29.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1214/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir Ballstáit sa limistéar euro

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ó tugadh an euro isteach tá méadú nach beag ar an ngá atá le hiompar trasteorann airgid thirim de bhóthar. Laistigh den limistéar euro, ba cheart go bhféadfadh na bainc, earnáil na miondíoltóirí móra agus láimhseálaithe airgid thirim gairmiúla eile conradh a dhéanamh leis an gcuideachta airgid thirim idirthurais (CIT) is fearr praghas agus/nó is fearr seirbhís, agus go bhféadfadh siad tairbhe a bhaint as seirbhísí airgid thirim bhrainse bainc ceannais náisiúnta (BCN) is gaire dóibh nó an ionaid airgid thirim CIT is gaire dóibh, fiú más i mBallstát eile atá sé suite. Thairis sin, tá líon mór Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (“Ballstáit rannpháirteacha” anseo feasta) tar éis socruithe a dhéanamh nó a d’fhéadfadh socruithe a dhéanamh chun nótaí bainc agus monaí in euro a tháirgeadh thar lear. Luíonn sé le prionsabal féin an airgeadra aonair saoirse a bheith ann maidir le hairgead tirim a aistriú idir Ballstáit rannpháirteacha.

(2)

De bharr na ndifríochtaí suntasacha atá idir dlí náisiúnta Ballstát, is iondúil go mbíonn sé thar a bheith deacair iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro a dhéanamh de bhóthar idir na Ballstáit rannpháirteacha. Tá an staid sin contrártha do phrionsabal shaorghluaiseacht an euro agus téann sé chun dochair don phrionsabal maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar, ar prionsabal é atá ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh.

(3)

Is freagra é an Rialachán seo ar an bhféidearthacht ionstraimí comhchuibhithe a thíolacadh i gcomhair iompair airgid thirim, mar atá sainithe in Airteagal 38(b) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (3).

(4)

D’fhonn slándáil CIT a fheabhsú i gcomhair na foirne slándála CIT lena mbaineann agus i gcomhair an phobail araon, ba cheart úsáid an chórais mheabhraigh neodraithe nótaí bainc (IBNS) a spreagadh agus, tar éis don Choimisiún anailís chríochnúil a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go bhféadfaí é a fhorbairt ar shlí a bhéarfadh comhchuibhiú ar IBNS i measc na mBallstát rannpháirteach, gan dochar do na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis na socruithe iompair is infheidhme.

(5)

I bhfianaise na gcontúirtí ar leith maidir le sláinte agus beatha foirne slándála CIT agus leis an bpobal i gcoitinne a bhaineann leis an ngníomhaíocht i dtaca le hairgead tirim a iompar, is iomchuí go gcuirfí an t-iompar trasteorann d’airgead thirim in euro faoi réir sheilbh saincheadúnais trasteorann CIT. Ba cheart go mbeadh ceadúnas den sórt sin i seilbh duine de bhreis ar an gceadúnas náisiúnta CIT atá riachtanach sa bunáite na mBallstát rannpháirteach, ceadúnas nach ndéantar a chuma a chomhchuibhiú leis an Rialachán seo. Is iomchuí, ina theannta sin, go dtaispeánfadh cuideachtaí CIT atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha nach bhfuil nós imeachta sonrach formheasa acu i leith cuideachtaí CIT de bhreis ar a rialacha ginearálta i leith earnálacha na slándála nó an iompair, go bhfuil taithí 24 mhí ar a laghad acu maidir le hairgead thirim in euro a iompar go rialta sa Bhallstát bunaíochta gan an dlí náisiúnta a shárú sula ndéanann an Ballstát sin ceadúnas trasteorann CIT a dheonú orthu. Cuirfí le cur chuige den sórt sin le hiontaoibh frithpháirteach idir Ballstáit.

(6)

Chun go seachnófaí dúbailt na n-oibleagáidí agus tabhairt isteach nós imeachta atá ródhian ar shlí neamhriachtanach, is iomchuí thairis sin a fhoráil nach ceanglaítear i leith sealbhóir ceadúnais CIT trasteorann ceadúnas Comhphobail a bheith i seilbh an tsealbhóra sin freisin i gcomhair earraí a iompar de bhóthar go hidirnáisiúnta, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (4).

(7)

Ba cheart go gcomhlíonfaí leis an iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo agus dlí an Bhallstáit tionscnaimh, an Bhallstáit aíochta agus, más infheidhme, Bhallstát an idirthurais agus go gcomhlionfaí na nithe sin go hiomlán.

(8)

Tá an Rialachán seo ceaptha chun an t-iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar idir Ballstáit rannpháirteacha a cheadú faoi choinníollacha lena ráthaítear slándáil an idirbhirt, sábháilteacht foirne slándála CIT lena mbaineann agus sábháilteacht an phobail, agus saorghluaiseacht airgid thirim in euro. I gcomhréir le gnáthchleachtais an mhargaidh, is iomchuí freisin go gceadófar luach teoranta d’airgead tirim nach bhfuil in euro a iompar san fheithicil CIT chéanna.

(9)

I bhfianaise na gceanglas sonrach a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu ag oibrithe trasteorann CIT, is iomchuí go leanfadh siad modúl sonrach oiliúna trasteorann de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI. Chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, níor cheart go n-áireofaí leis an modúl oiliúna trasteorann na heilimintí arna cumhdach cheana ag an oiliúint éigeantach is gá chun an ghníomhaíocht CIT intíre a dhéanamh.

(10)

I ngeall ar choinníollacha sonracha na hearnála CIT, tá sé deacair seachadtaí il-laethúla airgid thirim in euro a eagrú go sábháilte. Is iomchuí dá bhrí sin, go bhfillfeadh feithicil CIT atá ag iompar airgid thirim in euro de bhóthar trasna teorann go gairmiúil ar a Ballstát tionscnaimh ar an lá céanna.

(11)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún togra ar aghaidh chun sainmhíniú an téarma “tráth an lae” a leasú, agus/nó íosfhad na hoiliúna tosaigh ad hoc is gá a leagtar síos sa Rialacháin seo, i gcás ina dtiocfadh na comhpháirtithe sóisialta ar chomhaontú ar leibhéal an Aontais go mbeadh sainmhíniú eile ní b’iomchuí.

(12)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, tá teorann trí oibríocht ar líon na n-oibríochtaí cabatáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh de seacht lá sa Bhallstát aíochta tar éis an t-iompar idirnáisiúnta ó Bhallstát eile. Mar sin féin, de bharr shainghnéithe na hearnála CIT, baineann sé le gnáthchleachtas go ndéanfadh feithicil CIT líon i bhfad níos mó oibríochtaí seachadta/bailithe airgid tirim in euro in aghaidh an lae. Is iomchuí, dá bhrí sin, maolú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 sa mhéid is nach bhforchuirtear aon teorainn ar líon na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim in euro a d’fhéadfadh feithicil CIT a dhéanamh i mBallstát aíochta in aon lá amháin.

(13)

Níor cheart go gcumhdódh le rialacha náisiúnta lena rialaítear iompraíocht foirne slándála CIT lasmuigh den fheithicil agus lena rialaítear slándáil na n-ionad seachadta/bailithe airgid thirim in euro, an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as córais neodraithe nótaí bainc nuair atá na nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil lán-armúrtha nach bhfuil IBNS feistithe uirthi.

(14)

Le hAirteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (5) cumhdaítear cúinsí postaithe ina soláthraíonn gnóthas seirbhísí trasnáisiúnta thar a cheann féin agus faoina threoir de bhun conartha a rinneadh idir an gnóthas agus an páirtí dá bhfuil na seirbhísí beartaithe.

(15)

I bhfianaise cineál sonrach sheirbhísí iompair CIT, ba cheart go bhforáiltear go gcuirfí Treoir 96/71/CE i bhfeidhm ar shlí chomhchineál i leith gach seirbhíse iompair trasteorann airgid thirim in euro chun cinntitheacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibreoirí agus chun infheidhmeacht phraiticiúil na Treorach a áirithiú san earnáil sin.

(16)

Mar thoradh ar shainiúlacht na ngníomhaíochtaí iompair lena mbaineann agus cuid díobh sin a bheith ócáideach, ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm chomhchinéail na rialacha cosanta íosta atá leagtha síos i dTreoir 96/71/CE teoranta d’íosrátaí pá, lena n-áirítear rátaí ragoibre, dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(c) den Treoir sin, agus ba cheart iad sin a ráthú i gcomhair ré an lae oibre ar fad ionas nach gcuirfear ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na hoibreoirí. Maidir le coincheap na n-íosrátaí pá, dá dtagraítear i dTreoir 96/71/CE agus faoi theorainneacha chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoin dlí náisiúnta nó cleachtas an Bhallstáit, ar chuig a chríche a dhéantar an t-oibrí a phostú, a dhéantar an coincheap sin a shainiú. I gcás ina ndéanann oibrí CIT iompar trasteorann ar feadh breis agus 100 lá oibre i mbliain féilire i mBallstát eile de bharr conartha, rialachán, forálacha riaracháin nó socruithe praiticiúla, is iomchuí go mbeadh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha bunchosanta atá leagtha síos i dTreoir 96/71/CE i leith an oibrí sin mutatis mutandis.

(17)

Ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha cosanta íosta sa Bhallstát a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm na dtéarmaí agus na gcoinníollacha fostaíochta, atá níos fabhraí don oibrí faoi dlí, chomhaontú comhchoiteann nó faoi chonradh fostaíochta Bhallstát bunaidh an oibrí.

(18)

Chun críche rialacha cosanta íosta ábhartha a bhunú, is iomchuí go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag na forálacha ar chomhar faisnéise in Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE. Ina leith sin ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann leas a bhaint as an gcomhar riaracháin agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear i dTreoir 96/71/CE.

(19)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim a thagann isteach sa Chomhphobal nó a imíonn as (6).

(20)

Chun dul chun cinn teicneolaíoch agus caighdeáin nua Eorpacha a d’fheadfadh a bheith ann a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh(CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar na rialacha teicniúla, ar na caighdeáin i ndáil leis an IBNS, le harmúrú na bhfeithiclí, le veisteanna piléardhíonacha agus le boscaí arm daingne. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfaí na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(21)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, ní théann an rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach, eadhon iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit sa limistéar euro,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

RIALACHA COMHCHOITEANNA LENA RIALAÍTEAR GACH IOMPAR TRASTEORANN AIRGID THIRIM IN EURO DE BHÓTHAR

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Ballstáit rannpháirteacha” na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(b)

ciallaíonn “iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar” an iompar gairmiúil cibé acu ar luach saothair thar ceann tríú páirtithe nó iompar a dhéantar laistigh de chuideachta airgid thirim idirthurais (“CIT” anseo feasta) — nótaí bainc nó monaí in euro, ar iompar é a dhéantar i bhfeithicil, de bhóthar, ó Bhallstát rannpháirteach, chun nótaí bainc nó monaí in euro a sholáthar d’áit nó d’áiteanna i mBallstát rannpháirteach nó i mBallstáit rannpháirteacha nó na nótaí bainc nó na monaí in euro sin a bhailiú ó ceann amháin nó níos mó de na háiteanna sin i mBallstát rannpháirteach nó i mBallstáit rannpháirteacha agus iad a sholáthar do nó iad a bhailiú ón mBallstát tionscnaimh, gan dochar d’iompar uasmhéid 20 % d’airgead tirim nach airgead in euro é i ndáil le luach iomlán an airgid thirim arna iompar san fheithicil chéanna i gcás ina ndéanann feithicil CIT bunáite na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim in euro le linn an lae céanna a chur i gcrích ar chríoch an Bhallstáit aíochta nó i gcás iompar pointe go pointe nuair a dhéantar an t-iompar idir dhá Bhallstát rannpháirteacha éagsúla;

(c)

ciallaíonn “ceadúnas CIT trasteorann” ceadúnas a sheachadaíonn údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh ar ceadúnas é lena n-údaraítear an sealbhóir an t-iompar trasteorann airgid thirim in euro a dhéanamh de bhóthar idir Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo;

(d)

ciallaíonn “údarás deonúcháin” údarás an Bhallstáit tionscnaimh atá i mbun an ceadúnas CIT trasteorann a eisiúint;

(e)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát rannpháirteach a bhfuil an chuideachta CIT bunaithe ina chríoch. Meastar go bhfuil an chuideachta CIT bunaithe má tá sí ag saothrú iarbhír gníomhaíochta eacnamaíche, i gcomhréir le hAirteagal 49 CFAE, ar feadh tréimhse éiginnte, trí bhíthin bonneagair sheasta ar áit í sin óna gcuirtear an obair a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i gcrích iarbhír;

(f)

ciallaíonn “Ballstát aíochta” Ballstát rannpháirteach amháin nó níos mó ina soláthraíonn cuideachta CIT an tseirbhís sheachadta/bhailithe airgid thirim in euro nach é Ballstát tionscnaimh na cuideachta é;

(g)

ciallaíonn “Ballstát an idirthurais” Ballstát rannpháirteach amháin nó níos mó seachas an Ballstát tionscnaimh a thrasnaíonn an fheithicil CIT chun an Ballstát aíochta a shroicheadh nó chun filleadh ar an mBallstát tionscnaimh;

(h)

agus tagairt á déanamh d’iompar ciallaíonn “tráth an lae” iompar a dhéantar idir 6:00 agus 22:00;

(i)

ciallaíonn “foireann slándála CIT” na fostaithe a dtugtar treoir dóibh an fheithicil CIT ina bhfuil an t-airgead tirim in euro á iompar a thiomáint nó gach a bhfuil san fheithicil a chosaint;

(j)

ciallaíonn “feithicil CIT” feithicil a úsáidtear le haghaidh iompair ghairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar;

(k)

ciallaíonn “feithicil a bhfuil gnáthchuma uirthi” feithicil CIT nach aon chuid suntais a dealramh agus nach bhfuil aon chomhartha ar leith uirthi a thabharfadh le fios gur le cuideachta CIT í nó go n-úsáidtear í chun airgead thirim in euro a iompar;

(l)

ciallaíonn “iompar pointe go pointe” iompar ó ionad sábháilte amháin go ceann eile gan stadanna ar an mbealach;

(m)

ciallaíonn “limistéar daingean” pointe seachadta/bailithe airgid thirim in euro atá suite taobh istigh d’fhoirgneamh agus arna chosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ó thaobh an fhearais de (córais frithionraidh) agus ó thaobh nósanna imeachta rochtana i gcomhair daoine;

(n)

ciallaíonn “suíomh daingean” suíomh taobh istigh le limistéar daingean a bhfuil rochtain ag feithiclí air agus inar féidir feithiclí a luchtú agus a dhíluchtú go sábháilte;

(o)

ciallaíonn nóta bainc a “neodrú” é a lot nó damáiste a dhéanamh dó trí bhíthin smálaithe nó ar mhodh eile mar a shonraítear in Iarscríbhinn II;

(p)

ciallaíonn “córas meabhrach um nótaí bainc a neodrú” nó “IBNS” córas lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

cosnaíonn gabhdán nótaí bainc na nótaí bainc go leanúnach trí chóras um airgead tirim in euro a neodrú ó limistéar daingean go dtí an pointe seachadta airgid thirim in euro nó ón bpointe bailithe airgid thirim in euro go dtí an limistéar daingean;

(ii)

níl an fhoireann slándála CIT in ann an gabhdán a oscailt lasmuigh de na tréimhsí réamhchláraithe agus/nó na suímh réamhchláraithe ná na tréimhsí agus/nó na suímh réamhchláraithe inar féidir an gabhdán a oscailt a athrú nuair atá tús curtha leis an oibríocht iompair airgid thirim in euro;

(iii)

tá meicníocht feistithe ar an ngabhdán chun na nótaí bainc a neodrú go buan má dhéantar aon iarracht neamhúdaraithe an gabhdán a oscailt; agus

(iv)

comhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn II;

(q)

ciallaíonn “IBNS ó cheann go ceann” IBNS a bhfuil feisteas atá ceaptha i gcomhair úsáide ó cheann go ceann, eadhon, nach bhfuil aon teacht ag foireann slándála CIT ar na nótaí bainc am ar bith agus go bhfuil siad faoi chosaint leanúnach ag an IBNS ó limistéar daingean amháin go limistéar daingean eile nó, i gcás caiséad d’uathmheaisíní bainc (ATManna) nó cineálacha eile dáileoirí airgid thirim, ó limistéar daingean go dtí an taobh istigh de na ATManna nó go dtí cineálacha eile dáileoirí airgid thirim;

(r)

ciallaíonn leibhéil teanga “A1” agus “B1” agus tagairt á déanamh do scileanna teanga na leibhéil arna mbunú ag Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha de chuid Chomhairle na hEorpa, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII;

(s)

ciallaíonn “teangacha oifigiúla an AE” na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (7).

Airteagal 2

Eisiaimh

1.   Déanfar iompar nótaí bainc agus monaí in euro a eisiamh, ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

nuair a dhéantar é thar ceann NCBanna, agus eatarthu, nó idir clólanna nótaí bainc agus/nó miontaí na mBallstát rannpháirteach agus na NCBanna ábhartha; agus

(b)

nuair atá coimhdeacht mhíleata nó póilíní ag gabháil leis.

2.   Déanfar iompar eisiach monaí in euro a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

nuair a dhéantar é thar ceann na NCBanna agus eatarthu, nó idir miontaí de chuid Ballstát rannpháirteach agus na NCBanna ábhartha; agus

(b)

nuair atá coimhdeacht mhíleata nó póilíní, nó coimhdeacht foirne slándála príobháidí ag gabháil leis i bhfeithiclí ar leithligh.

Airteagal 3

Áit imeachta, tréimhse uasta ama agus líon na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim in euro

1.   Déanfar iompar trasteorann airgid thirim in euro arna soláthar i gcomhréir leis an Rialachán seo i rith thráth an lae.

2.   Cuirfidh feithicil CIT atá i mbun iompair thrasteorann airgid thirim in euro tús lena turas óna Ballstát tionscnaimh agus fillfidh sí air an lá céanna.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfar iompar pointe go pointe a dhéanamh laistigh de thréimhse 24 uair an chloig, ar chuntar go gceadaítear iompar airgid thirim in euro i rith na hoíche faoi rialacha náisiúnta an Bhallstáit tionscnaimh, Bhallstát an idirthurais agus rialacha náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

4.   De mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ní bheidh aon teorainn le líon na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim a fhéadfaidh feithicil CIT a dhéanamh i mBallstát aíochta i rith an lae chéanna.

Airteagal 4

Ceadúnas CIT trasteorann

1.   Ní mór do chuideachta ar mian léi dul i mbun iompair thrasteorann airgid thirim in euro cur isteach ar cheadúnas CIT trasteorann ón údarás deonúcháin in a Ballstát tionscnaimh.

2.   Déanfar an t-údarás deonúcháin an ceadúnas CIT trasteorann a dheonú ar feadh tréimhse cúig bliana, ar chuntar go gcomhlíonan an chuideachta is iarratasóir na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá formheas aici maidir le hiompar CIT a dhéanamh taobh istigh dá Ballstát tionscnaimh nó, mura bhfuil nós imeachta formheasta ar leith ag an mBallstát i leith cuideachtaí CIT de bhreis ar na rialacha ginearálta atá aige i leith na hearnála slándála nó iompair, is féidir léi fianaise a sholáthar go bhfuil gnó a bhaineann le hiompar airgid thirim go rialta aige taobh istigh dá Ballstát tionscnaimh le 24 mí ar a laghad sula ndéantar an t-iarratas agus nach bhfuil dlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ar dlí é lena rialaítear na gníomhaíochtaí den sórt sin, sáraithe aici;

(b)

níl iontráil ábhartha ann maidir leo i dtaifead coiriúil ag a bainisteoirí ná ag comhaltaí a bhoird agus is daoine macánta iad a bhfuil dea-chlú orthu, de réir thaifid ábhartha na bpóilíní, mar shampla;

(c)

tá árachas dliteanais shibhialta bailí aici lena gcumhdófaí, ar a laghad, damáiste i leith bheatha agus mhaoin tríú páirtithe, is cuma cibé acu an bhfuil an t-airgead tirim atá á iompar faoi árachas de bharr an méid sin;

(d)

maidir leis an gcomhlacht is iarratasóir, déanann sí féin, a foireann slándála CIT, a feithiclí agus na nósanna imeachta slándála a chuireann sí i gcrích nó i bhfeidhm chun críche iompar trasteorann airgid thirim in euro an Rialachán seo a chomhlíonadh nó, má thagraítear dó go sainráite sa Rialachán seo, déantar an dlí náisiúnta a bhaineann go sonrach le hiompar airgid thirim a chomhlíonadh.

3.   Tarraingeofar suas an ceadúnas CIT trasteorann i gcomhréir leis an múnla agus leis na saintréithe fisiceacha atá sainithe in Iarscríbhinn I. Beidh an fhoireann slándála CIT i bhfeithiclí atá i mbun iompair thrasteorann ghairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar in ann aon tráth an ceadúnas trasteorann CIT bailí bunaidh nó cóip dheimhnithe de a thaispeáint do na húdaráis chigireachta.

4.   Leis an gceadúnas trasteorann CIT ligfear don chuideachta dul i mbun iompair thrasteorann airgid thirim in euro de réir théarmaí an Rialacháin seo. De mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, ní bheidh sé de cheangal ar shealbhóir ceadúnais den sórt sin ceadúnas Comhphobail le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar a bheith ina sheilbh.

Airteagal 5

Foireann slándála CIT

1.   Comhlíonfaidh foireann slándála CIT na ceanglais seo a leanas:

(a)

níl iontráil ábhartha ann maidir leo i dtaifead coiriúil agus is daoine macánta iad a bhfuil dea-chlú orthu, de réir thaifid ábhartha na bpóilíní, mar shampla;

(b)

tá deimhniúchán liachta acu lena dearbhaítear go bhfuil sláinte choirp agus intinne acu atá leormhaith don chineál cúraim atá le chomhall;

(c)

tá oiliúint tosaigh ad hoc 200 uair an chloig ar a laghad curtha i gcrích acu ar shlí shásúil, gan aon oiliúint ar úsáid arm tine a áireamh.

Maidir leis na ceanglais íosta i gcomhair na hoiliúna tosaigh ad hoc dá dtagraítear i bpointe (c) leagtar amach in Iarscríbhinn VI iad. Déanfaidh foireann slándála CIT tuilleadh gníonmhaíochtaí oiliúna sna réimsí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI, in aghaidh gach trí bliana ar a laghad.

2.   Beidh scileanna teanga ar leibhéal A1 ar a laghad, ag comhalta amháin ar a laghad d’fhoireann slándála CIT atá ar bord na feithicle sna teangacha a úsáideann na húdaráis áitiúla agus an daonra áitiúil sna limistéir ábhartha de Bhallstát an idirthurais agus an Bhallstáit aíochta. Thairis sin, beidh an fheithicil i dteagmháil raidió go leanúnach, trí lárionad rialaithe na cuideachta CIT, le duine ag a bhfuil ar a laghad scileanna teanga ar leibhéal B1 sna teangacha a úsáideann na húdaráis áitiúla agus an daonra áitiúl sna limistéir ábhartha de Bhallstát an idirthurais agus an Bhallstáit aíochta, chun a áirithiú gur féidir cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach leis na húdaráis náisiúnta aon tráth.

Airteagal 6

Arm a iompar

1.   Comhlíonfaidh foireann slándála CIT dlí an Bhallstáit tionscnaimh, dlí Bhallstát an idirthurais agus dlí an Ballstáit aíochta maidir le hiompar arm agus maidir leis an gcalabra uasta a cheadaítear.

2.   Ar theacht isteach i gcríoch Ballstáit nach gceadaíonn a dhlí d’fhoireann slándála CIT a bheith faoi airm, cuirfear aon arm atá i seilbh fhoireann slándála CIT i mbosca daingean arm atá ar bord na feithicle, ar bosca é a chomhlíonann an caighdeán Eorpach EN 1143-1. Ní bheidh rochtain ar na hairm sin ag foireann slándála CIT le linn an aistir thar chríoch an Bhallstáit sin. Féadfar iad a bhaint as an mbosca daingean arm nuair a théann siad isteach i gcríoch Ballstáit a gceadaíonn a dhlí go mbeadh foireann slándála CIT faoi arm agus déanfar iad a bhaint as ag teacht isteach dóibh i gcríoch Ballstát ina gceanglaítear le dlí nach mór d’fhoireann slándála CIT a bheith faoi airm. Ní fhéadfar an bosca daingean arm a oscailt gan cian-idirghabháil ó lárionad rialaithe na feithicle agus ní dhéanfar é sin ach ar chuntar go ndéanann lárionad suíomh geografach cruinn na feithicle a dheimhniú.

Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír freisin más rud é nach gceadaítear cineál ná calabra an airm faoi dhlí Bhallstát an idirthurais nó faoi dhlí an Bhallstáit aíochta.

3.   Nuair a thagann feithicil CIT nach ligeann a Ballstát tionscnaimh d’fhoireann slándála CIT airm a iompar, isteach i gcríoch Ballstáit, ar Ballstát é a gcuirtear lena dhlí de cheangal ar fhoireann slándála CIT a bheith faoi airm, déanfaidh an chuideachta CIT a áirithiú go soláthraítear na hairm is gá d’fhoireann na feithicle agus go gcomhlíonann siad ceanglais íosta oiliúna an Bhallstáit aíochta.

4.   Maidir le foireann slándála CIT atá faoi airm nó a bhíonn ag taisteal ar fheithicil ina bhfuil airm ar bord, ní mór dóibh ceadúnas nó údarú arm gairmiúil a bheith acu arna eisiúint ag údaráis náisiúnta Bhallstáit an idirthurais nó an Bhallstáit aíochta i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit sin d’fhoireann slándála CIT a bheith faoi airm, agus ní mór dóibh na ceanglais náisiúnta go léir i leith an cheadúnais nó an údaraithe arm sin a chomhlíonadh. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstáit ceadúnas gairmiúil arm nó údarú aon Bhallstáit eile a aithint.

5.   Bunóidh Ballstáit aon lárphointe teagmhála náisiúnta amháin ar ina leith a bhféadfaidh cuideachtaí CIT atá bunaithe i mBallstáit eile iarratais ar cheadúnas nó údarú arm gairmiúil i gcomhair a bhfoireann slándála CIT a thíolacadh. Féadfaidh Ballstáit Chónaidhme pointí teagmhála a bhunú ar leibhéal an Stáit. Cuirfidh Ballstáit an t-iarratasóir ar an eolas faoi thoradh an iarratais laistigh de thrí mhí ón dáta a dtíolacfar an comhad iarratais iomlán.

6.   Chun gurbh fhusa d’fhoireann slándála CIT atá fostaithe ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile a bheithin ann na ceanglais náisiúnta chun ceadúnas nó údarú arm gairmiúil a fháil a chomhlíonadh, déanfaidh Ballstáit foráil do bhailíochtú oiliúna coibhéisí gairmiúla arm a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil fostóir an iarratasóra bunaithe. Mura bhfuil an méid sin indéanta, áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar an oiliúint ghairmiúil airm is gá a sholáthar ina gcríoch féin i dteanga oifigiúil de chuid an AE ar teanga í atá ina teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil fostóir an iarratasóra bunaithe.

Airteagal 7

Fearas na feithicle CIT

1.   Beidh córas loingseoireachta domhanda feistithe ar fheithiclí CIT. Beidh lárionad rialaithe na cuideachta CIT in ann a cuid feithiclí a aimsiú ar bhonn leanúnach agus go beacht.

2.   Beidh uirlisí cumarsáide iomchuí feistithe ar fheithiclí CIT ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh aon tráth le lárionad rialaithe an chuideachta CIT ar cuideachta í atá ag oibriú na bhfeithiclí agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla. Beidh na huimhreacha éigeandála a úsáidtear le teagmháil a dhéanamh le húdaráis phóilíneachta i mBallstát an idirthurais nó sa Bhallstát/aíochta le fáil sna feithiclí.

3.   Beidh na feithiclí feistithe ar shlí go bhféadtar am agus suíomh gach oibríocht seachadta/bailithe airgid thirim in euro a chlárú ionas gur féidir an coibhneas oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim in euro dá dtagraítear in Airteagal 1(b) a sheiceáil tráth ar bith.

4.   I gcás ina bhfuil IBNS feistithe ar fheithiclí CIT comhlíonfar leis an IBNS a úsáidtear Iarscríbhinn II agus beifear tar éis homalógú a dhéanamh air i mBallstát rannpháirteach. Mar fhreagra ar iarraidh ar fhíorúcháin arna dhéanamh ag údaráis an Bhallstáit tionscnaimh, an Bhallstáit aíochta nó údaráis Bhallstát an idirthurais, soláthróidh na gnóthais atá i mbun iompair thrasteorann airgead thirim in euro i bhfeithiclí ina bhfuil IBNS á úsáid fianaise scríofa ar fhormheas an chineáil IBNS atá á úsáid laistigh de 48 uair an chloig.

Airteagal 8

Ról na bhfórsaí póilíneachta náisiúnta

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta lena gceanglaítear an méid seo a leanas:

(a)

go dtabharfar fógra do na póilíní faoi oibríochtaí iompair airgid thirim roimh ré;

(b)

go mbeidh gléas feistithe ar fheithiclí CIT ionas go mbeidh sé ar chumas na bpóilíní iad a rianú de chian;

(c)

go mbeidh iompar de chineál ardluach is pointe go pointe á thionlacan ag na póilíní.

Airteagal 9

Rialacha chun slándáil na suíomhanna seachadta/bailithe airgid thirim a áirithiú sa Bhallstát aíochta

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta lena rialaítear iompraíocht foirne slándála CIT taobh amuigh den fheithicil agus slándáil na suíomhanna ar chucu a seachadtar an t-airgead nó óna mbailítear an t-airgead sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 10

Nótaí bainc arna neodrú a bhaint as cúrsaíocht

Déanfaidh cuideachtaí CIT a oibríonn faoin Rialachán seo na nótaí bainc go léir a dtagann siad orthu siad le linn dóibh a bheith ar dualgas, ar nóta bainc iad a bhféadfadh neodrú a bheith déanta orthu, a bhaint as cúrsaíocht. Déanfaidh siad na nótaí bainc sin a choinsíniú do bhrainse BCN iomchuí a mBallstát tionscnaimh agus déanfaidh siad ráiteas i scríbhinn a sholáthar maidir leis an gcúis a bhaineann leis an neodrú agus cineál an neodraithe. Más i mBallstát aíochta a bhailítear na nótaí bainc sin, cuirfidh BCN an Bhallstáit tionscnaimh BCN an Bhallstáit aíochta ar an eolas.

Airteagal 11

Faisnéis fhrithpháirteach

1.   Tíolacfaidh Ballstáit don Choimisiún na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 mar aon leis an bhfaisnéis i dtaobh cén IBNS ar ina leith a ndearnadh siad homalógú orthu, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le haon athrú lena ndéantar difear do na rialacha sin agus do na homalógaithe sin. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar na rialacha sin mar aon le liosta de na IBNS arna homalógú, agus é sin i dteangacha oifigiúla de chuid an AE is teangacha oifigiúla na mBallstát ábhartha rannpháirteach trí na bealaí iomchuí, d’fhonn gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le gníomhaíocht trasteorann CIT a chur ar an eolas go luath.

2.   Coinneoidh Ballstáit clár de na cuideachtaí ar sheacadaigh siad ceadúnas CIT trasteorann dóibh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoina inneachar. Déanfaidh siad an clár a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear i ndáil le haon chinneadh maidir le ceadúnas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 22 agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi nuashonrú den sórt sin. D’fhonn roinnt na faisnéise a éascú, cuirfidh an Coimisiún ar bun bunachar lárnach sabháilte sonraí ina bhfuil sonraí faoi cheadúnais arna n-eisiúnt, arna gcur ar fíonraí nó arna dtarraingt siar, ar sonraí iad a mbeidh rochtain orthu ag údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach.

3.   Le linn dó Airteagal 5(1)(a) a chur chun feidhme, tabharfaidh an Ballstát tionscnaimh aird chuí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an taifead coiriúil, le clú agus le macántacht foirne slándála CIT ar faisnéis í a chuirfidh an Ballstát aíochta in iúl dó.

4.   Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina gceanglais sonracha i leith oiliúna i gcomhair foirne slándála CIT chun críocha na hoiliúna ad hoc tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c). Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar an fhaisnéis sin i dteangacha oifigiúla de chuid an AE is teangacha oifigiúla de chuid na mBallstát ábhartha rannpháirteach trí na bealaí iomchuí, d’fhonn na gníomhaithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu le gníomhaíocht trasteorann CIT a chur ar an eolas.

5.   Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le seoltaí agus sonraí teagmhála eile na bpointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) mar aon le dlí náisiúnta ábhartha eile. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis sin trí na bealaí iomchuí, d’fhonn na gníomhaithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu le gníomhaíocht trasteorann CIT a chur ar an eolas.

6.   Nuair a dhéanann Ballstát ceadúnas arm atá seacadtha aige do bhall foirne slándála CIT de chuid cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, a tharraingt siar, cuirfidh sé an méid sin in iúl d’údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh.

7.   Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le seoltaí agus sonraí teagmhála eile na n-údarás ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis sin trí na bealaí iomchuí d’fhonn na gníomhaithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu le gníomhaíocht trasteorann CIT a chur ar an eolas.

Airteagal 12

Faisnéis roimh thús an iompair thrasteorann

1.   Déanfaidh cuideachta a bhfuil ceadúnas CIT trasteorann aici, nó a bhfuil iarratas curtha isteach aici ar cheadúnas trasteorann CIT, an t-údarás deonúcháin a chur ar an eolas ar a laghad dhá mhí sula dtosóidh sí a gníomhaíocht thrasteorann maidir leis na Ballstáit ina ndéanfaidh sí a hiompar CIT. Dá éis sin, inseoidh an Ballstát tionscnaimh láithreach do na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil an t-iompar trasteorann ar tí tosú.

2.   Maidir le cuideachta a bhfuil sé beartaithe aici iompar trasteorann airgid thirim a dhéanamh, cuirfidh sí an fhaisnéis in iúl roimh ré don údarás nó do na húdaráis ábhartha arna lua ag an na Ballstáit aíochta maidir leis an gcineál nó na cineálacha iompair a úsáidfidh sí, ainmneacha na ndaoine a fhéadfaidh an t-iompar sin a dhéanamh agus na cineálacha aon arm a atá á iompar.

ROINN 2

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE GACH CINEÁL IOMPAIR

Airteagal 13

Socruithe iompair is infheidhme

1.   Maidir le hiompar trasteorann nótaí bainc de bhóthar ina chríoch féin, déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas a cheadú:

(a)

ar a laghad ceann amháin de na roghanna a leagtar síos in Airteagail 14, 15, 16, 17 nó 18; agus

(b)

na roghanna sin a leagtar síos in Airteagal 14, 15, 16, 17 agus 18 atá inchomparáide leis na socruithe iompair a cheadaítear do d’iompar CIT baile.

Beidh feidhm ag Airteagal 17 maidir leis na Ballstáit go léir i ndáil le hiompar pointe go pointe.

2.   Maidir le hiompar trasteorann monaí in euro de bhóthar ina chríoch féin, déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas a cheadú:

(a)

ar a laghad ceann amháin de na roghanna a leagtar síos in Airteagal 19, nó in Airteagal 20; agus

(b)

na roghanna sin a leagtar síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 20 atá inchomparáide leis na socruithe iompair a cheadaítear do shocruithe iompar CIT baile.

3.   Maidir leis an iompar lena n-áirítear nótaí bainc agus monaí in euro araon, déanfar é a chumhdach leis na socruithe iompair d’iompar trasteorann nótaí bainc in euro.

4.   Maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 14, 15, 16 agus 18, féadfaidh Ballstát a chinneadh nach n-úsáidfear ach IBNS ó cheann go ceann ina chríoch féin d’fhonn fónamh a dhéanamh ar ATM seacháitribh, nó ar chineálacha eile dáileoirí airgid thirim seacháitribh, ar an gcoinníoll go gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm ar an iompar CIT baile.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha fógra don Choimisiún maidir leis na modhanna iompair atá infheidhme i gcomhréir an Airteagal seo. Foilseoidh an Coimisiún fógra faisnéise dá shamhail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Maidir leis na socruithe iompair atá infheidhme, beidh éifeacht acu mí amháin tar éis fhoilsiú an nóta faisnéise. Úsáidfidh na Ballstáit rannpháirteacha na nósanna imeachta céanna nuair a éireoidh modhanna nua iompair infheidhme de bhun an Airteagail seo.

6.   Más léir do Bhallstát aíochta nó do Bhallstát an idirthurais go bhfuil fabhtanna nach beag i ngléas IBNS ó thaobh na ngnéithe teicniúla a theastódh de ghnáth, eadhon go bhfuil rochtain ar an airgead gan an mheicníocht neodraithe a chur ag obair nó go bhfuil modhnú déanta ar an IBNS tar éis an formheas a bheith tugtha sa chaoi is nach gcomhlíonann sé critéir an fhormheasta a thuilleadh, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a thug an formheas agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar trialacha nua ar an IBNS sin. Ag feitheamh dóibh ar thorthaí na dtrialacha nua sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid an IBNS a thoirmeasc go sealadach ina gcríoch. Cuirfidh siad an méid sin in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal 14

Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha is feithicil a bhfuil gnáthchuma uirthi agus a bhfuil IBNS feistithe uirthi

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc in euro de bhóthar, ag baint leasa dóibh as feithicil neamharmúrtha a bhfuil IBNS feistithe, uirthi ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is feithicil í a bhfuil gnáthchuma uirthi;

(b)

tá ar a laghad beirt d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle;

(c)

ní chaitheann duine d’fhoireann slándála CIT éide.

Airteagal 15

Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha ar a bhfuil marcáil shoiléir lena dtugtar le fios go bhfuil IBNS feistithe uirthi

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc in euro de bhóthar, ag baint leasa dóibh as feithicil neamharmúrtha a bhfuil IBNS feistithe, uirthi ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá marcáil shoiléir ar an bhfeithicil agus ar na coimeádáin nótaí bainc lena dtugtar le fios go bhfuil IBNS feistithe orthu agus freagraíonn na marcálacha sin don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn III;

(b)

tá ar a laghad beirt d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle.

Airteagal 16

Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha agus a bhfuil IBNS feistithe uirthi

Féadfaidh cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc in euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha agus a bhfuil IBNS feistithe uirthi, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá urrann na feithicle armúrtha, ar a laghad, chun lámhach gunnaí a sheasamh, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

tá marcálacha soiléire ar bhfeithicil agus ar na coimeádáín nótaí bainc lena dtugtar le fios go bhfuil IBNS feistithe orthu agus freagráionn na marcálacha sin don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn III;

(c)

tá urrann na feithicle feistithe le veist philéardhíonach do gach chomhalta d’fhoireann slándála CIT atá ar bord, a urramaíonn caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán;

(d)

tá ar a laghad beirt bhall d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle.

Féadfaidh an fhoireann slándála CIT na veisteanna piléardhíonacha dá dtagraítear i bpointe (c) a chaitheamh le linn an iompair agus caithfidh siad iad aon uair a cheanglófar é sin le dlí an Bhallstáit ina bhfuil siad.

Airteagal 17

Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil atá armúrtha go hiomlán ach nach bhfuil IBNS feistithe uirthi

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc in euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil lánarmúrtha nach bhfuil IBNS feistithe uirthi, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na codanna den fheithicil ina bhfuil an fhoireann slándála CIT iontu armúrtha chun, ar a laghad, lámhach gunnaí a sheasamh, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

tá urrann na feithicle feistithe le veist philéardhíonach do gach comhalta d’fhoireann, a slándála CIT atá ar bord, ar veist í a urramaíonn caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán;

(c)

tá ar a laghad triúr d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle.

Féadfaidh an fhoireann slándála CIT na veisteanna piléardhíonacha dá dtagraítear i bpointe (b) a chaitheamh le linn an iompair agus caithfidh siad iad aon uair a cheanglófar é sin le dlí an Bhallstáit ina bhfuil siad.

Airteagal 18

Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil lánarmúrtha a bhfuil IBNS feistithe uirthi

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc in euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil lánarmúrtha a bhfuil IBNS feistithe uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 16(b) agus le hAirteagal 17(a) agus le hAirteagal 17(b).

Beidh ar a laghad beirt d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle.

Airteagal 19

Monaí á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann monaí euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil neamharmúrtha CIT nach bhfuil ach monaí á n-iompar aici, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is feithicil í a bhfuil gnáthchuma uirthi;

(b)

tá ar a laghad beirt d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle;

(c)

ní chaitheann duine aon den fhoireann slándála CIT éide.

Airteagal 20

Monaí á n-iompar i bhfeithicil CIT ina bhfuil an urrann armúrtha

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais CIT trasteorann dul i mbun iompair thrasteorann monaí euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil CIT ina bhfuil urrann armúrtha agus nach bhfuil ach monaí á n-iompar aici, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá urrann na feithicle armúrtha, ar a laghad, chun lámhach gunnaí a sheasamh, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

tá marcáil an-soiléir ar an bhfeithicil lena dtugtar le fios go bhfuil IBNS feistithe uirthi agus freagraíonn na marcálacha sin don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn IV;

(c)

tá urrann na feithicle feistithe le veist philéardhíonach do gach chomhalta den fhoireann, a urramaíonn caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán;

(d)

tá ar a laghad beirt bhall d’fhoireann slándála CIT in aghaidh gach feithicle.

Féadfaidh foireann slándála CIT na veisteanna piléardhíonacha dá dtagraítear i bpointe (c) a chaitheamh le linn an iompair agus caithfidh siad iad aon uair a cheanglófar é sin le dlí an Bhallstáit ina bhfuil siad.

ROINN 3

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Comhlíonadh

Le linn thréimhse bhailíochta ceadúnais CIT trasteorainn, déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, trí bhíthin cigireachtaí randamacha gan fógra a thabhairt roimh ré don chuideachta, i measc rudaí eile. Féadfaidh na Ballstáit aíochta na cigireachtaí sin a dhéanamh freisin.

Airteagal 22

Pionóis

1.   Más léir do na húdaráis náisiúnta inniúla gur sáraíodh ceann de na téarmaí ar deonaíodh ceadúnas CIT trasteorann faoi, féadfaidh an t-údarás deonúcháin rabhadh a thabhairt don chuideachta atá i gceist, fíneáil a ghearradh, an ceadúnas a chur ar fionraí ar feadh tréimhse idir dhá seachtain agus dhá mhí nó an ceadúnas a tharraingt siar go hiomlán, ag brath ar chineál nó ar dhéine an tsáraithe. Féadfaidh an t-údarás deonúcháin an chuideachta atá i gceist a chosc ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua ar feadh tréimhse suas go dtí cúig bliana freisin.

2.   Cuirfidh Ballstát an idirthurais nó an Ballstát aíochta aon sárú a rinneadh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear sáruithe ar na rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 — in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit tionscnaimh, a chinnfidh pionós iomchuí. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstát an idirthurais nó an Ballstát aíochta fíneáil a ghearradh má sháraítear na rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 nó na socruithe iompair atá infheidhme dá dtagraítear in Airteagal. Féadfaidh sé freisin cosc a chur ar fhoireann slándála CIT a rinne sáruithe den sórt sin iompar trasteorann airgid thirim a dhéanamh sa chás gurb iadsan atá freagrach as an sárú sin.

3.   Féadfaidh Ballstát an idirthurais nó an Ballstát aíochta an ceart atá ag cuideachta CIT airgead tirim in euro a iompar de bhóthar ina chríoch a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná dhá mhí, ag feitheamh dó ar chinneadh ó údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh a dhéanfar laistigh den tréimhse chéanna ama sin, i gcás:

(a)

nach bhfuil forálacha an Rialacháin seo i dtaobh íoslíon ball foirne slándála CIT i ngach feithicil, nó i dtaobh arm comhlíonta ag an gcuideachta CIT;

(b)

ina gcuireann an chuideachta CIT a cuid gníomhaíochtaí iompair i gcrích ar bhealach a chuireann an t-ord poiblí i mbaol; nó

(c)

ina ndearna an chuideachta CIT an Rialachán seo a shárú arís agus arís eile.

4.   Féadfaidh an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas arm pionós a fhorchur ar an bhfoireann slándála CIT i gcomhréir lena rialacha náisiúnta féin má sháraítear a dhlí náisiúnta maidir le hairm.

5.   Beidh na pionóis i gcomhréir le déine an tsáraithe i gcónaí.

Airteagal 23

Bearta slándála i gcás éigeandála

1.   Féadfaidh Ballstát bearta slándála sealadacha a thabhairt isteach sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcás faidhbe práinní a mbeidh tionchar suntasach aici ar shlándáil oibríochtaí CIT. Cuirfear bearta sealadacha den sórt sin i bhfeidhm ar gach iompar CIT sa chríoch iomlán nó i gcuid di, beidh feidhm leo ar feadh ceithre seachtaine ar a mhéid agus cuirfear fógra ina dtaobh chuig an gCoimisiúin láithreach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar gan mhoill iad trí na bealaí iomchuí.

2.   Beidh an síneadh ar na bearta sealadacha dá bhforáiltear i mír 1 thar thréimhse ceithre seachtaine faoi réir réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún. Cinnfidh an Coimisiún an dtabharfaidh sé an t-údarú laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó an t-iarratas a fháil.

Airteagal 24

Luach saothair fhoireann slándála CIT a dhéanann iompar trasteorann

Maidir le foireann slándála CIT a dhéanann iompar trasteorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, ráthfófar go bhfaighidh siad na bunrátaí ábhartha pá, lena n-áirítear rátaí ragoibre, sa Bhallstát aíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c) de Threoir 96/71/CE. Más airde bunrátaí ábhartha pá an Bhallstáit aíochta ná an pá a íoctar leis an bhfostaí sa Bhallstát bunaidh, is iad bunrátaí ábhartha pá an Bhallstáit aíochta, lena n-áirítear na rátaí ragoibre, a íocfar don lá oibre iomlán. Má dhéantar an t-iompar i níos mó ná Ballstát aíochta amháin ar an lá céanna agus más airde an bunráta ábhartha pá i mbreis agus aon cheann de na Ballstát sin sin ná an bunráta pá a chuirtear i bhfeidhm sa Bhallstát tionscnaimh, is é an bunráta pá is airde, lena n-áirítear rátaí ragoibre, a íocfar don lá oibre iomlán.

Mar sin féin, más amhlaidh, ar bhonn na gconarthaí, na rialachán, na bhforálacha riaracháin nó na socruithe praiticiúla atá ann cheana go ndéanfaidh oibrí CIT iompar trasteorann ar feadh breis agus 100 lá oibre, a chaithfear go hiomlán nó i bpáirt i mBallstát eile in aon bhliain féilire amháin, cuirfear na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i dTreoir 96/71/CE i bhfeidhm go hiomlán ar na laethanta oibre ar fad a caitheadh go hiomlán nó i bpáirt sa Bhallstát aíochta sin sa bhliain féilire sin.

Chun críche na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta ábhartha a bhunú, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE.

Airteagal 25

Coiste maidir le hiompar trasteorann airgid thirim in euro

1.   Cuirfear Coiste ar bun maidir le hiompar trasteorann airgid thirim in euro. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach air agus cuimseoidh sé beirt ionadaithe in aghaidh an Ballstáit rannpháirtigh, mar aon le beirt ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach.

2.   Tiocfaidh an Coiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad le tuairimí a mhalartú faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara na hearnála, lena n-áirítear na páirtithe sóisialta, agus cuirfidh siad a dtuairimí san áireamh de réir mar is iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis faoi ullmhú an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 26.

Airteagal 26

Athbhreithniú

Faoin 1 Nollaig 2016 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara na hearnála, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus rachfar i gcomhairle leis na Ballstáit ina dhiaidh sin. Scrúdófar leis an tuarascáil sin, go háirithe, an bhféadfaí comhcheanglais oiliúna a leagan síos maidir le hairm a bheith á n-iompar ag foireann slándála CIT, agus an t-athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Airteagal 24 i bhfianaise Threoir 96/71/CE, agus tabharfar aird chuí ar aon dul chun cinn teicneolaíochta i réimse an IBNS, measfar an luach breise a d’fhéadfadh a bheith ann ceadúnais CIT an Aontais a dheonú ar bhonn grúpa agus déanfar measúnú an gcaithfear an Rialachán seo a athbhreithniú dá réir sin.

Airteagal 27

Rialacha teicniúla a leasú

Cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn II agus ar na rialacha teicniúla maidir leis na caighdeáin is infheidhme i dtaca le harmúr a chur ar fheithiclí agus i dtaca le veisteanna piléardhíonacha dá dtagraítear in Airteagail 15, 16, 17 agus 19, i dtaca leis na boscaí daingne arm a bheidh le húsáid agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2), d’fhonn an dul chun cinn teicneolaíochta agus na caighdeáin nua Eorpacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh.

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 30 Samhain 2012.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27 a chúlghairm tráth aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difir do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dhá mhí dhéag tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 278, 15.10.2010, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Meán Fómhair (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2011.

(3)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

(4)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 72.

(5)  IO L 18, 21.1.1997, lch. 1.

(6)  IO L 309, 25.11.2005, lch. 9.

(7)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385.


IARSCRÍBHINN I

SAMHAIL DO CHEADÚNAS CIT TRASTEORANN

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

CÓRAS MEABHRACH NEODRAITHE NÓTAÍ BAINC (IBNS)

I.   Sainmhínithe agus forálacha ginearálta

Féadfaidh nótaí bainc (pacáistithe nó gan a bheith pacáistithe) nó caiséad amháin nó roinnt caiséad do ATManna nó do chineálacha eile dáileoirí airgid thirim a bheith in IBNS.

Ní mór homalógú a bheith déanta ar IBNS i mBallstát rannpháirteach chun go bhféadfar é a úsáid le haghaidh iompair thrasteorann airgid thirim in euro faoin Rialachán seo. Ní mór an formheas a dhéanamh de réir caighdeáin shonraigh Eorpaigh atá ann cheana. In éagmais caighdeáin den sórt sin, ní mór an formheas a dhéanamh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

II.   Nós imeachta um fhormheas IBNS

(a)   Chun homalógú a dhéanamh air, ní mór go mbeidh pas faighte ag IBNS i dtástálacha éagsúla i saotharlann tástála atá formheasta nó aitheanta ag Ballstát rannpháirteach. Ní mór, thairis sin, treoracha a bheith ag gabháil leis maidir lena úsáid, ar treoracha iad lena léirítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha oibríochta trína n-áirithítear an éifeachtacht a ghabhann le scriosadh nó le neodrú na nótaí bainc a áirithiú.

Ní mór a bheith in ann a dheimhniú ar bhonn na dtástálacha sin go bhfuil na saintréithe teicniúla seo a leanas de IBNS sásúil:

(i)

Príomhfheidhmeanna riachtanacha an chórais faireacháin

faireachán agus taifeadadh a dhéanamh go buan ar na treoracha a bhaineann leis na coinníollacha a ghabhann le rochtain ar IBNS agus le húsáid IBNS

fíorú leanúnach a dhéanamh maidir le comhlíonadh na dtreoracha sin agus a bheith in ann staideannaí aimhrialta a bhrath

na nótaí bainc a neodrú láithreach agus go huathoibríoch i gcás nach gcomhlíontar na treoracha, i gcás ina mbraitear staideanna aimhrialta nó i gcás ina n-osclaítear an coimeádán lasmuigh de na tréimhsí ama agus/nó na suíomhanna réamhchláraithe.

(ii)

Suíomh ina bhféadfar an córas faireacháin a ríomhchlárú agus tionchar na foirne slándála CIT ar an gcaoi a n-oibríonn an IBNS

Ní mór IBNS a ríomhchlárú i limistéar daingean, agus i limistéar den sórt sin amháin. Ní mór IBNS ceann-go-ceann a ríomhchlárú i suíomh daingean, agus i suíomh den sórt sin amháin.

Níor cheart go mbeadh an fhoireann slándála CIT in ann dul i gcion, ar chaoi ar bith, ar oibriú an IBNS lasmuigh de na tréimhsí ama agus/nó na suíomhanna réamhchláraithe. Mar sin féin, má tá córas aga-mhoillithe ann chun an neodrú a chur ar siúl, féadfaidh an fhoireann slándála CIT an t-aga-mhoilliú a ationscnamh uair amháin.

(iii)

Suíomh inar féidir an IBNS a oscailt (i gcás córas ceann-go-ceann)

Ní mór an IBNS a oscailt sna cinn scríbe réamhchláraithe, agus sna cinn scríbh sin amháin.

(b)   Ní mór atástáil a dhéanamh ar IBNS gach cúig bliana, fiú amháin mura bhfuil aon teorainn ama leis an bhformheas náisiúnta a eisítear. Mura bhfuil toradh cinntitheach ar na tástálacha nua, scoirfidh an formheas de bheith bailí le haghaidh iompair trasteorann faoin Rialachán seo.

(c)   Chun pas a fháil sna tástálacha, ní mór ceann amháin de na torthaí seo a leanas a bhaint amach tar éis na tástálacha a dhéanamh:

níorbh fhéidir teacht ar na nótaí bainc agus ní dhearnadh aon damáiste do IBNS, ar fhan a mheicníocht ag feidhmiú nó

rinneadh damáiste do IBNS ach níorbh fhéidir teacht ar na nótaí bainc gan an córas neodraithe a chur ar siúl.

III.   Nósanna imeachta tástála

Tá an modh a úsáidtear chun na tástálacha a dhéanamh agus na caighdeáin lena suitear an toradh nach mór do na córais atá á dtástáil a bhaint amach leagtha síos san Iarscríbhinn seo. Mar sin féin, féadfar coigeartuithe a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun iad a chur i gcomhréir leis na prótacail tástála atá ann cheana agus a chleachtann na saotharlanna i ngach Ballstát. Chun an IBNS a fhormheas, ní mór do mhonaróir IBNS a áirithiú go ndéantar torthaí na nósanna imeachta tástála san Iarscríbhinn seo a tharchur chuig an údarás um fhormheas.

(a)   Tástáil ar fhriotaíocht IBNS in aghaidh cineálacha éagsúla ionsaithe

Ní mór do na Ballstáit sé cinn de na tástálacha éagsúla a ionsamhlaíonn ionsaithe a chur i gcrích, agus féadfar tástálacha eile a dhéanamh freisin i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.

I ngach ceann de na tástálacha a chuirtear i gcrích, ní mór pas a fháil de réir bhrí phointe II(c) thuas.

tástálacha éigeantacha:

1.

scoitheadh an tsoláthair leictreachais;

2.

briseadh isteach sa choimeádán;

3.

an coimeádán a oscailt ar mhodh ina ndéantar scriosadh (e.g. ord);

4.

gearradh gasta (“gilitíniú”);

5.

tumadh in ábhar leachtach;

6.

é a chur go tobann agus de réir a chéile faoi lé teochtaí foircneacha (te agus fuar): e.g. fuarú i nítrigin leachtach agus téamh in oigheann réamhthéite.

trialacha inmholta is féidir a dhéanamh freisin:

7.

frithsheasmhacht in aghaidh arm tine (e.g. le cartúis 12 chró);

8.

úsáid ceimiceán;

9.

saorthitim;

10.

é a chur faoi lé borrthaí móra leictreamaighnéadacha;

11.

é a chur faoi lé borrthaí móra leictreastatacha.

(b)   Éifeachtacht neodrú na nótaí bainc

Is iad na próisis neodraithe a úsáidtear faoi láthair smálú, scriosadh ceimiceach agus scriosadh piritheicniúil. Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeidh forbairtí teicneolaíochta ann, níl liosta na bpróiseas a úsáidtear uileghabhálach agus níl ann ach liosta táscach.

Tar éis iarracht neamhúdaraithe a dhéanamh chun rochtain a fháil ar na nótaí bainc trí na cineálacha éagsúla ionsaí, ní mór na nótaí bainc a scriosadh nó a smálú. Ní mór trí thástáil ar a laghad a dhéanamh.

Ní mór 100 % de na nótaí bainc a neodrú ar bhealach do-athraithe. Ina theannta sin, ní mór é a bheith soiléir do dhuine ar bith a mbeidh na nótaí bainc ina sheilbh go bhfuil siad neodraithe.

Ní mór 10 % ar a laghad de dhromchla an dá thaobh de gach nóta bainc a smálú más i málaí sábháilte atá na nótaí bainc. Mura bhfuil na nótaí bainc i málaí sábháilte, ní mór 20 % ar a laghad de dhromchla an dá thaobh de gach nóta bainc a smálú. Maidir le córais scriosta, ní mór 20 % ar a laghad de dhromchla an dá thaobh gach nóta bainc a scriosadh sa dá chás.

(c)   Inneachar na dtástálacha a dhéantar ar fhriotaíocht nótaí bainc in aghaidh glantacháin — i gcás IBNS a úsáideann smálú

Le haghaidh “ghlantachán” den sórt sin, ní mór táirgí éagsúla nó teaglamaí de tháirgí a úsáid. Ní mór cúinsí éagsúla a réiteach sa chaoi go ndéantar an teocht agus fad an ghlantacháin a athrú. Ní mór dhá nós imeachta a úsáid le haghaidh na dtástálacha glantacháin sin:

ní mór an glantachán a dhéanamh go díreach tar éis an smálaithe agus

ní mór an glantachán a dhéanamh 24 uair an chloig tar éis an smálaithe.

Ní mór na tástálacha sin a dhéanamh ar shampla ionadaíoch de na nótaí bainc dílse a úsáidtear sa limistéar euro.

Ní mór ceann amháin ar a laghad de na torthaí seo a leanas bhaint amach ag deireadh na dtástálacha sin:

scriostar na nótaí bainc de bharr an ghlantacháin

fágann an glantachán dúch go sofheicthe ar 10 % ar a laghad de dhromchla gach nóta bainc (tástáil ar dhlús an dúigh a úsáidtear)

is é a leanann as an nglantachán ná lot dhathanna bunaidh na nótaí bainc agus lot na ngnéithe slándála atá orthu.

IV.   Ráthaíochtaí sábháilteachta le haghaidh na gcóras a úsáidtear

Féadfaidh na substaintí ceimiceacha a scaoiltear as IBNS chun nótaí bainc a neodrú a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Cheimiceán Eorpach (1). Pléann an Rialachán sin leis na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaoil de bharr substaintí arna monarú, arna n-allmhairiú nó arna n-úsáid leo féin, i meascán nó in earra.

Chun gur féidir homalógú a dhéanamh ar IBNS, ní mór don mhonaróir fíorú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil air na substaintí atá ina chuid táirgí a chlárú nó fógra a thabhairt fúthu nó faisnéis a thabhairt do na custaiméirí faoina n-úsáid shábháilte. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh oibleagáidí dlíthiúla ar an monaróir de bharr na substaintí seo a bheith ar an liosta substaintí atá inbhreithnithe mar shubstaintí lena ngabhann ábhar mór imní nó ar an liosta substaintí atá faoi réir údaraithe atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Baineann na hoibleagáidí sin ní hamháin leis na substaintí liostaithe astu féin nó i meascáin, ach baineann siad lena láithreacht in earraí freisin.

Ní mór don mhonaróir IBNS deimhniú a sholáthar d’údarás um homalógú an Bhallstáit, ar deimhniú é ina gcuimsítear torthaí an fhíorúcháin sin agus ina liostaítear na substaintí nó na heilimintí a úsáidtear chun scriosadh nó neodrú na nótaí bainc a áirithiú agus ina bhfianaítear nach aon riosca suntasach don tsláinte iad má ionanálaítear iad, nó má theagmhaíonn siad le craiceann fhoireann slándála CIT nó le craiceann fhoireann BCN. Ní mór go gcuirfear in iúl leis an deimhniú, thairis sin, na bearta réamhchúraim a d’fhéadfadh a bheith le déanamh. Ní mór don údarás um fhormheas an deimhniú a chur chuig BCNanna na mBallstát atá rannpháirteach maidir le IBNS a fhormheasann sé.

Chuige sin, féadfaidh anailís a bheith sa deimhniú ar na rioscaí a bhaineann le risíocht leis na ceimiceáin, i.e. fad uasta ceadaithe na risíochta i gcás cainníochta a bheidh le cinneadh.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN III

PICTEAGRAIM IBNS

Picteagram d’fheithicil CIT a bhfuil IBNS feistithe uirthi

Image

Picteagram de choimeádán nótaí bainc a bhfuil IBNS feistithe air

Image


IARSCRÍBHINN IV

PICTEAGRAM D’FHEITHICIL CIT A bhFUIL MONAÍ Á nIOMPAR GO hEISIACH AICI

Image


IARSCRÍBHINN V

SONRAÍOCHTAÍ MAIDIR LE hARMÚRÚ

Ciallaíonn an ceanglas íosta maidir le harmúrú dá dtagraítear i Roinn 2 go bhfuil armúrú na feithicile de chineál ina bhfuil friotaíocht an aghaidh lámhaigh gunna ó raidhfil de chineál Kalashnikov a bhfuil calabra 7,62 mm × 39 mm aige, ina n-úsáidtear armlón croícháin iarainn ar a bhfuil lán-fhorchlúdach cruach (plátáilte) air agus a bhfuil mais 7,9 gram (+/– 0,1 gram) aige, a bhfuil treoluas 700 méadar/soicind ar a laghad aige ag achar lámhaigh 10 méadar (+/– 0,5 méadar).


IARSCRÍBHINN VI

ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE hOILIÚINT TOSAIGH D’FHOIREANN SLÁNDÁLA CIT A DHÉANANN IOMPAR TRASTEORANN AIRGID THIRIM IN EURO

Ní mór d’oibrithe CIT a ghlacann páirt san iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit sa limistéar euro an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

ar a laghad an oiliúint tosaigh iomchuí de réir mar a fhoráiltear lena rialacháin tagartha náisiúnta agus/nó leis na gcomhaontuithe comhchoiteanna saothair nó, murab ann dóibh sin, cúrsaí oiliúna an chomhlachais náisiúnta CIT/slándála nó cúrsaí oiliúna inmheánacha na cuideachta a leanúint agus a chríochnú;

(2)

pas a fháil sna scrúduithe atá ann tar éis na hoiliúna tosaigh seo nó in aon nós imeachta arb aidhm dó toradh na foghlama a thástáil;

(3)

an modúl oiliúna breise éigeantach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo a dhéanamh agus a chomhlánú, ar modúl é ina gcuimsítear an méid seo a leanas ar a laghad:

nósanna imeachta trasteorann CIT

dlí an Aontais maidir le CIT

dlí náisiúnta is infheidhme agus lena gcumhdaítear CIT na mBallstát idirthurais agus na mBallstát aíochta

rialacha tiomána le haghaidh CIT sna Ballstáit idirthurais agus sna Ballstáit aíochta (lena n-áirítear ceart ag na feithiclí CIT chun lánaí tiomána sonracha a úsáid)

prótacail slándála náisiúnta i gcás ionsaí sna Ballstáit idirthurais agus sna Ballstáit aíochta

nósanna imeachta eagrúcháin agus oibríochta an iompair CIT arna chosaint le teicneolaíocht IBNS na mBallstát idirthurais agus na mBallstát aíochta

prótacail oibríochta náisiúnta, rialacha agus rialacháin is infheidhme sna Ballstáit idirthurais agus sna Baltsáit aíochta

prótacail náisiúnta i gcás éigeandála sna Ballstáit idirthurais agus sna Ballstáit aíochta má chliseann ar an bhfeithicil, i gcás timpistí bóthair agus má chliseann ar aon ghné theicniúil nó mheicniúil den trealamh CIT nó den fheithicil

nósanna imeachta náisiúnta riaracháin agus rialacha cuideachta laistigh de na Ballstáit idirthurais agus na Ballstáit aíochta maidir leis an gcumarsáid le pointe rialaithe etc. gach Ballstáit a thrasnaítear agus gach Ballstáit aíochta

faisnéis agus oiliúint maidir le comhar agus prótacail iomchuí leis na fórsaí póilíneachta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear maidir leis na seiceálacha a dhéantar ar fheithiclí agus ar fhoireann CIT

an dlí náisiúinta agus dlí an Aontais is infheidhme agus/nó na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir le huaireanta oibre, maidir le líon na sosanna atá riachtanach, maidir le dálaí oibre, maidir le pá

an dlí náisiúinta agus dlí an Aontais is infheidhme agus/nó coinníollacha na gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir le tréimhsí sosa na foirne CIT — cén uair is gá iad, cé chomh minic, fad gach tréimhse sosa, suíomh daingean, cumarsáid leis na lárionaid rialaithe, etc.

rialacha slándála is infheidhme maidir le seachadadh/bailiú (suíomh daingean, bainistiú riosca cosáin etc.)

an dlí náisiúnta tagartha maidir le húsáid agus stóráil arm

teicníochtaí maidir le tiomáint ionsaitheach agus tiomáint chosantach

oiliúint ábhartha maidir le húsáid GPS, na dteileafón agus an trealaimh theicniúil/na gcóras teicniúil eile a úsáidtear san iompar trasteorann CIT

rialáil náisiúnta sláinte agus sábháilteachta sna Ballstáit idirthurais agus sna Ballstáit aíochta, a mhéid a bhaineann leis na hoibrithe a iompraíonn nithe luachmhara de bhóthar i bhfeithiclí móra agus na prótacail i gcás díobhála nó thinnis ar thaobh na bhfostaithe

oiliúint gharchabhrach

Thairis sin, ní mór go gcuimsítear san oiliúint na nithe seo a leanas:

bearta coisctheacha agus bearta feabhais i réimsí na bainistíochta struis agus an fhoréigin tríú páirtí

measúnú riosca ag an obair

oiliúint teanga de réir mar is gá chun na ceanglais teanga atá leagtha amach in Airteagal 5(2) a chomhlíonadh


IARSCRÍBHINN VII

CREAT COMHCHOITEANN TAGARTHA EORPACH CHOMHAIRLE NA hEORPA LE hAGHAIDH TEANGACHA: LEIBHÉIL

Úsáideoir B1: Is féidir leis na príomhphointí a thujiscint i gcás ábhair shoiléir chaighdeánaigh a bhaineann le gnáthchúrsaí lena bpléitear go rialta san obair, ar scoil, le linn caitheamh aimsire, etc. Is féidir leis plé leis an gcuid is mó staideanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus é ag taisteal i limistéar ina labhraítear an teanga. Is féidir leis téacs simplí leanúnach a scríobh ar ábhar a bhfuil taithí aige air nó ar ábhar suime pearsanta dó é. Is féidir leis cuntas a thabhairt ar eachtraí agus ócáidí, ar bhrionglóidí, ar na hábhair dóchais agus na hardaidhmeanna atá aige agus cúiseanna agus mínithe a thabhairt go hachomair ar a chuid tuairimí agus pleananna.

Úsáideoir A1: Is féidir leis gnáthleaganacha cainte a thuiscint agus a úsáid mar aon le habairtí bunúsacha a úsáidtear chun ceanglais nithiúla a chomhlíonadh. Is féidir leis é féin agus daoine eile a chur in aithne agus ceisteanna a fhreagairt faoi mhionsonraí pearsanta, amhail an áit a bhfuil sé ina chónaí, daoine a bhfuil aithne aige orthu agus rudaí atá aige. Is féidir leis idirghníomhú go simplí ar chuntar go labhraíonn an duine eile go mall agus go soiléir agus go bhfuil sé réidh cabhrú leis.