22.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 680/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2007

lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Thug Comhairle Eorpach an 15 agus an 16 Márta 2002 a tionóladh in Barcelona i bhfios go láidir ina conclúidí gur gréasáin fuinnimh agus iompair láidre agus chomhtháite is dúshraith do mhargadh inmheánach na hEorpa agus gurb é an toradh a bheadh ar úsáid níos fearr a bhaint as na gréasáin atá ann cheana agus na bearnaí atá ann a líonadh go méadófaí ar éifeachtúlacht agus ar chumas iomaíochta agus go ráthófaí leibhéal cuí cáilíochta agus laghdú ar phointí sáithithe agus, dá thoradh sin, inmharthanacht fhadtréimhseach níos fearr. Tagann na riachtanais seo faoi chuimsiú na straitéise a ghlac na Ceannairí Stáit agus Rialtais ag Comhairle Eorpach an 23 agus 24 Márta 2000 a tionóladh i Liospóin a bhfuil tagairt déanta go rialta di ó shin i leith.

(2)

D'fhormheas Comhairle Eorpach an 12 agus an 13 Nollaig 2003 a tionóladh sa Bhruiséil gníomhaíocht Eorpach fáis, agus d'éiligh ar an gCoimisiún caiteachas a atreorú, dá mba ghá, i dtreo infheistíochtaí i gcaipiteal fisiciúil, agus infheistíochtaí i mbonneagar na ngréasán tras-Eorpach, go háirithe, ar gnéithe riachtanacha iad a dtionscadail tosaíochta le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh a neartú.

(3)

Is dóigh go gcuirfidh an mhoill atá ar chomhlánú nasc éifeachtúil tras-Eorpach, go háirithe ar chomhlánú rann trasteorann, bac tromchúiseach ar chumas iomaíochta an Aontais, na mBallstát agus na réigiún forimeallach nach mbeadh ábalta, nó nach mbeadh ábalta a thuilleadh, leas iomlán a bhaint as tionchair thairbheacha an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

I gCinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail a bhaineann le gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (3), measadh go mbeadh costas EUR 600 billiún i gceist leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chomhlánú idir 2007 agus 2020. Tá luach beagnach EUR 160 billiún don tréimhse 2007-2013 i gceist leis na hinfheistíochtaí atá riachtanach do na tionscadail tosaíochta amháin de réir bhrí Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(5)

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, chuir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon in iúl gur gá na hionstraimí airgeadais atá ann a neartú agus a chur in oiriúint trí leibhéal cómhaoinithe an Chomhphobail a ardú, trína fhoráil go bhféadfaí ráta cómhaoinithe Comhphobail níos airde a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás tionscadal de chineál trasteorann, tionscadal a mbeadh feidhm idirthurais acu, nó tionscadal a mbeadh sé i gceist leo constaicí nádúrtha a shárú.

(6)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hiompar d'uiscebhealach intíre a chur chun cinn ‘NAIADES’ agus ag féachaint do chineál inbhuanaithe uiscebhealaí intíre, ba cheart go dtabharfaí aird faoi leith ar thionscadail uiscebhealaí intíre.

(7)

Ina Rún an 8 Meitheamh 2005 maidir le dúshláin bheartais agus acmhainní buiséadacha an Aontais mhéadaithe 2007-2013 (4), chuir Parlaimint na hEorpa béim ar thábhacht straitéiseach na ngréasán iompair chun an margadh inmheánach a chomhlánú agus chun caidreamh níos dlúithe a chothú le tíortha is iarrthóirí, le tíortha is réamhiarrthóirí agus le tíortha atá i ‘gciorcal cairde’ an Aontais. Thairis sin, léirigh sí chomh maith go raibh sí sásta ionstraimí nuálacha maoinithe amhail ráthaíochtaí iasachta, lamháltais Eorpacha, iasachtaí Eorpacha agus ciste faoisimh i leith úis a scrúdú.

(8)

Leis na méideanna a leithdháileadh do na gréasáin thras-Eorpacha in earnálacha an iompair agus an fhuinnimh (dá ngairtear anseo feasta GTE-I agus GTE-F faoi seach) i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013, tá sé dodhéanta na riachtanais ar fad a eascraíonn as feidhmiú na dtosaíochtaí a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1692/96/CE (le haghaidh GTE-I) agus i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE (5) (le haghaidh GTE-F) a chomhlíonadh. Ar mhaithe le foinsí náisiúnta maoinithe a chomhlánú, bídís sin poiblí nó príobháideach, is cuí, dá bhrí sin, na hacmhainní sin a dhíriú ar chatagóirí áirithe tionscadal a sholáthróidh an breisluach is mó do na gréasáin ina n-iomláine, go háirithe do na ranna trasteorann, uiscebhealaí na mara san áireamh, agus ar na tionscadail a bhfuil sé de chuspóir acu baic, ar nós constaicí nádúrtha, a shárú le leanúnachas bhonneagar GTE-I agus GTE-F a ráthú. Chun feidhmiú comhordaithe tionscadal áirithe a éascú, d'fhéadfaí Comhordaitheoirí Eorpacha a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 17a de Chinneadh Uimh. 1692/96/CE.

(9)

Ag cur san áireamh gur thart ar EUR 250 billiún a mheastar atá san infheistíocht GTE-I i dtionscadail tosaíochta atá fágtha agus nach bhfuil sa mhéid tagartha airgeadais iompair Eorpach EUR 8 013 milliún sa tréimhse 2007-2013 ach cuid bhídeach den bhuiséad atá riachtanach leis na tionscadail tosaíochta a chur i gcrích, tugtar cuireadh don Choimisiún Eorpach, le cabhair Comhordaitheoirí Eorpacha san áit a gceaptar iad, gníomhaíochtaí a chur i gcrích le tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí na mBallstát, agus comhordú a dhéanamh orthu, an GTE-I atá pleanáilte a mhaoiniú agus a chomhlánú, de réir an amchláir a leagadh síos. Ba cheart don Choimisiún na forálacha a bhaineann leis na Comhordaitheoirí Eorpacha a luaitear i gCinneadh Uimh. 1692/96/CE a chur i bhfeidhm. Ba cheart dó, mar aon leis na Ballstáit, staidéar a dhéanamh chomh maith ar fhadhb fhadtréimhseach airgeadais thógáil agus oibriú an GTE-I ar fad, agus é a bheith de chuspóir acu í a réiteach, ag coimeád i gcuimhne go bhfuil dhá thréimhse bhuiséid seacht mbliana, ar a laghad, i gceist sa tréimhse thógála agus gur céad bliain, ar a laghad, saol ionchais an bhonneagair nua.

(10)

Aithnítear i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE na cuspóirí, na tosaíochtaí gníomhaíochta agus na tionscadail leasa choitinn chun GTE-F a fhorbairt, ina measc na tionscadail tosaíochta, agus sanntar tosaíocht chuí ann do thionscadail a ndearbhaítear gur le leas na hEorpa iad. I gcás na dtionscadal tosaíochta amháin, is ionann agus thart ar EUR 28 billiún idir 2007 agus 2013 an infheistíocht is gá lena chur ar chumas na mBallstát uile lánpháirt a ghlacadh sa mhargadh inmheánach agus leis na hidirnaisc leis na tíortha comharsanacha a chomhlánú.

(11)

D'iarr Comhairle Eorpach an 12 agus an 13 Nollaig 2003 ar an gCoimisiún freisin leanúint den staidéar ar an ngá atá le hionstraim ráthaíochta Chomhphobail ar leith a chruthú a mbeadh sé de chuspóir aici rioscaí iarthógála áirithe faoi chuimsiú tionscadal GTE-I a chlúdach. I gcás an fhuinnimh, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún caiteachas a atreorú, dá mba ghá, i dtreo infheistíochtaí i gcaipiteal fisiciúil le fás a spreagadh.

(12)

Is léiriú cheana féin é ar fhíordhul chun cinn Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 lena leagtar amach na rialacha maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach (6), óir ceadaíonn sé ráta maoinithe níos airde, is ionann le 20 %, do thionscadail a ndearbhaítear go bhfuil tosaíocht acu. Ach tá sé ag brath mar sin féin ar rialacha cur chun feidhme ar gá iad a shimpliú agus ar bhuiséad foriomlán a bhfuil teorainn lena acmhainní. Dá bhrí sin is cosúil gur gá comhlánú a dhéanamh ar mhaoiniú poiblí náisiúnta agus ar mhaoiniú príobháideach náisiúnta trí chabhair an Chomhphobail a mhéadú i dtéarmaí an méid cúnaimh a thugann sé agus i dtéarmaí na rátaí cúnaimh a thugann sé d'fhonn éifeacht ghiarála chistí an Chomhphobail a neartú, rud a chiallódh go gcuirfí na tionscadail tosaíochta a roghnaíodh i gcrích.

(13)

Leis an Rialachán seo, is cuí clár a leagan amach ina gcinnfear na rialacha ginearálta a bhaineann le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse GTE-I agus GTE-F. Ba chóir don chlár sin, a chaithfear a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, i gcúrsaí comhshaoil go háirithe, cuidiú le neartú an mhargaidh inmheánaigh agus tionchar spreagthach a bheith aige ar chumas iomaíochta an Chomhphobail agus ar an bhfás ann.

(14)

Chomh maith le díriú ar thionscadail nó ar pháirteanna de thionscadail a léiríonn an breisluach Eorpach is mó, ba chóir do chabhair airgeadais an Chomhphobail faoi bhuiséad na ngréasán tras-Eorpach, a bheith de chineál a spreagfadh na páirtithe chun cur chun feidhme na dtionscadal tosaíochta faoi Chinneadh Uimh. 1692/96/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 1364/2006/CE a bhrostú. Ba chóir di chomh maith maoiniú ar na tionscadail bhonneagair Eorpacha leasa choitinn eile a shainítear sna Cinntí sin a cheadú.

(15)

Deonaítear cabhair airgeadais an Chomhphobail chun tionscadail infheistíochta i GTE-I agus GTE-F a fhorbairt, le gealltanais dhaingne airgeadais a sholáthar, leis na hinfheisteoirí institiúideacha a ghríosú agus le bunú comhpháirtíochtaí airgeadais idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a spreagadh. In earnáil an fhuinnimh, is chun cuidiú le sárú na mbac airgeadais a d'fhéadfadh teacht chun cinn nuair a bheadh tionscadail á n-ullmhú agus an réamhthógáil á forbairt go príomha a cheapfar an cúnamh airgeadais, agus ba cheart é a dhíriú ar na ranna trasteorann de thionscadail tosaíochta agus ar idirnaisc le tíortha comharsanacha.

(16)

Ina Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 4 Iúil 2005 maidir le himlonnú an chórais chomharthaíochta iarnróid Eorpaigh CEBTI/CERT, chuir an Coimisiún béim ar aistriú tapa comhordaithe i dtreo an chórais sin le hidirinoibritheacht GTE-I a áirithiú. Chuige sin, tá gá le tacaíocht shonraithe shealadach Chomhphobail don trealamh cois ráillí agus don trealamh ar bord araon.

(17)

I gcás tionscadal áirithe, d'fhéadfadh eagraíochtaí idirnáisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar na Ballstáit lena mbaineann. I gcás tionscadal áirithe, féadfaidh an Coimisiún a gcur chun feidhme a chur ar iontaoibh comhghnóthas de réir bhrí Airteagal 171 den Chonradh. Éilíonn na staideanna speisialta sin go leathnófaí an coincheap atá ann de thairbhí ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail chun críocha an Rialacháin seo.

(18)

D'fhonn freagairt do riachtanais shonracha gach tionscadail agus d'fhonn éifeachtacht agus luach chabhair airgeadais an Chomhphobail a mhéadú, d'fhéadfadh clónna éagsúla a bheith ar an gcabhair sin: deontais staidéir agus oibreacha, deontais íocaíochtaí infhaighteachta, lacáistí ráta úis, ráthaíochtaí iasachta, nó rannpháirtíocht i gcistí caipitil riosca. Ainneoin a cló, ba chóir cabhair airgeadais an Chomhphobail a dheonú i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (7) agus i gcomhréir lena rialacha cur chun feidhme, seachas i gcás ina n-imeoidh an Rialachán seo go sonrach ó na rialacha sin. Ba chóir eisiúint ráthaíochtaí iasachta agus rannpháirtíocht i gciste caipitil riosca a bhunú ar phrionsabail an mhargaidh agus cuspóir féinmhaoinithe a bheith leo go fadtréimhseach.

(19)

Le tacaíocht airgeadais an Chomhphobail a chur chun feidhme i gcás mórthionscadal arna gcéimniú thar chúpla bliain, moltar gealltanas ón gComhphobal a cheadú ar bhonn ilbhliantúil, agus idirdhealú á dhéanamh de réir tionscadal maoinithe agus leithreasaí gealltanais a údaraítear go bliantúil. Is trí ghealltanais tharraingteacha dhaingne airgeadais amháin, agus iad ina gceangal go fadtréimhseach ar an gComhphobal, a fhéadfar an neamhchinnteacht a laghdú a bhaineann leis na tionscadail sin a chur i gcrích agus infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha araon a ghríosú. Is iad na tionscadail a áirítear sa chlár ilbhliantúil na tosaíochtaí is tábhachtaí i bhforbairt GTE-I dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 1692/96/CE agus éilíonn siad gníomhaíocht leanúnach Chomhphobail lena áirithiú go gcuirfear i gcrích iad go réidh agus go héifeachtach.

(20)

Is cuí bealaí poiblí príobháideacha maoinithe a spreagadh a bhfuil teist mhaith orthu, bídís sin institiúideach nó conarthach, le cabhair ráthaíochtaí dlí atá ag luí le dlí na hiomaíochta agus leis an margadh inmheánach, agus dea-chleachtas a leathnú i measc na mBallstát.

(21)

Ba cheart aird ghéar a thabhairt ar chomhordú éifeachtúil na mbeart Comhphobail go léir a mbíonn tionchar acu ar na gréasáin thras-Eorpacha, go háirithe maoiniú ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe agus oibríochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (dá ngairtear an ‘BEI’ anseo feasta).

(22)

Bunaíonn an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán a chur chun feidhme, imchlúdach airgeadais arb é an méid príomhthagartha é de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, maidir leis an smacht buiséadach agus le dea-bhainistiú airgeadais (8), don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(23)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan amach na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(24)

I bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh i ngach comhpháirt de GTE-I agus GTE-F agus dá mbuntréithe, agus chun bainistíocht níos éifeachtúla a dhéanamh, tá sé inmholta anois foráil do líon Rialachán éagsúil do na réimsí a bhí clúdaithe go nuige seo le Rialachán (CE) Uimh. 2236/95.

(25)

Leis an Rialachán seo, ba cheart rialacha ginearálta a leagan amach maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse GTE-I agus GTE-F, i gcomhréir le dlíthe agus beartais an Chomhphobail, go háirithe i dtaca le hiomaíocht, cosaint chomhshaoil, sláinte, forbairt inbhuanaithe, soláthar poiblí agus cur chun feidhme éifeachtúil bheartais an Chomhphobail maidir le hidirinoibritheacht.

(26)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur chun feidhme GTE-I agus GTE-F, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, ag áireamh an ghá atá ann bearta náisiúnta a chomhordú, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Sainmhínítear leis an Rialachán seo na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta a bhaineann le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú do thionscadail leasa choitinn i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh faoi Airteagal 155(1) den Chonradh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1)

ciallaíonn ‘tionscadal leasa choitinn’ tionscadal nó cuid de thionscadal a shonraítear mar thionscadal leasa choitinn don Chomhphobal i réimse an iompair faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1692/96/CE, nó i réimse an fhuinnimh faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1364/2006/CE;

2)

ciallaíonn ‘tionscadal tosaíochta’ i réimse an iompair, tionscadal leasa choitinn atá suite ar ais, nó aon tionscadal eile, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE, nó i réimse an fhuinnimh ciallaíonn sé tionscadal leasa choitinn a meastar gur tosaíocht don Chomhphobal é faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1364/2006/CE;

3)

ciallaíonn ‘tionscadal leasa Eorpaigh’ i réimse an fhuinnimh tionscadal aibí atá suite ar ais tosaíochta dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE ar de chineál trasteorann é nó a bhfuil tionchar suntasach aige ar an gcumas tarchurtha trasteorann;

4)

ciallaíonn ‘cuid de thionscadal’ aon ghníomhaíocht atá neamhspleách ó thaobh airgeadais, go teicniúil agus ó thaobh ama, agus a chuidíonn le comhlánú tionscadail;

5)

ciallaíonn ‘roinn trasteorann’ na ranna trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 19b de Chinneadh Uimh. 1692/96/CE agus na ranna trasteorann a áirithíonn, thar chríoch tríú tír, leanúnachas tionscadail thosaíochta idir dhá Bhallstát;

6)

ciallaíonn ‘bac’ i réimse an iompair, baic ar luas agus/nó ar chumas, nach féidir leanúnachas sreafaí iompair a ráthú dá mbarr;

7)

ciallaíonn ‘tairbhí’ Ballstát amháin nó níos mó, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó comhghnóthais de réir bhrí Airteagal 171 den Chonradh, nó gnóthais nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha atá freagrach go hiomlán as tionscadal agus a bheartaíonn a n-acmhainní féin nó cistí arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe a infheistiú d'fhonn tionscadal a chur i gcrích;

8)

ciallaíonn ‘staidéir’ gníomhaíochtaí a chaithfear a dhéanamh le cur chun feidhme tionscadail a ullmhú, lena n-áirítear staidéir ullmhúcháin, staidéir féidearthachta, staidéir mheastóireachta agus staidéir bhailíochtaithe, agus aon bheart tacaíochta teicniúil eile, lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainmhíniú agus a fhorbairt go hiomlán agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail taiscéalaíocht a dhéanamh ar na láithreáin lena mbaineann agus an pacáiste airgeadais a ullmhú;

9)

ciallaíonn ‘oibreacha’ comhpháirteanna, córais agus seirbhísí a cheannach, a sholáthar agus a imlonnú, oibreacha tógála agus suiteála a dhéanamh a bhaineann le tionscadal, fearais a ghlacadh agus tionscadal a sheoladh;

10)

ciallaíonn ‘costas tionscadail’ costas iomlán na staidéar nó na n-oibreacha a bhaineann go díreach le tionscadal a chur i bhfeidhm agus atá riachtanach le tionscadal a chur i gcrích;

11)

ciallaíonn ‘costas incháilithe’ an chuid de chostas tionscadail a chuireann an Coimisiún san áireamh agus cabhair airgeadais an Chomhphobail a ríomh;

12)

ciallaíonn ‘ionstraim ráthaíochta iasachta’ ráthaíocht arna heisiúint ag an BEI ar mhaithe le saoráid leachtachta teannta a chuirfear ar fáil le haghaidh tionscadal leasa choitinn i réimse an iompair. Folaíonn sí rioscaí fiach-sheirbhíse de cheal éilimh agus an caillteanas ioncaim neamhthuartha a bheadh ann dá bharr sin i rith thréimhse oibriúcháin tosaigh an tionscadail. Ní bhaintear leas as an ionstraim ráthaíochta iasachta ach amháin do thionscadail a bhfuil a n-inmharthanacht airgeadais bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, ar ioncam, ar dholaí nó ar ioncam eile a íocann na húsáideoirí nó na tairbhithe nó a íoctar thar a gceann;

13)

ciallaíonn ‘scéimeanna íocaíochta infhaighteachta’ scéimeanna maoinithe tionscadal bonneagair a thógann agus a oibríonn infheisteoir príobháideach a fhaigheann íocaíochtaí tréimhsiúla tar éis na céime tógála as an tseirbhís bhonneagair a cuireadh ar fáil. Braitheann leibhéal na híocaíochta ar a mhéid a shroichtear na leibhéil feidhmithe a bhfuil comhaontú conarthach déanta ina leith. Déantar íocaíochtaí infhaighteachta le linn ré conartha idir an t-údarás a dhámh an conradh agus tionscnóir an tionscadail agus ceaptar iad leis na costais tógála, na costais mhaoinithe, na costais chothabhála agus na costais oibriúcháin a chlúdach.

CAIBIDIL II

TIONSCADAIL INCHÁILITHE, FOIRMEACHA AGUS MODHANNA NA CABHRACH AIRGEADAIS, TEAGLAIM MAOINITHE

Airteagal 3

Incháilitheacht tionscadal agus iarratais ar chabhair airgeadais Chomhphobail

1.   Tionscadail leasa choitinn amháin a bheidh incháilithe chun cabhair airgeadais Chomhphobail a fháil faoin Rialachán seo.

Beidh comhlíonadh dhlí an Chomhphobail mar choinníoll ar incháilitheacht iarratas ar chabhair airgeadais Chomhphobail le haghaidh na dtionscadal sin.

2.   I réimse an iompair amháin, beidh an incháilitheacht freisin faoi réir gealltanais ón iarrthóir ar chabhair airgeadais Chomhphobail agus, i gcás inar iomchuí, ó na Ballstáit lena mbaineann chun ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh don tionscadal arna thíolacadh, ag tarraingt ar chistí príobháideacha más gá.

3.   Tionscadail iompair a bhfuil roinn trasteorann nó cuid den roinn sin i gceist leo a bheidh incháilithe chun cabhair airgeadais Chomhphobail a fháil má bhíonn comhaontú i scríbhinn ann idir na Ballstáit lena mbaineann nó idir na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann maidir le comhlánú na rann trasteorann. Mar eisceacht, nuair atá tionscadal riachtanach chun nascadh le gréasán de chuid Ballstáit chomharsanaigh nó de chuid tríú tíre ach nach dtrasnaíonn an tionscadal an teorainn, ní éileofar an comhaontú i scríbhinn dá dtagraítear thuas.

Airteagal 4

Iarratais ar chabhair airgeadais Chomhphobail a thíolacadh

Cuirfidh Ballstát amháin nó líon Ballstát nó, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhghnóthais nó gnóthais nó comhlachtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, iarratais ar chabhair airgeadais Chomhphobail faoi bhráid an Choimisiúin.

Bunófar i gcomhréir le hAirteagal 9(1) na modhanna maidir le hiarratais ar chabhair airgeadais Chomhphobail a thíolacadh.

Airteagal 5

Tionscadail a roghnú

1.   Déanfar cabhair airgeadais Chomhphobail a dhámhachtain ar thionscadail leasa choitinn i dtaca leis an gcaoi a gcuidíonn siad le gnóthú na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a shonraítear faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1692/96/CE agus Chinneadh Uimh. 1364/2006/CE.

2.   I réimse an iompair tabharfar aird faoi leith ar na tionscadail seo a leanas:

(a)

tionscadail tosaíochta;

(b)

tionscadail a bhfuil sé de chuspóir acu baic a shárú, go háirithe faoi chuimsiú tionscadal tosaíochta;

(c)

tionscadail a thionscnaíonn nó lena dtacaíonn ar a laghad dhá Bhallstát go comhpháirteach, go háirithe i gcás rann trasteorann;

(d)

tionscadail a chuidíonn le leanúnachas an ghréasáin agus le leas iomlán a bhaint as a gcumas;

(e)

tionscadail a chuidíonn le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil ar GTE-I, a chuireann sábháilteacht agus slándáil na n-úsáideoirí chun cinn, inter alia trí ghníomhaíocht a bhaineann leis an mbonneagar, agus a áirithíonn an idirinoibritheacht idir na gréasáin náisiúnta;

(f)

tionscadail a bhaineann le forbairt agus le himlonnú córas um bainistiú tráchta ar bhóithre, san aer, ar muir, ar uiscebhealaí intíre agus ar cósta agus a áirithíonn an idirinoibritheacht idir na gréasáin náisiúnta;

(g)

tionscadail a chuidíonn le comhlánú an mhargaidh aonair; agus

(h)

tionscadail a chuidíonn leis na modhanna iompair a chur ar mheá chothrom arís, trí thús áite a thabhairt do na modhanna is fearr a oireann don chomhshaol, amhail iompar d'uiscebhealach intíre.

3.   I réimse an iompair tabharfar aird faoi leith ar thionscadail ar le leas na hEorpa iad agus a chuidíonn:

(a)

le forbairt an ghréasáin chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí iargúltacht na réigiún is lú buntáiste agus na réigiún oileánach de chuid an Chomhphobail a laghdú;

(b)

le leas iomlán a bhaint as cumas an ghréasáin agus le margadh inmheánach an fhuinnimh a chomhlánú, go háirithe tionscadail a bhaineann le ranna trasteorann;

(c)

le sláine an tsoláthair fuinnimh, le héagsúlú foinsí soláthair fuinnimh agus go háirithe le hidirnaisc le tríú tíortha;

(d)

le cónasc foinsí inathnuaite fuinnimh; agus

(e)

le sábháilteacht, le hiontaofacht agus le hidirinoibritheacht na ngréasán idirnasctha.

4.   Cuirfear san áireamh na nithe seo a leanas, inter alia, agus cinneadh á dhéanamh maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú:

(a)

aibíocht an tionscadail;

(b)

an chaoi a spreagann idirghabháil an Chomhphobail cistiú poiblí agus cistiú príobháideach;

(c)

iontaofacht an phacáiste airgeadais;

(d)

an tionchar socheacnamaíoch;

(e)

na hiarmhairtí comhshaoil;

(f)

an gá atá ann baic airgeadais a shárú; agus

(g)

castacht an tionscadail, mar shampla an chastacht a eascraíonn ón ngá atá ann constaic nádúrtha a shárú.

Airteagal 6

Foirmeacha agus modhanna cabhrach airgeadais Comhphobail

1.   Féadfar ceann amháin nó níos mó de na clónna seo a leanas a bheith ar an gcabhair airgeadais Chomhphobail do thionscadail leasa choitinn:

(a)

deontais le haghaidh staidéar nó le haghaidh oibreacha;

(b)

i réimse an iompair, deontais le haghaidh oibreacha faoi chuimsiú scéimeanna íocaíochta infhaighteachta;

(c)

lacáistí ráta úis ar iasachtaí a thugann an BEI nó institiúidí poiblí nó príobháideacha eile airgeadais;

(d)

ranníocaíocht airgeadais don fhoráil ráthaíochtaí a bheidh le heisiúint ag an BEI óna acmhainní féin faoin ionstraim ráthaíochta iasachta agus le cionroinnt caipitil dóibh. Ní fhéadfaidh ré na ráthaíochtaí sin dul thar chúig bliana ón dáta a gcuirfear an tionscadal i bhfeidhm. Mar eisceacht, féadfar an ráthaíocht a dheonú ar feadh tréimhse nach faide ná seacht mbliana i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo. Ní rachaidh an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don ionstraim ráthaíochta iasachta thar EUR 500 milliún. Déanfaidh an BEI an méid céanna a ranníoc. Ní bheidh le hiompar ag an gComhphobal de bharr na hionstraime ráthaíochta iasachta, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, ach méid ranníocaíocht an Chomhphobail leis an ionstraim ráthaíochta iasachta ná ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. An BEI a iompróidh an riosca fuílligh is gné dhílis de na hoibríochtaí go léir. Leagtar síos san Iarscríbhinn príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha, agus príomhnósanna imeachta na hionstraime ráthaíochta iasachta;

(e)

ranníocaíochtaí caipitil riosca le haghaidh cistí infheistíochtaí nó gealltanais airgeadais inchomparáide arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar le haghaidh tionscadal gréasán tras-Eorpach agus a bhfuil infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach i gceist leo; ní rachaidh an ranníocaíocht chaipitil riosca sin thar 1 % de na hacmhainní buiséadacha a leagtar amach in Airteagal 18;

(f)

ranníocaíocht airgeadais leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanann comhghnóthais agus a bhaineann le tionscadail.

2.   Cuirfear san áireamh i méid na cabhrach airgeadais Comhphobail a dheonaítear sna foirmeacha dá dtagraítear i mír 1(a), (b), (c) agus (f) na critéir a leagtar síos in Airteagal 5 agus ní rachaidh an méid sin thar na rátaí seo a leanas:

(a)

staidéir: 50 % den chostas incháilithe, is cuma cén tionscadal leasa choitinn a bheidh i gceist;

(b)

oibreacha:

(i)

tionscadail tosaíochta i réimse an iompair:

20 % ar a mhéid den chostas incháilithe;

30 % ar a mhéid den chostas incháilithe le haghaidh rann trasteorann ar choinníoll gur thug na Ballstáit lena mbaineann gach ráthaíocht ba ghá don Choimisiún maidir le hinmharthanacht airgeadais an tionscadail agus le hamchlár chun é a chur i gcrích;

(ii)

tionscadail i réimse an fhuinnimh: 10 % ar a mhéid den chostas incháilithe;

(iii)

tionscadail i réimse an iompair nach tionscadail tosaíochta iad: 10 % ar a mhéid den chostas incháilithe;

(c)

an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (CEBTI):

(i)

trealamh cois ráillí: 50 % ar a mhéid de chostas incháilithe na staidéar agus na n-oibreacha;

(ii)

trealamh ar bord:

50 % ar a mhéid de chostas incháilithe fréamhshamhlacha a fhorbairt agus a dhéanamh chun CEBTI a shuiteáil ar an rothra atá ann, ar choinníoll go mbeidh an fhréamhshamhail deimhnithe in dhá Bhallstát ar a laghad;

50 % ar a mhéid de chostas incháilithe an trealaimh sraithe chun CEBTI a shuiteáil ar an rothra; ar a shon sin, cinnfidh an Coimisiún faoi chuimsiú an chláir ilbhliantúil uasmhéid na cabhrach a dheonófar in aghaidh an aonaid tarraingthe;

(d)

córais um bainistiú tráchta ar bhóithre, san aer, ar uiscebhealaí intíre agus ar muir agus ar cósta: 20 % ar a mhéid de chostais incháilithe na n-oibreacha.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) agus (e) den Airteagal seo.

Airteagal 7

Cabhair airgeadais eile agus ionstraimí airgeadais eile

1.   Beidh oibríochtaí an BEI ag luí le deonú cabhrach airgeadais faoin Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na tionscadail a chómhaoinítear faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chomhordú le gníomhaíochtaí gaolmhara a bhaineann leas as ranníocaíochtaí eile ón gComhphobal agus as ionstraimí airgeadais eile de chuid an Chomhphobail agus as oibríochtaí an BEI agus áiritheoidh sé a gcomhchuibheas leo.

CAIBIDIL III

CLÁRÚ, CUR CHUN FEIDHME AGUS RIALÚ

Airteagal 8

Cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), na critéir a leagtar síos in Airteagal 5 agus na cuspóirí agus na tosaíochtaí a shonraítear faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1692/96/CE agus Chinneadh Uimh. 1364/2006/CE a chur i bhfeidhm, agus cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla á mbunú aige.

2.   Beidh feidhm ag clár oibre ilbhliantúil i réimse an iompair maidir le tionscadail tosaíochta agus maidir le córais um bainistiú tráchta ar bhóithre, san aer, ar uiscebhealaí intíre agus ar cósta agus ar muir. Beidh méid an imchlúdaigh airgeadais laistigh de raon 80 %-85 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 18 a chuirfear in áirithe don iompar.

3.   Cuirfear i bhfeidhm sa chlár oibre bliantúil i réimse an iompair na critéir maidir le cabhair airgeadais a dheonú le haghaidh na dtionscadal leasa choitinn nach n-áirítear sa chlár ilbhliantúil.

4.   Cuirfear i bhfeidhm sa chlár oibre bliantúil i réimse an fhuinnimh na critéir maidir le cabhair airgeadais a dheonú le haghaidh tionscadal leasa choitinn.

5.   Déanfar athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil, leath bealaigh tríd mura ndéanfar níos minice é, agus más gá déanfar é a choigeartú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 9

Deonú cabhrach airgeadais Comhphobail

1.   Tar éis gach glaoch ar thograí bunaithe ar na cláir oibre ilbhliantúla nó bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 8(1), cinnfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), méid na cabhrach airgeadais a dheonófar le haghaidh na dtionscadal nó na gcodanna de thionscadail a roghnófar. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha faoina ndéanfar iad a chur chun feidhme agus na modhanna trína ndéanfar iad a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le haon chabhair airgeadais a bheidh le deonú.

Airteagal 10

Forálacha airgeadais

1.   Féadfar ceangaltais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Gach bliain déanfaidh an Coimisiún gealltanais maidir leis na tráthchodanna bliantúla ag cur san áireamh dul chun cinn na dtionscadal nó na gcéimeanna de thionscadail a bhfuil cabhair airgeadais á fáil acu, na riachtanas measta agus na mbuiséad atá ar fáil.

Cuirfear an t-amchlár táscach le haghaidh gealltanais na dtráthchodanna bliantúla leithleacha i bhfios do na tairbhithe agus do na Ballstáit lena mbaineann.

2.   Ní chlúdóidh cabhair Chomhphobail ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe nó tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme.

Beidh caiteachas incháilithe ón dáta a ndéanfar iarratas ar chabhair a thaisceadh. Féadfaidh caiteachas a eascróidh as tionscadail a áirítear sa chlár ilbhliantúil a bheith incháilithe ón 1 Eanáir an bhliain reatha, ón 1 Eanáir 2007 ar aghaidh.

Ní bheidh CBL ina chostas incháilithe, seachas CBL neamh-inaisíoctha.

3.   Déanfar íocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoinithe, a roinnfear, i gcás inar iomchuí, idir líon tráthchodanna idirmheánacha íocaíochta agus íocaíocht na hiarmhéide.

Sainmhíneofar na modhanna íocaíochta ar bhealach a chuirfidh cur chun feidhme ilbhliantúil tionscadal bonneagair san áireamh, go háirithe.

Íocfar an réamh-mhaoiniú, nó i gcás inar iomchuí, an chéad tráthchuid de, nuair a dheonófar an chabhair airgeadais.

Íocfar aon íocaíochtaí idirmheánacha ar bhonn na n-iarratas ar íocaíocht, faoi réir Airteagal 13 a chomhlíonadh.

Íocfar an iarmhéid tar éis ghlacadh na tuarascála críochnaithí maidir leis an tionscadal a chuir an tairbhí isteach agus a dheimhnigh na Ballstáit lena mbaineann. Mionsonrófar sa tuarascáil chríochnaitheach, go háirithe, an caiteachas a tabhaíodh iarbhír.

4.   I gcás scéimeanna íocaíochta infhaighteachta, íocfar céad íocaíocht an réamh-mhaoinithe taobh istigh de thréimhse nach faide ná trí bliana tar éis cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú nuair a dheimhneoidh na Ballstáit go bhfuil an tionscadal tar éis tosú agus nuair a thaiscfear an conradh comhpháirtíochta príobháideach poiblí iomchuí. Féadfar breis íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a dhéanamh nuair a dhéanfaidh na Ballstáit deimhniú maidir le dul chun cinn an tionscnaimh.

Íocfar an iarmhéid tar éis thús chéim oibriúcháin an tionscadail nuair a fhíorófar gur seachadadh an bonneagar, nuair a dheimhneoidh na Ballstáit gur tabhaíodh an caiteachas atá á mhaíomh agus nuair a chruthófar gur íocadh méid iomlán d'íocaíochtaí infhaighteachta is ionann le méid na cabhrach airgeadais Comhphobail.

I gcás nach mbeidh aon chuid den íocaíocht infhaighteachta dlite toisc mainneachtain an bonneagar a sheachadadh, gnóthóidh an Coimisiún na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe a d'íoc sé.

Airteagal 11

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Déanfaidh na Ballstáit, i réimse a bhfreagrachta, gach iarracht na tionscadail leasa choitinn a fhaigheann cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonaítear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Gabhfaidh na Ballstáit i mbun an fhaireacháin theicniúil agus an rialaithe airgeadais do thionscadail i gcomhar dlúth leis an gCoimisiún agus deimhneoidh siad fírinne agus comhréireacht an chaiteachais a tabhaíodh i leith tionscadal nó codanna de thionscadail. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i seiceálacha ar an bhfód.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a glacadh faoi mhír 2 agus soláthróidh siad, go háirithe, tuairisc ar na córais rialaithe, bainistithe agus faireacháin a bunaíodh chun a áirithiú go gcuirfí tionscadail i gcrích ar bhealach rathúil.

Airteagal 12

Comhchuibheas le dlí an Chomhphobail agus le beartais an Chomhphobail

Tionscadail a mhaoineofar faoin Rialachán seo, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfidh siad aon bheartais ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh, go háirithe iad siúd a bhaineann le hiomaíocht, le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe, le soláthar poiblí agus le hidirinoibritheacht.

Airteagal 13

Cealú, laghdú, fionraí agus scor na cabhrach

1.   Tar éis scrúdaithe iomchuí agus tar éis na tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas ionas go mbeidh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt taobh istigh de thréimhse áirithe, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

cealóidh sé, seachas i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo, cabhair airgeadais a deonaíodh do thionscadail nó do chodanna de thionscadail nár cuireadh tús leo sa dá bhliain tar éis dháta tosaigh an tionscadail mar a leagadh amach sna coinníollacha a rialaíonn deonú cabhrach;

(b)

féadfaidh sé an chabhair airgeadais a fhionraí nó a laghdú nó féadfaidh sé scor dá dheonú:

(i)

i gcás ina mbeidh neamhrialtacht ann maidir le cur chun feidhme an tionscadail nó na coda de thionscadal i leith fhorálacha dhlí an Chomhphobail; agus

(ii)

i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a rialaíonn an chabhair airgeadais, go háirithe má dhéantar mórathrú a dhéanann difear do chineál tionscadail nó do na nósanna imeachta cur chun feidhme gan é a bheith formheasta ag an gCoimisiún;

(c)

féadfaidh sé a iarraidh, agus na tosca iomchuí uile á gcur san áireamh, go n-aisíocfar an chabhair airgeadais a deonaíodh, mura mbeidh cur chun feidhme an tionscadail nó na coda de thionscadal a fuair an chabhair airgeadais curtha i gcrích taobh istigh de cheithre bliana ón dáta críche a leagtar amach sna coinníollacha a rialaíonn an chabhair airgeadais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iomlán na suimeanna nó cuid de na suimeanna a íocadh cheana féin a ghnóthú:

(a)

i gcás inar gá, go háirithe tar éis an chabhair airgeadais a chealú, nó scor dá híoc nó tar éis í a laghdú nó tar éis iarratas a dhéanamh go n-aisíocfaí cabhair airgeadais; nó

(b)

i gcás ina gcarnfar cabhair Chomhphobail do chuid de thionscadal.

Airteagal 14

Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1.   Féadfaidh Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) rialuithe agus seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (10).

2.   Féadfaidh na coinníollacha a rialaíonn deonú cabhrach airgeadais Comhphobail foráil a dhéanamh, go háirithe, don fhaireachán agus do sheiceálacha airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, agus d'iniúchóireacht a dhéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí, ar an bhfód i gcás inar iomchuí.

3.   Malartóidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún, láithreach, an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le torthaí na seiceálacha a rinneadh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   Glacfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta.

4.   Ainmneoidh an BEI ionadaí ar an gcoiste nach nglacfaidh páirt sa vótáil.

Airteagal 16

Meastóireacht

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, le cúnamh ó na tairbhithe, gabháil i mbun meastóireachta ar na modhanna trína gcuirtear tionscadail i gcrích agus ar éifeacht a gcur chun feidhme, chun a mheas cé acu ar baineadh amach na cuspóirí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar maidir le tionscadail a maoiníodh faoin Rialachán seo nó, i gcás inar iomchuí, an fhaisnéis agus an chabhair is gá a sholáthar dó, le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.

Airteagal 17

Faisnéis agus poiblíocht

1.   Gach re bliain cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir leis na gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu faoin Rialachán seo. Beidh meastóireacht sa tuarascáil ar na torthaí a baineadh amach le cabhair airgeadais Chomhphobail sna réimsí éagsúla cur i bhfeidhm i dtaca leis na bunchuspóirí, mar aon le caibidil maidir le substaint agus cur chun feidhme an chláir ilbhliantúil reatha. Beidh faisnéis sa tuarascáil freisin maidir le foinsí cistithe gach tionscadail.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann agus, i gcás inar iomchuí, na tairbhithe, go dtabharfar poiblíocht oiriúnach do chabhair a dheonaítear faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas maidir le ról an Chomhphobail i gcur i bhfeidhm na dtionscadal.

Airteagal 18

Acmhainní buiséid

1.   De réir praghsanna reatha EUR 8 168 000 000 an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Rialacháin seo don tréimhse 2007-2013, EUR 8 013 000 000 de seo i leith GTE-I agus EUR 155 000 000 i leith GTE-F.

2.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 19

Clásal um athbhreithniú

Roimh dheireadh 2010, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas leis na meicníochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 156 den Chonradh, an bhfuil na meicníochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo le coimeád ar bun nó an bhfuil siad le leasú tar éis na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo agus cinnfidh siad na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2007.

Gníomhaíochtaí a bheidh á ndéanamh i réimse an iompair agus an fhuinnimh ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh siad de bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 sa leagan a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 2006.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Meitheamh 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GLOSER


(1)  IO C 234, 22.9.2005, lch. 69.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2005 (IO C 272 E, 9.11.2006, lch. 405), Comhsheasamh ón gComhairle an 22 Márta 2007 (IO C 103 E, 8.5.2007, lch. 26) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 228, 9.9.1996, lch. 1. Cinneadh arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(4)  IO C 124 E, 25.5.2006, lch. 373.

(5)  Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair lena leagtar amach treoirlínte do ghréasáin thras-Eorpacha fuinnimh (IO L 262, 22.9.2006, lch. 1).

(6)  IO L 228, 23.9.1995, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1159/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 22.7.2005, lch. 16).

(7)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006 (IO L 390, 30.12.2006, lch. 1).

(8)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 27.7.2006, lch. 11).

(10)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.


IARSCRÍBHINN

Príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha, agus príomhnósanna imeachta na hionstraime ráthaíochta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(d)

Beidh an BEI ina pháirtí rannpháirtithe riosca agus bainisteoidh sé ranníocaíocht an Chomhphobail leis an ionstraim ráthaíochta iasachta thar ceann an Chomhphobail. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe d'fheidhmiú na hionstraime ráthaíochta iasachta, lena n-áirítear faireachán agus rialú air, i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus an BEI, agus cuirfear na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo san áireamh.

IONSTRAIM RÁTHAÍOCHTA IASACHTA LE hAGHAIDH THIONSCADAL GTE-IOMPAIR

Ranníocaíocht an Chomhphobail

1.

Gan dochar don nós imeachta um choigeartú ó 2010 ar aghaidh a leagtar amach i mír 2, déanfar an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an AE leis an ionstraim ráthaíochta iasachta a sholáthar don BEI de réir an sceidil seo a leanas:

2007

EUR 10 milliún

2008

EUR 35 milliún

2009

EUR 60 milliún

2010

EUR 80 milliún

2011

EUR 105 milliún

2012

EUR 110 milliún

2013

EUR 100 milliún

2.

Sna blianta 2007 go 2009 íocfaidh an Coimisiún na méideanna bliantúla leis an BEI mar a leagtar amach sa sceideal thuas. Ó 2010 ar aghaidh, iarrfaidh an BEI go n-aistreofar suimeanna nach mó ná an t-iomlán carntha a shonraítear sa sceideal chuig an gcuntas iontaobhais. Eiseofar an iaraidh faoin 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus beidh réamhaisnéis ag gabháil leis maidir leis an ngá atá leis an ranníocaíocht Chomhphobail sceidealta. Is í an réamhaisnéis sin a bheidh mar bhunús do choigeartú éileamhbhunaithe ar na híocaíochtaí bliantúla a shonraítear thuas, a chinnfear a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Cuntas iontaobhais

1.

Bunóidh an BEI cuntas iontaobhais ina gcoinneofar ranníocaíocht an Chomhphobail agus na hioncaim a eascróidh as ranníocaíocht an Chomhphobail.

2.

An t-ús a ghnóthófar ar an gcuntas iontaobhais agus na hioncaim eile a eascróidh as ranníocaíocht an Chomhphobail – amhail préimheanna ráthaíochta, ús agus corrlaigh riosca ar shuimeanna a d'eisíoc an BEI, cuirfear le hacmhainní an chuntais iontaobhais iad, mura gcinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), go gcuirfear ar ais go dtí líne buiséid GTE-I iad.

3.

Aisíocfar leis an gcuntas iontaobhais na suimeanna a tarraingíodh do leithdháileadh caipitil nuair a bheidh na méideanna a d'eisíoc an BEI faoin ionstraim ráthaíochta iasachta aisíoctha go hiomlán.

Ranníocaíocht an Chomhphobail a úsáid

Úsáidfidh an BEI ranníocaíocht an Chomhphobail:

le soláthar a dhéanamh don chaillteanas a thuartar agus don leithdháileadh caipitil le haghaidh gach tionscadail incháilithe, i gcomhréir le rialacha ábhartha an BEI agus le measúnú riosca a rinne an BEI faoin mbeartas um shaoráidí struchtúrtha airgeadais is infheidhme dá chuid;

le haon costas incháilithe a chlúdach nach mbaineann le tionscadal agus a éiríonn as bunú agus as riarachán na hionstraime ráthaíochta. Sainmhíneofar na costais seo sa chomhaontú bainistíochta idir an Coimisiún agus an BEI.

Rannpháirtiú riosca

1.

Úsáidfidh an BEI ranníocaíocht an Chomhphobail le soláthar a dhéanamh, i gcás gach tionscadail incháilithe, don chaillteanas a thuartar agus don leithdháileadh caipitil.

2.

Clúdóidh an soláthar do chaillteanas a thuartar an caillteanas a thuartar do thionscadal. An chuid de ranníocaíocht an Chomhphobail a chlúdaíonn an soláthar do chaillteanas a thuartar ar bhonn staidrimh do gach oibríocht incháilithe, íocfar ón gcuntas iontaobhais leis an BEI í, rud a chlúdóidh céatadán den riosca. Céatadán athraitheach a bheidh sa chéatadán seo agus é ag brath ar ghrádú riosca na hoibríochta agus ar a haibíocht.

3.

Clúdóidh an leithdháileadh caipitil caillteanas tionscadail nach raibh coinne leis. An chuid de ranníocaíocht an Chomhphobail a bhaineann leis an leithdháileadh caipitil, cuirfear in áirithe sa chuntas iontaobhais do gach bunoibríocht í. Féadfaidh an BEI an méid seo a éileamh má ghlaoitear isteach an ráthaíocht a d'eisigh an BEI faoin ionstraim ráthaíochta iasachta, rud a chlúdóidh céatadán breise dá riosca.

4.

Is é an toradh a bheidh ar an bpatrún rannpháirtithe riosca a thiocfaidh as an meicníocht thuas, rannpháirtiú iomchuí idir an cuntas iontaobhais agus an BEI den chorrlach fiontair a ghearrann an BEI ar a chomhpháirtí san oibríocht atá mar bhun don ionstraim ráthaíochta iasachta.

Ráthaíocht an BEI

1.

Is éard a bheidh san ionstraim ráthaíochta iasachta, ráthaíocht ón BEI go soláthrófar saoráid leachtachta teannta do thionscadal incháilithe i dtéarmaí a bheidh ar comhréir leis an ionstraim ráthaíochta iasachta.

2.

Má bhíonn soláthróirí na saoráide leachtachta teannta i dteideal ráthaíocht an BEI a ghlaoch isteach faoi théarmaí na hionstraime ráthaíochta iasachta, íocfaidh an BEI na suimeanna uile a bheidh dlite do sholáthróirí na saoráide leachtachta teannta agus beidh sé ina chreidiúnaí don tionscadal.

3.

A luaithe a bheidh an BEI ina chreidiúnaí do thionscadal, rangófar cearta an BEI faoin ionstraim ráthaíochta iasachta i rang laistiar den fhónamh d'fhiachas na saoráide creidmheasa sinsearaí agus níos sinsearaí ná gnáthscaireanna agus oibríochtaí maoinithe gaolmhara.

4.

Níor chóir gur mhó an tsaoráid leachtachta teannta ná 20 % de shuim iomlán an fhéich shinsearaigh a socraíodh ag deireadh na bliana airgeadais.

Praghsáil

Socrófar praghsáil ráthaíochtaí faoin ionstraim ráthaíochta iasachta, bunaithe ar an gcorrlach riosca agus chun na costais riaracháin uile a bhaineann le tionscadail na hionstraime ráthaíochta a chlúdach, i gcomhréir le gnáthrialacha agus le gnáthchritéir ábhartha an BEI.

Nós imeachta um iarratais

Seolfar iarratais ar chlúdach riosca faoin ionstraim ráthaíochta iasachta chuig an BEI i gcomhréir le nós imeachta caighdeánach an BEI um iarratais.

Nós imeachta um fhormheas

Déanfaidh an BEI réamhrialú riosca, airgeadais, teicniúil agus dlí agus déanfaidh sé cinneadh maidir le heisiúint ráthaíochta faoin ionstraim ráthaíochta iasachta i gcomhréir lena ghnáthrialacha agus lena ghnáthchritéir, lena n-áirítear, inter alia, caighdeán tograí aonair, creidmheasacht na n-iasachtaithe, téarmaí agus coinníollacha inghlactha agus éileamh sa mhargadh.

Ré na hionstraime ráthaíochta iasachta

1.

Déanfar gealltanas maidir le ranníocaíocht an Chomhphobail don ionstraim ráthaíochta iasachta tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. Ní mór ráthaíochtaí a bheith formheasta faoin 31 Nollaig 2014.

2.

I gcás ina bhforceannfar an ionstraim ráthaíochta iasachta le linn an chreata airgeadais reatha, aon iarmhéid a bheidh sa chuntas iontaobhais, seachas cistí a gealladh agus cistí is gá chun costais agus caiteachas incháilithe a chlúdach, tabharfar ar ais do líne buiséid an GTE-I iad. Mura gcuirfear síneadh leis an ionstraim ráthaíochta iasachta i dtreo is go leanfaidh sí ar aghaidh faoin gcéad chreat airgeadais eile, cuirfear aon chistí iarmhéide ar ais ar thaobh an ioncaim de bhuiséad ginearálta an AE.

3.

Cistí a leithdháilfear don ionstraim ráthaíochta iasachta, beidh siad inghlaoite isteach go dtí go rachaidh an ráthaíocht dheireanach as feidhm nó go dtí go mbeidh an fofhiach deireanach aisíoctha, cibé acu is luaithe.

Tuairisciú

Comhaontófar modhanna idir an Coimisiún agus an BEI maidir le tuairisciú ar chur chun feidhme na hionstraime ráthaíochta iasachta.