7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/28


Airteagal 21

1.   Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chreat na Náisiún Aontaithe.

2.   Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, d'fhonn:

(a)

a luachanna, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a iomláine a choimirciú;

(b)

an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;

(c)

an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena n-áirítear na prionsabail sin a bhaineann le teorainneacha seachtracha;

(d)

tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht;

(e)

lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile;

(f)

cuidiú le forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú, chun an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú;

(g)

cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine; agus

(h)

córas idirnáisiúnta a chur chun cinn arna bhunú ar chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda.

3.   Urramóidh an tAontas na prionsabail atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2 agus saothróidh sé na cuspóirí atá leagtha amach iontu, nuair a bheidh na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a thagann faoi réim an Teidil seo agus faoi réim Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus gnéithe seachtracha a bheartas eile á bhforbairt agus á gcur chun feidhme.

Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach agus idir na réimsí sin agus a chuid beartas eile. Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le cúnamh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin.