22.12.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/46


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1222/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2009

maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus pharaiméadar riachtanach eile

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise an athraithe aeráide agus an ghá le tacú le hiomaíochas na hEorpa, rud a bhfuil béim air sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 8 Iúil 2008 dar teideal ‘Iompar a Ghlasú’, is ionann an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus dúshlán mór atá le sárú ag an gComhphobal.

(2)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2006, dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh – An Cumas a Fhíorú’, tarraingíodh aird ar leith ar an gcumas chun laghdú 20 % a dhéanamh ar thomhailt fuinnimh iomláin faoin mbliain 2020 trí liosta spriocghníomhaíochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear lipéadú bonn.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2007 dar teideal ‘Torthaí an athbhreithnithe ar stráitéis an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí éadroma tráchtála a laghdú’, tarraingíodh aird ar leith ar an gcumas chun astaíochtaí CO2 a laghdú trí bhearta comhlántacha do chomhpháirteanna gluaisteáin ag a bhfuil an tionchar is mó ar thomhailt breosla, amhail boinn.

(4)

Go príomha mar gheall ar an bhfriotaíocht rollta atá iontu, is iad na boinn is cúis le 20 % go 30 % de thomhailt breosla feithiclí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí éifeachtúlacht fuinnimh an iompair de bhóthar a mhéadú go mór, agus dá bharr sin astaíochtaí a laghdú, ach friotaíocht rollach na mbonn a laghdú.

(5)

Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar ag boinn. D’fhéadfadh sé, maidir le feabhas a chur ar aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollach, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé, trí fheabhas a chur ar fhliuchghreim, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart go spreagfaí monaróirí bonn na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú thar na caighdeáin atá bainte amach cheana féin

(6)

Tá boinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de cost-éifeachtach ós rud é go bhfuil an cúiteamh a fhaightear ó choigilteas i dtaca le tomhailt breosla i bhfad níos mó ná an costas breise atá i gceist le praghas méadaithe ceannaigh na mbonn mar thoradh ar chostais táirgeachta níos airde.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (3), leagtar amach na ceanglais íosta maidir le friotaíocht rollta bonn. De bharr forbairtí teicniúla, tá sé indéanta na caillteanais fuinnimh arb í friotaíocht rollta bonn is cúis leo a laghdú go suntasach thar na ceanglais íosta sin. Chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag iompar de bhóthar ar an gcomhshaol, is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos chun úsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a cheannach, trí fhaisnéis chomhchuibhithe ar an bparaiméadar sin a sholáthar.

(8)

Is núis shuntasach é torann tráchta agus tá éifeacht dhochrach aige ar an tsláinte. Le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, leagtar amach na ceanglais íosta maidir le torann seachtrach rollta bonn. De bharr forbairtí teicniúla, tá sé indéanta an torann seachtrach rollta a laghdú go suntasach thar na ceanglais íosta sin. Chun laghdú a dhéanamh ar an torann tráchta, is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos chun úsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn a cheannach ag a bhfuil torann seachtrach rollta íseal, trí fhaisnéis chomhchuibhithe ar an bparaiméadar sin a sholáthar.

(9)

Dá soláthrófaí faisnéis chomhchuibhithe faoi thorann seachtrach rollta, d’éascófaí freisin cur chun feidhme beart i gcoinne torainn tráchta agus rannchuideofaí le feasacht mhéadaithe faoin éifeacht atá ag boinn ar thorann tráchta faoi chuimsiú Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann comhshaoil a mheasúnú agus a bhainistiú (4).

(10)

Le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, leagtar amach na ceanglais íosta maidir le feidhmíocht fliuchghreama bonn. De bharr forbairtí teicneolaíocha, tá sé indéanta feidhmíocht fliuchghreama a fheabhsú go suntasach thar na ceanglais íosta sin, agus na hachair choscánaithe ar dhromchla fliuch a ghiorrú ar an dóigh sin. Chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos chun úsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn a cheannach ag a bhfuil ardfheidhmíocht fliuchghreama, trí fhaisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar sin a sholáthar.

(11)

D’fhéadfadh sé, nuair a sholáthraítear faisnéis faoi fhliuchghreim, nach léireofar feidhmíocht phríomha na mbonn sin atá ceaptha go sonrach lena n-úsáid i ndálaí sneachta agus oighir. Á chur san áireamh nach bhfuil modhanna comhchuibhithe tástála ar fáil fós i ndáil le boinn den sórt sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfar an grádú greama atá acu a oiriúnú amach anseo.

(12)

Maidir le faisnéis faoi pharaiméadar bonn a sholáthar i bhfoirm lipéid chaighdeánaigh, is dóigh go rachaidh sé sin i gcion ar na roghanna ceannacháin a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh i bhfabhar bonn níos sábháilte, níos ciúine agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de. Is dóigh, dá bharr sin, go spreagfaí monaróirí bonn chun na paraiméadair bhonn sin a bharrfheabhsú, rud a réiteodh an bealach do thomhailt agus do tháirgeadh a bheadh níos inbhuanaithe.

(13)

Dá mbeadh an iliomad rialacha maidir le lipéadú bonn ann ar fud na mBallstát, chruthófaí bacainní ar thrádáil laistigh den Chomhphobal agus mhéadófaí an t-ualach riaracháin agus na costais tástála a bheadh ar mhonaróirí bonn.

(14)

Is ionann boinn athsholáthair agus 78 % de mhargadh na mbonn. Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi pharaiméadair na mbonn athsholáthair agus faoi pharaiméadair na mbonn atá feistithe ar fheithiclí nua.

(15)

Tá gá ag tomhaltóirí, chomh maith le bainisteoirí flít agus gnóthais iompair, le tuilleadh faisnéise faoi éifeachtúlacht na mbonn ó thaobh breosla de agus ó thaobh paraiméadar eile mar nach féidir leo comparáid a dhéanamh go héasca idir paraiméadair brandaí éagsúla bonn cheal córais lipéadaithe agus córais chomhchuibhithe tástála. Is iomchuí, dá bhrí sin, bonn C1, bonn C2 agus bonn C3 a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Maidir leis an lipéad fuinnimh lena rangaítear táirgí ar scála ó ‘A’ go ‘G’, mar a chuirtear i bhfeidhm é i ndáil le fearais tí de bhun Threoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992, maidir le tomhailt fuinnimh agus acmhainní eile i bhfearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí (5), tá eolas maith ag tomhaltóirí air agus is léir gur éirigh leis seo fearais is éifeachtúla a chur chun cinn. Ba cheart úsáid a bhaint as an dearadh céanna i ndáil le lipéadú bonn i leith na héifeachtúlachta breosla.

(17)

Trí lipéad a chur ar taispeáint ar bhoinn ag an bpointe díola, agus san ábhar teicniúil cur chun cinn freisin, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfaigheadh na dáileoirí agus na húsáideoirí ionchasacha deiridh faisnéis chomhchuibhithe faoi éifeachtúlacht na mbonn ó thaobh breosla de, faoi fheidhmíocht fliuchghreama agus faoi thorann seachtrach rollta an tráth agus san áit a ndéantar an cinneadh faoi cheannach.

(18)

I gcás roinnt úsáideoirí deiridh, roghnaíonn siad na boinn sula sroicheann siad an pointe díola nó ceannaíonn siad boinn trí phostdíol. Chun a áirithiú go mbeadh na húsáideoirí deiridh sin in ann rogha eolasach a dhéanamh freisin ar bhonn faisnéise comhchuibhithe faoi éifeachtúlacht na mbonn ó thaobh breosla de, faoi fheidhmíocht fliuchghreama agus faoi thorann seachtrach rollta, ba cheart lipéid a chur ar taispeáint ar an ábhar teicniúil cur chun cinn go léir, lena n-áirítear cásanna ina gcuirtear an t-ábhar sin ar fáil ar an Idirlíon. Maidir le hábhar teicniúil cur chun cinn, ní fholaíonn sé fógráin ar chláir fógraí, i nuachtáin, in irisí, i gcraoltóireachta raidió, ar an teilifís agus i bhformáidí comhchosúla ar líne.

(19)

Ba cheart faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí ionchasacha deiridh ar faisnéis í lena míneofaí gach comhpháirt ar leith den lipéad agus tábhacht gach comhpháirte. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar san ábhar teicniúil cur chun cinn, mar shampla ar láithreáin ghréasáin na soláthróirí.

(20)

Ba cheart faisnéis a sholáthar i gcomhréir le modhanna comhchuibhithe tástála agus ba cheart go mbeadh na modhanna sin iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, chun a chumasú do na húsáideoirí deiridh comparáid a dhéanamh idir boinn éagsúla agus chun na costais tástála a bheadh ar na monaróirí a theorannú.

(21)

Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun sábháilteacht an iompair de bhóthar a mhéadú, féadfaidh Ballstáit dreasachtaí a chur i bhfeidhm ar mhaithe le boinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá níos sábháilte agus lena ngabhann leibhéal íseal torainn. Is iomchuí aicmí a chinneadh i ndáil le leibhéil íosta éifeachtúlachta ó thaobh breosla de agus leibhéil íosta fliuchghreama, ar leibhéil iad nach bhféadfar na dreasachtaí sin a dheonú faoina mbun ionas go ndéanfar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. D’fhéadfadh sé gur státchabhair a bheadh sna dreasachtaí sin. Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do thoradh aon nós imeachta a bheadh ann amach anseo maidir le státchabhair, ar nós imeachta é a thionscnófaí i gcomhréir le hAirteagal 87 agus le hAirteagal 88 den Chonradh maidir le dreasachtaí den sórt sin ná níor cheart go gcumhdófaí cánachas agus ábhair fhioscacha leo.

(22)

Chun aidhmeanna na bhforálacha a bhaineann le lipéadú a bhaint amach agus chun cothrom na féinne do chách a áirithiú laistigh den Chomhphobal, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh na soláthróirí agus na dáileoirí na forálacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin trí fhaireachas margaidh agus rialuithe ex-post rialta, go háirithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 ina leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (6).

(23)

Ba cheart do na Ballstáit, nuair atá forálacha ábhartha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme acu, staonadh ó bhearta a chur chun feidhme lena bhforchuirtear oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar oibleagáidí iad atá gan údar, atá maorlathach agus atá ciotach.

(24)

Ba cheart na soláthróirí agus na dáileoirí bonn a spreagadh chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh roimh 2012 ionas go gcuirfear dlús le haitheantas a thabhairt don lipéad agus le réadú na dtairbhí a ghabhann leis an lipéad.

(25)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(26)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún ceanglais a thabhairt isteach maidir le grádú fliuchghreama bhoinn C2 agus bhoinn C3, grádú greama bonn atá ceaptha go sonrach lena n-úsáid i ndálaí sneachta agus oighir a oiriúnú agus na hIarscríbhinní, lena n-áirítear modhanna tástála agus na lamháltais ghaolmhara, a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(27)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun go gcinnfear an tuiscint atá ag na húsáideoirí deiridh ar an lipéad agus an cumas atá sa Rialachán seo claochlú an mhargaidh a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aidhm agus ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo ná sábháilteacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus éifeachtúlacht chomhshaoil iompair de bhóthar a mhéadú trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá sábháilte agus ag a bhfuil leibhéil ísle torainn.

2.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat chun faisnéis chomhchuibhithe faoi pharaiméadair bhonn a sholáthar trí lipéadú, rud a ligfidh do na húsáideoirí deiridh rogha eolasach a dhéanamh agus boinn á gceannach acu.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3. Ní bheidh feidhm

2.   ag an Rialachán seo maidir leis na boinn seo a leanas:

(a)

boinn atráchta;

(b)

boinn ghairmiúla eisbhóthair;

(c)

boinn atá deartha lena bhfeistiú ar fheithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Deireadh Fómhair 1990, agus orthu sin amháin;

(d)

boinn spártha úsáide sealadaí T-chineáil;

(e)

boinn a bhfuil a rátáil luais níos lú ná 80 km/h;

(f)

boinn nach mó ná 254 mm, nó ar 635 mm nó níos mó, trastomhas ainmniúil a n-imill;

(g)

boinn atá feistithe le feistí breise chun a n-airíonna tarraingthe a fheabhsú, amhail boinn bhocóideacha;

(h)

boinn atá deartha lena bhfeistiú ar fheithiclí atá beartaithe go heisiach le haghaidh rásaíochta, agus ar na feithiclí sin amháin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘boinn C1, boinn C2 agus boinn C3’ na haicmí bonn a shainmhínítear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 661/2009;

2.

ciallaíonn ‘bonn spártha úsáide sealadaí T-chineáil’ bonn spártha úsáide sealadaí atá deartha le haghaidh úsáide ag brúnna teannta atá níos airde ná na brúnna teannta atá bunaithe i gcomhair bonn caighdeánach agus bonn athneartaithe;

3.

ciallaíonn ‘pointe díola’ aon áit ina dtaispeántar agus ina stóráiltear boinn agus ina dtairgtear iad lena ndíol le húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear seomraí taispeántais gluaisteán a mhéid a bhaineann le boinn a thairgtear lena ndíol le húsáideoirí deiridh agus nach bhfuil feistithe ar na feithiclí;

4.

ciallaíonn ‘ábhar teicniúil cur chun cinn’ lámhleabhair theicniúla, bróisiúir, bileoga agus catalóga, (bídís clóbhuailte, i bhfoirm leictreonach nó ar líne), mar aon le láithreáin ghréasáin, ar nithe iad a bhfuil sé de chuspóir acu boinn a mhargú le húsáideoirí deiridh nó le dáileoirí agus a bhfuil tuairisc iontu ar pharaiméadair shonracha theicniúla boinn.

5.

ciallaíonn ‘doiciméadacht theicniúil’ aon fhaisnéis a bhaineann le boinn, lena n-áirítear faisnéis faoi mhonaróir agus faoi bhranda an bhoinn; tuairisc ar an gcineál boinn nó ar an ngrúpáil bonn arna chinneadh don dearbhú maidir leis an aicme éifeachtúlachta breosla, an aicme fliuchghreama agus aicme na torainn sheachtraigh rollta agus maidir le luach tomhaiste; tuarascálacha tástála agus cruinneas na dtástálacha;

6.

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann faoi deara táirge a dhearadh nó á mhonarú agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

7.

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail;

8.

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i dtaca le tascanna sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo;

9.

ciallaíonn ‘soláthróir’ an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra laistigh den Chomhphobal, nó an t-allmhaireoir;

10.

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann bonn ar fáil ar an margadh;

11.

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Chomhphobail le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;

12.

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon tomhaltóir, chomh maith le bainisteoir flít nó gnóthas iompair bóthair a cheannaíonn bonn nó a bhfuiltear ag súil leis go gceannóidh sé bonn;

13.

ciallaíonn ‘paraiméadar riachtanach’ paraiméadar boinn amhail friotaíocht rollta, fliuchghreim nó torann seachtrach rollta, ar paraiméadar é a bhfuil tionchar mór aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte le linn an bonn a úsáid.

Airteagal 4

Freagrachtaí soláthróirí bonn

1.   Déanfaidh soláthróirí an méid seo a leanas a áirithiú maidir le boinn C1 agus boinn C2 a sheachadtar ar dháileoirí nó ar úsáideoirí deiridh:

(a)

go bhfuil greamán ar thrácht an bhoinn, ar greamán é a mbeidh lipéad air ina gcuirtear in iúl an aicme éifeachtúlachta breosla mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid A, aicme an torainn sheachtraigh rollta agus an luach tomhaiste mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid C agus, más infheidhme, an aicme fliuchghreama mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid B.

(b)

maidir le gach baisce a sheachadtar agus ina bhfuil bonn amháin nó boinn chomhionanna, go mbeidh lipéad ag gabháil leo i bhformáid chlóite ina gcuirtear in iúl an aicme éifeachtúlachta breosla mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid A, aicme an torainn sheachtraigh rollta agus an luach tomhaiste mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid C agus, más infheidhme, an aicme fliuchghreama mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid B.

2.   Is mar a fhorordaítear in Iarscríbhinn II a bheidh formáid an ghreamáin agus an lipéid dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh na soláthróirí aicme éifeachtúlachta breosla, aicme torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta agus, más infheidhme, aicme fliuchghreama bhoinn C1, bhoinn C2 agus bhoinn C3 a lua ar ábhar teicniúil cur chun cinn, lena n-áirítear a láithreáin ghréasáin, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus san ord a shonraítear in Iarscríbhinn III.

4.   Cuirfidh na soláthróirí doiciméadacht theicniúil ar fáil d’údaráis na mBallstát, má iarrtar sin, go ceann tréimhse dar críoch cúig bliana tar éis an dáta a ndéanfar an bonn deireanach de chineál áirithe boinn a chur ar fáil ar an margadh. Beidh an doiciméadacht theicniúil sách mionsonraithe chun go mbeidh na húdaráis in ann cruinneas na faisnéise a sholáthraítear ar an lipéad a fhíorú i dtaca le héifeachtúlacht breosla, fliuchghreim, agus torann seachtrach rollta.

Airteagal 5

Freagrachtaí dáileoirí bonn

1.   Áiritheoidh na dáileoirí an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh an greamán ar bhoinn ag an bpointe díola, arna sholáthar ag na soláthróirí i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a), agus go mbeidh an greamán sin in ionad atá infheicthe go soiléir

(b)

sula ndéanfar an bonn a dhíol, go ndéanfar an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) a thaispeáint don úsáideoir deiridh agus go mbeidh sé ar taispeáint go soiléir díreach in aice leis an mbonn ag an bpointe díola.

2.   Más rud é nach bhfuil boinn a thairgtear lena ndíol infheicthe ag an úsáideoir deiridh, soláthróidh na dáileoirí faisnéis d’úsáideoirí deiridh faoi aicme éifeachtúlachta breosla, aicme fliuchghreama, aicme torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste na mbonn sin.

3.   I gcás bhoinn C1, bhoinn C2 agus bhoinn C3, déanfaidh na dáileoirí an aicme éifeachtúlachta breosla, luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, agus más infheidhme, an aicme fliuchghreama, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, a lua ar na billí, nó in éineacht leis na billí, a sheachadtar ar na húsáideoirí deiridh nuair a cheannaíonn siad boinn.

Airteagal 6

Freagrachtaí soláthróirí feithiclí agus dáileoirí feithiclí

I gcás ina dtairgtear rogha d’úsáideoirí deiridh ag an bpointe díola idir boinn éagsúla atá le feistiú ar fheithicil nua atá ar intinn acu a fháil, déanfaidh soláthróirí agus dáileoirí feithiclí, sula ndíoltar an fheithicil, faisnéis a chur ar fáil dóibh maidir le gach ceann de na boinn a thairgtear, ar faisnéis í a bhaineann le haicme éifeachtúlachta breosla, le haicme torainn sheachtraigh rollta agus le luach tomhaiste agus, más infheidhme, le haicme fliuchghreama bhoinn C1, bhoinn C2 agus bhoinn C3, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1 agus san ord a shonraítear in Iarscríbhinn III. Déanfar an fhaisnéis sin a chur san áireamh, ar a laghad, san ábhar teicniúil cur chun cinn.

Airteagal 7

Modhanna comhchuibhithe tástála

Is trí na modhanna comhchuibhithe tástála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm a gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 6 maidir le haicme éifeachtúlachta breosla, le haicme torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste, agus le haicme fliuchghreama na mbonn.

Airteagal 8

An nós imeachta fíorúcháin

Déanfaidh na Ballstáit comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe éifeachtúlachta breosla agus fliuchghreama, de réir bhrí Iarscríbhinn I, Cuid A agus Cuid B, agus comhréireacht na haicme dearbhaithe torainn sheachtraigh rollta agus an luacha thomhaiste, de réir bhrí Iarscríbhinn I, Cuid C, a mheasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 9

An margadh inmheánach

1.   I gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit cur ar fáil na mbonn dá dtagraítear in Airteagal 2 ar an margadh a thoirmeasc ná a shrianadh ar fhorais a bhaineann le faisnéis faoi tháirgí.

2.   Mura rud é go mbeidh fianaise dá mhalairt acu, measfaidh na Ballstáit go gcomhlíonann lipéid agus faisnéis faoi tháirgí an Rialachán seo. Féadfaidh siad a cheangal ar na soláthróirí doiciméadacht theicniúil a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas na luachanna agus na n-aicmí dearbhaithe.

Airteagal 10

Dreasachtaí

I gcás bonn atá in aicme atá faoi bhun aicme C, ní dhéanfaidh na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar i leith éifeachtúlachta breosla ná i leith fliuchghreama de réir bhrí Iarscríbhinn I, Cuid A agus Cuid B faoi seach. Chun críche an Rialacháin seo, ní dreasachtaí iad bearta cánachais ná bearta fioscacha.

Airteagal 11

Leasuithe agus oiriúnuithe do dhul chun cinn teicniúil

Maidir leis na bearta seo a leanas, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2):

(a)

ceanglais faisnéise a thabhairt isteach maidir le grádú fliuchghreama bhoinn C2 agus bhoinn C3, ar choinníoll go mbeidh modhanna comhchuibhithe oiriúnacha tástála ar fáil;

(b)

nuair is iomchuí, an grádú greama a oiriúnú do shainiúlachtaí teicniúla bonn atá ceaptha, go príomha, chun feidhmiú ar shlí níos fearr i ndálaí oighir agus/nó sneachta, ná mar a fheidhmíonn gnáthbhonn a mhéid a bhaineann lena gcumas chun gluaiseacht feithicle a thionscnamh, a choimeád ar bun nó a stopadh;

(c)

Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil.

Airteagal 12

Forfheidhmiú

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis atá freagrach as faireachas a dhéanamh ar an margadh comhlíonadh Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo a fhíorú.

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 14

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá leis an Rialachán seo a athbhreithniú agus na nithe seo a leanas, inter alia, á gcur san áireamh:

(a)

a éifeachtaí atá an lipéad a mhéid a bhaineann le feasacht an úsáideora dheiridh, go háirithe an bhfuil forálacha Airteagal 4(1)(b) chomh héifeachtach le forálacha Airteagal 4(1)(a) maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach;

(b)

ar cheart an scéim lipéadaithe a leathnú chun boinn atráchta a chur san áireamh;

(c)

ar cheart paraiméadair nua boinn, amhail míleáiste, a thabhairt isteach;

(d)

an fhaisnéis faoi pharaiméadair bhoinn, ar faisnéis í a sholáthraíonn soláthróirí agus dáileoirí feithiclí d’úsáideoirí deiridh.

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún toradh an mheasúnaithe seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tráth nach déanaí ná an 1 Márta 2016 agus, más iomchuí, cuirfidh sé tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 15

Foráil idirthréimhseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 ná ag Airteagal 5 maidir le boinn arna dtáirgeadh roimh an 1 Iúil 2012.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Samhain 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Å. TORSTENSSON


(1)  IO C 228, 22.9.2009, lch. 81.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Samhain 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 200, 31.7.2009, lch. 1.

(4)  IO L 189, 18.7.2002, lch. 12.

(5)  IO L 297, 13.10.1992, lch. 16.

(6)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.


IARSCRÍBHINN I

GRÁDÚ PHARAIMÉADAIR NA MBONN

Cuid A: Aicmí éifeachtúlachta breosla

Ní mór an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh ar bhonn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear thíos agus ní mór í a thomhas i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air.

Má dhéantar cineál boinn a fhormheas le haghaidh níos mó ná aon aicme boinn amháin (e.g. C1 agus C2), ba cheart gurbh é an scála grádaithe a úsáidfear chun aicme éifeachtúlachta breosla an chineáil sin boinn a chinneadh an scála sin atá infheidhme maidir leis an aicme is airde boinn (e.g. C2, seachas C1).

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

RRC in kg/t

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

RRC in kg/t

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

RRC in kg/t

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

RRC ≤ 6,5

A

RRC ≤ 5,5

A

RRC ≤ 4,0

A

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

B

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

B

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

B

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

C

6,8 ≤ RRC ≤ 8,0

C

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

C

Folamh

D

Folamh

D

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

E

8,1 ≤ RRC ≤ 9,2

E

7,1 ≤ RRC ≤ 8,0

E

10,6 ≤ RRC ≤ 12,0

F

9,3 ≤ RRC ≤ 10,5

F

RRC ≥ 8,1

F

RRC ≥ 12,1

G

RRC ≥ 10,6

G

Folamh

G

Cuid B: Aicmí fliuchghreama

Ní mór aicme fliuchghreama bhoinn C1 a chinneadh ar bhonn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear thíos agus ní mór í a thomhas i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air.

G

Aicme fliuchghreama

1,55 ≤ G

A

1,40 ≤ G ≤ 1,54

B

1,25 ≤ G ≤ 1,39

C

Folamh

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

E

G ≤ 1,09

F

Folamh

G

Cuid C: Aicmí torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste

Ní mór luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N) a dhearbhú i ndeicibeilí agus a ríomh i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air.

Ní mór aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh mar a leanas, ar bhonn na luachanna teorann (LV) a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009:

N in dB

Aicme an torainn sheachtraigh rollta

N ≤ LV – 3

Image

LV-3 < N ≤ LV

Image

N > LV

Image


IARSCRÍBHINN II

FORMÁID AN LIPÉID

1.   Dearadh an lipéid

1.1.   Ní mór go mbeidh an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(1) i gcomhréir leis an léaráid thíos:

Image

1.2.   Seo a leanas na sonraíochtaí don lipéad:

Image

1.3.   Ní mór go mbeidh an lipéad ar a laghad 75 mm ar leithead agus 110 mm ar airde. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid atá níos mó ná sin, ní mór, mar sin féin, an t-ábhar atá clóbhuailte ar an lipéad a bheith i gcomhréir leis na sonraíochtaí thuas.

Ní mór go mbeidh an lipéad de réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

Is iad na dathanna a bheidh ann ná CMBD – cian, maigeanta, buí agus dubh – agus luafar iad de réir an tsampla seo a leanas: 00-70-X-00: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(b)

Is do na heochracha eolais atá luaite i bpointe 1.2 a thagraíonn na huimhreacha atá liostaithe thíos:

Image

Éifeachtacht bhreosla

Picteagram; mar atá léirithe: leithead: 19,5 mm, airde: 18,5 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3,5 pt, leithead: 26 mm, airde: 23 mm – Fráma don ghrádú: fleasc: 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc: 3,5 pt, leithead: 36 mm – Dath: X-10-00-05;

Image

Fliuchghreim

Picteagram, mar atá léirithe: leithead: 19 mm, airde: 19 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3,5 pt, leithead: 26 mm, airde: 23 mm – Fráma don ghrádú: fleasc: 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc: 3,5 pt, leithead: 26 mm – Dath: X-10-00-05;

Image

Torann seachtrach rollta

Picteagram, mar atá léirithe: leithead: 14 mm, airde: 15 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3,5 pt, leithead: 26 mm, airde: 24 mm – Fráma don luach: fleasc: 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc: 3,5 pt, airde: 24 mm – Dath: X-10-00-05;

Image

Imeall an lipéid: fleasc: 1,5 pt – Dath: X-10-00-05;

Image

Scála ‘A’ go ‘G’

Saigheada: airde: 4,75 mm, bearna: 0,75 mm, fleasc dhubh: 0,5 pt – dathanna:

A: X-00-X-00;

B: 70-00-X-00;

C: 30-00-X-00;

D: 00-00-X-00;

E: 00-30-X-00;

F: 00-70-X-00;

G: 00-X-X-00.

Téacs: Helvetica Bold 12 pt, 100 % bán, imlíne dhubh: 0,5 pt;

Image

Grádú

Saighead: leithead: 16 mm, airde: 10 mm, 100 % dubh;

Téacs: Helvetica Bold 27 pt, 100 % bán;

Image

Línte an scála: fleasc: 0,5 pt, spás idir na línte daisithe: 5,5 mm, 100 % dubh;

Image

Scála an téacs: Helvetica Bold 11 pt, 100 % dubh;

Image

Luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta

Saighead: leithead: 25,25 mm, airde: 10 mm, 100 % dubh;

Téacs: Helvetica Bold 20 pt, 100 % bán;

Téacs an aonaid: Helvetica Bold 13 pt, 100 % bán;

Image

Lógó an AE: leithead: 9 mm, airde: 6 mm;

Image

Tagairt don Rialachán: Helvetica Regular 7,5 pt, 100 % dubh;

Tagairt don aicme boinn: Helvetica Bold 7,5 pt, 100 % dubh;

Image

Aicme an torainn sheachtraigh rollta mar atá léirithe i gcuid C d’Iarscríbhinn I: leithead: 8,25 mm, airde: 15,5 mm – 100 % dubh.

(c)

Ní mór an cúlra a bheith bán.

1.5.   Ní mór an aicme boinn (C1 nó C2) a thaispeáint ar an lipéad san fhormáid a fhorordaítear sa léaráid atá i bpointe 1.2.

2.   Greamán

2.1.   Tá dhá chuid sa ghreamán dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(1): (i) lipéad arna chlóbhualadh san fhormáid a thuairiscítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo agus (ii) spás don bhranda arna chlóbhualadh i gcomhréir leis na sonraíochtaí a thuairiscítear i bpointe 2.2 den Iarscríbhinn seo.

2.2.   Spás don bhranda: Ní mór do na soláthróirí a dtrádainm nó a dtrádmharc, réim an bhoinn, toisí an bhoinn, an treoiruimhir ualaigh, an rátáil luais agus sonraíochtaí teicniúla eile a chur ar an ngreamán maille leis an lipéad, is cuma cén dath, cén fhormáid agus cén dearadh a úsáidtear, ar choinníoll nach mbaineann sé sin den teachtaireacht atá ar an lipéad de réir mar a shainítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo ná nach gcuireann sé isteach ar an teachtaireacht sin. Ní rachaidh dromchla iomlán an lipéid thar 250 cm2 agus ní rachaidh airde iomlán an ghreamáin thar 220 mm.


IARSCRÍBHINN III

Faisnéis a sholáthrófar in ábhar teicniúil cur chun cinn

1.   Ní mór faisnéis faoi bhoinn a sholáthar san ord a shonraítear mar a leanas:

(i)

an aicme éifeachtúlachta breosla (an litir ‘A’ go ‘G’);

(ii)

an aicme fliuchghreama (an litir ‘A’ go ‘G’);

(iii)

luach tomhaiste agus aicme an torainn sheachtraigh rollta (dB).

2.   Ní mór an fhaisnéis a sholáthraítear i bpointe 1 a bheith de réir na gceanglas seo a leanas:

(i)

ní mór i a bheith soléite;

(ii)

ní mór í a bheith sothuigthe;

(iii)

má tá grádú éagsúil ar fáil le haghaidh cineáil áirithe boinn, de réir toise nó paraiméadar eile, luafar an raon idir an bonn is ísle feidhmíochta agus an bonn is airde feidhmíochta.

3.   Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí an méid seo a leanas a chur ar fáil ar a láithreáin ghréasáin:

(i)

nasc leis an leathanach gréasáin ábhartha de chuid an Choimisiúin atá tiomnaithe don Rialachán seo;

(ii)

míniú ar na picteagraim atá clóbhuailte ar an lipéad;

(iii)

ráiteas ina dtugtar léiriú suntasach á rá go bhfuil spáráil breosla agus sábháilteacht ar bhóithre ag brath go mór ar iompraíocht an tiománaí, agus go háirithe, na nithe seo a leanas á léiriú:

is féidir laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhailt breosla ach tiomáint ar bhealach éiceolaíoch;

ba cheart brú na mbonn a sheiceáil go rialta chun feidhmíocht a bharrfheabhsú i dtaca le fliuchghreim agus éifeachtúlacht bhreosla de;

ba cheart achair stoptha a urramú i gcónaí.


IARSCRÍBHINN IV

An nós imeachta fíorúcháin

Ní mór comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtúlacht bhreosla agus fliuchghreim mar aon leis an aicme dhearbhaithe torainn sheachtraigh rollta agus an luach tomhaiste a mheasúnú i gcás gach cineáil boinn nó i gcás gach grúpála bonn, mar a chineann an soláthróir, de réir ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

(i)

tástáiltear aon bhonn amháin ar dtús. Má tá an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dhearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, measfar go bhfuil toradh na tástála sásúil;

agus

(ii)

más rud é nach bhfuil an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dhearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, tástáiltear trí bhonn eile. Úsáidtear meán na luachanna tomhais a fhaightear ó na ceithre bhonn a thástáiltear chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht leis an bhfaisnéis a dearbhaíodh;

(b)

i gcás ina ndíorthaíonn na haicmí lipéadaithe nó na luachanna lipéadaithe ó thorthaí tástála cineál-cheadaithe arna bhfáil i gcomhréir le Treoir 2001/43/CE, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, nó i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as comhréireacht bhoinn na sonraí táirgeachta ó na cineál-cheaduithe sin.

Ní mór, le linn measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na sonraí táirgeachta, lamháltais arna sonrú i roinn 8 de Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na leasuithe iardain arna ndéanamh air a chur san áireamh.