páirtithe.

5.   Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 67, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta ag na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 73 agus déanfaidh sé fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 65.

6.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

7.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82.

8.   Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é go bhfaigheann, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 65

Fíneálacha

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Measfar go ndearna stór trádála sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an stór trádála nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.   Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 20 000;

(b)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) go pointe (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000.

Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún.

3.   Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fhachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an stór trádála tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh stóir thrádála, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 66

Tráthíocaíochtaí pionósacha

1.   Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur d'fhonn iallach a chur:

(a)

ar stór trádála chun deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 73(1)(a); nó

(b)

ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 61(1):

(i)

chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 61; nó

(ii)

chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 62;

(iii)

chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 63.

2.   Beidh tráthíocaíocht phionósach éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear na tráthíocaíochtaí pionósacha de réir gach lá moille.

3.   D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an tráthíocaíocht phionósach.

4.   Déanfar tráthíocaíocht phionósach a ghearradh ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ón ÚEUM a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, déanfaidh ÚEUM an beart a athbhreithniú.

Airteagal 67

Daoine lena mbaineann a éisteacht

1.   Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le fíneáil nó tráthíocaíocht faoi Airteagal 65 agus Airteagal 66, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM.

Airteagal 68

Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha

1.   Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht thréimhsiúil phionóis a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66.

3.   I gcás ina gcinnnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4.   Beidh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí a fhorchuirfear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 in-fhorfheidhmithe.

Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios do ÚEUM agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

5.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na dtráthíocaíochtaí pionósacha a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

Airteagal 69

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚEUM fíneáil nó tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.

Airteagal 70

Leasuithe ar Iarscríbhinn II

Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.

Airteagal 71

Clárúchán a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 73, déanfaidh ÚEUM clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar i gcás maidir leis an stór trádála:

(a)

go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair sé an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)

nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;

2.   Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoi chinneadh chun clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar.

3.   Más rud é go measann an t-údarás inniúil i mBallstát ina gcuireann an stór trádála a sheirbhísí ar fáil agus ina mbíonn sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, féadfaidh sé a iarraidh ar ÚEUM scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar, cuirfidh sé cúiseanna iomlána ar fáil.

4.   Is é an t-údarás arna ainmniú faoi Airteagal 22 é an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 72

Táillí maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárú agus maoirseacht stórtha trádála agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 74.

2.   Cumhdóidh méid na táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin go léir a thabhóidh ÚEUM dá ghníomhaíochtaí clárúcháin agus maoirseachta agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir thrádála lena mbaineann.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú tuilleadh.

Airteagal 73

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú;

(b)

fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 65;

(c)

fógraí poiblí a eisiúint;

(d)

mar rogha dheiridh, clárúchán an stóir thrádála a tharraingt siar.

2.   Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)

ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;

(c)

cibé acu atá baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, atá sí éascaithe nó atá sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;

(d)

an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

3.   Déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don stór trádála lena mbaineann agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a láithreán gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglacfar é.

Nuair atá a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an stór trádála lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 74

Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.   I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63(6) a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)

an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM

3.   I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

4.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5.   Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn ar chumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a sheoladh agus a mhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.

CAIBIDIL 2

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 75

Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:

(a)

go gcomhlíontar leis na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(b)

go bhfuil na stórtha trádála faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin; agus

(c)

go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

2.   I gcás inarb iomchuí, agus tar éis gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú leis na tríú tíortha ábhartha faoi rochtain fhrithpháirteach ar chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin, nó faisnéis a mhalartú fúthu, ar bhealach ina n-áirithítear go mbeidh rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú.

3.   Tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt chun críche, agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha ábhartha. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra i gcomhair malartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo de pháirt amháin agus le húdaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann den pháirt eile; agus

(b)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

4.   Cuirfidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír i bhfeidhm.

Airteagal 76

Socruithe comhair

Féadfaidh údaráis ábhartha tríú tíortha nach bhfuil aon stórtha trádála bunaithe ina ndlínse dul i dteagmháil le ÚEUM d'fhonn socruithe comhair le haghaidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála.

Féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis ábhartha sin maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais go bhfuil gá ag na húdaráis sin a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.

Airteagal 77

Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála

1.   Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 9 ach amháin má thugann ÚEUM aitheantas don stór trádála sin i gcomhréir le mír 2.

2.   Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:

(a)

atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;

(b)

go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus

(c)

go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.

Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.

TEIDEAL VII

CEANGLAIS A BHAINEANN LE STÓRTHA TRÁDÁLA

Airteagal 78

Ceanglais ghinearálta

1.   Beidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, ag stór trádála, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar aon nochtadh ar fhaisnéis atá faoi rún.

2.   Déanfaidh stór trádála socruithe eagraíochtúla agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a choimeád agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena bhainisteoirí, a fhostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leis trí dhlúthnaisc a aithint agus a bhainistiú.

3.   Cuirfidh stór trádála beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun go gcomhlíonfaidh sé féin agus a chuid bainisteoirí agus fostaithe forálacha uile an Rialacháin seo.

4.   Coinneoidh stór trádála struchtúr eagrúcháin leordhóthanach ar bun agus feidhmeoidh sé é chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

5.   I gcás ina dtairgfidh stór trádála seirbhísí coimhdeacha ar bith, amhail deimhniú trádála, comhoiriúnú trádála, seirbhísiú teagmhas creidmheasa, seirbhísí um réiteach punainne nó seirbhísí um chomhbhrú punainne, coimeádfaidh an stór trádála na seirbhísí coimhdeacha sin, ón taobh oibríochtúil de, ar leithligh ón bhfeidhm atá ag an stór trádála taifid de dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.

6.   Beidh a ndóthain scileanna agus taithí ag lucht bainistíochta sinsearaí stóir thrádála agus ag comhaltaí an bhoird, agus an oiread sin dea-cháil orthu agus an oiread sin taithí acu lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála.

7.   Beidh ceanglais chuspóireacha, neamh-idirdhealaitheacha ag an stór trádála, ar ceanglais iad a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9. Tabharfaidh stór trádála rochtain neamh-idirdhealaitheach do sholáthróirí seirbhísí ar fhaisnéis atá á coimeád ag an stór trádála ar choinníoll go dtabharfaidh na contrapháirtithe ábhartha cead dó é sin a dhéanamh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann do na sonraí atá á gcothabháil ag stór trádála an aidhm atá leo.

8.   Nochtfaidh stór trádála go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo. Nochtfaidh sé na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ceadóidh sé d'eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrann stór trádála ag brath ar an gcostas a bhaineann leo.

Airteagal 79

Iontaofacht oibríochtúil

1.   Aithneoidh stór trádála na foinsí riosca oibriúcháin go léir agus déanfaidh sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialtáin agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt. Beidh córais den sórt sin iontaofa agus slán agus beidh cumas leordhóthanach iontu chun an fhaisnéis go léir a fhaightear a láimhseáil.

2.   Ceapfaidh stór trádála beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d'aidhm leo a fheidhmeanna a choinneáil slán, athshlánú tráthúil a oibríochtaí, agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an stór trádála iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beidh foráil sa phlean sin do shaoráidí cúltaca a bhunú, ar a laghad.

3.   Áiritheoidh stór trádála óna bhfuil clárú tarraingte siar gur ann d'ionadú ordúil, lena n-áirítear aistriú na sonraí chuig stórtha eile trádála agus atreorú sreafaí um thuairisciú chuig stórtha eile trádála.

Airteagal 80

Coimirciú agus taifeadadh

1.   Áiritheoidh stór trádála rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 9.

2.   Ní fhéadfaidh stór trádála na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo a úsáid le haghaidh cuspóirí tráchtála ach amháin má tá cead tugtha ag na contrapháirtithe ábhartha chuige sin.

3.   Déanfaidh stór trádála an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go tapa agus cothabhálfaidh sé é ar feadh deich mbliana ó fhoirceannadh na gconarthaí bainteacha. Bainfidh sé leas as nósanna imeachta atá tráthúil agus éifeachtúil chun athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú.

4.   Déanfaidh stór trádála suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar shonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.

5.   Ceadóidh stór trádála do na páirtithe i gconradh faisnéis faoin gconradh sin a rochtain agus a cheartú go tráthúil.

6.   Déanfaidh stór trádála gach beart réasúnach le cosc a chur ar mhí-úsáid na faisnéise atá á coimeád ina chórais.

Ní dhéanfaidh duine nádúrtha a bhfuil dlúth nasc aige le stór trádála nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthas nó fochuideachta aige nó aici leis an stór trádála, faisnéis rúnda arna taifeadadh i stór trádála a úsáid chun críocha tráchtála.

Airteagal 81

Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí

1.   Déanfaidh stór trádála a fhoilsiú, go rialta agus ar shlí atá inrochtana go héasca, suíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach ar na conarthaí a thuairiscítear dó.

2.   Déanfaidh stór trádála sonraí a bhailiú agus a chothabháil agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain dhíreach, láithreach ag na heintitis dá dtagraítear i mír 3 ar shonraí na gconarthaí díorthacha a bhfuil gá acu leo chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

3.   Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

(a)

ÚEUM;

(b)

an BERS;

(c)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar an stór trádála;

(d)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;

(e)

comhaltaí ábhartha CEBC;

(f)

údaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 75;

(g)

na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (32);

(h)

údaráis ábhartha Aontais um urrúis agus margaí;

(i)

údaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú comhair leis an ÚEUM dá dtagraítear in Airteagal 76;

(j)

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

4.   Roinnfidh ÚEUM le húdaráis iomchuí eile an Aontais an fhaisnéis sin atá riachtanach maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear minicíocht agus mionsonraí na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 chomh maith leis na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha, agus ina sonraítear nuair is gá do na heintitis dá dtagraítear i mír 3 rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis de réir mar is gá. Beidh sé d'aidhm ag na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a áirithiú nach mbeifear in ann leis an bhfaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1 páirtí in aon chonradh a shainaithint.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 82

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

3.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ÚEUM.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) i bhfeidhm ach amháin mura rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 83

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 81(3), do ÚEUM, nó d'iniúchóirí agus saineolaithe atá faoi ordú na n-údarás inniúil nó ÚEUM. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a d'fhéadfadh na daoine sin a fháil i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine nó le húdarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfaí contrapháirtí lárnach ar leith, stór trádála ar leith nó aon duine eile a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais nó don Rialacháin seo.

2.   I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil contrapháirtí lárnach ina fhéimheach nó i gcás ina bhfuil sé á fhoirceannadh go héigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a sceitheadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá sin chun an t-imeacht a sheoladh.

3.   Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, i gcás na n-údarás inniúil, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó, i gcás údarás eile, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtoilíonn ÚEUM, an t-údarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á soláthar acu leis, féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha neamhthráchtála eile.

4.   Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Mar sin féin, ní chuirfidh na coinníollacha sin bac ar ÚEUM, ar na húdaráis inniúla, nó ar na bainc cheannais iomchuí faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le haon reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, gnóthais chomhinfheistíochta d'urrúis inaistrithe, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialáilte nó oibreoirí margaidh nó ar shlí eile le toiliú ón údarás inniúil nó ó údarás nó comhlacht nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.

5.   Ní chuirfidh mír 1, mír 2 agus mír 3 bac ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile a mhalartú nó a tharchur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 84

Malartú faisnéise

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, agus údaráis ábhartha eile, gan mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis atá de dhíth chun a ndualgais a chomhlíonadh a thabhairt dá chéile.

2.   Údaráis inniúla, ÚEUM údaráis ábhartha eile agus comhlachtaí eile nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin nuair a bheidh siad i mbun a ndualgas.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis in iúl do chomhaltaí ábhartha CEBC i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ábhartha maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 85

Tuarascálacha agus Athbhreithniú

1.   Faoin 17 Lúnasa 2015, athbhreithneoidh agus ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta maidir leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

measúnú, i gcomhar le comhaltaí an CECB, ar an ngá atá le beart ar bith lena n-éascófaí rochtain na gcontrapháirtithe lárnacha ar áiseanna leachtachta bainc cheannais;

(b)

measúnú, i gcomhar le ÚEUM agus na húdaráis earnála ábhartha, ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i ndíorthaigh thar an gcuntar, agus, go háirithe, tionchar an Rialacháin seo maidir le díorthach thar an gcuntar a bheith á n-úsáid ag gnólachtaí neamhairgeadais;

(c)

i bhfianaise thaithí agus fheidhmiú an chreata maoirseachta do na contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear éifeachtacht na gcoláistí maoirseachta, measúnú ar na modheolaíochtaí vótála faoi seach atá leagtha síos in Airteagal 19(3), agus ról ÚEUM, go háirithe le linn an phróisis udarúcháin do na conrtapháirtithe lárnacha;

(d)

i gcomhar le ÚEUM agus le BERS, éifeachtúlacht na gceanglas éarlaisithe chun comhthimthrialacht a theorannú agus an gá le haghaidh sainmhíniú a dhéanamh ar an gcumas idirghabhála sa limistéar sin a mheasúnú;

(e)

i gcomhar le ÚEUM, measúnú ar éabhlóid bheartais na gcontrapháirithe lárnacha maidir le héarlaisiú comhthaobhacha agus ceanglais um urrú agus ar oiriúnú na mbeartas sin do ghníomhaíochtaí sonracha agus do phróifílí riosca a n-úsáideoirí.

Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír cuirfear san áireamh aon toradh a bheadh ar an obair leantach idir na bainc cheannais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú freisin prionsabal neamhspleáchais na mbanc ceannais agus an ceart atá acu rochtain a chur ar fáil ar shaoráidí leachtachta dá rogha féin chomh maith leis an éifeacht gan choinne a d'fhéadfadh a bheith ann ar iompar na gcontrapháirtithe lárnacha nó ar an margadh inmheánach. Maidir le haon tograí a ghabhann leis an measúnú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú go díreach ná go hindíreach in aghaidh aon Bhallstáit nó grúpa de Bhallstáit mar ionad do sheirbhísí imréitigh.

2.   Faoin 17 Lúnasa 2014, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an ÚEÁPC, lena ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn agus an iarracht a bheidh déanta ag na contrapháirtithe lárnacha i réitigh theicniúla a fhorbairt maidir le socruithe scéimeanna pinsean de chothaobhacht neamh-airgeadais mar chorrlaigh athrúcháin a aistriú, chomh maith leis an ngá le haon bhearta chun réireach den sórt sin a éascú. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an iarracht is gá chun réitigh theicniúla iomchuí déanta agus go bhfanann éifeacht dhíobhálach na gconarthaí díorthacha a imréitítear go lárnach ar shochair scoir na bpinsinéirí a bheidh ann amach anseo gan athrú, cumhachtófar dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 an tréimhse trí bliana dá dtagraítear in Airteagal 89(1) a fhadú dhá bhliain uair amháin agus bliain uair amháin.

3.   Cuirfidh ÚEUM na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II agus go háirithe eassnamh na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar arna ndéanamh roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm;

(b)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm an nós imeachta um shainaithint faoi Airteagal 5(3);

(c)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le leithscaradh a leagtar síos in Airteagal 39;

(d)

tuarascáil ar raon feidhme na socruithe idir-inoibritheachta faoi Theideal V a leathnú chuig idirbhearta in aicmí na n-ionstraimí airgeadais seachas chuig urrúis inaistrithe agus ionstraimí margadh airgid;

(e)

tuarascáil ar rochtain contrapháirtithe lárnacha ar ionaid trádála, na héifeachtaí maidir le hiomaíochas cleachtas éagsúil, agus an tionchar ar bhlúiriú leachtachta;

(f)

tuarascáil ar riachtanais foirne agus ar riachtanais acmhainní ÚEUM a eascraíonn as a chumhachtaí agus as a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(g)

maidir leis an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm ceanglas breise ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(5).

Chun críocha mhír 1, cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2014. Déanfar iad a thíolacadh freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus le ÚEUM, agus tar éis measúnú an BERS a iarraidh, tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas ina mbeidh measúnú ar aon riosca sistéamach agus aon impleachtaí ó thaobh costais de a d'fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe idir-inoibritheachta.

Díreofar sa tuarascáil ar a laghad ar líon agus ar chastacht socruithe den sórt sin agus ar leordhóthanacht na gcóras agus na samhlacha bainistithe riosca. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Cuirfidh an BERS measúnú ar fáil don Choimisiún faoi aon riosca sistéamach a d'fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe comh-inoibritheachta.

5.   Déanfaidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir leis na pionóis a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear bearta maoirseachta, fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha.

Airteagal 86

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (33) de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 87

Leasú ar Threoir 98/26/CE

(1)   In Airteagal 9(1) de Threoir 98/26/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“I gcás inar chuir oibreoir córais urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais eile maidir le córas idir-inoibritheach, ní bheidh tionchar ag imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh an oibreora córais is faighteoir ar chearta an oibreora córais a sholáthraíonn an t-urrús comhthaobhach.”.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riarachaín is gá chun pointe (1) a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Lúnasa 2014. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi sin.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh iontu tagairt do Threoir 98/26/CE nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.

Airteagal 88

Láithreáin ghréasáin

1.   Beidh láithreán gréasáin á choimeád ag ÚEUM ina gcuirfear na mionsonraí seo a leanas ar fáil:

(a)

conarthaí atá incháilithe don oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 5;

(b)

pionóis arna bhforchur trí sháruithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11;

(c)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus an cineál seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a chur ar fáil nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;

(d)

pionóis a fhorchuirtear maidir le sáruithe ar Theideal IV agus ar Theideal V;

(e)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;

(f)

stórtha trádála atá údaraithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas;

(g)

pionóis agus fíneálacha a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 66;

(h)

an clár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Chun críocha phointe (b), phointe(c) agus phointe (d) de mhír 1, coimeádfaidh na húdaráis inniúla láithreáin ghréasáin, ar láithreáin iad a bheidh nasctha le láithreán gréasáin ÚEUM.

3.   Maidir leis na láithreáin ghréasáin go léir dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh siad inrochtana go poiblí, agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil i bhformáid shoiléir.

Airteagal 89

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4, ar feadh trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá intomhaiste go hoibiachtúil maidir le rioscaí infheistíochta a laghdú, ar conarthaí iad a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(10). Beidh feidhm ag an idirthréimhse freisin maidir le heintitis a bunaíodh chun críche cúiteamh a sholáthar do dhaoine atá páirteach i socruithe scéimeanna pinsean i gcás mainneachtana.

Maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 ar shlí eile, agus a rinne na heintitis sin i rith na tréimhse sin, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.

2.   Maidir leis na socruithe do scéimeanna pinsean dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) deonóidh an t-údarás inniúil ábhartha an díolúine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás cineálacha eintiteas nó i gcás cineálacha socruithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin iarraidh do ÚEUM agus do ÚEÁPC, tar éis dó an iarraidh a fháil. Laistigh de 30 lá féilire ón tráth a bhfaighfear an fógra, eiseoidh ÚEUM tuairim, tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚEÁPC, lena measúnófar comhlíonadh an chineáil eintiteas nó an chineáil socruithe le hAirteagal 2(10)(c) nó (d) chomh maith leis na cúiseanna a bhfuil bonn cirt leis an díolúine de bharr deacrachtaí na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil díolúine ach i gcás ina mbeidh sé lánsásta go gcomhlíonann an cineál eintiteas nó an cineál socruithe Airteagal 2(10)(c) nó (d) agus go bhfuil deacrachtaí acu na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Glacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh laistigh de dheich lá oibre tar éis tuairim ÚEUM a fháil, agus lánaird aige ar an tuairim sin. Mura n-aontaíonn an t-údarás inniúil le tuairim ÚEUM, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána ina chinneadh agus míneoidh sé aon diallas suntasach ón tuairim sin.

Foilseoidh ÚEUM, ar an láithreán gréasáin atá aige, liosta de chineálacha eintiteas agus de chineálacha socruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) a bhfuil díolúine faighte acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú tuilleadh, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar na heintitis a chuirfear san áireamh ar an liosta gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 4, 5, 8 go 11, 16, 18, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 46, 47, 49, 56 agus 81, déanfaidh sé iarratas ar údarú faoi Airteagal 14 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.

I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49 a bheith glactha ag an gCoimisiún.

4.   Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú agus aitheantas na gcontrapháirtithe lárnacha agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an contrapháirtí lárnach nó inar tugadh aitheantas dó den chontrapháirtí lárnach a mhaoirsiú.

5.   I gcás contrapháirtí lárnach a bheith údaraithe ag údarás inniúil chun aicme áirithe díorthach a imréiteach i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin údarú sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).

I gcás aitheantas a bheith tugtha ag údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin aitheantas sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).

6.   I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sna Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe chun taifid na ndíorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar chlárú faoi Airteagal 55 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.

I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach i mBallstát a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.

7.   Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le stór trádála a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú a dhéanamh ar stórtha trádála, iad a chlárú agus aitheantas a thabhairt dóibh agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an stór trádála nó inar tugadh aitheantas dó den stór trádála a mhaoirsiú.

8.   I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe chun taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula ndéanfaidh an Coimisiún na caighdeaín theicniúla rialála agus cur chun feidhme faoi Airteagal 56 agus Airteagal 81 a ghlacadh féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar cinneadh faoi chlárú an stóir thrádála faoin Rialachán seo.

I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 56 agus 81, féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go nglacfar cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don stór trádála faoin Rialachán seo.

9.   D'ainneoin Airteagal 81(3)(f), i gcás nach bhfuil aon chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm idir tríú tír agus an tAontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 75, féadfaidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil d'údaráis ábhartha an tríú tír sin go dtí 17 Lúnasa 2013, ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM.

Airteagal 90

Foireann agus acmhainní ÚEUM

Faoin 31 Nollaig 2012, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Airteagal 91

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 57, 23.2.2011, lch. 1.

(2)  IO C 54, 19.2.2011, lch. 44.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an an 29 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Iúil 2012.

(4)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(5)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(6)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(7)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(8)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(9)  IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

(10)  IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

(11)  IO L 323, 9.12.2005, lch. 1.

(12)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(13)  IO L 235, 23.9.2003, lch. 10.

(14)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(15)  IO L 110, 20.4.2001, lch. 28.

(16)  Seachtú Treoir ón gComhairle 83/349/CE an 13 Meitheamh 1983 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúthaithe (IO L 193, 18.7.1983, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena mbunaítear meicníocht chun comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a chuireann eisiúnaithe urrús i dtríú tíortha i bhfeidhm a chinneadh de bhun Theoracha 2003/71/CE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 22.12.2007, lch. 66).

(19)  Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht chaipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (IO L 177, 30.6.2006, lch. 201).

(20)  IO L 241, 2.9.2006, lch. 1.

(21)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(22)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(23)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(24)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(25)  IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.

(26)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(27)  IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.

(28)  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

(29)  IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

(30)  IO L 228, 11.8.1992, lch. 1.

(31)  IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.

(32)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.

(33)  IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1)

I.

Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(1) más rud é nach mbeidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh;

(b)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(2) más rud é nach ndéantar socruithe eagraíochtúla agus riaracháin i scríbhinn a chothabháil nó a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir lena bhainisteoirí, lena fhostaithe, nó maidir le haon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí naisc dhlútha;

(c)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(3) más rud é nach gcuirtear beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith á gcomhlíonadh;

(d)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(4) le stór más rud é nach ndéantar struchtúr eagrúcháin leordhóthanacha a chothabháil nó a oibriú chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí;

(e)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(5) más rud é nach ndeighltear go hoibríochtúil a sheirbhísí coimhdeacha óna fheidhm i ndáil le taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(f)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(6) más rud é nach n-áirithítear gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus na chomhalta an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála;

(g)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(7) más rud é nach mbíonn ceanglais chuspóireacha neamh-idirdhealaitheacha aige agus ceanglais a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag soláthróirí seirbhísí agus ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9;

(h)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(8) más rud é nach nochtar go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus más rud é nach gceadaítear rochtain ar leith d'eintitis tuairiscithe ar sheirbhísí sonracha nó más rud é go ngearrtar praghsanna agus táillí nach bhfuil bainteach leis an gcostas.

II.

Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach ndéantar foinsí riosca oibríochtúil a shainaithint ná nach ndéantar na rioscaí sin a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt;

(b)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) más rud é nach ndéantar beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil, a mbeidh sé d'aidhm leo a áirithiú go ndéanfar a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an stóir thrádála a chomhlíonadh;

(c)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(1) le stór mura n-áirithítear rúndacht, sláine nó cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 9;

(d)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(2) más rud é go n-úsáidtear na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo le haghaidh cuspóirí tráchtála sa chás nach dtugann na contrapháirtithe ábhartha a dtoiliú é sin a dhéanamh;

(e)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(3) más rud é nach ndéantar an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go pras nó trína cothabháil ar feadh deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndéanfar na conarthaí ábhartha a fhoirceannadh nó más rud é nach mbainfear leas as nósanna imeachta tráthúla agus éifeachtúla chun taifid a choimeád d'fhonn athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú;

(f)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(4) más rud é nach ndéantar suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(g)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(5) más rud é nach gceadaítear do na páirtithe i gconradh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gconradh sin agus an fhaisnéis sin a cheartú ar bhealach tráthúil;

(h)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(6) más rud é nach ndéantar gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid maidir leis an bhfaisnéis atá á coimeád ina córais.

III.

Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 81(1) más rud é nach bhfoilsítear faisnéis go rialta, agus ar shlí a bhfuil rocháin éasca air faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach i ndáil leis na conarthaí a thuairiscítear dó;

(b)

sáraítear Airteagal 81(2) le stór trádála más rud é gceadaítear rochtain dhíreach, láithreach a bheith ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a mbíonn gá acu leo lena ndualgais agus lena sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

IV.

Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 61(1) trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ón ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ón ÚEUM lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 61(3);

(b)

go gcuireann stór trádála freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil do cheisteanna a chuirtear de bhun Airteagal 62(1)(c);

(c)

nach ndéanann stór trádála in am trátha beart maoirseachta a ghlacann ÚEUM de bhun Airteagal 73 a chomhlíonadh.


IARSCRÍBHINN II

Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 65(3) a chur i bhfeidhm

Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2):

I.

Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí géaraitheacha:

(a)

i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(b)

i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;

(c)

i gcás ina nochtar leis an sárú laigí sistéamacha in eagraíocht an stóir thrádála, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;

(d)

i gcás ina bhfuil tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na sonraí a choinníonn sé, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;

(e)

i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.

(f)

i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;

(g)

i gcás nár chomhoibrigh lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

II.

Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:

(a)

i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is lú ná deich lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;

(b)

i gcás ina bhfuil lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;

(c)

i gcás inar chuir an stór trádála an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;

(d)

i gcás ina ndearna an stór trádála bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.