31.7.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/40


RIALACHÁN (CE) Uimh. 864/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 61(c) agus 67 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d'fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 25 Meitheamh 2007 (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. Ar mhaithe le limistéar den sórt sin a bhunú go comhleanúnach, tá an Comhphobal le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh éifeacht thrasteorann acu, a mhéid is gá d'oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

De réir Airteagal 65(b) den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta lena ndéanfar comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus dlínse a chur ar aghaidh.

(3)

Rinne an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 prionsabal aitheantais fhrithpháirtigh breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormheas mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus d'iarr an cruinniú ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme.

(4)

An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle clár comhpháirteach beart ón gCoimisiún agus ón gComhairle chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh cinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme (3). Aithnítear sa chlár na bearta a bhaineann le comhchuibhiú rialacha easaontachta dlí mar bhearta a dhéanann aitheantas frithpháirteach breithiúnas a éascú.

(5)

I gClár na Háige (4), a ghlac an Chomhairle Eorpach an 5 Samhain 2004, iarradh go mbeifí ag obair go beo ar na rialacha easaontachta dlíthe i dtaca le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II).

(6)

Cruthaíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh gá, d'fhonn feabhas a chur ar intuarthacht thorthaí na dlíthíochta, ar dheimhneacht i dtaca leis an dlí agus ar shaoirse gluaiseachta breithiúnas, go ndéanfadh na rialacha easaontachta dlí sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna a ainmniú, is cuma cén tír ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

(7)

Ba chóir do raon feidhme substainteach agus d'fhorálacha an Rialacháin seo a bheith ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5) (An Bhruiséil I) agus leis na hionstraimí ina bpléitear leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha.

(8)

Ba chóir go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo, is cuma cad é cineál na cúirte nó an bhinse a bhfuiltear os a comhair nó os a chomhair.

(9)

Ba cheart go n-áireodh éilimh a eascróidh as acta iure imperii éilimh i gcoinne feidhmeannach a ghníomhaíonn thar ceann an Stáit, agus dliteanas i leith gníomhartha údarás poiblí, lena n-áirítear dliteanas sealbhóirí oifige arna gceapadh go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart na hábhair seo a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(10)

Ba cheart go bhfolódh caidrimh theaghlaigh tuismíocht, pósadh, cleamhnas agus gaoil chomhthaobhacha. Ba cheart an tagairt atá in Airteagal 1(2) maidir le caidrimh a bhfuil a n-éifeachtaí inchomórtais le pósadh agus caidrimh theaghlaigh eile a léiriú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear os comhair cúirte ann.

(11)

Ní hionann an coincheap a bheadh i mBallstát amháin maidir le hoibleagáid neamhchonarthach agus an coincheap a bheadh i mBallstát eile maidir leis. Dá bhrí sin, chun críocha an Rialacháin seo, tuigfear gur coincheap uathrialach í oibleagáid neamhchonarthach. Ba chóir go gcumhdódh na rialacha easaontachta dlí a leagtar amach sa Rialachán seo oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as diandliteanas chomh maith.

(12)

Ba cheart go rialódh an dlí is infheidhme ceist na hinniúlachta ar dhliteanas a thabhú i leith torta nó míghnímh.

(13)

Maidir le rialacha comhionanna a chuirtear i bhfeidhm is cuma cén dlí a ainmníonn siad, d'fhéadfadh siad an baol saofa iomaíochta a sheachaint idir dhlíthithe Comhphobail.

(14)

Is eilimintí bunúsacha de limistéar ceartais iad an ceangaltas deimhneachta dlíthiúla agus an gá atá ann an ceart a thabhairt i gcásanna aonair. Forálann an Rialachán seo do na nascfhachtóirí is mó is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, foráiltear sa Rialachán seo do riail ghinearálta, ach foráiltear ann chomh maith do rialacha sainiúla agus, i bhforálacha áirithe, do ‘chlásal éalaithe’ a cheadaíonn imeacht ó na rialacha sin i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile. Dá réir sin, cruthaítear creat solúbtha rialacha easaontachta dlí leis an tsraith rialacha sin. Cuireann sin freisin ar chumas na cúirte a bhfuiltear os a comhair plé le cásanna aonair ar dhóigh is iomchuí.

(15)

Is é prionsabal an lex loci delicti commissi an réiteach bunúsach ar oibleagáidí neamhchonarthacha sna Ballstáit uile, geall leis, ach ní hionann cur i bhfeidhm praiticiúil an phrionsabail i gcás ina mbíonn fachtóirí comhpháirte an cháis scaipthe thar líon tíortha. Gineann an staid seo éiginnteacht maidir leis an dlí is infheidhme.

(16)

Ba cheart go gcuirfeadh rialacha comhionanna le réamhfheictheacht breithiúnas cúirte agus go n-áiritheodh siad go mbeadh cothromaíocht réasúnta ann idir leasanna an duine a n-éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndearnadh damáiste dó. Ach baint a bheith leis an tír ina ndearnadh an damáiste díreach (lex loci damni) aimsítear cothromaíocht chóir idir leasanna an duine a n-éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndéantar damáiste dó, agus léiríonn sé freisin an cur chuige nua-aimseartha i leith an dliteanais shibhialta agus forbairt córas diandliteanais.

(17)

Ba cheart an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn na háite ina ndéantar an damáiste, gan aird ar an tír ná ar na tíortha ina bhféadfadh na hiarmhairtí indíreacha tarlú. Dá réir sin, i gcásanna díobhála pearsanta nó damáiste do mhaoin, ba chóir gurbh í an tír ina dtarlaíonn an damáiste an tír ina ndearnadh an díobháil nó ina ndearnadh damáiste don mhaoin, faoi seach.

(18)

Ba cheart gurbh í an riail ghinearálta sa Rialachán seo an lex loci damni dá bhforáiltear in Airteagal 4(1). Ba cheart go bhféachfaí ar Airteagal 4(2) mar eisceacht ón bprionsabal ginearálta seo, sa mhéid go gcruthaíonn sé baint speisialta i gcás ina mbíonn gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna. Ba cheart go dtuigfí gur ‘clásal éalaithe’ ó Airteagal 4(1) agus (2) é Airteagal 4(3), i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile.

(19)

Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos do thortanna speisialta nó do mhíghníomhartha speisialta i gcás nach gceadaíonn an riail ghinearálta go dtiocfaí ar chothromaíocht idir na leasanna uile atá i gceist.

(20)

Ba cheart go mbainfeadh riail na heasaontachta dlí in ábhair dhliteanais i leith táirgí amach na cuspóirí atá ann na rioscaí a scaipeadh amach go cothrom ar cuid de dhlúth agus d'inneach na sochaí nua-aimseartha ardteicneolaíochta iad, sláinte tomhaltóirí a chosaint, an nuálaíocht a spreagadh, an iomaíocht neamhshaofa a shlánú agus an trádáil a éascú. Réiteach cothrom atá ann, maidir leis na cuspóirí sin, córas easghluaiseachta nascfhachtóirí, mar aon le clásal réamhfheictheachta a chruthú. Is é an chéad rud a chaithfear a chur san áireamh dlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine a ndéantar an damáiste dó nó di nuair a tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin. Cuirtear siúl faoi eilimintí eile na heasghluaiseachta mura raibh an táirge á mhargú sa tír sin, gan dochar d'Airteagal 4(2) ná don fhéidearthacht gurbh fhollasach go raibh baint níos dlúithe le tír eile i gceist.

(21)

Maidir leis an riail speisialta atá in Airteagal 6, ní heisceacht ón riail ghinearálta atá in Airteagal 4(1) í; is amhlaidh a dhéanann sí soiléiriú uirthi. In ábhair iomaíochta éagóraí, ba cheart do riail na heasaontachta dlí iomaitheoirí, tomhaltóirí agus an pobal i gcoitinne a chosaint agus a áirithiú go bhfeidhmeoidh an geilleagar margaidh mar is cuí. Déanann an bhaint le dlí na tíre ina ndéantar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don chaidreamh iomaíoch nó do chomhleasanna na dtomhaltóirí na cuspóirí sin a shásamh, a bheag nó a mhór.

(22)

Na hoibleagáidí neamhchonarthacha sin a thig de dhroim srianta ar iomaíocht atá in Airteagal 6(3), ba chóir go bhfolóidís sáruithe ar dhlí iomaíochta náisiúnta agus ar dhlí iomaíochta Comhphobail araon. Ba chóir gurb é an dlí a bheadh infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha den sórt sin dlí na tíre ina ndéanfaí, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh. I gcásanna ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh i mbreis agus tír amháin, ba chóir go mbeadh an t-éilitheoir in ann a roghnú, i gcásanna áirithe, go mbunófaí a éileamh nó a héileamh ar dhlí na cúirte a bhfuiltear os a comhair.

(23)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdódh coincheap an tsriain ar iomaíocht toirmisc ar chomhaontuithe idir ghnóthais, ar chinntí comhlachas gnóthas agus ar chleachtais chomhbheartaithe arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh laistigh de Bhallstát nó laistigh den mhargadh inmheánach, agus toirmisc ar mhí-úsáid ceannasachta laistigh de Bhallstát nó laistigh den mhargadh inmheánach má tá toirmeasc ar chomhaontuithe, ar chinntí, ar chleachtais chomhbheartaithe nó ar mhí-úsáid den sórt sin faoi Airteagail 81 agus 82 den Chonradh nó faoi dhlí Ballstáit.

(24)

Ba cheart go gciallódh damáiste comhshaoil athrú chun donais ar acmhainn nádúrtha, amhail uisce, talamh nó aer, lagú ar fheidhm a bhí á déanamh ag an acmhainn sin chun tairbhe acmhainne nádúrtha eile nó chun tairbhe an phobail, nó lagú ar an athraitheacht i measc orgánach beo.

(25)

Maidir le damáiste don chomhshaol, tugtar bunús daingean d'úsáid phrionsabal an idirdhealaithe i bhfabhar an duine a ndéantar an damáiste dó in Airteagal 174 den Chonradh, lena bhforáiltear gur cheart ardleibhéal cosanta bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar an bprionsabal gur chóir bearta coisctheacha a ghlacadh, ar an bprionsabal go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ba cheart gur i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear os comhair na cúirte ann a dhéanfaí cinneadh maidir leis an uair ar féidir leis an duine a bhfuil cúiteamh á lorg aige rogha a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme.

(26)

Maidir le sáruithe ar chearta maoine intleachtúla, ba cheart prionsabal an lex loci protectionis a aithnítear go forleathan, a chaomhnú. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma ‘cearta maoine intleachtúla’ a léiriú mar ní a chiallaíonn, mar shampla, cóipcheart, cearta gaolmhara, an ceart sui generis chun bunachair shonraí a chosaint agus cearta maoine tionsclaíche.

(27)

Ní hionann go baileach an coincheap a bheadh i mBallstát amháin maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch, gníomhaíocht stailce nó frithdhúnadh mar shampla, agus a bheadh i mBallstát eile agus rialaítear le rialacha inmheánacha gach Ballstáit é. Dá bhrí sin, glacann an Rialachán seo chuige féin mar phrionsabal ginearálta gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí na tíre ina ndearnadh an ghníomhaíocht thionsclaíoch, ionas go ndéanfaí cearta agus oibleagáidí oibrithe agus fostóirí a chosaint.

(28)

Ní dhéanfaidh an riail speisialta maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch atá in Airteagal 9 dochar do na coinníollacha a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus gan dochar do stádas dlíthiúil ceardchumann nó na n-eagraíochtaí a ionadaíonn oibrithe de réir mar a fhoráiltear le dlí na mBallstát.

(29)

Ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha speisialta i gcás inar gníomh nach tort ná míghníomh, a dhéanann an damáiste, amhail saibhriú éagórach nó negotiorum gestio agus culpa in contrahendo.

(30)

Chun críocha an Rialacháin seo, is coincheap uathrialach culpa in contrahendo agus ní gá gur cheart é a léirmhíniú de réir bhrí an dlí náisiúnta. Ba cheart go n-áireodh sé sárú ar dhualgas nochta agus briseadh síos caibidlíochtaí conarthacha. Ní fholaíonn Airteagal 12 ach na hoibleagáidí neamhchonarthacha ina bhfuil nasc díreach leis na déileálacha a bhí ann roimh thabhairt i gcrích an chonartha. Ciallaíonn sé seo, má fhulaingíonn duine díobháil phearsanta agus conradh fós á chaibidil, gur cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 4 nó ag forálacha ábhartha eile an Rialacháin seo.

(31)

Chun prionsabal neamhspleáchas na bpáirtithe a urramú agus chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart go gceadófaí do na páirtithe rogha a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáid neamhchonarthach. Ba cheart go gcuirfeadh imthosca an cháis an rogha in iúl nó go léireodh siad í le deimhneacht réasúnta. I gcás ina mbeifear ag suíomh go bhfuil comhaontú ann, caithfidh an chúirt a bhfuil ar intinn ag na páirtithe a urramú. Ba cheart go dtabharfaí cosaint do pháirtithe laga trí choinníollacha áirithe a fhorchur ar an rogha.

(32)

Cosnaíonn dálaí leasa phoiblí go dtabharfaí an fhéidearthacht do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar bheartas poiblí agus forálacha sainordaitheacha a shárú. Go háirithe, maidir le cur i bhfeidhm fhoráil den dlí a ainmnítear sa Rialachán seo a mbeadh sé d'éifeacht aici a bheith ina cúis le damáistí samplacha neamhchúitimh nó le damáistí pionósacha neamhchúitimh de chineál iomarcach a thabhairt ag brath ar imthosca an cháis agus ar ord dlíthiúil Bhallstát na cúirte a bhfuiltear os a comhair, d'fhéadfaí a mheas go bhfuil sin ag cur in aghaidh bheartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

(33)

De réir na rialacha náisiúnta reatha maidir leis an gcúiteamh a thugtar d'íospartaigh taismí bóthair, agus damáistí á meas do ghortú pearsanta i gcásanna ina dtarlaíonn an taisme i Stát seachas an Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar an íobartach, ba cheart go ndéanfadh an chúirt a bhfuiltear os a comhair imthosca ábhartha iarbhír uile an íobartaigh áirithe sin a chur san áireamh, lena n-áirítear go háirithe caillteanais agus costais iarbhír an iarchúraim agus na gcúram leighis.

(34)

Chun cothromaíocht réasúnach a aimsiú idir pháirtithe, ní foláir rialacha sábháilteachta agus iompair atá i bhfeidhm sa tír ina ndearnadh an gníomh díobhálach a chur san áireamh, a mhéid is iomchuí, fiú i gcás ina mbeidh an oibleagáid neamhchonarthach á rialú ag dlí tíre eile. Ba cheart go léireofaí leis an mbrí a bhainfí as an téarma ‘rialacha sábháilteachta agus iompair’ go dtagraíonn sé do na rialacháin uile a bhfuil baint acu le sábháilteacht agus le hiompar, lena n-áirítear, mar shampla, rialacha sábháilteachta bóthair i gcás tionóisce.

(35)

Ba cheart an staid a sheachaint ina mbeadh rialacha easaontachta dlí scaipthe ar líon rialacha agus ina mbeadh difríochtaí idir na rialacha sin. Ní fhágann an Rialachán seo nach bhféadfaí rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha a áireamh i bhforálacha an dlí Chomhphobail i dtaca le hábhair áirithe.

Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm ionstraimí eile lena leagtar síos forálacha a ceapadh chun rannchuidiú le hoibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh a mhéid nach féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an dlí a ainmnítear le rialacha an Rialacháin seo. Níor cheart go gcuirfeadh cur i bhfeidhm fhorálacha an dlí is infheidhme a ainmnítear de réir rialacha an Rialacháin seo srian ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a rialaítear le hionstraimí Comhphobail, amhail Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir maidir leis an trádáil leictreonach) (6).

(36)

Níor cheart go ligfeadh an urraim do thiomantais idirnáisiúnta a rinne na Ballstáit don Rialachán seo difear a dhéanamh do choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a nglactar an Rialachán seo. Chun gur inrochtanaí na rialacha, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiún ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

(37)

Déanfaidh an Coimisiún togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ar dá réir a bheadh na Ballstáit i dteideal comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích thar a gceann féin le tríú tíortha i gcásanna aonair eisceachtúla, maidir le hábhair earnálacha, ina mbeadh forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha.

(38)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(40)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i staideanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha in ábhair shibhialta agus tráchtála. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii).

2.   Eisiafar na hábhair seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as gaoil teaghlaigh nó as gaoil a measann an dlí is infheidhme ar ghaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála;

(b)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as socruithe maidir le maoin phósta nó socruithe maidir le maoin ghaol a measann an dlí is infheidhme ar ghaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu le pósadh, agus uachtanna agus comharbais;

(c)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a mhéid gur ó shoshanntacht na n-ionstraimí soshannta eile sin a eascraíonn na hoibleagáidí a thagann díobh;

(d)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as an dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, maidir le hábhair amhail bunú, trí chlárú nó eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagraíocht inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta agus le dliteanas pearsanta iniúchóirí i leith cuideachta nó i leith a comhaltaí in iniúchadh reachtach doiciméad cuntasaíochta;

(e)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as an gcaidreamh idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe iontaobhais a cruthaíodh go saorálach;

(f)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as damáiste núicléach;

(g)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fianaise ná le nós imeachta, gan dochar d'Airteagail 21 agus 22.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh ‘Ballstát’ aon Bhallstát seachas an Danmhairg.

Airteagal 2

Oibleagáidí neamhchonarthacha

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, folóidh damáiste aon iarmhairt a eascróidh as tort nó míghníomh, saibhriú éagórach, negotiorum gestioculpa in contrahendo.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha ar dóigh dóibh eascairt.

3.   Maidir le tagairtí sa Rialachán seo,

(a)

aon tagairt do theagmhas as a n-éireoidh damáiste, folóidh sé na teagmhais sin as a n-éireoidh damáiste is dóigh a tharlóidh; agus

(b)

aon tagairt do dhamáiste, folóidh sé an damáiste is dóigh a tharlóidh.

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.

CAIBIDIL II

TORTANNA NÓ MÍGHNÍOMHARTHA

Airteagal 4

Riail ghinearálta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as tort nó as míghníomh dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír ina dtarlóidh iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin.

2.   Ar a shon sin, i gcás ina mbeidh gnáthchónaí sa tír chéanna ar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas agus ar an duine a ndéanfar damáiste dó nuair a tharlóidh an damáiste, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.

3.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1 nó mír 2, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D'fhéadfadh baint ar follasach gur dlúithe í le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar ghaol a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist.

Airteagal 5

Dliteanas i leith táirge

1.   Gan dochar d'Airteagal 4(2), is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as damáiste arb é táirge is cúis leis:

(a)

dlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine a ndéanfar an damáiste dó nó di nuair a tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin; nó, dá uireasa sin,

(b)

dlí na tíre ina bhfuarthas an táirge, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin; nó, dá uireasa sin,

(c)

dlí na tíre inar tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin.

Ar a shon sin, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas mura réasúnta go réamhfheicfeadh sé nó sí margú an táirge, nó margú táirge dá shamhail, sa tír a mbeidh a dlí infheidhme faoi (a), (b) nó (c).

2.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D'fhéadfadh baint ar follasach gur dlúithe í le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar chaidreamh a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist.

Airteagal 6

Iomaíocht éagórach agus gníomhartha lena sriantar saoriomaíocht

1.   Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh iomaíochta éagóraí dlí na tíre ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don chaidreamh iomaíoch nó do chomhleasanna na dtomhaltóirí.

2.   I gcás ina ndéanfaidh gníomh iomaíochta éagóraí difear do leasanna iomaitheora áirithe go heisiach, beidh feidhm ag Airteagal 4.

3.

(a)

Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as srian ar iomaíocht dlí na tíre ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh.

(b)

I gcás ina ndéanfar, nó i gcás inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh i mbreis agus tír amháin, féadfaidh an duine a bheidh ag éileamh cúitimh as damáiste agus a thabharfaidh cás i gcúirt sa tír ina mbeidh cónaí ar an gcosantóir a roghnú, ina ionad sin, go mbunófaí a éileamh nó a héileamh ar dhlí na cúirte a mbeifear os a comhair, ar choinníoll go mbeidh an margadh sa Bhallstát sin i measc na margaí a ndearna an srian ar iomaíocht as a n-eascróidh an oibleagáid neamhchonarthach ar a bhfuil an t-éileamh bunaithe difear díreach agus substainteach dóibh; i gcás ina dtabharfaidh an t-éilitheoir cás, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme maidir le dlínse, in aghaidh níos mó ná cosantóir amháin sa chúirt sin, ní fhéadfaidh sé nó sí a roghnú ach go mbunófaí a éileamh nó a héileamh ar dhlí na cúirte sin má dhéanann an srian ar iomaíocht, ar a bhfuil an t-éileamh in aghaidh gach duine de na cosantóirí sin ag brath, difear díreach agus substainteach chomh maith don mhargadh i mBallstát na cúirte sin.

4.   Ní fhéadfar maolú ar an dlí is infheidhme faoin Airteagal seo le comhaontú de bhun Airteagal 14.

Airteagal 7

Damáiste don chomhshaol

Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as damáiste don chomhshaol nó as damáiste a dhéanfar do dhaoine nó do mhaoin de thoradh an damáiste sin an dlí a chinnfear de bhun Airteagal 4(1), mura roghnóidh an duine a bheidh ag lorg cúitimh as an damáiste sin a éileamh nó a héileamh a bhunú ar dhlí na tíre inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste.

Airteagal 8

Sárú ar chearta maoine intleachtúla

1.   Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as sárú ar chearta maoine intleachtúla dlí na tíre a n-éileofar an chosaint ina leith.

2.   I gcás oibleagáide neamhchonarthaí a eascróidh as sárú ar cheart aonadach Comhphobail maoine intleachtúla, is é an dlí a bheidh infheidhme, ar aon cheist nach mbeidh faoi rialú ag an ionstraim Chomhphobail ábhartha, dlí na tíre ina ndearnadh an sárú.

3.   Ní fhéadfar maolú ar an dlí is infheidhme faoin Airteagal seo le comhaontú de bhun Airteagal 14.

Airteagal 9

Gníomhaíocht thionsclaíoch

Gan dochar d'Airteagal 4(2), is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach i ndáil le dliteanas duine ina cháil mar oibrí nó mar fhostóir nó le dliteanas na n-eagraíochtaí a ionadaíonn a leasanna gairmiúla i leith damáistí arb í gníomhaíocht thionsclaíoch, ar feitheamh nó ar siúl, is cúis leo, dlí na tíre ina seolfar nó inar seoladh an ghníomhaíocht.

CAIBIDIL III

SAIBHRIÚ ÉAGÓRACH, NEGOTIORUM GESTIO AGUS CULPA IN CONTRAHENDO

Airteagal 10

Saibhriú éagórach

1.   Má bhaineann oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as saibhriú éagórach, lena n-áirítear méideanna a fuarthas go mícheart a íoc, le gaol atá ann idir na páirtithe, ar nós gaoil a eascróidh as conradh nó as tort nó as míghníomh, a mbeidh dlúthbhaint aige leis an saibhriú éagórach sin, beidh sí faoi rialú ag an dlí a rialóidh an gaol sin.

2.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 agus ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh saibhriú éagórach, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.

3.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 nó mhír 2, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre inar tharla an saibhriú éagórach.

4.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as saibhriú éagórach le tír seachas an tír a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

Airteagal 11

Negotiorum gestio

1.   Má bhaineann oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh a rinneadh gan údarás cuí i ndáil le gnóthaí duine eile le gaol atá ann idir na páirtithe, ar nós gaoil a eascróidh as conradh nó as tort nó as míghníomh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an oibleagáid neamhchonarthach sin, beidh sí faoi rialú ag an dlí a rialaíonn an gaol sin.

2.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 agus ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.

3.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 nó mhír 2, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre ina ndearnadh an gníomh.

4.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh a rinneadh gan údarás cuí i ndáil le gnóthaí duine eile le tír seachas an tír a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

Airteagal 12

Culpa in contrahendo

1.   Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as déileálacha a tharla sular tugadh an conradh i gcrích, gan aird ar tugadh nó nár tugadh an conradh i gcrích iarbhír, an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh nó a bheadh infheidhme maidir leis dá mbeadh sé tugtha i gcrích.

2.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1, is é an dlí seo a leanas a bheidh infheidhme:

(a)

dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír nó cé na tíortha inar tharla iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin; nó

(b)

i gcás ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, dlí na tíre sin; nó

(c)

i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as déileálacha a tharla sular tugadh conradh i gcrích le tír seachas an tír a shonraítear i bpointí (a) agus (b), beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

Airteagal 13

Infheidhmeacht Airteagal 8

Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascróidh as sárú ar cheart maoine intleachtúla.

CAIBIDIL IV

SAOIRSE ROGHA

Airteagal 14

Saoirse rogha

1.   Féadfaidh na páirtithe comhaontú a n-oibleagáidí neamhchonarthacha a chur faoi réir dlí dá rogha:

(a)

trí chomhaontú a thabharfar i gcrích tar éis don teagmhas as ar éirigh an damáiste tarlú;

(b)

i gcás ina bhfuil na páirtithe ag saothrú gníomhaíochta tráchtála, freisin trí chomhaontú arna chaibidil faoi shaoirse sular tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste.

Déanfar an rogha a shonrú nó a léiriú le deimhneacht réasúnta le himthosca an cháis agus ní dhéanfaidh an rogha difear do chearta tríú páirtithe.

2.   I gcás ina mbeidh na heilimintí go léir a bheidh ábhartha maidir leis an staid, tráth tarlaithe an teagmhais as a n-éireoidh an damáiste, lonnaithe i dtír seachas an tír ar roghnaíodh a dlí, ní dhéanfaidh rogha na bpáirtithe dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí na tíre eile sin nach féidir maolú orthu trí chomhaontú.

3.   I gcás ina mbeidh na heilimintí go léir a bheidh ábhartha maidir leis an staid, tráth tarlaithe an teagmhais as a n-éireoidh an damáiste, lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus nach dlí de chuid Ballstáit an dlí is infheidhme a roghnaigh na páirtithe, ní dhéanfaidh an rogha sin dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí an Chomhphobail nach féidir maolú orthu trí chomhaontú, i gcás inar iomchuí de réir mar a chuirfear i bhfeidhm iad i mBallstát an fhóraim.

CAIBIDIL V

RIALACHA COMHCHOITEANNA

Airteagal 15

Raon feidhme an dlí is infheidhme

An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha faoin Rialachán seo, rialóidh sé go háirithe:

(a)

bonn agus réim an dliteanais, lena n-áirítear cinneadh na ndaoine a fhéadfar a chur faoi dhliteanas i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad;

(b)

na forais le díolúine ó dhliteanas, aon teorannú ar dhliteanas agus aon chionroinnt dliteanais;

(c)

marthain, cineál agus measúnú an damáiste, nó an leigheas a éileofar;

(d)

faoi réim theorainneacha na gcumhachtaí a thabharfar don chúirt lena dlí nós imeachta, na bearta a fhéadfaidh cúirt a ghlacadh chun díobháil nó damáiste a chosc nó deireadh a chur léi nó leis nó chun soláthar cúitimh a áirithiú;

(e)

ceist sin an féidir ceart chun damáistí a éileamh nó leigheas a aistriú, lena n-áirítear trí oidhreacht;

(f)

daoine a bheidh i dteideal cúitimh ar dhamáiste a rinneadh dóibh go pearsanta;

(g)

dliteanas i leith gníomhartha duine eile;

(h)

an bealach chun oibleagáidí a mhúchadh agus na rialacha maidir le rúradh agus teorannú, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le tosú, le hidirbhriseadh agus le fionraí tréimhse rúraidh nó tréimhse teorann.

Airteagal 16

Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha

Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian le cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an fhóraim i dtoisc inar forálacha sainordaitheacha iad, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach.

Airteagal 17

Rialacha sábháilteachta agus iompair

Agus iompar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas á mheasúnú, tabharfar aird, mar cheist fhíorais agus a mhéid is iomchuí, ar na rialacha sábháilteachta agus iompair a bhí i bhfeidhm san áit inar tharla an teagmhas as a n-éireoidh an dliteanas agus ag an am a tharla.

Airteagal 18

Caingean dhíreach i gcoinne árachóir an duine atá faoi dhliteanas

Féadfaidh an duine a ndearnadh damáiste dó nó di a éileamh nó a héileamh a thabhairt go díreach i gcoinne árachóir an duine a bheidh faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar má fhoráiltear amhlaidh leis an dlí is infheidhme maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach nó leis an dlí is infheidhme maidir leis gconradh árachais.

Airteagal 19

Seachaíocht

I gcás ina mbeidh éileamh neamhchonarthach ag duine (‘an creidiúnaí’) ar dhuine eile (‘an féichiúnaí’) agus go mbeidh de dhualgas ar thríú duine an creidiúnaí a shásamh, nó go mbeidh an creidiúnaí sásaithe aige iarbhír mar urscaoileadh ar an dualgas sin, is é an dlí lena rialófar dualgas an tríú duine an creidiúnaí a shásamh a chinnfidh an mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an tríú duine i dteideal na cearta sin a fheidhmiú a bhí ag an gcreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí faoin dlí lena rialófar a ngaol.

Airteagal 20

Dliteanas iolrach

Má bhíonn éileamh ag creidiúnaí ar líon féichiúnaithe a bhfuil dliteanas orthu i leith an éilimh chéanna agus go bhfuil an t-éileamh sásaithe go hiomlán nó go páirteach ag féichiúnaí amháin, is é an dlí is infheidhme maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach a bheidh ar an bhféichiúnaí sin i leith an chreidiúnaí a rialóidh ceart an fhéichiúnaí sin cúiteamh a iarraidh ar na féichiúnaithe eile.

Airteagal 21

Bailíocht fhoirmiúil

Beidh bailíocht fhoirmiúil ag gníomh aontaobhach a mbeartófar éifeacht dhlíthiúil a bheith aige agus a bhainfidh le hoibleagáid neamhchonarthach má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialófar an oibleagáid neamhchonarthach atá i gceist nó ceanglais fhoirmiúla dhlí na tíre ina ndéantar an gníomh.

Airteagal 22

Dualgas cruthúnais

1.   Beidh feidhm ag an dlí lena rialófar oibleagáid neamhchonarthach faoin Rialachán seo sa mhéid go mbeidh rialacha ann, in ábhair oibleagáidí neamhchonarthacha, lena mbunófar toimhdí dlí nó lena gcinnfear an dualgas cruthúnais.

2.   Féadfar gníomhartha a mbeartófar éifeacht dhlíthiúil a bheith acu a chruthú le haon mhodh cruthúnais a aithneofar le dlí an fhóraim nó le haon cheann de na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 21 faoina mbeidh bailíocht fhoirmiúil ag an ngníomh sin, ar choinníoll gur féidir leis an bhfóram an modh cruthúnais sin a riar.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA EILE

Airteagal 23

Gnáthchónaí

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb í áit an riaracháin lárnaigh gnáthchónaí cuideachtaí nó gnólachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe.

I gcás ina dtarlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, nó i gcás ina dtarlóidh an damáiste, le linn oibriú brainse, gníomhaireachta nó aon fhorais eile, déileálfar leis an áit a mbeidh an brainse, an ghníomhaireacht nó aon fhoras eile lonnaithe mar an áit ghnáthchónaithe.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is í a phríomháit nó a príomháit gnó a bheidh mar ghnáthchónaí ag duine nádúrtha ag gníomhú dó i rith a ghníomhaíochta gnó nó ag gníomhú di i rith a gníomhaíochta gnó.

Airteagal 24

Renvoi a eisiamh

Ciallaíonn cur i bhfeidhm dhlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa tír sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

Airteagal 25

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1.   I gcás ina gcuimseofar i Stát aonaid chríochacha leithleacha a mbeidh a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh i dtaobh oibleagáidí neamhchonarthacha, féachfar ar gach aonad críche mar thír chun go n-aithneofaí an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo.

2.   Ballstát ina mbeidh a rialacha dlí féin ag aonaid chríochacha i dtaobh oibleagáidí neamhchonarthacha, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach bhfuil ann ach idir dhlíthe na n-aonad sin.

Airteagal 26

Beartas poiblí an fhóraim

Ní fhéadfar diúltú foráil dhlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

Airteagal 27

Gaol le forálacha eile de dhlí an Chomhphobail

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Chomhphobail lena leagfar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha.

Airteagal 28

Gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu an tráth a nglacfar an Rialachán seo agus lena leagfar síos rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha.

2.   Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir Bhallstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó sa mhéid go mbaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair atá á rialú ag an Rialachán seo.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Liosta coinbhinsiún

1.   Faoin 11 Iúil 2008, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 28(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh ar na coinbhinsiúin sin.

2.   Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de shé mhí tar éis iad a fháil:

(i)

liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1;

(ii)

na séantaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 30

Clásal athbhreithnithe

1.   Tráth nach déanaí ná an 20 Lúnasa 2011, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí chun an Rialachán seo a oiriúnú in éineacht leis an tuarascáil más gá. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(i)

staidéar ar na héifeachtaí atá ag an dóigh a bpléitear le dlí eachtrannach i ndlínsí éagsúla agus ar a oiread a chuireann cúirteanna sna Ballstáit dlí eachtrannach i bhfeidhm iarbhír de bhun an Rialacháin seo;

(ii)

staidéar ar éifeachtaí Airteagal 28 den Rialachán seo i dtaca le Coinbhinsiún na Háige an 4 Bealtaine 1971 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le taismí bóthair.

2.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008, tíolacfaidh an Coimisiún staidéar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an staid i réimse an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe ar an bpríobháideachas agus ar chearta a bhaineann le pearsantacht, ag cur san áireamh rialacha a bhaineann le saoirse an phreasa agus le saoirse cainte sna meáin, agus na ceisteanna easaontachta dlí a bhaineann le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7).

Airteagal 31

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le teagmhais as a n-éireoidh damáiste a tharlóidh tar éis a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 32

Dáta cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Eanáir 2009, seachas Airteagal 29, a mbeidh feidhm aige ón 11 Iúil 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007.

Thar cheann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 241, 28.9.2004, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2005 (IO C 157 E, 6.7.2006, lch. 371), Comhsheasamh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 (IO C 289 E, 28.11.2006, lch. 68 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil). Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007.

(3)  IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.

(4)  IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.

(5)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(6)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(7)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.


Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an gClásal athbhreithnithe (Airteagal 30)

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis cuireadh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bhfráma Airteagal 30 de Rialachán ‘An Roimh II’ tráth nach déanaí ná Nollaig 2008, staidéar a chur isteach ar an staid i réimse an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht. Déanfaidh an Coimisiún gach gné den staid a chur san áireamh agus glacfaidh sé bearta iomchuí más gá.