31.10.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1008/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meán Fómhair 2008

maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déanfar roinnt athruithe substaintiúla ar Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le ceadúnú aeriompróirí (4), ar Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le rochtain aeriompróirí Comhphobail ar aerbhealaí (5) laistigh den Chomhphobal agus ar Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le táillí agus rátaí i gcomhair aersheirbhísí (6). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na Rialacháin sin a athmhúnlú agus aon Rialachán comhdhlúite amháin a dhéanamh astu.

(2)

Chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht Chomhphobail maidir leis an margadh eitlíochta inmheánach i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí, tá gá le sraith coigeartuithe ar an réim dhlíthiúil reatha.

(3)

Chun a aithint go bhféadfadh nasc a bheith idir folláine airgeadais aeriompróra agus an tsábháilteacht, ba cheart monatóireacht níos déine ar staid airgeadais aeriompróirí a bhunú.

(4)

I bhfianaise thábhacht shíormhéadaitheach aeriompróirí a mbíonn bunáiteanna oibríochta acu i roinnt Ballstát agus an ghá atá le maoirseacht éifeachtach ar na haeriompróirí sin a áirithiú, ba cheart gurb é an Ballstát céanna a bheadh freagrach as maoirseacht ar an deimhniú aeroibreora agus as maoirseacht ar an gceadúnas oibríochta araon.

(5)

Chun monatóireacht chomhleanúnach ar chomhlíonadh cheanglais cheadúnais oibríochta na n-aeriompróirí Comhphobail go léir a áirithiú, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis cheadúnaithe measúnuithe rialta ar staid airgeadais na n-aeriompróirí. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh na haeriompróirí dóthain faisnéise ar fáil faoina staid airgeadais, agus go háirithe faoin gcéad dá bhliain ar an bhfód dóibh de bhrí gur blianta fíorthábhachtacha iad sin do mharthanas aeriompróra sa mhargadh. D’fhonn aon saobhadh ar an iomaíocht a thiocfadh as na rialacha a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil ar an leibhéal náisiúnta a sheachaint, is gá an mhaoirseacht airgeadais a dhéanfaidh na Ballstáit ar na haeriompróirí Comhphobail uile a neartú.

(6)

Chun rioscaí do phaisinéirí a laghdú, níor cheart go gceadófaí d’aeriompróirí Comhphobail a dteipeann orthu na ceanglais le haghaidh ceadúnas oibríochta bailí a choinneáil a chomhlíonadh leanúint i mbun oibríochta. Sna cásanna sin, ba cheart don údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta a chúlghairm nó a fhionraí.

(7)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ceanglais árachais i gcomhair aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaí (7), ba cheart go mbeadh árachas ar aeriompróir a chumhdódh dliteanas i gcás tionóiscí maidir le paisinéirí, le lasta, agus le tríú páirtithe. Ba cheart go gcuirfí d’oibleagáid ar aeriompróirí árachas a bheith orthu a chumhdódh dliteanas i gcás tionóiscí maidir le post.

(8)

Chun go seachnófaí go rachfaí ar iontaoibh comhaontuithe léasa ar aerárthaí arna gclárú i dtríú tíortha de bharraíocht, go háirithe comhaontuithe léasa fhliuch, níor cheart na féidearthachtaí seo a cheadú ach amháin in imthosca eisceachtúla, ar nós ganntanas aerárthaí sásúla a bheith i margadh an Chomhphobail, agus ba cheart go mbeidís faoi theorainn dhocht ama agus go gcomhlíonfaidís caighdeáin sábháilteachta ar ionann iad agus rialacha sábháilteachta reachtaíochta Comhphobail agus reachtaíochta náisiúnta.

(9)

Maidir le fostaithe aeriompróra Comhphobail a mbeidh aersheirbhísí á n-oibriú acu ó bhunáit oibríochtúil lasmuigh de chríoch an Bhallstáit sin ina bhfuil a phríomháit ghnó ag an aeriompróir Comhphobail sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí an reachtaíocht shóisialta Chomhphobail agus an reachtaíocht shóisialta naisiúnta i bhfeidhm go cuí.

(10)

Chun an margadh eitlíochta inmheánach a chomhlánú, ba cheart deireadh a chur leis na srianta atá á gcur i bhfeidhm go fóill idir na Ballstáit, ar nós srianta ar chódroinnt ar aerbhealaí chuig tríú tíortha nó ar shocrú praghsanna ar aerbhealaí chuig tríú tíortha a mbíonn stop faoi bhealach i mBallstát eile i gceist leo (eitiltí séú saoirse).

(11)

Chun saintréithe speisialta agus srianta speisialta na réigiún forimeallach a chur san áireamh, go háirithe a n-iargúltacht, a n-oileánachas agus a mbeagmhéid, agus an gá atá ann iad a nascadh go cuí le réigiúin láir an Chomhphobail, d’fhéadfadh údar maith a bheith le socruithe speisialta maidir leis na rialacha a bhaineann le tréimhse bhailíochta na gconarthaí d’oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdaíonn aerbhealaí chuig na réigiúin sin.

(12)

Ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfar oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur a shainmhíniú go soiléir ar shlí neamh-dhébhríoch, agus fós go gceadódh na nósanna imeachta tairisceana gaolmhara go mbeadh líon leordhóthanach iomaitheoirí páirteach sna tairiscintí. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an méid faisnéise is gá a fháil chun measúnú a dhéanamh ar na húdair eacnamaíocha atá ann d’oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcásanna aonair.

(13)

Ba cheart na rialacha atá i bhfeidhm maidir le dáileadh tráchta idir aerfoirt a bhíonn ag fónamh don chathair nó don chomhchathair chéanna a shoiléiriú agus a shimpliú.

(14)

Is cuí a áirithiú go mbeadh sé de chumas ag na Ballstáit freagairt d’fhadhbanna tobanna a d’eascródh de thoradh imthosca neamh-intuartha agus dosheachanta, a mbeadh sé an-deacair go teicniúil nó go praiticiúil aersheirbhísí a chur ar fáil dá mbarr.

(15)

Ba cheart go mbeadh teacht ag custaiméirí ar na táillí aeir agus ar na rátaí aeir uile beag beann ar a n-áit chónaithe laistigh den Chomhphobal nó ar a náisiúntacht agus beag beann ar áit bhunaíochta na ngníomhairí taistil laistigh den Chomhphobal.

(16)

Ba cheart go mbeadh custaiméirí in ann comparáid a dhéanamh go héifeachtach idir phraghsanna aersheirbhísí aerlínte éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart go léireofaí gach tráth an praghas deiridh a bheidh le híoc ag an gcustaiméir ar aersheirbhísí a thionscnaíonn sa Chomhphobal, lena n-áirítear gach cáin, gach muirear agus gach táille. Moltar d’aeriompróirí Comhphobail freisin an praghas deiridh a léiriú atá ar a gcuid aersheirbhísí ó thríú tíortha go dtí an Comhphobal.

(17)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(18)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon go gcuirfí reachtaíocht Chomhphobail maidir leis an margadh eitlíochta inmheánach i bhfeidhm ar bhealach níos aonchineálaí, a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar ghné idirnáisiúnta an aerthaistil, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(19)

Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Cordoba an 18 Meán Fómhair 2006, le linn chéad chruinniú aireachta an Fhóraim Chomhagallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir leis an aerfort a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an ráitis agus comhlíonadh dhearbhú 1987.

(20)

Ní mór, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92, Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Rialaíonn an Rialachán seo ceadúnú aeriompróirí Comhphobail, ceart aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú, agus praghsáil aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal.

2.   Tuigtear go mbeidh cur i bhfeidhm Chaibidil III den Rialachán seo maidir le haerfort Ghiobráltar gan dochar do sheasamh dlí Ríocht na Spáinne agus do sheasamh dlí na Ríochta Aontaithe, faoi seach, maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘ceadúnas oibríochta’ údarú a dheonaíonn an t-údarás ceadúnaithe inniúil do ghnóthas, lena gceadaítear don ghnóthas sin aersheirbhísí a sholáthar, mar a luaitear sa cheadúnas oibríochta;

2.

ciallaíonn ‘údarás ceadúnaithe inniúil’ údarás Ballstáit atá i dteideal ceadúnas oibríochta a dheonú, a dhiúltú, a chúlghairm nó a fhionraí i gcomhréir le Caibidil II;

3.

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, bíodh sé brabúsmhar nó neamhbhrabúsmhar, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh;

4.

ciallaíonn ‘aersheirbhís’ eitilt nó sraith eitiltí ina n-iompraítear paisinéirí, lasta agus/nó post ar luach saothair agus/nó ar fruiliú;

5.

ciallaíonn ‘eitilt’ imeacht ó aerfort sonraithe i dtreo aerfoirt chinn scríbe shonraithe;

6.

ciallaíonn ‘eitilt áitiúil’ eitilt nach mbeidh iompar paisinéirí, post agus/nó lastas idir aerfoirt éagsúla nó idir phointí tuirlingthe údaraithe eile i gceist léi;

7.

ciallaíonn ‘aerfort’ aon limistéar i mBallstát a oiriúnaíodh go speisialta d’aersheirbhísí;

8.

ciallaíonn ‘deimhniú aeroibreora (AOC)’ deimhniú a sheachadtar chuig gnóthas lena ndeimhnítear go bhfuil an cumas gairmiúil ag an oibreoir, agus d’eagar gairmiúil air, sábháilteacht oibríochtaí a shonraítear sa deimhniú a áirithiú, mar a fhoráiltear i bhforálacha ábhartha dhlí an Chomhphobail nó an dlí náisiúnta, de réir mar is infheidhme;

9.

ciallaíonn ‘rialú éifeachtach’ caidreamh, arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:

(a)

tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;

(b)

trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;

10.

ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas a bhfuil ceadúnas oibríochta bailí nó a chomhionann aige;

11.

ciallaíonn ‘aeriompróir Comhphobail’ aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II;

12.

ciallaíonn ‘plean gnó’ tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí tráchtála beartaithe an aeriompróra don tréimhse atá i gceist, go háirithe i ndáil le forbairt ionchasach an mhargaidh agus leis na hinfheistíochtaí atá le déanamh, lena n-áirítear impleachtaí airgeadais agus eacnamaíocha na ngníomhaíochtaí sin;

13.

ciallaíonn ‘aersheirbhís taobh istigh den Chomhphobal’ aersheirbhís a oibrítear laistigh den Chomhphobal;

14.

ciallaíonn ‘ceart tráchta’ an ceart aersheirbhís a oibriú idir dhá aerfort Comhphobail;

15.

ciallaíonn ‘díolacháin suíocháin amháin’ go ndíolann aeriompróir nó a ghníomhaire údaraithe nó cairtfhostaí suíocháin go díreach leis an bpobal, gan aon seirbhís eile, amhail cóiríocht, a bheith cuachta leo;

16.

ciallaíonn ‘aersheirbhís sceidealta’ sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:

(a)

ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);

(b)

oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort céanna, cibé:

de réir tráthchláir fhoilsithe; nó

le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;

17.

ciallaíonn ‘toilleadh’ an líon suíochán nó an pálasta a thairgtear don phobal i gcoitinne ar aersheirbhís sceidealta ar feadh tréimhse áirithe;

18.

ciallaíonn ‘táillí aeir’ na praghsanna arna sloinneadh in euro nó in airgeadra áitiúil a bhíonn le híoc le haeriompróirí nó lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad chun paisinéirí a iompar ar aersheirbhísí, maille le haon choinníollacha faoina mbíonn feidhm leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí cúnta eile;

19.

ciallaíonn ‘rátaí aeir’ na praghsanna arna sloinneadh in euro nó in airgeadra áitiúil a bhíonn le híoc ar lasta a iompar maille leis na coinníollacha faoina mbíonn feidhm leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí cúnta eile;

20.

ciallaíonn ‘Ballstát/Ballstáit lena mbaineann’ an Ballstát nó na Ballstáit a n-oibrítear aersheirbhís laistigh de nó díobh nó na Ballstáit a n-oibrítear an aersheirbhís eatarthu;

21.

ciallaíonn ‘Ballstát/Ballstáit atá i gceist’ an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann agus an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an t-aeriompróir nó na haeriompróirí a oibríonn an aersheirbhís ceadúnaithe;

22.

ciallaíonn ‘comhchathair’ limistéar uirbeach arb éard atá ann roinnt cathracha nó bailte a ndearnadh aon cheantar faoi fhoirgnimh amháin astu, trí fhás agus leathadh an daonra;

23.

ciallaíonn ‘cuntas bainistíochta’ ráiteas mionsonraithe ar ioncam agus ar chostais aeriompróra don tréimhse atá i gceist lena n-áirítear miondealú idir gníomhaíochtaí a bhaineann le haeriompar agus gníomhaíochtaí eile agus idir míreanna airgid agus míreanna neamhairgid chomh maith;

24.

ciallaíonn ‘comhaontú léasa thirim’ comhaontú idir ghnóthais ar dá bhun a oibrítear an t-aerárthach faoi AOC an léasaí;

25.

ciallaíonn ‘comhaontú léasa fhliuch’ comhaontú idir aeriompróirí ar dá bhun a oibrítear an t-aerárthach faoi AOC an léasóra;

26.

ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannáras nó oifig chláraithe aeriompróra Comhphobail sa Bhallstát ar laistigh di a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus príomhrialú oibríochtúil an aeriompróra Comhphobail, lena n-áirítear bainistíocht leanúnach aeracmhainneachta.

CAIBIDIL II

CEADÚNAS OIBRÍOCHTA

Airteagal 3

Ceadúnas oibríochta

1.   Ní cheadófar d’aon ghnóthas atá bunaithe sa Chomhphobal paisinéirí, post agus/nó lasta a iompar d’aer ar luach saothair agus/nó ar fruiliú mura mbeidh an ceadúnas cuí oibríochta deonaithe dó.

Beidh gnóthas a chomhlíonann ceanglais na Caibidle seo i dteideal ceadúnas oibríochta a fháil.

2.   Ní dheonóidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil ceadúnais oibríochta ná ní choinneoidh sé i bhfeidhm iad i gcás nach mbeifí ag comhlíonadh ceann ar bith de cheanglais na Caibidle seo.

3.   Gan dochar d’aon fhorálacha eile de dhlí an Chomhphobail, den dlí náisiúnta nó den dlí idirnáisiúnta atá infheidhme, ní bheidh na catagóirí aersheirbhísí seo a leanas faoi réir an cheanglais go mbeadh ceadúnas bailí oibríochta ina seilbh:

(a)

aersheirbhísí a chuireann aerárthaí nach aerárthaí cumhacht-tiomáinte iad agus/nó aerárthaí fíoréadroma cumhacht-tiomáinte i gcrích; agus

(b)

eitiltí áitiúla.

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta a dheonú

Deonóidh údarás ceadúnaithe inniúil Ballstáit ceadúnas oibríochta do ghnóthas ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil a phríomháit ghnó suite sa Bhallstát sin;

(b)

go bhfuil AOC bailí ina sheilbh aige a d’eisigh údarás náisiúnta de chuid an Bhallstáit chéanna a bhfuil a údarás ceadúnaithe inniúil freagrach as ceadúnas oibríochta an aeriompróra Comhphobail a dheonú, a dhiúltú, a chúlghairm nó a fhíonraí;

(c)

go bhfuil aerárthach amháin nó breis agus aerárthach amháin ar fáil aige trí úinéireacht nó trí chomhaontú léasa thirim;

(d)

gurb é a phríomhghnó aersheirbhísí a oibriú as féin nó i gcomhcheangal le haon oibríocht tráchtála aerárthaí eile nó le haerárthaí a dheisiú agus a chothabháil;

(e)

go gceadóidh struchtúr na cuideachta don údarás ceadúnaithe inniúil forálacha na Caibidle seo a chur chun feidhme;

(f)

gur le Ballstáit agus/nó le náisiúnaigh Ballstáit níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é go héifeachtúil, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin, seachas mar a fhoráiltear i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an Comhphobal;

(g)

go gcomhlíonann sé na coinníollacha airgeadais a shonraítear in Airteagal 5;

(h)

go gcomhlíonann sé na ceanglais árachais a shonraítear in Airteagal 11 agus i Rialachán (CE) Uimh. 785/2004; agus

(i)

go gcomhlíonann sé na forálacha maidir le dea-cháil mar a shonraítear in Airteagal 7 iad.

Airteagal 5

Coinníollacha airgeadais maidir le ceadúnas oibríochta a dheonú

1.   Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil géarmheasúnú ar chumas ghnóthais a dhéanfaidh iarratas den chéad uair ar cheadúnas oibríochta a thaispeáint:

(a)

go mbeidh sé in ann a oibleagáidí iarbhír agus a oibleagáidí ionchasacha arna mbunú faoi thoimhdí réadúla a chomhlíonadh tráth ar bith, ar feadh tréimhse 24 mí ón uair a gcuirtear tús leis na hoibríochtaí; agus

(b)

go mbeidh sé in ann a chostais sheasta agus oibríochta a thabhaítear trí oibríochtaí de réir a phlean gnó agus a bhunaítear ar thoimhdí réadúla a sheasamh, ar feadh tréimhse trí mhí ón uair a gcuirtear tús leis na hoibríochtaí, gan aon ioncam óna oibríochtaí a chur san áireamh.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh gach iarratasóir plean gnó le haghaidh na dtrí bliana tosaigh oibríochta, ar a laghad. Mionsonrófar freisin sa phlean gnó naisc airgeadais an iarratasóra le haon ghníomhaíochtaí tráchtála eile a mbeidh an t-iarratasóir ag gabháil dóibh go díreach nó trí ghnóthais ghaolmhara. Soláthróidh an t-iarratasóir freisin an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le gnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta atá ceaptha le haghaidh oibríochtaí a chumhdach a bhaineann le haerárthaí ar lú ná 10 dtonna a nUasmhais Éirí de Thalamh (MTOM) agus/nó ar lú ná 20 an líon suíochán atá iontu. Léireoidh gnóthais den sórt sin go bhfuil glanbharrachas caipitil EUR 100 000 ar a laghad acu nó déanfaidh siad an fhaisnéis atá ábhartha chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nuair a éileoidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil í, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, mar sin féin, mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm ar ghnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta faoi fhorálacha na fomhíre roimhe seo agus a bheartaíonn aersheirbhísí sceidealta a oibriú nó a bhfuil láimhdeachas de bhreis agus EUR 3 mhilliún sa bhliain aige.

Airteagal 6

Deimhniú aeroibreora

1.   Braithfidh deonú ceadúnais oibríochta agus bailíocht ceadúnais oibríochta aon tráth ar shealbhú AOC bailí ina sonrófar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gceadúnas oibríochta.

2.   Beidh aon mhodhnú ar AOC aeriompróra Comhphobail le sonrú, i gcás inar iomchuí, ar a cheadúnas oibríochta.

Airteagal 7

Cruthúnas ar dhea-cháil

1.   I gcás, chun críocha ceadúnas oibríochta a eisiúint, gur gá cruthúnas a thabhairt gur daoine a bhfuil dea-cháil orthu iad na daoine a bhainisteoidh oibríochtaí an ghnóthais go leanúnach agus go héifeachtach, nó nár dearbhaíodh ina bhféimhigh iad, glacfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil mar fhianaise leordhóthanach i ndáil le náisiúnaigh Ballstát, doiciméid a thabhairt ar aird a d’eisigh na húdaráis inniúla sa Bhallstát tionscnaimh nó sa Bhallstát ina bhfuil a bhuanáit chónaithe ag an duine sin agus a léiríonn gur comhlíonadh na ceanglais sin.

2.   I gcás nach n-eiseoidh an Ballstát tionscnaimh nó an Ballstát ina bhfuil a bhuanáit chónaithe ag an duine sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, cuirfear dearbhú faoi mhionn in ionad na ndoiciméad sin – nó, sna Ballstáit nach bhforáiltear iontu do dhearbhú faoi mhionn – cuirfear dearbhú sollúnta arna dhéanamh ag an duine lena mbaineann os comhair údaráis inniúil bhreithiúnaigh nó riaracháin nó, nuair is iomchuí, os comhair nótaire nó os comhair chomhlacht gairmiúil cáilithe an Bhallstáit tionscnaimh nó an Bhallstáit ina bhfuil a bhuanáit chónaithe ag an duine. Eiseoidh an t-údarás sin, an nótaire sin nó an comhlacht gairmiúil cáilithe sin deimhniú a fhianóidh barántúlacht an dearbhaithe faoi mhionn nó an dearbhaithe shollúnta.

3.   Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil a cheangal go dtíolacfar na doiciméid agus na deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a ndáta eisiúna.

Airteagal 8

Bailíocht ceadúnais oibríochta

1.   Beidh ceadúnas oibríochta bailí fad a chomhlíonfaidh an t-aeriompróir Comhphobail ceanglais na Caibidle seo.

Beidh ar chumas aeriompróra Comhphobail gach tráth, arna iarraidh sin air, a thaispeáint don údarás ceadúnaithe inniúil go bhfuil ceanglais uile na Caibidle seo á gcomhlíonadh aige.

2.   Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil monatóireacht ghéar ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo. Athbhreithneoidh sé, ar aon chaoi, comhlíonadh na gceanglas sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

dhá bhliain tar éis do cheadúnas oibríochta nua a bheith deonaithe,

(b)

i gcás ina mbeidh drochamhras ann go bhféadfadh fadhb a bheith ann, nó

(c)

arna iarraidh sin don Choimisiún.

I gcás ina mbeidh drochamhras ar an údarás ceadúnaithe inniúil go bhféadfadh fadhbanna airgeadais aeriompróra Comhphobail difear a dhéanamh do shábháilteacht a oibríochtaí, cuirfidh sé an t-údarás a bheidh inniúil as an AOC ar an eolas láithreach.

3.   Déanfar an ceadúnas oibríochta a thíolacadh an athuair lena fhormheas:

(a)

i gcás nach gcuirfidh aeriompróir Comhphobail tús le hoibríochtaí laistigh de shé mhí tar éis don cheadúnas oibríochta a bheith deonaithe;

(b)

i gcás ina mbeidh aeriompróir Comhphobail éirithe as a chuid oibríochtaí le níos mó ná sé mhí, nó

(c)

i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag aeriompróir Comhphobail arna cheadúnú ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 5(3), gabháil d’oibríochtaí le haerárthach a sháraíonn an tairseach méide a shonraítear in Airteagal 5(3), nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha airgeadais a shonraítear ann a thuilleadh.

4.   Déanfaidh aeriompróir Comhphobail a chuntais iniúchta a chur ar fáil don údarás ceadúnaithe inniúil tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis lá deireanach na bliana airgeadais faoi seach, mura bhforáiltear dá mhalairt sa dlí náisiúnta. Le linn na chéad dhá bhliain d’aeriompróir Comhphobail a bheith ag oibriú, déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a chur ar fáil arna iarraidh sin don údarás ceadúnaithe inniúil.

Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil aon tráth measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais aeriompróra Comhphobail ar dheonaigh sé ceadúnas oibríochta dó, tríd an bhfaisnéis chuí a iarraidh. Mar chuid de mheasúnú den sórt sin, déanfaidh an t-aeriompróir Comhphobail lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta agus a chur ar fáil arna iarraidh sin don údarás ceadúnaithe inniúil.

5.   Tabharfaidh aeriompróir Comhphobail fógra don údarás ceadúnaithe inniúil:

(a)

sula ndéanfar aon phleananna maidir le haersheirbhís nua a oibriú chuig mór-roinn nó chuig réigiún domhanda nach raibh freastal á dhéanamh air nó uirthi roimhe sin nó sula ndéanfar aon athrú suntasach ar scála a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear athruithe ar chineál nó ar líon na n-aerthárthaí a úsáidfear, gan a bheith teoranta do na hathruithe sin;

(b)

roimh aon chumaisc nó roimh aon fháltais a bheartófar; agus

(c)

laistigh de 14 lá ón lá a ndéanfar athrú ar úinéireacht aon scairshealbháin amháin arb ionann é agus 10 % nó níos mó de scairshealbhán iomlán an aeriompróra Comhphobail nó de scairshealbhán iomlán a mháthairchuideachta nó a chuideachta sealbhaíochta deiridh.

6.   Má mheasann an t-údarás ceadúnaithe inniúil go mbeidh tionchar suntasach ag na hathruithe ar tugadh fógra fúthu faoi mhír 5 ar airgeadas an aeriompróra Comhphobail, éileoidh sé go gcuirfear plean athbhreithnithe gnó faoina bhráid a chuirfidh na hathruithe atá i gceist isteach agus a chuimseoidh, ar a laghad, tréimhse 12 mhí ó dháta a chur chun feidhme chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, de bhreis ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil faoi mhír 4.

Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cinneadh maidir leis an bplean gnó athbhreithnithe faoi cibé an bhfuil ar chumas an aeriompróra Comhphobail a chuid oibleagáidí reatha agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i rith na tréimhse dhá mhí dhéag sin. Déanfar cinneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don fhaisnéis riachtanach uile a bheith curtha faoina bhráid.

7.   Maidir le haeriompróirí Comhphobail a cheadúnaigh sé, cinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cibé an ndéanfar an ceadúnas oibríochta a thíolacadh an athuair chun go ndéanfar formheas air i gcás athraithe ar ghné amháin nó níos mó a dhéanfaidh difear do staid dhlíthiúil aeriompróra Comhphobail agus, go háirithe, i gcás cumaisc nó táthcheangail.

8.   Ní bheidh feidhm ag mír 4, ag mír 5 ná ag mír 6 maidir le haeriompróirí Comhphobail a bheidh ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí le haerárthaí ar lú ná 10 dtonna a MTOM agus/nó a mbeidh níos lú ná 20 suíochán iontu. Beidh na haeriompróirí Comhphobail sin in ann a thaispeáint gach tráth go bhfuil glanbharrachas caipitil EUR 100 000 ar a laghad acu nó beidh siad in ann an fhaisnéis a bheidh ábhartha chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a chur ar fáil nuair a cheanglóidh an t-údarás ceadúnaithe orthu é.

Dá ainneoin sin, féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil mír 4, mír 5 agus mír 6 a chur i bhfeidhm ar aeriompróirí Comhphobail a bheidh ceadúnaithe aige agus a mbeidh aersheirbhísí sceidealta á n-oibriú acu nó ar aeriompróirí Comhphobail a rachaidh a láimhdeachas thar EUR 3 mhilliún in aghaidh na bliana.

Airteagal 9

Ceadúnas oibríochta a fhionraí agus a chúlghairm

1.   Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil aon tráth measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais aeriompróra Comhphobail a bheidh ceadúnaithe aige. Bunaithe ar a mheasúnú, déanfaidh an t-údarás an ceadúnas oibríochta a fhionraí nó a chúlghairm mura deimhin leis a thuilleadh gur féidir leis an aeriompróir Comhphobail sin a chuid oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh go ceann tréimhse 12 mhí. Dá ainneoin sin, féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil ceadúnas sealadach a dheonú, nach rachaidh thar 12 mhí, go dtí go ndéanfar atheagrú airgeadais ar aeriompróir Comhphobail ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, go léireoidh an ceadúnas sealadach sin, nuair is iomchuí, aon athruithe ar an AOC agus gur dóigh go réadúil go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den tréimhse ama sin.

2.   Aon uair a mbeidh comharthaí soiléire ann go bhfuil fadhbanna airgeadais ann nó nuair a thionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí den tsamhail sin i gcoinne aeriompróra Comhphobail arna cheadúnú aige, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil grinnmheasúnú gan mhoill ar an staid airgeadais agus déanfaidh sé athbhreithniú ar stádas an cheadúnais oibríochta ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe seo, i gcomhlíonadh an Airteagail seo laistigh de thréimhse ama trí mhí.

Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil a chinntí, a bhaineann le stádas an cheadúnais oibríochta, in iúl don Choimisiún.

3.   Nuair nach gcuirfear i bhfios na cuntais iniúchta, dá dtagraítear in Airteagal 8(4), laistigh den spriocdháta a sonraíodh san Airteagal sin, iarrfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil ar an aeriompróir Comhphobail, gan mhoill mhíchuí, na cuntais iniúchta sin a chur i bhfios.

Mura gcuirfear i bhfios laistigh de mhí na cuntais iniúchta, féadfar an ceadúnas oibríochta a chúlghairm nó a fhionraí.

4.   Fionróidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta nó cúlghairfidh sé é má thugann an t-aeriompróir faisnéis don údarás ceadúnaithe inniúil, go feasach nó go meargánta, a bheidh bréagach i bponc ábhartha.

5.   I gcás ina bhfionrófar AOC aeriompróra Comhphobail nó ina dtarraingeofar siar é, fionróidh nó cúlghairfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil láithreach ceadúnas oibríochta an aeriompróra sin.

6.   Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil ceadúnas oibríochta aeriompróra Comhphobail a fhionraí nó a chúlghairm mura gcomhlíonfaidh an t-aeriompróir sin a thuilleadh na ceanglais maidir le dea-cháil a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 10

Cinntí faoi cheadúnais oibríochta

1.   Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cinneadh faoi iarratas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis gur cuireadh an fhaisnéis riachtanach uile faoina bhráid, ag cur na faisnéise uile a bheidh ar fáil san áireamh. Cuirfear an cinneadh i bhfios don iarratasóir. Léireofar i ndiúltú na cúiseanna a bhí leis.

2.   Déanfaidh na húdaráis cheadúnaithe inniúla na nósanna imeachta maidir le deonú, le fionraí agus le cúlghairm ceadúnas oibríochta a phoibliú, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu.

3.   Foilseofar go bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta de na cinntí a rinne na húdaráis cheadúnaithe inniúla ceadúnais oibríochta a dheonú, a fhionraí nó a chúlghairm.

Airteagal 11

Ceanglais árachais

D’ainneoin Rialachán (CE) Uimh. 785/2004, beidh árachas ag aeriompróir chun dliteanas a chlúdach i gcás tionóiscí maidir le post.

Airteagal 12

Clárú

1.   Gan dochar d’Airteagal 13(3), clárófar aerárthaí a úsáidfidh aeriompróir Comhphobail, de rogha an Bhallstáit a n-eiseoidh a údarás inniúil an ceadúnas oibríochta, ina chlár náisiúnta nó laistigh den Chomhphobal.

2.   I gcomhréir le mír 1, glacfaidh an t-údarás inniúil, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán a bheidh infheidhme, ar a chlár náisiúnta, gan aon táille idirdhealaitheach agus gan mhoill, le haerárthaí ar le náisiúnaigh Bhallstát eile iad agus le haerárthaí a aistríodh ó chláir aerárthaí Ballstát eile. Ní ghearrfar aon táille ar aistrithe aerárthaí i dteannta na gnáth-tháille cláraithe.

Airteagal 13

Léasú

1.   Gan dochar d’Airteagal 4(c), féadfaidh aeriompróir Comhphobail aerárthach amháin nó níos mó a bheith faoina réir aige trí chomhaontú léasa thirim nó trí chomhaontú léasa fhliuch. Féadfaidh aeriompróirí Comhphobail aerárthaí a bheidh ar léas fliuch acu a oibriú faoi shaoirse laistigh den Chomhphobal seachas i gcás inarbh é an toradh a bheadh air seo go gcuirfí an tsábháilteacht i mbaol. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar foráil den sórt sin a chur chun feidhme go réasúnach agus go comhréireach agus go mbunófar cur chun feidhme na forála sin ar chúrsaí sábháilteachta.

2.   Comhaontú léasa thirim ar páirtí aeriompróir Comhphobail ann nó comhaontú léasa fhliuch faoina mbeidh an t-aeriompróir Comhphobail ina léasaí ar an aerárthach a bheidh ar léas fliuch aige, beidh sé faoi réir formheasa roimh ré i gcomhréir leis an dlí Comhphobail nó leis an dlí náisiúnta a bheidh infheidhme maidir le sábháilteacht eitlíochta.

3.   Aeriompróir Comhphobail a mbeidh aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír ar léas fliuch aige ó ghnóthas eile, gheobhaidh sé formheas roimh ré don oibríocht ón údarás ceadúnaithe inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas a dheonú:

(a)

i gcás ina léireoidh an t-aeriompróir Comhphobail chun sástachta an údaráis cheadúnaithe inniúil go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta uile á gcomhlíonadh atá coibhéiseach leis na caighdeáin sábháilteachta a fhorchuirtear le dlí an Chomhphobail nó leis an an dlí náisiúnta; agus

(b)

i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tugann an t-aeriompróir Comhphobail údar maith le léasú den sórt sin ar bhonn riachtanas eisceachtúil, agus sa chás sin féadfar formheas a dheonú go ceann tréimhse nach faide ná seacht mí a bheidh inathnuaite uair amháin go ceann tréimhse breise nach faide ná seacht mí;

(ii)

léiríonn an t-aeriompróir Comhphobail go bhfuil an léasú riachtanach chun freastal ar riachtanais toillte shéasúracha nach féidir a shásamh go réasúnach trí aerárthaí a léasú a bheidh cláraithe laistigh den Chomhphobal, agus sa chás sin féadfar an formheas a athnuachan; nó

(iii)

léiríonn an t-aeriompróir Comhphobail go bhfuil an léasú riachtanach chun deacrachtaí oibríochtúla a shárú agus nach féidir nó nach bhfuil sé réasúnach aerárthaí a bheidh cláraithe laistigh den Chomhphobal a léasú, agus sa chás sin ní rachaidh ré an fhormheasa thar an ré a bhfuil fíorghá leis chun na deacrachtaí a shárú.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil coinníollacha a chur ag gabháil leis an bhformheas. Beidh na coinníollacha sin ina gcuid den chomhaontú léasa fhliuch.

Féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú formheas a dheonú mura mbeidh aon chómhalartaíocht maidir le léasú fliuch idir an Ballstát lena mbaineann nó idir an Comhphobal agus an tríú tír ina mbeidh an t-aerárthach a bheidh ar léas fliuch cláraithe.

Cuirfidh an t-údarás inniúil na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le formheas a dheonóidh sé chun aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír a léasú ar léas fliuch.

Airteagal 14

An ceart éisteacht a fháil

Áiritheoidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, agus cinneadh á ghlacadh aige ceadúnas oibríochta aeriompróir Comhphobail a fhionraí nó a chúlghairm, go bhfaighidh an t-aeriompróir Comhphobail lena mbaineann an deis éisteacht a fháil, ag cur san áireamh gur gá, i gcásanna áirithe, nós imeachta éigeandála a bheith ann.

CAIBIDIL III

ROCHTAIN AR AERBHEALAÍ

Airteagal 15

Aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a sholáthar

1.   Beidh aeriompróirí Comhphobail i dteideal aersheirbhísí a oibriú laistigh den Chomhphobal.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit faoi réir aon cheada ná faoi réir aon údaraithe oibriú aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal ag aeriompróir Comhphobail. Ní cheanglóidh na Ballstáit ar aeriompróirí Comhphobail aon doiciméid ná aon fhaisnéis a sholáthar a bheidh soláthartha cheana féin don údarás ceadúnaithe inniúil acu, ar choinníoll go bhféadfar an fhaisnéis ábhartha a fháil ón údarás ceadúnaithe inniúil in am trátha.

3.   Má chinneann an Coimisiún, ar bhonn faisnéise a fuair sé faoi Airteagal 26(2), nach gcomhlíonann an ceadúnas oibríochta a deonaíodh d’aeriompróir Comhphobail ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh sé a chinneadh ar aghaidh chuig an údarás ceadúnaithe inniúil a sheolfaidh a bharúlacha chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá oibre.

Má áitíonn an Coimisiún, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar bharúlacha an údaráis cheadúnaithe inniúil, nach bhfuil an ceadúnas oibríochta comhlíontach, nó mura bhfuarthas aon bharúlacha ón údarás ceadúnaithe inniúil, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), a iarraidh ar an údarás ceadúnaithe inniúil na bearta ceartúcháin iomchuí a ghlacadh nó an ceadúnas oibríochta a fhionraí nó a chúlghairm.

Socrófar leis an gcinneadh dáta faoina gcuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil na bearta nó na gníomhartha ceartúcháin chun feidhme. Ní bheidh an t-aeriompróir Comhphobail i dteideal a chearta faoi mhír 1 a fheidhmiú mura mbeidh na gníomhartha nó na bearta ceartúcháin curtha chun feidhme faoin dáta sin.

Féadfaidh an t-aeriompróir Comhphobail a chearta faoi mhír 1 a fheidhmiú an athuair nuair a gheobhaidh an Coimisiún fógra ón údarás ceadúnaithe inniúil go bhfuil na bearta ceartúcháin curtha chun feidhme agus go bhfuil an cur chun feidhme fíoraithe ag an údarás ceadúnaithe inniúil.

4.   Nuair a bheidh aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal á n-oibriú aige, ceadófar d’aeriompróir Comhphobail aersheirbhísí a chur le chéile agus comhaontuithe códroinnte a dhéanamh, gan dochar do rialacha iomaíochta an Chomhphobail a bheidh infheidhme maidir le gnóthais.

Déantar aon srianta ar shaoirse aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú a eascróidh as comhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit a chur as ionad leis seo.

5.   D’ainneoin forálacha comhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit, agus faoi réir rialacha iomaíochta an Chomhphobail a bheidh infheidhme maidir le gnóthais, ceadóidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann d’aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí a chur le chéile agus comhaontuithe códroinnte a dhéanamh le haon aeriompróir maidir le haersheirbhísí chuig aon aerfort i gcríoch an Bhallstáit sin nó i gcríoch na mBallstát sin nó ó aon phointe nó ó aon phointí i dtríú tíortha nó tríd aon aerfort ina chríoch nó ina gcríoch nó chuig aon phointe nó chuig aon phointí i dtríú tíortha.

Féadfaidh Ballstát, faoi chuimsiú an chomhaontaithe aersheirbhíse dhéthaobhaigh leis an tríú tír lena mbaineann, srianta a fhorchur ar shocruithe códroinnte idir aeriompróirí Comhphobail agus aeriompróirí tríú tíortha, go háirithe, mura gceadaíonn an tríú tír lena mbaineann deiseanna tráchtála den tsamhail sin d’aeriompróirí Comhphobail a oibríonn ón mBallstát lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit, agus é sin á dhéanamh acu, nach gcuirfidh na srianta a fhorchuirfear faoi chomhaontuithe den sórt sin srian ar iomaíocht agus nach ndéanfaidh siad idirdhealú idir aeriompróirí Comhphobail agus áiritheoidh siad nach mbeidh siad níos sriantaí ná mar is gá dóibh a bheith.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta d’oibleagáidí seirbhíse poiblí

1.   Féadfaidh Ballstát, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann, agus tar éis don Choimisiún, na haerfoirt lena mbaineann, agus na haeriompróirí a bheidh ag oibriú ar an aerbhealach a chur ar an eolas, oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur i ndáil le haersheirbhísí sceidealta idir aerfort sa Chomhphobal agus aerfort a bheidh ag freastal ar réigiún forimeallach nó ar réigiún atá i mbéal forbartha nó ar bhealach lagthráchta chuig aon aerfort ina chríoch, má mheastar aon aerbhealach den sórt sin a bheith ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’fhorbairt shóisialta an réigiúin a bhfreastalaíonn an t-aerfort air. Ní fhorchuirfear an oibleagáid sin ach a mhéid a bheidh riachtanach chun a áirithiú go soláthrófar ar an aerbhealach sin an t-íosleibhéal aersheirbhísí sceidealta a shásóidh caighdeáin shocraithe leanúnachais, rialtachta, praghsála nó toillte íosta, nach nglacfadh aeriompróirí chucu féin iad dá mba é a leas tráchtála amháin a bheadh á bhreithniú acu.

Socrófar ar mhodh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach na caighdeáin shocraithe a fhorchuirfear ar an aerbhealach a bheidh faoi réir na hoibleagáide seirbhíse poiblí sin.

2.   I gcásanna nach féidir a áirithiú, le modhanna eile iompair go mbeidh seirbhís gan bhriseadh ann, agus minicíocht faoi dhó sa lá ar a laghad aici, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann an ceanglas a chur san oibleagáid seirbhíse poiblí go dtabharfaidh aon aeriompróir Comhphobail a mbeidh sé beartaithe aige an t-aerbhealach a oibriú, ráthaíocht go n-oibreoidh sé an t-aerbhealach go ceann tréimhse áirithe, a shonrófar, i gcomhréir le téarmaí eile na hoibleagáide seirbhíse poiblí.

3.   Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit measúnú ar an ngá a bheidh le hoibleagáid seirbhíse poiblí a bheidh á beartú, agus ar a leordhóthanacht, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(a)

an chomhréireacht idir an oibleagáid atá á beartú agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin lena mbaineann;

(b)

go bhféadfaí dul i muinín modhanna eile iompair agus cumas na modhanna sin na riachtanais iompair a bheidh faoi bhreithniú a shásamh, go háirithe nuair a bheidh seirbhísí iarnróid atá ann cheana ag freastal ar an aerbhealach atá á bheartú a mbeidh am taistil nach faide ná trí huaire an chloig i gceist leo, a mbeidh a minicíochtaí agus a naisc leordhóthanach, agus a mbeidh a gcláir ama oiriúnach;

(c)

na táillí aeir agus na coinníollacha a fhéadfar a lua leis na húsáideoirí;

(d)

éifeacht chomhcheangailte na n-aeriompróirí go léir a bheidh ag oibriú an aerbhealaigh, nó a mbeidh sé beartaithe acu an t-aerbhealach a oibriú.

4.   I gcás inar mian le Ballstát oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur, cuirfidh sé i bhfios don Choimisiún, do na Ballstáit eile lena mbaineann, do na haerfoirt lena mbaineann, agus do na haeriompróirí a bheidh ag oibriú an aerbhealaigh lena mbaineann, téacs na hoibleagáide seirbhíse poiblí a bheartófar a fhorchur.

Foilseoidh an Coimisiún fógra faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)

ina luafar an dá aerfort a bheidh á nascadh leis an aerbhealach lena mbaineann, agus an pointe tuirlingthe idirthréimhseach nó na pointí tuirlingthe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

(b)

ina luafar an dáta a dtiocfaidh an oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm; agus

(c)

ina léireofar an seoladh iomlán a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann an téacs agus aon fhaisnéis agus/nó aon doiciméadacht iomchuí a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí ar fáil ann, gan mhoill agus saor in aisce.

5.   D’ainneoin fhorálacha mhír 4, maidir le haerbhealaí inar lú ná 10 000 líon na bpaisinéirí in aghaidh na bliana a mheasfar a bhainfidh úsáid as an aersheirbhís, foilseofar an fógra faisnéise i ndáil le hoibleagáid seirbhíse poiblí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó in iris oifigiúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Ní luaithe ná an dáta a bhfoilseofar an fógra faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 an dáta a dtiocfaidh oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm.

7.   Nuair a fhorchuirfear oibleagáid seirbhíse poiblí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, beidh ar chumas an aeriompróra Comhphobail díolacháin suíocháin amháin a thairiscint ar choinníoll go sásóidh an aersheirbhís a bheidh i gceist ceanglais uile na hoibleagáide seirbhíse poiblí. Dá chionn sin, measfar gurb aersheirbhís sceidealta an aersheirbhís sin.

8.   Nuair a fhorchuirfear oibleagáid seirbhíse poiblí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, beidh cead ag aon aeriompróir eile Comhphobail aon tráth tús a chur le haersheirbhísí sceidealta a chomhlíonfaidh ceanglais uile na hoibleagáide seirbhíse poiblí, lena n-áirítear an tréimhse oibriúcháin a fhéadfar a éileamh i gcomhréir le mír 2.

9.   D’ainneoin mhír 8, mura mbeidh aersheirbhísí inmharthana sceidealta tosaithe ag aon aeriompróir Comhphobail, nó mura mbeidh ar chumas aon aeriompróra Comhphobail a thaispeáint go bhfuil sé ar tí tús a chur leo ar aerbhealach i gcomhréir leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a forchuireadh ar an aerbhealach sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann rochtain ar aersheirbhísí sceidealta ar an aerbhealach sin a theorannú chuig aon aeriompróir Comhphobail amháin go ceann tréimhse nach faide ná ceithre bliana, agus athbhreithneofar an cás ina dhiaidh sin.

D’fhéadfadh sé gur thréimhse nárbh fhaide ná cúig bliana a bheadh sa tréimhse seo, má fhorchuirtear an oibleagáid seirbhíse poiblí ar aerbhealach chuig aerfort a fhreastalaíonn ar réigiún forimeallach, dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh.

10.   Tairgfear, le tairiscint phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 17 an ceart na seirbhísí dá dtagraítear i mír 9 a oibriú, ina gceann agus ina gceann nó, i gcásanna a mbeidh údar maith leo ar chúiseanna oibríochta, i ngrúpa aerbhealaí den sórt sin, d’aon aeriompróir Comhphobail a bheidh i dteideal aersheirbhísí den sórt sin a oibriú. Féadfaidh Ballstát ar chúiseanna éifeachtúlachta riaracháin, cuireadh amháin chun tairisceana a éisiúint a chumhdóidh aerbhealaí éagsúla.

11.   Measfar go mbeidh oibleagáid seirbhíse poiblí dulta in éag murar oibríodh aon aersheirbhís sceidealta le linn tréimhse 12 mhí ar an aerbhealach a bheidh faoi réir na hoibleagáide sin.

12.   I gcás ina ndéanfaidh an t-aeriompróir Comhphobail a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 17 seirbhís a idirbhriseadh go tobann, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, i gcás éigeandála, aeriompróir Comhphobail éagsúil a roghnú trí chomhaontú frithpháirteach chun an oibleagáid seirbhíse poiblí a oibriú go ceann tréimhse nach faide ná seacht mí, nach mbeidh inathnuaite, faoi na coinníollacha a leanas:

(a)

aon chúiteamh a íocfaidh an Ballstát, íocfar i gcomhlíonadh Airteagal 17(8) é;

(b)

déanfar an roghnú as measc na n-aeriompróirí Comhphobail i gcomhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe;

(c)

seolfar glaoch nua ar thairiscint.

Cuirfear an nós imeachta éigeandála agus na cúiseanna a bhí leis in iúl gan mhoill don Choimisiún agus don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do Bhallstáit, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) an nós imeachta a chur ar fionraí má mheasann sé tar éis a mheasúnaithe nach gcomhlíonann sé ceanglais na míre seo, nó go bhfuil sé contrártha ar shlí eile do dhlí an Comhphobail.

Airteagal 17

Nós imeachta tairisceana poiblí le haghaidh oibleagáide seirbhíse poiblí

1.   Seolfar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 10 den Airteagal seo an tairiscint phoiblí a cheanglaítear a dhéanamh in Airteagal 16(10).

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann téacs iomlán an chuiridh chun tairisceana i bhfios don Choimisiún ach amháin i gcás inar chuir sé an oibleagáid seirbhíse poiblí in iúl trí fhógra a fhoilsiú ina iris oifigiúil náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 16(5). Sa chás sin foilseofar an tairiscint san iris oifigiúil náisiúnta chomh maith.

3.   Cumhdóidh an cuireadh chun tairisceana agus an conradh a leanfaidh é na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

na caighdeáin a cheanglaítear leis an oibleagáid seirbhíse poiblí;

(b)

rialacha a bhaineann le leasú agus le foirceannadh an chonartha, go háirithe chun athruithe neamh-intuartha a chur san áireamh;

(c)

tréimhse bailíochta an chonartha;

(d)

pionóis i gcás nach gcomhlíonfar an conradh;

(e)

paraiméadair oibiachtúla agus thrédhearcacha, ar a mbonn a ríomhfar cúiteamh, más ann dó, i gcomhair chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an cuireadh chun tairisceana a fhógairt i bhfógra faisnéise a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse a cheadófar chun tairiscintí a chur isteach níos túisce ná dhá mhí tar éis lá foilsithe an fhógra faisnéise sin. I gcás ina mbainfidh an tairiscint le haerbhealach a raibh rochtain air teoranta d’aeriompróir amháin i gcomhréir le hAirteagal 16(9), foilseofar an cuireadh chun tairisceana ar a laghad sé mhí roimh thús na deonaíochta nua, chun go bhféadfar a mheasúnú an bhfuil gá ann fós le rochtain air a bheith teoranta.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra faisnéise:

(a)

an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann;

(b)

an t-aerbhealach lena mbaineann;

(c)

tréimhse bailíochta an chonartha;

(d)

seoladh iomlán na háite ina gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméid iomchuí a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí ar fáil;

(e)

an spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach.

6.   Aon fhaisnéis nó doiciméid iomchuí a n-iarrfaidh páirtí a bhfuil spéis aige sa tairiscint phoiblí, cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann i bhfios é gan mhoill agus saor in aisce.

7.   Déanfar an roghnú as measc na dtairiscintí a chuirfear isteach chomh luath agus is féidir, ag cur san áireamh leordhóthanacht na seirbhíse, lena n-áirítear na praghsanna agus na coinníollacha a fhéadfar a lua d’úsáideoirí, agus costas an chúitimh, más ann dó, a cheanglófar ar an mBallstát nó ar na Ballstáit lena mbaineann.

8.   Aeriompróir, a roghnaíodh faoi mhír 7, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann é a chúiteamh as cloí leis na caighdeáin ar ann dóibh de bharr oibleagáide seirbhíse poiblí arna forchur faoi Airteagal 16. Ní fhéadfaidh an cúiteamh sin a bheith níos mó ná na glanchostais a tabhaíodh chun gach oibleagáid seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, agus an t-ioncam bainteach a choinníonn an t-aeriompróir agus brabús réasúnach á gcur san áireamh.

9.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn agus gan mhoill faoi thorthaí na tairisceana poiblí agus faoin roghnú, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

líon, ainmneacha agus faisnéis chorparáideach na dtairgeoirí;

(b)

gnéithe oibríochtúla a bhíonn sna tairiscintí;

(c)

cúiteamh a iarrtar sna tairiscintí;

(d)

ainm an tairgeora roghnaithe.

10.   Ar iarratas ó Bhallstát, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstáit go gcuirfear chuige, laistigh de mhí amháin, gach doiciméad iomchuí a bhaineann le roghnú aeriompróra chun oibleagáid seirbhíse poiblí a oibriú. I gcás nach gcuirtear na doiciméid a iarrtar chuige faoin spriocdháta, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an cuireadh chun tairisceana a chur ar fionraí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 18

Oibleagáidí seirbhíse poiblí a scrúdú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a chinntiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagail 16 agus Airteagal 17 agus, go háirithe, go ndéanfar chomh luath agus is féidir é, ar na forais go bhfuil dlí an Chomhphobail nó rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Chomhphobail chun feidhme á sárú ag cinntí den sórt sin.

Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, a iarraidh ar Bhallstáit na nithe seo a leanas a chur chuige, laistigh de dhá mhí:

(a)

doiciméad ina dtugtar údar maith leis an ngá atá ann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí agus léiriú ar an gcaoi a gcomhlíonann an tseirbhís sin na critéir a luaitear in Airteagal 16;

(b)

anailís ar gheilleagar an réigiúin;

(c)

anailís ar an gcomhréireacht idir na hoibleagáidí beartaithe agus na cuspóirí forbartha eacnamaíche;

(d)

anailís ar na haersheirbhísí atá ann cheana féin, más ann, agus ar na modhanna iompair eile ar ann dóibh a d’fhéadfaí a mheas mar mhalairt ar an bhforchur a bheartaítear.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát a mheasann go bhfuil forbairt aerbhealaigh á srianadh go míchuí ag téarmaí Airteagal 16 agus Airteagal 17, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú agus, laistigh de shé mhí den iarratas a bheith faighte aige, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), déanfaidh sé cinneadh ar bhonn na dtosca iomchuí uile cibé an leanfaidh Airteagal 16 agus Airteagal 17 d’fheidhm a bheith acu i ndáil leis an aerbhealach lena mbaineann.

Airteagal 19

Dáileadh tráchta idir aerfoirt agus feidhmiú na gceart tráchta

1.   Beidh feidhmiú na gceart tráchta faoi réir rialacha oibríochta Comhphobail, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla mar a foilsíodh iad agus a bhaineann le sábháilteacht, slándáil, caomhnú an chomhshaoil agus leithdháileadh sliotán.

2.   Féadfaidh Ballstát, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara lena n-áirítear na haeriompróirí agus na haerfoirt lena mbaineann, gan idirdhealú i measc na gceann scríbe laistigh den Chomhphobal ná ar fhorais náisiúntacht ná céannacht na n-aeriompróirí, rialáil a dhéanamh ar dháileadh an aerthráchta idir aerfoirt a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

freastalaíonn na haerfoirt ar an gcathair nó ar an gcomhchathair chéanna;

(b)

freastalaítear ar na haerfoirt le bonneagar iompair leordhóthanach a sholáthraíonn, a mhéid is féidir, nasc díreach trínar féidir an t-aerfort a shroicheadh laistigh de nócha nóiméad, lena n-áirítear, i gcás inar gá, ar bhonn trasteorann;

(c)

tá na haerfoirt nasctha lena chéile agus tá siad nasctha leis an gcathair nó leis an gcomhchathair a bhfreastalaíonn siad uirthi le seirbhísí iompair phoiblí atá minic, iontaofa, éifeachtach; agus

(d)

soláthraíonn na haerfoirt na seirbhísí riachtanacha d’aeriompróirí, agus ní dhéanfaidh siad dochar míchuí dá ndeiseanna tráchtála.

Aon chinneadh a dhéanfar chun dáileadh aerthráchta idir na haerfoirt lena mbaineann a rialáil, urramóidh sé prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta, agus beidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

3.   Cuirfidh Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aige dáileadh an aerthráchta a rialáil nó riail dáilte tráchta atá ann cheana a athrú.

Scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, agus, laistigh de shé mhí den fhaisnéis a fháil ón mBallstát, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), cinnfidh sé cibé an bhféadfaidh an Ballstát na bearta a chur i bhfeidhm.

Foilseoidh an Coimisiún a chinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ní chuirfear na bearta sin i bhfeidhm sula bhfoilseofar formheas an Choimisiúin.

4.   Maidir le rialacha dáilte tráchta a bheidh ann tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 a scrúdú, arna iarraidh sin do Bhallstát, agus féadfaidh sé, ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 a scrúdú, agus, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), cinnfidh sé cé acu an bhféadfaidh an Ballstát leanúint den bheart a chur i bhfeidhm nó nach bhféadfaidh.

5.   Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a dhéanfaidh sé faoin Airteagal seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 20

Bearta a bhaineann leis an gcomhshaol

1.   I gcás ina mbeidh fadhbanna tromchúiseacha comhshaoil ann, féadfaidh an Ballstát atá freagrach feidhmiú ceart tráchta a theorannú nó a dhiúltú, go háirithe nuair a sholáthraíonn modhanna eile iompair leibhéil iomchuí seirbhíse. Beart neamh-idirdhealaitheach, nach saobhfaidh iomaíocht idir aeriompróirí, nach mbeidh níos sriantaí ná mar is gá chun na fadhbanna a fhuascailt, a mbeidh tréimhse bailíochta theoranta aige nach faide ná trí bliana, agus a ndéanfar athbhreithniú air ina dhiaidh sin, a bheidh ann.

2.   Nuair a mheasann Ballstát go bhfuil gá le gníomh faoi mhír 1, trí mhí ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm an ghnímh, cuirfidh sé an méid sin i bhfios do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, agus soláthróidh sé údar leordhothánach leis an ngníomh. Féadfar an gníomh a chur chun feidhme ach amháin i gcás, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil, go ndéanfaidh Ballstát lena mbaineann an gníomh a chonspóid nó go dtógfaidh an Coimisiún é in airde, i gcomhréir le mír 3, d’fhonn a thuilleadh scrúdaithe.

3.   Ar iarratas ó Bhallstát eile nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), na bearta a fhionraí mura dtagann siad le ceanglais mhír 1 nó má bhíonn siad contrártha do dhlí an Chomhphobail ar bhealach eile.

Airteagal 21

Bearta éigeandála

1.   Féadfaidh Ballstát feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna tobanna sealadacha a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha agus dosheachanta. Urramóidh gníomh den sórt sin prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus bunófar é ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.

Cuirfear gníomh den sórt sin agus an t-údar leordhóthanach a bheidh leis in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill. Más amhlaidh go mbíonn na fadhbanna ann a éilíonn gníomh den sórt sin ar feadh breis agus 14 lá, cuirfidh an Ballstát an méid sin i bhfios don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir agus féadfaidh sé, le comhaontú an Choimisiúin, an gníomh a fhadú ar feadh tréimhsí breise nach faide ná 14 lá.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát atá i gceist nó arna iarraidh sin do na Ballstáit atá i gceist nó ar a thionscnamh féin, an gníomh seo a fhionraí mura dtagann sé le ceanglais mhír 1 nó má tá sé contrártha do dhlí an Chomhphobail ar bhealach eile.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA MAIDIR LE PRAGHSÁIL

Airteagal 22

Saoirse phraghsála

1.   Gan dochar d’Airteagal 16(1), déanfaidh aeriompróirí Comhphobail agus, ar bhonn cómhalartaíochta, déanfaidh aeriompróirí tríú tíortha, táillí aeir agus rátaí aeir d’aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a shocrú faoi shaoirse.

2.   D’ainneoin fhorálacha chomhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit, ní fhéadfaidh Ballstáit idirdhealú a dhéanamh ar fhorais náisiúntacht nó ar chéannacht aeriompróirí trí ligean d’aeriompróirí Comhphobail táillí agus rátaí d’aersheirbhísí idir a gcríoch féin agus tríú tír a shocrú. Déantar aon srianta ar phraghsáil atá ann go fóill, lena n-áirítear srianta i ndáil le haerbhealaí chuig tríú tíortha, a eascraíonn as comhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit, a chur as ionad leis seo.

Airteagal 23

Faisnéis agus neamh-idirdhealú

1.   Áireofar na coinníollacha a bheidh infheidhme sna táillí aeir agus sna rátaí aeir, ar táillí aeir agus rátaí aeir iad a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, an tráth a fhoilseofar nó a thairgfear iad in aon fhoirm, lena n-áirítear ar an Idirlíon, d’aersheirbhísí ó aerfort a bheidh lonnaithe i gcríoch Ballstáit a mbeidh feidhm ag an gConradh maidir leis. Léireofar gach tráth an praghas deiridh a bheidh le híoc agus áireofar ann an táille aeir a bheidh infheidhme nó an ráta aeir a bheidh infheidhme chomh maith leis na cánacha uile a bheidh infheidhme, agus na muirir, na fomhuirir agus na táillí a bheidh dosheachanta agus a bheidh intuartha tráth an fhoilsithe. De bhreis ar an léiriú ar an bpraghas deiridh, sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an táille aeir nó an ráta aeir;

(b)

na cánacha;

(c)

na muirir aerfoirt; agus

(d)

aon mhuirir eile, aon fhomhuirir eile nó aon táillí eile, amhail na muirir, na fomhuirir nó na táillí a bhaineann le slándáil nó le breosla;

i gcás inar cuireadh na hítimí a liostaítear faoi (b), faoi (c) agus faoi (d) leis an táille aeir nó leis an ráta aeir. Cuirfear na forlíonta roghnacha praghais in iúl ar bhealach soiléir, trédhearcach, neamhdhébhríoch i dtús aon phróisis áirithinte agus is ar bhonn ‘roghnaím é’ a ghlacfaidh an custaiméir leo.

2.   Gan dochar d’Airteagal 16(1), déanfar rochtain ar thaillí aeir agus ar rátaí aeir d’aersheirbhísí ó aerfort a bheidh lonnaithe i gcríoch Ballstáit a mbeidh feidhm ag an gConradh maidir leis, a dheonú don phobal i gcoitinne beag beann ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe an chustaiméara nó ar áit bhunaíochta gníomhaire an aeriompróra nó ar áit bhunaíochta díoltóra eile ticéad laistigh den Chomhphobal.

Airteagal 24

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus leagfaidh siad síos pionóis i leith sáruithe ar na rialacha sin. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

Comhoibriú agus an ceart chun faisnéis a fháil

1.   Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún le chéile agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu agus le linn dóibh monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá a fháil ó na Ballstáit; éascóidh na Ballstáit cur ar fáil faisnéise ag aeriompróirí atá ceadúnaithe faoina n-údaráis inniúla ceadúnaithe freisin.

3.   Glacfaidh na Ballstáit, de réir a reachtaíochta náisiúnta, na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh siad de bhun an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92, Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Meán Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. POTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 175, 27.7.2007, lch. 85.

(2)  IO C 305, 15.12.2007, lch. 11.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2007 (IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 371) Comhsheasamh ón gComhairle an 18 Aibreán 2008 (IO C 129 E, 27.5.2008, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 240, 24.8.1992, lch. 1.

(5)  IO L 240, 24.8.1992, lch. 8.

(6)  IO L 240, 24.8.1992, lch. 15.

(7)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 1.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS A BHEIDH LE SOLÁTHAR DE BHUN AIRTEAGAL 5 AGUS AIRTEAGAL 8

1.

Faisnéis a bheidh le soláthar ag iarratasóir céaduaire ó thaobh folláine airgeadais de

1.1.

Na cuntais bhainistíochta inmheánaí is deireanaí agus, má bhíonn fáil orthu, cuntais iniúchta don bhliain airgeadais roimhe sin.

1.2.

Clár comhardaithe réamh-mheasta, lena n-áirítear an cuntas brabúis agus caillteanais, don chéad trí bliana eile.

1.3.

An bunús do na figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir seirbhísí aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas, etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.

1.4.

Mionsonraí na gcostas tosaigh a tabhaíodh sa tréimhse idir iarratas a chur isteach agus tús na n-oibríochtaí mar aon le míniú ar an gcaoi a mbeartaítear na costais sin a mhaoiniú.

1.5.

Mionsonraí maidir le foinsí airgeadais atá ann cheana féin agus foinsí airgeadais a bheartaítear a aimsiú.

1.6.

Mionsonraí maidir le scairshealbhóirí, lena n-áirítear náisiúntacht agus an cineál scaireanna a bheidh ina seilbh acu, mar aon leis na hAirteagail Chomhlachais. Más cuid de ghrúpa gnóthas iad, faisnéis maidir leis an ngaol eatarthu.

1.7.

Ráitis réamh-mheasta sreafa airgid agus pleananna leachtachta don chéad trí bliana oibríochta.

1.8.

Mionsonraí maidir le maoiniú chun aerárthaí a cheannach/léasú, lena n-áirítear, i gcás léasaithe, téarmaí agus coinníollacha an chonartha.

2.

Faisnéis a sholáthrófar d'fhonn measúnú a dhéanamh ar fholláine leanúnach airgeadais sealbhóirí ceadúnais atá ann cheana a bheartaíonn athrú a dhéanamh ar a struchtúir nó ar a ngníomhaíochtaí a mbeidh tionchar suntasach aige ar a n-airgeadas

2.1.

Más gá, an clár comhardaithe bainistíochta inmheánaí is deireanaí agus na cuntais iniúchta don bhliain airgeadais roimhe sin.

2.2.

Mionsonraí beachta na n-athruithe uile atá beartaithe e.g., athrú ar an gcineál seirbhíse, aon táthcheangal nó cumasc a bheartaítear, modhnuithe scairchaipitil, athruithe ó thaobh scairshealbhóirí de, etc.

2.3.

Clár comhardaithe réamh-mheasta, le cuntas brabúis agus caillteanais, don bhliain airgeadais reatha, lena n-áirítear gach athrú ar struchtúr nó ar ghníomhaíochtaí a bheartaítear agus a mbeadh tionchar suntasach aige ar airgeadas.

2.4.

Figiúirí a bhí ann agus figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.

2.5.

Ráitis sreafa airgid agus pleananna leachtachta don bhliain dar gcionn, lena n-áirítear gach athrú ar struchtúr nó ar ghníomhaíochtaí a bheartaítear agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar airgeadas.

2.6.

Mionsonraí maidir le maoiniú chun aerárthaí a cheannach/léasú, lena n-áirítear, i gcás léasaithe, téarmaí agus coinníollacha an chonartha.

3.

Faisnéis a sholáthrófar d'fhonn measúnú a dhéanamh ar fholláine leanúnach airgeadais sealbhóirí ceadúnais atá ann cheana

3.1.

Cuntais iniúchta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis lá deireanach na bliana airgeadais lena mbaineann, mura bhforáiltear dá mhalairt sa dlí náisiúnta agus, más gá, an clár comhardaithe bainistíochta inmheánaí is deireanaí.

3.2.

Clár comhardaithe réamh-mheasta, lena n-áirítear cuntas brabúis agus caillteanais, don bhliain dar gcionn.

3.3.

Figiúirí a bhí ann agus figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.

3.4.

Ráitis sreafa airgid agus pleananna leachtachta don bhliain dar gcionn.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

(Dá dtagraítear in Airteagal 27)

Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

an dara fomhír d’Airteagal 3(1)

Airteagal 3(3)

an chéad fhomhír d’Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(f)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(f)

Airteagal 4(5)

an dara fomhír d’Airteagal 8(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 5(4)

Airteagal 8(6)

Airteagal 5(5)

Airteagal 9(1)

Airteagal 5(6)

Airteagal 8(4)

Airteagal 5(7)

Airteagal 5(3) agus Airteagal 8(8)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(c)

Airteagal 8(2)

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 12(2)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 10(1)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 10(2)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 11(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 8(7)

Airteagal 12

Airteagail 9(2) go (6)

Airteagal 13(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 10(1)

Airteagal 13(3)

Airteagal 13(4)

Airteagal 10(3)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 19

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I


Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 16(1)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 16(3)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 16(2)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 16(9)

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 17(6)

Airteagal 4(1)(e)

Airteagal 17(3)

Airteagal 4(1)(f)

Airteagal 17(7)

Airteagal 4(1)(g)

Airteagal 4(1)(h)

Airteagal 17(8)

Airteagal 17(9)

Airteagal 17(10)

Airteagal 4(1)(i)

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(1)(j)

Airteagal 16(7)

Airteagal 4(1)(k)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 18(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 7

Airteagal 15(4) agus (5)

Airteagal 8(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 19(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 20(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 20(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 20(3)

Airteagal 9(5)

Airteagal 22(1)

Airteagal 9(6)

Airteagal 22(2)

Airteagal 9(7)

Airteagal 9(8)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 25

Airteagal 12(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 13

Airteagal 14(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 15

Airteagal 16

IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN II


Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 21(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 23

Airteagal 5(1)

Airteagal 22

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 27

Airteagal 28