21.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/1


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2006

maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

(2006/697/CE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 24 agus 38 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé de rún daingean ag an Aontas Eorpach feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua, gan dochar do na rialacha lena gcosnaítear saoirse an duine.

(2)

Tar éis Chinneadh ón gComhairle an 10 Iúil 2001 ag údarú d'Uachtaránacht na Comhairle Comhaontuithe a chaibidil leis an Iorua agus leis an Íoslainn maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla ar bhonn Airteagail 24 agus 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a leasaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2002, rinne an Uachtaránacht, a raibh cúnamh aici ón gCoimisiún, comhaontú a chaibidil maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo déantar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Tá téacs an Chomhaontaithe agus téacs na ndearbhuithe a dhéanfar ar shíniú an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d'Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe chun an Comhaontú a shíniú faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an Cinneadh agus an Comhaontú atá i gceangal leis.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2006.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PRÖLL


COMHAONTÚ

idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

TÁ AN tAONTAS EORPACH,

de pháirt amháin, agus

POBLACHT NA hÍOSLAINNE

agus

RÍOCHT NA hIORUA,

den pháirt eile,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,

ÓS MIAN LEO an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua a fheabhsú, gan dochar do na rialacha lena gcosnaítear saoirse an duine,

DE BHRÍ gur gá, de bharr an chaidrimh reatha atá idir na Páirtithe Conarthacha, dlúthchomhar sa chomhrac i gcoinne na coireachta,

AG CUR IN IÚL an mhuinín fhrithpháirteach atá acu i struchtúr agus in oibriú a gcóras dlí agus in ábaltacht na bPáirtithe Conarthacha uile triail chóir a ráthú,

DE BHRÍ go bhfuil an Íoslainn agus an Iorua tar éis a mian a chur in iúl comhaontú a dhéanamh le Ballstáit an Aontais Eorpaigh á gcumasú na socruithe a bhrostú maidir le daoine atá faoi amhras agus daoine atá ciontaithe a thabhairt ar láimh, agus nós imeachta um thabhairt suas a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit,

DE BHRÍ go measann an tAontas Eorpach freisin go bhfuil sé inmhianaithe comhaontú den sórt sin a bheith ann,

DE BHRÍ gur cuí dá bhrí sin córas a chur ar bun don nós imeachta sin um thabhairt suas,

DE BHRÍ go bhfuil na Ballstáit uile agus Ríocht na hIorua agus Poblacht na hÍoslainne ina bpáirtithe i roinnt coinbhinsiún i réimse an eiseachadta, lena n-áirítear Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an 13 Nollaig 1957 agus Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur an 27 Eanáir 1977. Tá dlíthe eiseachadta comhionanna ag na Stáit Nordacha agus is ionann an coincheap atá iontu den eiseachadadh,

DE BHRÍ gur cheart leibhéal an chomhoibrithe faoi Choinbhinsiún AE an 10 Márta 1995 maidir le nós imeachta simplithe eiseachadta agus faoi Choinbhinsiún AE an 27 Meán Fómhair 1996 a bhaineann leis an eiseachadadh a choimeád ar bun nuair nach féidir cur leis,

DE BHRÍ nach mór breitheanna maidir le forghníomhú an bharántais ghabhála a bheith faoi réir rialuithe leordhóthanacha, rud a chiallaíonn gur cheart go gcaithfeadh údarás breithiúnach de chuid an Stáit inar gabhadh an duine iarrtha an bhreith a ghlacadh maidir lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas,

DE BHRÍ nach mór ról na n-údarás láir i bhforghníomhú barántais ghabhála, mar a shainmhínítear leis an gComhaontú seo é, a theorannú do chúnamh praiticiúil agus riaracháin,

DE BHRÍ go n-urramaíonn an Comhaontú seo saoirsí bunúsacha, go háirithe an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha.

Ní chuireann an Cinneadh seo cosc ar aon Stát a chuid rialacha bunreachtúla a chur i bhfeidhm maidir le próiseas cuí, le saoirse comhlachais, le saoirse an phreasa, le saoirse friotail i meáin eile ná le trodaithe saoirse,

DE BHRÍ nár cheart duine ar bith a thabhairt suas do Stát ina bhfuil baol tromchúiseach go ndéanfaí pionós an bháis a chur air nó uirthi, nó go ndéanfaí é nó í a chéasadh nó aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi,

DE BHRÍ, ó tharla go bhfuil Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 um chosaint daoine aonair maidir le huathphróiseáil sonraí pearsanta daingnithe ag na Stáit uile, gur cheart na sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chosaint i gcomhréir le prionsabail an Choinbhinsiúin sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL 1

Prionsabail Ghinearálta

Airteagal 1

Cuspóir agus aidhm

1.   Gabhann na Páirtithe Conarthacha ar láimh feabhas a chur, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, ar thabhairt suas chun críche ionchúisimh nó forghníomhú pianbhreithe, idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht na hIorua agus Poblacht na hÍoslainne, den pháirt eile, trí théarmaí Choinbhinsiúin an 27 Meán Fómhair 1996 a bhaineann leis an eiseachadadh idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh mar chaighdeáin íosta.

2.   Gabhann na Páirtithe Conarthacha ar láimh, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, a chinntiú go mbeidh an córas eiseachadta idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht na hIorua agus Poblacht na hÍoslainne, den pháirt eile, bunaithe ar mheicníocht tabhartha suas de bhun barántais ghabhála, i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe seo.

3.   Ní mhodhnóidh an Comhaontú seo an oibleagáid maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha dlí a urramú, atá cumhdaithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta Daonna, ná i gcás forghníomhú ag údarás breithiúnach de chuid Ballstáit, na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

4.   Níor cheart aon ní sa Chomhaontú seo a léiriú mar ní a chuireann toirmeasc ar dhiúltú duine a thabhairt suas a bhfuil barántas gabhála mar atá sainmhínithe sa Chomhaontú seo eisithe ina leith má tá cúiseanna ann lena chreidiúint go bhfuil an barántas gabhála sin eisithe d'fhonn duine a ionchúiseamh nó a phionósú de bhíthin a ghnéis nó a gnéis, a chine nó a cine, a reiligiúin, a bhunaidh eitnigh nó a bunaidh eitnigh, a náisiúntachta, a theanga nó a teanga, a thuairimí polaitiúla nó a tuairimí polaitiúla nó a threoshuímh ghnéasaigh nó a treoshuímh ghnéasaigh, nó go bhféadfar seasamh an duine sin a dhochrú ar aon cheann de na cúiseanna sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Ciallóidh ‘Páirtithe Conarthacha’ an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua agus Poblacht na hÍoslainne.

2.   Ciallóidh ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach.

3.   Ciallóidh ‘Stát’ Ballstát, Ríocht na hIorua nó Poblacht na hÍoslainne.

4.   Ciallóidh ‘Tríú Stát’ aon stát seachas Stát mar atá sainmhínithe i mír 3.

5.   Ciallóidh ‘barántas gabhála’ breith bhreithiúnach arna heisiúint ag Stát ar mhaithe le Stát eile duine iarrtha a ghabháil agus a thabhairt suas chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Féadfar barántas gabhála a eisiúint i leith gníomhartha atá inphionóis faoi dhlí an Stáit eisithigh le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad nó, nuair atá an phianbhreith tugtha nó an t-ordú coinneála déanta, i leith pianbhreitheanna ceithre mhí ar a laghad.

2.   Gan dochar do mhír 3 ná do mhír 4, beidh an tabhairt suas faoi réir an choinníll gur cion faoi dhlí an Stáit eisithigh iad na gníomhartha ar eisíodh an barántas gabhála ina leith, is cuma cé na heilimintí is comhábhar dó nó cén cur síos a dhéantar air.

3.   Faoi réir Airteagail 4, 5(1)(b) go (g), 6, 7 agus 8, ní dhiúltóidh Stát i gcás ar bith, barántas gabhála a fhorghníomhú i ndáil le hiompar aon duine a rannchuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh le comhchuspóir cion nó cionta a dhéanamh i réimse na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, agus in Airteagail 1, 2, 3, agus 4 de Threoirchinneadh an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, nó dúnmharú, mórdhíobháil choirp, fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil, gabháil giall agus éigniú, atá inphionóis le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad, fiú nuair nach nglacann an duine sin páirt i ndéanamh iarbhír an chiona nó na gcionta atá i dtrácht; d'aon ghnó a dhéanfar an cuidiú agus a fhios thairis sin go gcuirfidh a rannpháirt le gnóthú ghníomhaíochtaí coiriúla na heagraíochta.

4.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus an tAE, thar cheann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, dearbhú a dhéanamh á rá nach gcuirfear i bhfeidhm coinníollacha na coiriúlachta dúbailte dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn cómhalartaithe, faoi na coinníollacha atá leagtha amach ina dhiaidh seo. Na cionta seo a leanas, má tá siad inphionóis sa Stát eisitheach le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh tréimhse uasta trí bliana ar a laghad agus de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Stáit eisithigh, beidh siad, faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo agus gan coiriúlacht dhúbailte an ghnímh a fhíorú, ina gcúis le tabhairt suas de bhun barántais ghabhála:

rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil,

sceimhlitheoireacht,

ceannaíocht i ndaoine,

dúshaothrú gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha,

gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin,

éilliú,

calaois, lena n-áirítear an chalaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach de réir bhrí Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint,

fáltais na coireachta a sciúradh,

airgeadra, lena n-áirítear an euro, a ghóchumadh,

coireacht atá bainteach le ríomhaireacht,

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis phlandaí agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt,

iontráil agus cónaí neamhúdaraithe a éascú,

dúnmharú, mórdhíobháil choirp,

trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,

fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil agus gabháil giall,

ciníochas agus seineafóibe,

robáil eagraithe nó armtha,

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,

caimiléireacht,

cambheartaíocht agus sracaireacht,

góchumadh agus píoráideacht táirgí,

doiciméid riaracháin a bhrionnú agus gáinneáil orthu,

cóir íocaíochta a bhrionnú,

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,

gáinneáil ar fheithiclí goidte,

éigniú,

coirloscadh,

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long,

sabaitéireacht.

Airteagal 4

Forais do neamhfhorghníomhú sainordaitheach an bharántais ghabhála

Cuirfidh Stáit d'oibleagáid ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a dhiúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú sna cásanna seo a leanas:

1.

má tá an cion ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe folaithe ag ollmhaithiúnas sa Stát forghníomhaitheach nuair a bhí dlínse ag an Stát sin an cion a ionchúiseamh faoina dhlí coiriúil féin;

2.

má chuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaitheach go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha ag Stát mar gheall ar na gníomhartha céanna ar chuntar, má cuireadh pianbhreith air, go bhfuil an phianbhreith seirbheáilte aige nó go bhfuil sí á seirbheáil faoi láthair aige nó nach féidir í a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlí an Stáit a chuir an phianbhreith air;

3.

mura féidir, mar gheall ar a aois, an fhreagracht choiriúil a chur ar an duine is ábhar don bharántas gabhála as na gníomhartha ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

Airteagal 5

Forais eile do neamhfhorghníomhú an bharántais ghabhála

1.   Féadfaidh Stát é a chur d'oibleagáid ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, nó a thabhairt de rogha dó, a dhiúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú sna cásanna seo a leanas:

(a)

más rud é, in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3(2), nach cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an gníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe; ar a shon sin, i ndáil le cánacha nó dleachtanna, custam agus malairt, ní dhiúltófar an barántas gabhála a fhorghníomhú ar an bhforas nach bhforchuireann dlí an Stáit fhorghníomhaithigh an cineál céanna cánach nó dleachta nó nach bhfuil sa dlí sin an saghas céanna rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus rialacháin chustaim agus malairte agus atá i ndlí an Stáit eisithigh;

(b)

nuair atá an duine is ábhar don bharántas gabhála á ionchúiseamh sa Stát forghníomhaitheach sa ghníomh céanna leis an ngníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe;

(c)

nuair atá údaráis bhreithiúnacha an Stáit fhorghníomhaithigh tar éis a chinneadh gan an duine a ionchúiseamh sa chion a bhfuil an barántas gabhála bunaithe air nó deireadh a chur leis na himeachtaí, nó nuair atá breithiúnas críochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha i Stát, i leith na ngníomhartha céanna, rud a chuireann cosc le haon imeachtaí eile;

(d)

nuair atá an t-ionchúiseamh coiriúil nó pionósú an duine iarrtha faoi urchosc reachta de réir dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus má thagann na gníomhartha faoi dhlínse an Stáit sin faoina dhlí coiriúil féin;

(e)

má chuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaitheach go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha ag tríú Stát i leith na ngníomhartha céanna ar chuntar, má cuireadh pianbhreith air, go bhfuil an phianbhreith seirbheáilte aige nó go bhfuil sí á seirbheáil faoi láthair aige nó nach féidir í a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlí na tíre a chuir an phianbhreith air;

(f)

más chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú a eisíodh an barántas gabhála, nuair atá an duine iarrtha ag fanacht sa Stát forghníomhaitheach nó nuair is náisiúnach den Stát forghníomhaitheach nó cónaitheoir sa Stát forghníomhaitheach an duine agus go ngabhann an Stát sin ar láimh an phianbhreith nó an t-ordú coinneála sin a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí baile;

(g)

nuair a bhaineann an barántas gabhála le cionta:

(i)

a mheastar faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh a rinneadh go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh nó in ionad a ndéileáiltear amhlaidh leis;

(ii)

a rinneadh lasmuigh de chríoch an Stáit eisithigh agus nach gceadaíonn dlí an Stáit fhorghníomhaithigh ionchúiseamh sna cionta céanna nuair a rinneadh lasmuigh dá chríoch iad.

2.   Cuirfidh gach Stát in iúl d'Ardrúnaíocht na Comhairle cé acu d'fhorais neamhfhorghníomhaithe mhír 1 ar air a chuir sé d'oibleagáid ar a údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha a dhiúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú. Cuirfidh an Ardrúnaíocht an t-eolas a fhaightear ar fáil do na Stáit uile agus don Choimisiún.

Airteagal 6

Eisceacht an chiona pholaitiúil

1.   Ní féidir forghníomhú a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfaidh an Stát forghníomhaitheach breathnú ar an gcion mar chion polaitiúil, mar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó mar chion a bhfuil tucaidí polaitiúla leis.

2.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus Aontas na hEorpa, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, dearbhú a dhéanamh á rá nach gcuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur;

(b)

cionta comhcheilge nó comhlachais – a fhreagraíonn don tuairisc ar iompar dá dtagraítear in Airteagal 3(3) — cion amháin nó níos mó ná cion amháin de na cionta a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur;

agus

(c)

Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Threoirchinneadh an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

3.   Nuair atá barántas gabhála eisithe ag Stát a rinne dearbhú dá dtagraítear i mír 2 nó ag Stát a ndearnadh dearbhú den sórt sin thar a cheann, féadfaidh an Stát a bhfuil an barántas gabhála á eisiúint aige cómhalartú a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Eisceacht ar bhonn náisiúntachta

1.   Ní fhéadfar eiseachadadh a dhiúltú ar an bhforas gur náisiúnach de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh é an duine a éilítear.

2.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, dearbhú a dhéanamh á rá nach ndéanfar náisiúnaigh a thabhairt suas nó nach n-údarófar náisiúnaigh a thabhairt suas ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe.

3.   Nuair atá barántas gabhála eisithe ag Stát a rinne dearbhú dá dtagraítear i mír 2 nó ag Stát a ndearnadh dearbhú den sórt sin thar a cheann, féadfaidh Stát ar bith eile, agus an barántas á fhorghníomhú aige, cómhalartú a chur i bhfeidhm.

Airteagal 8

Ráthaíochtaí atá le tabhairt ag an Stát eisitheach i gcásanna ar leith

Féadfar forghníomhú an bharántais ghabhála ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chur faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

nuair atá an barántas gabhála eisithe chun pianbhreith nó ordú coinneála a forchuireadh le breith a tugadh in absentia a fhorghníomhú, agus nach raibh toghairm faighte go pearsanta ag an duine lena mbaineann nó nár cuireadh in iúl dó ar dhóigh ar bith eile dáta ná ionad na héisteachta ba bhun leis an mbreith a tugadh in absentia, féadfaidh an tabhairt suas a bheith faoi réir an choinníll go dtugann an t-údarás breithiúnach eisitheach ráthaíocht a mheastar a bheith leordhóthanach chun a ráthú don duine is ábhar don bharántas gabhála go mbeidh deis aici nó aige atriail an cháis a iarraidh sa Stát eisitheach agus a bheith i láthair ag an mbreithiúnas;

2.

má tá an cion ar eisíodh an barántas gabhála ar a bhonn inphionóis le pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil, féadfar forghníomhú an bharántais sin a chur faoi réir an choinníll go dtabharfaidh an Stát eisitheach ráthaíocht a mheasann an Stát forghníomhaitheach a bheith leordhóthanach go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an bpionós nó ar an mbeart a forchuireadh, arna iarraidh sin nó tar éis 20 bliain ar a dheireanaí, nó go spreagfaidh an Stát eisitheach cur i bhfeidhm beart trócaire atá an duine i dteideal a iarraidh faoi dhlí nó faoi chleachtas an Stáit eisithigh, arb é neamhfhorghníomhú pionóis nó birt den sórt sin is aidhm dóibh;

3.

nuair is náisiúnach den Stát forghníomhaitheach nó cónaitheoir sa Stát sin an duine is ábhar don bharántas gabhála chun críocha ionchúisimh, féadfaidh an tabhairt suas a bheith faoi réir an choinníll go gcuirtear an duine ar ais, tar éis éisteacht a fháil, chuig an Stát forghníomhaitheach chun an phianbhreith choimeádta nó an t-ordú coinneála a forchuireadh air sa Stát eisitheach a sheirbheáil ann.

Airteagal 9

Na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a chinneadh

1.   Is éard a bheidh san údarás breithiúnach eisitheach údarás breithiúnach an Stáit eisithigh atá inniúil an barántas gabhála a eisiúint de bhua dhlí an Stáit sin.

2.   Is éard a bheidh san údarás breithiúnach forghníomhaitheach údarás breithiúnach an Stáit fhorghníomhaithigh atá inniúil chun an barántas gabhála a fhorghníomhú de bhua dhlí an Stáit sin. Tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 38(1), féadfar Aire Dlí agus Cirt a ainmniú ina údarás atá inniúil chun an barántas gabhála a fhorghníomhú, cibé acu an údarás breithiúnach é an tAire Dlí agus Cirt faoi dhlí baile an Stáit sin nó nach ea.

3.   Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha a chéile ar an eolas maidir lena n-údaráis inniúla.

Airteagal 10

Dul i muinín an údaráis láir

1.   Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha an t-údarás láir do gach Stát a chur in iúl dá chéile, tar éis údarás den sórt sin a ainmniú, nó níos mó ná údarás láir amháin, nuair a fhorálann córas dlí an Stáit iomchuí amhlaidh, a chabhróidh leis na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Agus iad ag déanamh amhlaidh, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a shonrú gurb é an t-údarás láir nó gurb iad na húdaráis láir, de bharr eagrúchán chóras breithiúnach inmheánach na Stát ábhartha, atá freagrach as tarchur agus glacadh riarthach barántas gabhála agus as gach comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann leo. Beidh na sonraí sin ina gceangal ar údaráis uile an Stáit eisithigh.

Airteagal 11

Inneachar agus foirm an bharántais ghabhála

1.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bharántas gabhála arna leagan amach i gcomhréir leis an bhfoirm atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo:

(a)

céannacht agus náisiúntacht an duine iarrtha;

(b)

ainm, seoladh, uimhreacha teileafóin agus facs agus seoladh ríomhphoist an údaráis bhreithiúnaigh eisithigh;

(c)

fianaise ar bhreithiúnas infhorghníomhaithe, ar bharántas gabhála nó ar aon bhreith bhreithiúnach infhorghníomhaithe eile a bhfuil an éifeacht chéanna aige nó aici agus a thagann faoi raon feidhme Airteagail 2 agus 3;

(d)

cineál agus rangú dlí an chiona, go háirithe i dtaca le hAirteagal 3;

(e)

tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an t-ionad agus méid rannpháirteachais an duine iarrtha sa chion;

(f)

an pionós a forchuireadh, má tá breithiúnas críochnaitheach ann, nó scála na bpionós atá forordaithe don chion faoi dhlí an Stáit eisithigh;

(g)

más féidir é, iarmhairtí eile an chiona.

2.   Ní mór an barántas gabhála a aistriú go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit fhorghníomhaithigh. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach, tráth thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe seo nó tráth níos déanaí ná sin, dearbhú a dhéanamh á rá go nglacfar le haistriúchán i dteanga amháin nó i níos mó ná teanga amháin de theangacha oifigiúla de chuid Stáit.

CAIBIDIL 2

Nós imeachta um thabhairt suas

Airteagal 12

Barántas gabhála a tharchur

1.   Nuair is eol cá bhfuil an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisitheach an barántas gabhála a tharchur go díreach chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach.

2.   Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisitheach, ar aon chuma, a chinneadh foláireamh faoin duine iarrtha a chur i gCóras Faisnéise Schengen (CFS).

Déanfar foláireamh den sórt sin i gcomhréir le forálacha cuí dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le foláirimh i gCóras Faisnéise Schengen faoi dhaoine chun críche tabhartha suas. Beidh foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen coibhéiseach le barántas gabhála a bhfuil an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) ag gabháil leis.

3.   Ar feadh idirthréimhse, go dtí go mbeidh ar chumas an CFS an fhaisnéis uile atá tuairiscithe in Airteagal 11 a tharchur, beidh an foláireamh coibhéiseach le barántas gabhála go dtí go bhfaighidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an téacs bunaidh i bhfoirm chuí cheart.

Airteagal 13

Nósanna imeachta mionsonraithe maidir le barántas gabhála a tharchur

1.   Murab eol don údarás breithiúnach eisitheach cé hé an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil, déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil ón Stát forghníomhaitheach.

2.   Mura féidir seirbhísí CFS a iarraidh, féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisitheach a iarraidh ar Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) an barántas gabhála a tharchur.

3.   Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisitheach an barántas gabhála a dhíriú trí aon mheán sábháilte atá ábalta taifid i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a cheadaíonn don Stát forghníomhaitheach a bharántúlacht a bhunú.

4.   Na deacrachtaí uile a bhaineann le tarchur nó le barántúlacht aon doiciméid atá riachtanach chun barántas gabhála a fhorghníomhú, déileálfar leo trí theagmhálacha díreacha idir na húdaráis bhreithiúnacha lena mbaineann, nó, más iomchuí, le rannpháirteachas údaráis láir na Stát.

5.   Mura bhfuil an t-údarás a fhaigheann an barántas gabhála inniúil ar ghníomhú air, díreoidh sé go huathoibríoch an barántas gabhála chuig an údarás inniúil ina Stát agus cuirfidh sé an t-údarás breithiúnach eisitheach ar an eolas dá réir.

Airteagal 14

Cearta duine iarrtha

1.   Nuair a ghabhtar duine iarrtha, cuirfidh an t-údarás breithiúnach inniúil forghníomhaitheach, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, an duine sin ar an eolas faoin mbarántas gabhála agus faoina inneachar, agus freisin faoin bhféidearthacht atá ann toiliú do thabhairt suas don údarás breithiúnach eisitheach.

2.   Duine iarrtha a ghabhtar d'fhonn barántas gabhála a fhorghníomhú, beidh an ceart aige cuidiú a fháil ó dhlíodóir agus ó ateangaire i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit fhorghníomhaithigh.

Airteagal 15

An duine a choimeád faoi choinneáil

Nuair a ghabhtar duine de bhun barántais ghabhála, glacfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach breith faoinar chóir don duine iarrtha fanacht faoi choinneáil, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh. Féadfar an duine a scaoileadh saor go sealadach tráth ar bith ar comhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh, ar chuntar go nglacfaidh údarás inniúil an Stáit sin na bearta uile a mheasann sé is gá chun a chinntiú nach n-éalóidh an duine.

AirteagaL 16

Toiliú don tabhairt suas

1.   Má chuireann an duine gafa in iúl go dtoilíonn sé nó sí do thabhairt suas, tabharfar an toiliú sin agus, más iomchuí, tréigean sainráite dá theideal do ‘riail na speisialtachta’, dá dtagraítear in Airteagal 30(2), os comhair an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.

2.   Glacfaidh gach Stát na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 suite ar dhóigh a léiríonn gur nocht an duine lena mbaineann dá dheoin féin iad agus é lánfheasach ar a n-iarmhairtí. Chuige sin, beidh de cheart ag an duine iarrtha comhairle dlíodóra a fháil.

3.   Déanfar an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean, dá dtagraítear i mír 1, a thaifeadadh go foirmiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.

4.   I bprionsabal, ní féidir toiliú a chúlghairm. Féadfaidh gach Stát a fhoráil go bhféadfar toiliú agus, más iomchuí, tréigean a chúlghairm, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoina dhlí baile. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh, agus na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 20 á mbunú, an tréimhse idir dáta an toilithe agus dáta na cúlghairme. Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 38(1), dearbhú a dhéanamh ina gcuireann siad in iúl gur mian leo dul i muinín na féidearthachta seo, lena sonrófar na nósanna imeachta trínar féidir an toiliú a chúlghairm agus aon leasú orthu.

Airteagal 17

An duine iarrtha a éisteacht

Nuair nach dtoilíonn an duine gafa dá thabhairt suas nó dá tabhairt suas, dá dtagraítear in Airteagal 16, beidh sé nó sí i dteideal éisteacht a fháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

AirteagaL 18

Breith tabhartha suas

1.   Cinnfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, laistigh de na teorainneacha ama agus faoi na coinníollacha atá sainithe sa Chomhaontú seo, an bhfuil an duine le tabhairt suas.

2.   Má mheasann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis arna páirtiú ag an Stát eisitheach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas, iarrfaidh sé go ndéanfar an fhaisnéis bhreise, go háirithe an fhaisnéis is gá i dtaca le hAirteagail 4 go 6 agus Airteagail 8 agus 11, a thabhairt faoi phráinn agus féadfaidh sé teorainn ama a shocrú chun an fhaisnéis sin a fháil, agus aird á tabhairt aige ar a riachtanaí atá sé na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 20 a urramú.

3.   Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisitheach tráth ar bith aon fhaisnéis fhóinteach bhreise a dhíriú chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach.

Airteagal 19

Breith i gcás iarrataí iomadúla

1.   Má tá barántas gabhála Eorpach nó barántas gabhála eisithe ag dhá Stát nó ag níos mó ná dhá Stát i leith an duine chéanna, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a ghlacfaidh an bhreith faoi cé acu de na barántais ghabhála atá le forghníomhú agus aird chuí aige ar na himthosca uile agus go háirithe tromchúis choibhneasta agus ionad na gcionta, dátaí na mbarántas gabhála faoi seach, agus an chun críocha pianbhreithe nó chun ordú coimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú a eisíodh an barántas.

2.   Féadfaidh údarás breithiúnach forghníomhaitheach Ballstáit comhairle a iarraidh ar Eurojust agus an rogha dá dtagraítear i mír 1 á déanamh aige.

3.   I gcás coimhlinte idir barántas gabhála agus iarraidh ar eiseachadadh arna tíolacadh ag tríú Stát, is é údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh a ghlacfaidh an bhreith faoi cé acu an ag an mbarántas gabhála nó ag an iarraidh ar eiseachadadh atá tosaíocht, agus aird chuí aige ar na himthosca uile, go háirithe na himthosca dá dtagraítear i mír 1 agus na himthosca atá luaite sa choinbhinsiún is infheidhme.

4.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Stáit faoi Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.

Airteagal 20

Teorainneacha ama agus nósanna imeachta maidir leis an mbreith an barántas gabhála a fhorghníomhú

1.   Déileálfar le barántas gabhála agus déanfar é a fhorghníomhú faoi phráinn.

2.   I gcásanna ina dtoilíonn an duine iarrtha dá thabhairt suas, ba chóir an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais ghabhála a ghlacadh laistigh de thréimhse 10 lá tar éis an toiliú a thabhairt.

3.   I gcásanna eile, glacfar an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais ghabhála laistigh de thréimhse 60 lá tar éis ghabháil an duine iarrtha.

4.   Nuair nach féidir i gcásanna sonracha an barántas gabhála a fhorghníomhú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 2 nó i mír 3, cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisitheach ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an moill. Sa chás sin, féadfar 30 lá breise a chur leis na teorainneacha ama.

5.   Féadfaidh an tAontas Eorpach, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 38(1), dearbhú a dhéanamh ina gcuirtear in iúl na cásanna nach mbeidh feidhm ag mír 3 ná ag mír 4 maidir leo. Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn cómhalartú a chur i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit lena mbaineann.

6.   Fad nach mbeidh breith chríochnaitheach glactha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach maidir leis an mbarántas gabhála, áiritheoidh sé go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá i dtaca le tabhairt suas éifeachtach an duine fós á gcomhall.

7.   Ní mór cúiseanna a thabhairt i dtaca le haon diúltú barántas gabhála a fhorghníomhú.

Airteagal 21

An staid fad atá an bhreith ar feitheamh

1.   I gcás inar eisíodh an barántas gabhála chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh, caithfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach:

(a)

comhaontú gur chóir an duine iarrtha a éisteacht de réir Airteagal 22;

(b)

nó comhaontú an duine iarrtha a aistriú go sealadach.

2.   Déanfar na coinníollacha agus fad an aistrithe shealadaigh a chinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisitheach agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.

3.   I gcás aistrithe shealadaigh, ní mór don duine sin a bheith in ann filleadh ar an Stát forghníomhaitheach chun freastal ar éisteachtaí a bhaineann leis nó léi mar chuid den nós imeachta um thabhairt suas.

Airteagal 22

Duine a éisteacht fad atá an bhreith ar feitheamh

1.   Déanfaidh údarás breithiúnach an duine iarrtha a éisteacht, le cuidiú ó dhuine eile arna ainmniú i gcomhréir le dlí Stát na cúirte iarrthaí.

2.   Déanfar an duine iarrtha a éisteacht i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus faoi na coinníollacha arna gcinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisitheach agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.

3.   Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil a shannadh d'údarás breithiúnach eile de chuid a Stáit páirt a ghlacadh in éisteacht an duine iarrtha d'fhonn cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo agus na gcoinníollacha atá leagtha síos a áirithiú.

Airteagal 23

Pribhléidí agus díolúintí

1.   Nuair atá pribhléid nó díolúine maidir le dlínse nó forghníomhú ag an duine iarrtha sa Stát forghníomhaitheach, ní chuirfear tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 20 ach amháin má chuirtear in iúl agus ón lá a gcuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaitheach go bhfuil an phribhléid nó an díolúine tarscaoilte.

2.   Déanfaidh an Stát forghníomhaitheach a áirithiú go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach á gcomhall nuair nach bhfuil pribhléid ná díolúine den sórt sin ag an duine a thuilleadh.

3.   Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú láithreach. Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid Stáit eile nó ag eagraíocht idirnáisiúnta an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach eisitheach a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú.

Airteagal 24

Oibleagáidí idirnáisiúnta iomaíocha

Beidh an Comhaontú seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar an Stát forghníomhaitheach i gcás ina ndearnadh an duine iarrtha a eiseachadadh chuig an Stát sin ó thríú Stát, agus go bhfuil cosaint ag an duine sin leis na forálacha sin a bhaineann le speisialtacht den socrú faoinar eiseachadadh é. Glacfaidh an Stát forghníomhaitheach gach beart is gá chun toiliú a iarraidh láithreach ar an Stát ónar eiseachadadh an duine iarrtha chun gur féidir é nó í a thabhairt suas don Stát a d'eisigh an barántas gabhála. Ní chuirfear tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 20 go dtí an lá a scoirfidh rialacha sin na speisialtachta d'fheidhm a bheith acu.

Fad a bheidh an bhreith ón Stát ónar eiseachadadh an duine iarrtha ar feitheamh, déanfaidh an Stát forghníomhaitheach a áirithiú go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach fós á gcomhall.

Airteagal 25

Fógra faoin mbreith

Tabharfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach fógra don údarás breithiúnach eisitheach láithreach faoin mbreith maidir leis an ngníomh atá le déanamh i dtaca leis an mbarántas gabhála.

Airteagal 26

Teorainneacha ama do thabhairt suas an duine

1.   Déanfar an duine iarrtha a thabhairt suas a luaithe is féidir ar dháta arna chomhaontú idir na húdaráis lena mbaineann.

2.   Déanfar an duine a thabhairt suas tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis na breithe críochnaithí maidir leis an mbarántas gabhála a fhorghníomhú.

3.   Má choisceann imthosca nach bhfuil neart ag aon cheann de na Stáit orthu tabhairt suas an duine iarrtha laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2, rachaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisitheach i dteagmháil le chéile láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.

4.   Féadfar, go heisceachtúil, an tabhairt suas a chur ar athló sealadach ar chúiseanna tromchúiseacha daonnúla, mar shampla, má tá forais shubstainteacha ann lena chreidiúint go gcuirfeadh sé beatha nó sláinte an duine iarrtha i mbaol go follasach. Déanfar an barántas gabhála a fhorghníomhú a luaithe a bheidh deireadh leis na forais sin. Cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisitheach ar an eolas láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.

5.   Ar na teorainneacha ama sin dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 a dhul in éag, má tá an duine fós faoi choimeád, scaoilfear saor é.

Airteagal 27

Tabhairt suas atá curtha ar athló nó atá coinníollach

1.   Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, tar éis dó a chinneadh an barántas gabhála a fhorghníomhú, tabhairt suas an duine iarrtha a chur ar athló ionas gur féidir an duine a ionchúiseamh sa Stát forghníomhaitheach nó, má tá pianbhreith curtha cheana air nó uirthi, ionas gur féidir leis nó léi pianbhreith arna cur mar gheall ar ghníomh seachas an gníomh dá dtagraítear sa bharántas gabhála a sheirbheáil ar a chríoch.

2.   In ionad an tabhairt suas a chur ar athló, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an duine iarrtha a thabhairt suas go sealadach don Stát eisitheach faoi choinníollacha a chinnfear trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisitheach. Déanfar an comhaontú i scríbhinn agus beidh na coinníollacha ina gceangal ar na húdaráis uile sa Stát eisitheach.

Airteagal 28

Idirthuras

1.   Ceadóidh gach Stát idirthuras duine iarrtha atá á thabhairt suas trína chríoch, ar chuntar go mbeidh faisnéis tugtha dó maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

céannacht agus náisiúntacht an duine is ábhar don bharántas gabhála;

(b)

barántas gabhála a bheith ann;

(c)

cineál agus rangú dlí an chiona;

(d)

tuairisc ar imthosca an chiona, lena n-áirítear an t-am agus an t-ionad.

Féadfaidh Stát a ndearnadh dearbhú ar a shon i gcomhréir le hAirteagal 7(2) á rá nach ndéanfar náisiúnaigh a thabhairt suas nó nach n-údarófar tabhairt suas seachas faoi choinníollacha sonraithe áirithe, faoi na téarmaí céanna, idirthuras a náisiúnach trína chríoch a dhiúltú, nó na coinníollacha céanna a chur air.

2.   Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoin údarás atá ainmnithe do gach Stát chun a bheith freagrach as iarrataí ar idirthuras agus as na doiciméid riachtanacha a ghlacadh, chomh maith le haon chomhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí ar idirthuras.

3.   Féadfar an iarraidh ar idirthuras agus an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 1 a chur chuig an údarás arna ainmniú de bhun mhír 2 trí aon mheán atá ábalta taifeadadh i scríbhinn a sholáthar. Tabharfaidh Stát an idirthurais fógra faoin mbreith tríd an nós imeachta céanna.

4.   Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo i gcás aeriompair nuair nach mbeidh stad sceidealta ann. Ar a shon sin, má tharlaíonn tuirlingt neamhsceidealta, cuirfidh an Stát eisitheach an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 ar fáil don údarás arna ainmniú de bhun mhír 2.

5.   Nuair a bhaineann idirthuras le duine atá le heiseachadadh ó thríú Stát chuig Stát, beidh feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis. Measfar, ach go háirithe, go ngabhann an frása ‘iarraidh ar eiseachadadh’ ionad an fhrása ‘barántas gabhála’.

CAIBIDIL 3

ÉIFEACHTAÍ NA TABHARTHA SUAS

Airteagal 29

Tréimhse na coinneála arna seirbheáil a Stát forghníomhaitheach a asbhaint

1.   Déanfaidh an Stát eisitheach gach tréimhse coinneála a eascraíonn ó fhorghníomhú an bharántais ghabhála a asbhaint ón tréimhse iomlán coinneála atá le seirbheáil sa Stát eisitheach de bharr an phianbhreith choimeádta nó an t-ordú coinneála a bheith tugtha.

2.   Chuige sin, tarchuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nó an t-údarás láir arna ainmniú faoi Airteagal 10 chuig an údarás breithiúnach eisitheach, tráth na tabhartha suas, gach faisnéis maidir le fad coinneála an duine iarrtha ar bhonn an bharántais ghabhála.

Airteagal 30

Ionchúiseamh a d'fhéadfadh a bheith i gceist i leith cionta eile

1.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus Aontas na hEorpa, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, fógra a thabhairt dá chéile go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh Stáit le Stáit eile a bhfuil feidhm ag an bhfógra céanna maidir leo, go bhfuil toiliú tugtha maidir le hionchúiseamh, pianbhreith nó coinneáil d'fhonn pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a chur i gcrích i leith ciona arna dhéanamh roimh an tabhairt suas seachas an cion ar tugadh suas é nó í mar gheall air, ach amháin go ndéanann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a mhalairt a shonrú ina bhreith maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.

2.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, ní fhéadfar duine a tugadh suas a ionchúiseamh, pianbhreith a chur air nó uirthi ná a shaoirse nó a saoirse a bhaint de nó di ar aon dóigh eile i leith ciona a rinneadh sular tugadh suas é nó í, seachas an cion ar ina leith a rinneadh é nó í a thabhairt suas.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a bhí deis ag an duine críoch an Stáit a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil agus nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an gcríoch tar éis dó nó di í a fhágáil;

(b)

nach bhfuil an cion inphionóis le pianbhreith choimeádta ná le hordú coinneála;

(c)

nach bhfuil na himeachtaí coiriúla ina gcúis le beart a chur i bhfeidhm a shrianann an tsaoirse phearsanta;

(d)

nuair a d’fhéadfadh pionós nó beart nach bhfuil cailleadh saoirse i dtreis ann, lena n-áirítear pionós airgeadais nó beart ina ionad sin, a bheith de dhliteanas ar an duine, go fiú más rud é go bhféadfadh an pionós nó an beart sin a bheith ina shrian ar shaoirse phearsanta an duine;

(e)

gur thoiligh an duine go dtabharfaí suas é nó í, nuair is iomchuí, an t-am céanna ar thréig sé nó sí riail na speisialtachta, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)

nach ndéanann an duine, tar éis a thabhairt suas nó a tabhairt suas a theideal nó a teideal do riail na speisialtachta a thréigean go sainráite i dtaca le cionta sonracha roimh a thabhairt suas nó a tabhairt suas. Déanfar an tréigean os comhair údaráis bhreithiúnacha inniúla an Stáit eisithigh agus déanfar é a thaifeadadh i gcomhréir le dlí baile an Stáit sin. Déanfar an tréigean a tharraingt suas ar dhóigh a léireoidh go ndearna an duine go deonach é agus go raibh sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí. Chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine comhairle dlíodóra a fháil;

(g)

nuair a thugann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a thug suas an duine a thoiliú i gcomhréir le mír 4.

4.   Cuirfear iarraidh ar thoiliú faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, agus beidh an fhaisnéis atá luaite in Airteagal 11(1) agus aistriúchán dá dtagraítear in Airteagal 11(2) ag gabháil léi. Tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith ina ábhar do thabhairt suas i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo. Diúltófar an toiliú ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 agus seachas sin ní fhéadfar é a dhiúltú ach ar na forais dá dtagraítear in Airteagail 5, 6(2) agus in Airteagal 7(2). Glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil. Sna staideanna a luaitear in Airteagal 8, ní mór don Stát eisitheach na ráthaíochtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin a thabhairt.

Airteagal 31

Tabhairt suas nó eiseachadadh ina dhiaidh sin

1.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus Aontas na hEorpa, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, a chur in iúl dá chéile go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh Stát le Stáit eile a bhfuil feidhm ag an bhfógra céanna maidir leo, go ndearnadh an toiliú duine a thabhairt suas do Stát eile seachas an Stát forghníomhaitheach de bhun barántais ghabhála arna eisiúint i leith ciona a rinneadh roimh an tabhairt suas, ach amháin i gcás ar leith go ndéanann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a mhalairt a shonrú ina bhreith maidir leis an tabhairt suas.

2.   Ar aon chuma, féadfar an duine a tugadh suas don Stát eisitheach de bhun barántais ghabhála, gan toiliú an Stáit fhorghníomhaithigh, a thabhairt suas do Stát eile seachas an Stát forghníomhaitheach de bhun barántais ghabhála arna eisiúint i leith aon chiona a rinneadh roimh a thabhairt suas nó a tabhairt suas sna cásanna seo a leanas:

(a)

má bhí deis ag an duine críoch an Stáit a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil agus nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an gcríoch tar éis dó nó di í a fhágáil;

(b)

nuair a thoilíonn an duine iarrtha go dtabharfaí suas do Stát seachas Stát forghníomhaitheach de bhun barántais ghabhála é nó í. Tabharfar an toiliú os comhair údaráis bhreithiúnacha inniúla an Stáit eisithigh agus taifeadfar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin é. Déanfar an toiliú a tharraingt suas ar dhóigh a léireoidh go ndearna an duine lena mbaineann go deonach é agus go raibh sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí. Chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine iarrtha comhairle dlíodóra a fháil;

(c)

nuair nach bhfuil an duine iarrtha faoi réir riail na speisialtachta, i gcomhréir le hAirteagal 30(3)(a), (e), (f) agus (g).

3.   Toilíonn an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach don tabhairt suas do Stát eile de réir na rialacha seo a leanas:

(a)

tíolacfar an iarraidh ar thoiliú i gcomhréir le hAirteagal 12, agus beidh an fhaisnéis atá luaite in Airteagal 11(1) agus aistriúchán mar atá luaite in Airteagal 11(2) ag gabháil léi;

(b)

tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith ina ábhar do thabhairt suas i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo;

(c)

glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil;

(d)

diúltófar an toiliú ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 ach seachas sin ní fhéadfar é a dhiúltú ach amháin ar na forais dá dtagraítear in Airteagail 5 nó 6(2) agus 7(2).

Sna staideanna atá luaite in Airteagal 8, ní mór don Stát eisitheach na ráthaíochtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin a thabhairt.

4.   D'ainneoin mhír 1, ní dhéanfar duine a tugadh suas de bhun barántais ghabhála a eiseachadadh chuig triú Stát gan toiliú údarás inniúil an Stáit a thug suas an duine. Tabharfar an toiliú sin i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin atá ina gceangal ar an Stát sin agus lena dhlí baile.

Airteagal 32

Maoin a thabhairt ar láimh

1.   Déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, arna iarraidh sin don údarás breithiúnach eisitheach nó ar a thionscnamh féin, maoin a urghabháil agus a thabhairt ar láimh:

(a)

a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise; nó

(b)

a fuair an duine iarrtha de dheasca an chiona.

2.   Tabharfar ar láimh an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 go fiú mura féidir an barántas gabhála a chur i gcrích de thairbhe bhás nó éalú an duine iarrtha.

3.   Más maoin í an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 a dhlífear a urghabháil nó a choigistiú ar chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh, féadfaidh an Stát sin, má tá an mhaoin ag teastáil i ndáil le himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh, í a choinneáil go sealadach nó í a thabhairt ar láimh don Stát eisitheach ar choinníoll go dtabharfar ar ais í.

4.   Aon chearta a fhéadfaidh an Stát forghníomhaitheach nó tríú páirtithe a fháil sa mhaoin dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad a chaomhnú. Nuair atá cearta den sórt sin ann, tabharfaidh an Stát eisitheach an mhaoin ar ais gan mhuirear don Stát forghníomhaitheach a luaithe a bheidh na himeachtaí coiriúla foirceanta.

Airteagal 33

Costais

1.   Na costais a thabhófar ar chríoch Stáit fhorghníomhaithigh de bharr barántas gabhála a fhorghníomhú, iompróidh an Stát sin iad.

2.   Is é an Stát eisitheach a iompróidh aon chostais eile.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

An bhaint le hionstraimí dlí eile

1.   Gan dochar dá gcur i bhfeidhm sa chaidreamh idir Stáit agus tríú Stáit, ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, gabhfaidh an Comhaontú seo ionad fhorálacha comhfhreagracha na gcoinbhinsiún seo a leanas is infheidhme i réimse an eiseachadta sa chaidreamh idir an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus na Ballstáit, den pháirt eile:

(a)

Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an 13 Nollaig 1957, prótacal breise a ghabhann leis an 15 Deireadh Fómhair 1975, an dara prótacal breise a ghabhann leis an 17 Márta 1978 agus Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur an 27 Eanáir 1977, fad a bhaineann leis an eiseachadadh arna leasú le Prótacal 2003 ach a dtiocfaidh sé i bhfeidhm;

(b)

Teideal III, Caibidil 4 de Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 ag cur chun feidhme Chomhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag na teorainneacha coiteanna a dhíothú de réir a chéile;

(c)

na forálacha a bhaineann le Schengen de Choinbhinsiúin AE 1995 agus 1996 a mhéad atá siad i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh Stáit leanúint de chur i bhfeidhm comhaontuithe nó comhshocraíochtaí déthaobhacha nó iltaobhacha atá i bhfeidhm nuair a thabharfar an Comhaontú seo i gcrích a mhéad a cheadaíonn comhaontuithe nó comhshocraíochtaí den sórt sin cuspóirí an Chomhaontaithe a leathnú nó a mhéadú agus go gcuidíonn siad leis na nósanna imeachta a shimpliú agus a éascú tuilleadh maidir le daoine is ábhair don bharántas gabhála a thabhairt suas. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoi chomhaontuithe nó faoi chomhshocraíochtaí den sórt sin.

3.   Féadfaidh Stáit comhaontuithe nó comhshocraíochtaí déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích tar éis an Comhaontú seo a theacht i bhfeidhm a mhéad a cheadaíonn comhaontuithe nó comhshocraíochtaí den sórt sin fororduithe an Chomhaontaithe a leathnú agus a mhéadú agus go gcuidíonn siad leis na nósanna imeachta a shimpliú agus a éascú tuilleadh maidir le daoine is ábhair don bharántas gabhála a thabhairt suas go háirithe trí theorainneacha ama níos giorra ná na cinn atá socraithe in Airteagal 20 a shocrú, trí liosta na gcionta atá leagtha síos in Airteagal 3(4) a leathnú, trí na forais do dhiúltú atá leagtha síos in Airteagail 4 agus 5 a theorannú tuilleadh, nó tríd an uasteorainn atá leagtha síos in Airteagal 3(1) nó (4) a ísliú.

Ní fhéadfaidh na comhaontuithe ná na comhshocraíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear a dhéanamh don chaidreamh leis na Stáit nach bhfuil ina bpáirtithe iontu.

Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoi aon chomhaontú nó faoi aon chomhshocraíocht nua den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de thrí mhí ón uair a shíníonn siad é nó í.

4.   Nuair atá feidhm ag na coinbhinsiúin nó na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 maidir le críocha na Stát nó críocha a bhfuil Stát freagrach as a chaidreamh eachtrach nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis, leanfaidh na hionstraimí sin den chaidreamh atá ann idir na críocha sin agus na Stáit eile a rialú.

Airteagal 35

Foráil idirthréimhseach

1.   Leanfaidh iarrataí ar eiseachadadh arna bhfáil roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo de bheith faoi rialú ag ionstraimí atá ann a bhaineann leis an eiseachadadh. Iarrataí arna bhfáil tar éis an dáta sin, beidh siad faoi rialú ag an gComhaontú seo.

2.   Féadfaidh an Iorua agus an Íoslainn, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, thar ceann aon Bhallstáit dá Bhallstáit, den pháirt eile, tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 38(1), dearbhú a dhéanamh á rá go leanfaidh an Stát, mar Stát forghníomhaitheach, den chóras eiseachadta a chur i bhfeidhm is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo i ndáil le gníomhartha a rinneadh roimh dháta a shonraítear ann. Ní fhéadfaidh sé gur déanaí an dáta a bheidh i gceist ná teacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo. Féadfar an dearbhú sin a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 36

Díospóidí a réiteach

Féadfaidh páirtí in aon díospóidí idir an Iorua nó an Íoslainn agus Ballstát den Aontas Eorpach maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo í a tharchur chuig cruinniú d'ionadaithe rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na hÍoslainne agus na hIorua, d'fhonn í a réiteach laistigh de shé mhí.

Airteagal 37

Cásdlí

D'fhonn an cuspóir a bhaint amach forálacha an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm agus a léiriú chomh comhionann agus is féidir, coimeádfaidh na Páirtithe Conarthacha forbairt chásdlí Chúirt Breithiúnais na gComhphobal Eorpach faoi athbhreithniú leanúnach mar aon le forbairt chásdlí chúirteanna inniúla na hÍoslainne agus na hIorua a bhaineann leis na forálacha sin agus le forálacha ionstraimí tabhartha suas den tsamhail sin. Chuige sin, cuirfear meicníocht ar bun chun a áirithiú go ndéanfar cásdlí den sórt sin a tharchur go tráthrialta agus go frithpháirteach.

Airteagal 38

Fógraí, dearbhuithe agus teacht i bhfeidhm

1.   Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoi chomhlánú na nósanna imeachta is gá chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú seo a chur in iúl.

2.   Agus an fógra dá dtagraítear i mír 1 á thabhairt acu, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na fógraí a thabhairt nó na dearbhuithe a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 5(2), 9(3), 28(2) agus 34(2) den Chomhaontú seo agus féadfaidh siad aon cheann de na fógraí a thabhairt nó aon cheann de na dearbhuithe a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 3(4), 6(2), 7(2), 10(1), 11(2), 16(4), 20(5), 30(1), 31(1) agus 35(2) den Chomhaontú seo. Féadfar tráth ar bith na dearbhuithe a dhéanamh nó na fógraí a thabhairt dá dtagraítear in Airteagail 3(4), 10(1) agus 11(2). Féadfar na dearbhuithe nó na fógraí dá dtagraítear in Airteagail 9(3) agus 28(2) a leasú aon tráth agus féadfar na dearbhuithe nó na fógraí dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 6(2), 7(2), 10(1), 16(4), 20(5), 34(2) agus 35(2) a tharraingt siar aon tráth.

3.   Nuair a thugann an tAontas Eorpach fógraí den sórt sin nó nuair a dhéanann sé dearbhuithe den sórt sin, luafaidh sé na Ballstáit a mbeidh feidhm ag an dearbhú maidir leo.

4.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den tríú mí tar éis an lae a suíonn Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na ceanglais fhoirmiúla uile comhallta maidir leis na Páirtithe sa Chomhaontú seo a dtoiliú a chur in iúl.

Airteagal 39

Aontachas

Cruthóidh aontachas Ballstát nua leis an Aontas Eorpach cearta agus oibleagáidí faoin gComhaontú seo idir na Ballstáit nua sin agus an Íoslainn agus an Iorua.

Airteagal 40

Athbhreithniú comhchoiteann

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha athbhreithniú coiteann a dhéanamh ar an gComhaontú seo tráth nach déanaí ná cúig bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm, go háirithe ar na dearbhuithe a rinneadh faoi Airteagail 3(4), 6(2), 7(2) agus 20(5) den Chomhaontú seo. I gcás nach ndéanfar na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a athnuachan, rachaidh siad in éag cúig bhliain tar éis don Chomhaontú seo a theacht i bhfeidhm. Déileálfaidh an t-athbhreithniú go háirithe le cur chun feidhme praiticiúil, le léiriú agus le forbairt an Chomhaontaithe agus féadfaidh sé saincheisteanna a fholú ar nós iarmhairtí fhorbairt bhreise an Aontais Eorpaigh i dtaca le hábhar an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 41

Foirceannadh

1.   Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhoirceannadh. I gcás ina bhfoirceannfaidh an Íoslainn nó an Iorua é, fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an Páirtí Conarthach nach mbeidh sé foirceanta ina leith.

2.   Gabhfaidh éifeacht le foirceannadh an Chomhaontaithe seo de bhua mhír 1 sé mhí tar éis an fógra faoi fhoirceannadh a thaisceadh. I gcás nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar thabhairt suas atá ar feitheamh fós ar an dáta sin, déanfar iad a chomhlánú agus forálacha an Chomhaontaithe seo á n-urramú.

Airteagal 42

Taiscí

1.   Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghníomhóidh mar thaiscí ar an gComhaontú seo.

2.   Poibleoidh an taiscí faisnéis maidir le gach fógra nó dearbhú a bhaineann leis an gComhaontú seo.

Arna dhéanamh i Vín ar an 28 Meitheamh 2006 in aon chóip amháin san Íoslainnis, san Ioruais, sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach leagan díobh.

Fyrir hönd Evrópusambandsins

For Den europeiske union

Por la Unión Europea

Za Evropskou unii

For den Europæiske Union

Für die Europäische Union

Euroopa Liidu nimel

Για την Ευρωπαϊκή Ένωση

For the European Union

Pour l'Union européenne

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Per l'Unione europea

Eiropas Savienības vārdā

Europos Sąjungos vardu

Az Európai Unió részéről

Għall-Unjoni Ewropea

Voor de Europese Unie

W imieniu Unii Europejskiej

Pela União Europeia

Za Európsku úniu

Za Evropsko unijo

Euroopan unionin puolesta

På Europeiska unionens vägnar

Image

Fyrir hönd lýðveldisins Íslands

For Republikken Island

Por la República de Islandia

Za Islandskou republiku

For Republikken Island

Für die Republik Island

Islandi Vabariigi nimel

Για τη Δημοκρατία της Ισλανδίας

For the Republic of Iceland

Pour la République d'Islande

Thar ceann Phoblacht na hÍoslainne

Per la Repubblica d'Islanda

Islandes Republikas vārdā

Islandijos Respublikos vardu

Az Izlandi Köztársaság részéről

Ghar-Repubblika ta' l-Iżlanda

Voor de Republiek Ijsland

W imieniu Republiki Islandii

Pela República da Islândia

Za Islandskú republiku

Za Republiko Islandijo

Islannin tasavallan puolesta

På Republiken Islands vägnar

Image

Fyrir hönd Konungsríkisins Noregs

For Kongeriket Norge

Por el Reino de Noruega

Za Norské královstvi

For Kongeriget Norge

Für das Königreich Norwegen

Norra Kuningriigi nimel

Για το Βασίλειο της Νορβηγίας

For the Kingdom of Norway

Pour le Royaume de Norvège

Thar ceann Ríocht na hIorua

Per il Regno di Norvegia

Norvēģijas Karalistes vārdā

Norvegijos Karalystės vardu

A Norvég Királyság részéről

Ghar-Renju tan-Norveġja

Voor het Koninkrijk Noorwegen

W imieniu Królestwa Norwegii

Pelo Reino da Noruega

Za Nórske kráľovstvo

Za Kraljevino Norveško

Norjan kuningaskunnan puolesta

På Konungariket Norges vägnar

Image

IARSCRÍBHINN

Image

Image

Image

Image

Dearbhú ó na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Iorua agus an Íoslainn:

‘Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go rachaidh siad i gcomhairle le chéile, de réir mar is iomchuí, nuair a mheasann Poblacht na hÍoslainne nó Ríocht na hIorua nó ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh go bhfuil call é sin a dhéanamh, ionas go mbeifear in ann an leas is éifeachtaí is féidir a bhaint as an gComhaontú seo, agus chun go seachnófar aon díospóid maidir le feidhmiú praiticiúil agus léiriú an Chomhaontaithe seo. Eagrófar an comhairliúchán sin ar an dóigh is caoithiúla is féidir, ag cur san áireamh na struchtúir atá ann don chomhar’

Dearbhú ón Aontas Eorpach:

‘Dearbhaíonn an tAontas Eorpach gurb iad Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na Slóvaice agus Ríocht na hÍsiltíre amháin a bhainfidh leas as an bhféidearthacht atá ann faoin dara habairt d'Airteagal 9(2) an tAire Dlí agus Cirt a ainmniú mar údarás inniúil chun barántas gabhála a fhorghníomhú.

Dearbhaíonn an tAontas Eorpach go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 20(3) agus (4) i gcomhlíonadh a rialacha náisiúnta do chásanna den tsamhail sin’