21.6.2005   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


CINNEADH Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

an 25 Aibreán 2005

maidir le Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 49 de,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (1),

Ag féachaint d'aontú Pharlaimint na hEorpa (2),

De bhrí go bhfuil Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas Eorpach,

TAR ÉIS A CHINNEADH:

glacadh leis na hiarratais sin ar ligean isteach; beidh na coinníollacha ligin isteach agus na hoiriúnuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe is gá de thoradh an ligin isteach sin ina n-ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit, Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2005.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ASSELBORN


(1)  Tuairim arna heisiúint an 22 Feabhra 2005 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Aontú arna thabhairt an 13 Aibreán 2005 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).