24.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 236/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I lár na géarchéime airgeadais i Meán Fómhair 2008, ghlac údaráis inniúla i roinnt Ballstát agus údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSeapáin bearta éigeandála chun srian nó toirmeasc a chur ar dhíol folamh i gcás urrús áirithe nó i gcás na n-urrús uile. Bhí beart á dhéanamh acu i ngeall ar imní go bhféadfaí le díol folamh, tráth a raibh éagobhsaíocht shuntasach airgeadais ann, an cor chun donais maidir le praghsanna scaireanna a dhéanamh níos measa, go háirithe in institiúidí airgeadais, ar shlí a d’fhéadfadh a n-inmharthanacht a chur i mbaol agus rioscaí sistéamacha a chruthú. Bhí na bearta a ghlac na Ballstáit éagsúil ós rud é nach bhfuil creat rialála coiteann sonrach ag an Aontas chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le díol folamh.

(2)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus na coinníollacha a bhaineann lena fheidhmiú a fheabhsú, go háirithe maidir leis na margaí airgeadais, agus le leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí a áirithiú, is iomchuí, dá bhrí sin, creat rialála coiteann a leagan síos maidir leis na ceanglais agus na cumhachtaí a bhaineann le díol folamh agus le babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus breis comhordaithe agus comhsheasmhachta a áirithiú idir Ballstáit i gcás inar gá bearta a dhéanamh i ndálaí eisceachtúla. Is gá na rialacha le haghaidh díola fholaimh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa a chomhchuibhiú chun cosc a chur ar chruthú bac i ndáil le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, toisc gur dóchúil an rud é mura ndéanfar é sin go leanfaidh Ballstáit ag déanamh beart éagsúil.

(3)

Is iomchuí agus is gá gur i bhfoirm reachtach rialacháin a bheadh na rialacha sin lena áirithiú go ndéanfar forálacha lena bhforchuirtear oibleagáidí go díreach ar pháirtithe príobháideacha maidir le glansuíomhanna gearra a bhaineann le hionstraimí áirithe agus maidir le díol folamh neamhurraithe a fhógairt agus a nochtadh a chur i bhfeidhm ar shlí chomhionann ar fud an Aontais. Tá gá le rialachán freisin chun cumhachtaí a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla a chomhordú nó bearta a dhéanamh é féin.

(4)

Ba cheart go mbeadh raon feidhme an Rialacháin seo chomh leathan agus is féidir chun foráil a dhéanamh do chreat rialála coisctheach a d’úsáidfí in imthosca eisceachtúla. Ba cheart go gclúdófaí leis an gcreat sin na hionstraimí airgeadais uile ach go ndéanfaí foráil do fhreagairt chomhréireach ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le díol folamh ionstraimí éagsúla. Is i ndálaí eisceachtúla amháin, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh údaráis inniúla agus ÚEUM i dteideal bearta a dhéanamh maidir le gach cineál ionstraime airgeadais, ar beart iad a théann níos faide ná na bearta buana nach bhfuil feidhm acu ach maidir le cineálacha áirithe ionstraimí i gcás ina bhfuil rioscaí arna sainaithint go soiléir nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

(5)

Chun deireadh a chur leis an staid ilroinnte atá ann faoi láthair ina bhfuil bearta éagsúla déanta ag roinnt Ballstát agus chun an fhéidearthacht a shrianadh go ndéanfaí údaráis inniúla bearta éagsúla, is tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as díol folamh agus as babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus é sin a dhéanamh ar shlí atá comhchuibhithe. Ba cheart go ndéanfaí leis na ceanglais a fhorchuirfear aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint gan baint go míchuí ó na sochair a thugtar le díol folamh do cháilíocht agus d’éifeachtúlacht margaí. Cé gur féidir in staideanna áirithe go mbeadh éifeachtaí dochracha aige, faoi ghnáthdhálaí margaidh tá ról tábhachtach ag díol folamh maidir le feidhmiú cuí na margaí airgeadais a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs leachtacht margaidh agus cruthaithe éifeachtúil praghsanna.

(6)

Ba cheart go n-áireofaí le tagairtí sa Rialachán seo do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha comhlachais ghnó cláraithe atá gan pearsantacht dhlítheanach.

(7)

Is dócha gur chun sochair an rialálaithe agus rannpháirtithe sa mhargadh a bheadh breis trédhearcachta i ndáil leis na glansuíomhanna gearra suntasacha in ionstraimí airgeadais sonracha. I gcás scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas, ba cheart samhail dhá leibhéal, lena bhforáiltear do thrédhearcacht bhreise glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna ar an leibhéal iomchuí, a thabhairt isteach. Ag an tairseach níos ísle, ba cheart suíomh a fhógairt go príobháideach do na rialálaithe lena mbaineann chun go gcuirfí ar a gcumas faireachán, agus imscrúdú más gá, a dhéanamh ar aon díol folamh a d’fhéadfadh rioscaí sistéimeacha a chruthú nó a d’fhéadfadh a bheith ina mhíchleachtas nó a d’fhéadfadh margaí mí-ordúla a chruthú; ag an tairseach níos airde, ba cheart na suíomhanna a nochtadh go poiblí don mhargadh chun go soláthrófaí faisnéis úsáideach faoi shuíomhanna gearra suntasacha aonair i scaireanna do rannpháirtithe eile sa mhargadh.

(8)

Ba cheart ceanglas a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt do rialálaithe faoi na glansuíomhanna gearra suntasacha a bhaineann le fiachas ceannasach san Aontas mar sholáthrófaí le fógra den sórt sin faisnéis thábhachtach a chuideodh le rialálaithe faireachán a dhéanamh i dtaobh an gcruthaíonn suíomhanna den chineál sin rioscaí sistéamacha go hiarbhír nó an bhfuil siad in úsáid go hiarbhír chun críocha míchleachtais. Ba cheart go n-áireofaí leis an gceanglas sin nochtadh príobháideach do na rialálaithe agus an méid sin amháin óir dá bhfoilseofaí faisnéis i ndáil leis na hionstraimí sin ar an margadh d’fhéadfadh éifeacht dhochrach a bheith ag an méid sin ar mhargaí fiachais cheannasaigh ina bhfuil an leachtacht lagaithe cheana féin.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais fógartha a bhaineann le fiachas ceannasach maidir leis na hionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag Ballstáit agus ag an Aontas, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta, roinn rialtais Ballstáit, gníomhaireacht Ballstáit, feithicil sainchuspóra Ballstáit, nó aon institiúid idirnáisiúnta airgeadais arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó is institiúid a eisíonn fiachas thar ceann Ballstáit nó thar ceann roinnt Ballstát, amhail an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach nó an Sásra Cobhsaíochta Eorpach is sásra ionchais. I gcás Ballstát cónaidhme, ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais fógartha maidir le hionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag comhalta den chónaidhm. Níor cheart, áfach, go mbeadh feidhm acu maidir le haon chomhlachtaí réigiúnacha eile ná aon chomhlachtaí áitiúla eile ná aon samhailchomhlachtaí poiblí eile i mBallstát a eisíonn ionstraimí fiachais. Is é cuspóir ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Aontas, tacaíocht i dtaca le comhardú na n-íocaíochtaí nó le cobhsaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit, nó chun cúnamh macra-airgeadais a sholáthar do thríú tíortha.

(10)

Chun trédhearcacht chuimsitheach agus éifeachtach a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcumhdófaí leis na ceanglais fógartha ní hamháin suíomhanna gearra arna gcruthú trí scaireanna nó fiachas ceannasach a thrádáil ar ionaid trádála ach freisin suíomhanna gearra arna gcruthú trí thrádáil lasmuigh d’ionaid trádála agus glansuíomhanna gearra arna gcruthú trí dhíorthaigh a úsáid, amhail roghanna, todhchaíochtaí, ionstraimí innéacs-ghaolmhara, conarthaí do dhifríochtaí agus raongheallta a bhaineann le scaireanna nó fiachas ceannasach.

(11)

Chun go mbeadh sé úsáideach do rialálaithe agus do mhargaí, ba cheart go soláthrófaí le haon chóras trédhearcachta faisnéis iomlán agus bheacht faoi shuíomhanna duine nádúrtha nó dhlítheanaigh. Ba cheart, go háirithe, go gcuirfí suíomhanna gearra agus fada araon san áireamh san fhaisnéis arna soláthar don rialálaí nó don mhargadh ar mhaithe le faisnéis luachmhar a sholáthar faoi ghlansuíomh gearr an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh maidir le scaireanna, fiachas ceannasach agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa.

(12)

Ba cheart aon chineál leasa eacnamaíoch atá ag duine nádúrtha nó dlítheanach i ndáil le scairchaipiteal eisithe cuideachta nó le fiachas ceannasach eisithe de chuid Ballstáit nó an Aontais a chur san áireamh freisin agus suíomhanna gearra nó fada á ríomh. Ba cheart, go háirithe, leas eacnamaíoch den sórt sin arna fháil trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as díorthaigh amhail roghanna, todhchaíochtaí, conarthaí le haghaidh difríochtaí agus raongheallta a bhaineann le scaireanna nó le fiachas ceannasach, mar aon le hinnéacsanna, bascaeid urrús agus cistí arna dtrádáil ar mhalartán a chur san áireamh freisin. I gcás suíomhanna a bhaineann le fiachas ceannasach, ba cheart babhtálacha mainneachtana creidmheasa a bhaineann le heisitheoirí fiachais cheannasaigh a bheith san áireamh freisin agus an ríomh sin á dhéanamh.

(13)

I dteannta an chórais trédhearcachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh, i gcomhthéacs a athbhreithnithe ar Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (5), i dtaobh an ndéanfaí le faisnéis a bheith á cur isteach ag cuideachtaí infheistíochta faoi dhíol folamh i dtuarascálacha idirbhirt a thugtar d’údaráis inniúla faisnéis úsáideach fhorlíontach a chur ar fáil chun go bhféadfadh údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar leibhéil dhíola fholaimh.

(14)

Is féidir, ó thaobh na heacnamaíochta de, gurb ionann babhtálacha mainneachtana creidmheasa a cheannach gan suíomh fada a bheith ann i bhfiachas ceannasach foluiteach nó in aon sócmhainní nó in aon phunann sócmhainní, nó in aon oibleagáidí nó in aon chonarthaí airgeadais a bhfuil a luach comhghaolaithe le luach an fhiachais cheannasaigh agus suíomh gearr a thógáil maidir leis an ionstraim fiachais fholuiteach. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí babhtálacha mainneachtana creidmheasa a bhaineann le hoibleagáid eisitheora fiachais cheannasaigh a áireamh agus glansuíomh gearr á ríomh i ndáil le fiachas ceannasach. Ba cheart suíomh na babhtála mainneachtana creidmheasa a chur san áireamh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil glansuíomh gearr suntasach a bhaineann le fiachas ceannasach nach mór fógra a thabhairt ina leith d’údarás inniúil ag duine nádúrtha nó dlítheanach agus ar mhaithe freisin leis an suíomh suntasach neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le heisitheoir fiachais cheannasaigh nach mór fógra a thabhairt ina leith don údarás inniúil a chinneadh.

(15)

Le go bhféadfar faireachán leanúnach a dhéanamh ar shuíomhanna, ba cheart fógra nó nochtadh a áireamh sa chóras trédhearcachta i gcás ina bhfuil athrú ar ghlansuíomh gearr ina chúis le méadú nó le laghdú os cionn nó faoi bhun tairseach áirithe.

(16)

Ar mhaithe le héifeachtacht, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag an gcóras trédhearcachta gan spleáchas don áit ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach lonnaithe, lena n-áirítear i dtríú tír, ach i gcás ina bhfuil glansuíomh gearr suntasach ag an duine sin i gcuideachta a bhfuil scaireanna dá cuid arna ligean isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas nó go bhfuil glansuíomh gearr ag an duine sin i bhfiachas ceannasach arna eisiúint ag Ballstát nó ag an Aontas.

(17)

Ba cheart nach n-áireofaí leis an sainmhíniú ar dhíol folamh comhaontú athcheannaigh idir dhá pháirtí i gcás ina ndíolann páirtí amháin urrús leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas aige an t-urrús sin a cheannach ar ais ar dháta is déanaí ar phraghas sonraithe eile ná conradh díorthach lena gcomhaontaítear urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe tráth is déanaí. Ba cheart nach n-áireofaí leis an sainmhíniú urrúis a aistriú faoi chomhaontú iasachta urrús.

(18)

Meastar uaireanta go ndéantar an riosca ionchasach atá ann le mainneachtain socraíochta nó le luaineacht a mhéadú mar gheall ar dhíol folamh neamhurraithe scaireanna agus fiachais cheannasaigh. Chun na rioscaí sin a laghdú is iomchuí srianta comhréireacha a chur ar dhíol folamh neamhurraithe ionstraimí den sórt sin. Ba cheart na socruithe mionsonraithe éagsula atá in úsáid faoi láthair le haghaidh díola fholaimh urraithe a chur san áireamh sna srianta mionsonraithe. Áirítear leo sin, mar shampla, comhaontú athcheannaigh ar leithligh ar ar a bhonn a cheannaíonn duine a bhfuil urrús á dhíol go folamh aige, urrús coibhéiseach ar ais in am trátha le gur féidir an t-idirbheart díola fholaimh a shocrú agus áirítear leo socruithe comhthaobhacha más féidir leis an nglacadóir comhthaobhachta an t-urrús a úsáid chun an t-idirbheart díola fholaimh a shocrú. Seo a leanas tuilleadh samplaí: cearta (tairiscintí) á n-eisiúint ag cuideachtaí chuig scairshealbhóirí atá ann cheana, umair iasachta agus saoráidí comhaontuithe athcheannaigh arna soláthar, mar shampla, ag ionaid trádála, ag córais imréitigh nó ag bainc cheannais.

(19)

Maidir le díol folamh neamhurraithe scaireanna, is gá do dhuine nádúrtha nó dlítheanach socrú a bheith aige le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí go bhfuil an scair aimsithe, ar rud é sin a fhágann go ndearbhaíonn an tríú páirtí gur féidir leis an scair a chur ar fáil le haghaidh socraíochta nuair a bheidh sé dlite. Chun dearbhú den sórt sin a thabhairt is gá bearta arna ghlacadh i leith tríú páirtithe ionas gur réasúnach don duine nádúrtha nó dlítheanach a bheith ag súil go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh nuair a bheidh sí dlite. Áirítear leis seo bearta amhail tríú páirtí do chionroinnt scaireanna le haghaidh iasachta nó le haghaidh ceannaigh sa tslí gur féidir socraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite. Maidir le díol folamh atá le cumhdach le ceannach na scaire le linn an lae chéanna, áirítear i mbearta den sórt sin dearbhú ón tríú páirtí go measann sé go bhfuil an scair éasca a fháil ar iasacht nó a cheannach. Ba cheart do ÚEUM leachtacht na scaireanna, go háirithe i dtéarmaí leibhéal an láimhdeachais agus a éasca agus is féidir ceannach, díol agus fáil iasachta a dhéanamh agus an tionchar is íosta a bheith ar an margadh, a chur san áireamh le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad iad na bearta is gá chun súil réasúnach a bheith ann go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.

(20)

Maidir le díol folamh neamhurraithe fiachais cheannasaigh, is féidir an t-ábhar go ndéanfar díol folamh a chumhdach trí cheannach an fhiachais cheannasaigh le linn an lae chéanna a mheas mar shampla ar dá réir a bhfuil súil réasúnach ann go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.

(21)

Ba cheart go mbeadh babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí bunaithe ar phrionsabal an leasa inárachaithe, agus é á aithint go bhféadfadh leasanna seachas úinéireacht bannaí a bheith ann in eisitheoir ceannasach. Áirítear le leasanna den sórt sin fálú a dhéanamh i gcoinne riosca mainneachtana an eisitheora cheannasaigh i gcás suíomh fada a bheith ag duine nádúrtha nó dlítheanach i bhfiachas ceannasach an eisitheora sin, nó fálú a dhéanamh i gcoinne riosca meathlaithe i luach an fhiachais cheannasaigh i gcás ina sealbhaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach sócmhainní nó ina bhfuil sé faoi réir dliteanas a bhaineann le heintitis na hearnála poiblí nó príobháideach sa Bhallstát lena mbaineann, ar sócmhainní nó dliteanais iad a bhfuil a luach comhghaolaithe le luach an fhiachais cheannasaigh. Ba cheart go n-áireofaí i sócmhainní den sórt sin conarthaí airgeadais, punann sócmhainní nó punann oibleagáidí airgeadais chomh maith le hidirbhearta rátaí úis nó idirbhearta babhtálacha airgeadra a n-úsáidtear an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí ina leith mar uirlis bainistíochta riosca contrapháirtí chun neamhchosaint ar chonarthaí airgeadais agus conarthaí trádála eachtraí a fhálú. Maidir le haon suíomh nó punann suíomhanna a úsáidtear i gcomhthéacs neamhchosaintí ar cheannasaí a fhálú ba cheart gan iad a mheas mar shuíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí. Áirítear leis sin aon neamhchosaintí ar an riarachán lárnach, réigiúnach agus áitiúil, ar eintitis na hearnála poiblí nó aon neamhchosaint arna ráthú ag aon eintiteas tagartha. Thairis sin, ba cheart neamhchosaint ar eintitis san earnáil phríobháideach atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann a áireamh. Ba cheart na neamhchosaintí uile a bhreithniú sa chomhthéacs seo, lena n-áirítear iasachtaí, riosca creidmheasa contrapháirtí (lena n-áirítear neamhchosaint ionchasach nuair is gá caipiteal rialála le haghaidh neamhchosanta den sórt sin) infháltais agus ráthaíochtaí. Áirítear leo freisin neamhchosaintí indíreacha ar aon cheann de na heintitis thagartha a fuarthas, inter alia, trí neamhchosaint ar innéacsanna, ar chistí nó ar fheithiclí sainchuspóra.

(22)

Ós rud é go bhféadfadh tionchar dochrach a bheith ag baint le babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a dhéanamh gan neamhchosaint fholuiteach i ndáil leis an riosca meathlaithe i luach an fhiachais cheannasaigh ar chobhsaíocht na margaí fiachais cheannasaigh, ba cheart toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha dul i mbun suíomhanna neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa. Ba cheart, áfach, go mbeadh an t-údarás inniúil ábalta srian den sórt sin a fhionraí go sealadach ag na chéad chomharthaí tosaigh nach bhfuil an margadh fiachais cheannasaigh ag feidhmiú go cuí. Ba cheart go mbeadh fionraí den sórt sin bunaithe ar chreidiúint an údaráis inniúil is creidiúint atá bunaithe ar fhorais oibiachtúla tar éis anailís a dhéanamh ar na táscairí atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla ábalta táscairí breise a úsáid freisin.

(23)

Is iomchuí freisin ceanglais maidir le contrapháirtithe lárnacha a áireamh is ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta um cheannach isteach agus le fíneálacha i gcomhair mainneachtain socraíochta i leith idirbheart i scaireanna. Ba cheart go leagfaí síos leis na nósanna imeachta ceannach isteach agus na ceanglais maidir le socraíocht dheireanach bunchaighdeáin maidir leis an araíonacht socraíochta. Ba cheart go mbeadh na ceanglais cheannach isteach agus na ceanglais fíneála sách solúbtha chun go gceadófaí don chontrapháirtí lárnach atá freagrach as a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta den sórt sin ar bun chun go mbeadh sé nó sí in ann brath ar rannpháirtí eile sa mhargadh chun an ceannach isteach a dhéanamh go hoibríochtúil nó an fhíneáil a ghearradh. Ar mhaithe le feidhmiú cuí margaí airgeadais, áfach, tá sé sár-riachtanach aghaidh a thabhairt ar ghnéithe níos leithne de chuid na haraíonachta socraíochta i dtogra reachtach cothrománach.

(24)

Ba cheart go bhforchuirfí le bearta a bhaineann le fiachas ceannasach agus le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, lena n-áirítear trédhearcacht mhéadaithe agus srianta ar dhíol folamh neamhurraithe, ceanglais atá comhréireach agus trína sheachnaítear, ag an am céanna, tionchar dochrach ar leachtacht margaí bannaí ceannasacha agus margaí athcheannaigh bannaí ceannasacha.

(25)

Ligtear scaireanna isteach chun a dtrádála ar ionaid trádála éagsúla laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha agus is rud atá ag dul i méad é sin. Tá roinnt cuideachtaí móra atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil scaireanna acu a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, is iomchuí urrúis a dhíolmhú ó cheanglais áirithe fógartha agus nochta, i gcás ina bhfuil an príomhionad trádála i leith na hionstraime sin i dtríú tír.

(26)

Tá ról fíorthábhachtach ag gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh maidir le leachtacht a sholáthar do mhargaí atá laistigh den Aontas agus ní mór do chruthaitheoirí margaí suíomhanna gearra a fháil chun an ról sin a chomhlíonadh. Dá bhforchuirfí ceanglais ar ghníomhaíochtaí den sórt sin d’fhéadfaí bac mór a chur ar a gcumas leachtacht a sholáthar agus bheadh tionchar dochrach suntasach aige sin ar éifeachtúlacht mhargaí an Aontais. Thairis sin, ní bheifí ag súil go dtógfadh cruthaitheoirí margaidh suíomhanna gearra suntasacha ach amháin ar feadh tréimhsí an-ghairid. Is iomchuí, dá bhrí sin, daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíolmhú ó na ceanglais sin a d’fhéadfadh bheith ina mbac ar chumas na ndaoine sin feidhm den sórt sin a chomhlíonadh, rud a dhéanfadh difear dochrach do mhargaí an Aontais. Tá gá le nós imeachta chun coibhéis margaí tríú tíortha a mheasúnú ionas go ndéanfaí leis na ceanglais sin eintitis choibhéiseacha tríú tíortha a ghabháil. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an díolúine sin maidir le cineálacha éagsúla gníomhaíochta cruthaithe margaidh ach nach mbeadh feidhm aici maidir le trádáil dhílsithe. Is iomchuí freisin oibríochtaí áirithe ar an mbunmhargadh amhail na hoibríochtaí sin a bhaineann le fiachas ceannasach agus le scéimeanna cobhsaíochta a dhíolmhú ós rud é gur gníomhaíochtaí tábhachtacha iad lena gcuidítear le feidhmiú éifeachtúil margaí. Ba cheart go dtabharfaí fógra do na húdaráis inniúla maidir le haon úsáid a bhaintear as díolúintí agus ba cheart an chumhacht a bheith acu toirmeasc a chur ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach díolúine a úsáid mura gcomhallann siad na critéir ábhartha a bhaineann leis an díolúine. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann faisnéis a iarraidh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach chun faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann an duine sin as an díolúine.

(27)

I gcás forbairtí dochracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh i mBallstát nó san Aontas, ba cheart go mbeadh cumhachtaí idirghabhála ag údaráis inniúla chun breis trédhearcachta a éileamh nó srianta sealadacha a fhorchur ar dhíol folamh, ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa nó ar idirbhearta eile chun ísliú mí-ordúil maidir le praghas ionstraime airgeadais a chosc. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta den sórt sin i ngeall ar chineálacha éagsúla teagmhas dochrach nó forbairtí dochracha, lena n-áirítear ní hamháin teagmhais airgeadais nó eacnamaíocha ach tubaistí nádúrtha nó gníomhartha sceimhlitheoireachta freisin mar shampla. Thairis sin, d’fhéadfadh teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha a d’éileodh go nglacfaí bearta teacht chun cinn i mBallstát aonair agus gan aon impleachtaí trasteorann a bheith ag baint leo. Ní mór na cumhachtaí sin a bheith sách solúbtha chun a chumasú d’údaráis inniúla déileáil le réimse leathan dálaí eisceachtúla éagsúla. Agus na bearta sin á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta.

(28)

Ós rud é nach dtugtar leis an Rialachán seo aghaidh ach ar shrianta ar dhíol folamh agus ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa chun ísliú mí-ordúil ar phraghas ionstraime airgeadais a chosc, bheadh sé ní b’iomchuí an gá atá ann le cineálacha eile srianta amhail teorainneacha suímh nó srianta ar tháirgí, a bhféadfadh cúis imní tromchúiseach teacht astu maidir le cosaint infheisteoirí a mheas i gcomhthéacs an athbhreithnithe ag an gCoimisiún ar Threoir 2004/39/CE.

(29)

Cé gurb iondúil gur fearr iad na húdaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar dhálaí an mhargaidh agus chun freagairt a thabhairt sa chéad dul síos ar theagmhas dochrach nó ar fhorbairt dhochrach trí chinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh tagtha chun cinn agus i dtaobh an gá bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar staid den sórt sin, ba cheart cumhachtaí i dtaca leis an méid sin agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann lena n-úsáid a chomhchuibhiú a mhéid is féidir.

(30)

I gcás titim shuntasach i bpraghas ionstraime airgeadais ar ionad trádála, ba cheart go mbeadh ar chumas údaráis inniúil freisin srian sealadach a chur ar dhíol folamh na hionstraime airgeadais ar an ionad sin laistigh dá dhlínse féin nó a iarraidh ar ÚEUM díol folamh den sórt sin a shrianadh i ndlínsí eile chun go mbeidh sé in ann idirghabháil go tapaidh i gcás inarb iomchuí agus ar feadh tréimhse giorra chun meathlú mí-ordúil ar phraghas na hionstraime lena mbaineann a chosc. Ba cheart go gceanglófaí ar an údarás inniúil fógra a thabhairt do ÚEUM faoi chinneadh den sórt sin chun go mbeidh ÚEUM in ann údaráis inniúla Ballstáit eile is Ballstáit a bhfuil ionaid acu ina ndéantar trádáil ar an ionstraim chéanna a chur ar an eolas láithreach, agus glacadh beart ag na Ballstáit eile a chomhordú agus, más gá, cúnamh a thabhairt dóibh teacht ar chomhaontú nó cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(31)

I gcás ina dtéann teagmhas dochrach nó forbairt dhochrach thar theorainneacha Ballstáit aonair nó má tá impleachtaí eile trasteorann ag baint leis an gcás, mar shampla má ligtear isteach ionstraim airgeadais chun a trádála ar ionaid trádála éagsúla i líon Ballstát éagsúil, tá dlúthchomhairle agus dlúthchomhar idir údaráis inniúla sár-riachtanach. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM ról tábhachtach comhordaithe a chomhlíonadh i ndáil mar sin agus ba cheart dó féachaint le comhsheasmhacht a áirithiú idir údaráis inniúla. Cabhróidh comhdhéanamh ÚEUM, lena n-áirítear ionadaithe údarás inniúil, leis ról den sórt sin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh cumhacht ag údaráis inniúla bearta a ghlacadh i gcás ina bhfuil leas acu in idirghabháil a dhéanamh.

(32)

De bhreis ar bhearta údarás inniúil a chomhordú, ba cheart do ÚEUM a áirithiú go ndéanfadh na húdaráis inniúla bearta sa chás ina bhfuil na bearta sin riachtanach agus comhréireach agus sa chás sin amháin. Ba cheart do ÚEUM a bheith in ann tuairimí a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le húsáid cumhachtaí idirghabhála.

(33)

Cé gurb iondúil gur fearr iad na húdaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar theagmhas dochrach nó ar fhorbairt dhochrach agus frithgníomhú go tapaidh ina leith, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht freisin ag ÚEUM bearta a dhéanamh i gcás ina bhfuil díol folamh nó gníomhaíochtaí gaolmhara eile ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, i gcás ina bhfuil impleachtaí trasteorann i gceist agus nach bhfuil bearta leordhóthanacha déanta ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Ba cheart do ÚEUM dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (6), i gcás inar féidir é sin a dhéanamh, agus le húdaráis ábhartha eile i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a théann níos faide ná na margaí airgeadais a bheith ag an mbeart sin amhail is a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le díorthaigh tráchtearra a úsáidtear chun suíomhanna fisiceacha a fhálú.

(34)

Tá cumhachtaí ÚEUM faoin Rialachán seo chun srian a chur ar dhíol folamh agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara eile i ndálaí eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí sin gan dochar do chumhachtaí ÚEUM i staid éigeandála faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh ÚEUM in ann cinntí aonair a ghlacadh lena gceanglófaí ar údaráis inniúla bearta nó cinntí aonair a dhéanamh atá dírithe chuig rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(35)

Is de chineál dearbhuithe iad tagairtí sa Rialachán seo d’Airteagal 18 agus d’Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Tá feidhm ag na hairteagail sin fiú in éagmais tagairtí den sórt sin.

(36)

Níor cheart go mbeadh cumhachtaí idirghabhála na n-údarás inniúil agus ÚEUM chun srian a chur ar dhíol folamh, ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa agus ar idirbhearta eile ach ina gcumhachtaí de chineál sealadach agus níor cheart iad a fheidhmiú ach ar feadh cibé tréimhse agus go feadh cibé méid is gá chun déileáil leis an mbagairt shonrach.

(37)

I ngeall ar na rioscaí sonracha ar féidir leo teacht chun cinn de bharr babhtálacha mainneachtana creidmheasa a úsáid, tá gá le dianfhaireachán a dhéanamh ar idirbhearta den sórt sin ag údaráis inniúla. Ba cheart, go háirithe, an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla, i gcásanna eisceachtúla, faisnéis a éileamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghabhann ar láimh idirbhearta den sórt sin, ar faisnéis í i dtaca leis an gcuspóir ar dá bharr a gabhadh ar láimh an idirbheart.

(38)

Ba cheart cumhacht a thabhairt do ÚEUM chun fiosrúcháin a dhéanamh ar shaincheist nó ar chleachtas a bhaineann le díol folamh nó le húsáid babhtálacha mainneachtana creidmheasa chun measúnú a dhéanamh i dtaobh arb ionann an tsaincheist nó an cleachtas sin agus aon bhagairt ionchasach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh. Ba cheart do ÚEUM tuarascáil a fhoilsiú ina leagfaí amach a chuid fionnachtana i gcás ina ndéanann sé fiosrúchán den sórt sin.

(39)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag roinnt forálacha den Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, tá gá le comhar i staideanna áirithe idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha. Ba cheart d’údaráis inniúla socruithe a dhéanamh, dá bhrí sin, le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha. Ba cheart do ÚEUM comhordú a dhéanamh ar fhorbairt socruithe comhair den sórt sin agus ar an tslí ina ndéanann údaráis inniúla faisnéis a mhalartú, is faisnéis a fhaightear ó thríú tíortha.

(40)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), go háirithe an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 16 CFAE agus in Airteagal 8 den Chairt. Is gá, go háirithe, trédhearcacht a bheith ann maidir le glansuíomhanna gearra suntasacha, lena n-áirítear nochtadh don phobal os cionn tairsí áirithe, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin Rialachán seo, ar mhaithe le cobhsaíocht na margaí airgeadais agus le cosaint na n-infheisteoirí. Cuirfidh trédhearcacht den sórt sin ar chumas na rialálaithe faireachán a dhéanamh ar dhíol folamh a úsáid i gcás míchleachtais i straitéisí agus ar na himpleachtaí atá ag díol folamh ar fheidhmiú cuí na margaí. Thairis sin, d’fhéadfadh trédhearcacht den sórt sin neamhshiméadrachtaí faisnéise a laghdú, rud a áiritheodh go gcuirfí na rannpháirtithe uile sa mhargadh ar an eolas go leordhóthanach faoin méid a dhéanann díol folamh difear do phraghsanna. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann údaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (7). Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann ÚEUM i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí an Chomphobail agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (8), agus ba cheart go mbeadh an Rialachán sin infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

(41)

Agus na prionsabail atá leagtha amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na réimeanna pionósaithe in earnáil na seirbhísí airgeadais a threisiú agus gníomhartha dlí an Aontais a glacadh go leantach i ndiaidh na Teachtaireachta sin á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart go n-áiritheoidís go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis agus na bearta riaracháin sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go mbeadh siad bunaithe ar threoirlínte arna nglacadh ag ÚEUM chun cóineasú agus comhsheasmhacht trasearnála córais pionóis san earnáil airgeadais a chur chun cinn.

(42)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart go ndéanfaí na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (9). Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar i ndáil le cinntí lena gcinntear coibhéiseacht creataí dlí agus maoirseachta tríú tíortha le ceanglais an Rialacháin seo.

(43)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí a bhaineann le suíomhanna gearra a ríomh, i gcás ina bhfuil suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ag duine nádúrtha nó dlítheanach, i ndáil le tairseacha fógartha nó nochta agus i ndáil le sonraíocht bhreise a dhéanamh ar na critéir agus na tosca lena chinneadh cé na cásanna ina bhfuil teagmhas dochrach nó forbairt dhochrach ag cruthú bagartha tromchúisí don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín an mhargaidh i mBallstát nó san Aontas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe de chuid na n-institiúidí, na n-údarás agus na ngníomhaireachtaí ábhartha, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(44)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na tairseacha fógartha agus na tairseacha maidir le nochtadh don phobal dá bhforáiltear, ar fheidhmiú na srianta agus na gceanglas a bhaineann le trédhearcacht na nglansuíomhanna gearra agus i dtaobh an iomchuí aon srianta eile nó coinníollacha eile ar dhíol folamh nó ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, cé gur fearr na húdaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar na hathruithe ar an margadh agus gur fearr an t-eolas a bheadh acu ina dtaobh, ní féidir tionchar iomlán na bhfadhbanna a bhaineann le díol folamh agus le babhtálacha mainneachtana creidmheasa a bhrath i gceart ach i gcomhthéacs an Aontais, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(46)

Ós rud é go bhfuil srianta ar dhíol folamh curtha i bhfeidhm cheana ag roinnt Ballstát agus ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán seo do ghníomhartha tarmligthe agus do chaighdeáin theicniúla cheangailteacha, ar nithe iad ba cheart a ghlacadh sula bhféadfar é a chur i bhfeidhm ar bhealach úsáideach, is gá foráil a dhéanamh do thréimhse leordhóthanach ama chun críocha idirthréimhseacha. Ós rud é go bhfuil sé sár-riachtanach go ndéantar croí-eilimintí neamhriachtanacha a shonrú roimh an 1 Samhain 2012, is eilimintí lena ndéanfar comhlíonadh an Rialacháin seo ag rannpháirtithe sa mhargadh agus forfheidhmiú ina leith ag údaráis inniúla a éascú, is gá, ina theannta sin, na modhanna a sholáthar don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla agus na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh an dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2(1) a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas, lena n-áirítear ionstraimí den sórt sin nuair a thrádáiltear iad lasmuigh d’ionad trádála;

(b)

díorthaigh dá dtagraítear i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a bhaineann le hionstraim airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) nó le heisitheoir ionstraime airgeadais den sórt sin, lena n-áirítear díorthaigh den sórt sin nuair a thrádáiltear iad lasmuigh d’ionad trádála;

(c)

ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag Ballstát nó ag an Aontas agus díorthaigh dá dtagraítear i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a bhaineann le hionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag Ballstát áirithe nó ag an Aontas nó a leagtar síos faoi threoir ionstraimí fiachais.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 18, ag Airteagal 20, agus ag Airteagal 23 go hAirteagal 30 maidir le gach ionstraim airgeadais de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2(1).

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(b)

ciallaíonn “díol folamh” i ndáil le scair nó le hionstraim fiachais, aon díol den scair nó den ionstraim fiachais nach bhfuil faoi úinéireacht an díoltóra tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear díol den sórt ar dá réir, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, go bhfuil an scair nó an ionstraim fiachais faighte ar iasacht lena seachadadh tráth na socraíochta, nó go bhfuil an díoltóir tar éis comhaontú a dhéanamh chun an méid sin a dhéanamh, seachas:

(i)

díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta níos déanaí ar phraghas sonraithe eile;

(ii)

aistriú urrús faoi chomhaontú maidir le hiasachtú urrús; nó

(iii)

conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontaítear urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí;

(c)

ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa” conradh díorthach ina n-íocann páirtí amháin táille le páirtí eile i gcomaoin íocaíochta nó sochair eile i gcás teagmhais chreidmheasa a bhaineann le heintiteas tagartha agus i gcás aon mhainneachtana eile a bhaineann leis an gconradh díorthach sin, agus a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil aige;

(d)

ciallaíonn “eisitheoir ceannasach” aon cheann díobh seo a leanas a eisíonn ionstraimí fiachais:

(i)

an tAontas;

(ii)

Ballstát, lena n-áirítear roinn rialtais, gníomhaireacht nó feithicil sainchuspóra de chuid an Bhallstáit;

(iii)

i gcás Ballstáit cónaidhme, comhalta den chónaidhm;

(iv)

feithicil sainchuspóra i gcomhair roinnt Ballstát;

(v)

institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí is comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu; nó

(vi)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(e)

ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí” babhtáil mainneachtana creidmheasa i gcás ina ndéanfar íocaíocht nó sochar eile a íoc i gcás teagmhais chreidmheasa nó mainneachtana creidmheasa a bhaineann le heisitheoir ceannasach;

(f)

ciallaíonn “fiachas ceannasach” ionstraim fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;

(g)

ciallaíonn “fiachas ceannasach eisithe” iomlán an fhiachais cheannasaigh arna eisiúint ag eisitheoir ceannasach, is fiachas ceannasach nach bhfuil fuascailte;

(h)

ciallaíonn “scairchaipiteal eisithe” i ndáil le cuideachta, iomlán na ngnáthscaireanna agus aon scaireanna tosaíochta arna n-eisiúint ag an gcuideachta ach ní fholaítear leis urrúis fiachais in-chomhshóite;

(i)

ciallaíonn “Ballstát baile”:

(i)

i ndáil le gnólacht infheistíochta de réir bhrí phointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó maidir le margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (20) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;

(ii)

i ndáil le hinstitiúid chreidmheasa, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus an gnó sin a shaothrú (10);

(iii)

i ndáil le duine dlítheanach nach dtagraítear dó i bpointe (i) nó i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an duine sin nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig;

(iv)

i ndáil le duine nádúrtha, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an duine sin, nó, mura bhfuil ceannoifig ann, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an duine sin;

(j)

ciallaíonn “údarás inniúil ábhartha”:

(i)

i ndáil le fiachas ceannasach Ballstáit, nó, i gcás Ballstáit chónaidhme, i ndáil le fiachas ceannasach chomhalta den chónaidhm, nó maidir le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le Ballstát nó le comhalta de chónaidhm, údarás inniúil an Bhallstáit sin;

(ii)

i ndáil le fiachas ceannasach an Aontais nó le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann leis an Aontas, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an roinn a bhfuil an fiachas á eisiúint aici;

(iii)

i ndáil le fiachas ceannasach roinnt Ballstát atá ag gníomhú trí bhíthin feithicle sainchuspóra nó trí bhabhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le feithicil sainchuspóra den sórt sin, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an fheithicil sainchuspóra bunaithe;

(iv)

i ndáil le fiachas ceannasach institiúide airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an institiúid airgeadais idirnáisiúnta bunaithe;

(v)

i ndáil le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv), an t-údarás inniúil maidir leis an ionstraim airgeadais sin mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (11) agus a chinntear i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán sin;

(vi)

i ndáil le hionstraim airgeadais nach bhfuil folaithe faoi phointe (i) go pointe (v), údarás inniúil an Bhallstáit inar ligeadh an ionstraim airgeadais isteach den chéad uair chun a trádála ar ionad trádála;

(vii)

i ndáil le hionstraim fiachais arna heisiúint ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Banc Eorpach Infheistíochta lonnaithe;

(k)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh” gníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta, institiúide creidmheasa, eintitis tríú tíortha, nó gnólachta mar a thagraítear di i bpointe (l) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2004/39/CE, is gnólacht atá ina chomhalta d’ionad trádála nó de mhargadh i dtríú tír, a bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún ina leith go bhfuil a chreat dlíthiúil agus maoirseachta coibhéiseach de bhun Airteagal 17(2) i gcás ina ndéileálann sé mar phríomhaí in ionstraim airgeadais, cé acu a dhéantar an ionstraim a thrádáil ar ionad trádála nó lasmuigh d’ionad trádála, in aon cheann de na cáileanna seo a leanas:

(i)

trí bhíthin luachana daingne dhá bhealach ar mhéid inchomparáide agus ar phraghsanna iomaíocha a thabhairt le fios go comhuaineach, agus ar a mbeidh an toradh leachtacht a sholáthar ar bhonn rialta, leanúnach ar an margadh;

(ii)

mar chuid dá ghnó laethúil, trí orduithe arna dtionscnamh ag cliaint a chomhall nó mar fhreagairt ar iarrataí cliant chun trádála;

(iii)

trí shuíomhanna a eascraíonn as comhall na gcúraimí faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii) a fhálú;

(l)

ciallaíonn “ionad trádála” margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó saoráid trádála iltaobhaí de réir bhrí phointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;

(m)

ciallaíonn “príomhionad” i ndáil le scair, an t-ionad le haghaidh thrádáil na scaire sin ar ionad é a bhfuil an láimhdeachas is airde aige;

(n)

ciallaíonn “príomhdhéileálaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil comhaontú áirithe sínithe aige le heisitheoir ceannasach nó atá aitheanta go foirmiúil mar phríomhdhéileálaí ag eisitheoir ceannasach nó thar ceann eisitheora cheannasaigh agus ar duine é, i gcomhréir leis an gcomhaontú nó leis an aitheantas sin, a bhfuil sé geallta aige déileáil mar phríomhaí i dtaca le hoibríochtaí an bhunmhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh ar oibríochtaí iad a bhaineann le fiachas arna eisiúint ag an eisitheoir sin;

(o)

ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” eintiteas dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear i margadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir agus gurb é atá freagrach as córas imréitigh áirithe a oibriú;

(p)

ciallaíonn “lá trádála” lá trádála mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;

(q)

ciallaíonn “láimhdeachas” scaire láimhdeachas de réir bhrí phointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 42 lena sonrófar na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe lena sonrófar an tráth a meastar ina leith go bhfuil ionstraim airgeadais faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chun críocha an tsainmhínithe ar dhíol folamh i bpointe (b) de mhír 1.

Airteagal 3

Suíomhanna gearra agus fada

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh gearr a bhaineann le scairchaipiteal eisithe cuideachta nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

díol folamh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó díol folamh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;

(b)

idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear ionstraim airgeadais nó idirbheart a bhaineann le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás laghdú ar phraghas nó ar luach na scaire nó laghdú ar phraghas nó ar luach na hionstraime fiachais.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh fada a bhaineann le scairchaipiteal eisithe nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

bheith i seilbh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó bheith i seilbh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;

(b)

idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear nó lena mbaineann ionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás méadú ar phraghas nó luach na scaire nó na hionstraime fiachais.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, maidir le suíomh gearr nó suíomh fada a ríomh agus i leith aon suíomh atá i seilbh an duine ábhartha go hindíreach, lena n-áirítear trí nó trí bhíthin aon innéacs, bascaed urrús nó aon leas in aon chiste arna thrádáil ar an malartán nó in eintiteas comhchosúil, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach i dtrácht é a chinneadh agus é ag gníomhú ar shlí réasúnach agus aird á tabhairt aige ar an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí i dtaca le comhdhéanamh an innéacs ábhartha nó an bhascaeid urrús ábhartha, nó comhdhéanamh na leasanna atá i seilbh an chiste ábhartha is ciste arna thrádáil ar an malartán nó in eintiteas comhchosúil. Le linn suíomh gearr nó suíomh fada den sórt sin a ríomh, ní bheidh sé de cheangal ar aon duine aon fhaisnéis fíor-ama a fháil ó dhuine ar bith i dtaca leis an gcomhdhéanamh sin.

Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, áireofar aon bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a bhaineann leis an eisitheoir ceannasach nuair a ríomhtar suíomh gearr nó suíomh fada a bhaineann le fiachas ceannasach.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur glansuíomh gearr i ndáil le scairchaipiteal eisithe é an suíomh atá ann tar éis aon suíomh fada atá i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh i ndáil le scairchaipiteal eisithe a asbhaint ó aon suíomh gearr atá i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin i ndáil le caipiteal na cuideachta lena mbaineann.

5.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur glansuíomh gearr i ndáil le fiachas ceannasach eisithe lena mbaineann é an suíomh atá ann tar éis aon suíomh fada atá i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh i ndáil le fiachas ceannasach eisithe agus aon suíomh fada in ionstraimí fiachais eisitheora cheannasaigh, a bhfuil comhghaol ard idir a bpraghas agus praghas an fhiachais cheannasaigh atá i dtrácht, a asbhaint ó aon suíomh gearr atá i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin maidir le fiachas ceannasach an eisitheora cheannasaigh lena mbaineann.

6.   Maidir le ríomh an fhiachais cheannasaigh faoi mhír 1 go mír 5, déanfar é i gcomhair gach eisitheora cheannasaigh ar leith fiú má eisíonn eintitis ar leithligh fiachas ceannasach thar ceann an eisitheora cheannasaigh.

7.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar:

(a)

cásanna ina meastar go bhfuil scair nó ionstraim fiachais i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chun críocha mhír 2;

(b)

cásanna ina bhfuil glansuíomh gearr ag duine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus modh ríofa an tsuímh sin;

(c)

modh ríofa suíomhanna chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 5 nuair atá suíomhanna fada nó gearra ag eintitis éagsúla i ngrúpa nó ar mhaithe le gníomhaíochtaí bainistíochta ciste a bhaineann le cistí ar leithligh.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear san áireamh le modh an ríofa, go háirithe, an mbítear ag gabháil do straitéisí infheistíochta éagsúla i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin ar leithligh arna mbainistiú ag an mbainisteoir ciste céanna, an mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin, agus an bhfuil níos mó ná punann amháin laistigh den eintiteas céanna á bhainistiú ar bhonn lánroghnach trína mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith.

Airteagal 4

Suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí ag duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás nach bhfónann an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí sin d’fhálú a dhéanamh in aghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

riosca mainneachtana an eisitheora i gcás ina bhfuil suíomh fada i bhfiachas ceannasach an eisitheora a mbaineann an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí leis ag an duine nádúrtha nó dlítheanach; nó

(b)

riosca meathlaithe i luach an fhiachais cheannasaigh i gcás ina bhfuil sócmhainní i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó go bhfuil an duine sin faoi réir dliteanas, lena n-áirítear conarthaí airgeadais, punann sócmhainní nó oibleagáidí airgeadais a bhfuil comhghaol déanta idir a luach agus luach an fhiachais cheannasaigh, ach gan a bheith teoranta do na sócmhainní ná do na dliteanais sin.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

na cásanna ina meastar gurb ionann babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí agus fálú in aghaidh riosca mainneachtana nó in aghaidh an riosca go laghdófaí luach an fhiachais cheannasaigh agus an modh chun suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a ríomh;

(b)

an modh chun suíomhanna a ríomh i gcás ina bhfuil suíomhanna fada nó gearra ag eintitis éagsúla i ngrúpa nó le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le bainistiú cistí a bhaineann le cistí ar leithligh.

CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT GLANSUÍOMHANNA GEARRA

Airteagal 5

Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna

1.   Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil glansuíomh gearr aige i ndáil le scairchaipiteal eisithe cuideachta a bhfuil scaireanna aici a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 9, i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach fógartha ábhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina dtiteann an suíomh faoi bhun na tairsí sin.

2.   Is éard is tairseach fógartha ábhartha ann céatadán atá comhionann le 0,2 % de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann agus gach 0,1 % os a chionn sin.

3.   Féadfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) tuairim maidir le coigeartú na dtairseach dá dtagraítear i mír 2 a eisiúint chuig an gCoimisiún, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena ndéanfar na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

Airteagal 6

Glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna a nochtadh don phobal

1.   Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil glansuíomh gearr aige i ndáil le scairchaipiteal eisithe cuideachta is cuideachta a bhfuil scaireanna aici a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála mionsonraí a bhaineann leis an suíomh sin a nochtadh don phobal, i gcomhréir le hAirteagal 9, i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach foilsithe ábhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina dtiteann an suíomh sin faoi bhun na tairsí sin.

2.   Is éard is tairseach foilsithe ábhartha ann céatadán atá comhionann le 0,5 % de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann agus gach 0,1 % os a chionn sin.

3.   Féadfaidh ÚEUM tuairim maidir le coigeartú na dtairseach dá dtagraítear i mír 2 a eisiúint chuig an gCoimisiún, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena ndéanfar na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

5.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, idirbhearta cumaisc agus idirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (12) lena gceanglaítear suíomhanna gearra a nochtadh ar ceanglais iad a théann níos faide ná ceanglais an Airteagail seo.

Airteagal 7

Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i bhfiachas ceannasach

1.   Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil glansuíomh gearr aige maidir le fiachas ceannasach eisithe fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 9, i gcás ina sroicheann suíomh den sórt sin na tairseacha fógartha ábhartha don eisitheoir ceannasach lena mbaineann, nó nuair a thiteann sé faoi bhun na dtairseach sin.

2.   Beidh túsmhéid agus leibhéil incriminteacha bhreise ina dhiaidh sin i ndáil le gach eisitheoir ceannasach sna tairseacha fógartha ábhartha, mar a shonraítear sna bearta arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3. Déanfaidh ÚEUM na tairseacha fógartha le haghaidh gach Ballstáit a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena sonrófar na méideanna agus na leibhéil incriminteacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Coimisiún:

(a)

a áirithiú nach socraítear na tairseacha ar leibhéal ar dá réir a cheanglófaí suíomhanna nach bhfuil ach luach íosta orthu a fhógairt;

(b)

méid iomlán an fhiachais cheannasaigh eisithe gan íoc i leith gach eisitheora cheannasaigh agus meánmhéid suíomhanna atá i seilbh rannpháirtithe sa mhargadh a bhaineann le fiachas ceannasach an eisitheora cheannasaigh sin a chur san áireamh; agus

(c)

leachtacht gach margaidh bannaí ceannasacha a chur san áireamh.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le suíomhanna neamhurraithe i mbabhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí

I gcás ina ndéanann údarás inniúil srianta a fhionraí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2), déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí aige fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha i gcás ina sroicheann suíomh den sórt sin na tairseacha fógartha ábhartha don eisitheoir ceannasach lena mbaineann, de réir mar atá sonraithe i gcomhréir le hAirteagal 7, nó nuair a thiteann sé faoi bhun na dtairseach sin.

Airteagal 9

An modh fógartha agus nochta

1.   Leagfar amach in aon fhógra nó in aon nochtadh faoi Airteagail 5, 6, 7 nó 8 mionsonraí i dtaobh chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an suíomh ábhartha ina sheilbh aige, méid an tsuímh ábhartha, an t-eisitheoir a bhfuil an suíomh ábhartha á shealbhú i ndáil leis agus an dáta ar cruthaíodh nó ar athraíodh an suíomh ábhartha nó ar scoireadh dá shealbhú.

Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra suntasacha ina seilbh acu taifead ar na hollsuíomhanna lena ndéantar glansuíomh gearr suntasach a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana.

2.   Is é meán oíche ag deireadh an lae trádála a bhfuil an suíomh ábhartha i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh an t-am ábhartha le glansuíomh gearr a ríomh. Beidh feidhm ag an t-am sin i leith gach idirbheart beag beann ar an modh trádála a úsáidtear, lena n-áirítear idirbhearta a dhéantar trí thrádáil de láimh nó trí thrádáil uathoibrithe, agus beag beann ar cibé a ndearnadh na hidirbhearta i rith gnáthuaireanta trádála. Déanfar an fógra nó an nochtadh tráth nach déanaí ná 15.30 an lá trádála dár gcionn. Déanfar na hamanna atá sonraithe sa mhír seo a ríomh de réir an ama i mBallstát an údaráis inniúil ábhartha a gcaithfear fógra a thabhairt dó maidir leis an suíomh ábhartha.

3.   Agus fógra maidir le faisnéis á thabhairt d’údarás inniúil ábhartha, déanfar rúndacht na faisnéise a áirithiú agus déanfar sásraí um fhíordheimhniú foinse an fhógartha a ionchorprú.

4.   Déanfar an nochtadh poiblí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 6 ar shlí lena n-áiritheofar rochtain thapa ar fhaisnéis ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear an fhaisnéis sin ar láithreán gréasáin lárnach atá á oibriú nó á mhaoirsiú ag an údarás inniúil ábhartha. Cuirfidh na húdaráis inniúla seoladh an láithreáin ghréasáin sin in iúl do ÚEUM, agus cuirfidh ÚEUM, ar a uain, nasc chuig gach láithreán gréasáin lárnach den sórt sin ar a láithreán gréasáin féin.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar chun críocha mhír 1.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 4, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar na modhanna trína bhféadfar faisnéis a nochtadh don phobal.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Cur i bhfeidhm ceanglas fógartha agus nochta

Tá feidhm ag na ceanglais fógartha agus nochta faoi Airteagail 5, 6, 7 agus 8 maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu nó atá bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.

Airteagal 11

Faisnéis nach mór a sholáthar do ÚEUM

1.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla faisnéis i bhfoirm achomair do ÚEUM ar bhonn ráithiúil maidir le glansuíomhanna gearra a bhaineann le scairchaipiteal eisithe agus le fiachas ceannasach eisithe, agus maidir le suíomhanna neamhurraithe a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, arb é an t-údarás inniúil ábhartha dóibh agus an t-údarás a fhaigheann fógraí faoi Airteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8.

2.   Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh ÚEUM tráth ar bith faisnéis bhreise a iarraidh ar údarás inniúil ábhartha maidir le glansuíomhanna gearra a bhaineann le scairchaipiteal eisithe agus maidir le fiachas ceannasach eisithe, nó maidir le suíomhanna neamhurraithe a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar do ÚEUM laistigh de 7 lá féilire ar a dhéanaí. Más rud é go bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil bunaithe ar na ceanglais fógartha faoi Airteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a sholáthar do ÚEUM laistigh de 24 uaire an chloig.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar formáid na faisnéise a bheidh le soláthar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

DÍOL FOLAMH NEAMHURRAITHE

Airteagal 12

Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i scaireanna

1.   Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach díol folamh a dhéanamh i leith scair a ligtear isteach chun a trádála ar ionad trádála ach amháin i gcás ina gcomhalltar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an scair faighte ar iasacht ag an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tá forálacha malartacha déanta ag an duine sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil chomhchosúil acu;

(b)

tá comhaontú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach chun an scair a fháil ar iasacht nó tá éileamh eile aige atá go hiomlán in-fhorfheidhmithe faoi dhlí na gconarthaí nó faoi dhlí maoine le go n-aistreofar chuige úinéireacht an lín chomhfhreagraigh urrús den aicme chomhfhreagrach chun gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite;

(c)

tá socrú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí sin go bhfuil an scair aimsithe, agus go bhfuil bearta déanta aige i leith tríú páirtithe ar bearta iad is gá chun gur réasunach go mbeadh an duine nádúrtha nó dlítheanach ag súil gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.

2.   Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na cineálacha comhaontuithe, socruithe agus beart a chinneadh, ar nithe iad lena n-áirithítear go leordhóthanach go mbeidh an scair ar fáil le haghaidh socraíochta. Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad iad na bearta is gá chun gur réasúnach go mbeifí ag súil gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite, cuirfidh ÚEUM an trádáil laistigh de lá amháin agus leachtacht na scaireanna, inter alia, san áireamh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i bhfiachas ceannasach

1.   Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach díol folamh fiachais cheannasaigh a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhalltar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an ionstraim fiachais cheannasaigh faighte ar iasacht ag an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tá forálacha malartacha déanta ag an duine sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil chomhchosúil acu;

(b)

tá comhaontú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach chun an ionstraim fiachais cheannasaigh a fháil ar iasacht nó tá éileamh atá go hiomlán in-fhorfheidhmithe aige faoi dhlí na gconarthaí nó faoi dhlí maoine le go n-aistreofar chuige úinéireacht an lín chomhfhreagraigh urrús den aicme comhfhreagrach chun go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite; nó

(c)

tá socrú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí sin go bhfuil an ionstraim fiachais cheannasaigh aimsithe nó gur réasúnach go mbeadh an duine sin ag súil ar shlí eile gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.

2.   Ní bheidh feidhm ag na srianta i mír 1 má fhónann an t-idirbheart chun fálú a dhéanamh ar shuíomh fada in ionstraimí fiachais eisitheora, agus comhghaol ard a bheith idir praghsáil na n-ionstraimí sin agus praghsáil an fhiachais cheannasaigh atá i dtrácht.

3.   I gcás ina dtiteann leachtacht fiachais cheannasaigh faoi bhun na tairsí a chinntear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na srianta dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí go sealadach. Sula ndéanfar na srianta sin a fhionraí, tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile faoin bhfionraí atá beartaithe.

Beidh fionraí bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná sé mhí ó dháta a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar an fionraí a athnuachan go ceann tréimhsí nach faide ná sé mhí má leanann na forais a bhí ann chun an fionraí a dhéanamh d’fheidhm a bheith acu. Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Laistigh de 24 uaire tar éis an fógra a fháil ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh ÚEUM tuairim atá bunaithe ar mhír 4 a eisiúint maidir leis an bhfionraí fógartha nó maidir le hathnuachan ar fhionraí. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena sonrófar na paraiméadair agus na modhanna chun an tairseach leachtachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i ndáil le fiachas ceannasach eisithe a ríomh.

Déanfar na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfadh Ballstáit an tairseach a ríomh a shocrú ar shlí a fhágann i gcás ina sroichfear í gurb ionann í agus meath suntasach i dtaca leis an meánleibhéal leachtachta don fhiachas ceannasach lena mbaineann.

Déanfar an tairseach a shainiú ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach don mhargadh ábhartha fiachais cheannasaigh, lena n-áirítear méid iomlán an fhiachais cheannasaigh eisithe nár íocadh i leith gach eisitheora cheannasaigh.

5.   Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na cineálacha comhaontuithe nó socruithe a chinneadh lena n-áirithítear go leordhóthanach go mbeidh an fiachas ceannasach ar fáil le haghaidh socraíochta. Déanfaidh ÚEUM go sonrach an gá atá le leachtacht na margaí a chaomhnú a chur san áireamh, go háirithe margaí bannaí ceannasacha agus margaí athcheannaigh bannaí ceannasacha.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Srianta ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí neamhurraithe

1.   Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach idirbhearta babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí a dhéanamh ach amháin nuair nach dtagann suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí, dá dtagraítear in Airteagal 4, as an idirbheart sin.

2.   Féadfaidh údarás inniúil na srianta dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí go sealadach i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla aige le creidiúint nach bhfuil a mhargadh fiachais cheannasaigh ag feidhmiú go cuí agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag na srianta sin ar an margadh um babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, go háirithe tríd an gcostas iasachtaithe d’eisitheoirí ceannasacha a ardú nó trí dhifear a dhéanamh do chumas na n-eisitheoirí ceannasacha fiachas nua a eisiúint. Beidh na forais sin bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

(a)

ráta ard úis maidir leis an bhfiachas ceannasach, nó ráta úis atá ag ardú;

(b)

leathnú maidir leis an leathadh rátaí úis ar an bhfiachas ceannasach i gcomparáid le fiachas ceannasach eisitheoirí ceannasacha eile;

(c)

leathnú maidir leis an leathadh babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí i gcomparáid lena chuar féin agus i gcomparáid le heisitheoirí ceannasacha eile;

(d)

an tráthúlacht a bhaineann le praghas an fhiachais cheannasaigh d’fhilleadh ar a chothromaíocht féin tar éis trádála móir;

(e)

na méideanna den fhiachas ceannasach is féidir a thrádáil.

Féadfaidh an t-údarás inniúil úsáid a bhaint as táscairí seachas na cinn sin atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír.

Sula ndéanfar srianta a fhionraí faoin Airteagal seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile faoin bhfionraí atá beartaithe agus faoi na forais ar a bhfuil sé bunaithe.

Beidh fionraí bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 12 mhí ó dháta a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar an fionraí a athnuachan go ceann tréimhsí nach faide ná sé mhí más infheidhme i gcónaí na forais a bhí ann leis an bhfionraí a dhéanamh. Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Laistigh de 24 uaire an chloig tar éis fógra a fháil ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí beartaithe nó maidir le hathnuachan na fionraí sin, gan féachaint cé acu ar bhunaigh an t-údarás inniúil an fionraí ar na táscairí a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír nó ar tháscairí eile. I gcás ina bhfuil an fionraí atá beartaithe nó an t-athnuachan fionraí atá beartaithe bunaithe ar an dara fomhír, déanfar measúnú ar na táscairí a d’úsáid an t-údarás inniúil a áireamh sa tuairim sin. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Airteagal 15

Nósanna imeachta ceannach isteach

1.   Maidir le contrapháirtí lárnach i mBallstát is contrapháirtí a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh i leith scaireanna, áiritheoidh sé go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm lena gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndíolann duine nádúrtha nó dlítheanach scaireanna agus nach féidir leis an duine sin na scaireanna a sheachadadh le haghaidh socraíochta laistigh de cheithre lá gnó tar éis an lae a bhfuil an tsocraíocht dlite, déanfar nósanna imeachta a sheoladh go huathoibríoch chun go ndéanfar ceannach isteach ar na scaireanna lena áirithiú go seachadfar iad don tsocraíocht;

(b)

i gcás nach féidir ceannach isteach a dhéanamh ar na scaireanna atá le seachadadh, íocfar méid leis an gceannaitheoir agus beidh an méid sin bunaithe ar luach na scaireanna atá le seachadadh ar dháta an tseachadta móide méid i gcomhair aon chaillteanais arna dtabhú ag an gceannaitheoir mar thoradh ar mhainneachtain na socraíochta; agus

(c)

aisíocfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhainníonn socraíocht a dhéanamh gach méid a íocadh de bhun phointe (a) agus phointe (b).

2.   Áiritheoidh contrapháirtí lárnach i mBallstát is contrapháirtí a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh i leith scaireanna go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú, i gcás ina mainníonn duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann scaireanna na scaireanna a sheachadadh le haghaidh socraíochta faoin dáta a bhfuil an tsocraíocht dlite, nach mór don duine sin íocaíochtaí laethúla a dhéanamh i leith gach aon lá a leanfar den mhainneachtain sin.

Beidh na híocaíochtaí laethúla sách ard chun gníomhú mar iombhagairt ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a mhainníonn socraíocht a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

DÍOLÚINTÍ

Airteagal 16

Díolúine i gcás ina bhfuil an príomhionad trádála i dtríú tír

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 12 agus 15 maidir le scaireanna cuideachta a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas i gcás ina bhfuil príomhionad trádála na scaireanna lonnaithe i dtríú tír.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha do scaireanna cuideachta a thrádáiltear ar ionad trádála san Aontas agus ar ionad i dtríú tír cinneadh a dhéanamh, gach dara bliain ar a laghad, i dtaobh an bhfuil príomhionad trádála na scaireanna sin lonnaithe i dtríú tír.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi aon scaireanna den sórt sin a bhfuil sé aitheanta ina leith go bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír.

Gach dhá bhliain, foilseoidh ÚEUM liosta na scaireanna dá bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír. Beidh éifeacht leis an liosta ar feadh tréimhse dhá bhliain.

3.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an modh chun an láimhdeachas a ríomh chun an príomhionad trádála le haghaidh trádáil scaire a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

an dáta a ndéanfar aon ríomh lena gcinnfear an príomhionad trádála le haghaidh scaire, agus an tréimhse lena mbainfidh aon ríomh den sórt sin;

(b)

an dáta faoina dtabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi na scaireanna sin a bhfuil a bpríomhionad trádála i dtríú tír;

(c)

an dáta óna mbeidh éifeacht leis an liosta tar éis a fhoilsithe ag ÚEUM.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 17

Díolúine i leith gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus oibríochtaí an bhunmhargaidh

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 7, 12, 13 agus 14 maidir le hidirbhearta a dhéantar mar gheall ar ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithítear le creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann margadh atá údaraithe sa tríú tír sin na ceanglais atá ceangailteach de réir an dlí, is ceanglais atá, chun an díolúine atá leagtha amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, coibhéiseach leis na ceanglais faoi Theideal III de Threoir 2004/39/CE, faoi Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh (drochúsáid margaidh) (13) agus faoi Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (14), agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir forfheidhmithe éifeachtaí sa tríú tír sin.

Féadfar a mheas go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tíre coibhéiseach i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas fíor i dtaca leis an tríú tír sin:

(a)

tá na margaí faoi réir údaraithe agus faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach;

(b)

tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag na margaí maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála sa chaoi is gur féidir na hurrúis sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta;

(c)

tá eisitheoirí na n-urrús faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach trína n-áirithítear leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí; agus

(d)

áirithítear trédhearcacht mhargaidh agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7, Airteagal 13 agus Airteagal 14 maidir le gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, agus é ag gníomhú mar phríomhdhéileálaí údaraithe de bhun comhaontaithe le heisitheoir ceannasach, i gcás ina bhfuil sé ag déileáil i gcáil príomhdhéileálaí in ionstraim airgeadais maidir le hoibríochtaí an bhunmhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh a bhaineann leis an bhfiachas ceannasach.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 12, 13 agus 14 den Rialachán seo maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás ina ndéanann sé díol folamh maidir le hurrús nó ina bhfuil glansuíomh gearr aige maidir le hoibríocht chobhsaíochta a chur i gcrích faoi Chaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le díolúintí maidir le cláir athcheannaigh agus le cobhsaíocht ionstraimí airgeadais (15).

5.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina bhfuil fógra i scríbhinn tugtha ag an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann d’údarás inniúil a Bhallstáit bhaile go bhfuil sé beartaithe leas a bhaint as an díolúine. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire roimh an lá a bhfuil sé beartaithe ag an duine nádúrtha nó dlítheanach leas a bhaint as an díolúine den chéad uair.

6.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 3 ach amháin i gcás ina bhfuil fógra i scríbhinn i ndáil leis an bhfiachas ceannasach lena mbaineann tugtha ag an bpríomhdhéileálaí údaraithe don údarás inniúil ábhartha go bhfuil sé beartaithe aige leas a bhaint as an díolúine. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire roimh an lá a bhfuil sé beartaithe ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar phríomhdhéileálaí leas a bhaint as an díolúine den chéad uair.

7.   Féadfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 úsáid na díolúine a thoirmeasc má mheasann sé nach gcomhlíonann an duine nádúrtha nó dlítheanach coinníollacha na díolúine. Déanfar aon toirmeasc a fhorchur laistigh den tréimhse 30 lá féilire dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 6 nó ina dhiaidh sin má thagann an t-údarás inniúil ar an eolas go bhfuil athruithe tagtha ar dhálaí an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh is athruithe a fhágann nach gcomhlíonann sé coinníollacha na díolúine a thuilleadh.

8.   Déanfaidh eintiteas tríú tíortha nach bhfuil údaraithe san Aontas an fógra dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a chur chuig údarás inniúil an phríomhionaid trádála a dtrádálann sé air san Aontas.

9.   Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil fógra tugtha aige faoi mhír 5 fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás inniúil a Bhallstáit bhaile a luaithe is féidir i gcás inarb ann d’aon athruithe a dhéanann difear d’incháilitheacht an duine sin maidir le leas a bhaint as an díolúine, nó i gcás nach mian leis an duine sin leas a bhaint as an díolúine a thuilleadh.

10.   Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil fógra tugtha aige faoi mhír 6 fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás inniúil ábhartha a luaithe is féidir i scríbhinn i ndáil le fiachas ceannasach lena mbaineann i gcás inarb ann d’aon athruithe a dhéanfadh difear d’incháilitheacht an duine sin maidir le leas a bhaint as an díolúine, nó i gcás nach mian leis an duine sin leas a bhaint as an díolúine a thuilleadh.

11.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile faisnéis a iarraidh i scríbhinn ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú faoi na díolúintí atá leagtha amach i mír 1, mír 3 nó mír 4 a bhaineann le suíomhanna gearra atá i seilbh duine nó le gníomhaíochtaí arna seoladh faoin díolúine. Déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach an fhaisnéis a sholáthar tráth nach déanaí ná ceithre lá féilire ón lá a dhéantar an iarraidh.

12.   Laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra a thabhairt i gcomhréir le mír 5 nó mír 9, tabharfaidh údarás inniúil fógra do ÚEUM maidir le haon cruthaitheoirí margaidh agus i gcomhréir le mír 6 nó mír 10 maidir le haon phríomhdhéileálaithe údaraithe a bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine agus maidir le haon chruthaitheoirí margaidh agus aon phríomhdhéileálaithe údaraithe nach bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine a thuilleadh.

13.   Déanfaidh ÚEUM liosta de na cruthaitheoirí margaidh agus de na príomhdhéileálaithe údaraithe a bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus déanfaidh sé an liosta sin a choimeád cothrom le dáta.

14.   Maidir le fógra faoin Airteagal seo, féadfaidh duine é a chur chuig údarás inniúil agus féadfaidh údarás inniúil é a chur chuig ÚEUM tráth ar bith laistigh de 60 lá féilire roimh an 1 Samhain 2012.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ IDIRGHABHÁLA ÚDARÁS INNIÚIL AGUS ÚEUM

ROINN 1

Cumhachtaí údarás inniúil

Airteagal 18

Fógra agus nochtadh i ndálaí eisceachtúla

1.   Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó maidir le haicme d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt ina leith nó mionsonraí an tsuímh a nochtadh don phobal i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach fógartha arna socrú ag an údarás inniúil, nó más rud é go dtiteann sé faoi bhun na tairsí sin, agus i gcás:

(a)

ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus

(b)

ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le hionstraimí airgeadais a bhfuil trédhearcacht de dhíth cheana ina leith faoi Airteagal 5 go hAirteagal 8. Maidir le beart faoi mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith aige i ndálaí, nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí, arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

Airteagal 19

Fógra ó iasachtóirí i ndálaí eisceachtúla

1.   Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil an beart dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcás:

(a)

ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus

(b)

ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.

2.   Féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghabhann d’iasachtú i leith ionstraime airgeadais sonraí nó aicme shonrach d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt i ndáil le haon athrú suntasach sna táillí a iarrtar le haghaidh an iasachtaithe sin.

Airteagal 20

Srianta ar dhíol folamh agus ar idirbhearta comhchosúla i ndálaí eisceachtúla

1.   Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcás:

(a)

ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus

(b)

ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.

2.   Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na nithe seo a leanas a dhéanamh nó coinníollacha a fhorchur maidir leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

díol folamh; nó

(b)

idirbheart seachas díol folamh trína gcruthaítear ionstraim airgeadais, nó a bhaineann le hionstraim airgeadais, agus gurb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás laghdú phraghas nó luach ionstraime airgeadais eile.

3.   Féadfaidh feidhm a bheith ag beart a dhéantar faoi mhír 2 maidir le hidirbhearta a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais uile, le hionstraimí airgeadais d’aicme shonrach nó le hionstraim airgeadais shonrach. Féadfaidh feidhm a bheith ag an mbeart i ndálaí, nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí, arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

Airteagal 21

Srianta ar idirbhearta babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí i ndálaí eisceachtúla

1.   Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil srian a chur ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha idirbhearta babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí a dhéanamh nó féadfaidh sé teorainn a chur le luach na suíomhanna babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí a cheadófar do na daoine sin a dhéanamh, i gcás:

(a)

ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus

(b)

ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige atá díréireach maidir leis na sochair a ghabhann leis ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.

2.   Féadfaidh feidhm a bheith ag beart a dhéantar faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí d’aicme shonrach nó le hidirbhearta sonracha babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí. Féadfaidh feidhm a bheith ag an mbeart i ndálaí, nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí, arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar a shonrú go háirithe go mbeidh feidhm ag eisceachtaí maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

Airteagal 22

Údaráis inniúla eile do dhéanamh bearta

Gan dochar d’Airteagal 26, maidir le hionstraim airgeadais féadfaidh údarás inniúil, nach é an t-údarás inniúil ábhartha i leith na hionstraime sin é, beart i ndáil le hionstraim airgeadais a fhorchur nó a athnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21, ach sin le toiliú an údaráis inniúil ábhartha, agus leis an toiliú sin amháin.

Airteagal 23

Cumhacht chun díol folamh ionstraimí airgeadais a shrianadh go sealadach i gcás titime suntasaí praghais

1.   I gcás ina bhfuil praghas ionstraime airgeadais ar ionad trádála tar éis titim go suntasach i rith lae trádála aonair i ndáil leis an bpraghas scoir ar an ionad sin an lá trádála roimhe sin, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile i leith an ionaid sin a mheas arb iomchuí toirmeasc nó srian a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh maidir leis an ionstraim airgeadais ar an ionad trádála sin nó, ar shlí eile, srian a chur ar idirbhearta san ionstraim airgeadais sin ar an ionad trádála sin chun laghdú mí-ordúil ar phraghas na hionstraime airgeadais a sheachaint.

I gcás inar deimhin leis an údarás inniúil, faoin gcéad fhomhír, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, déanfaidh sé, i gcás scaire nó ionstraime fiachais, toirmeasc nó srian a chur ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha díol folamh a dhéanamh ar an ionad trádála sin nó, i gcás cineál eile ionstraime airgeadais, cuirfidh sé srian ar idirbhearta san ionstraim airgeadais sin ar an ionad trádála sin chun laghdú mí-ordúil ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais a sheachaint.

2.   Beidh feidhm ag an mbeart faoi mhír 1 ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dheireadh an lae trádála i ndiaidh an lae trádála a dtarlaíonn an titim phraghais. Más rud é, ag deireadh an lae trádála i ndiaidh an lae trádála a dtarlaíonn an titim phraghais, ainneoin go ndearnadh an beart a fhorchur, go dtarlaíonn titim shuntasach eile luach na hionstraime airgeadais leath an mhéid arna sonrú i mír 5 ar a laghad i gcomparáid le praghas scoir an chéad lá trádála, féadfaidh an t-údarás inniúil an beart a fhadú ar feadh tréimhse breise nach faide ná dhá lá trádála i ndiaidh dheireadh an dara lá trádála.

3.   Beidh feidhm ag an mbeart faoi mhír 1 i ndálaí nó beidh sé faoi réir eisceachtaí arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar eisceachtaí go háirithe a shonrú chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

4.   Déanfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit baile ionaid ina bhfuil ionstraim airgeadais tar éis titim de réir an luacha dá dtagraítear i mír 5 i rith lae aonair trádála, fógra a thabhairt do ÚEUM faoin gcinneadh a ghlactar faoi mhír 1 dhá uair an chloig ar a dhéanaí tar éis dheireadh an lae trádála sin. Déanfaidh ÚEUM údaráis inniúla Ballstát baile na n-ionad ina ndéantar trádáil ar an ionstraim airgeadais chéanna a chur ar an eolas láithreach.

Más rud é go n-easaontaíonn údarás inniúil leis an ngníomhaíocht a ghlac údarás inniúil eile maidir le hionstraim airgeadais arna trádáil ar ionaid éagsúla atá á rialáil ag údaráis inniúla éagsúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Tabharfar an t-idir-réiteach chun críche roimh mheán oíche ag deireadh an lae trádála chéanna. Má mhainníonn na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfar an cinneadh roimh thús an chéad lá trádála eile.

5.   I gcás scaire leachtaí, mar a shainítear in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006, 10 % nó os a chionn a bheidh sa titim luacha, agus i gcás scaireanna neamhleachtacha agus aicmí eile d’ionstraimí airgeadais, is méid atá le sonrú ag an gCoimisiún a bheidh ann.

6.   Féadfaidh ÚEUM tuairim maidir le coigeartú na tairsí dá dtagraítear i mír 5 a eisiúint agus a chur chuig an gCoimisiún, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar cad is titim shuntasach luacha ann maidir le hionstraimí airgeadais nach scaireanna leachtacha iad, agus na sainiúlachtaí a bhaineann le gach aicme d’ionstraimí airgeadais agus na difríochtaí luaineachta á gcur san áireamh aige.

8.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an modh ríofa don titim 10 % maidir le scaireanna leachtacha agus don titim luacha a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún dá dtagraítear i mír 7.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24

Tréimhse na srianta

Beidh aon bheart arna fhorchur faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 25.

Féadfar an beart a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí más rud é go leanann na forais a bhí ann chun an beart a dhéanamh de bheith infheidhme. Mura ndéanfar an beart a athnuachan faoi dheireadh tréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Airteagal 25

Fógra a thabhairt maidir le srianta

1.   Foilseoidh údarás inniúil ar a láithreán gréasáin fógra maidir le haon chinneadh i dtaca le haon bheart dá dtagraítear in Airteagal 18 go hAirteagal 23 a fhorchur nó a athnuachan.

2.   Déanfar, ar a laghad, mionsonraí faoi na nithe seo a leanas a shonrú san fhógra:

(a)

na bearta a forchuireadh lena n-áirítear na hionstraimí agus aicmí na n-idirbheart a bhfuil feidhm ag na bearta sin ina leith agus ré na mbeart sin;

(b)

na cúiseanna a thug ar an údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil gá leis na bearta a fhorchur, lena n-áirítear an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna sin.

3.   Gabhfaidh éifeacht le beart faoi Airteagal 18 go hAirteagal 23 nuair a fhoilseofar an fógra nó tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.

Airteagal 26

Fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile

1.   Sula ndéanfar aon bheart a fhorchur nó a athnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 agus sula bhforchuirfear aon srian faoi Airteagal 23, tabharfaidh údarás inniúil fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an mbeart a thograíonn sé.

2.   Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis na bearta arna moladh, le haicmí na n-ionstraimí airgeadais agus na n-idirbheart a mbeidh feidhm ag na bearta sin ina leith, an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna a bhí leis na bearta sin agus an tráth atá sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis na bearta.

3.   Déanfar fógra maidir le togra i dtaobh beart a fhorchur nó a athnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 a thabhairt 24 uaire an chloig ar a laghad roimh an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin nó go ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh údarás inniúil, i ndálaí eisceachtúla, an fógra a thabhairt tráth is lú ná 24 uaire an chloig roimh an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin i gcás nach féidir fógra 24 uaire an chloig a thabhairt. Déanfar fógra maidir le srian faoi Airteagal 23 a thabhairt roimh an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart.

4.   Féadfaidh údarás inniúil a fhaigheann fógra faoin Airteagal seo bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 23 sa Bhallstát sin i gcás inar deimhin leis an údarás inniúil sin go bhfuil gá leis an mbeart chun cabhrú leis an údarás inniúil chun an fógra a thabhairt. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann fógra, tabharfaidh sé fógra freisin i gcomhréir le mír 1 go mír 3 i gcás ina dtograíonn sé bearta a dhéanamh.

ROINN 2

Cumhachtaí ÚEUM

Airteagal 27

Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM

1.   Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM maidir le bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla faoi Roinn 1. Áiritheoidh ÚEUM, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na bearta arna ndéanamh, go háirithe i dtaobh cás inar gá leas a bhaint as cumhachtaí idirghabhála, cineál aon bheart arna bhforchur agus tosach feidhme agus ré beart den sórt sin.

2.   Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 26 maidir le haon bheart a bheidh le forchur nó le hathnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint, laistigh de 24 uaire an chloig, i dtaobh an measann sé an bhfuil gá leis an mbeart nó leis an mbeart a thograítear chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí eisceachtúla. Luafar sa tuairim an measann ÚEUM go bhfuil teagmhais dhochracha tar éis tarlú, nó go bhfuil forbairtí tagtha chun cinn, atá ina mbagairt tromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh i mBallstát amháin nó níos mó, an measann sé gur beart iomchuí, comhréireach é an beart nó an beart a thograítear chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus an measann sé go bhfuil údar maith leis an ré a thograítear d’aon bheart den sórt sin. Má mheasann ÚEUM gur gá do na húdaráis inniúla eile aon bheart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt, luafaidh sé an méid sin freisin ina thuairim. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.

3.   I gcás ina dtograíonn údarás inniúil bearta a dhéanamh atá contrártha do thuairim ó ÚEUM faoi mhír 2 nó ina ndéanann sé bearta den sórt sin, nó i gcás ina ndiúltaíonn sé bearta a dhéanamh rud atá contrártha do thuairim ó ÚEUM faoin mír sin, foilseoidh sé fógra ina dtugtar míniú ar shlí iomlán ar na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh ar a láithreán gréasáin laistigh de 24 uaire an chloig ón tuairim ó ÚEUM a fháil. I gcás den sórt sin, déanfaidh ÚEUM breithniú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha comhlíonta agus an cás iomchuí é chun leas a bhaint as a chuid cumhachtaí idirghabhála faoi Airteagal 28.

4.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar bhearta a dhéantar faoin Airteagal seo go rialta, agus in aon chás déanfar an t-athbhreithniú gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar an beart a athnuachan faoi dheireadh thréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Airteagal 28

Cumhachtaí idirghabhála ÚEUM i ndálaí eisceachtúla

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, ceachtar acu seo a leanas:

(a)

a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó le haicme shonrach d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt d’údarás inniúil nó mionsonraí ar aon suíomh den sórt sin a nochtadh don phobal; nó

(b)

toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, nó coinníollacha a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i dtaca le díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, trína gcruthaítear ionstraim airgeadais seachas ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(1), nó a bhaineann le hionstraim airgeadais den sórt sin, i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt do dhuine den sórt sin i gcás ina dtarlaíonn laghdú praghais nó luacha ionstraime airgeadais eile.

Féadfaidh feidhm a bheith ag beart i ndálaí áirithe nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

2.   Ní dhéanfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin más rud é:

(a)

go dtugann na bearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 aghaidh ar bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas agus go bhfuil impleachtaí trasteorann acu; agus

(b)

nach bhfuil bearta déanta ag aon údarás inniúil chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin nó má tá bearta déanta ag údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla, ar bearta iad nach dtugann aghaidh ar an mbagairt ar shlí leordhóthanach.

3.   I gcás ina ndéanann ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé san áireamh a mhéid a dhéantar na nithe seo a leanas leis an mbeart:

(a)

aghaidh a thabhairt ar shlí shuntasach ar an mbagairt ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais nó an bhagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó chuid den chóras airgeadais sin nó feabhas suntasach a chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbagairt sin;

(b)

gan riosca arbatráiste rialála a chruthú;

(c)

gan éifeacht dhochrach a bheith aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht margaí airgeadais, lena n-áirítear trí leachtacht a laghdú sna margaí sin nó trí neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.

I gcás ina bhfuil beart faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 déanta ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 27 a eisiúint.

4.   Sula gcinnfidh sé aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis ábhartha eile.

5.   Sula gcinnfidh sé aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir leis an mbeart a thograíonn sé a dhéanamh. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis na bearta a thograíonn sé, le haicme na n-ionstraimí airgeadais agus na n-idirbheart a mbeidh feidhm ag na bearta sin ina leith, an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna atá leis na bearta sin agus an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis na bearta.

6.   Déanfar an fógra 24 uaire an chloig ar a laghad roimh an tráth a ghabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin nó a ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh ÚEUM, i ndálaí eisceachtúla, an fógra a thabhairt tráth is lú ná 24 uaire an chloig roimh an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin i gcás nach féidir fógra a thabhairt 24 uaire an chloig roimh ré.

7.   Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan. Sonrófar, ar a laghad, san fhógra:

(a)

na bearta arna bhforchur lena n-áirítear na hionstraimí agus aicmí na n-idirbheart a bhfuil feidhm ag na bearta ina leith agus ré na mbeart; agus

(b)

na cúiseanna ar dá réir a bhfuil ÚEUM den tuairim gur gá na bearta a fhorchur, lena n-áirítear an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna sin.

8.   Tar éis dó a chinneadh go ndéanfar aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach do na húdaráis inniúla maidir leis na bearta a glacadh.

9.   Gabhfaidh éifeacht le beart nuair a fhoilseofar an fógra ar láithreán gréasáin ÚEUM nó ag tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.

10.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar an beart a athnuachan faoi dheireadh thréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir le bearta a athnuachan.

11.   Beidh forlámhas ag beart arna ghlacadh ag ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Roinn 1.

Airteagal 29

Cumhachtaí ÚEUM i staideanna éigeandála a bhaineann le fiachas ceannasach

I gcás inar ann do staid éigeandála a bhaineann le fiachas ceannasach nó le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, beidh feidhm ag Airteagal 18 agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Sonrú breise ar theagmhais dhochracha nó ar fhorbairtí dochracha

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar na critéir agus na tosca a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis inniúla agus ag ÚEUM agus é á chinneadh acu cé na cásanna ina dtagann na teagmhais dhochracha nó na forbairtí dochracha dá dtagraítear in Airteagal 18 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 27 mar aon leis na bagairtí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 28(2) chun cinn.

Airteagal 31

Fiosrúcháin ÚEUM

Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin ag údarás amháin nó níos mó de na húdarais inniúla, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle, ag an gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, fiosrúchán a sheoladh ar shaincheist áirithe nó ar chleachtas áirithe a bhaineann le díol folamh nó a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa a úsáid chun measúnú a dhéanamh cibé atá an tsaincheist nó an cleachtas sin ina bhagairt ionchasach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh san Aontas.

Laistigh de thrí mhí amhail ó dheireadh fiosrúcháin den sórt sin, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach torthaí an fhiosrúcháin agus aon mholtaí a bhaineann leis an tsaincheist nó leis an gcleachtas.

CAIBIDIL VI

RÓL ÚDARÁS INNIÚIL

Airteagal 32

Údaráis inniúla

Déanfaidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a ainmniú chun críche an Rialacháin seo.

I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé an t-údarás arb é atá le bheith freagrach as an gcomhar agus as an malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.

Airteagal 33

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Chun go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla. Feidhmeoidh siad a gcuid cumhachtaí ar aon cheann de na slite seo:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile; nó

(c)

trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Chun go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais faoin Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

rochtain a fháil ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b)

ceangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach faisnéis a thabhairt agus, más gá, duine nádúrtha nó dlítheanach a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;

(c)

cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, le fógra roimh ré nó dá uireasa;

(d)

taifid theileafóin atá ann cheana agus taifid de thrácht sonraí atá ann cheana a éileamh;

(e)

a éileamh go scoirfí d’aon chleachtais atá contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo;

(f)

calcadh agus/nó forlámhú sócmhainní a éileamh.

3.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla i gcásanna aonair, gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) de mhír 2, a cheangal ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann idirbheart babhtála mainneachtana creidmheasa an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

míniú maidir leis an gcuspóir atá leis an idirbheart agus i dtaobh an chun críocha riosca a fhálú nó chun críocha eile atá sé; agus

(b)

faisnéis lena bhfíoraítear an riosca foluiteach i gcás inar chun críocha fálaithe an t-idirbheart.

Airteagal 34

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil nó d’aon údarás nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndearna an t-údarás inniúil cúraimí a tharmligean chuige, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna bhfostú ag an údarás inniúil ar conradh. Ní fhéadfar faisnéis rúnda atá cumhdaithe ag an rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile nó d’aon údarás eile ach amháin i gcás ina bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis ar fad a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta, measfar gur faisnéis rúnda í agus go mbeidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 35

Oibleagáid maidir le comhar

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile i gcás inar gá nó inar fóirsteanach sin chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an fhaisnéis atá ábhartha chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile agus déanfaidh siad sin gan aon mhoill mhíchuí.

Airteagal 36

Comhar le ÚEUM

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá chun go gcomhlíonfaidh ÚEUM a dhualgais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a sholáthar do ÚEUM gan mhoill.

Airteagal 37

Comhar i gcás ina n-iarrtar cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe ar an láthair

1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin cúnamh a iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile i leith cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe ar an láthair.

Cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach ÚEUM ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta a bhfuil éifeachtaí trasteorann ag baint leis nó léi, féadfaidh ÚEUM an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú, agus déanfaidh sé amhlaidh má iarrtar air déanamh amhlaidh.

2.   I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:

(a)

an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dheánamh é féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht ar an láthair nó in imscrúdú ar an láthair;

(c)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(d)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh;

(e)

cúraimí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

3.   Féadfaidh ÚEUM a iarraidh ar na húdaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdaithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh nuair a theastaíonn faisnéis ó ÚEUM le réasún chun go bhféadfaidh sé cumhacht a thugtar go sainráite dó faoin Rialachán seo a fheidhmiú.

Airteagal 38

Comhar le tríú tíortha

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh, socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha, maidir le forfheidhmiú na n-oibleagáidí a thig faoin Rialachán seo i dtríú tíortha agus maidir le bearta comhchosúla i dtríú tíortha a dhéanann a n-údaráis mhaoirseachta chun na bearta arna ndéanamh faoi Chaibidil V a chomhlánú. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin ar a laghad malartú éifeachtúil faisnéise a cheadóidh do na húdaráis inniúla a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Cuirfidh údarás inniúil ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas i gcás ina dtograíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.

2.   Beidh sa socrú comhair forálacha maidir leis an malartú sonraí agus faisnéise is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 16(2).

3.   Déanfaidh ÚEUM forbairt socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha a chomhordú. Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM doiciméad múnla a ullmhú le haghaidh socruithe comhair a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a úsáid.

Déanfaidh ÚEUM an malartú idir na húdaráis inniúla i leith na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha agus ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Chaibidil V.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a chur chun críche ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 34. Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích.

Airteagal 39

Sonraí pearsanta a aistriú agus a choimeád

Maidir le sonraí pearsanta a aistriú idir Ballstáit nó idir Ballstáit agus tríú tír, déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm. Maidir le sonraí pearsanta a aistríonn ÚEUM chuig Ballstáit nó chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chomhlíonadh.

Déanfar sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a choimeád go ceann tréimhse uasta 5 bliana.

Airteagal 40

Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha

Féadfaidh údarás inniúil sonraí agus anailís sonraí a aistriú chuig údarás maoirseachta tríú tíre i gcás ina gcomhalltar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 nó Airteagal 26 de Threoir 95/46/CE, ach ní dhéanfar aistriú den sórt sin ach ar bhonn gach cáis faoi leith. Beidh an t-údarás inniúil deimhin de gur gá an t-aistriú chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar aon aistriú den sórt sin de réir comhaontaithe nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig údarás maoirseachta tríú tíre eile gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil.

Ní dhéanfaidh údarás inniúil faisnéis, ar faisnéis rúnda í de bhun Airteagal 34 agus a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile, a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tíre ach amháin sa chás go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag an údarás inniúil ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh chun na gcríoch ar ina leith a thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 41

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus bearta riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a bhunú agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na píonóis agus na bearta riaracháin sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ÚEUM treoirlínte a ghlacadh chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin a bheidh le bunú ag Ballstáit.

Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír don Choimisiún agus do ÚEUM faoin 1 Iúil 2012 agus tabharfaidh siad fógra dóibh gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.

Déanfaidh ÚEUM liosta de na pionóis atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát agus de na bearta riaracháin atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

Déanfaidh Ballstáit faisnéis chomhiomlán a sholáthar go bliantúil do ÚEUM maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin arna bhforchur. Má dhéanann údarás inniúil an fíoras gur forchuireadh pionós nó beart riaracháin a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé fógra maidir leis an méid sin do ÚEUM an tráth céanna.

CAIBIDIL VII

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 42

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 5(4), Airteagal 6(4), Airteagal 7(3), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5), agus Airteagal 30 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 5(4), Airteagal 6(4), Airteagal 7(3), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5), agus Airteagal 30 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh leis an tarmligean cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 5(4), Airteagal 6(4), Airteagal 7(3), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5) agus Airteagal 30 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 43

Spriocam chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 5(4), Airteagal 6(4), Airteagal 7(3), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5) agus Airteagal 30 a ghlacadh faoin 31 Márta 2012.

Féadfaidh an Coimisiún an spriocam dá dtagraítear sa chéad mhír a fhadú sé mhí.

CAIBIDIL VIII

GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 44

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (16) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Athbhreithniú agus tuarascáil

I bhfianaise na bpléití leis na húdaráis inniúla agus le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2013, tuarascáil ar an méid seo a leanas do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

a iomchuí is atá na tairseacha fógartha agus nochta faoi Airteagail 5, 6, 7 agus 8;

(b)

tionchar na gceanglas aonair maidir le nochtadh faoi Airteagal 6, go háirithe i ndáil le héifeachtúlacht agus le luaineacht margaí airgeadais;

(c)

a iomchuí is atá tuairisciú díreach láraithe a dhéanamh chuig ÚEUM;

(d)

oibriú na srianta agus na gceanglas i gCaibidil II agus i gCaibidil III;

(e)

a iomchuí is atá na srianta ar na babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí neamhurraithe agus a iomchuí is atá aon srianta eile nó coinníollacha eile ar dhíol folamh nó ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa.

Airteagal 46

Foráil idirthréimhseach

1.   Féadfaidh na bearta atá ann cheana a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a bhí i bhfeidhm roimh an 15 Meán Fómhair 2010, leanúint de bheith infheidhme go dtí an 1 Iúil 2013 ar choinníoll go dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún faoin 24 Aibreán 2012.

2.   Féadfar idirbhearta babhtálacha mainneachtana creidmheasa as a dtig suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a tugadh i gcríoch roimh an 25 Márta 2012 nó le linn na srianta ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí neamhurraithe a bheith ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(2) a choimeád go dtí dáta aibíochta an chonartha babhtála mainneachtana creidmheasa.

Airteagal 47

Foireann agus acmhainní ÚEUM

Faoin 31 Nollaig 2012, déanfaidh ÚEUM measúnú ar a riachtanais foirne agus ar a riachtanais acmhainní is riachtanais a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas faoin Rialachán seo a ghlacadh de láimh, agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2012.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 7(3), Airteagal 9(5), Airteagal 11(3) agus (4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(4) agus (5), Airteagal 16(3) agus (4), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5), (7) agus (8), agus Airteagal 30, Airteagal 42, Airteagal 43 agus Airteagal 44 ón 25 Márta 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 91, 23.3.2011, lch. 1.

(2)  IO C 84, 17.3.2011, lch. 34.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2012.

(4)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(5)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(6)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.

(7)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(8)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(9)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(10)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta i dtaca le taifid a choimeád, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí sainithe chun críche na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).

(12)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.

(13)  IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.

(14)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(15)  IO L 336, 23.12.2003, lch. 33.

(16)  IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.