22.12.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 342/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1321/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2009

maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chonradh go mbeidh dlús a chur le fás inbhuanaithe ar fud an Chomhphobail i measc na gcúraimí a bheidh ar an gComhphobal.

(2)

Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an Séú Clár Gníomhaíochta Comhphobail don Chomhshaol (4), sainaithnítear gur cur chuige straitéiseach maidir le cuspóirí comhshaoil a bhaint amach is ea feabhas a chur ar chomhoibriú agus ar chomhpháirtíocht le fiontair. Tá tiomantais shaorálacha ina gcuid bhunriachtanach de sin. Meastar, sa chomhthéacs seo, go bhfuil sé riachtanach spreagadh a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht níos leithne i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh trína ndéanfar eagraíochtaí a spreagadh chun tuarascálacha feidhmíochta a fhoilsiú ar fhorbairt inbhuanaithe nó ar an gcomhshaol, ar tuarascálacha iad a bheidh beacht agus a bheidh fíoraithe go neamhspleách.

(3)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2007, aithnítear gur gá feabhas a chur ar fheidhmiú na n-ionstraimí saorálacha a ceapadh don tionscal agus go bhfuil an-acmhainneacht sna huirlisí sin ach nár forbraíodh go hiomlán iad. Leis an Teachtaireacht, iarrtar ar an gCoimisiún na hionstraimí a athbhreithniú chun rannpháirtíocht iontu a chur chun cinn agus chun an t-ualach riaracháin a bhaineann lena mbainistíocht a laghdú.

(4)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thomhaltas agus Táirgeadh Inbhuanaithe agus um Beartas Tionsclaíoch Inbhuanaithe, aithnítear go gcuidíonn EMAS le heagraíochtaí a bpróisis táirgthe a bharrfheabhsú, tríd an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní.

(5)

Chun cur chuige comhleanúnach a chur chun cinn idir na hionstraimí reachtacha a fhorbraítear ar leibhéal an Chomhphobail i réimse na cosanta comhshaoil, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh conas a fhéadfar clárú faoi EMAS a chur san áireamh i bhforbairt na reachtaíochta nó a úsáid mar uirlis le haghaidh fhorfheidhmiú na reachtaíochta. Ba cheart dóibh freisin, chun EMAS a dhéanamh níos tarraingtí d’eagraíochtaí, EMAS a chur san áireamh ina mbeartais maidir le hearraí agus seirbhísí a fháil agus, i gcás inarb iomchuí, tagairt a dhéanamh do EMAS nó do chórais chomhionanna bhainistíochta comhshaoil mar choinníollacha a ghabhann le comhlíonadh conarthaí le haghaidh oibreacha agus seirbhísí.

(6)

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach ag eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (5), foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar EMAS i bhfianaise na taithí a gheofar le linn a oibrithe agus go ndéanfaidh sé leasuithe iomchuí a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(7)

Léirigh cur i bhfeidhm scéimeanna bainistíochta comhshaoil, lena n-áirítear EMAS, faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, a n-éifeachtacht maidir le feabhsúcháin a chur chun cinn ar fheidhmíocht eagraíochtaí ó thaobh an chomhshaoil de. Is gá, áfach, líon na n-eagraíochtaí atá rannpháirteach sa scéim a mhéadú chun go mbeidh tionchar foriomlán níos fearr ag na feabhsúcháin chomhshaoil. Chuige sin, ba cheart an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme an Rialacháin sin a úsáid chun cur le cumas EMAS feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán eagraíochtaí ó thaobh an chomhshaoil de.

(8)

Ba cheart eagraíochtaí a spreagadh le bheith rannpháirteach in EMAS ar bhonn saorálach agus d’fhéadfaidís breisluach a fháil as sin i dtéarmaí smachta rialála, coigiltis i dtaca le costais agus íomhá poiblí, ar choinníoll go mbeidís in ann a léiriú gur cuireadh feabhas ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil.

(9)

Ba cheart EMAS a chur ar fáil do gach eagraíocht laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de, ar eagraíochtaí as a ngabhann tionchar comhshaoil lena ngníomhaíochtaí. Ba cheart go soláthródh EMAS modh do na heagraíochtaí sin chun an tionchar sin a bhainistiú agus chun a bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil a fheabhsú.

(10)

Ba cheart eagraíochtaí, go háirithe eagraíochtaí beaga, a spreagadh chun bheith rannpháirteach in EMAS. Ba cheart a rannpháirtíocht a chur chun cinn trí rochtain ar fhaisnéis, ar chistí tacaíochta atá ann cheana agus ar institiúidí poiblí a éascú agus trí bhearta cúnaimh theicniúil a bhunú nó a chur chun cinn.

(11)

Ba cheart go bhféadfadh eagraíochtaí a bhfuil córais eile bainistíochta comhshaoil á gcur chun feidhme acu agus ar mian leo aistriú chuig EMAS déanamh amhlaidh ar shlí chomh héasca agus is féidir. Ba cheart naisc le scéimeanna eile bainistíochta comhshaoil a bhreithniú.

(12)

Ba cheart go bhféadfadh eagraíochtaí a bhfuil láithreán acu atá suite i mBallstát amháin nó níos mó, na láithreáin sin go léir nó líon áirithe díobh a chlárú faoi aon chlárú amháin.

(13)

Maidir leis an sásra atá ann chun a fháil amach an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla ar fad is infheidhme maidir leis an gcomhshaol á gcomhlíonadh ag eagraíocht, ba cheart é a neartú chun cur le hinchreidteacht EMAS agus, go háirithe, chun a chumasú do na Ballstáit an t-ualach riaracháin ar eagraíochtaí cláraithe a laghdú trí dhírialáil nó trí fhaoiseamh ó rialáil.

(14)

Ba cheart go gcumhdófaí i bpróiseas chur chun feidhme EMAS páirtíocht fostaithe agus oibrithe de chuid na heagraíochta mar go gcuireann sé sin leis an sásamh a bhaineann siad as a bpoist, agus lena n-eolas ar na saincheisteanna comhshaoil a fhéadfar a mhacasamhlú laistigh de thimpeallacht na hoibre agus lasmuigh di.

(15)

Ba cheart go mbeadh lógó EMAS ina uirlis tharraingteach cumarsáide agus margaíochta d’eagraíochtaí agus go gcuirfeadh sé le feasacht ceannaitheoirí agus geallsealbhóirí eile ar EMAS. Ba cheart go simpleofaí na rialacha maidir le húsáid lógó EMAS trí aon lógó amháin a úsáid agus ba cheart deireadh a chur le srianta atá ann, cé is moite díobh siúd a bhaineann leis an táirge agus leis an bpacáistiú. Níor cheart go mbeadh aon mheascadh ann le lipéid do tháirgí comhshaoil.

(16)

Ba cheart go mbeadh na costais agus na táillí ar chlárú faoi EMAS réasúnach agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir le méid na heagraíochta agus leis an obair a bheidh le déanamh ag na Comhlachtaí Inniúla. Gan dochar do rialacha an Chonartha ar státchabhair, ba cheart díolúintí nó laghduithe ar tháillí a bhreithniú i gcás eagraíochtaí beaga.

(17)

Ba cheart d’eagraíochtaí ráitis thréimhsiúla chomhshaoil a ullmhú agus a chur ar fáil don phobal agus do pháirtithe leasmhara eile, ar ráitis iad ina mbeadh faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíonann na heagraíochtaí sin na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme maidir leis an gcomhshaol agus faoina bhfeidhmíocht chomhshaoil.

(18)

Chun ábharthacht agus inchomparáideacht na faisnéise a áirithiú, ba cheart go ndéanfaí feidhmíocht chomhshaoil na n-eagraíochtaí a thuairisciú ar bhonn táscairí feidhmíochta cineálacha agus earnáil-sonracha a bheadh dírithe ar réimsí tábhachtacha comhshaoil ar leibhéal an phróisis agus an táirge agus tagarmharcanna agus scálaí iomchuí á n-úsáid. Ba cheart go gcuideodh sé sin le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh maidir lena bhfeidhmíocht chomhshaoil thar thréimhsí tuairiscithe éagsúla agus an fheidhmíocht sin a chur i gcomparáid le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí eile.

(19)

Ba cheart doiciméid tagartha, lena n-áirítear an cleachtas is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil agus táscairí feidhmíochta comhshaoil d’earnálacha sonracha, a fhorbairt trí mhalartú faisnéise agus trí chomhoibriú idir na Ballstáit. Ba cheart go gcuideodh na doiciméid sin le heagraíochtaí díriú ar shlí níos fearr ar na gnéithe comhshaoil is tábhachtaí in earnáil ar leith.

(20)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008, lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (6) , eagraítear an creidiúnú ar leibhéil náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach agus socraítear an creat foriomlán i gcomhair creidiúnúcháin. Leis an Rialachán seo, ba cheart comhlánú a dhéanamh ar na rialacha sin a mhéid is gá, agus, ag an am céanna, gnéithe sonracha de chuid EMAS, amhail an gá le leibhéal ard inchreidteachta a áirithiú i leith na ngeallsealbhóirí, go mór mór i measc na mBallstát, á gcur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha níos sonraí á socrú. Le forálacha EMAS, ba cheart go n-áiritheofaí agus go bhfeabhsófaí ar bhealach leanúnach inniúlacht na bhfíoraitheoirí comhshaoil trí fhoráil a dhéanamh maidir le córas neodrach neamhspleách creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin, maidir le hoiliúint agus maidir le maoirseacht iomchuí ar a gcuid gníomhaíochtaí agus, ar an dóigh sin, trédhearcacht agus inchreidteacht na n-eagraíochtaí atá páirteach in EMAS a ráthú.

(21)

Nuair a chinnfidh Ballstát gan úsáid a bhaint as creidiúnú le haghaidh EMAS, ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(22)

Ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit agus an Coimisiún araon faoi ghníomhaíochtaí tacaíochta agus faoi ghníomhaíochtaí cur chun cinn.

(23)

Gan dochar do rialacha an Chonartha maidir le státchabhair, ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit dreasachtaí d’eagraíochtaí cláraithe, amhail rochtain ar mhaoiniú nó ar dhreasachtaí cánach faoi chuimsiú scéimeanna a thacaíonn le feidhmíocht chomhshaoil an tionscail, ar choinníoll go mbeidh eagraíochtaí in ann feabhas ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil a thaispeáint.

(24)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta sonracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar bearta iad a bheadh dírithe ar rannpháirtíocht níos mó in EMAS ag eagraíochtaí, go háirithe ag eagraíochtaí beaga.

(25)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar shlí chomhchuibhithe, ba cheart don Choimisiún doiciméid tagartha earnálacha a ullmhú, de réir cláir tosaíochtaí, sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(26)

Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú, más iomchuí, laistigh de chúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm i bhfianaise na taithí a bheidh faighte.

(27)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, agus ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 a aisghairm.

(28)

Ós rud é go bhfuil eilimintí úsáideacha as Moladh 2001/680/CE ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2001 maidir le treoir i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (7) agus as Moladh 2003/532/CE ón gCoimisiún an 10 Iúil 2003 maidir le treoir i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus a bhaineann le táscairí feidhmíochta comhshaoil a roghnú agus a úsáid (8) san áireamh sa Rialachán seo, níor cheart na gníomhartha sin a úsáid a thuilleadh mar go bhfuil an Rialachán seo á chur ina n-ionad.

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon scéim inchreidte aonair a chruthú agus bunú scéimeanna náisiúnta éagsúla a sheachaint, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(30)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(31)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún nósanna imeachta a bhunú maidir le meastóireacht phiaraí ar Chomhlachtaí Inniúla, doiciméid tagartha earnálacha a fhorbairt, aitheantas a thabhairt do na córais bainistíochta comhshaoil atá ann cheana, nó do chodanna díobh, mar chórais nó mar chodanna de chórais a chomhlíonann ceanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo, agus Iarscríbhinní I go VIII a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(32)

Ós rud é go mbeidh gá le tréimhse ama lena áirithiú go bhfuil an creat ann le haghaidh fheidhmiú cuí an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh tréimhse 12 mhí ag na Ballstáit ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm chun modhnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus ag Comhlachtaí Inniúla faoi fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo. Laistigh den tréimhse 12 mhí sin, ba cheart go mbeadh Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Comhlachtaí Inniúla i dteideal leanúint de na nósanna imeachta a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir

Bunaítear leis seo scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, dá ngairfear ‘EMAS’ anseo feasta, lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí atá suite laistigh den Chomhphobal nó lasmuigh de.

Is é cuspóir EMAS, mar ionstraim thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta um Thomhaltas agus Táirgeadh Inbhuanaithe agus um Beartas Tionsclaíoch Inbhuanaithe, feabhsúcháin leanúnacha a chur chun cinn i ndáil le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí trí eagraíochtaí do bhunú agus do chur chun feidhme córas bainistíochta comhshaoil, trí mheastóireacht chórasach, oibiachtúil agus thréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras sin, trí fhaisnéis a sholáthar ar fheidhmíocht chomhshaoil, trí chomhagallamh oscailte leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile agus trí pháirt ghníomhach a bheith ag fostaithe san eagraíocht agus in oiliúint iomchuí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘beartas comhshaoil’ a bhfuil ar intinn agus a bhfuil beartaithe ag eagraíocht i ndáil lena feidhmíocht chomhshaoil, arna léiriú go foirmiúil ag an ardbhainistíocht, lena n-áirítear comhlíonadh gach ceanglais dlí is infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol agus tiomantas freisin i ndáil le feabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil. Soláthraíonn sé creat le haghaidh gníomhaíochta agus chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a shocrú;

2.

ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil’ na torthaí intomhaiste a leanann as an mbainistiú a dheánann eagraíocht ar a cuid gnéithe comhshaoil;

3.

ciallaíonn ‘comhlíonadh dlí’ cur chun feidhme iomlán na gceanglas dlí is infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n-áirítear coinníollacha i leith ceadanna;

4.

ciallaíonn ‘gné chomhshaoil’ eilimint de ghníomhaíochtaí, de tháirgí nó de sheirbhísí eagraíochta, ar eilimint í a bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an gcomhshaol;

5.

ciallaíonn ‘gné shuntasach chomhshaoil’ gné chomhshaoil a bhfuil tionchar suntasach aici ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar an gcomhshaol;

6.

ciallaíonn ‘gné dhíreach chomhshaoil’ gné chomhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí, le táirgí agus le seirbhísí na heagraíochta féin ar gné í a bhfuil rialú díreach bainistíochta ag an eagraíocht ina leith;

7.

ciallaíonn ‘gné neamhdhíreach chomhshaoil’ gné chomhshaoil is féidir a bheith mar thoradh ar idirghníomhú eagraíochta le tríú páirtithe agus is féidir tionchar a bheith ag eagraíocht uirthi go feadh méid áirithe;

8.

ciallaíonn ‘tionchar ar an gcomhshaol’ aon athrú ar an gcomhshaol, cibé acu dochrach nó tairbhiúil, ar toradh é, go hiomlán nó go páirteach, ar ghníomhaíochtaí, ar tháirgí nó ar sheirbhísí eagraíochta;

9.

ciallaíonn ‘athbhreithniú comhshaoil’ anailís chuimsitheach tosaigh ar ghnéithe comhshaoil, ar thionchair ar an gcomhshaol agus ar fheidhmíocht chomhshaoil ar anailís í a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí na heagraíochta;

10.

ciallaíonn ‘clár comhshaoil’ tuairisc ar na bearta, ar na freagrachtaí agus ar na modhanna a ghlactar nó a shamhlaítear chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a bhaint amach agus na spriocdhátaí maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil a bhaint amach;

11.

ciallaíonn ‘cuspóir comhshaoil’ sprioc fhoriomlán chomhshaoil, a eascraíonn as an mbeartas comhshaoil, ar sprioc í a chuirfidh eagraíocht roimpi lena baint amach agus a bhfuil cainníochtú déanta ina leith más indéanta;

12.

ciallaíonn ‘sprioc chomhshaoil’ ceanglas mionsonraithe feidhmíochta a eascraíonn as na cuspóirí comhshaoil, atá infheidhme maidir le heagraíocht nó maidir le codanna di, agus ar gá é a shocrú agus a chomhlíonadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

13.

ciallaíonn ‘córas bainistíochta comhshaoil’ an chuid sin den chóras bainistíochta foriomlán ina n-áirítear an struchtúr eagrúcháin, na gníomhaíochtaí pleanála, na freagrachtaí, na cleachtais, na nósanna imeachta, na próisis agus na hacmhainní chun an beartas comhshaoil a fhorbairt, a chur chun feidhme, a bhaint amach, a athbhreithniú agus a chothabháil agus chun na gnéithe comhshaoil a bhainistiú;

14.

ciallaíonn ‘an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr’ an bealach is éifeachtaí trína bhféadfaidh eagraíochtaí an córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme in earnáil ábhartha agus a bhféadfadh an fheidhmíocht chomhshaoil is fearr, faoi dhálaí eacnamaíocha agus teicniúla faoi leith, a bheith mar thoradh air;

15.

ciallaíonn ‘athrú substaintiúil’ aon athrú ar oibriú, ar struchtúr, ar riarachán, ar phróisis, ar ghníomhaíochtaí, ar tháirgí nó ar sheirbhísí na heagraíochta a bhfuil tionchar suntasach aige ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine nó is féidir tionchar suntasach den sórt sin a bheith aige;

16.

ciallaíonn ‘iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol’ meastóireacht chórasach, dhoiciméadaithe, thréimhsiúil agus oibiachtúil ar fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochta, ar chóras bainistíochta agus ar phróisis atá ceaptha chun an comhshaol a chosaint;

17.

ciallaíonn ‘iniúchóir’ duine aonair nó grúpa daoine aonair a bhaineann leis an eagraíocht féin, nó duine nádúrtha nó duine dlítheanach nach mbaineann leis an eagraíocht sin, agus é nó í ag gníomhú thar ceann na heagraíochta sin, ar duine aonair nó grúpa daoine aonair nó duine nádúrtha nó duine dlítheanach é nó í a dhéanann measúnú go háirithe ar an gcóras bainistíochta comhshaoil agus a dhéanann cinneadh i dtaobh an bhfuil beartas comhshaoil agus clár comhshaoil na heagraíochta á gcomhlíonadh, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann an eagraíocht na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol;

18.

ciallaíonn ‘ráiteas ar an gcomhshaol’ an fhaisnéis chuimsitheach a thugtar don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

struchtúr agus gníomhaíochtaí eagraíochta;

(b)

beartas comhshaoil agus córas bainistíochta comhshaoil eagraíochta;

(c)

gnéithe comhshaoil eagraíochta agus tionchar eagraíochta ar an gcomhshaol;

(d)

clár, cuspóirí agus spriocanna comhshaoil eagraíochta;

(e)

feidhmíocht chomhshaoil eagraíochta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

19.

ciallaíonn ‘ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol’ an fhaisnéis chuimsitheach a thugtar don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile agus ina mbeidh nuashonrú ar an ráiteas is deanaí a bailíochtaíodh ar an gcomhshaol, ach ní bhainfidh sé sin ach amháin le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

20.

ciallaíonn ‘fíoraitheoir comhshaoil’:

(a)

comhlacht um measúnú comhréireachta arna shainmhíniú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa comhlachtaí den sórt sin, a bhfuil creidiúnú faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine den sórt sin, a bhfuil ceadúnas faighte aige chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

21.

ciallaíonn ‘eagraíocht’ cuideachta, corparáid, gnólacht, fiontar, údarás nó institiúid, atá suite laistigh den Chomhphobal nó lasmuigh de, nó cuid nó teaglaim díobh, cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe, poiblí nó príobháideach, agus a bhfuil a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus a riarachán féin aige nó aici;

22.

ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach sainiúil atá faoi rialú bainistíochta eagraíochta agus lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear an bonneagar, an trealamh agus na hábhair go léir; láithreán is ea an t-eintiteas is lú a mheasfar lena chlárú;

23.

ciallaíonn ‘braisle’ grúpa eagraíochtaí neamhspleácha a bhfuil baint acu lena chéile de bharr gaireachta geografaí nó de bharr gníomhaíochtaí gnó agus dhéanann an córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme go comhpháirteach;

24.

ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas measúnaithe comhréireachta a dhéanann fíoraitheoir comhshaoil lena léiriú an gcomhlíonann athbhreithniú comhshaoil, beartas comhshaoil, córas bainistíochta comhshaoil agus nós imeachta iniúchta inmhéanaigh comhshaoil eagraíochta agus cur chun feidhme na nithe sin ceanglais an Rialacháin seo;

25.

ciallaíonn ‘bailíochtú’ daingniú ón bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanann an fíorú á rá go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí i ráiteas eagraíochta ar an gcomhshaol agus i ráiteas nuashonraithe eagraíochta ar an gcomhshaol iontaofa, inchreidte agus ceart agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo;

26.

ciallaíonn ‘na húdaráis forfheidhmithe’ na húdaráis inniúla ábhartha arna sainaithint ag na Ballstáit chun sáruithe ar na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol a bhrath, a chosc agus a imscrúdú, agus, i gcás inar gá sin, chun gníomh forfheidhmithe a ghlacadh;

27.

ciallaíonn ‘táscaire feidhmíochta comhshaoil’ slonn sonrach lena gceadófar feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta a thomhas;

28.

ciallaíonn ‘eagraíochtaí beaga’:

(a)

micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide arna sainmhíniú i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (10); nó

(b)

údaráis áitiúla a rialaíonn níos lú ná 10,000 áitritheoir nó údaráis phoiblí eile ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus nach mó ná EUR 50 milliún a mbuiséad bliantúil nó nach mó ná EUR 43 milliún a gclár comhardaithe bliantúil, lena n-áirítear iad seo a leanas go léir:

(i)

riaracháin rialtais nó riaracháin phoiblí eile nó comhlachtaí comhairleacha poiblí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

(ii)

daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a chomhlíonann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoi dhlí náisiúnta, lena n-áirítear dualgais shonracha, gníomhaíochtaí sonracha nó seirbhísí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol; agus

(iii)

daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil freagrachtaí poiblí orthu nó a bhfuil feidhmeanna poiblí acu nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí a bhaineann leis an gcomhshaol ar daoine iad atá faoi rialú comhlachta nó duine dá dtagraítear i bpointe (b);

29.

ciallaíonn ‘clárú corparáideach’ clárú amháin maidir le láithreáin uile nó roinnt láithreán de chuid eagraíochta a bhfuil láithreáin aici i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nó i dtríú tíortha;

30.

ciallaíonn ‘Comhlacht Creidiúnúcháin’ comhlacht náisiúnta um chreidiúnú a cheaptar de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as creidiúnú agus maoirsiú fíoraitheoirí comhshaoil;

31.

ciallaíonn ‘Comhlacht Ceadúnúcháin’ comhlacht a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as ceadúnais a eisiúint chuig fíoraitheoirí comhshaoil agus as maoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí comhshaoil.

CAIBIDIL II

CLÁRÚ EAGRAÍOCHTAÍ

Airteagal 3

An Comhlacht Inniúil a chinneadh

1.   Maidir le hiarratais ar chlárú ó eagraíochtaí i mBallstát, déanfar chuig Comhlacht Inniúil sa Bhallstát sin iad.

2.   Féadfaidh eagraíocht a bhfuil láithreáin aici i mBallstát amháin nó níos mó, nó i dtríú tír amháin nó níos mó, iarratas a dhéanamh ar aon chlárú corparáideach amháin maidir leis na láithreáin sin uile nó maidir le roinnt acu.

Déanfar iarratais ar aon chlárú corparáideach amháin chuig Comhlacht Inniúil an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú nó lárionad bainistíochta na heagraíochta a bheidh ainmnithe chun críche na míre seo suite.

3.   Maidir le hiarratais ar chlárú ó eagraíochtaí lasmuigh den Chomhphobal, lena n-áirítear clárú corparáideach nach mbaineann ach le láithreáin atá suite lasmuigh den Chomhphobal, déanfar iad chuig aon Chomhlacht Inniúil sna Ballstáit sin ina ndéantar foráil maidir le clárú eagraíochtaí ó áiteanna lasmuigh den Chomhphobal i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 11(1).

Tá ar na heagraíochtaí sin a áirithiú, maidir leis an bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanfaidh an fíorú agus a bhailíochtóidh córas bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, go bhfuil sé creidiúnaithe nó ceadúnaithe sa Bhallstát ina ndéanfaidh an eagraíocht iarratas ar chlárú.

Airteagal 4

Ullmhú i gcomhair clárúcháin

1.   Maidir le heagraíochtaí ar mian leo go gclárófar iad den chéad uair:

(a)

déanfaidh siad athbhreithniú comhshaoil ar gach gné chomhshaoil den eagraíocht i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i bpointe A.3.1 d’Iarscríbhinn II;

(b)

i bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe comhshaoil, déanfaidh siad córas bainistíochta comhshaoil lena gcumhdófar na ceanglais go léir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus, i gcás ina mbeidh a leithéid ar fáil, cuirfear an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr don earnáil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 46(1)(a) san áireamh;

(c)

déanfaidh siad iniúchadh inmheánach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe A.5.5 d’Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III;

(d)

ullmhóidh siad ráiteas ar an gcomhshaol, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. I gcás ina mbeidh doiciméid tagartha earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 46 ar fáil don earnáil shonrach, cuirfear an doiciméad ábhartha san áireamh i measúnú fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta.

2.   Féadfaidh eagraíochtaí úsáid a bhaint as an gcúnamh dá dtagraítear in Airteagal 32 agus atá ar fáil sa Bhallstát ina ndéanfaidh an eagraíocht iarratas ar chlárú.

3.   Ní bheidh oibleagáid ar eagraíochtaí a mbeidh córas bainistíochta comhshaoil deimhnithe acu, ar córas é a bheidh aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 45(4), na codanna sin a chur i gcrích a aithnítear mar chodanna atá coibhéiseach leis an Rialachán seo.

4.   Soláthróidh eagraíochtaí fianaise ábharthach nó fianaise dhoiciméadach a léireoidh go gcomhlíonann an eagraíocht gach ceanglas dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol.

Féadfaidh eagraíochtaí faisnéis a iarraidh ar an údarás forfheidhmithe inniúil nó ar na húdaráis forfheidhmithe inniúla i gcomhréir le hAirteagal 32 nó ar an bhfíoraitheoir comhshaoil.

Déanfaidh na heagraíochtaí atá lasmuigh den Chomhphobal tagairt freisin do na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá infheidhme maidir le heagraíochtaí den tsamhail chéanna sna Ballstáit ina mbeartaíonn siad iarratas a thíolacadh.

I gcás ina mbeidh doiciméid tagartha earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 46 ar fáil don earnáil shonrach, is faoi threoir an doiciméid ábhartha a dhéanfar an measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta.

5.   Déanfaidh fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh, an córas bainistíochta comhshaoil, an nós imeachta iniúchta agus cur chun feidhme an nós imeachta sin a fhíorú agus déanfaidh an fíoraitheoir sin an ráiteas ar an gcomhshaol a bhailíochtú.

Airteagal 5

Iarratas ar chlárú

1.   Féadfaidh aon eagraíocht a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 iarratas a dhéanamh ar chlárú.

2.   Déanfar an t-iarratas ar chlárú chuig an gComhlacht Inniúil a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 3 agus áireofar na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

an ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm chlóite;

(b)

an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 25(9), arna shíniú ag an bhfíoraitheoir comhshaoil a rinne an ráiteas ar an gcomhshaol a bhailíochtú;

(c)

foirm chomhlánaithe, ina n-áireofar ar a laghad an méid íosta faisnéise atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI;

(d)

fianaise go bhfuil na táillí is infheidhme íoctha, más infheidhme.

3.   Déanfar an t-iarratas a scríobh i dteanga oifigiúil (amháin)/i dteangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann an eagraíocht iarratas ar chlárú.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ EAGRAÍOCHTAÍ CLÁRAITHE

Airteagal 6

Clárú EMAS a athnuachan

1.   Déanfaidh eagraíocht chláraithe an méid seo a leanas, ar a laghad uair amháin gach trí bliana:

(a)

cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar an córas bainistíochta comhshaoil iomlán agus an clár iniúchta, agus cur chun feidhme na nithe sin, a fhíorú;

(b)

ullmhóidh sí an ráiteas ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfaidh fíoraitheoir comhshaoil é a bhailíochtú;

(c)

cuirfidh sí an ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol ar aghaidh chuig an gComhlacht Inniúil;

(d)

déanfaidh sí foirm chomhlánaithe, ina n-áireofar, ar a laghad, an méid íosta faisnéise atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI, a chur ar aghaidh chuig an gComhlacht Inniúil;

(e)

más infheidhme, íocfaidh sí táille leis an gComhlacht Inniúil i leith an clárú a athnuachan.

2.   Gan dochar do mhír 1, déanfaidh eagraíocht chláraithe an méid seo a leanas sna blianta eatramhacha:

(a)

i gcomhréir leis an gclár iniúchta, déanfaidh sí iniúchadh inmheánach ar a feidhmíocht chomhshaoil agus ar chomhlíonadh na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(b)

ullmhóidh sí ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfaidh fíoraitheoir comhshaoil é a bhailíochtú;

(c)

déanfaidh sí an ráiteas bailíochtaithe nuashonraithe ar an gcomhshaol a chur ar aghaidh chuig an gComhlacht Inniúil;

(d)

déanfaidh sí foirm chomhlánaithe, ina n-áireofar ar a laghad an méid íosta faisnéise atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI, a chur ar aghaidh chuig an gComhlacht Inniúil;

(e)

más infheidhme, íocfaidh sí táille leis an gComhlacht Inniúil i leith an clárú a chothabháil.

3.   Déanfaidh eagraíochtaí cláraithe, laistigh de mhí ó dháta an chláraithe agus laistigh de mhí ón dáta a gcuirfear an t-athnuachan ar an gclárú i gcrích, rochtain a thabhairt don phobal ar a ráiteas ar an gcomhshaol agus ar a ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol.

Féadfaidh eagraíochtaí cláraithe an ceanglas sin a chomhlíonadh trí rochtain a thabhairt ar an ráiteas ar an gcomhshaol agus ar an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, arna iarraidh sin, nó trí naisc a chruthú le suímh Idirlín ar a bhféadfar teacht ar na ráitis sin.

Déanfaidh eagraíochtaí cláraithe an tslí ina soláthróidh siad rochtain phoiblí a shonrú san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 7

Maolú d’eagraíochtaí beaga

1.   Déanfaidh Comhlachtaí Inniúla, arna iarraidh sin ag eagraíocht bheag, an mhinicíocht thríbliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a fhadú go ceithre bliana i gcomhair na heagraíochta sin nó an mhinicíocht bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fhadú go dhá bhliain i gcomhair na heagraíochta sin, ar choinníoll go ndaingneoidh an fíoraitheoir comhshaoil a d’fhíoraigh an eagraíocht go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir á gcomhlíonadh:

(a)

nach bhfuil aon rioscaí suntasacha ann don chomhshaol;

(b)

nach bhfuil aon athruithe substaintiúla, mar a shainítear in Airteagal 8, beartaithe ag an eagraíocht, agus

(c)

nach bhfuil aon fhadhbanna suntasacha ann don chomhshaol áitiúil ar fadhbanna iad a gcuireann an eagraíocht leo.

D’fhonn an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach, féadfaidh an eagraíocht na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI a úsáid.

2.   Diúltóidh an Comhlacht Inniúil don iarraidh más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1. Cuirfidh sé cosaint réasúnaithe ina leith sin in iúl don eagraíocht.

3.   Déanfaidh eagraíochtaí a thairbhíonn ó fhadú suas go dhá bhliain, ar fadú é dá dtagraítear i mír 1, an ráiteas nuashonraithe neamhbhailíochtaithe ar an gcomhshaol a chur ar aghaidh chuig an gComhlacht Inniúil gach bliain a mbeidh díolúine acu ón oibleagáid ráiteas nuashonraithe bailíochtaithe ar an gcomhshaol a bheith acu.

Airteagal 8

Athruithe substaintiúla

1.   I gcás ina mbeartóidh eagraíocht chláraithe athruithe substaintiúla a thabhairt isteach, déanfaidh an eagraíocht athbhreithniú comhshaoil ar na hathruithe sin, lena n-áirítear a ngnéithe comhshaoil agus a dtionchair ar an gcomhshaol.

2.   Tar éis an t-athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh ar athruithe, déanfaidh an eagraíocht an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh a nuashonrú, an beartas comhshaoil, an clár comhshaoil agus an córas bainistíochta comhshaoil a mhodhnú agus an ráiteas iomlán ar an gcomhshaol a athchóiriú agus a nuashonrú dá réir sin.

3.   Déanfar na doiciméid go léir a mhodhnaítear agus a nuashonraítear de bhun mhír 2 a fhíorú agus a bhailíochtú laistigh de shé mhí.

4.   Tar éis an bhailíochtaithe, cuirfidh an eagraíocht athruithe faoi bhráid an Chomhlachta Inniúil agus an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á húsáid agus cuirfidh sí na hathruithe ar fáil don phobal.

Airteagal 9

Iniúchadh inmheánach comhshaoil

1.   Bunóidh eagraíocht chláraithe clár iniúchta a áiritheoidh go ndéanfar gach gníomhaíocht san eagraíocht, thar thréimhse ama nach faide ná trí bliana nó ceithre bliana má tá feidhm ag an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 7, a chur faoi réir iniúchta inmheánaigh chomshaoil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Is iniúchóirí a mbeidh an inniúlacht riachtanach acu, ar leithligh nó i dteannta a chéile, chun na cúraimí seo a chomhlíonadh, a dhéanfaidh an t-iniúchadh agus beidh siad sách neamhspleách ar na gníomhaíochtaí ar a ndéanfaidh siad iniúchadh chun go mbeidh siad in ann breithiúnas oibiachtúil a thabhairt.

3.   Saineoidh clár iniúchta comhshaoil na heagraíochta cuspóirí gach iniúchta nó gach timthrialla iniúchta, lena n-áirítear minicíocht an iniúchta do gach gníomhaíocht.

4.   Ag deireadh gach iniúchta agus gach timthrialla iniúchta, ullmhóidh na hiniúchóirí tuarascáil i scríbhinn ar an iniúchadh.

5.   Cuirfidh an t-iniúchóir tátail agus conclúidí an iniúchta in iúl don eagraíocht.

6.   I ndiaidh phróiseas an iniúchta, déanfaidh an eagraíocht plean gníomhaíochta iomchuí a ullmhú agus a chur chun feidhme.

7.   Bunóidh an eagraíocht sásraí iomchuí lena n-áiritheofar go dtabharfar aird ar thorthaí an iniúchta.

Airteagal 10

Úsáid lógó EMAS

1.   Gan dochar d’Airteagal 35(2), is eagraíochtaí cláraithe, agus is eagraíochtaí cláraithe amháin, a fhéadfaidh lógó EMAS a leagtar amach in Iarscríbhinn V a úsáid agus ní fhéadfaidh siad é a úsáid ach fad atá a gclárú bailí.

Beidh uimhir chláraithe na heagraíochta ar an lógó i gcónaí.

2.   Ní úsáidfear lógó EMAS ach amháin i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

3.   I gcás ina roghnaíonn eagraíocht, i gcomhréir le hAirteagal 3(2), gan a cuid láithreán uile a áireamh sa chlárú corparáideach, áiritheoidh sí ina cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne agus san úsáid a bhaineann sí as lógó EMAS, gur léir cad iad na láithreáin a chumhdaítear leis an gclárú.

4.   Ní úsáidfear lógó EMAS:

(a)

ar tháirgí nó ar a bpacáistiú; nó

(b)

i gcomhar le héilimh chomparáideacha maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí eile ná ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith ina chúis lena cheapadh gur lipéid do tháirgí comhshaoil atá ann.

5.   Féadfaidh lógó EMAS a bheith ar aon fhaisnéis faoin gcomhshaol a fhoilseoidh eagraíocht chláraithe ar choinníoll go ndéanfar tagairt san fhaisnéis sin don ráiteas is déanaí nó don ráiteas nuashonraithe is déanaí ón eagraíocht ar an gcomhshaol as ar tarraingíodh í agus go mbeidh sí bailíochtaithe mar a leanas ag fíoraitheoir comhshaoil:

(a)

go bhfuil sí cruinn;

(b)

go bhfuil sí infhíoraithe agus go bhfuil bunús léi;

(c)

go bhfuil sí ábhartha agus go bhfuil sí in úsáid i gcomhthéacs cuí agus i suíomh cuí;

(d)

go bhfuil sí ionadaíoch ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán na heagraíochta;

(e)

nach dóigh go mbeidh míthuiscintí ann dá bharr; agus

(f)

go bhfuil sí suntasach maidir leis an tionchar foriomlán ar an gcomhshaol.

CAIBIDIL IV

RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE COMHLACHTAÍ INNIÚLA

Airteagal 11

Ainmniú agus ról Comhlachtaí Inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit Comhlachtaí Inniúla a bheidh freagrach as eagraíochtaí atá suite sa Chomhphobal a chlárú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na Comhlachtaí Inniúla a ainmneoidh siad foráil maidir le clárú eagraíochtaí atá suite lasmuigh den Chomhphobal, agus go mbeidh siad freagrach astu, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Rialóidh na Comhlachtaí Inniúla iontráil agus cothabháil eagraíochtaí ar an gclár, lena n-áirítear eagraíochtaí a fhionraí agus a scriosadh.

2.   Féadfaidh na Comhlachtaí Inniúla a bheith ina gcomhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla.

3.   Déanfar neamhspleáchas agus neodracht na gComhlachtaí Inniúla a ráthú trína gcomhdhéanamh.

4.   Beidh na hacmhainní iomchuí, i dtéarmaí airgeadais agus i dtéarmaí pearsanra araon, ag na Comhlachtaí Inniúla chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh go cuí.

5.   Cuirfidh na Comhlachtaí Inniúla an Rialachán seo i bhfeidhm i slí chomhsheasmhach agus beidh siad páirteach i meastóireacht phiaraí rialta mar a leagtar amach in Airteagal 17.

Airteagal 12

Oibleagáidí maidir le próiseas an chláraithe

1.   Bunóidh Comhlachtaí Inniúla nósanna imeachta chun eagraíochtaí a chlárú. Go háirithe, bunóidh siad rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

breithniú a dhéanamh ar bharúlacha ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin agus údaráis forfheidhmithe inniúla agus comhlachtaí ionadaíocha na n-eagraíochtaí, ar barúlacha iad a bhaineann le heagraíochtaí is iarratasóirí nó eagraíochtaí cláraithe;

(b)

diúltú eagraíochtaí a chlárú nó eagraíochtaí a fhionraí nó a scriosadh, agus

(c)

achomhairc agus gearáin a dhéantar i gcoinne a gcinntí a réiteach.

2.   Bunóidh agus cothabhálfaidh na Comhlachtaí Inniúla clár eagraíochtaí, ar eagraíochtaí iad a bheidh cláraithe ina mBallstáit, lena n-áirítear an fhaisnéis i dtaobh conas is féidir rochtain a fháil ar a ráiteas ar an gcomhshaol nó ar a ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, agus, i gcás athruithe, déanfaidh siad an clár sin a nuashonrú ar bhonn míosúil.

Beidh an clár ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin.

3.   Déanfaidh na Comhlachtaí Inniúla athruithe ar an gclár dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl don Choimisiún gach mí, go díreach nó trí na húdaráis náisiúnta, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 13

Clárú eagraíochtaí

1.   Déanfaidh na Comhlachtaí Inniúla na hiarratais ar chlárú eagraíochtaí a bhreithniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunófar chun na críche sin.

2.   I gcás ina ndéanfaidh eagraíocht iarratas ar chlárú, cláróidh an Comhlacht Inniúil an eagraíocht sin agus tabharfaidh sé uimhir chláraithe dó más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

beidh iarratas ar chlárú faighte ag an gComhlacht Inniúil, ar iarratas é ina n-áirítear na doiciméid go léir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 5(2);

(b)

beidh seiceáil déanta ag an gComhlacht Inniúil go bhfuil fíorú agus bailíochtú déanta i gcomhréir le hAirteagal 25, le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 27;

(c)

beidh an Comhlacht Inniúil sásta, ar bhonn fianaise ábhartha a fuarthas, mar shampla trí thuarascáil i scríbhinn ón údarás forfheidhmithe inniúil, nach ann d’aon fhianaise ar shárú ar cheanglais dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol;

(d)

ní bheidh aon ghearáin ábhartha ann ó pháirtithe leasmhara nó beidh gearáin réitithe go dearfach;

(e)

beidh an Comhlacht Inniúil sásta ar bhonn na fianaise a fuarthas go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais uile an Rialacháin seo; agus

(f)

go mbeidh táille chlárúcháin faighte ag an gComhlacht Inniúil, más infheidhme.

3.   Cuirfidh an Comhlacht Inniúil in iúl don eagraíocht gur cláraíodh í agus déanfaidh sé a huimhir chláraithe mar aon le lógó EMAS a sholáthar don eagraíocht.

4.   Má mheasann Comhlacht Inniúil nach gcomhlíonann eagraíocht is iarratasóir na ceanglais a leagtar amach i mír 2, diúltóidh sé an eagraíocht sin a chlárú agus cuirfidh sé cosaint réasúnaithe ina leith sin in iúl don eagraíocht.

5.   Má fhaigheann Comhlacht Inniúil tuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn ón gComhlacht Creidiúnúcháin nó ón gComhlacht Ceadúnúcháin ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise nár feidhmíodh gníomhaíochtaí an fhíoraitheora comhshaoil go leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo arna gcomhlíonadh ag an eagraíocht is iarratasóir, diúltóidh sé an eagraíocht sin a chlárú. Iarrfaidh an Comhlacht Inniúil ar an eagraíocht iarratas nua ar chlárú a chur isteach.

6.   Chun an fhianaise a fháil atá riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir le clárú eagraíochtaí a dhiúltú, rachaidh an Comhlacht Inniúil i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear an eagraíocht.

Airteagal 14

Athnuachan ar chlárú na heagraíochta

1.   Déanfaidh Comhlacht Inniúil athnuachan ar chlárú na heagraíochta má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

beidh ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(1), ráiteas bailíochtaithe nuashonraithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(2) nó ráiteas nuashonraithe neamhbhailíochtaithe ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 7(3) faighte ag an gComhlacht Inniúil;

(b)

beidh foirm chomhlánaithe, ina n-áirítear, ar a laghad, an méid íosta faisnéise atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI agus dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6(1) agus i bpointe (d) d’Airteagal 6(2), faighte ag an gComhlacht Inniúil;

(c)

ní bheidh aon fhianaise ag an gComhlacht Inniúil nach ndearnadh an fíorú agus an bailíochtú a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25, le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 27;

(d)

ní bheidh aon fhianaise ag an gComhlacht Inniúil á rá nár chomhlíon an eagraíocht na ceanglais dhlíthiúla atá infheidhme maidir leis an gcomhshaol;

(e)

ní bheidh aon ghearáin ábhartha ann ó pháirtithe leasmhara nó beidh gearáin réitithe go dearfach;

(f)

beidh an Comhlacht Inniúil sásta, ar bhonn na fianaise a fuarthas, go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais uile an Rialacháin seo; agus

(g)

beidh táille i leith an clárú a athnuachan faighte ag an gComhlacht Inniúil, más infheidhme.

2.   Cuirfidh an Comhlacht Inniúil in iúl don eagraíocht go ndearnadh athnuachan ar a clárú.

Airteagal 15

Eagraíochtaí a fhionraí nó a scriosadh as an gclár

1.   I gcás ina gcreideann Comhlacht Inniúil nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag eagraíocht chláraithe, tabharfaidh sé deis don eagraíocht a tuairimí faoin ábhar a chur chuige. Más rud é nach dtugann an eagraíocht freagra sásúil, déanfar í a scriosadh nó a fhionraí as an gclár.

2.   I gcás ina bhfaigheann Comhlacht Inniúil tuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn ón gComhlacht Creidiúnúcháin nó an Comhlacht Ceadúnúcháin, ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise á rá nach ndearnadh gníomhaíochtaí an fhíoraitheora comhshaoil go leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonann an eagraíocht chláraithe ceanglais an Rialacháin seo, fionrófar an clárú.

3.   Fionrófar eagraíocht chláraithe nó déanfar í a scriosadh as an gclár, de réir mar is iomchuí, má mhainníonn sí aon cheann de na nithe seo a leanas a chur chuig Comhlacht Inniúil, laistigh de dhá mhí ón tráth a éilítear uirthi déanamh amhlaidh:

(a)

an ráiteas bailíochtaithe ar an gcomhshaol, ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol nó an dearbhú sínithe dá dtagraítear in Airteagal 25(9);

(b)

foirm ina n-áirítear, ar a laghad, an méid íosta faisnéise ón eagraíocht de réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

4.   Má chuireann an t-údarás forfheidhmithe inniúil an Comhlacht Inniúil ar an eolas trí thuarascáil i scríbhinn faoi shárú ar aon cheanglais dlí is infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol ag an eagraíocht, fionróidh sé an tagairt don eagraíocht sin nó déanfaidh sé í a scriosadh as an gclár, de réir mar is iomchuí.

5.   I gcás ina gcinnfidh Comhlacht Inniúil clárú a chur ar fionraí nó a scriosadh cuirfidh sé an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)

an tionchar ar an gcomhshaol a ghabhann le neamhchomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an eagraíocht;

(b)

cé chomh hintuartha is a bhí neamhchomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an eagraíocht nó na himthosca as ar lean an neamhchomhlíonadh sin;

(c)

neamhchomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an eagraíocht roimhe sin; agus

(d)

imthosca sonracha na heagraíochta.

6.   Chun an fhianaise a fháil atá riachtanach ionas go bhféadfaidh an Comhlacht Inniúil a chinneadh a dhéanamh maidir le heagraíochtaí a chur ar fionraí nó a scriosadh as an gclár, rachaidh an Comhlacht Inniúil i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear an eagraíocht.

7.   I gcás ina mbeidh fianaise faighte ag an gComhlacht Inniúil, ar shlí seachas trí thuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn ón gComhlacht Creidiúnúcháin nó ón gComhlacht Ceadúnúcháin, ar fianaise í á rá nach ndearnadh gníomhaíochtaí an fhíoraitheora comhshaoil go leordhóthanach chun a áirithiú go ndéanfadh an eagraíocht ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, rachaidh sé i gcomhairle leis an gComhlacht Creidiúnúcháin nó leis an gComhlacht Ceadúnúcháin a dhéanann maoirseacht ar an bhfíoraitheoir comhshaoil.

8.   Tabharfaidh an Comhlacht Inniúil cúiseanna le haon bhearta a dhéanfar.

9.   Soláthróidh an Comhlacht Inniúil faisnéis iomchuí don eagraíocht maidir leis na comhairliúcháin leis na páirtithe lena mbaineann.

10.   Cuirfear deireadh le fionraí eagraíochta as an gclár má fhaigheann an Comhlacht Inniúil faisnéis shásúil á rá go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht.

Airteagal 16

Fóram Comhlachtaí Inniúla

1.   Déanfaidh na Comhlachtaí Inniúla Fóram Comhlachtaí Inniúla as gach Ballstát a chur ar bun, ar fóram é dá ngairtear ‘Fóram na gComhlachtaí Inniúla’ anseo feasta agus a thiocfaidh le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana i láthair ionadaí ón gCoimisiún.

Glacfaidh an Fóram a rialacha nós imeachta.

2.   Beidh Comhlachtaí Inniúla as gach Ballstát páirteach i bhFóram na gComhlachtaí Inniúla. I gcás ina mbeidh níos mó ná Comhlacht Inniúil amháin bunaithe laistigh de Bhallstát amháin, déanfar bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirfear iad ar fad ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí Fhóram na gComhlachtaí Inniúla.

3.   Déanfaidh Fóram na gComhlachtaí Inniúla forbairt ar threoir chun comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil leis na nósanna imeachta a bhaineann le clárú eagraíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear clárú a athnuachan agus eagraíochtaí laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de a fhionraí agus a scriosadh as an gclár.

Déanfaidh Fóram na gComhlachtaí Inniúla na doiciméid treorach agus doiciméid a bhaineann leis an meastóireacht phiaraí a tharchur chuig an gCoimisiún.

4.   Déanfaidh an Coimisiún doiciméid treorach maidir le nósanna imeachta comhchuibhithe a bheidh formheasta ag Fóram na gComhlachtaí Inniúla a mholadh, de réir mar is iomchuí, lena nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Cuirfear na doiciméid sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 17

Meastóireacht phiaraí ar Chomhlachtaí Inniúla

1.   Eagróidh Fóram na gComhlachtaí Inniúla meastóireacht phiaraí chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann córas cláraithe gach Comhlachta Inniúil an Rialachán seo agus chun cur chuige comhchuibhithe a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le clárú.

2.   Déanfar an mheastóireacht phiaraí ar bhonn rialta, agus gach ceithre bliana ar a laghad, agus áireofar inti measúnú ar na rialacha agus ar na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 12, in Airteagal 13 agus in Airteagal 15. Beidh gach Comhlacht Inniúil rannpháirteach sa mheastóireacht phiaraí.

3.   Bunóidh an Coimisiún nósanna imeachta chun an mheastóireacht phiaraí a dhéanamh, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí a ghlactar mar thoradh ar an meastóireacht phiaraí.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

4.   Déanfar nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 a bhunú sula ndéanfar an chéad mheastóireacht phiaraí.

5.   Déanfaidh Fóram na gComhlachtaí Inniúla tuarascáil rialta ar an meastóireacht phiaraí a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste a bhunófar faoi Airteagal 49(1).

Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí tar éis d’Fhóram na gComhlachtaí Inniúla agus don Choiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír í a fhormheas.

CAIBIDIL V

FÍORAITHEOIRÍ COMHSHAOIL

Airteagal 18

Cúraimí na bhFíoraitheoirí comhshaoil

1.   Déanfaidh fíoraitheoirí comhshaoil measúnú i dtaobh an gcomhlíonann athbhreithniú comhshaoil, beartas comhshaoil, córas bainistíochta agus nósanna imeachta iniúchta na heagraíochta, agus cur chun feidhme na nithe sin, ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Fíoróidh na fíoraitheoirí comhshaoil an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil ceanglais uile an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht, i ndáil leis an athbhreithniú comhshaoil tosaigh, leis an gcóras bainistíochta comhshaoil, le hiniúchadh comhshaoil agus le torthaí an iniúchta sin agus leis an ráiteas ar an gcomhshaol nó leis an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol;

(b)

go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, ar bhonn Comhphobail, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, maidir leis an gcomhshaol á gcomhlíonadh ag an eagraíocht;

(c)

go bhfuil feabhas leanúnach á chur ag an eagraíocht ar a feidhmíocht chomhshaoil; agus

(d)

iontaofacht, inchreidteacht agus cirte na sonraí agus na faisnéise sna doiciméid seo a leanas:

(i)

an ráiteas ar an gcomhshaol;

(ii)

an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol;

(iii)

aon fhaisnéis chomhshaoil a bheidh le bailíochtú.

3.   Go háirithe, fíoróidh fíoraitheoirí comhshaoil iomchuibheas an athbhreithnithe comhshaoil tosaigh, nó an iniúchta nó nósanna imeachta eile a sheol an eagraíocht, gan dúbláil a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin murar gá sin.

4.   Maidir le fíoraitheoirí comhshaoil, fíoróidh siad an bhfuil torthaí an iniúchta inmheánaigh iontaofa. Más iomchuí, déanfaidh siad seiceálacha ar an láthair a úsáid chuige sin.

5.   Tráth an fhíoraithe a dhéantar maidir leis an ullmhúchán i gcomhair eagraíocht a chlárú, seiceálfaidh an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil na ceanglais seo a leanas, ar a laghad, comhlíonta ag an eagraíocht sin:

(a)

go bhfuil córas bainistíochta comhshaoil ann atá i ngníomh go hiomlán, i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(b)

go bhfuil clár iniúchta ann atá pleanáilte go hiomlán agus a bhfuil tús curtha leis i gcomhréir le hIarscríbhinn III ionas go bhfuil, ar a laghad, na tionchair is suntasaí ar an gcomhshaol cumhdaithe ann;

(c)

go bhfuil an t-athbhreithniú bainistíochta dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II tugtha chun críche; agus

(d)

go bhfuil ráiteas ar an gcomhshaol ullmhaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil.

6.   Chun críocha an fhíoraithe maidir leis an gclárú a athnuachan dá dtagraítear in Airteagal 6(1), seiceálfaidh an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil na ceanglais seo a leanas comhlíonta ag an eagraíocht:

(a)

go bhfuil córas bainistíochta comhshaoil ag an eagraíocht agus é i ngníomh go hiomlán i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(b)

go bhfuil clár iniúchta pleanáilte ag an eagraíocht agus é i ngníomh go hiomlán, agus timthriall iniúchta amháin ar a laghad tugtha chun críche i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(c)

go bhfuil athbhreithniú bainistíochta amháin tugtha chun críche ag an eagraíocht; agus

(d)

go bhfuil ráiteas ar an gcomhshaol ullmhaithe ag an eagraíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil.

7.   Chun críocha an fhíoraithe maidir leis an gclárú a athnuachan dá dtagraítear in Airteagal 6(2), seiceálfaidh an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil na ceanglais seo a leanas, ar a laghad, comhlíonta ag an eagraíocht:

(a)

go bhfuil an eagraíocht tar éis iniúchadh inmheánach a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ar chomhlíonadh na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(b)

go léiríonn an eagraíocht comhlíonadh leanúnach na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol agus feabhas leanúnach ar a feidhmíocht chomhshaoil; agus

(c)

go bhfuil ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol ullmhaithe ag an eagraíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil.

Airteagal 19

Minicíocht an fhíoraithe

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil, i gcomhairle leis an eagraíocht, clár a dhearadh lena n-áiritheofar go bhfíorófar na heilimintí go léir a éilítear i ndáil le clárú agus athnuachan cláraithe agus dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil, ag eatraimh nach faide ná 12 mhí, aon fhaisnéis nuashonraithe atá sa ráiteas ar an gcomhshaol nó sa ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol a bhailíochtú.

Más ábhartha, beidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 7.

Airteagal 20

Ceanglais a bhaineann le fíoraitheoirí comhshaoil

1.   Chun creidiúnú nó ceadúnas a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh fíoraitheoir comhshaoil is iarrthóir iarraidh isteach chuig an gComhlacht Creidiúnúcháin nó chuig an gComhlacht Ceadúnúcháin a bhfuil creidiúnú nó ceadúnas á lorg aige uaidh.

Faoi threoir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 (11), sonrófar san iarraidh sin raon feidhme an chreidiúnaithe nó an cheadúnais atá á iarraidh.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil fianaise iomchuí ar a inniúlacht a sholáthar don Chomhlacht Creidiúnúcháin nó don Chomhlacht Ceadúnúcháin, lena n-áirítear eolas, taithí ábhartha agus cumais theicniúla a bhaineann le raon feidhme an chreidiúnaithe nó an cheadúnais a iarrtar sna réimsí seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo;

(b)

feidhmiú ginearálta na gcóras bainistíochta comhshaoil;

(c)

doiciméid tagartha earnála ábhartha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, faoi Airteagal 46, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(d)

na ceanglais dhlíthiúla, na ceanglais rialála agus na ceanglais riaracháin a bhaineann leis an ngníomhaíocht atá faoi réir a fíoraithe agus a bailíochtaithe;

(e)

gnéithe comhshaoil agus tionchair ar an gcomhshaol lena n-áirítear an ghné chomhshaoil d’fhorbairt inbhuanaithe;

(f)

maidir leis an ngníomhaíocht atá faoi réir a fíoraithe agus a bailíochtaithe, na gnéithe teicniúla di a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil;

(g)

feidhmiú ginearálta na gníomhaíochta atá faoi réir a fíoraithe agus a bailíochtaithe d’fhonn measúnú a dhéanamh ar iomchuibheas an chórais bainistíochta, maidir le hidirghníomhaíocht na heagraíochta agus a táirgí, a seirbhísí agus a hoibríochtaí leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

na teicneolaíochtaí atá in úsáid ag an eagraíocht;

(ii)

an téarmaíocht agus na huirlisí a úsáidtear sna gníomhaíochtaí;

(iii)

gníomhaíochtaí oibríochtúla agus saintréithe a n-idirghníomhaíochta leis an gcomhshaol;

(iv)

na modheolaíochtaí don mheastóireacht ar ghnéithe suntasacha comhshaoil;

(v)

rialú ar thruailliú agus teicneolaíochtaí maolaitheacha.

(h)

ceanglais agus modheolaíocht iniúchta comhshaoil, lena n-áirítear an cumas chun tabhairt faoi iniúchtaí éifeachtúla fíorúcháin ar chóras bainistíochta comhshaoil, chun torthaí agus tátal iomchuí ón iniúchadh a shainaithint agus chun tuarascálacha ar iniúchtaí a ullmhú agus a thíolacadh, ó bhéal agus i scríbhinn, d’fhonn taifead soiléir a sholáthar ar an iniúchadh fíorúcháin;

(i)

an t-iniúchadh ar an bhfaisnéis, an ráiteas ar an gcomhshaol agus an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol maidir le bainistíocht sonraí, stóráil agus ionramháil sonraí, tíolacadh sonraí i bhfoirm scríofa agus i bhfoirm ghrafach chun earráidí a d’fhéadfadh a bheith sna sonraí a aimsiú, úsáid toimhdí agus meastachán;

(j)

gné chomhshaoil táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear na gnéithe comhshaoil agus an fheidhmíocht chomhshaoil le linn úsáide agus tar éis úsáide, agus iontaofacht na sonraí a sholáthraítear maidir le cinnteoireacht chomhshaoil.

3.   Beidh ar an bhfíoraitheoir comhshaoil forbairt ghairmiúil leanúnach a thaispeáint sna réimsí inniúlachta a leagtar amach i mír 2 agus an fhorbairt sin a chothabháil chun críocha measúnaithe ag an gComhlacht Creidiúnúcháin nó ag an gComhlacht Ceadúnúcháin.

4.   Beidh an fíoraitheoir comhshaoil ina thríú páirtí seachtrach, beidh sé neamhspleách, go háirithe ar iniúchóir nó sainchomhairleoir na heagraíochta, beidh sé neamhchlaonta agus beidh sé oibiachtúil le linn a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh.

5.   Áiritheoidh an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil sé saor ó aon bhrúnna tráchtála, airgeadais nó eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a bhreithiúnas nó a d’fhéadfadh a iontaoibh i neamhspleáchas a bhreithiúnais agus ina ionracas, maidir leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin, a chur i mbaol. Áiritheoidh an fíoraitheoir comhshaoil comhlíonadh aon rialacha is infheidhme maidir leis sin.

6.   Beidh modhanna agus nósanna imeachta, agus iad doiciméadaithe, ag an bhfíoraitheoir comhshaoil, lena n-áirítear sásraí rialaithe cáilíochta agus forálacha i leith rúndachta, chun ceanglais an Rialacháin seo maidir le fíorú agus bailíochtú a chomhlíonadh.

7.   I gcás ina ngníomhóidh eagraíocht mar fhíoraitheoir comhshaoil, coinneoidh sí cairt eagrúcháin ina sonrófar na struchtúir agus na freagrachtaí laistigh den eagraíocht mar aon le ráiteas faoina stádas dlíthiúil, faoina húinéireacht agus faoi fhoinsí a maoinithe.

Cuirfear an chairt eagraíochta sin ar fáil arna iarraidh sin.

8.   Áiritheofar comhlíonadh na gceanglas seo tríd an measúnú a dhéanfar roimh an gcreidiúnú nó roimh an gceadúnú agus trí mhaoirseacht arna déanamh ag an gComhlacht Creidiúnúcháin nó ag an gComhlacht Ceadúnúcháin.

Airteagal 21

Ceanglais bhreise a bhaineann le fíoraitheoirí comhshaoil ar daoine nádúrtha iad agus a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a fheidhmiú ar leithligh

Maidir le daoine nádúrtha a ghníomhaíonn mar fhíoraitheoirí comhshaoil agus a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a fheidhmiú ar leithligh, chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh:

(a)

beidh an inniúlacht riachtanach go léir acu chun gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a fheidhmiú sna réimsí ina bhfuil siad ceadúnaithe,

(b)

beidh raon feidhme teoranta den cheadúnas ag brath ar a n-inniúlacht phearsanta.

Airteagal 22

Ceanglais bhreise a bhaineann le fíoraitheoirí comhshaoil a bheidh gníomhach i dtríú tíortha

1.   I gcás ina mbeartaíonn fíoraitheoir comhshaoil gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a chur i gcrích i dtríú tíortha, lorgóidh sé creidiúnú nó ceadúnas maidir le tríú tíortha sonracha.

2.   Chun creidiúnú nó ceadúnas a fháil do thríú tír, déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil, de bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20 agus in Airteagal 21, na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

eolas agus tuiscint a bheith aige ar na ceanglais reachtacha, rialála agus riaracháin a bhaineann leis an gcomhshaol sa tríú tír dá bhfuil creidiúnú nó ceadúnas á lorg;

(b)

eolas agus tuiscint a bheith aige ar theanga oifigiúil an tríú tír dá bhfuil creidiúnú nó ceadúnas á lorg.

3.   Measfar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 a bheith arna gcomhlíonadh i gcás ina dtaispeánann an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil gaolmhaireacht chonarthach ann idir é féin agus duine cáilithe nó eagraíocht cháilithe a chomhlíonann na ceanglais sin.

Beidh an duine nó an eagraíocht sin neamhspleách ar an eagraíocht atá le fíorú.

Airteagal 23

Maoirseacht ar fhíoraitheoirí comhshaoil

1.   Maidir le maoirseacht ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a dhéanann na fíoraitheoirí comhshaoil:

(a)

sa Bhallstát ina bhfuil siad creidiúnaithe nó ceadúnaithe, is é an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a dheonaigh an creidiúnú nó an ceadúnas a dhéanfaidh an mhaoirseacht sin;

(b)

i dtríú tír, is é an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a dheonaigh an creidiúnú nó an ceadúnas don fhíoraitheoir comhshaoil maidir leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanfaidh an mhaoirseacht sin;

(c)

i mBallstát seachas an Ballstát inar deonaíodh an creidiúnú nó an ceadúnas, is é Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin an Bhallstáit ina ndéantar an fíorúchán a dhéanfaidh an mhaoirseacht sin.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil, ceithre seachtaine ar a laghad roimh gach fíorúchán i mBallstát, fógra a thabhairt don Chomhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir comhshaoil lena mbaineann, ar fógra é ina mbeidh a shonraí creidiúnúcháin nó ceadúnúcháin agus tráth agus ionad an fhíorúcháin.

3.   Cuirfidh an fíoraitheoir comhshaoil an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin ar an eolas láithreach faoi aon athruithe a fhearann ar an gcreidiúnú nó ar an gceadúnas nó ar a raon feidhme.

4.   Déanfaidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin foráil, ag eatraimh rialta nach faide ná 24 mí, chun a áirithiú go leanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le creidiúnú nó ceadúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a dtugtar fúthu.

5.   D’fhéadfadh sé gurb é a bheidh i gceist le maoirseacht ná iniúchadh oifige, maoirseacht ar an láthair in eagraíochtaí, ceistneoirí, athbhreithniú ar ráitis ar an gcomhshaol nó ar ráitis nuashonraithe ar an gcomhshaol a bheidh bailíochtaithe ag na fíoraitheoirí comhshaoil agus athbhreithniú ar an tuarascáil ar an bhfíorúchán.

Beidh an mhaoirseacht i gcóimheas leis an ngníomhaíocht a dtugann an fíoraitheoir comhshaoil fúithi.

6.   Ní mór d’eagraíochtaí cead a thabhairt do na Comhlachtaí Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin maoirseacht a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir comhshaoil le linn an phróisis fíorúcháin agus bailíochtaithe.

7.   Aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin maidir le creidiúnú nó ceadúnas a fhoirceannadh nó a fhionraí nó maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe nó an cheadúnais a shrianadh, ní ghlacfar é ach amháin tar éis deis éisteachta a thabhairt don fhíoraitheoir comhshaoil.

8.   Má tá an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a bhfuil an mhaoirseacht á déanamh aige den tuairim nach gcomhlíonann cáilíocht oibre fíoraitheora comhshaoil ceanglais an Rialacháin seo, tarchuirfear tuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn chuig an bhfíoraitheoir comhshaoil lena mbaineann agus chuig an gComhlacht Inniúil a mbeartaíonn an eagraíocht lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuige ar chlárú nó a chláraigh an eagraíocht lena mbaineann.

I gcás aon díospóide eile, tarchuirfear an tuarascáil mhaoirseachta chuig Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 24

Ceanglais bhreise a bhaineann le maoirseacht ar fhíoraitheoirí comhshaoil a bheidh gníomhach i mBallstát seachas an Ballstát inar deonaíodh an creidiúnú nó an ceadúnas

1.   Maidir le fíoraitheoir comhshaoil a chreidiúnaítear nó a cheadúnaítear i mBallstát amháin, déanfaidh sé, ceithre seachtaine ar a laghad sula bhfeidhmeoidh sé gníomhaíochtaí fíorúcháin nó bailíochtaithe i mBallstát eile, an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl do Chomhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin an Bhallstáit is déanaí atá luaite:

(a)

sonraí faoina chreidiúnú nó faoina cheadúnas, a inniúlachtaí, go háirithe eolas ar cheanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar theanga oifigiúil an Bhallstáit eile, agus comhdhéanamh na foirne, más iomchuí;

(b)

am agus ionad an fhíorúcháin agus an bhailíochtaithe;

(c)

seoladh agus sonraí teagmhála na heagraíochta.

Tabharfar an fógra sin roimh gach gníomhaíocht fíorúcháin agus bailíochtaithe.

2.   Féadfaidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin soiléiriú a iarraidh ar eolas an fhíoraitheora ar na ceanglais dhlíthiúla riachtanacha infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol.

3.   Ní fhéadfaidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin coinníollacha seachas na coinníollacha sin dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ach amháin i gcás nach ndéanfaidh na coinníollacha eile sin dochar do cheart an fhíoraitheora comhshaoil seirbhísí a sholáthar i mBallstát seachas sa Bhallstát inar deonaíodh an creidiúnú nó an ceadúnas.

4.   Ní bhainfidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin leas as an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 chun moill a chur ar theacht an fhíoraitheora comhshaoil. I gcás nach bhfuil an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin in ann a chúraimí a chomhall i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 roimh an tráth i gcomhair fíorúcháin agus bailíochtaithe de réir mar a bheidh fógartha ag an bhfíoraitheoir i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, tabharfaidh sé cosaint réasúnaithe air sin don fhíoraitheoir.

5.   Ní dhéanfaidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin aon táillí idirdhealaitheacha a ghearradh maidir le fógra a thabhairt ná maidir le maoirseacht.

6.   I gcás ina bhfuil an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a bhfuil an mhaoirseacht á déanamh aige den tuairim nach gcomhlíonann cáilíocht oibre an fhíoraitheora comhshaoil ceanglais an Rialacháin seo, tarchuirfear tuarascáil mhaoirseachta i scríbhinn chuig an bhfíoraitheoir comhshaoil lena mbaineann, chuig an gComhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a dheonaigh an creidiúnú nó an ceadúnas, agus chuig an gComhlacht Inniúil a mbeartaíonn an eagraíocht lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuige ar chlárú nó a chláraigh an eagraíocht lena mbaineann. I gcás aon díospóide breise, tarchuirfear an tuarascáil mhaoirseachta chuig Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 25

Coinníollacha maidir le fíorú agus bailíochtú a fheidhmiú

1.   Oibreoidh an fíoraitheoir comhshaoil laistigh de raon feidhme a chreidiúnúcháin nó a cheadúnais, agus ar bhonn comhaontaithe i scríbhinn leis an eagraíocht.

Maidir leis an gcomhaontú sin:

(a)

déanfar raon feidhme na gníomhaíochta a shonrú ann;

(b)

sonrófar coinníollacha ann a bheidh dírithe ar a chumasú don fhíoraitheoir comhshaoil oibriú i slí ghairmiúil neamhspleách; agus

(c)

tabharfar gealltanas ann á rá go soláthróidh an eagraíocht an comhar is gá.

2.   Áiritheoidh an fíoraitheoir comhshaoil go ndéantar comhpháirteanna na heagraíochta a shainiú gan athbhrí agus go gcomhfhreagraíonn siad do roinnt réadúil na ngníomhaíochtaí.

Déanfar na codanna éagsúla den eagraíocht atá faoi réir fíorúcháin nó bailíochtaithe a lua go soiléir sa ráiteas ar an gcomhshaol.

3.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil measúnú ar na gnéithe a leagtar amach in Airteagal 18.

4.   Mar chuid de na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe, scrúdóidh an fíoraitheoir comhshaoil an doiciméadacht, tabharfaidh sé cuairt ar an eagraíocht, déanfaidh sé seiceálacha ar an láthair agus seolfaidh sé agallaimh leis an bpearsanra.

5.   Sula dtabharfaidh fíoraitheoir comhshaoil cuairt ar eagraíocht, soláthróidh an eagraíocht faisnéis bhunúsach dó faoin eagraíocht agus faoina gníomhaíochtaí, faoin mbeartas comhshaoil agus faoin gclár comhshaoil, tuairisc ar an gcóras bainistíochta comhshaoil atá i ngníomh san eagraíocht, sonraí faoin athbhreithniú comhshaoil nó faoin iniúchadh comhshaoil a rinneadh, an tuarascáil faoin athbhreithniú nó faoin iniúchadh sin agus faoi aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh ina dhiaidh sin, agus an dréachtráiteas ar an gcomhshaol nó an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol.

6.   Ullmhóidh an fíoraitheoir comhshaoil tuarascáil i scríbhinn don eagraíocht, ar tuarascáil í a bhainfidh le torthaí an fhíorúcháin agus ina sonrófar:

(a)

na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an ngníomhaíocht arna cur i gcrích ag an bhfíoraitheoir comhshaoil;

(b)

tuairisc maidir le comhlíonadh cheanglais uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear fianaise thacaíochta, tátail agus conclúidí;

(c)

comparáid idir an méid atá bainte amach agus na spriocanna ar an taobh amháin agus na ráitis ar an gcomhshaol a bhí ann roimhe seo agus an measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil agus an measúnú ar an bhfeabhsú leanúnach feidhmíochta comhshaoil ag an eagraíocht ar an taobh eile;

(d)

más infheidhme, fabhtanna teicniúla san athbhreithniú comhshaoil, sa mhodh iniúchóireachta, sa chóras bainistíochta comhshaoil, nó in aon phróiseas ábhartha eile.

7.   I gcás nach gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo, sonrófar an méid seo a leanas sa tuarascáil chomh maith:

(a)

tátail agus conclúidí maidir le neamhchomhlíonadh ar thaobh na heagraíochta agus fianaise ar a bhfuil na tátail agus na conclúidí sin bunaithe;

(b)

pointí easaontais leis an dréachtráiteas ar an gcomhshaol nó leis an ráiteas nuashonruithe ar an gcomhshaol, agus mionsonraí faoi na leasuithe nó na breisithe ba cheart a dhéanamh ar an ráiteas ar an gcomhshaol nó ar an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol

8.   Tar éis an fíorúchán a dhéanamh, bailíochtóidh an fíoraitheoir comhshaoil ráiteas na heagraíochta ar an gcomhshaol nó ráiteas nuashonraithe na heagraíochta ar an gcomhshaol agus daingneoidh sé go gcomhlíonann sí ceanglais an Rialacháin seo ar choinníoll go ndaingnítear an méid seo a leanas le toradh an fhíorúcháin agus an bhailíochtaithe:

(a)

go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí atá i ráiteas na heagraíochta ar an gcomhshaol nó i ráiteas nuashonraithe na heagraíochta ar an gcomhshaol iontaofa agus ceart agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo;

(b)

nach bhfuil aon fhianaise ann á rá nach gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais dhlíthiúla riachtanacha infheidhme maidir leis an gcomhshaol.

9.   Tar éis an bailíochtú a dhéanamh, eiseoidh an fíoraitheoir comhshaoil dearbhú sínithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII á dhearbhú go ndearnadh an fíorúchán agus an bailíochtú a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh cead ag fíoraitheoirí comhshaoil atá creidiúnaithe nó ceadúnaithe i mBallstát amháin gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a chur i gcrích in aon Bhallstát eile i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo.

Beidh an ghníomhaíocht fíorúcháin nó bailíochtaithe faoi réir mhaoirseachta ag Chomhlacht Creidiúnúchain nó Ceadúnúcháin an Bhallstáit ina bhfuil an ghníomhaíocht le cur i gcrích. Déanfar fógra faoi thús na gníomhaíochta a thabhairt don Chomhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin sin i gcomhréir leis an amchlár a leagtar amach in Airteagal 24(1).

Airteagal 26

Eagraíochtaí beaga a fhíorú agus a bhailíochtú

1.   Nuair a bheidh gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe á gcur i gcrích ag an bhfíoraitheoir comhshaoil, cuirfidh sé saintréithe sonracha eagraíochtaí beaga san áireamh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

línte gearra tuairiscithe;

(b)

foireann ilfheidhme;

(c)

oiliúint ar an láthair oibre;

(d)

an cumas chun oiriúnú go tapa d’athrú; agus

(e)

doiciméadú teoranta maidir le nósanna imeachta.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil fíorúchán nó bailíochtú a chur i gcrích ar shlí nach bhforchuireann ualaí neamhriachtanacha ar eagraíochtaí beaga.

3.   Cuirfidh an fíoraitheoir comhshaoil san áireamh fianaise oibiachtúil á rá go bhfuil córas éifeachtach, lena n-áirítear nósanna imeachta a bheith ann laistigh den eagraíocht ar nósanna imeachta iad atá i gcomhréir le méid agus castacht na hoibríochta, le cineál na dtionchar bainteach ar an gcomhshaol agus le hinniúlacht na n-oibreoirí.

Airteagal 27

Coinníollacha maidir le fíorúchán agus bailíochtú i dtríú tíortha

1.   Féadfaidh fíoraitheoirí comhshaoil atá creidiúnaithe nó ceadúnaithe i mBallstát áirithe gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe a chur i gcrích thar ceann eagraíochta atá suite i dtríú tír agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Sé seachtaine ar a laghad sula ndéanfar fíorúchán nó bailíochtú i dtríú tír, déanfaidh an fíoraitheoir comhshaoil fógra faoi mhionsonraí a chreidiúnaithe nó a cheadúnais agus faoi thráth agus ionad an fhíorúcháin nó an bhailíochtaithe a thabhairt do Chomhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin an Bhallstáit a mbeartaíonn an eagraíocht lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuige ar chlárú nó ina bhfuil an eagraíocht sin cláraithe.

3.   Beidh gníomhaíochtaí fíorúcháin agus bailíochtaithe faoi réir maoirseachta ag Comhlacht Creidiúnaithe nó Ceadúnúcháin an Bhallstáit ina bhfuil an fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe. Déanfar fógra faoi thús na gníomhaíochta a thabhairt don Chomhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin sin i gcomhréir leis an amchlár a leagtar amach i mír 2.

CAIBIDIL VI

COMHLACHTAÍ CREIDIÚNÚCHÁIN AGUS CEADÚNÚCHÁIN

Airteagal 28

Creidiúnúchán agus Ceadúnúchán a Oibriú

1.   Beidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin, arna gceapadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, freagrach as fíoraitheoirí comhshaoil a chreidiúnú agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag fíoraitheoirí comhshaoil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh Ballstáit Comhlacht Ceadúnúcháin a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar comhlacht é a bheidh freagrach as ceadúnais a eisiúint chuig fíoraitheoirí comhshaoil agus as maoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí comhshaoil.

3.   Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan creidiúnú nó ceadúnú daoine nádúrtha mar fhíoraitheoirí comhshaoil a cheadú.

4.   Déanfaidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin measúnú ar inniúlacht fíoraitheora comhshaoil i bhfianaise na nithe a leagtar amach in Airteagal 20, in Airteagal 21 agus in Airteagal 22 agus atá ábhartha do raon feidhme an chreidiúnaithe nó an cheadúnais a iarrtha.

5.   Déanfar raon feidhme chreidiúnú nó cheadúnas na bhfíoraitheoirí comhshaoil a chinneadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Beidh an raon feidhme sin teoranta i gcomhréir le hinniúlacht an fhíoraitheora comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear méid agus castacht na gníomhaíochta san áireamh sa raon feidhme sin.

6.   Bunóidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin nósanna imeachta iomchuí maidir le creidiúnú nó ceadúnú, maidir le creidiúnú nó ceadúnas a dhiúltú, maidir le creidiúnú nó ceadúnas fíoraitheoirí comhshaoil a chur ar fionraí agus a tharraingt siar agus maidir le maoirseacht ar fhíoraitheoirí comhshaoil.

Maidir leis na nósanna imeachta sin, beidh sásraí san áireamh iontu chun tuairimí ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhlachtaí Inniúla agus comhlachtaí ionadaíocha eagraíochtaí, a bhreithniú ar tuairimí iad a bhaineann le hiarratasóirí agus fíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe.

7.   I gcás ina ndiúltófar creidiúnú nó ceadúnas, cuirfidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl don fhíoraitheoir comhshaoil.

8.   Déanfaidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin liosta d’fhíoraitheoirí comhshaoil agus de raon feidhme a gcreidiúnaithe nó a gceadúnais ina mBallstáit a bhunú, a athbhreithniú agus a nuashonrú agus déanfaidh siad, go díreach nó trí na húdaráis náisiúnta arna gcinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, athruithe ar an liosta sin a chur in iúl gach mí don Choimisiún agus do Chomhlacht Inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin suite.

9.   Faoi chuimsiú na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faireachán ar ghníomhaíochtaí mar a leagtar síos in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, déanfaidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin tuarascáil mhaoirseachta a tharraingt suas i gcás ina ndéanfaidh siad ceachtar de na cinntí seo a leanas, tar éis dul i gcomhairle leis an bhfíoraitheoir comhshaoil lena mbaineann:

(a)

nár feidhmíodh gníomhaíochtaí an fhíoraitheora comhshaoil go leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht;

(b)

maidir leis an bhfíorúchán agus an mbailíochtú a rinne an fíoraitheoir comhshaoil, gur cuireadh i gcrích iad de shárú ar cheanglas amháin nó níos mó den Rialachán seo.

Tarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gComhlacht Inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht cláraithe nó ina ndéanann sí iarratas ar chlárú agus, más infheidhme, chuig an gComhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a dheonaigh an creidiúnú nó an ceadúnas.

Airteagal 29

Creidiúnú nó ceadúnas a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1.   Chun an creidiúnú nó an ceadúnas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, beidh gá le comhairliúchán le páirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear an fíoraitheoir comhshaoil, chun an fhianaise riachtanach a sholáthar le go bhféadfaidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a chinneadh a dhéanamh.

2.   Déanfaidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin na cúiseanna leis na bearta a glacadh agus, más iomchuí, an próiseas idirphlé leis an údarás forfheidhmithe inniúil a chur in iúl don fhíoraitheoir comhshaoil.

3.   Déanfar an creidiúnú nó an ceadúnas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go dtí go bhfaighfear deimhniú go bhfuil an fíoraitheoir comhshaoil ag comhlíonadh an Rialacháin seo, mar is iomchuí, ag brath ar chineál agus ar raon na mainneachtana nó an tsáraithe ar cheanglais dhlíthiúla.

4.   Cuirfear fionraí an chreidiúnaithe nó an cheadúnais i leataobh i gcás ina mbeidh faisnéis shásúil faighte ag an gComhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin á rá go gcomhlíonann an fíoraitheoir comhshaoil an Rialachán seo.

Airteagal 30

Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin

1.   Bunófar fóram a bheidh comdhéanta de na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin go léir as gach Ballstát, agus dá ngairfear ‘Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin’ anseo feasta, agus tiocfaidh an fóram sin le chéile ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana i láthair ionadaí ón gCoimisiún.

2.   Is é a bheidh mar chúram ag Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin ná comhréireacht a áirithiú sna nósanna imeachta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

fíoraitheoirí comhshaoil a chreidiúnú nó a cheadúnú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear creidiúnú nó ceadúnas a dhiúltú, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar;

(b)

maoirseacht ar ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag fíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe.

3.   Déanfaidh Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin treoir a fhorbairt maidir le saincheisteanna sa réimse a bhaineann le hinniúlacht na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin.

4.   Glacfaidh Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin a rialacha nós imeachta.

5.   Déanfar na doiciméid treorach dá dtagraítear i mír 3 agus na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 a tharchur chuig an gCoimisiún.

6.   Déanfaidh an Coimisiún doiciméid treorach a bhaineann le nósanna imeachta um chomhchuibhiú arna bhformheas ag Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin a mholadh, de réir mar is iomchuí, lena nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Cuirfear na doiciméid sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 31

Meastóireacht phiaraí ar Chomhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin

1.   Maidir leis an meastóireacht phiaraí a bhaineann le creidiúnú agus ceadúnú fíoraitheoirí comhshaoil faoin Rialachán seo agus atá le heagrú ag Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin, déanfar í ar bhonn rialta, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, agus áireofar inti measúnú ar na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 28 agus in Airteagal 29.

Beidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin go léir rannpháirteach sa mheastóireacht phiaraí.

2.   Déanfaidh Fóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin tuarascáil rialta ar an meastóireacht phiaraí a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig an gCoiste a bhunófar faoi Airteagal 49(1).

Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí tar éis d’Fhóram na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin agus don Choiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír í a fhormheas.

CAIBIDIL VII

RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE BALLSTÁIT

Airteagal 32

Cúnamh d’eagraíochtaí i ndáil le comhlíonadh na gceanglas dlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag eagraíochtaí ar fhaisnéis agus ar dheiseanna cúnaimh maidir le ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol sa Bhallstát sin.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sa chúnamh:

(a)

faisnéis faoi na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol;

(b)

sainaithint na n-údarás forfheidhmithe inniúil le haghaidh cheanglais shonracha dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus a sainaithníodh mar cheanglais atá infheidhme.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt do na Comhlachtaí Inniúla nó d’aon chomhlacht eile ag a bhfuil an saineolas riachtanach agus na hacmhainní iomchuí chun an cúram a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis forfheidhmithe freagra ar iarrataí, ar a laghad ó eagraíochtaí beaga, ar iarrataí iad faoi na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol agus a thagann faoina n-inniúlacht agus go soláthróidh siad faisnéis do na heagraíochtaí maidir leis an gcaoi ina dtaispeánfar conas a chomhlíonann na heagraíochtaí na ceanglais ábhartha dhlíthiúla.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis forfheidhmithe inniúla, maidir le mainneachtain ag eagraíochtaí cláraithe ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol a chomhlíonadh, an mhainneachtain sin a chur in iúl don Chomhlacht Inniúil a chláraigh an eagraíocht.

Cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe inniúil an Comhlacht Inniúil sin ar an eolas a luaithe is féidir agus, ar chuma ar bith, laistigh de mhí amháin tar eis an dáta a dtiocfaidh an mhainneachtain ar a iúl.

Airteagal 33

EMAS a chur chun cinn

1.   Déanfaidh Ballstáit, i gcomhar le Comhlachtaí Inniúla, le húdaráis forfheidhmithe, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, scéim EMAS a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 34 go hAirteagal 38 á gcur san áireamh.

2.   Chuige sin, féadfaidh Ballstáit straitéis cur chun cinn a bhunú agus athbhreithneofar an straitéis sin ar bhonn rialta.

Airteagal 34

Faisnéis

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí:

(a)

chun faisnéis a sholáthar don phobal maidir le cuspóirí agus príomh-chomhpháirteanna EMAS;

(b)

chun faisnéis a sholáthar d’eagraíochtaí maidir le hábhar an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit leas, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as foilseacháin ghairmiúla, irisí áitiúla, feachtais cur chun cinn nó aon mhodh feidhmiúil eile chun feasacht ghinearálta ar EMAS a mhéadú.

Féadfaidh na Ballstáit comhoibriú a dhéanamh le dreamanna eile, go háirithe comhlachais tionsclaíochta, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí comhshaoil, ceardchumainn, forais áitiúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

Airteagal 35

Gníomhaíochtaí cur chun cinn

1.   Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cur chun cinn a chur i gcrích thar ceann EMAS. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna gníomhaíochtaí sin:

(a)

malartú eolais agus dea-chleachtas maidir le EMAS a chur chun cinn i measc na bpáirtithe go léir lena mbaineann;

(b)

uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun EMAS a chur chun cinn agus na huirlisí sin a roinnt le heagraíochtaí;

(c)

tacaíocht theicniúil a sholáthar d’eagraíochtaí maidir lena ngníomhaíochtaí margaíochta a bhaineann le EMAS a shainmhíniú agus a chur chun feidhme;

(d)

comhpháirtíochtaí a spreagadh i measc eagraíochtaí chun EMAS a chur chun cinn.

2.   Féadfaidh na Comhlachtaí Inniúla, na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin, na húdaráis náisiúnta agus geallsealbhóirí eile lógó EMAS a úsáid gan uimhir chlárúcháin chun críocha margaíochta agus cur chun cinn i dtaobh EMAS. I gcásanna den sórt sin, ní thabharfaidh úsáid lógó EMAS a leagtar amach in Iarscríbhinn V le fios go bhfuil an t-úsáideoir cláraithe más rud é nach amhlaidh an cás.

Airteagal 36

Rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga a chur chun cinn

Glacfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga a spreagadh, inter alia tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain ar fhaisnéis agus ar chistí tacaíochta a bheidh oiriúnaithe go speisialta dóibh a éascú;

(b)

a áirithiú go spreagtar a rannpháirtíocht trí tháillí cláraithe réasúnacha;

(c)

bearta cúnaimh theicniúil a chur chun cinn.

Airteagal 37

Cur chuige braislí agus céim ar chéim

1.   Spreagfaidh na Ballstáit údaráis áitiúla chun cúnamh sonrach a sholáthar, i gcomhar le comhlachais tionsclaíochta, comhlachais tráchtala agus páirtithe leasmhara eile, do bhraislí eagraíochtaí chun na ceanglais a bhaineann le clárú dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a chomhlíonadh.

Déanfar gach eagraíocht sa bhraisle a chlárú go leithleach.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit eagraíochtaí chun córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme. Spreagfaidh siad, go háirithe, cur chuige céim ar chéim as a leanfaidh clárúchán EMAS.

3.   Maidir leis na córais arna mbunú de bhun mhír 1 agus mhír 2, oibreoidh siad ar shlí ina seachnófar costais gan ghá ar na rannpháirtithe, go háirithe ar eagraíochtaí beaga.

Airteagal 38

EMAS agus beartais agus ionstraimí eile sa Chomhphobal

1.   Gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail, breithneoidh na Ballstáit conas is féidir clárú faoi EMAS i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

a chur san áireamh agus reachtaíocht nua á forbairt;

(b)

a úsáid mar uirlis le linn reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú;

(c)

a chur san áireamh maidir le soláthar agus ceannach poiblí.

2.   Gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail, go háirithe an reachtaíocht a bhaineann le hiomaíochas, cánachas agus státchabhair, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bearta a ghlacadh a éascóidh d’eagraíochtaí teacht chun bheith cláraithe, nó leanúint de bheith cláraithe, faoi EMAS.

Féadfaidh na nithe seo a leanas, inter alia, a bheith san áireamh sna bearta sin:

(a)

faoiseamh rialála, ionas go measfar, maidir le heagraíocht chláraithe, gur eagraíocht í a chomhlíonann ceanglas dhlíthiúla áirithe maidir leis an gcomhshaol, ar ceanglais iad atá leagtha síos in ionstraimí dlíthiúla eile agus sainaitheanta ag na húdaráis inniúla;

(b)

rialáil níos fearr, lena ndéantar ionstraimí dlíthiúla eile a mhodhnú ionas go ndéantar ualaí ar eagraíochtaí a bheidh rannpháirteach in EMAS a dhíchur, a laghdú nó a shimpliú d’fhonn oibríocht éifeachtúíl na margaí a spreagadh agus an leibhéal iomaíochais a ardú.

Airteagal 39

Táillí

1.   Féadfaidh na Ballstáit táillí a ghearradh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

na costais a thabhófar i dtaca le faisnéis agus cúnamh a dhéanfaidh na comhlachtaí a ainmneoidh nó a bhunóidh na Ballstáit de bhun Airteagal 32 chun na críche sin a sholáthar d’eagraíochtaí;

(b)

na costais a thabhófar i dtaca le creidiúnú, ceadúnú agus maoirseacht fíoraitheoirí comhshaoil;

(c)

na costais a bhaineann le clárú, clárú a athnuachan, fionraí agus scriosadh ag Comhlachtaí Inniúla chomh maith leis na costais bhreise a bhaineann le riaradh na bpróiseas sin le haghaidh eagraíochtaí lasmuigh den Chomhphobal.

Ní rachaidh na táillí sin thar mhéid réasúnach agus beidh siad i gcomhréir le méid na heagraíochta agus leis an obair a bheidh le déanamh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear eagraíochtaí ar an eolas maidir leis na táillí uile atá infheidhme.

Airteagal 40

Neamhchomhlíonadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta dlíthiúla agus riaracháin iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit forálacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm in aghaidh úsáid lógó EMAS de shárú ar an Rialachán seo.

Féadfar forálacha a úsáid a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó i dtaca le tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach (12).

Airteagal 41

Faisnéis agus tuairisciú don Choimisiún

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin struchtúr agus faoi na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmiú na gComhlachtaí Inniúla agus na gComhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin, más iomchuí.

2.   Uair amháin gach dhá bhliain, déanfaidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe ar na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a thuairisciú don Choimisiún.

Sna tuarascálacha sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an tuarascáil is déanaí arna tíolacadh ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 47.

CAIBIDIL VIII

RIALACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN GCOIMISIÚN

Airteagal 42

Faisnéis

1.   Déanfaidh an Coimisiún:

(a)

faisnéis a sholáthar don phobal maidir le cuspóirí agus príomh-chomhpháirteanna EMAS;

(b)

faisnéis a sholáthar d’eagraíochtaí maidir le hábhar an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chothabháil agus a chur ar fáil go poiblí:

(a)

clár fíoraitheoirí comhshaoil agus eagraíochtaí cláraithe;

(b)

bunachar sonraí de ráitis ar an gcomhshaol i bhformáid leictreonach;

(c)

bunachar sonraí dea-chleachtas maidir le EMAS, lena n-áirítear inter alia uirlisí éifeachtacha chun EMAS a chur chun cinn agus samplaí de thacaíocht theicniúil d’eagraíochtaí;

(d)

liosta de na hacmhainní Comhphobail chun cur chun feidhme EMAS agus tionscadail ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara a mhaoiniú.

Airteagal 43

Comhoibriú agus comhordú

1.   Déanfaidh an Coimisiún comhoibriú idir na Ballstáit a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí, go háirithe chun go mbainfear amach cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhréireach na rialacha ar fud an Chomhphobail maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

clárú eagraíochtaí;

(b)

fíoraitheoirí comhshaoil;

(c)

an fhaisnéis agus an cúnamh dá dtagraítear in Airteagal 32.

2.   Gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail maidir le soláthar poiblí, tagróidh an Coimisiún agus institiúidí agus comhlachtaí eile an Chomhphobail, i gcás inarb iomchuí, do EMAS nó do chórais bainistíochta eile comhshaoil a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 45, nó do chórais chomhionanna, mar choinníollacha feidhmíochta conartha do chonarthaí oibreacha agus do chonarthaí seirbhíse.

Airteagal 44

EMAS a lánpháirtiú i mbeartais agus in ionstraimí eile sa Chomhphobal

Breithneoidh an Coimisiún conas is féidir clárú faoi EMAS i gcomhréir leis an Rialachán seo:

1.

a chur san áireamh le linn forbairt a dhéanamh ar reachtaíocht nua agus athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht reatha, go háirithe i bhfoirm faoisimh rialála agus rialáil níos fearr mar a thuairiscítear in Airteagal 38(2);

2.

a úsáid mar uirlis i gcomhthéacs chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú na reachtaíochta.

Airteagal 45

Gaolmhaireacht le córais bhainistíochta comhshaoil eile

1.   Féadfaidh na Ballstáit iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin á iarraidh go dtabharfar aitheantas do chórais bhainistíochta comhshaoil atá ann cheana, nó do chodanna díobh, ar córais nó codanna iad a ndeimhnítear ina leith, i gcomhréir le nósanna imeachta deimhniúcháin iomchuí a aithnítear ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, gur córais nó gur codanna iad a chomhlíonann ceanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na codanna ábhartha de na córais bhainistíochta comhshaoil agus na ceanglais chomhfhreagracha den Rialachán seo a shonrú ina n-iarraidh.

3.   Soláthróidh na Ballstáit fianaise ar chomhionannas leis an Rialachán seo i gcás na gcodanna ábhartha uile den chóras bainistíochta comhshaoil lena mbaineann.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, agus ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 49(2), aitheantas a thabhairt do na codanna ábhartha de na córais bhainistíochta comhshaoil agus aitheantas a thabhairt do na ceanglais chreidiúnúcháin nó cheadúnúcháin do na comhlachtaí deimhniúcháin má tá sé den tuairim, maidir le Ballstát:

(a)

go bhfuil na codanna ábhartha de na córais bhainistíochta comhshaoil agus na ceanglais chomhfhreagracha den Rialachán seo sonraithe sách soiléir aige san iarraidh;

(b)

go ndearna sé dóthain fianaise a sholáthar ar chomhionannas leis an Rialachán seo i gcás na gcodanna ábhartha uile den chóras bainistíochta comhshaoil atá i gceist.

5.   Déanfaidh an Coimisiún tagairtí na gcóras bainistíochta shainaitheanta comhshaoil, lena n-áirítear na ranna ábhartha de EMAS dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm ag na tagairtí sin maidir leo, agus na ceanglais aitheanta chreidiúnúcháin nó cheadúnúcháin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 46

Doiciméid tagartha agus treoirleabhair a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstáit agus le geallsealbhóirí eile, doiciméid tagartha earnála a fhorbairt agus áireofar an méid seo a leanas iontu:

(a)

an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr;

(b)

táscairí feidhmíochta comhshaoil d’earnálacha sonracha;

(c)

i gcás inarb iomchuí, tagarmharcanna maidir le feabhas agus córais rátála lena sainaithnítear leibhéil feidhmíochta chomhshaoil.

Féadfaidh an Coimisiún doiciméid tagartha a fhorbairt freisin le haghaidh úsáide trasearnála.

2.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na doiciméid tagartha reatha agus na táscairí feidhmíochta comhshaoil arna bhforbairt i gcomhréir le beartais agus ionstraimí eile comhshaoil i gcaighdeáin an Chomhphobail nó i gcaighdeáin idirnáisiúnta.

3.   Faoi dheireadh 2010, bunóidh an Coimisiún plean oibre ina leagfar amach liosta táscach de na hearnálacha a measfar ina leith gur tosaíochtaí iad maidir le doiciméid tagartha earnála agus trasearnála a ghlacadh.

Cuirfear an plean oibre ar fáil go poiblí agus nuashonrófar go rialta é.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Fóram na gComhlachtaí Inniúla, treoirleabhar a fhorbairt maidir le clárú eagraíochtaí lasmuigh den Chomhphobal.

5.   Foilseoidh an Coimisiún treoirleabhar d’úsáideoirí ina leagfar amach na bearta is gá chun bheith rannpháirteach in EMAS.

Beidh an treoirleabhar sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus beidh sé ar fáil ar líne.

6.   Déanfar doiciméid arna bhforbairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 4 a thíolacadh lena nglacadh. Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Airteagal 47

Tuairisciú

Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, ar tuarascáil í ina mbeidh faisnéis faoi na gníomhartha agus na bearta a rinneadh faoin gCaibidil seo agus faisnéis a bheidh faighte ó na Ballstáit de bhun Airteagal 41.

Áireofar sa tuarascáil measúnú ar thionchar na scéime ar an gcomhshaol agus measúnú ar an treocht i dtéarmaí líon na rannpháirtithe.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú, más gá nó más iomchuí, i bhfianaise na taithí a fhaightear agus EMAS á oibriú, mar fhreagra ar riachtanais shainaitheanta treorach maidir le ceanglais EMAS agus i bhfianaise aon athruithe i gcaighdeáin idirnáisiúnta nó i bhfianaise caighdeán nua ar nithe iad atá ábhartha maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo.

2.   Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Airteagal 49

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 50

Athbhreithniú

Faoin 11 Eanáir 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar EMAS i bhfianaise na taithí a fhaightear agus é á oibriú agus i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta. Cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha a tharchuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 47.

Airteagal 51

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairfear na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 761/2001;

(b)

Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2001 maidir le treoir do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (13);

(c)

Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún an 1 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid lógó EMAS sna cásanna eisceachtúla a bhaineann le pacáistíocht iompair agus pacáistíocht treasaí (14).

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

leanfaidh na Comhlachtaí náisiúnta Creidiúnúcháin agus na Comhlachtaí Inniúla náisiúnta arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 dá ngníomhaíochtaí. Déanfaidh na Ballstáit na nósanna imeachta a leanann na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus na Comhlachtaí Inniúla a mhodhnú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na córais lena gcuirtear na nósanna imeachta modhnaithe chun feidhme feidhmiúil go hiomlán faoin 11 Eanáir 2011;

(b)

maidir le heagraíochtaí a chlárófar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, fanfaidh siad ar chlár EMAS. An tráth a ndéanfar an chéad fhíorú eile ar eagraíocht, seiceálfaidh an fíoraitheoir comhshaoil ar chomhlíon an eagraíocht ceanglais nua an Rialacháin seo. Má tá an chéad fhíorú eile le déanamh roimh an 11 Iúil 2010, féadfar fadú sé mhí a chur le dáta an chéad fhíoraithe eile ach comhaontú a bheith déanta leis an bhfíoraitheoir comhshaoil agus leis na Comhlachtaí Inniúla;

(c)

féadfaidh fíoraitheoirí comhshaoil a bheidh creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 leanúint dá ngníomhaíochtaí a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 52

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Å. TORSTENSSON


(1)  Tuairim an 25 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 120, 28.5.2009, lch. 56.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Deireadh Fomhair 2009.

(4)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(5)  IO L 114, 24.4.2001, lch. 1.

(6)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(7)  IO L 247, 17.9.2001, lch. 1.

(8)  IO L 184, 23.7.2003, lch. 19.

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(10)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(12)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(13)  IO L 247, 17.9.2001, lch. 24.

(14)  IO L 70, 9.3.2006, lch. 63.


IARSCRÍBHINN I

ATHBHREITHNIÚ COMHSHAOIL

Leis an athbhreithniú comhshaoil, cumhdófar na réimsí seo a leanas:

1.

Sainaithint na gceanglas infheidhme dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol.

Chomh maith le liosta de cheanglais infheidhme dhlíthiúla a bhunú, tabharfaidh an eagraíocht léiriú, freisin, i dtaobh conas is féidir fianaise a sholáthar á rá go bhfuil na ceanglais éagsúla á gcomhlíonadh aici.

2.

Gach gné chomhshaoil, idir dhíreach agus neamhdhíreach, ag a bhfuil tionchar suntasach ar an gcomhshaol a shainaithint, agus iad cáilithe agus cainníochtaithe mar is iomchuí agus clár a thiomsú de na gnéithe sin a shainaithnítear mar ghnéithe suntasacha.

Breithneoidh eagraíocht na saincheisteanna seo a leanas le linn suntasacht gné comhshaoil a mheasúnú:

(i)

an cumas maidir le dochar a dhéanamh don chomhshaol;

(ii)

leochaileacht an chomhshaoil áitiúil, réigiúnaigh nó dhomhanda;

(iii)

méid, líon, minicíocht agus inaisathraitheacht na gné nó an tionchair;

(iv)

reachtaíocht chomhshaoil ábhartha a bheith ann agus ceanglais na reachtaíochta sin;

(v)

tábhacht na gné lena mbaineann, dar leis na geallsealbhóirí agus le fostaithe na heagraíochta;

(a)

Gnéithe díreacha comhshaoil

Baineann gnéithe díreacha comhshaoil le gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí na heagraíochta féin ar nithe iad a bhfuil rialú díreach bainistíochta aici ina leith.

Beidh ar gach eagraíocht breithniú a dhéanamh ar ghnéithe díreacha a gcuid oibríochtaí.

Baineann gnéithe díreacha comhshaoil leis an méid seo a leanas ach, ach níl siad teoranta dóibh:

(i)

ceanglais dhlíthiúla agus teorainneacha ceada;

(ii)

astaíochtaí isteach san aer;

(iii)

scaoiltí isteach san uisce;

(iv)

dramhaíl sholadach agus dramhaíl eile, go háirithe dramhaíl ghuaiseach, a tháirgeadh, a athchúrsáil, a athúsáid, a iompar agus a dhiúscairt;

(v)

úsáid agus éilliú talún;

(vi)

úsáid acmhainní nádúrtha agus amhábhar (lena n-áirítear fuinneamh);

(vii)

úsáid breiseán agus cúntóirí mar aon le húsáid earraí leathmhonaraithe;

(viii)

saincheisteanna áitiúla (torann, tonnchrith, boladh, deannach, cuma don tsúil, etc.);

(ix)

saincheisteanna iompair (i gcás earraí agus seirbhísí araon);

(x)

rioscaí maidir le tionóiscí comhshaoil agus tionchar ar an gcomhshaol a thiocfadh chun cinn, nó ar dóigh go dtiocfaidh siad chun cinn, de dhroim teagmhas, tionóiscí agus staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;

(xi)

éifeachtaí ar bhithéagsúlacht.

(b)

Gnéithe neamhdhíreacha comhshaoil

Is féidir le gnéithe neamhdhíreacha comhshaoil a bheith ann mar thoradh ar idirghníomhú eagraíochta le tríú páirtithe, ar idirghníomhú é ar féidir leis an eagraíocht a bhfuil clárúchán EMAS á lorg aici tionchar a bheith aici air, go feadh méid réasúnaigh.

I gcás eagraíochtaí neamhthionsclaíocha, amhail údaráis áitiúla nó forais airgeadais, tá sé riachtanach go mbreithneoidís freisin na gnéithe comhshaoil a bhaineann lena bpríomhghnó. Ní leor fardal atá teoranta do na gnéithe comhshaoil de láithreán agus de shaoráidí na heagraíochta.

Áirítear na nithe seo a leanas i measc na ngnéithe sin, ach níl siad teoranta dóibh:

(i)

saincheisteanna a bhaineann le saolré táirge (dearadh, forbairt, pacáistíocht, iompar, úsáid agus aisghabháil/diúscairt dramhaíola);

(ii)

infheistíochtaí caipitil, iasachtaí a dheonú agus seirbhísí árachais;

(iii)

margaí nua;

(iv)

rogha agus comhdhéanamh seirbhísí (e.g. iompar nó an trádáil lónadóireachta);

(v)

cinntí riaracháin agus cinntí pleanála;

(vi)

comhdhéanaimh raon táirgí;

(vii)

feidhmíocht chomhshaoil agus cleachtais chomhshaoil conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí.

Ní mór d’eagraíochtaí a bheith in ann a léiriú go ndearnadh na gnéithe suntasacha comhshaoil a bhaineann lena nósanna imeachta fála a shainaithint agus go bhfuil aghaidh tugtha laistigh den chóras bainistíochta ar na tionchair shuntasacha a bhaineann leis na gnéithe sin. Ba cheart don eagraíocht féachaint lena áirithiú go gcomhlíonann na soláthróirí, agus go gcomhlíonann siad siúd a ghníomhaíonn thar ceann na heagraíochta, beartas comhshaoil na heagraíochta i gcomhréir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích i ndáil leis an gconradh.

I gcás na ngnéithe neamhdhíreacha comhshaoil seo, déanfaidh an eagraíocht breithniú i dtaobh cén méid tionchair is féidir léi a bheith aici ar na gnéithe sin, agus cad iad na bearta is féidir a dhéanamh chun an tionchar comhshaoil a laghdú.

3.

Tuairisc ar na critéir maidir le suntasacht an tionchair ar an gcomhshaol a mheasúnú

Déanfaidh eagraíocht sainiú ar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar shuntasacht na ngnéithe comhshaoil dá cuid gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, chun a chinneadh cé na cinn a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol.

Cuirfear reachtaíocht Chomhphobail san áireamh sna critéir a fhorbróidh eagraíocht agus beidh na critéir sin cuimsitheach, beifear in ann seiceáil neamhspleách a dhéanamh ina leith, beidh siad in-atáirgthe agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa bhreithniú a dhéanfar le linn na critéir a bhunú chun suntasacht gnéithe comhshaoil eagraíochta a mheasúnú, ach ní bheidh an breithniú sin teoranta don mhéid seo amháin:

(a)

faisnéis faoi bhail an chomhshaoil d’fhonn gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí de chuid na heagraíochta a bhféadfadh tionchar ar an gcomhshaol a bheith ag baint leo a shainaithint;

(b)

na sonraí atá ag an eagraíocht cheana maidir le hionchuir ábharacha agus ionchuir fuinnimh, eisiltigh, dramhaíl agus astaíochtaí i dtéarmaí riosca;

(c)

tuairim páirtithe leasmhara;

(d)

gníomhaíochtaí comhshaoil na heagraíochta a bhfuil rialáil á déanamh orthu;

(e)

gníomhaíochtaí fála seirbhísí agus earraí;

(f)

táirgí na heagraíochta a dhearadh, a fhorbairt, a mhonarú, a dháileadh, a sheirbhísiú, a úsáid, a athúsáid, a athchúrsáil agus a dhiúscairt;

(g)

na gníomhaíochtaí sin de chuid na heagraíochta lena mbaineann na costais chomhshaoil agus na tairbhí comhshaoil is suntasaí.

Agus measúnú á dhéanamh ar shuntasacht thionchair chomhshaoil ghníomhaíochtaí na heagraíochta, smaoineoidh an eagraíocht ní hamháin ar ghnáthdhálaí oibríochta ach smaoineoidh sí freisin ar dhálaí tionscnaimh agus múchta agus ar dhálaí éigeandála atá réasúnta réamh-intuartha. Cuirfear san áireamh gníomhaíochtaí san am a caitheadh, gníomhaíochtaí san am i láthair agus gníomhaíochtaí pleanáilte.

4.

Scrúdú ar gach cleachtas agus ar gach nós imeachta bainistíochta comhshaoil atá ann.

5.

Meastóireacht ar aiseolas ón imscrúdú ar theagmhais roimhe seo.


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le córais bhainistíochta comhshaoil agus saincheisteanna breise a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu ag eagraíochtaí a mbeidh EMAS á chur chun feidhme acu

Is iad na ceanglais maidir le córais bhainistíochta comhshaoil faoi EMAS na ceanglais sin a leagtar síos i Roinn 4 de chaighdeán EN ISO 14001:2004. Déantar na ceanglais sin a atáirgeadh sa cholún clé den tábla thíos, arb é Cuid A den Iarscríbhinn seo é.

De bhreis air sin, ceanglaítear ar eagraíochtaí cláraithe aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna breise a bhfuil nasc díreach acu le roinnt gnéithe de Roinn 4 de chaighdeán EN ISO 14001:2004. Tá na ceanglais bhreise sin liostaithe sa cholún ar dheis thíos, arb é Cuid B den Iarscríbhinn seo é.

CUID A

ceanglais maidir le córais bhainistíochta comhshaoil faoi EN ISO 14001:2004

CUID B

saincheisteanna breise a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu ag eagraíochtaí a mbeidh EMAS á chur chun feidhme acu

Déanfaidh eagraíochtaí a bheidh rannpháirteach sa scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) ceanglais EN ISO 14001:2004, a thuairiscítear i Roinn 4 den Chaighdeán Eorpach (1) agus a atáirgtear ina n-iomláine thíos, a chur chun feidhme:

 

A.

Ceanglais maidir le córais bhainistíochta comhshaoil

 

A.1.

Ceanglais ghinearálta

 

Déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme, a chothabháil agus a fheabhsú go leanúnach i gcomhréir le ceanglais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta seo agus cinnfidh sí conas a chomhlíonfaidh sí na ceanglais sin.

 

Déanfaidh an eagraíocht raon feidhme a córais bainistíochta comhshaoil a shainiú agus a dhoiciméadú.

 

A.2.

Beartas comhshaoil

 

Déanfaidh an lucht ardbhainistíochta beartas comhshaoil na heagraíochta a shainiú agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas laistigh de raon feidhme sainithe chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta:

 

(a)

go mbeidh an beartas sin oiriúnach do chineál, do scála agus do thionchair chomhshaoil ghníomhaíochtaí, tháirgí agus sheirbhísí na heagraíochta;

 

(b)

go n-áireofar sa bheartas sin tiomantas maidir le feabhsú leanúnach agus cosc ar thruailliú;

 

(c)

go n-áireofar sa bheartas tiomantas maidir le comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil atá infheidhme agus ceanglas eile a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo agus a bhaineann lena gnéithe comhshaoil;

 

(d)

go soláthrófar creat leis an mbeartas chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a shocrú agus a athbhreithniú;

 

(e)

go ndéanfar an beartas a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

 

(f)

go gcuirfear an beartas in iúl do gach aon duine atá ag obair don eagraíocht nó thar a ceann; agus

 

(g)

go mbeidh an beartas ar fáil don phobal.

 

A.3.

Pleanáil

 

A.3.1.

Gnéithe comhshaoil

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil:

 

(a)

chun na gnéithe comhshaoil dá cuid gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí laistigh de raon feidhme sainithe an chórais bainistíochta comhshaoil a shainaithint ar gnéithe iad ar féidir léi iad a rialú agus chun na gnéithe sin ar féidir léi tionchar a bheith aici orthu a shainaithint, agus forbairtí pleanáilte nó forbairtí nua, nó gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua nó modhnaithe á gcur san áireamh; agus

 

(b)

chun na gnéithe sin a bhfuil, nó a bhféadfadh, tionchar suntasach nó tionchair shuntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol a chinneadh (i.e. gnéithe suntasacha comhshaoil).

 

Déanfaidh an eagraíocht an fhaisnéis seo a dhoiciméadú agus coimeádfaidh sí cothrom le dáta í.

 

Áiritheoidh an eagraíocht go gcuirfear na gnéithe suntasacha comhshaoil san áireamh le linn di a córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil.

 

 

B.1.

Athbhreithniú comhshaoil

Déanfaidh na heagraíochtaí athbhreithniú comhshaoil tosaigh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun a ngnéithe comhshaoil a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ina leith agus chun na ceanglais dhlíthiúla atá infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol a shainaithint.

 

Déanfaidh na heagraíochtaí atá lasmuigh den Chomhphobal tagairt freisin do na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá infheidhme maidir le heagraíochtaí dá samhail sna Ballstáit ina mbeartaíonn siad iarratas a chur isteach.

A.3.2.

Ceanglais dhlíthiúla agus ceanglais eile

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil:

 

(a)

chun na ceanglais dhlíthiúla agus na ceanglais eile atá infheidhme, a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo agus a bhaineann lena gnéithe comhshaoil a shainaithint agus chun rochtain a bheith aici ar na nithe sin; agus

 

(b)

chun a chinneadh conas a bhaineann na ceanglais sin lena gnéithe comhshaoil.

 

Áiritheoidh an eagraíocht go ndéanfar na ceanglais dhlíthiúla infheidhme agus na ceanglais eile a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo a chur san áireamh le linn a córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil.

 

 

B.2.

Comhlíonadh an dlí

 

Beidh ar eagraíochtaí ar mian leo clárú faoi EMAS a bheith in ann a thaispéaint:

 

(1)

go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla uile atá infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol, ar ceanglais iad a sainaithníodh le linn an athbhreithnithe comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn I, sainaitheanta acu agus go bhfuil impleachtaí uile na gceanglas sin don eagraíocht ar eolas acu.

 

(2)

go bhfuil foráil déanta maidir le comhlíonadh an dlí i dtaca le reachtaíocht chomhshaoil de, lena n-áirítear ceadanna agus teorainneacha ceada; agus

 

(3)

go bhfuil nósanna imeachta curtha i bhfeidhm acu lena gcumasaítear don eagraíocht na ceanglais sin a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

A.3.3.

Cuspóirí, spriocanna agus clár/cláir

 

Déanfaidh an eagraíocht cuspóirí agus spriocanna doiciméadaithe comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil le haghaidh feidhmeanna ábhartha agus ar leibhéil ábhartha laistigh den eagraíocht.

 

Beidh na cuspóirí agus na spriocanna intomhaiste, i gcás ina mbeidh sé sin indéanta, agus beidh siad comhréireach leis an mbeartas comhshaoil, lena n-áirítear na gealltanais maidir le cosc a chur ar thruailliú, na ceanglais dhlíthiúla atá infheidhme agus ceanglais eile a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo a chomhlíonadh, agus feabhas leanúnach a dhéanamh.

 

Nuair atá a cuid cuspóirí agus spriocanna á mbunú agus á n-athbhreithniú, déanfaidh eagraíocht na ceanglais dhlíthiúla agus na ceanglais eile a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo, agus a gnéithe suntasacha comhshaoil, a chur san áireamh. Breithneoidh sí, freisin, a roghanna teicneolaíochta, a ceanglais airgeadais, oibríochta agus gnó, agus tuairimí páirtithe leasmhara.

 

Déanfaidh an eagraíocht clár/cláir a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a cuspóirí agus a spriocanna a bhaint amach. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chlár/sna cláir:

 

(a)

ainmniú freagrachta as cuspóirí agus spriocanna a bhaint amach i gcás feidhmeanna ábhartha agus leibhéal ábhartha den eagraíocht; agus

 

(b)

na modhanna agus an t-amscála faoina mbainfear amach iad.

 

 

B.3.

Feidhmíocht chomhshaoil

 

(1)

Beidh ar eagraíochtaí ina ann a thaispeáint go ndíríonn an córas bainistíochta agus na nósanna imeachta maidir le hiniúchadh ar fheidhmíocht chomhshaoil iarbhír na heagraíochta i ndáil le gnéithe díreacha agus gnéithe neamhdhíreacha a shainaithneofar san athbhreithniú comhshaoil faoi Iarscríbhinn I.

 

(2)

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe bainistíochta, déanfar meastóireacht ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta i gcomparáid lena cuid cuspóirí agus spriocanna. Cuirfidh an eagraíocht de cheangal uirthi féin, freisin, feabhas leanúnach a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil. Agus í á dhéanamh amhlaidh, féadfaidh an eagraíocht a gníomh a bhunú ar chláir áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta comhshaoil.

 

(3)

Ní fhéadfaidh gur cuspóirí comhshaoil a bheidh sna modhanna chun na cuspóirí agus na spriocanna a bhaint amach. Má tá láithreán amháin nó níos mó ag eagraíocht, comhlíonfaidh gach láithreán faoi seach a bhfuil EMAS infheidhme ina leith gach ceanglas de chuid EMAS, lena n-áireofar feabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.

A.4.

Cur chun feidhme agus oibriú

 

A.4.1.

Acmhainní, róil, freagracht agus údarás

 

Áiritheoidh an lucht bainistíochta go mbeidh acmhainní ar fáil atá riachtanach chun an córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme, a chothabháil agus a fheabhsú. Áirítear sna hacmhainní sin acmhainní daonna agus speisialaithe, bonneagar eagraíochta, teicneolaíocht agus acmhainní airgeadais.

 

Déanfar róil, freagrachtaí agus údaráis a shainiú, a dhoiciméadú agus a chur in iúl chun bainistíocht chomhshaoil éifeachtach a éascú.

 

Ceapfaidh ardbhainistíocht na heagraíochta ionadaí bainistíochta sonrach/ionadaithe bainistíochta sonracha agus, gan féachaint do fhreagrachtaí eile, beidh róil, freagrachtaí agus údarás sainithe ag an ionadaí/na hionadaithe sin maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

a áirithiú go ndéanfar córas bainistíochta comhshaoil a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le ceanglais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta seo;

 

(b)

tuairisciú a dhéanamh don ardbhainistíocht faoi fheidhmíocht an chórais bainistíochta comhshaoil i ndáil le hathbhreithniú, lena n-áirítear moltaí maidir le feabhsú.

 

A.4.2.

Inniúlacht, oiliúint agus feasacht

B.4.

Rannpháirtíocht na bhfostaithe

 

(1)

Ba cheart don eagraíocht a chur in iúl gurb ionann rannpháirtíocht ghníomhach na bhfostaithe agus fórsa tiomána agus gurb ionann í freisin agus réamhriachtanas i gcomhair feabhsúcháin leanúnaigh, rathúil comhshaoil agus, chomh maith leis sin, gur acmhainn thábhachtach í ó thaobh feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil agus, freisin gurbh é an modh ceart é chun bonn a chur faoin gcóras bainistíochta agus iniúchta comhshaoil san eagraíocht ar bhealach rathúil.

 

(2)

Folaíonn an téarma ‘rannpháirtíocht na bhfostaithe’ rannpháirtíocht na bhfostaithe aonair agus a gcuid ionadaithe agus faisnéis a chur ar fáil dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh scéim rannpháirtíochta fostaithe ann ar gach leibhéal. Ba cheart go gcuirfeadh an eagraíocht in iúl gur réamhriachtanas iad tiomantas, freagrúlacht agus tacaíocht ghníomhach ón lucht bainistíochta má tá rath le bheith ar na próisis sin. Sa chomhthéacs sin, ní mór béim a chur ar an ngá atá le haiseolas ón lucht bainistíochta chuig na fostaithe.

Áiritheoidh an eagraíocht maidir le haon duine nó aon daoine a bheidh ag feidhmiú tascanna di nó thar a ceann ar tascanna iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tionchar suntasach/tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol de réir mar a bheidh sainaitheanta ag an eagraíocht, go mbeidh an duine nó na daoine sin inniúil ar bhonn oideachais, oiliúna nó taithí iomchuí, agus coimeádfaidh sí taifid ghaolmhara.

 

Sainaithneoidh an eagraíocht riachtanais oiliúna a bhaineann lena gnéithe comhshaoil agus lena córas bainistíochta comhshaoil. Soláthróidh sí oiliúint nó déanfaidh sí gníomh eile chun na riachtanais sin a chomhlíonadh agus coimeádfaidh sí taifid ghaolmhara.

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun daoine a bheidh ag obair di nó thar a ceann a chur ar an eolas maidir leis na méid seo a leanas:

 

(a)

an tábhacht a bhaineann le comhréireacht leis an mbeartas comhshaoil agus leis na nósanna imeachta comhshaoil, agus le ceanglais an chórais bainistíochta comhshaoil;

 

(b)

na gnéithe suntasacha comhshaoil agus na tionchair ghaolmhara a bhaineann lena gcuid oibre, idir thionchair iarbhír agus thionchair ionchasacha, agus na tairbhí comhshaoil a bhaineann le feidhmíocht phearsanta fheabhsaithe;

 

(c)

a gcuid ról agus freagrachtaí maidir le comhréireacht le ceanglais an chórais bainistíochta comhshaoil a bhaint amach; agus

 

(d)

na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá n-imeofaí ó nósanna imeachta sonraithe.

 

 

(3)

De bhreis ar na ceanglais sin, beidh fostaithe rannpháirteach sa phróiseas atá dírithe ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta a fheabhsú ar bhonn leanúnach tríd an méid seo a leanas a chur i gcrích:

 

(a)

an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh, an anailís ar an status quo agus bailiú agus fíorú faisnéise;

 

(b)

córas bainistíochta agus iniúchta comhshaoil a bhunú agus a chur chun feidhme, rud a chuirfidh feabhas ar fheidhmíocht chomhshaoil;

 

(c)

coistí comhshaoil chun faisnéis a bhailiú agus rannpháirtíocht an oifigigh comhshaoil/ionadaithe lucht bainistíochta agus fostaithe agus a gcuid ionadaithe a áirithiú;

 

(d)

meithleacha compháirteacha don chlár gníomhaíochta comhshaoil agus iniúchadh comhshaoil;

 

(e)

leathnú ar na ráitis ar an gcomhshaol.

 

(4)

Ba cheart cineálacha iomchuí rannpháirtíochta, amhail córas leabhar moltaí nó grúpoibreacha tionscadalbhunaithe nó coistí comhshaoil, a úsáid chun na críche sin. Tabharfaidh eagraíochtaí dá n-aire an treoir ón gCoimisiún faoin dea-chleachtas sa réimse seo. I gcás ina n-iarrfaidh siad amhlaidh, beidh aon ionadaithe fostaithe rannpháirteach freisin.

A.4.3.

Cumarsáid

 

Maidir lena gnéithe comhshaoil agus maidir lena córas bainistíochta comhshaoil, déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil maidir leis an meid seo a leanas:

 

(a)

cumarsáid inmheánach i measc leibhéal éagsúil agus fheidhmeanna éagsúla na heagraíochta;

 

(b)

cumarsáid ábhartha ó pháirtithe leasmhara seachtracha a fháil agus a dhoiciméadú agus freagra a thabhairt ar an gcumarsáid sin;

 

Cinnfidh an eagraíocht an ndéanfaidh sí cumarsáid go seachtrach faoina gnéithe suntasacha comhshaoil agus déanfaidh sí doiciméadú ar an gcinneadh sin. Má chinntear cumarsáid a dhéanamh, déanfaidh an eagraíocht modh(anna) a bhunú agus a chur chun feidhme don chumarsáid sheachtrach seo.

 

 

B.5.

Cumarsáid

 

(1)

Beidh eagraíochtaí ábalta a thaispeáint go bhfuil idirphlé oscailte ann leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear pobail áitiúla agus custaiméirí, ar idirphlé é a bhaineann leis an tionchar a bheidh ag a ngníomhaíochtaí, ag a dtáirgí agus ag a seirbhísí ar an gcomhshaol agus ar idirphlé é atá dírithe ar údair imní an phobail i gcoitinne agus na bpáirtithe leasmhara eile a shainaithint.

 

(2)

Is fachtóirí tábhachtacha iad an oscailteacht, an trédhearcacht agus soláthar tréimhsiúil faisnéise comhshaoil chun EMAS a idirdhealú ó scéimeanna eile. Tá na fachtóirí sin tábhachtach, freisin, don eagraíocht chun muinín a chruthú i measc páirtithe leasmhara.

 

(3)

Soláthraíonn EMAS solúbthacht chun deis a thabhairt d’eagraíochtaí faisnéis ábhartha a dhíriú ar lucht éisteachta sonrach agus chun a áirithiú, an an am céanna, go mbeidh an fhaisnéis go léir ar fáil dóibh sin a bhfuil gá acu léi.

A.4.4.

Doiciméadacht

 

Áireofar an méid seo a leanas i ndoiciméadacht an chórais bainistíochta comhshaoil:

 

(a)

an beartas comhshaoil, na cuspóirí comhshaoil agus na spriocanna comhshaoil;

 

(b)

tuairisc ar raon feidhme an chórais bainistíochta comhshaoil;

 

(c)

tuairisc ar phríomheilimintí an chórais bainistíochta comhshaoil agus ar an idirghníomhú eatarthu, agus tagairt do dhoiciméid ghaolmhara;

 

(d)

doiciméid, lena n-áirítear taifid, a éilítear leis an Caighdeán Idirnáisiúnta seo; agus

 

(e)

doiciméid, lena n-áirítear taifid, a hcinnfidh an eagraíocht ina leith go bhfuil gá leo chun pleanáil, oibriú agus rialú éifeachtach na bpróiseas a bhaineann lena gnéithe suntasacha comhshaoil a áirithiú.

 

A.4.5.

Rialú ar dhoiciméid

 

Déanfar rialú ar dhoiciméid a éilítear leis an gcóras bainistíochta comhshaoil agus leis an Caighdeán Idirnáisiúnta seo. Is doiciméad de chineál speisialta iad taifid agus déanfar iad a rialú i gcomhréir leis na ceanglais a thugtar i bpointe A.5.4.

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

doiciméid a cheadú ó thaobh leordhóthanachta roimh iad a eisiúint;

 

(b)

doiciméid a athbhreithniú agus a nuashonrú, de réir mar is gá, agus iad a athcheadú;

 

(c)

a áirithiú go ndéantar athruithe agus an stádas reatha maidir le hathbhreithniú na ndoiciméad a shainaithint;

 

(d)

a áirithiú go bhfuil na leaganacha ábhartha de na doiciméid infheidhme ar fáil ag pointí úsáide;

 

(e)

a áirithiú go bhfuil na doiciméid inléite agus inaitheanta go héasca i gcónaí;

 

(f)

a áirithiú go ndéantar doiciméid de bhunadh seachtrach ar doiciméid iad a gcinneann an eagraíocht ina leith go bhfuil siad riachtanach do phleanáil agus d’oibriú an chórais bainistíochta comhshaoil a shainaithint agus go ndéantar dáileadh na ndoiciméad sin a rialú; agus

 

(g)

cosc a chur le húsáid neamhbheartaithe doiciméad atá imithe as feidhm agus sainaitheantas oiriúnach a chur i bhfeidhm maidir leo má choimeadtar iad chun aon chríche.

 

A.4.6.

Rialú oibríochta

 

Déanfaidh an eagraíocht na hoibríochtaí sin a bhaineann leis na gnéithe suntasacha comhshaoil atá sainaitheanta a shainaithint agus a phleanáil, i gcomhréir lena beartas comhshaoil, lena cuspóirí comhshaoil agus lena spriocanna comhshaoil, chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur i gcrích faoi choinníollacha sonraithe:

 

(a)

trí (nós)anna imeachta doiciméadaithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun rialú a dhéanamh ar chásanna ina bhféadfaí imeacht ón mbeartas comhshaoil, ó na cuspóirí comhshaoil agus ó na spriocanna comhshaoil mura mbeadh an nós/na nósanna imeachta sin ann; agus

 

(b)

trí chritéir oibríochta a leagan amach sa nós imeachta/sna nósanna imeachta; agus

 

(c)

trí nósanna imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil i ndáil le gnéithe suntasacha sainaitheanta comhshaoil earraí agus seirbhísí a úsáideann an eagraíocht agus trí nósanna imeachta agus ceanglais atá infheidhme a chur in iúl do sholáthróirí, lena n-áirítear conraitheoirí.

 

A.4.7.

Ullmhacht agus gníomhú i gcás éigeandála

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun staideanna éigeandála agus tionóiscí ionchasacha a d’fhéadfadh bheith ann agus a bhféadfadh tionchar nó tionchair a bheith acu ar an gcomhshaol a shainaithint agus chun an chaoi ina ngníomhóidh sí ina leith sin a shainaithint.

 

Gníomhóidh an eagraíocht i ndáil le staideanna iarbhír éigeandála agus i ndáil le tionóiscí iarbhír agus déanfaidh sí tionchair ghaolmhara dhochracha chomhshaoil a chosc agus a mhaolú.

 

Déanfaidh an eagraíocht athbhreithniú go tréimhsiúil agus, i gcás inar gá sin, déanfaidh sí athchóiriú ar a hullmhacht agus ar a nósanna imeachta um ghníomhú i gcás éigeandála, go háirithe, tar éis tionóiscí nó staideanna éigeandála a bheith ann.

 

Ina theannta sin, déanfaidh an eagraíocht tástáil go tréimhsiúil ar na nósanna imeachta sin i gcás ina mbeidh sé sin indéanta.

 

A.5.

Seiceáil

 

A.5.1.

Faireachán agus tomhas

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun faireachán agus tomhas a dhéanamh, ar bhonn rialta, ar na príomhthréithe dá hoibríochtaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an gcomhshaol. Áireofar sa nós/sna nósanna imeachta faisnéis a dhoiciméadú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil, ar rialuithe oibríochta atá infheidhme, agus ar chomhlíonadh chuspóirí agus spriocanna comhshaoil na heagraíochta.

 

Áiritheoidh an eagraíocht go n-úsáidfear trealamh calabraithe nó trealamh fíoraithe chun críche faireacháin agus tomhais agus déanfar an trealamh sin a chothabháil agus coimeádfaidh sí taifid ghaolmhara.

 

A.5.2.

Meastóireacht ar chomhlíonadh

 

A.5.2.1.

I gcomhréir lena tiomantas maidir le comhlíonadh, déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun meastóireacht a dhéanamh, go tréimhsiúil, ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthíúla infheidhme.

 

Coinneoidh an eagraíocht taifid ar thorthaí na meastóireachtaí tréimhsiúla.

 

A.5.2.2.

Déanfaidh an eagraíocht meastóireacht ar chomhlíonadh ceanglas eile a bhfuil glactha aici leo. D’fhéadfadh sé gur mhian leis an eagraíocht an mheastóireacht seo a dhéanamh i gcomhthráth leis an meastóireacht ar chomhlíonadh dlíthiúil dá dtagraítear in A.5.2.1 nó nós(anna) imeachta ar leithligh a bhunú.

 

Coinneoidh an eagraíocht taifid ar thorthaí na meastóireachtaí tréimhsiúla.

 

A.5.3.

Neamhchomhlíonadh, gníomh ceartaitheach agus gníomh coisctheach

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun déileáil iarbhír agus le neamhchomhlíonadh ionchasach/neamhchomhlíontaí ionchasacha agus chun gníomh ceartaitheach agus gníomh coisctheach a dhéanamh. Leis an nós/na nósanna imeachta, saineofar ceanglais maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

neamhchomhlíonadh/neamhchomhlíontaí a shainaithint agus a cheartú agus maidir le gníomh/gníomhartha a dhéanamh chun a dtionchair ar an gcomhshaol a mhaolú;

 

(b)

neamhchomhlíonadh/neamhchomhlíontaí a imscrúdú, an chúis/na cúiseanna a bhí leo a chinneadh agus gníomhartha a dhéanamh chun nach dtarlódh siad arís;

 

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar an ngá le gníomh/gníomhartha chun neamhchomhlíonadh/neamhchomhlíontaí a chosc agus gníomhartha iomchuí atá ceaptha chun nach dtarlódh siad arís a chur chun feidhme;

 

(d)

torthaí an ghnímh cheartaithigh/na ngníomhartha ceartaitheacha agus an ghnímh choiscthigh/na ngníomhartha coisctheacha a ghlactar a thaifeadadh; agus

 

(e)

athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an ghnímh cheartaithigh/na ngníomhartha ceartaitheacha agus an ghnímh choiscthigh/na ngníomhartha coisctheacha a ghlactar. Beidh na gníomhartha a ghlactar oiriúnach do mhéid na bhfadhbanna agus na dtionchar ar an gcomhshaol atá ann.

 

Áiritheoidh an eagraíocht go ndéanfar aon athrú a mbeidh gá leis ar dhoiciméadacht an chórais bainistíochta comhshaoil.

 

A.5.4.

Rialú ar thaifid

 

Déanfaidh an eagraíocht taifid a bhunú agus a chothabháil, de réir mar is gá, chun comhlíonadh cheanglais a córais bainistíochta comhshaoil agus cheanglais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta seo, mar aon leis na torthaí a bhaintear amach, a thaispeáint.

 

Déanfaidh an eagraíocht nós(anna) imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun taifid a shainaithint, a stóráil, a chosaint, a aisghabháil, a choimeád agus a dhiúscairt.

 

Beidh na taifid inléite, inaitheanta agus inrianaithe agus leanfaidh siad de bheith amhlaidh.

 

A.5.5.

Iniúchadh inmheánach

 

Áiritheoidh an eagraíocht go ndéantar iniúchtaí inmheánacha ar an gcóras bainistíochta comhshaoil a sheoladh ag eatraimh réamhbheartaithe:

 

(a)

chun a chinneadh maidir leis an gcóras bainistíochta comhshaoil:

 

an bhfuil sé i gcomhréir leis na socruithe réamhbheartaithe maidir le bainistíocht chomhshaoil, lena n-áirítear ceanglais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta seo, agus

 

ar cuireadh chun feidhme i gceart é agus an bhfuil sé á chothabháil; agus

 

(b)

chun faisnéis a sholáthar don lucht bainistíochta faoi thorthaí na n-iniúchtaí.

 

Déanfaidh an eagraíocht clár/cláir iniúchta a phleanáil, a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, agus tábhacht chomhshaoil na hoibríochta/na n-oibríochtaí lena mbaineann agus torthaí iniúchtaí roimhe sin á gcur san áireamh.

 

Déanfar nós(anna) imeachta iniúchta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, ar nós imeachta é nó ar nósanna imeachta iad a dhíreoidh ar an méid seo a leanas:

 

na freagrachtaí agus na ceanglais a bhaineann le hiniúchtaí a phleanáil agus a sheoladh, le torthaí a thuairisciú agus le taifid ghaolmhara a choimeád,

 

critéir, raon feidhme, minicíocht agus modhanna an iniúchta a chinneadh

 

Áiritheofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht an phróisis iniúchta le linn iniúchóirí a roghnú agus iniúchtaí a sheoladh.

 

A.6.

Athbhreithniú an lucht bainistíochta

 

Déanfaidh an ardbhainistíocht athbhreithniú ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, ag eatraimh réamhbheartaithe, chun a oiriúnacht, a leordhóthanacht agus a éifeachtacht leanúnach a áirithiú. Áireofar sna hathbhreithnithe, deiseanna maidir le feabhsú agus an gá le hathruithe ar an gcóras bainistíochta comhshaoil a mheasúnú, lena n-áirítear an beartas comhshaoil agus na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil.

 

Coimeádfar taifid ar athbhreithnithe an lucht bainistíochta.

 

Áireofar an méid seo a leanas san ionchar in athbhreithnithe an lucht bainistíochta:

 

(a)

torthaí ó iniúchtaí inmheánacha agus ó mheastóireachtaí ar chomhlíonadh ceanglas dlíthiúil agus ceanglas eile a bhfuil glactha ag an eagraíocht leo;

 

(b)

cumarsáid(í) ó pháirtithe leasmhara seachtracha, lena n-áirítear gearáin;

 

(c)

feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta;

 

(d)

a mhéid atá na cuspóirí agus na spriocanna comhlíonta;

 

(e)

stádas na ngníomhartha ceartaitheacha agus na ngníomhartha coisctheacha;

 

(f)

gníomhartha a lean ó athbreithnithe an lucht bainistíochta roimhe seo;

 

(g)

athrú ar imthosca, lena n-áirítear forbairtí i dtaca le ceanglais dhlíthiúla agus ceanglais eile a bhaineann lena gnéithe comhshaoil; agus

 

(h)

moltaí maidir le feabhsú.

 

Áireofar sna haschuir ó athbhreithnithe an lucht bainistíochta aon chinntí agus aon ghníomhartha a bhaineann le hathruithe ionchasacha ar an mbeartas comhshaoil, ar chuspóirí agus spriocanna comhshaoil agus ar eilimintí eile den chóras bainistíochta comhshaoil, i gcomhréir leis an tiomantas maidir le feabhsúchán leanúnach.

 

Liosta comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin

BE: IBN/BIN (Institut Belge de Normalisation/Belgisch Instituut voor Normalisatie)

CZ: ČNI (Český normalizační institut)

DK: DS (Dansk Standard)

DE: DIN (Deutsches Institut für Normung e.V.)

EE: EVS (Eesti Standardikeskus)

EL: ELOT (Ελληνικός Οργανισμός Τυποποίησης)

ES: AENOR (Asociacion Espanola de Normalizacion y Certificacion)

FR: AFNOR (Association Française de Normalisation)

IEL: NSAI (National Standards Authority of Ireland)

IT: UNI (Ente Nazionale Italiano di Unificazione)

CY: Κυπριακός Οργανισμός Προώθησης Ποιότητας

LV: LVS (Latvijas Standarts)

LT: LST (Lietuvos standartizacijos departamentas)

LU: SEE (Service de l’Energie de l’Etat) (Lucsamburg)

HU: MSZT (Magyar Szabványügyi Testület)

MT: MSA (Awtorita' Maltija dwar l-Istandards/Malta Standards Authority)

NL: NEN (Nederlands Normalisatie-Instituut)

AT: ON (Österreichisches Normungsinstitut)

PL: PKN (Polski Komitet Normalizacyjny)

PT: IPQ (Instituto Português da Qualidade)

SI: SIST (Slovenski inštitut za standardizacijo)

SK: SÚTN (Slovenský ústav technickej normalizácie)

FI: SFS (Suomen Standardisoimisliitto r.y)

SE: SIS (Swedish Standards Institute)

UK: BSI (British Standards Institution).

 

 

Liosta comhlántach comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin

 

Na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin i mBallstáit nach gcumhdaítear le EN ISO 14001:2004:

 

BG: BDS (Български институт за стандартизация);

 

RO: ASRO (Asociaţia de Standardizare din România).

 

Na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin i mBallstáit, i gcás ina ndearnadh ionadú ar chomhlacht náisiúnta um chaighdeáin a liostaítear in EN ISO 14001:2004:

 

CZ: ÚNMZ (Ústav pro technickou normalizaci, metrologii a státní zkušebnictví).


(1)  Is le cead ón gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a úsáidtear an téacs atá atáirgthe san Iarscríbhinn seo. Féadfar an téacs iomlán a cheannach ó na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin, a bhfuil a liosta díobh ar fáil san Iarscríbhinn seo. Ní cheadaítear aon chuid den Iarscríbhinn seo a atáirgeadh chun críocha tráchtála.


IARSCRÍBHINN III

INIÚCHADH INMHEÁNACH COMHSHAOIL

A.   An clár iniúchta agus minicíocht an iniúchta

1.   An clár iniúchta

Leis an gclár iniúchta ráthófar go soláthrófar do lucht bainistíochta na heagraíochta an fhaisnéis a mbeidh gá aici léi chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta agus ar éifeachtacht an chórais bainistíochta comhshaoil agus chun go mbeidh ar a cumas a thaispeáint go bhfuil siad á rialú.

2.   Cuspóirí an chláir iniúchta

Áireofar sna cuspóirí, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar na córais bhainistíochta atá i bhfeidhm agus comhlíonadh bheartas agus chlár na heagraíochta a chinneadh, lena n-áirítear comhlíonadh na gceanglas rialála comhshaoil ábhartha.

3.   Raon feidhme an chláir iniúchta

Déanfar raon feidhme foriomlán na n-iniúchtaí aonair, nó raon feidhme gach céim de thimthriall iniúchta i gcás inarb iomchuí sin, a shainiú go soiléir agus sonrófar go sainráite ann:

(a)

na hábhair a chumhdaítear;

(b)

na gníomhaíochtaí atá le hiniúchadh;

(c)

na critéir chomhshaoil atá le breithniú;

(d)

an tréimhse a chumhdaítear leis an iniúchadh.

Folaíonn iniúchadh comhshaoil measúnú ar shonraí fíorasacha a bheidh riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil.

4.   Minicíocht an iniúchta

Déanfar an t-iniúchadh nó an timthriall iniúchta ina gcumhdófar gníomhaíochtaí uile na heagraíochta a chur i gcrích, de réir mar is iomchuí, ag eatraimh nach faide ná trí bliana nó nach faide ná ceithre bliana má tá feidhm ag an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 7. Ní mar a chéile a bheidh minicíocht gach iniúchta ar leithligh ar aon ghníomhaíocht ar leith agus beidh an mhinicíocht sin ag brath ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí;

(b)

suntas na dtionchar gaolmhara ar an gcomhshaol;

(c)

tábhacht agus práinn na bhfadhbanna a braitheadh le linn iniúchtaí roimhe sin;

(d)

stair fadhbanna comhshaoil.

Déanfar iniúchadh níos minice ar ghníomhaíochtaí níos casta lena mbaineann tionchar níos suntasaí ar an gcomhshaol.

Déanfaidh an eagraíocht iniúchtaí a sheoladh ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana mar go gcuideoidh sé sin lena thaispeáint do lucht bainistíochta na heagraíochta agus don fhíoraitheoir comhshaoil go bhfuil smacht aici ar a gnéithe suntasacha comhshaoil.

Déanfaidh an eagraíocht iniúchtaí ar na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta; agus

(b)

comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla infheidhme atá ag an eagraíocht maidir leis an gcomhshaol.

B.   Gníomhaíochtaí iniúchta

Áireofar sna gníomhaíochtaí iniúchta idirphlé le pearsanra, scrúdú ar dhálaí oibríochta agus ar threalamh agus athbhreithniú ar thaifid, nósanna imeachta scríofa agus doiciméadacht ábhartha eile, d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na gníomhaíochta atá á iniúchadh chun a chinneadh an gcomhlíonann sí na caighdeáin, na rialacháin nó na spriocanna agus na cuspóirí comhshaoil is infheidhme agus a leagadh síos, agus an bhfuil an córas atá i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh ar fhreagrachtaí comhshaoil éifeachtach agus iomchuí. Ba cheart, inter alia, leas a bhaint as seiceálacha ar an láthair ar chomhlíonadh na gcritéar sin chun éifeachtacht an chórais bainistíochta comhshaoil ina iomláine a chinneadh.

Áireofar, go sonrach, na céimeanna seo a leanas sa phróiseas iniúchta:

(a)

tuiscint ar na córais bhainistíochta;

(b)

measúnú ar láidreachtaí agus ar laigí na gcóras bainistíochta;

(c)

fianaise ábhartha a bhailiú;

(d)

meastóireacht ar thorthaí iniúchtaí;

(e)

conclúidí iniúchtaí a ullmhú;

(f)

torthaí agus conclúidú iniúchtaí a thuairisciú.

C.   Torthaí agus conclúidí iniúchtaí a thuairisciú

Is iad seo a leanas na bunchuspóirí a ghabhann le tuarascáil i scríbhinn ar iniúchadh:

(a)

raon feidhme an iniúchta a dhoiciméadú;

(b)

faisnéis a sholáthar don lucht bainistíochta faoin staid maidir le comhlíonadh bheartas comhshaoil na heagraíochta agus faoin dul chun cinn atá déanta ag an eagraíocht ó thaobh an chomhshaoil de;

(c)

faisnéis a sholáthar don lucht bainistíochta faoi éifeachtacht agus iontaofacht na socruithe trína ndéantar faireachán ar thionchair chomhshaoil na heagraíochta;

(d)

an gá le gníomh ceartaitheach a thaispeáint i gcás inarb iomchuí sin.


IARSCRÍBHINN IV

TUAIRISCIÚ COMHSHAOIL

A.   Réamhrá

Déanfar faisnéis faoin gcomhshaol a thíolacadh ar bhealach soiléir comhleanúnach i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm chlóite.

B.   Ráiteas ar an gcomhshaol

Sa ráiteas ar an gcomhshaol beidh ar a laghad na heilimintí thíos agus comhlíonfaidh sé na bunriachtanais seo a leanas:

(a)

tuairisc shoiléir gan débhríochas ar an eagraíocht atá cláraithe faoi EMAS agus achoimre ar a gníomhaíochtaí, ar a táirgí agus ar a seirbhísí agus an ghaolmhaireacht atá aici le haon mháthaireagraíocht, de réir mar is iomchuí;

(b)

an beartas comhshaoil agus tuairisc ghearr ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta;

(c)

tuairisc ar ghnéithe uile suntasacha comhshaoil na heagraíochta, idir ghnéithe díreacha agus ghnéithe indíreacha, as a leanann tionchair shuntasacha chomhshaoil agus míniú ar chineál na dtionchar mar a bhaineann siad leis na gnéithe sin (Iarscríbhinn I.2);

(d)

tuairisc ar chuspóirí agus spriocanna comhshaoil maidir le gnéithe suntasacha comhshaoil agus tionchair shuntasacha chomhshaoil;

(e)

achoimre ar na sonraí atá ar fáil maidir le feidhmíocht na heagraíochta ag féachaint dá cuspóirí agus dá spriocanna i ndáil lena tionchair shuntasacha chomhshaoil. Déanfar tuairisciú ar na príomhtháscairí agus ar tháscairí eile feidhmíochta comhshaoil is iomchuí agus atá ann cheana, de réir mar a leagtar amach i Roinn C;

(f)

fachtóirí eile maidir le feidhmíocht chomhshaoil, lena n-áirítear feidhmíocht ag féachaint d’fhorálacha dlíthiúla i ndáil lena dtionchair shuntasacha chomhshaoil;

(g)

tagairt do na ceanglais dhlíthiúla atá infheidhme maidir leis an gcomhshaol;

(h)

ainm agus uimhir chreidiúnúcháin nó uimhir cheadúnais an fhíoraitheora comhshaoil agus an dáta a ndearnadh bailíochtú.

Sa ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, beidh ar a laghad na heilimintí thíos agus comhlíonfaidh sé na bunriachtanais de réir mar a leagtar amach i bpointí (e) go (h) iad.

C.   Príomhtháscairí agus táscairí ábhartha eile feidhmíochta comhshaoil atá ann cheana

1.   Réamhrá

Déanfaidh eagraíochtaí, sa ráiteas ar an gcomhshaol agus sa ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, na príomhtháscairí, a mhéid a bhaineann siad le gnéithe díreacha comhshaoil na heagraíochta, agus táscairí ábhartha eile feidhmíochta comhshaoil atá ann cheana, de réir mar a leagtar amach thíos.

Leis an tuairisciú, soláthrófar sonraí maidir leis an ionchur/tionchar iarbhír. Dá mba rud é go ndéanfadh an nochtadh dochar do rúndacht fhaisnéis tráchtála nó fhaisnéis thionsclaíoch na heagraíochta i gcás ina ndéantar foráil, leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Chomhphobail, maidir leis an rúndacht sin chun leas dlisteanach eacnamaíoch a chosaint, féadfar a cheadú don eagraíocht innéacsú a dhéanamh ar an bhfaisnéis seo sa tuairisciú a dhéanann sí e.g. trí bhliain bhunlíne a bhunú (agus 100 mar innéacsuimhir aici) óna léireofaí forbairt an ionchuir/an tionchair iarbhír.

Maidir leis na táscairí sin:

(a)

tabharfar measúnacht chruinn leo ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta;

(b)

beidh siad intuigthe agus neamh-dhébhríoch;

(c)

fágfaidh siad gur féidir comparáid bliain in aghaidh bliana a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairt fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta;

(d)

fágfaidh siad gur féidir comparáid a dhéanamh le tagarmharcanna earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta, de réir mar is iomchuí;

(e)

fágfaidh siad gur féidir comparáid a dhéanamh le ceanglais rialála, de réir mar is iomchuí.

2.   Príomhtháscairí

(a)

Bainfidh príomhtháscairí le gach cineál eagraíochta. Díríonn siad ar fheidhmíocht sna príomhréimhsí comhshaoil seo a leanas:

(i)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(ii)

éifeachtúlacht ábhair;

(iii)

uisce;

(iv)

dramhaíl;

(v)

bithéagsúlacht; agus

(vi)

astaíochtaí.

I gcás ina measfaidh eagraíocht nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na príomhtháscairí ábhartha maidir lena gnéithe suntasacha díreacha comhshaoil, ní gá don eagraíocht sin tuairisciú a dhéanamh ar na príomhtháscairí sin. Soláthróidh an eagraíocht cosaint chuige sin, agus tagairt á déanamh dá hathbhreithniú comhshaoil.

(b)

Beidh gach príomhtháscaire comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(i)

figiúr A lena léirítear ionchur bliantúil iomlán/tionchar bliantúil iomlán sa réimse i gceist;

(ii)

figiúr B lena léirítear aschur bliantúil iomlán na heagraíochta; agus

(iii)

figiúr R lena léirítear an cóimheas A/B.

Déanfaidh gach eagraíocht tuairisciú ar gach ceann de na 3 eilimint i gcás gach táscaire.

(c)

Déanfar an táscaire don ionchur bliantúil iomlán/don tionchar bliantúil iomlán sa réimse lena mbaineann, an figiúr A, a thuairisciú mar a leanas:

(i)

ar éifeachtúlacht fuinnimh

maidir leis an ‘úsáid fuinnimh dhíreach ina hiomláine’, an tomhaltas fuinnimh bliantúil iomlán, arna shloinneadh i MWh nó i GJ,

maidir leis an ‘úsáid fuinnimh inathnuaite ina hiomláine’, an céatadán den tomhaltas bliantúil fuinnimh ina iomláine (leictreachas agus teas) arna tháirgeadh ag an eagraíocht ó acmhainní fuinnimh inathnuaite.

(ii)

ar éifeachtúlacht ábhair

maidir le ‘mais-sreabhadh bliantúil na n-ábhar éagsúil arna n-úsáid’ (gan iompróirí fuinnimh agus uisce a áireamh), arna shloinneadh i dtonaí.

(iii)

ar uisce

maidir le ‘tomhaltas uisce bliantúil iomlán’, arna shloinneadh in m3.

(iv)

ar dhramhaíl

maidir le ‘giniúint bhliantúil iomlán dramhaíola’, arna miondealú de réir cineáil, arna sloinneadh i dtonaí;

maidir le ‘giniúint bhliantúil iomlán dramhaíola’, arna sloinneadh i gcileagraim nó i dtonaí.

(v)

ar bhithéagsúlacht

maidir le ‘úsáid talún’, arna shloinneadh i m2 den limistéar foirgnithe.

(vi)

ar astaíochtaí

maidir le ‘astaíocht bhliantúil iomlán na ngás ceaptha teasa’, lena n-áirítear ar a laghad na hastaíochtaí CO2, CH4, N2O, HFCanna, PFCanna agus SF6, arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2,

maidir le ‘giniúint bhliantúil astaíochtaí aeir’, lena n-áirítear ar a laghad astaíochtaí SO2, NOX agus PM, arna sloinneadh i gcileagraim nó i dtonaí.

De bhreis ar na táscairí a shainítear thuas, féadfaidh eagraíocht táscairí eile a úsáid freisin chun an t-ionchur iomlán bliantúil nó an tionchar iomlán bliantúil sa réimse lena mbaineann a shloinneadh;

(d)

Is ionann táscaire aschuir iomlán bliantúil na heagraíochta, an figiúr B, i ngach réimse ach oiriúnaítear é do chineálacha éagsúla eagraíochtaí, ag brath ar chineál na gníomhaíochta atá acu, agus déanfar é a thuairisciú mar a leanas:

(i)

i gcás eagraíochtaí a oibríonn san earnáil táirgthe (tionscal), léireoidh sé an breisluach iomlán bliantúil arna shloinneadh i milliúin euro (MioEURO) nó an t-aschur iomlán fisiciúil arna shloinneadh i dtonaí nó, i gcás eagraíochtaí beaga, an láimhdeachas iomlán bliantúil nó líon na bhfostaithe;

(ii)

i gcás eagraíochtaí sna hearnálacha neamhtháirgthe (riarachán/seirbhísí), bainfidh sé le méid na heagraíochta arna sloinneadh i líon na bhfostaithe.

De bhreis ar na táscairí a shainítear thuas, féadfaidh an eagraíocht táscairí eile a úsáid lena haschur iomlán bliantúil a shloinneadh

3.   Táscairí ábhartha eila feidhmíochta comhshaoil

Déanfaidh gach eagraíochtaí tuairisc a thabhairt gach bliain freisin ar a bhfeidhmíocht maidir leis na gnéithe níos sonraí comhshaoil, de réir mar a shainaithnítear ina ráiteas ar an gcomhshaol agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, déanfar doiciméid tagartha earnála dá dtagraítear in Airteagal 46 a chur san áireamh.

D.   Faisnéis a bheith ar fáil don phobal

Beidh an eagraíocht ábalta a léiriú don fhíoraitheoir comhshaoil gur féidir le haon duine ar suim leis nó léi feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta rochtain a fháil go héasca agus saor in aisce ar an bhfaisnéis a cheanglaítear thuas faoi phointe B agus faoi phointe C.

Áiritheoidh an eagraíocht go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an eagraíocht cláraithe agus, más infheidhme, i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát sin ina bhfuil láithreáin a chumhdáitear leis an gclárúchán corpóráideach suite.

E.   Cuntasacht áitiúil

D’fhéadfadh sé gur mhian le heagraíochtaí a chláraíonn faoi EMAS ráiteas corparáideach amháin ar an gcomhshaol a ullmhú lena gcumhdófaí roinnt suíomh geografach éagsúil.

Ós rud é gurb é a bheartaíonn EMAS ná cuntasacht áitiúil a áirithiú, áiritheoidh eagraíochtaí go ndéanfar tionchair shuntasacha chomhshaoil gach láithreáin a shainaithint agus a thuairisciú go soiléir sa ráiteas corparáideach ar an gcomhshaol.


IARSCRÍBHINN V

LÓGÓ EMAS

Image

1.   Féadfar an lógó a úsáid in aon cheann de na 23 theanga ar choinníoll gurb í an fhoclaíocht seo a leanas a úsáidfear:

sa Bhulgáiris

:

‘Проверено управление на околната среда’

sa tSeicis

:

‘Ověřený systém environmentálního řízení’

sa Danmhairgis

:

‘Verificeret miljøledelse’

san Ollainnis

:

‘Geverifieerd milieuzorgsysteem’

sa Bhéarla

:

‘Verified environmental management’

san Eastóinis

:

‘Tõendatud keskkonnajuhtimine’

san Fhionlainnis

:

‘Todennettu ympäristöasioiden hallinta’

sa Fhraincis

:

‘Management environnemental vérifié’

sa Ghearmáinis

:

‘Geprüftes Umweltmanagement’

sa Ghréigis

:

‘επιθεωρημένη περιβαλλοντική διαχείριση’

san Ungáiris

:

‘Hitelesített környezetvédelmi vezetési rendszer’

san Iodáilis

:

‘Gestione ambientale verificata’

sa Ghaeilge

:

‘Bainistíocht fhíoraithe chomhshaoil’

sa Laitvis

:

‘Verificēta vides pārvaldība’

sa Liotuáinis

:

‘Įvertinta aplinkosaugos vadyba’

sa Mháltais

:

‘Immaniggjar Ambjentali Verifikat’

sa Pholainnis

:

‘Zweryfikowany system zarządzania środowiskowego’

sa Phortaingéilis

:

‘Gestão ambiental verificada’

sa Rómáinis

:

‘Management de mediu verificat’

sa tSlóvaicis

:

‘Overené environmentálne manažérstvo’

sa tSlóivéinis

:

‘Preverjen sistem ravnanja z okoljem’

sa Spáinnis

:

‘Gestión medioambiental verificada’

sa tSualainnis

:

‘Verifierat miljöledningssystem’

2.   Déanfar an lógó a úsáid:

agus trí dhath air (Pantone Uimh. 355 Uaine; Pantone Uimh. 109 Buí; Pantone Uimh. 286 Gorm) nó;

agus dath dubh air;

agus dath bán air, nó

agus é ar liathscála.


IARSCRÍBHINN VI

CEANGLAIS FAISNÉISE DON CHLÁRÚCHÁN

(faisnéis a bheidh le soláthar nuair is infheidhme)

1.

AN EAGRAÍOCHT

 

Ainm

Seoladh

Baile Mór

Cód Poist

Tír/críoch/réigiún/Comhphobal Uathrialach

Teagmhálaí

Teileafón

FACS

Ríomhphost

Láithreán gréasáin

Rochtain phoiblí ar an ráiteas ar an gcomhshaol nó ar an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol.

 

a)

i bhfoirm chlóite

b)

i bhfoirm leictreonach

Uimhir chlárúcháin

Dáta clárúcháin

Dáta fionraí an chlárúcháin

Dáta scriosta an chlárúcháin

Dáta an chéad ráitis eile ar an gcomhshaol

Dáta an chéad ráitis nuashonraithe eile ar an gcomhshaol

Ar iarradh maolú de bhun Airteagal 7

IARRADH/NÍOR IARRADH

Cód NACE na ngníomhaíochtaí

Líon na bhfostaithe

Láimhdeachas nó clár comhardaithe bliantúil

2.

LÁITHREÁN

 

Ainm

Seoladh

Cód Poist

Baile Mór

Tír/críoch/réigiún/Comhphobal Uathrialach

Teagmhálaí

Teileafón

FACS

Ríomhphost

Láithreán gréasáin

Rochtain phoiblí ar an ráiteas ar an gcomhshaol nó ar an ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol.

 

a)

i bhfoirm chlóite

b)

i bhfoirm leictreonach

Uimhir chlárúcháin

Dáta clárúcháin

Dáta fionraí an chlárúcháin

Dáta scriosta an chlárúcháin

Dáta an chéad ráitis eile ar an gcomhshaol

Dáta an chéad ráitis nuashonraithe eile ar an gcomhshaol

Ar iarradh maolú de bhun Airteagal 7

IARRADH/NÍOR IARRADH

Cód NACE na ngníomhaíochtaí

Líon na bhfostaithe

Láimhdeachas nó clár comhardaithe bliantúil

3.

AN FÍORAITHEOIR COMHSHAOIL

 

Ainm an fhíoraitheora comhshaoil

Seoladh

Cód Poist

Baile Mór

Tír/críoch/réigiún/Comhphobal Uathrialach

Teileafón

FACS

Ríomhphost

Uimhir chlárúcháin an chreidiúnúcháin nó an cheadúnais

Raon feidhme an chreidiúnúcháin nó an cheadúnais (Cóid NACE)

Comhlachtaí Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin

Arna dhéanamh i/in/sa/san … an …/…/20

Síniú ionadaí na heagraíochta


IARSCRÍBHINN VII

DEARBHÚ AN FHÍORAITHEORA COMHSHAOIL MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FÍORAITHE AGUS BAILÍOCHTAITHE

Dearbhaíonn … (ainm).

a bhfuil uimhir chlárúcháin fíoraitheora comhshaoil EMAS … aige/aici

agus atá creidiúnaithe nó ceadúnaithe maidir le raon feidhme … (Cód NACE)

go bhfuil fíorú déanta aige/aici i dtaobh an gcomhlíonann an láithreán/na láithreáin nó an eagraíocht ar fad, mar atá léirithe sa ráiteas ar an gcomhshaol/ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol (1) ón eagraíocht … (ainm)

a bhfuil uimhir chlárúcháin (más ann di) … aige/aici

ceanglais uile Rialachán (CE) Uimh 1321/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS).

Tríd an dearbhú seo a shíniú, dearbhaím:

go bhfuil an fíorú agus an bailíochtú déanta agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1321/2009 á gcomhlíonadh go hiomlán;

gurb é a dheimhnítear le toradh an fhíoraithe agus an bhailíochtaithe ná nach bhfuil aon fhianaise ann ar neamhchomhlíonadh na gceanglas dlíthiúla atá infheidhme maidir leis an gcomhshaol;

gurb ionann na sonraí agus an fhaisnéis atá sa ráiteas ar an gcomhshaol/sa ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol (1) ón eagraíocht/láithreán (1) agus íomhá iontaofa, inchreidte agus chruinn de ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta/na n-eagraíochtaí/an láithreáin/na láithreán (1), laistigh den raon feidhme atá luaite sa ráiteas ar an gcomhshaol.

Níl an doiciméad seo comhionann le clárú faoi EMAS. Ní féidir clárú faoi EMAS a fháil ach amháin má dheonaíonn Comhlacht Inniúil é faoi Rialachán (CE) Uimh 1321/2009. Ní úsáidfear an doiciméad seo mar chumarsáid phoiblí ann féin.

Arna dhéanamh i/in/sa/san … an …/…/20..

Síniú


(1)  scrios nuair nach infheidhme.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 761/2001

an Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(9)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(8)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(10)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(11)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(12)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(13)

Airteagal 2(l)

Airteagal 2(16)

Airteagal 2(l)(i)

Airteagal 2(l)(ii)

Airteagal 2(m)

Airteagal 2(n)

Airteagal 2(17)

Airteagal 2(o)

Airteagal 2(18)

Airteagal 2(p)

Airteagal 2(q)

Airteagal 2(20)

Airteagal 2(r)

Airteagal 2(s), an chéad fhomhír

Airteagal 2(21)

Airteagal 2(s), an dara fomhír

Airteagal 2(t)

Airteagal 2(22)

Airteagal 2(u)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)(a), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)(a) agus (b)

Airteagal 3(2)(a), an dara fomhír

Airteagal 4(3)

Airteagal 3(2)(b)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 3(2)(c)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 3(2)(d)

Airteagal 4(5)

Airteagal 3(2)(e)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír; Airteagal 6(3)

Airteagal 3(3)(a)

Airteagal 6(1)(a)

Airteagal 3(3)(b), an chéad abairt

Airteagal 6(1)(b) agus(c)

Airteagal 3(3)(b), an dara habairt

Airteagal 7(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 51(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5) an chéad abairt

Airteagal 25(10) an chéad fhomhír

Airteagal 4(5), an dara habairt

Airteagal 25(10) an dara fomhír, an dara habairt

Airteagal 4(6)

Airteagal 41

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(8), an chéad fhomhír

Airteagal 30(1)

Airteagal 4(8), an dara fomhír

Airteagal 30(3) agus (5)

Airteagal 4(8), an tríú mír, an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 31(1)

Airteagal 4(8), an tríú mír, an abairt dheireanach

Airteagal 31(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 11(1) an chéad fhomhír

Airteagal 5(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 5(3) an chéad abairt

Airteagal 12(1)

Airteagal 5(3), an dara habairt, an chéad fhleasc

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 5(3), an dara habairt, an dara fleasc

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 5(4)

Airteagal 11(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 5(5) an chéad abairt

Airteagal 16(1)

Airteagal 5(5), an dara habairt

Airteagal 16(3) an chéad abairt

Airteagal 5(5), an tríú habairt

Airteagal 17(1)

Airteagal 5(5), an ceathrú habairt

Airteagal 16(3), an dara fomhír agus Airteagal 16(4) an dara fomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 6(1), an chéad fhleasc

Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 5(2)(a)

Airteagal 6(1), an dara fleasc

Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 5(2(c)

Airteagal 6(1), an tríú fleasc

Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 5(2)(d)

Airteagal 6(1), an ceathrú fleasc

Airteagal 13(2)(c)

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Airteagal 13(2) an chéad abairt

Airteagal 6(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 6(3), an chéad fhleasc

Airteagal 15(3)(a)

Airteagal 6(3), an dara fleasc

Airteagal 15(3)(b)

Airteagal 6(3), an tríú fleasc

Airteagal 6(3), an abairt dheireanach

Airteagal 15(8)

Airteagal 6(4), an chéad mhír

Airteagal 15(2)

Airteagal 6(4), an dara fomhír

Airteagal 15(4)

Airteagal 6(5), an chéad abairt

Airteagal 15(6)

Airteagal 6(5), an dara habairt

Airteagal 15(8) agus (9)

Airteagal 6(6)

Airteagal 15(10)

Airteagal 7(1)

Airteagal 28(8)

Airteagal 7(2), an chéad abairt

Airteagal 12(2)

Airteagal 7(2), an dara habairt

Airteagal 12(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 42(2)(a)

Airteagal 8(1), an chéad abairt

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(1), an dara habairt

Airteagal 10(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír

Airteagal 10(4)

Airteagal 8(3), an dara fomhír

Airteagal 9(1), an abairt tosaigh

Airteagal 4(3);

Airteagal 9(1)(a)

Airteagal 45(4)

Airteagal 9(1)(b)

Airteagal 45(4)

Airteagal 9(1), an dara fomhír

Airteagal 45(5)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2), an chéad fhomhír

Airteagal 38(1) agus (2)

Airteagal 10(2), an dara fomhír, an chéad abairt

Airteagal 41

Airteagal 10(2), an dara fomhír, an dara habairt

Airteagal 47

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 36

Airteagal 11(1), an chéad fhleasc

Airteagal 36(a)

Airteagal 11(1), an dara fleasc

Airteagal 36(c)

Airteagal 11(1), an tríú fleasc

Airteagal 36(b)

Airteagal 11(1), an dara fomhír, an chéad abairt

Airteagal 37(1)

Airteagal 11(1), an dara fomhír, an dara habairt

Airteagal 11(1), an dara fomhír, an tríú habairt

Airteagal 37(2)

Airteagal 11(1), an dara fomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 37(3)

Airteagal 11(2)

Airteagal 43(2)

Airteagal 11(3), an chéad abairt

Airteagal 41 (2)

Airteagal 11(3), an dara habairt

Airteagal 47

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 35(1)

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 41(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13

Airteagal 40(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 49(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 50

Airteagal 15(2)

Airteagal 48

Airteagal 15(3)

Airteagal 16(1)

Airteagal 39(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 42(2)

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2), (3) agus (4)

Airteagal 51(2)

Airteagal 17(5)

Airteagal 18

Airteagal 52