21.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1312/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go sonrach, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna a bhaineann lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus fadhbanna a bhaineann le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais.

(2)

Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh anois chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistiú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (“CETFT”).

(3)

De bhun Airteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena bhforáiltear go mbeidh an fhéidearthacht ann cúnamh airgeadais Aontais a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, rinneadh, i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (3), sásra den sórt sin a bhunú d’fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle (4) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle (5), rinneadh cúnamh airgeadais Aontais den sórt sin a dheonú d’Éirinn agus don Phortaingéil, faoi seach. Bhí deacrachtaí tromchúiseacha ag an nGréig maidir lena cobhsaíocht airgeadais sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm agus fuair sí cúnamh airgeadais, inter alia, ó Bhallstáit eile den limistéar euro.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí (6) bunaíodh ionstraim lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Chomhairle cúnamh airgeadais meántéarmach a dheonú i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag Ballstát nár ghlac an euro nó ina bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt ar Bhallstát den sórt sin maidir le comhardú a íocaíochtaí.

(6)

Le Cinneadh 2009/102/CE ón gComhairle (7), le Cinneadh 2009/290/CE ón gComhairle (8) agus le Cinneadh 2009/459/CE ón gComhairle (9), rinneadh cúnamh airgeadais den sórt sin a dheonú don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin, faoi seach.

(7)

Tá an tréimhse ar lena linn a bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil d’Éirinn, don Ungáir, don Laitvia, don Phortaingéil agus don Rómáin leagtha amach sna Cinntí ón gComhairle faoi seach. Chuaigh an cúnamh don Ungáir in éag an 4 Samhain 2010.

(8)

I gcás na Gréige, tháinig an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch a tugadh i gcrích in éineacht leis an gComhaontú Saoráide Iasachta i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Foráiltear leis an gComhaontú Idirchreidiúnaíoch go rachaidh an tréimhse infhaighteachta in éag dáta cothrom trí bliana dháta an chomhaontaithe sin.

(9)

An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais 17 mBallstát an limistéir euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE). Leanann an Conradh sin ó Chinneadh 2011/199/AE ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011 lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (10). Táthar ag súil leis go nglacfaidh an SCE, faoi 2013, na cúraimí air féin atá á nglacadh ag an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SaorCAE) agus ag an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SásCAE) orthu féin faoi láthair.

(10)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2011, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh rún ón gCoimisiún maidir leis na sineirgíochtaí atá idir an clár iasachta don Ghréig agus cistí an Aontais a fheabhsú agus thacaigh sí leis na hiarrachtaí go léir cur le cumas na Gréige cistí Aontais a chomhghabháil chun fás agus fostaíocht a spreagadh trí athdhíriú ar an iomaíochas agus ar chruthú fostaíochta a fheabhsú. Thairis sin, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh obair ullmhúcháin atá á déanamh ag an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, ar chlár cuimsitheach cúnaimh theicniúil don Ghréig, agus thacaigh sí leis an obair sin. Déanann an leasú seo ar Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe a bheith á tabhairt ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (11) rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin chun sineirgíochtaí a fheabhsú.

(11)

Chun bainistíocht chistiú Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin lena mbaineann a luathú, agus chun tionchar an chistithe ar an ngeilleagar a mhéadú, is gá a cheadú go méadófar ráta rannchuidithe CETFT suas go 95 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gCuspóir Cóineasaithe agus suas go 85 % den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(12)

I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, ní bheidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe méadaithe ach i gcás íocaíochtaí atá le déanamh tar éis don Choimisiún na cláir forbartha tuaithe faoi seach, lena n-áirítear na pleananna nua airgeadais, a fhormheas. Dá bhrí sin, is gá freisin an nós imeachta faoina bhféadfaidh na Ballstáit an fhéidearthacht sin a úsáid, chomh maith leis an sásra trína n-áiritheofar í, a chinneadh.

(13)

Ba cheart le méadú sealadach na rátaí cómhaoinithe na srianta buiséadacha atá i ndán do gach Ballstát a chur san áireamh, agus ba cheart na srianta buiséadacha sin a léiriú go hiomchuí i mbuiséad ghinearálta an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ós rud é gurb é príomhchuspóir an tsásra aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha atá ann faoi láthair, ba cheart cur i bhfeidhm an tsásra a theorannú don chaiteachas arna thabhú ag na gníomhaireachtaí íocaíochta go dtí an 31 Nollaig 2013.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a leasú dá réir sin.

(15)

I ngeall ar an ngá práinneach atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis é a fhoilsiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 4b:

“4c.   De mhaolú ar na huasmhéideanna atá leagtha amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, féadfar ranníoc CETFT a mhéadú go 95 % ar a mhéad den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gCuspóir Cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85 % den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile. Beidh feidhm ag na rátaí sin i leith an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach dearbhú deimhnithe caiteachais, is caitheachas arna thabhú le linn na tréimhse ina gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (12) nó tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile de chuid an limistéir euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm;

(b)

tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí (13);

(c)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

Déanfaidh Ballstát ar mian leis úsáid a bhaint as an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír iarraidh a thíolacadh don Choimisiún a chlár forbartha tuaithe a mhodhnú dá réir sin. Beidh feidhm ag an maolú ón tráth a mbeidh an modhnú formheasta ag an gCoimisiún, agus scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige nuair nach bhfuil aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an mBallstát. I gcás ar bith, ní bheidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír ach maidir leis an gcaiteachas arna thabhú ag na gníomhaireachtaí íocaíochta go dtí an 31 Nollaig 2013 agus leis an gcaiteachas sin amháin.

Nuair a scoirfidh an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige, cuirfidh an Ballstát togra chuig an gCoimisiún le haghaidh mhodhnú an chláir, lena n-áirítear plean maoinithe nua a bhfuil na rátaí uasta ab infheidhme roimh an maolú á gcomhlíonadh aige.

Más rud é nach ndéanann Ballstát togra le haghaidh mhodhnú a chláir forbartha tuaithe a thíolacadh don Choimisiún, lena n-áirítear plean maoinithe nua, ar an dáta a scoireann an maolú d’fheidhm a bheith aige i gcomhréir leis an dara fomhír, nó mura gcomhlíonann an plean maoinithe a chuirfear ar aghaidh na rátaí uasta atá leagtha síos i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, cuirfear na rátaí sin i bhfeidhm go huathoibríoch ón dáta sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 19 Nollaig 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KOROLEC


(1)  Tuairim an 27 Deireadh Fómhair 2011.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Nollaig 2011.

(3)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(4)  IO L 30, 4.2.2011, lch. 34.

(5)  IO L 159, 17.6.2011, lch. 88.

(6)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

(7)  IO L 37, 6.2.2009, lch. 5.

(8)  IO L 79, 25.3.2009, lch. 39.

(9)  IO L 150, 13.6.2009, lch. 8.

(10)  IO L 91, 6.4.2011, lch. 1.

(11)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

(12)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(13)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.”.