31.7.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/30


RIALACHÁN (CE) Uimh. 863/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle maidir leis an meicníocht sin agus lena rialaítear cumhachtaí agus cúraimí na n-aoi-oifigeach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(a) agus Airteagal 66 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 26 Deireadh Fómhair 2004, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Ghníomhaireacht’).

(2)

Ballstát a dteastóidh breis cabhrach teicniúla agus oibríochtúla uaidh ag a theorainneacha seachtracha, féadfaidh sé, gan dochar d'Airteagal 64(2) den Chonradh agus i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht, i bhfoirm comhordaithe, i gcás ina mbeidh Ballstáit eile sa treis.

(3)

Cabhraíonn bainistiú éifeachtúil ar theorainneacha seachtracha trí bhíthin seiceálacha agus faireachais leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus chun aon bhagairt ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc. Téann rialú teorann chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach ní amháin sin, téann sé chun leasa na mBallstát go léir a bhfuil rialú ag teorainneacha inmheánacha díothaithe acu.

(4)

Is iad na Ballstáit atá freagrach as rialú na dteorainneacha seachtracha. Ag meabhrú na n-imthosca criticiúla a gcaithfidh na Ballstáit déileáil leo ag a gcuid teorainneacha seachtracha, go háirithe líon mór náisiúnach tríú tíortha a bheith ag teacht ag láithreacha ar na teorainneacha seachtracha agus iad ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch na mBallstát, b'fhéidir go gcaithfí cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí acmhainní cuí leordhóthanacha a sholáthar, go háirithe pearsanra.

(5)

Ní mheastar gur leor na féidearthachtaí atá ann faoi láthair chun cabhair phraiticiúil éifeachtach a thabhairt i ndáil le daoine a sheiceáil ag teorainneacha seachtracha agus chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha ar leibhéal na hEorpa, go háirithe i gcás ina mbeidh ar Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar líon mór náisiúnach de chuid tríú tíortha a bhíonn ag iarraidh dul isteach i gcríoch na mBallstát go neamhdhleathach.

(6)

Ba chóir, dá réir sin, go mbeadh Ballstát in ann a iarraidh, faoi chuimsiú na Gníomhaireachta, go n-imscarfaí, ina chríoch féin, Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ina mbeadh saineolaithe sainoilte ó Bhallstáit eile, chun cabhrú lena ghardaí teorann náisiúnta ar bhonn sealadach. Cuirfidh imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann le méadú na dlúthpháirtíochta agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit.

(7)

Is i gcásanna eisceachtúla agus práinneacha a ba chóir Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh chun tacaíocht a thabhairt ar feadh tréimhse teoranta ama. Bheadh cásanna den sórt sin ann nuair a bheadh mórphlódú de náisiúnaigh tríú tíortha ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit agus go mbeadh gá le freagra láithreach agus go gcuirfeadh imscaradh Foirne Mear-Idirghabhála Teorann freagra éifeachtúil ar fáil. Níl Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ceaptha cúnamh fadtréimhseach a chur ar fáil.

(8)

Beidh Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ag brath ar dhualgais phleanáilte, ar fháil a bheith orthu agus ar mhinicíocht an imscartha. Chun a chinntiú go n-oibreoidh na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann go héifeachtúil, ba chóir do na Ballstáit líon cuí gardaí teorann (an ‘Díorma Mear’) a chur ar fáil a léireodh go háirithe speisialtóireacht agus méid a n-eagraíochtaí gardaí teorann féin. Dá réir sin, ba chóir do na Ballstáit díormaí náisiúnta saineolaithe a chruthú chun cur le héifeachtúlacht an Rialacháin seo. Ba cheart don Ghníomhaireacht méideanna difriúla na mBallstát agus speisialtóireacht theicniúil a n-eagraíochtaí gardaí teorann a chur san áireamh.

(9)

Léiríonn na cleachtais is fearr ó líon mór Ballstát go gcuirtear go mór le héifeachtacht pleanála agus feidhmithe na n-oibríochtaí ach a bheith eolach roimh an imscaradh ar phróifilí na ngardaí teorann a bhíonn ar fáil (ó thaobh scileanna agus cáilíochtaí de). Ba chóir don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, próifílí agus líon iomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chinneadh.

(10)

Ba chóir meicníocht a bhunú le Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú, a bheadh sách solúbtha don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit araon agus a áiritheodh go gcuirfí oibríochtaí i gcrích ar bhealach fíoréifeachtach agus fíoréifeachtúil.

(11)

Ba chóir don Ghníomhaireacht, inter alia, comhdhéanamh, oiliúint agus imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann a chomhordú. Dá bhrí sin, ní mór forálacha nua a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 maidir le ról na Gníomhaireachta i dtaca leis na foirne sin.

(12)

Nuair a bheidh mórphlódú de náisiúnaigh tríú tíortha ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit, nó más rud é go mbíonn cás eisceachtúil eile ann a dhéanann difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta, féadfaidh an Ballstát sin gan a chuid gardaí teorann náisiúnta a chur ar fáil i gcomhair imscaradh.

(13)

Chun go mbeidh siad in ann oibriú go héifeachtúil in éineacht le gardaí teorann náisiúnta, ba chóir go mbeadh comhaltaí na bhfoirne in ann cúraimí a bhaineann le seiceálacha daoine ag teorainneacha seachtracha agus le faireachas ar theorainneacha seachtracha a chomhlíonadh fad a bheidh siad imscartha ar chríoch an Bhallstáit a iarrann a gcúnamh.

(14)

Chomh maith céanna, ba chóir éifeachtúlacht na hoibríochtaí comhpháirteacha arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a fheabhsú tuilleadh trí chead a thabhairt, ar bhonn sealadach, d'aoi-oifigigh ó Bhallstáit eile cúraimí a bhaineann le seiceálacha daoine ag teorainneacha seachtracha agus le faireachas ar theorainneacha seachtracha a dhéanamh.

(15)

Dá réir sin, ní mór forálacha nua a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 chomh maith maidir le cúraimí agus cumhachtaí na n-aoi-oifigeach a imscartar i gcríoch Ballstáit ar iarratas ón mBallstát sin faoi chuimsiú na Gníomhaireachta.

(16)

Cabhraíonn an Rialachán seo le cur i bhfeidhm ceart Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (3). Chuige sin, níor chóir go ndéanfadh comhaltaí na bhfoirne ná na haoi-oifigigh, agus iad i mbun seiceálacha agus faireachais teorann, aon idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais seo a leanas: gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba chóir go mbeadh aon bhearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir le cuspóirí na mbeart sin.

(17)

Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba chóir é a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hoibleagáidí na mBallstát maidir le cosaint idirnáisiúnta agus neamh-refoulement.

(18)

Ba chóir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus lánurraim á thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn faoi dhlí idirnáisiúnta na mara, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le cuardach agus tarrtháil.

(19)

Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4) i leith phróiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit i bhfeidhmiú an Rialacháin seo.

(20)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag an dá Stát sin le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (5) a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(21)

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/849/CE (7) ón gComhairle agus de Chinneadh 2004/860/CE (8) ón gComhairle.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba chóir, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, go gcinnfeadh an Danmhairg laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo cibé an dtrasuífidh sí ina dlí náisiúnta é nó nach dtrasuífidh.

(23)

Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(24)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10). Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(25)

Sa Rialachán seo, is éard atá i bhforálacha Airteagal 6(8) agus (9), sa mhéid go dtagraíonn siad do rochtain a thabhairt ar Chóras Faisnéise Schengen (SIS), forálacha a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear meicníocht chun críocha mearchúnamh oibríochtúil a sholáthar ar feadh tréimhse teoranta, i bhfoirm Foirne Mear-Idirghabhála Teorann (dá ngairfear ‘foirne’ anseo feasta), do Bhallstát iarrthach a bhfuil staid de bhrú práinneach agus eisceachtúil ag bagairt air, go háirithe agus líon ard náisiúnach tríú tíortha ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríoch an Bhallstáit ag láithreacha ar a theorainneacha seachtracha. Leis an Rialachán seo, sainmhínítear freisin na cúraimí a bheidh ar chomhaltaí na bhfoirne agus na cumhachtaí a fheidhmeoidh siad agus iad i mbun oibríochtaí i mBallstát nach é a mBallstát féin é.

2.   Leasaítear leis an Rialachán seo Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 de bharr bhunú na meicníochta dá dtagraítear i mír 1 agus d'fhonn sainmhíniú a thabhairt ar na curaimí a chomhlíonfaidh agus na cumhachtaí a fheidhmeoidh gardaí teorann na mBallstát a ghlacfaidh páirt in oibríochtaí comhpháirteacha agus i dtreoirthionscadail i mBallstát eile.

3.   Cuirfear an cúnamh teicniúil is gá ar fáil don Bhallstát iarrthach i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le neamh-refoulement.

CAIBIDIL I

FOIRNE MEAR-IDIRGHABHÁLA TEORANN

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

2)

ciallaíonn ‘comhaltaí na bhfoirne’ gardaí teorann na mBallstát a bhíonn ar seirbhís leis na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta;

3)

ciallaíonn ‘Ballstát iarrthach’ Ballstát a n-iarrann a údaráis inniúla ar an nGníomhaireacht na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh ar a chríoch;

4)

ciallaíonn ‘Ballstát aíochta’ Ballstát a n-imscartar Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ina chríoch;

5)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ar garda teorann den stát sin comhalta den fhoireann.

Airteagal 4

Comhdhéanamh agus imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann

1.   Cinnfidh an Ghníomhaireacht comhdhéanamh na bhfoirne i gcomhréir le hAirteagal 8b de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 arna leasú leis an Rialachán seo. Beidh a n-imscaradh faoi rialú ag Airteagal 8d den Rialachán sin.

2.   Ar thogra ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, cinnfidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, trí thromlach de thrí cheathrú, próifílí agus líon iomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na foirne (An Díorma Mear). Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann sa Díorma Mear. Cuirfidh na Ballstáit leis an Díorma Mear trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe a bheidh bunaithe ar na próifílí difriúla a shaineofar trí ghardaí teorann a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn a ainmniú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbeidh cás eisceachtúil ina bhagairt ar Bhallstát a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta. Ní dhéanfar aon difear do neamhspleáchas an Bhallstáit bhaile i dtaca le roghnú na foirne agus le fad ré a n-imscartha.

4.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 8h de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

Airteagal 5

Treoracha do na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann

1.   Le linn imscaradh na bhfoirne, eiseoidh an Ballstát aíochta treoracha do na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

2.   Trína hoifigeach comhordaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8g de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, féadfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí maidir leis na treoracha a chur in iúl don Bhallstát aíochta. Má dhéanann sí amhlaidh, cuirfidh an Ballstát aíochta na tuairimí sin i gcuntas.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 8g de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, tabharfaidh an Ballstát aíochta an cúnamh uile is gá don oifigeach comhordaithe, lena n-áirítear rochtain iomlán ar na foirne gach uile thráth le linn an imscartha.

Airteagal 6

Cúraimí agus cumhachtaí chomhaltaí na bhfoirne

1.   Beidh sé de chumas ag comhaltaí na bhfoirne gach cúram a chomhlíonadh agus gach cumhacht a fheidhmiú maidir le seiceálacha teorann agus maidir le faireachas teorann i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, agus is gá d'fhonn cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Sonrófar mionsonraí do gach imscaradh sa phlean oibríochta don imscaradh sin i gcomhréir le hAirteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

2.   Tabharfaidh comhaltaí na bhfoirne, agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, urraim iomlán do dhínit an duine. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí comhréireach le cuspóirí na mbeart sin. Agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, ní dhéanfaidh comhaltaí na bhfoirne idirdhealú i gcoinne daoine ar na forais seo a leanas: gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

3.   Ní fhéadfaidh comhaltaí na bhfoirne cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ó ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta, agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí sin.

4.   Beidh a n-éide féin ar chomhaltaí na bhfoirne agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu. Beidh armbhanda gorm ar a mbeidh inchomhartha an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a n-éide acu, mar chomhartha aitheantais go bhfuil siad rannpháirteach in imscaradh de chuid na bhfoirne. Chun críocha aitheantais i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit aíochta agus lena shaoránaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag comhaltaí na bhfoirne i gcónaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 8, agus taispeánfaidh siad é arna iarraidh sin orthu.

5.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, féadfaidh comhaltaí na bhfoirne armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar mar a údaraítear de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile. Féadfaidh an Ballstát aíochta, áfach, cosc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar, ar choinníoll go bhfolaíonn a reachtaíocht féin na forálacha céanna dá ghardaí teorann féin. Sula n-imscarfar na foirne, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le harmáin seirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.

6.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, beidh sé d'údarás ag comhaltaí na bhfoirne forneart a úsáid, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh, le toiliú an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta, i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile.

7.   De mhaolú ar mhír 6, féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach chomhaltaí na bhfoirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

8.   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh an Ballstát aíochta comhaltaí na bhfoirne a údarú chun na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha dá chuid is gá le haghaidh seiceálacha agus faireachas teorann a cheadú. Ní cheadóidh comhaltaí na bhfoirne ach na sonraí is gá le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí agus le haghaidh fheidhmiú a gcumhachtaí. Sula n-imscarfar na foirne, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a fhéadfar a cheadú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.

9.   Déanfar an ceadú dá dtagraítear i mír 8 i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta i réimse na cosanta sonraí.

10.   Is iad gardaí teorann an Bhallstáit aíochta amháin a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

Airteagal 7

Stádas, cearta agus oibleagáidí chomhaltaí na bhfoirne

1.   Leanfaidh comhaltaí na bhfoirne de bheith ina ngardaí teorann náisiúnta de chuid a mBallstát agus is iad a mBallstáit a íocfaidh iad.

2.   Glacfaidh gardaí teorann a chuirfear ar fáil don Díorma Mear de bhun Airteagal 4 páirt in ardtraenáil a bheidh ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí agus i bhfreachnaimh rialta a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8c de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

3.   Gheobhaidh gardaí teorann liúntas cothaithe laethúil, lena n-áirítear costais chóiríochta, ar feadh ré a rannpháirtíochta i dtraenáil agus i bhfreachnaimh a eagróidh an Ghníomhaireacht, agus ar feadh thréimhsí a n-imscartha i gcomhréir le hAirteagal 8h de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

Airteagal 8

Doiciméad creidiúnaithe

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát aíochta, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit aíochta agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh chuig comhaltaí na bhfoirne mar chomhartha aitheantais orthu agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 6(1). Beidh na tréithe seo a leanas de chuid chomhalta na foirne sa doiciméad:

(a)

ainm agus náisiúntacht;

(b)

céim; agus

(c)

grianghraf digitithe a tógadh le deireanas.

2.   Tabharfar an doiciméad ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh thréimhse imscartha na foirne.

Airteagal 9

An dlí is infheidhme

1.   Fad a bheidh na cúraimí á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear in Airteagal 6(1), comhlíonfaidh comhaltaí na bhfoirne dlí an Chomhphobail agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

2.   Fad a bheidh na cúraimí á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear in Airteagal 6(1), beidh comhaltaí na bhfoirne faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit bhaile.

3.   Leagtar amach rialacha sonracha maidir le hiompar agus úsáid armáin seirbhíse, armlóin agus trealaimh, agus maidir le forneart a úsáid in Airteagal 6(5), (6) agus (7).

4.   Leagtar amach rialacha sonracha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil in Airteagal 10 agus Airteagal 11 faoi seach.

Airteagal 10

Dliteanas sibhialta

1.   I gcás ina mbeidh comhaltaí de na foirne ag feidhmiú i mBallstát aíochta, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad le linn a gcuid oibríochtaí.

2.   I gcás ina mbeidh damáiste den sórt sin ann mar thoradh ar mhórfhaillí nó ar mhí-iompar toiliúil, féadfaidh an Ballstát aíochta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile chun go n-aisíocfadh an Ballstát baile aon suimeanna a bheidh íoctha ag an mBallstát aíochta le híospartaigh nó le daoine a mbíonn teideal acu thar a gceann.

3.   Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, tarscaoilfidh gach Ballstát a chuid éileamh go léir in aghaidh an Bhallstáit aíochta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile ar aon damáiste a dhéantar dóibh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 239 den Chonradh aon díospóid a bhaineann le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 nach féidir a réiteach le caibidlíocht eatarthu.

5.   Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann le damáiste a dhéantar do threalamh na Gníomhaireachta le linn imscartha, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

Airteagal 11

Dliteanas coiriúil

Le linn imscaradh na bhfoirne, déileálfar le comhaltaí na bhfoirne ar an mbealach céanna a dhéileálfar le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit aíochta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh.

CAIBIDIL II

LEASUITHE AR RIALACHÁN (CE) UIMH. 2007/2004

Airteagal 12

Leasuithe

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 mar a leanas:

1)

Déanfar Airteagal 1(4) a scriosadh.

2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 1a

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha na mBallstát” teorainneacha muirí agus talaimh na mBallstát agus a n-aerfoirt agus a gcalafoirt, a bhfuil feidhm maidir leo ag forálacha dhlí an Chomhphobail maidir le trasnú teorann seachtrach ag daoine;

2)

ciallaíonn “Ballstát aíochta” Ballstát ina n-imscartar Foireann Mear-Idirghabhála Teorann ina chríoch nó a dtarlaíonn oibríocht chomhpháirteach nó treoirthionscadal ann;

3)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ar garda teorann den stát sin comhalta den fhoireann nó an t-aoi-oifigeach;

4)

ciallaíonn “comhaltaí na bhfoirne” gardaí teorann Ballstát atá ar seirbhís leis an bhFoireann Mear-Idirghabhála Teorann seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta;

5)

ciallaíonn “Ballstát iarrthach” Ballstát a n-iarrann a chuid údarás inniúil ar an nGníomhaireacht na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh ina chríoch;

6)

ciallaíonn “aoi-oifigigh” oifigigh sheirbhísí gardaí teorann Ballstát eile seachas an Ballstát aíochta a bhíonn rannpháirteach in oibríochtaí comhpháirteacha agus i dtreoirthionscadail.’;

3)

Cuirtear an pointe a leanas le hAirteagal 2(1):

‘(g)

Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh chuig na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 maidir leis an meicníocht sin agus lena rialaítear cumhachtaí agus cúraimí na n-aoi-oifigeach (11).

4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil i gcomhair seiceálacha agus faireachais ag teorainneacha seachtracha a fháil chun go n-úsáidfeadh a saineolaithe é faoi chuimsiú na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann fad a mhairfidh a n-imscaradh.’

5)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 8a

Foirne Mear-Idirghabhála Teorann

Arna iarraidh sin ag Ballstát a bhfuil staid de bhrú práinneach agus eisceachtúil ag bagairt air, go háirithe agus líon ard náisiúnach tríú tíortha ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríocha an Bhallstáit sin ag láithreacha ar theorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht Foireann Mear-Idirghabhála Teorann (dá ngairfear “foireann (foirne)” anseo feasta) amháin nó níos mó a imscaradh ar feadh tréimhse teoranta chuig an mBallstát iarrthach ar feadh na ré iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh . 863/2007.

Airteagal 8b

Comhdhéanamh na bhfoirne

1.   I gcás staide mar a thuairiscítear in Airteagal 8a, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach líon, ainmneacha agus próifílí gardaí teorann óna ndíorma náisiúnta a fhéadfaidh siad a chur ar fáil laistigh de chúig lá le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbeidh cás eisceachtúil ina bhagairt orthu a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta.

2.   Nuair a bheidh comhdhéanamh foirne i gcomhair imscaradh á chinneadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na himthosca sonracha a bheidh ag bagairt ar an mBallstát iarrthach san áireamh. Beidh an fhoireann comhdhéanta i gcomhréir leis an bplean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 8e.

Airteagal 8c

Traenáil agus freachnaimh

Soláthróidh an Ghníomhaireacht gardaí teorann a bheidh ina gcuid den Díorma Mear, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 a mbeidh ardtraenáil faighte acu a bheidh ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na gardaí teorann sin i gcomhréir leis an sceideal ardtraenála agus freachnaimh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

Airteagal 8d

Nós imeachta chun imscaradh na bhfoirne a chinneadh

1.   Áireofar in iarratas ar imscaradh na bhfoirne i gcomhréir le hAirteagal 8a cur síos ar an staid, ar na haidhmeanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ar na riachtanais a mbeifear ag dréim leo maidir leis an imscaradh. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, más gá, saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht chun an staid a mheas ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit iarrthaigh.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas láithreach faoi iarraidh ó Bhallstát ar imscaradh na bhfoirne.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh aige nó aici faoi iarraidh ó Bhallstát, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh torthaí anailísí riosca na Gníomhaireachta mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile arna soláthar ag an mBallstát iarrthach nó ag Ballstát eile.

4.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoi iarraidh ar imscaradh na bhfoirne a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát iarrthach agus an Bord Bainistíochta ar an eolas faoin gcinneadh i scríbhinn ag an am céanna. Luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe.

5.   Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann amháin nó níos mó a imscaradh, tarraingeoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát iarrthach plean oibríochta suas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 8e.

6.   A luaithe a bheidh an plean oibríochta comhaontaithe, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Ballstáit ar an eolas faoi líon iarrtha agus faoi phróifílí na ngardaí teorann a imscarfar sna foirne. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i scríbhinn, do na pointí teagmhála náisiúnta a ainmneofar faoi Airteagal 8f agus luafar inti an dáta a dtarlóidh an t-imscaradh. Cuirfear cóip den phlean oibríochta ar fáil dóibh chomh maith.

7.   Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, is é nó í an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh na cinntí a bhaineann le himscaradh na bhfoirne.

8.   Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbíonn cás eisceachtúil ina bhagairt orthu a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta.

9.   Déanfar na foirne a imscaradh tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis an dáta a n-aontófar an plean oibríochta idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarrthach.

Airteagal 8e

An Plean Oibríochta

1.   Aontóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarrthach ar phlean oibríochta ina dtabharfar mionsonraí na gcoinníollacha beachta a bhaineann leis na foirne a imscaradh. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean oibríochta:

(a)

cur síos ar an staid maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta;

(b)

ré intuartha imscaradh na bhfoirne;

(c)

an ceantar geografach freagrachta sa Bhallstát iarrthach ina n-imscarfar na foirne;

(d)

cur síos ar chúraimí agus ar threoracha speisialta do chomhaltaí na bhfoirne, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le ceadú incheadaithe bunachar sonraí agus armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a bheidh incheadaithe sa Bhallstát aíochta;

(e)

comhdhéanamh na bhfoirne;

(f)

ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta a bheidh freagrach as comhoibriú leis na foirne, go háirithe na gardaí teorann ina measc atá i gceannas ar na foirne le linn na tréimhse imscartha, agus áit na bhfoirne sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil a imscarfar in éineacht leis na foirne i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.   Beidh aontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit iarrthaigh araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibríochta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta leasaithe nó oiriúnaithe láithreach chuig na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal 8f

Pointe teagmhála náisiúnta

Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht ar gach ábhar a bhaineann leis na foirne. Beidh fáil ar an bpointe teagmhála náisiúnta i gcónaí.

Airteagal 8g

Oifigeach Comhordaithe

1.   Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó ó fhoireann na Gníomhaireachta lena imscaradh mar oifigeach comhordaithe. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát aíochta ar an eolas faoin gceapachán.

2.   Gníomhóidh an t-oifigeach comhordaithe thar ceann na Gníomhaireachta i ngach gné d'imscaradh na bhfoirne. Déanfaidh an t-oifigeach comhordaithe go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát aíochta;

(b)

gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht agus comhaltaí na bhfoirne, agus cuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha a n-imscartha leis na foirne;

(c)

faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh ceart an phlean oibríochta;

(d)

tuairisciú a dhéanamh don Ghníomhaireacht faoi gach gné d'imscaradh na bhfoirne.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 25(3)f, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-oifigeach comhordaithe a údarú chun cuidiú a thabhairt chun aon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochta agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.

4.   Agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacfaidh an t-oifigeach comhordaithe treoracha.

Airteagal 8h

Costais

1.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag na Ballstáit agus iad ag cur a ngardaí teorann ar fáil chun na gcríoch sin a luaitear in Airteagal 8a agus 8c.

(a)

costais taistil ón mBallstát baile go dtí an Ballstát aíochta agus ón mBallstát aíochta go dtí an Ballstát baile;

(b)

costais a bhaineann le vacsaínithe;

(c)

costais a bhaineann le riachtanais speisialta árachais;

(d)

costais a bhaineann le cúram sláinte;

(e)

liúntais chothaithe laethúla, costais chóiríochta san áireamh;

(f)

costais a bhaineann le trealamh teicniúil na Gníomhaireachta.

2.   Socróidh an Bord Bainistíochta rialacha mionsonracha maidir le híocaíocht an liúntais chothaithe laethúil le comhaltaí na bhfoirne.’;

6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Cúraimí agus cumhachtaí na n-aoi-oifigeach

1.   Beidh de chumas ag aoi-oifigigh gach cúram a chomhlíonadh agus gach cumhacht a fheidhmiú maidir le seiceálacha agus le faireachas teorann i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (12), mar aon leis na cúraimí agus leis na cumhachtaí sin atá riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach.

2.   Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí sin á gcur i bhfeidhm acu, comhlíonfaidh na haoi-oifigigh dlí an Chomhphobail agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

3.   Ní fhéadfaidh aoi-oifigigh cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí sin.

4.   Beidh a n-éide féin ar aoi-oifigigh agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu. Beidh armbhanda gorm ar a mbeidh inchomhartha an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a n-éide acu, mar chomhartha aitheantais go bhfuil siad rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach nó i dtreoirthionscadal. Chun críocha aitheantais i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit aíochta agus lena shaoránaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag aoi-oifigigh i gcónaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 10a, agus taispeánfaidh siad é arna iarraidh sin orthu.

5.   De mhaolú ar mhír 2, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, féadfaidh aoi-oifigigh armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar de réir mar a údaraítear de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile. Féadfaidh an Ballstát aíochta, áfach, cosc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar, ar choinníoll go gcuirfear an cosc céanna sin i bhfeidhm ar a ghardaí teorann féin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin. Sula n-imscarfar na haoi-oifigigh, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir leis na harmáin seirbhíse, leis an armlón agus leis an trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do Bhallstáit.

6.   De mhaolú ar mhír 2, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, beidh sé d'údarás ag aoi-oifigigh forneart a úsáid, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh, le toiliú an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta, agus i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

7.   De mhaolú ar mhír 6, féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach aoi-oifigeach nó i gcosaint dhlisteanach daoine eile i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.

8.   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh an Ballstát aíochta aoi-oifigigh a údarú chun na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha dá chuid is gá le haghaidh seiceálacha agus faireachas teorann a cheadú. Ní cheadóidh na haoi-oifigigh ach na sonraí is gá le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí agus le haghaidh fheidhmiú a gcumhachtaí. Sula n-imscarfar na haoi-oifigigh, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a fhéadfar a cheadú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.

9.   Déanfar an ceadú dá dtagraítear in Airteagal 8 i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta i réimse na cosanta sonraí.

10.   Is iad gardaí teorann an Bhallstáit aíochta amháin a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

Airteagal 10a

Doiciméad creidiúnaithe

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát aíochta, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit aíochta agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh chuig aoi-oifigigh mar chomhartha aitheantais orthu agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10(1). Beidh na tréithe seo a leanas de chuid an aoi-oifigigh sa doiciméad:

(a)

ainm agus náisiúntacht;

(b)

céim; agus

(c)

grianghraf digitithe a tógadh le deireanas.

2.   Tabharfar an doiciméad ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na hoibríochta comhpháirtí nó an treoirthionscadail.

Airteagal 10b

Dliteanas sibhialta

1.   I gcás ina mbeidh aoi-oifigigh ag feidhmiú i mBallstát aíochta, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad le linn a gcuid oibríochtaí.

2.   I gcás ina mbeidh damáiste den sórt sin ann mar thoradh ar mhórfhaillí nó ar mhí-iompar toiliúil, féadfaidh an Ballstát aíochta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile chun go n-aisíocfadh an Ballstát baile aon suimeanna a bheidh íoctha ag an mBallstát aíochta le híospartaigh nó le daoine a mbíonn teideal acu thar a gceann.

3.   Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, tarscaoilfidh gach Ballstát a gcuid éileamh go léir in aghaidh Ballstáit aíochta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile ar aon damáiste a dhéantar dóibh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach aon díospóid a bhainfidh le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 nach féidir a réiteach le caibidlíocht eatarthu, i gcomhréir le hAirteagal 239 den Chonradh.

5.   Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhainfidh le damáiste a dhéantar do threalamh na Gníomhaireachta le linn imscaradh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

Airteagal 10c

Dliteanas coiriúil

Le linn imscaradh oibríochta comhpháirtí nó treoirthionscadail, déileálfar le haoi-oifigigh ar an mbealach céanna a dhéileálfar le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit aíochta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bliain tar éis a theacht i bhfeidhm agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus tograí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi, más gá.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Aibreán 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007.

(2)  IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

(3)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(4)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialacháin (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(7)  Cinneadh 2004/849/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 368, 15.12.2004, lch. 26).

(8)  Cinneadh 2004/860/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 370, 17.12.2004, lch. 78).

(9)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(10)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(11)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 30.’

(12)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.’


IARSCRÍBHINN

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Aibhsíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur chóir iniúchadh a dhéanamh ar gach féidearthacht chun maoiniú a áirithiú i staid ina mbeadh brú práinneach eisceachtúil ag na teorainneacha seachtracha agus go mbeadh gá le hidirghabháil ó Fhoireann Mear-Idirghabhála Teorann agus sa chás go bhféadfadh sé go mbeadh easpa airgid ann i mbuiséad na Gníomhaireachta Eorpaigh chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX) chun an idirghabháil sin a chur i gcrích. Deimhneoidh an Coimisiún, mar chúis fíorphráinne an bhféadfaí cistí a ath-imscaradh. Má tharlaíonn sé go bhfuil gá le cinneadh ón údarás buiséadachta, tionscnóidh an Coimisiún nós imeachta i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais, eadhon Airteagal 23 agus Airteagal 24, chun cinneadh tráthúil a chinntiú ón dá bhrainse den údarás buiséadach maidir le modh chun maoiniú breise a chur ar fáil do FRONTEX chun Foireann Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh. Tá an t-údarás buiséadach tiomnaithe gníomhú chomh tapa agus is féidir, agus an phráinn á cur san áireamh.