30.1.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 66/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2009

maidir le hÉicilipéad an AE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba é an aidhm a bhí ag Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 maidir le scéim athchóirithe dámhachtana éicilipéid Comhphobail (4) ná scéim shaorálach dámhachtana éicilipéid a bhunú, ar scéim í a bhí beartaithe chun táirgí a chur chun cinn a mbeadh tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol acu i gcaitheamh a saolré go léir agus faisnéis chruinn neamh-mheabhlach, agus í bunaithe ar an eolaíocht, a sholáthar do thomhaltóirí faoin tionchar atá ag táirgí ar an gcomhshaol.

(2)

Léirigh an taithí a fuarthas le linn Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 a bheith á chur chun feidhme an gá le leasú a dhéanamh ar an scéim éicilipéid sin chun a héifeachtacht a mhéadú agus a hoibriú a shruthlíniú.

(3)

Ba cheart an scéim leasaithe (dá ngairtear ‘scéim Éicilipéad an AE’ anseo feasta) a chur chun feidhme ar shlí ina gcomhlíontar forálacha na gConarthaí, lena n-áirítear, go háirithe, prionsabal an réamhchúraim a leagtar síos in Airteagal 174(2) de Chonradh CE.

(4)

Is gá comhordú a áirithiú idir scéim Éicilipéad an AE agus bunú na gceanglas i gcomhthéacs Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat i gcomhair ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú do tháirgí a bhaineann le fuinneamh (5).

(5)

Tá scéim Éicilipéad an AE ina cuid de bheartas táirgíochta agus tomhaltais inbhuanaithe an Chomhphobail, agus is é is aidhm di ná tionchar diúltach an tomhaltais agus na táirgíochta ar an gcomhshaol, ar an tsláinte, ar an aeráid agus ar acmhainní nádúrtha a laghdú. Leis an scéim, beartaítear na táirgí sin a bhfuil ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil acu a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as Éicilipéad an AE. Chuige sin, is iomchuí go gceanglófaí go mbeidh na critéir nach mór do na táirgí a chomhlíonadh chun go gcuirfí Éicilipéad an AE orthu bunaithe ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil is fearr atá bainte amach ag táirgí ar mhargadh an Chomhphobail. Ba cheart go mbeadh sé éasca na critéir sin a thuiscint agus a úsáid agus go mbeadh na critéir sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na critéir sin dírithe ar an margadh agus go mbeidís teoranta do na tionchair is suntasaí ar an gcomhshaol a bheadh ag na táirgí i gcaitheamh a saolré ar fad.

(6)

Chun iomadú na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a sheachaint agus chun feidhmíocht níos fearr ó thaobh an chomhshaoil a spreagadh sna hearnálacha go léir ina bhfuil tionchar ar an gcomhshaol ina ghné den rogha a dhéanann an tomhaltóir, ba cheart go leathnófaí na deiseanna atá ann chun Éicilipéad an AE a úsáid. I gcás grúpaí táirgí bia agus grúpaí táirgí beatha, áfach, ba cheart staidéar a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na critéir inchomhlíonta agus gur féidir breisluach a ráthú. Maidir le táirgí bia agus táirgí beatha, chomh maith le táirgí talmhaíochta neamhphróiseáilte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (6), ba cheart, chun mearbhall a sheachaint i gcás tomhaltóirí, breithniú a dhéanamh maidir leis an rogha nach mbeadh ach na táirgí sin a dheimhneofaí a bheith orgánach i dteideal dhámhachtain Éicilipéad an AE.

(7)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag Éicilipéad an AE substaintí níos sábhailte a chur in ionad substaintí guaiseacha, cibé áit a mbeadh sé sin indéanta go teicniúil.

(8)

Chun go nglacfaidh an pobal i gcoitinne le scéim Éicilipéad an AE, is den riachtanas é go mbeadh ról tábhachtach ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) comhshaoil agus ag eagraíochtaí tomhaltóirí, agus go mbeadh páirt ghníomhach acu, maidir le forbairt agus socrú chritéir Éicilipéad an AE.

(9)

Tá sé inmhianaithe go dtreoródh aon pháirtí leasmhar forbairt nó athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE ar choinníoll go gcloífear le rialacha nós imeachta comhchoiteanna agus go mbeidh an próiseas á chomhordú ag an gCoimisiún. Chun comhleanúnachas foriomlán ghníomhaíocht an Chomhphobail a áirithiú, is iomchuí freisin go gceanglófaí go ndéanfar na cuspóirí straitéiseacha is déanaí atá ag an gComhphobal i réimse an chomhshaoil, amhail na Cláir Ghníomhaíochta Comhshaoil, na Straitéisí Forbartha Inbhuanaithe agus na Cláir um Athrú Aeráide, a chur san áireamh le linn critéir Éicilipéad an AE a bheith á bhforbairt nó á n-athchóiriú.

(10)

Chun scéim Éicilipéad an AE a shimpliú agus an t-ualach riaracháin atá bainteach le húsáid Éicilipéad an AE a laghdú, ba cheart na nósanna imeachta measúnaithe agus fíoraithe a shimpliú.

(11)

Is iomchuí go ndéanfaí foráil maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar úsáid a bhaint as Éicilipéad an AE agus, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, go gceanglófaí ar na comhlachtaí inniúla fíoruithe a dhéanamh agus úsáid Éicilipéad an AE a thoirmeasc i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha i gcomhair a úsáide. Is iomchuí freisin go gceanglófaí ar na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis a bheidh infheidhmithe i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

(12)

Chun méadú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AE agus chun spreagadh a thabhairt dóibh siúd a gcomhlíonann a dtáirgí critéir Éicilipéad an AE, ba cheart na costais a bhaineann le húsáid Éicilipéad an AE a laghdú.

(13)

Is gá an pobal a chur ar an eolas, agus feasacht an phobail a mhéadú, faoi Éicilipéad an AE trí ghníomhartha cur chun cinn, trí fheachtais faisnéise agus oideachais, ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail, chun eolas a thabhairt do thomhaltóirí maidir le brí Éicilipéad an AE agus chun a chur ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh. Is gá sin freisin chun go mbeidh an scéim níos tarraingtí do tháirgeoirí agus do mhiondíoltóirí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit treoirlínte a bhreithniú agus a bPleananna Gníomhaíochta náisiúnta do Sholáthar Poiblí Glas á mbunú acu agus, agus d'fhéadfaidís breithniú a dhéanamh i dtaobh spriocanna a leagan síos maidir le ceannach poiblí táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

(15)

Chun margaíocht táirgí a bhfuil lipéid chomhshaoil orthu a éascú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail, chun teorainn a chur le hobair bhreise do chuideachtaí, go háirithe na Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), agus chun mearbhall i measc tomhaltóirí a sheachaint, is gá freisin feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus comhchuibheas a chur chun cinn idir scéim Éicilipéad an AE agus na scéimeanna náisiúnta éicilipéadaithe atá sa Chomhphobal.

(16)

Chun a áirithiú go ndéanfar an córas dámhachtana agus an faireachas margaidh a chur i bhfeidhm ar mhodh comhchuibhithe agus chun rialú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AE ar fud an Chomhphobail, ba cheart do na comhlachtaí inniúla faisnéis agus taithí a mhalartú.

(17)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(18)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún na critéir a ghlacadh nach mór do na táirgí a chomhlíonadh chun go gcuirfí Éicilipéad an AE orthu, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(19)

Ar mhaithe le soiléire agus le cinnteacht dhlíthiúil, ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000.

(20)

Ba cheart forálacha idirthréimhseacha iomchuí a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar an t-athrú ó Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 go dtí an Rialachán seo ar bhealach rianúil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bunú agus cur i bhfeidhm scéim shaorálach Éicilipéad an AE.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon earraí nó maidir le haon seirbhísí a sholáthraítear lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar mhargadh an Chomhphobail cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce (dá ngairtear ‘táirgí’ anseo feasta).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine, arna sainmhíniú i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine (8), ná maidir le húsáid tréidliachta, arna sainmhíniú i dTreoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (9), ná maidir le haon chineál feiste míochaine.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘grúpa táirgí’ sraith táirgí a fhónann do chríocha comhchosúla agus atá comhchosúil lena chéile i dtéarmaí úsáide, nó a bhfuil airíonna feidhmiúla comhchosúla acu, agus atá comhchosúil lena chéile i dtéarmaí an dearcaidh atá ag an tomhaltóir orthu;

2)

ciallaíonn‘oibreoir’ aon táirgeoir, aon mhonaróir, aon allmhaireoir, aon soláthróir seirbhísí, aon mhórdhíoltóir nó aon mhiondíoltóir;

3)

ciallaíonn ‘tionchar ar an gcomhshaol’ aon athrú ar an gcomhshaol ar táirge, i gcaitheamh a shaolré, is cúis leis go hiomlán nó go páirteach;

4)

ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil’ an toradh a ghabhann leis an mbainistíocht a dhéanann an monaróir ar na saintréithe sin de chuid táirge arb iad is cúis le tionchar ar an gcomhshaol;

5)

ciallaíonn ‘fíorú’nós imeachta chun a dheimhniú go gcomhlíonann táirge critéir shonraithe Éicilipéad an AE.

Airteagal 4

Comhlachtaí inniúla

1.   Déanfaidh gach Ballstát an comhlacht nó na comhlachtaí (‘an comhlacht inniúil’ nó ‘na comhlachtaí inniúla’), atá laistigh d'aireachtaí rialtais nó lasmuigh díobh, a ainmniú chun bheith freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích agus áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an comhlacht nó na comhlachtaí sin oibríochtúil. I gcás ina n-ainmneofar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, cinnfidh an Ballstát cumhachtaí na gcomhlachtaí sin faoi seach agus na ceanglais i ndáil le comhordú a bheidh infheidhmithe maidir leo.

2.   Beidh comhdhéanamh na gcomhlachtaí inniúla de chineál a ráthóidh a neamhspleáchas agus a neodracht agus beidh a rialacha nós imeachta de chineál trína ndéanfar trédhearcacht i dtaca le seoladh a ngníomhaíochtaí chomh maith le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara go léir, a áirithiú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí inniúla na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

4.   Áiritheoidh na comhlachtaí inniúla go ndéanfaidh páirtí atá neamhspleách ar an oibreoir a bheidh á fhíorú an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích ar mhodh comhsheasmhach, neodrach agus iontaofa, ar próiseas é a bheidh bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, ar chaighdeáin Eorpacha nó ar chaighdeáin náisiúnta agus ar nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar nósanna imeachta Eorpacha nó ar nósanna imeachta náisiúnta, a bhaineann le comhlachtaí a oibríonn scéimeanna deimhniúcháin táirgí.

Airteagal 5

Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú (BAEÉ) a mbeidh ionadaithe air ó chomhlachtaí inniúla na mBallstát go léir, dá dtagraítear in Airteagal 4, agus ó pháirtithe leasmhara eile. Toghfaidh BAEÉ a uachtarán de réir a rialacha nós imeachta. Rannchuideoidh an Bord le forbairt agus le hathchóiriú chritéir Éicilipéad an AE agus le haon athbhreithniú a dhéanfar ar chur chun feidhme scéim Éicilipéad an AE. Soláthróidh sé comhairle agus cúnamh don Choimisiún freisin sna réimsí seo agus, go háirithe, eiseoidh sé moltaí maidir le ceanglais íosta feidhmíochta comhshaoil.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh BAEÉ, agus a ghníomhaíochtaí á seoladh aige, rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara ábhartha go léir a urramú i leith gach grúpa táirgí, amhail comhlachtaí inniúla, táirgeoirí, monaróirí, allmhaireoirí, soláthraithe seirbhíse, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí, go háirithe FBManna, agus grúpaí cosanta comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí.

Airteagal 6

Ceanglais ghinearálta i gcomhair chritéir Éicilipéad an AE

1.   Beidh critéir Éicilipéad an AE bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí, agus na cuspóirí straitéiseacha is déanaí atá ag an gComhphobal i réimse an chomhshaoil á gcur san áireamh.

2.   Le critéir Éicilipéad an AE, leagfar amach na ceanglais chomhshaoil nach mór do tháirge a chomhlíonadh chun go mbeadh Éicilipéad an AE air.

3.   Cinnfear critéir Éicilipéad an AE ar bhonn eolaíoch agus saolré iomlán na dtáirgí á breithniú. Le linn na critéir sin a chinneadh, breithneofar an méid seo a leanas:

(a)

na tionchair is suntasaí ar an gcomhshaol, go háirithe an tionchar ar athrú aeráide, an tionchar ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht, ar úsáid fuinnimh agus úsáid acmhainní, ar ghiniúint dramhaíola, ar astaíochtaí chuig gach meán comhshaoil, ar an truailliú trí éifeachtaí fisiceacha agus trí úsáid agus scaoileadh substaintí guaiseacha;

(b)

substaintí níos sábháilte a chur in ionad substaintí guaiseacha, ina gcáil mar shubstaintí níos sábháilte nó trí ábhair mhalartacha nó dearthaí malartacha a úsáid, sna cásanna uile ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil;

(c)

an cumas chun laghdú a dhéanamh ar na tionchair ar an gcomhshaol de thoradh mharthanacht agus ath-inúsáidteacht na dtáirgí;

(d)

an chothromaíocht ghlan don chomhshaol idir na tairbhí comhshaoil agus na hualaí comhshaoil, lena n-áirítear gnéithe sláinte agus sábháilteachta, ag na céimeanna éagsúla i saolré na dtáirgí;

(e)

más iomchuí, gnéithe sóisialta agus gnéithe eiticiúla, e.g. trí thagairt a dhéanamh do choinbhinsiúin ghaolmhara idirnáisiúnta agus do chomhaontuithe gaolmhara idirnáisiúnta, amhail caighdeáin ábhartha ILO agus cóid iompair;

(f)

. critéir a bunaíodh do lipéid eile chomhshaoil, go háirithe lipéid chomhshaoil chineál I EN ISO 14024 a bhfuil aitheantas oifigiúil acu go náisiúnta nó go réigiúnach, i gcás ina bhfuil siad ar marthain don ghrúpa táirgí sin ionas go ndéanfar sineirgígh a fheabhsú;

(g)

a mhéid is féidir, an prionsabal a bhaineann le tástáil ainmhithe a laghdú.

4.   Maidir le critéir Éicilipéad an AE, áireofar iontu ceanglais atá beartaithe lena áirithiú, maidir le táirgí a bhfuil Éicilipéad an AE orthu, go bhfeidhmíonn siad go dóthanach i gcomhréir leis an úsáid a beartaíodh dóibh.

5.   Sula bhforbrófar critéir Éicilipéad an AE do tháirgí bia agus do tháirgí beatha, mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (10), déanfaidh an Coimisiún staidéar, faoin 31 Nollaig 2011 ar a dhéanaí, ar staidéar é ina ndéanfar scrúdú i dtaobh an bhfuil sé indéanta critéir iontaofa a bhunú lena gcumhdófar feidhmíocht chomhshaoil le linn shaolré iomlán táirgí den sórt sin, lena n-áirítear táirgí ó iascaireacht agus ó dhobharshaothrú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa staidéar ar an tionchar a bheadh ag aon chritéir de chuid Éicilipéad an AE ar tháirgí bia agus ar tháirgí beatha, chomh maith le táirgí talmhaíochta neamhphróiseáilte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007. Ba cheart breithniú a dhéanamh sa staidéar ar an rogha gurb iad na táirgí sin amháin a dheimhnítear a bheith orgánach a bheadh i dteideal dámhachtain Éicilipéad an AE a fháil, ionas nach mbeadh ábhar mearbhaill ann do na tomhaltóirí.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, agus toradh an staidéir agus an tuairim ón BAEÉ á gcur san áireamh, maidir le cén grúpa bia agus beatha, más ann, a bhfuil forbairt chritéir Éicilipéad an AE indéanta ina leith, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

6.   Ní fhéadfar Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar earraí ina bhfuil substaintí nó ullmhóidí/meascáin a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar shubstaintí nó mar ullmhódí/mheascáin atá tocsaineach, guaiseach don chomhshaol, carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (11), ná ar earraí ina bhfuil substaintí dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Cheimiceáin (12).

7.   Maidir le catagóirí sonracha earraí a bhfuil substaintí dá dtagraítear i mír 6 iontu, agus san aon chás amháin nach bhfuil sé indéanta go teicniúil earraí eile den sórt céanna a chur ina n-ionad nó substaintí eile a chur ina n-ionad trí ábhair mhalartacha nó dearthaí malartacha a úsáid, nó i gcás táirgí ar airde go suntasach a bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán i gcomparáid le hearraí eile den chatagóir céanna, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun maoluithe ar mhír 6 a dheonú. Ní thabharfar aon mhaolú maidir le substaintí a chomhlíonann critéir Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a shainaithnítear i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin, ar substaintí iad atá i meascáin, in earra nó in aon chuid aonchineálach d'earra coimpléascach i dtiúchain is airde ná 0,1 % (w/w). Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 7

Forbairt agus athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE

1.   Tar éis dul i gcomhairle le BAEÉ, féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, na comhlachtaí inniúla agus na geallsealbhóirí eile forbairt nó athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE a thionscnamh agus a threorú. I gcás ina gcuirtear geallsealbhóirí eile den sórt sin mar cheannasaí ar threorú fhorbairt na gcritéar, ní mór dóibh saineolas a léiriú sa réimse táirgí, chomh maith leis an gcumas an próiseas a threorú go neodrach agus i gcomhréir le haidhmeanna an Rialacháin seo. I dtaca leis sin de, tabharfar tús áite do chuibhreannais a bhfuil breis agus leasghrúpa amháin iontu.

Déanfaidh an páirtí a thionscnóidh agus a threoróidh forbairt nó athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE na doiciméid seo a leanas a thabhairt ar aird i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn I:

(a)

réamhthuarascáil;

(b)

togra i gcomhair dréachtchritéar;

(c)

tuarascáil theicniúil mar thacaíocht leis an togra i gcomhair dréachtchritéar;

(d)

tuarascáil deiridh;

(e)

lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla;

(f)

lámhleabhar do na húdaráis a dhámhann conarthaí poiblí.

Cuirfear na doiciméid sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid an BAEÉ.

2.   I gcás ina mbeidh critéir forbartha cheana féin faoi scéim eile éicilipéid a chomhlíonann na ceanglais do lipéid chomhshaoil chineál I EN ISO 14024 do ghrúpa táirgí nach bhfuil aon chritéir de chuid Éicilipéad an AE arna mbunú ina leith cheana, féadfaidh Ballstát ar bith ina bhfuil an scéim eile éicilipéid aitheanta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le BAEÉ, a mholadh go bhforbrófaí na critéir sin faoi scéim Éicilipéad an AE.

Sna cásanna sin, féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta giorraithe maidir le forbairt critéar a leagtar síos i gCuid B d'Iarscríbhinn I ar choinníoll go ndearnadh na critéir atá beartaithe a fhorbairt i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I. Is é an Coimisiún, nó an Ballstát a mhol an nós imeachta giorraithe um fhorbairt na gcritéar, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, a threoróidh an nós imeachta sin.

3.   I gcás ina mbeidh gá le hathchóiriú neamhshubstaintiúil ar na critéir, féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta giorraithe um athchóiriú a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn I.

4.   Faoin 19 Feabhra 2011, aontóidh an BAEÉ agus an Coimisiún ar phlean oibre lena n-áirítear straitéis agus liosta neamh-uileghabhálach de ghrúpaí táirgí. Sa phlean sin, breithneofar gníomhaíocht eile Comhphobail (e.g. i réimse an tsoláthair phoiblí ghlais), agus féadfar an plean sin a nuashonrú i gcomhréir leis na cuspóirí straitéiseacha is déanaí de chuid an Chomhphobail i réimse an chomhshaoil. Déanfar an plean sin a nuashonrú go tráthrialta.

Airteagal 8

Critéir Éicilipéad an AE a bhunú

1.   Déanfar dréachtchritéir Éicilipéad an AE a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus an plean oibre á chur san áireamh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis dul i gcomhairle le BAEÉ, bearta a ghlacadh chun critéir shonracha Éicilipéad an AE a bhunú do gach grúpa táirgí. Foilseofar na bearta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh an Coimisiún barúlacha an BAEÉ san áireamh ina thogra deireanach agus déanfaidh sé an réasúnú atá le haon athruithe ar a thogra deireanach i gcomparáid leis an togra i gcomhair dréachtchritéar, tar éis dul i gcomhairle leis an BAEÉ, a thabhairt chun suntais go soiléir agus a dhoiciméadú, agus soláthróidh sé mínithe ar an réasúnú sin.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3.   Sna bearta dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

ceanglais a bhunú chun táirgí sonracha a mheasúnú maidir le comhlíonadh chritéir Éicilipéad an AE (‘ceanglais um measúnú’);

(b)

i gcás gach grúpa táirgí, trí shaintréith thábhachtacha chomhshaoil a shonrú a fhéadfar a thaispeáint ar an lipéad roghnach maille le téacs-bhosca a thuairiscítear in Iarscríbhinn II;

(c)

i gcás gach grúpa táirgí, tréimhse ábhartha bailíochta na gcritéar agus na gceanglas um measúnú a shonrú;

(d)

céim inathraitheachta na dtáirgí a shonrú arb í an chéim inathraitheachta í a cheadaítear le linn na tréimhse bailíochta dá dtagraítear i bpointe (c).

4.   Agus critéir Éicilipéad an AE á mbunú, beifear cúramach nach dtabharfar isteach bearta a bhféadfadh a gcur chun feidhme ualaí neamhréireacha riaracháin agus ualaí neamhréireacha eacnamaíochta a chur ar FBManna.

Airteagal 9

Éicilipéad an AE a dhámhachtain agus téarmaí agus coinníollacha a úsáide

1.   Aon oibreoir ar mian leis Éicilipéad an AE a úsáid, déanfaidh sé iarratas chuig na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina dtionscnaíonn táirge i mBallstát aonair, déanfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil de chuid an Bhallstáit sin;

(b)

i gcás ina dtionscnaíonn táirge san fhoirm chéanna i roinnt Ballstát, féadfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil i gceann de na Ballstáit sin;

(c)

i gcás ina dtionscnaíonn táirge in áit lasmuigh den Chomhphobal, déanfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil in aon cheann de na Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar an margadh nó inar cuireadh an táirge ar an margadh.

2.   Is san fhoirm a thaispeántar in Iarscríbhinn II a bheidh Éicilipéad an AE.

Ní fhéadfar Éicilipéad an AE a úsáid ach amháin i dtaca le táirgí a chomhlíonann critéir Éicilipéad an AE is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann agus ar dámhadh Éicilipéad an AE ina leith.

3.   Sna hiarratais, sonrófar sonraí teagmhála iomlána an oibreora chomh maith leis an ngrúpa táirgí i dtrácht agus beidh tuairisc iomlán iontu ar an táirge chomh maith le gach faisnéis eile a iarrfaidh an comhlacht inniúil.

Beidh gach doiciméad ábhartha ag gabháil leis na hiarratais, de réir mar a shonraítear sa bheart ábhartha ón gCoimisiún lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí i dtrácht.

4.   Déanfaidh an comhlacht inniúil a ndéanfar iarratas chuige táillí a mhuirearú i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Beidh sé de choinníoll a ghabhann le húsáid Éicilipéad an AE go mbeifear tar éis na táillí a íoc in am cuí.

5.   Laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear iarratas, seiceálfaidh an comhlacht inniúil lena mbaineann an bhfuil an doiciméadacht iomlán agus tabharfaidh sé fógra don oibreoir. Féadfaidh an comhlacht inniúil an t-iarratas a dhiúltú má mhainníonn an t-oibreoir an doiciméadacht a chomhlánú laistigh de shé mhí ón dáta a dtabharfar an fógra sin.

Ar choinníoll go bhfuil an doiciméadacht iomlán agus go mbeidh sé fíoraithe ag an gcomhlacht inniúil go gcomhlíonann an táirge critéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais um measúnú arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8, sannfaidh an comhlacht inniúil uimhir chlárúcháin don táirge.

Is iad na hoibreoirí a íocfaidh costais na tástála agus an mheasúnaithe maidir le critéir Éicilipéad an AE a chomhlíonadh. Féadfar costais taistil agus costais chóiríochta a mhuirearú ar na hoibreoirí i gcás ina bhfuil gá le fíorú ar an láthair lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an comhlacht inniúil bunaithe.

6.   I gcás ina gceanglófar le critéir Éicilipéad an AE go gcomhlíonfaidh na saoráidí táirgeachta ceanglais áirithe, comhlíonfar na ceanglais sin sna saoráidí uile ina monaraítear an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE. I gcás inarb iomchuí, gabhfaidh an comhlacht inniúil fíoruithe ar an láthair air féin nó sannfaidh sé gníomhaire údaraithe chun na críche sin.

7.   Tabharfaidh na comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta do thástálacha atá creidiúnaithe i gcomhréir le ISO 17025 agus d'fhíoruithe a dhéanfaidh comhlachtaí atá creidiúnaithe faoi chaighdeán EN 45011 nó faoi chaighdeán idirnáisiúnta coibhéiseach. Comhoibreoidh na comhlachtaí inniúla le chéile d'fhonn a chinntiú go ndéanfar na nósanna imeachta um measúnú agus um fhíorú a chur chun feidhme go héifeachtach agus go comhsheasmhach, go háirithe trí bhíthin na meithle dá dtagraítear in Airteagal 13.

8.   Déanfaidh an comhlacht inniúil conradh le gach oibreoir, ar conradh é ina gcumhdófar téarmaí úsáide Éicilipéad an AE (lena n-áirítear forálacha maidir le hÉicilipéad an AE a údarú agus a tharraingt siar, go háirithe tar éis athchóiriú na gcritéar). Chuige sin, úsáidfear conradh caighdeánach i gcomhréir leis an teimpléad atá in Iarscríbhinn IV.

9.   Ní fhéadfaidh an t-oibreoir Éicilipéad an AE a chur ar an táirge ach amháin tar éis an conradh a dhéanamh. Ina theannta sin cuirfidh an t-oibreoir an uimhir chlárúcháin ar an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE.

10.   Déanfaidh an comhlacht inniúil a bheidh tar éis Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirge fógra ina thaobh sin a thabhairt don Choimisiún. Bunóidh an Coimisiún clár coiteann agus nuashonróidh sé go rialta é. Beidh an clár sin ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin a bheidh tiomnaithe d'Éicilipéad an AE.

11.   Féadfar Éicilipéad an AE a úsáid ar na táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE orthu agus ar an ábhar fógraíochta gaolmhar a úsáidtear ina leith.

12.   Beidh dámhachtain Éicilipéad an AE gan dochar do cheanglais chomhshaoil nó do cheanglais eile rialála de chuid dhlí an Chomhphobail nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le céimeanna éagsúla de shaolré an táirge.

13.   Maidir leis an gceart chun Éicilipéad an AE a úsáid, ní shínfidh sé chuig úsáid Éicilipéad an AE mar chuid de thrádmharc.

Airteagal 10

Faireachas margaidh agus rialú a dhéanamh ar úsáid Éicilipéad an AE

1.   Toirmiscfear aon fhógraíocht bhréagach nó aon fhógraíocht mhíthreorach, nó úsáid aon lipéid nó aon lógó a d'fhéadfadh a chur ina luí ar dhaoine gurb é Éicilipéad an AE atá i gceist.

2.   Maidir le táirgí ar dhámh an comhlacht inniúil Éicilipéad an AE orthu, fíoróidh an comhlacht inniúil, ar bhonn rialta, go gcomhlíonann an táirge critéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais um measúnú arna bhfoilsiú faoi Airteagal 8. De réir mar is iomchuí, déanfaidh an comhlacht inniúil fíoruithe den sórt sin freisin tar éis gearán a fháil. D'fhéadfadh sé gur i bhfoirm spotseiceálacha randamacha a bheadh na fíoruithe sin.

Déanfaidh an comhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge aon ghearáin a rinneadh maidir leis an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE a chur in iúl d'úsáideoir Éicilipéad an AE, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an úsáideoir freagra a thabhairt ar na gearáin sin. Féadfaidh an comhlacht inniúil ainm an ghearánaí a choinneáil siar ón úsáideoir.

3.   Ceadóidh úsáideoir Éicilipéad an AE don chomhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge na himscrúduithe riachtanacha go léir a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuil critéir an ghrúpa táirgí agus Airteagal 9 á gcomhlíonadh i gcónaí aige.

4.   Déanfaidh úsáideoir Éicilipéad an AE, arna iarraidh sin don chomhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge, rochtain a thabhairt ar an áitreabh ina dtáirgtear an táirge lena mbaineann.

Féadfar an t-iarratas a dhéanamh aon tráth réasúnach agus gan fógra.

5.   I gcás ina mbeifear tar éis deis a thabhairt d'úsáideoir Éicilipéad an AE barúlacha a thíolacadh, déanfaidh aon chomhlacht inniúil a chinnfidh nach bhfuil critéir an ghrúpa táirgí ábhartha á gcomhlíonadh ag táirge a bhfuil Éicilipéad an AE air, nó nach bhfuil Éicilipéad an AE á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 9, úsáid Éicilipéad an AE ar an táirge sin a thoirmeasc nó, i gcás gur comhlacht inniúil eile a dhámh Éicilipéad an AE, an comhlacht inniúil sin a chur ar an eolas. Ní bheidh úsáideoir Éicilipéad an AE i dteideal aisíocaíocht a fháil, go hiomlán nó go páirteach, i leith na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 9(4).

Cuirfidh an comhlacht inniúil an toirmeasc sin in iúl gan mhoill do gach comhlacht inniúil eile agus don Choimisiún.

6.   Ní nochtfaidh an comhlacht inniúil a dhámh Éicilipéad an AE ar an táirge faisnéis atá faighte aige agus measúnú á dhéanamh aige ar úsáideoir an Éicilipéid i ndáil le comhlíonadh na rialacha maidir le húsáid Éicilipéad an AE atá leagtha amach in Airteagal 9, ná ní úsáidfidh sé an fhaisnéis sin chun aon chríche nach mbaineann leis an dámhachtain i leith úsáid Éicilipéid an AE.

Glacfaidh sé gach beart réasúnta chun na doiciméid a sholáthraítear dó a chosaint ar fhalsú agus ar mhíleithreasú.

Airteagal 11

Scéimeanna éicilipéadaithe sna Ballstáit

1.   I gcás ina mbeifear tar éis critéir Éicilipéad an AE do ghrúpa táirgí ar leith a fhoilsiú, ní fhéadfar scéimeanna eile éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024, a bhfuil aitheantas oifigiúil acu go náisiúnta nó go réigiúnach, agus nach gcumhdaíonn an grúpa táirgí sin tráth a bhfoilsithe, a leathnú chuig an ngrúpa táirgí sin ach amháin i gcás ina bhfuil na critéir a forbraíodh faoi na scéimeanna sin ar a laghad chomh dian ar a laghad le critéir Éicilipéad an AE.

2.   Chun critéir na scéimeanna Eorpacha éicilipéadaithe (cineál I EN ISO 14024) a chomhchuibhiú, cuirfear san áireamh le critéir Éicilipéad an AE na critéir atá ann cheana féin agus a forbraíodh i scéimeanna aitheanta éicilipéadaithe sna Ballstáit.

Airteagal 12

Éicilipéad an AE a chur chun cinn

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis an BAEÉ, plean gníomhaíochta sonrach a aontú chun úsáid Éicilipéad an AE a chur chun cinn tríd na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gníomhaíochtaí méadaithe feasachta agus feachtais faisnéise agus feachtais phoiblí oideachais do thomhaltóirí, do tháirgeoirí, do mhonaróirí, do mhórdhíoltóirí, do sholáthraithe seirbhíse, do cheannaitheoirí poiblí, do thrádálaithe, do mhiondíoltóirí agus don phobal i gcoitinne,

(b)

rannpháirtíocht sa scéim a spreagadh, go háirithe maidir leis na FBManna;

agus, ar an dóigh sin, tabharfar tacaíocht d'fhorbairt na scéime.

2.   Féadfar cur chun cinn Éicilipéad an AE a dhéanamh trí láithreán gréasáin Éicilipéad an AE ar a soláthrófar faisnéis bhunúsach agus ábhair fógraíochta faoi Éicilipéad an AE, agus faisnéis faoi na háiteanna ina bhféadfar táirgí Éicilipéad an AE a cheannach, i dteangacha uile an Chomhphobail.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid an ‘Lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí’, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, pointe 5. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit breithniú, mar shampla, i dtaobh spriocanna a shocrú maidir le táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir a shonraítear sa Lámhleabhar sin.

Airteagal 13

Malartú faisnéise agus taithí

1.   Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Rialacháin seo a chothú, déanfaidh na comhlachtaí inniúla faisnéis agus taithí a mhalartú go tráthrialta, go háirithe maidir le hAirteagal 9 agus maidir le hAirteagal 10 a chur i bhfeidhm.

2.   Cuirfidh an Coimisiún meitheal de chomhlachtaí inniúla ar bun chun na críche sin. Tiocfaidh an mheitheal le chéile faoi dhó ar a laghad sa bhliain. Is é an Coimisiún a iompróidh na costais taistil. Toghfaidh an mheitheal a cathaoirleach agus glacfaidh sí a rialacha nós imeachta.

Airteagal 14

Tuarascáil

Faoin 19 Feabhra 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme scéim Éicilipéad an AE. Sainaithneofar sa tuarascáil freisin na heilimintí den scéim a bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Airteagal 15

Na hIarscríbhinní a Leasú

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú, lena n-áirítear na táillí uasta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, agus an gá le táillí chun costais reáchtála na scéime a íoc á chur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 16

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 17

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhmithe i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Na pionóis dá bhforáiltear, ní mór iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh orthu agus a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 18

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 d'fheidhm a bheith aige maidir le conarthaí arna ndéanamh faoi Airteagal 9 de go dtí an dáta éagtha arna shonrú sna conarthaí sin, seachas na forálacha atá sa Rialachán sin maidir le táillí.

Beidh feidhm ag Airteagal 9(4) den Rialachán seo, agus ag Iarscríbhinn III a ghabhann leis, maidir le conarthaí den sórt sin.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 25 Samhain 2009

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Å. TORSTENSSON


(1)  IO C 120, 28.5.2009, lch. 56.

(2)  IO C 218, 11.9.2009, lch. 50.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2009.

(4)  IO L 237, 21.9.2000, lch. 1.

(5)  IO L 285, 31.10.2009, lch. 10

(6)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(9)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(10)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(11)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(12)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORBAIRT AGUS ATHCHÓIRIÚ CHRITÉIR ÉICILIPÉAD AN AE

A.   An nós imeachta caighdeánach

Ní mór na doiciméid seo a leanas a tharraingt suas:

1.   An réamhthuarascáil

Ní mór na heilimintí seo a leanas a bheith sa réamhthuarascáil:

Tásc cainníochtúil ar na tairbhí ionchasacha comhshaoil a bhaineann leis an ngrúpa táirgí, lena n-áirítear breithniú ar na tairbhí ó scéimeanna comhchosúla éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024, bídís Eorpach, náisiúnta nó réigiúnach,

Réasúnú maidir le roghnú agus raon feidhme an ghrúpa táirgí,

Breithniú i dtaobh aon saincheisteanna trádála a d'fhéadfadh a bheith ann,

Anailís ar chritéir a bhaineann le lipéid eile chomhshaoil,

Dlíthe reatha agus tionscnaimh leanúnacha reachtaíochta a bhaineann le hearnáil an ghrúpa táirgí,

Anailís ar na féidearthachtaí maidir le substaintí níos sábháilte a chur in ionad na substaintí guaiseacha, ina gcáil mar shubstaintí níos sábháilte nó trí ábhair mhalartacha nó dearthaí malartacha a úsáid, i gcás ina mbeadh sé indéanta go teicniúil, go háirithe maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

Sonraí faoin margadh don earnáil laistigh den Chomhphobal, lena n-áirítear toirteanna agus láimhdeachas,

Cumas na dtáirgí a bhfuil Éicilipéad an AE orthu chun dul i bhfeidhm ar an margadh faoi láthair agus sa todhchaí,

Fairsinge agus ábharthacht fhoriomlán na dtionchar comhshaoil a bhaineann leis an ngrúpa táirgí, agus an méid sin bunaithe ar staidéir um measúnú saolré, cibé acu staidéir nua nó staidéir atá ann cheana. Féadfar úsáid a bhaint as fianaise eolaíoch eile freisin. Tuairisceofar saincheisteanna criticiúla agus conspóideacha go mion agus déanfar meastóireacht orthu,

Tagairtí na sonraí agus na faisnéise a bailíodh agus a úsáideadh chun an tuarascáil a eisiúint.

Cuirfear an réamhthuarascáil ar fáil ar láithreán gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin le haghaidh Éicilipéad an AE d'fhonn barúlacha a fháil, agus mar áis tagartha, agus na critéir á bhforbairt.

Nuair a bheidh critéir le forbairt do ghrúpaí táirgí bia agus do ghrúpaí táirgí beatha, ní mór, faoi threoir an staidéir arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(5), an méid seo a leanas a thaispeáint sa réamhthuarascáil:

go bhfuil breisluach nithiúil comhshaoil ann mar thoradh ar critéir Éicilipéad an AE a fhorbairt don táirge a roghnaíodh;

go bhfuil breithniú déanta ar shaolré iomlán an táirge le hÉicilipéad an AE; agus

nach mearbhall a chothóidh úsáid Éicilipéad an AE ar an táirge a roghnófar nuair a chuirtear i gcomparáid é le lipéid eile bia.

2.   Togra le haghaidh na ndréachtchritéar agus an tuarascáil theicniúil ghaolmhar

Tar éis fhoilsiú na réamhthuarascála, bunófar togra le haghaidh na ndréachtchritéar agus tuarascáil theicniúil mar thacaíocht leis an togra.

Comhlíonfaidh na dréachtchritéir na ceanglais seo a leanas:

beidh siad bunaithe ar na táirgí is fearr atá ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail ó thaobh feidhmíochta comhshaoil i gcaitheamh a saolré de, agus freagróidh siad go táscach don 10-20 % is fearr de na táirgí atá ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail ó thaobh feidhmíochta Comhshaoil de tráth a nglactha,

chun go gceadófar an tsolúbthacht is gá, saineofar an céatadán cruinn ar bhonn cás ar chás agus beidh d'aidhm aige sin, i ngach cás, na táirgí is neamhdhíobhálaí don chomhshaol a chur chun cinn agus a áirithiú go soláthraítear rogha leordhóthanach do thomhaltóirí,

cuirfidh siad san áireamh an chothromaíocht ghlan chomhshaoil idir na tairbhí comhshaoil agus na hualaí comhshaoil, lena n-áirítear gnéithe na sláinte agus na sábháilteachta; i gcás inarb iomchuí, breithneofar na gnéithe sóisialta agus na gnéithe eiticiúla, e.g. trí thagairt a dhéanamh do choinbhinsiúin idirnáisiúnta ghaolmhara agus do chomhaontuithe idirnáisiúnta gaolmhara, amhail caighdeáin ábhartha ILO agus cóid iompair,

beidh siad bunaithe ar na tionchair chomhshaoil is suntasaí atá ag an táirge, cuirfear in iúl iad a oiread agus is féidir go réasúnach trí tháscairí tábhachtacha teicniúla feidhmíochta comhshaoil an táirge agus beidh siad oiriúnach do mheasúnú de réir rialacha an Rialacháin seo,

beidh siad bunaithe ar shonraí fónta agus ar fhaisnéis fhónta atá ionadaitheach, a oiread agus is féidir, do mhargadh iomlán an Chomhphobail,

beidh siad bunaithe ar shonraí saolré agus ar thionchair chainníochtúla chomhshaoil, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhlíonadh na gCóras Tagartha Eorpach do Shonraí Saolré (ELCD),

cuirfear san áireamh leo tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile atá páirteach sa phróiseas comhairliúcháin,

ráthófar leo go mbeidh comhchuibhiú ann leis an reachtaíocht atá ann cheana agus atá infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí, agus sainmhínithe, modhanna tástála agus doiciméadacht theicniúil agus riaracháin á mbreithniú,

cuirfear san áireamh leo beartais ábhartha an Chomhphobail agus obair a rinneadh ar ghrúpaí táirgí gaolmhara eile.

Déanfar an togra le haghaidh na ndréachtchritéar a scríobh ar shlí a fhágann gur furasta dóibh siúd ar mian leo iad a úsáid rochtain a fháil orthu. Cuirfidh sé réasúnú ar fáil do gach critéar agus míneoidh sé na tairbhí comhshaoil a bhaineann le gach critéar. Tabharfaidh sé chun suntais na critéir a chomhfhreagraíonn do na tréithe tábhachtacha comhshaoil.

Beidh, ar a laghad, na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil theicniúil:

mínithe eolaíocha na gceanglas agus na gcritéar ar fad,

tásc cainníochtúil ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a cheaptar a bhainfear amach leis na critéir ina n-iomláine, i gcomparáid le feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán mheántáirgí an mhargaidh,

meastachán ar na tionchair shóisialta/eacnamaíocha/chomhshaoil a mheastar a bheidh ag na critéir ina n-iomláine,

na modhanna ábhartha tástála chun measúnú a dhéanamh ar na critéir éagsúla,

meastachán ar na costais a ghabhann le tástáil;

i gcás gach critéir, faisnéis faoi na tástálacha, faoi na tuarascálacha agus faoin doiciméadacht uile eile a thabharfaidh úsáideoirí ar aird arna iarraidh sin do chomhlacht inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

Cuirfear an togra le haghaidh na ndréachtchritéar agus an tuarascáil theicniúil ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin le haghaidh Éicilipéad AE d'fhonn barúlacha a fháil. Déanfaidh an páirtí a bheidh ag treorú fhorbairt an ghrúpa táirgí an togra agus an tuarascáil a dháileadh ar na páirtithe leasmhara uile.

Tionólfar ar a laghad dhá chruinniú oscailte den mheitheal i ndáil leis na dréachtchritéir, tabharfar cuireadh chuig na cruinnithe sin do na páirtithe leasmhara uile, amhail comhlachtaí inniúla, an tionscal (lena n-áirítear FBManna), ceardchumainn, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin freisin.

Cuirfear an togra le haghaidh na ndréachtchritéar agus an tuarascáil theicniúil ar fáil mí ar a laghad sula mbeidh an chéad chruinniú ag an meitheal. Cuirfear aon togra iardain le haghaidh dréachtchritéar ar fáil mí ar a laghad sula mbeidh aon chruinnithe eile ann ina dhiaidh sin. Míneofar go hiomlán an réasúnú atá le haon athruithe ar na critéir i ndréachtaí iardain agus déanfar an réasúnú sin a dhoiciméadú trí thagairtí don phlé sna cruinnithe oscailte den mheitheal agus do bharúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí.

Tabharfar freagraí ar na barúlacha uile a fhaightear le linn phróiseas forbartha na gcritéar agus cuirfear in iúl cibé acu a glacadh leo nó a diúltaíodh dóibh agus cén fáth.

3.   An tuarascáil deiridh agus na dréachtchritéir

Beidh na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil deiridh:

Freagraí soiléire ar na barúlacha agus ar na moltaí uile, ina gcuirfear in iúl cibé acu a glacadh leo nó a diúltóidh dóibh agus cén fáth. Déileálfar ar bhonn cothrom le páirtithe leasmhara ón Aontas Eorpach agus le páirtithe leasmhara nach ón Aontas Eorpach iad.

Beidh na heilimintí seo a leanas ann freisin:

achoimre aonleathanaigh ar leibhéal na tacaíochta a thugann comhlachtaí inniúla do na dréachtchritéir;

liosta achomair de na doiciméid uile a scaipeadh le linn obair fhorbartha na gcritéar, maille le tásc ar dháta scaipthe gach doiciméid agus ar cé air a scaipeadh gach doiciméad, agus cóip de na doiciméid i dtrácht;

liosta de na páirtithe leasmhara a bhí páirteach san obair nó a ndeachthas i gcomhairle leo nó a chuir tuairim in iúl, maille lena gcuid faisnéise teagmhála;

achoimre feidhmiúcháin;

trí shaintréith thábhachtacha chomhshaoil don ghrúpa táirgí, ar nithe iad a fhéadfar a thaispeáint sa lipéad roghnach maille le téacs-bhosca a thuairiscítear in Iarscríbhinn II,

togra maidir le straitéis cumarsáide agus margaíochta don ghrúpa táirgí.

Breithneofar aon bharúlacha a gheofar maidir leis an tuarascáil deiridh agus, arna iarraidh sin, soláthrófar faisnéis faoi aon bheart a dhéantar de bharr na mbarúlacha.

4.   Lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla

Bunófar lámhleabhar chun cúnamh a thabhairt d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla le linn dóibh measúnú a dhéanamh ar na táirgí maidir leis na critéir a chomhlíonadh.

5.   Lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí

Bunófar lámhleabhar ina ndéanfar treoir maidir le húsáid chritéir Éicilipéad an AE a thabhairt d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí.

Déanfaidh an Coimisiún teimpléid, a aistreofar i dteangacha oifigiúla uile an Chomhphobail, a sholáthar le haghaidh an lámhleabhair d'úsáideoirí ionchasacha agus do chomhlachtaí inniúla agus le haghaidh an lámhleabhaird'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí.

B.   An nós imeachta giorraithe i gcás ina mbeidh critéir forbartha cheana ag scéimeanna eile éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024.

Cuirfear tuarascáil aonair faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh roinn sa tuarascáil sin a léireoidh go bhfuil na ceanglais theicniúla agus chomhairliúcháin a leagtar amach i gCuid A á gcomhlíonadh, maille le togra le haghaidh na ndréachtchritéar, lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla, agus lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí.

Más deimhin leis an gCoimisiún go gcomhlíonann an tuarascáil agus na critéir na ceanglais atá leagtha amach i gCuid A, cuirfear an tuarascáil agus an togra le haghaidh na ndréachtchritéar ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin le haghaidh Éicilipéad an AE ar feadh tréimhse dhá mhí d'fhonn barúlacha a fháil.

Tabharfar freagraí ar na barúlacha uile a fhaightear le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus gcuirfear in iúl cibé acu a glacadh leo nó a diúltóidh dóibh agus cén fáth.

Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus mura n-iarrfaidh aon Bhallstát cruinniú oscailte den mheitheal, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh de bhun Airteagal 8.

Arna iarraidh sin d'aon Bhallstát, tionólfar cruinniú oscailte den mheitheal i ndáil leis na dréachtchritéir agus beidh na páirtithe leasmhara uile, amhail comhlachtaí inniúla, an tionscal (lena n-áirítear FBManna), ceardchumainn, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí comhshaoil agus tomhaltóirí, páirteach ann. Glacfaidh an Coimisiún páirt sa chruinniú sin freisin.

Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí nó le linn an chruinnithe den mheitheal, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh de bhun Airteagal 8.

C.   An nós imeachta giorraithe maidir le hathchóiriú neamhshubstaintiúil na gcritéar

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil ar aird ina mbeidh an méid a leanas:

míniúchán lena mínítear cén fáth nach gá athchóiriú iomlán a dhéanamh ar na critéir agus cén fáth gur leor nuashonrú simplí a dhéanamh ar na critéir agus ar a leibhéil déine,

roinn theicniúil lena nuashonraítear na sonraí margaidh a bhí ann roimhe sin agus ar baineadh úsáid astu chun na critéir a shocrú,

togra le haghaidh dréacht-chritéar athchóirithe,

tásc cainníochtúil ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a cheaptar a bhainfear amach leis na critéir athchóirithe ina n-iomláine, nuair a chuirtear iad i gcomparáid le feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán na meántáirgí sa mhargadh,

lámhleabhar athchóirithe d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla, agus

lámhleabhar athchóirithe d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí.

Cuirfear an tuarascáil agus an togra le haghaidh na ndréachtchritéar ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin le haghaidh Éicilipéad an AE, ar feadh tréimhse dhá mhí d'fhonn barúlacha a fháil.

Tabharfar freagraí ar na barúlacha uile a fhaightear le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus cuirfear in iúl cibé acu a glacadh leo nó a diúltaíodh dóibh agus cén fáth.

Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus mura n-iarrfaidh aon Bhallstát cruinniú oscailte den mheitheal, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh de bhun Airteagal 8.

Arna iarraidh sin d'aon Bhallstát, tionólfar cruinniú oscailte den mheitheal i ndáil leis na dréachtchritéir agus beidh na páirtithe leasmhara uile, amhail comhlachtaí inniúla, an tionscal (lena n-áirítear FBManna), ceardchumainn, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil, páirteach ann. Glacfaidh an Coimisiún páirt sa chruinniú sin freisin.

Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí nó le linn an chruinnithe den mheitheal, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh de bhun Airteagal 8.


IARSCRÍBHINN II

FOIRM ÉICILIPÉAD AN AE

Is san fhoirm seo a leanas a bheidh Éicilipéad an AE:

Lipéad:

Image

Lipéad roghnach maille le téacs-bhosca (maidir leis na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh an t-oibreoir an téacs-bhosca seo a úsáid agus maidir leis an téacs a úsáidtear, is mar atá sonraithe sna critéir don ghrúpa táirgí ábhartha a bheidh siad):

Image

Beidh uimhir chlárúcháin Éicilipéad an AE ar taispeáint freisin ar an táirge. Is san fhoirm seo a leanas a bheidh sí:

Image

Is ionann xxxx agus tagairt do thír an chlárúcháin, is ionann yyy agus tagairt don ghrúpa táirgí agus is ionann zzzz agus tagairt don uimhir arna tabhairt ag an gcomhlacht inniúil.

Priontálfar an lipéad, an lipéad roghnach maille le téacs-bhosca agus an uimhir chlárúcháin in dhá dhath (uaine Phanton 347 do na duilleoga agus do ghas an bhlátha, don tsiombail ‘Є’, do sheoladh an láithreáin ghréasáin, agus d'acrainm an AE, agus Panton 279 do na heilimintí eile ar fad, don téacs agus do na himill), nó i ndath dubh ar chúlra bán, nó i ndath bán ar chúlra dubh.


IARSCRÍBHINN III

TÁILLÍ

1.   Táille iarratais

Is é an comhlacht inniúil a ndéanfar iarratas chuige a mhuirearóidh táille i gcomhréir leis na costais riaracháin iarbhír a ghabhann leis an iarratas a phróiseáil. Ní bheidh an táille sin níos ísle ná EUR 200 ná ní rachaidh sí thar EUR 1 200.

I gcás fiontar beag agus meánmhéide agus i gcás oibreoirí i dtíortha atá i mbéal forbartha, ní rachaidh an táille uasta iarratais thar EUR 600 (1).

I gcás micreafhiontar (1) is é EUR 350 an táille uasta iarratais a bheidh ann.

Laghdófar an táille iarratais 20 % le haghaidh iarratasóirí atá cláraithe faoi scéim an Chomhphobail um éiceabhainistíocht agus iniúchóireacht (EMAS) agus/nó atá deimhnithe faoi chaighdeán ISO 14001. Beidh an laghdú sin faoi réir an choinníll go ngeallfaidh an t-iarratasóir go sainráite, ina bheartas comhshaoil, a áirithiú go ndéanfaidh na táirgí sin dá chuid a bhfuil éicilipéadú déanta orthu critéir Éicilipéad an AE a chomhlíonadh go hiomlán i gcaitheamh thréimhse bailíochta an chonartha, agus go mbeidh an gealltanas sin mar chuid iomchuí de na cuspóirí mionsonraithe comhshaoil. Maidir le hiarratasóirí a bhfuil deimhniúchán ISO 14001 acu, léireoidh siad gach bliain go bhfuil an gealltanas sin á chur chun feidhme acu. Déanfaidh iarratasóirí a bhfuil deimhniúchán EMAS acu cóip dá ráiteas comhshaoil a chur ar aghaidh ar ráiteas é a fhíoraítear uair in aghaidh na bliana.

2.   Táille bhliantúil

Féadfaidh an comhlacht inniúil a cheangal ar gach iarratasóir ar dámhadh Éicilipéad an AE air táille bhliantúil suas go EUR 1 500 a íoc as an lipéad a úsáid.

I gcás fiontar beag agus meánmhéide agus i gcás oibreoirí ó thíortha atá i mbéal forbartha, ní rachaidh an táille uasta bhliantúil thar EUR 750.

I gcás micreafhiontar is é EUR 350 an táille uasta bhliantúil a bheidh ann.

Tosóidh an tréimhse a chumhdaítear leis an táille bhliantúil ar an dáta a ndámhtar Éicilipéad an AE ar an iarratasóir.


(1)  FBManna agus micreafhiontair mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 (IO L 124 an 20.5.2003, lch. 36).


IARSCRÍBHINN IV

CONRADH CAIGHDEÁNACH LENA gCUMHDAÍTEAR TÉARMAÍ ÚSÁIDE ÉICILIPÉAD AN AE

BROLLACH

Tá an comhlacht inniúil, … (an teideal iomlán), dá ngairfear ‘an comhlacht inniúil’ anseo feasta,

atá cláraithe ag … (an seoladh iomlán), arb é … (ainm an duine fhreagraigh) a ionadaí chun críocha shíniú an chonartha seo, agus … (ainm iomlán an tsealbhóra), ina cháil mar tháirgeoir, mar mhonaróir, mar allmhaireoir, mar sholáthraí seirbhíse, mar mhórdhíoltóir nó mar mhiondhíoltóir a bhfuil seoladh oifigiúil cláraithe aige ag … (an seoladh iomlán), dá ngairfear ‘an sealbhóir’ anseo feasta, arb é … (ainm an duine fhreagraigh) a ionadaí …, tar éis tá an méid seo a leanas a chomhaontú maidir le húsáid Éicilipéad an AE, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), dá ngairfear ‘Rialachán Éicilipéad an AE’ anseo feasta:

1.   ÚSÁID ÉICILIPÉAD AN AE

1.1.   Deonaíonn an comhlacht inniúil don sealbhóir an ceart chun Éicilipéad an AE a úsáid le haghaidh a chuid táirgí de réir mar a thuairiscítear sna sonraíochtaí táirgí atá i gceangal leis seo, ar táirgí iad atá i gcomhréir le critéir an ghrúpa ábhartha táirgí atá i bhfeidhm don tréimhse …, arna nglacadh ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach an … (dáta), arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an … (an tagairt iomlán), agus atá i gceangal leis an gconradh seo.

1.2.   Ní úsáidfear Éicilipéad an AE ach amháin sna foirmeacha a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Éicilipéad an AE.

1.3.   Maidir leis an táirge a bheidh le lipéadú, áiritheoidh an sealbhóir go gcomhlíonfaidh an táirge sin, gach tráth i gcaitheamh ré an chonartha seo, na téarmaí úsáide uile agus na forálacha a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán Éicilipéad an AE. Ní bheidh gá le haon iarratas nua a dhéanamh le haghaidh modhnuithe ar thréithe na dtáirgí nach ndéanann difear do chomhlíonadh na gcritéar. Cuirfidh an sealbhóir an comhlacht inniúil ar an eolas, trí litir chláraithe, faoi mhodhnuithe den sórt sin, áfach. Féadfaidh an comhlacht inniúil aon fhíoruithe iomchuí a dhéanamh.

1.4.   Féadfar an conradh a leathnú chuig réimse níos leithne táirgí ná mar a bhí á thuar ar dtús, ach sin faoi réir chomhaontú an chomhlachta inniúil agus faoi réir an choinníll go mbaineann na táirgí leis an ngrúpa táirgí céanna agus go gcomhlíonann siad critéir an ghrúpa sin freisin. Féadfaidh an comhlacht inniúil a fhíorú go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh. Déanfar an Iarscríbhinn ina mionsonraítear sonraíochtaí an táirge a mhodhnú dá réir.

1.5.   Ní dhéanfaidh an sealbhóir fógraíocht ná ní dhéanfaidh sé aon ráiteas ná ní úsáidfidh sé aon lipéad nó aon lógó ar bhealach atá bréagach nó míthreorach nó a chothóidh mearbhall i dtaca le hÉicilipéad an AE de nó a chaithfidh amhras ar ionracas Éicilipéad an AE.

1.6.   Beidh an sealbhóir freagrach faoin gconradh seo as an gcaoi a n-úsáidtear tÉicilipéad an AE i ndáil lena tháirge, go háirithe i gcomhthéacs na fógraíochta.

1.7.   Féadfaidh an comhlacht inniúil, lena n-áirítear a chuid gníomhairí atá údaraithe chun na críche sin, na himscrúduithe go léir is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar an dóigh a mbeidh critéir an ghrúpa táirgí agus téarmaí úsáide agus forálacha an chonartha seo á gcomhlíonadh go leanúnach ag an sealbhóir i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Éicilipéad an AE.

2.   FIONRAÍ AGUS TARRAINGT SIAR

2.1.   I gcás ina dtuigfear don sealbhóir go bhfuil sé ag mainneachtain na téarmaí úsáide nó na forálacha atá in Airteagal 1 den chonradh seo a comhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don chomhlacht inniúil agus staonfaidh sé ó Éicilipéad an AE a úsáid go dtí go mbeidh na téarmaí úsáide nó na forálacha sin á gcomhlíonadh agus go dtí go mbeidh an méid sin curtha in iúl don chomhlacht inniúil.

2.2.   I gcás ina measfaidh an comhlacht inniúil gur sháraigh an sealbhóir aon cheann de na téarmaí úsáide nó d'fhorálacha an chonartha seo, beidh an comhlacht inniúil i dteideal údarú an tsealbhóra i leith úsáid Éicilipéad an AE a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, agus cibé bearta is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar an sealbhóir é a úsáid feasta, lena n-áirítear na bearta sin dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus in Airteagal 17 de Rialachán Éicilipéad an AE.

3.   TEORANNÚ AR DHLITEANAS AGUS SLÁNAÍOCHT

3.1.   Ní chuirfidh an sealbhóir Éicilipéad an AE san áireamh mar chuid d'aon ráthaíocht ná d'aon bharántas i ndáil leis an táirge dá dtagraítear in Airteagal 1.1 den chonradh seo.

3.2.   Ní bheidh an comhlacht inniúil, lena n-áirítear a ghníomhairí údaraithe, faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a bhaineann don sealbhóir agus a éiríonn as dámhachtain agus/nó as úsáid Éicilipéad an AE.

3.3.   Ní bheidh an comhlacht inniúil, lena n-áirítear a ghníomhairí údaraithe, faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a bhaineann do thríú páirtí agus a éiríonn as dámhachtain agus/nó as úsáid Éicilipéad an AE, lena n-áirítear fógraíocht.

3.4.   Déanfaidh an sealbhóir an comhlacht inniúil agus a ghníomhairí údaraithe a shlánú agus a choimeád faoi shlánaíocht in aghaidh aon chaillteanais, damáiste nó dliteanais a bhaineann don chomhlacht inniúil nó dá ghníomhairí údaraithe mar gheall ar shárú ar an gconradh seo ag an sealbhóir nó mar gheall ar an gcomhlacht inniúil a bheith ag brath ar fhaisnéis nó ar dhoiciméadacht arna soláthar ag an sealbhóir, lena n-áirítear aon éilimh ó thríú páirtí.

4.   TÁILLÍ

4.1.   Déanfar méid na táille iarratais agus méid na táille bliantúla a shainiú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Éicilipéad an AE.

4.2.   Beidh sé de choinníoll a ghabhann le húsáid Éicilipéad an AE go mbeifear tar éis na táillí ábhartha go léir a íoc in am cuí.

5.   RÉ AN CHONARTHA AGUS AN DLÍ IS INFHEIDHME

5.1.   Seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 5.2, 5.3 agus 5.4, beidh feidhm ag an gconradh seo ón dáta a sínítear é go dtí an (…) nó go dtí go rachaidh critéir an ghrúpa táirgí in éag, cibé acu is túisce.

5.2.   I gcás ina mbeidh aon cheann de na téarmaí úsáide nó d'fhorálacha an chonartha seo sáraithe ag an sealbhóir de réir bhrí Airteagal 2.2, beidh an comhlacht inniúil i dteideal déileáil leis sin mar shárú conartha a fhágfaidh go mbeidh an comhlacht inniúil i dteideal, de bhreis ar na forálacha atá in Airteagal 2.2, an conradh a fhoirceannadh, trí litir chláraithe a sheoladh chuig an sealbhóir, ar dháta is luaithe ná an dáta a leagtar amach in Airteagal 5.1, laistigh de (tréimhse ama a chinnfidh an comhlacht inniúil).

5.3.   Féadfaidh an sealbhóir an conradh a fhoirceannadh trí fhógra trí mhí a thabhairt don chomhlacht inniúil trí litir chláraithe a sheoladh chuige.

5.4.   Má dhéantar critéir an ghrúpa táirgí mar a luaitear in Airteagal 1.1 a leathnú gan leasú ar feadh aon tréimhse, agus mura mbeidh fógra i scríbhinn faoi fhoirceannadh tugtha ag an gcomhlacht inniúil trí mhí ar a laghad sula rachaidh critéir an ghrúpa táirgí agus an conradh seo in éag, cuirfidh an comhlacht inniúil in iúl don sealbhóir, ar a laghad trí mhí roimh ré, go ndéanfar an conradh a athnuachan go huathoibríoch ar feadh cibé tréimhse a leanfaidh critéir an ghrúpa táirge d'fheidhm a bheith acu.

5.5.   Tar éis fhoirceannadh an chonartha seo, ní fhéadfaidh an sealbhóir Éicilipéad an AE a úsáid i ndáil leis an táirge a shonraítear in Airteagal 1.1 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gconradh seo, mar lipéadú ná chun críocha fógraíochta. Dá ainneoin sin, féadfar Éicilipéad an AE a thaispeáint go ceann tréimhse sé mhí tar éis an fhoirceanta, ar stoc a bheidh ag an sealbhóir nó ag daoine eile agus a monaraíodh sular ndearnadh an foirceannadh. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil is déanaí atá luaite más rud é gur foirceannadh an conradh ar na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 5.2.

5.6.   Aon díospóid idir an comhlacht inniúil agus an sealbhóir nó aon éileamh ó pháirtí amháin i gcoinne an pháirtí eile, ar díospóid í nó ar éileamh é atá bunaithe ar an gconradh seo agus nach mbeidh réitithe trí chomhshocrú cairdiúil idir na páirtithe, beidh an díospóid nó an t-éileamh sin faoi réir an dlí infheidhme arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (an Róimh I) (2) agus le Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II) (3).

Beidh na hIarscríbhinní seo a leanas ina gcuid den chonradh seo:

cóip de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE, i/sa (an teanga ábhartha Chomhphobail nó na teangacha ábhartha Comhphobail),

sonraíochtaí táirgí, lena n-áireofar ar a laghad mionsonraí na n-ainmneacha, agus/nó uimhreacha tagartha inmheánacha an mhonaróra, na láithreáin mhonarúcháin, agus uimhir chláraithe ghaolmhar nó uimhreacha cláraithe gaolmhara Éicilipéad an AE,

cóip de Chinneadh … ón gCoimisiún (maidir le critéir grúpaí táirgí),

Arna dhéanamh i/sa, … dáta, …

(An comhlacht inniúil)

An duine ainmnithe.…

(Síniú atá ceangailteach ó thaobh dlí de)

(An Sealbhóir)

An duine ainmnithe …

(Síniú atá ceangailteach de réir dlí)


(1)  IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(3)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.


IARSCRÍBHINN V

CEANGLAIS I nDÁIL LE COMHLACHTAÍ INNIÚLA

1.   Beidh comhlacht inniúil neamhspleách ar aon eagraíocht nó ar aon táirge a mbeidh measúnú á dhéanamh aige uirthi nó air.

Maidir le comhlacht ar cuid de chomhlachas gnó nó de chónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhfuil baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choimhlint leasa ann, é a ainmniú mar chomhlacht inniúil.

2.   Maidir le comhlacht inniúil agus lucht a ardbhainistíochta, agus maidir leis an bhfoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí nó ina gcothabhálaithe ar na táirgí a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní bheidh siad ina n-ionadaithe údaraithe de chuid aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sé sin úsáid táirgí a ndearnadh measúnú orthu agus atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí de chuid an chomhlachta inniúil ná úsáid na dtáirgí sin chun críocha pearsanta.

Maidir le comhlacht inniúil agus lucht a ardbhainistíochta, agus maidir leis an bhfoireann atá freagrach as an measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, monarú nó tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta ar ina leith a ainmnítear iad. Beidh feidhm aige seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh na comhlachtaí inniúla nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochomhlachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

3.   Déanfaidh na comhlachtaí inniúla agus a bhfoireann na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Beidh ar chumas an chomhlachta inniúil na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó leis an Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht inniúil é féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

Gach tráth agus i gcás gach nós imeachta measúnaithe comhréireachta agus gach cineáil nó catagóra táirgí ar i ndáil leo a ainmnítear comhlacht inniúil, beidh na nithe seo a leanas ar fáil ag an gcomhlacht inniúil:

(a)

an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chur i gcrích;

(b)

na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, agus trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin á n-áirithiú. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéantar mar chomhlacht inniúil agus aon ghníomhaíochtaí eile;

(c)

na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a thugann aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i dtrácht agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Beidh na hacmhainní aige atá riachtanach chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a chur i gcrích ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí go léir is gá.

5.   Beidh an méid seo a leanas ag an bhfoireann atá freagrach as na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireacha a chur i gcrích:

(a)

eolas fónta ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta go léir ar ina leith a ainmníodh an comhlacht inniúil;

(b)

an cumas chun deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

6.   Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta inniúil, lucht a ardbhainistíochta, agus an fhoireann measúnúcháin.

Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta agus fhoireann measúnúcháin an chomhlachta inniúil ag brath ar líon na measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

7.   Beidh na comhlachtaí inniúla rannpháirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí na meithle comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, nó áiritheoidh siad go gcoinneofar an fhoireann measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin, agus déanfaidh siad, mar theoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na doiciméid a thiocfaidh as obair na meithle sin a chur i bhfeidhm.