28.10.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ceartúchán ar na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 202 Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Meitheamh 2016 )

1.

Ar leathanach 2 den chlúdach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na Comhairle don Léitheoir:

“COMHAIRLE DON LÉITHEOIR

Is éard atá san fhoilseachán seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon leis na Prótacail a chuirtear i gceangal leis na Conarthaí sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Conarthaí sin, amhail mar atá siad tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007, ar conradh é a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá na dearbhuithe ann freisin a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin an leasú a rinneadh leis an bPrótacal lena leasaítear an Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, mar aon leis an leasú a rinneadh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 741/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Lúnasa 2012 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, mar aon leis na leasuithe a rinneadh le Cinneadh 2010/718/AE ón gComhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2010 agus le Cinneadh 2012/419/AE ón gComhairle Eorpach an 11 Iúil 2012, ar cinntí iad lena leasaítear stádas oileán Saint-Barthélemy agus stádas Mayotte, faoi seach, i leith an Aontais Eorpaigh. Anuas air sin, cuirtear san fhoilseachán seo mír 3 a cuireadh le hAirteagal 136 CFAE, mír a tugadh isteach le Cinneadh 2011/199/AE ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011 lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, tar éis do na Ballstáit na nósanna imeachta formheasta a thabhairt chun críche. Gheofar ann freisin na leasuithe a tugadh isteach le hIonstraim Aontachais Phoblacht na Cróite, mar aon leis an bPrótacal maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin, ar Prótacal é atá daingnithe ag na Ballstáit uile. Gheofar san fhoilseachán seo freisin na leasuithe a rinneadh le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Rinneadh na ceartúcháin a formheasadh suas chomh fada le Márta 2016 a chur isteach san fhoilseachán seo freisin.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Strasbourg an 12 Nollaig 2007 (IO C 303, 14.12.2007, leathanach 1). Leis an téacs seo, déantar an Chairt a fógraíodh an 7 Nollaig 2000 a atáirgeadh, agus leasú á déanamh uirthi, agus gabhann sé ionad na Cairte ón 1 Nollaig 2009, an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt a fógraíodh sa bhliain 2007 agus atá ag na Conarthaí.

Tá an Caighdeán Oifigiúil, arb é caighdeán oifigiúil na Gaeilge a d’fhoilsigh Seirbhís Thithe an Oireachtais in 2012 é, curtha i bhfeidhm san fhoilseachán seo. Is áis dhoiciméadach é an foilseachán seo nach gcuireann aon dliteanas ar institiúidí an Aontais Eorpaigh.”

2.

Ar leathanach 9, an clár, cuirtear teideal an Phrótacail seo a leanas isteach i ndiaidh theideal Phrótacal Uimh. 37:

“Prótacal (Uimh. 38)

maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi chonradh Liospóin 328

3.

Ar leathanach 12, an clár, an teideal atá ar Dhearbhú Uimh. 54:

in ionad:

“54.

Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, 356,

léitear:

“54.

Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne. 356.

4.

Ar leathanach 328, cuirtear an Prótacal seo a leanas isteach:

“PRÓTACAL (Uimh. 38)

MAIDIR LEIS AN IMNÍ ATÁ AR MHUINTIR NA hÉIREANN FAOI CHONRADH LIOSPÓIN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó Cheannairí Stáit nó Rialtais 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, an 18-19 Meitheamh 2009, maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin;

AG MEABHRÚ DÓIBH an dearbhaithe ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, an 18-19 Meitheamh 2009, go ndéanfaidís, an tráth a thabharfaí an chéad Chonradh Aontachais eile i gcrích, forálacha an Chinnidh sin a leagan amach i bPrótacal a chuirfí ag gabháil, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur shínigh na hArdpháirtithe Conarthacha an Conradh idir na hArdpháirtithe Conarthacha agus Poblacht na Cróite i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach;

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

TEIDEAL I

AN CEART CHUN NA BEATHA, AN TEAGHLACH AGUS OIDEACHAS

Airteagal 1

Ní dhéanann aon ní i gConradh Liospóin lena dtugtar stádas dlíthiúil do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ná aon ní i bhforálacha an Chonartha sin i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais, difear ar aon dóigh do raon feidhme ná d’infheidhmeacht chaomhnú an chirt chun na beatha in Airteagal 40.3.1, 40.3.2 agus 40.3.3, do raon feidhme ná d’infheidhmeacht chaomhnú an teaghlaigh in Airteagal 41 ná do raon feidhme ná d’infheidhmeacht chaomhnú na gceart i leith oideachais in Airteagail 42 agus 44.2.4 agus 44.2.5 a thugtar le Bunreacht na hÉireann.

TEIDEAL II

CÁNACHAS

Airteagal 2

Ní dhéanann aon ní i gConradh Liospóin aon athrú d’aon saghas, le haghaidh aon Bhallstáit, ar réim ná ar oibriú inniúlacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le cánachas.

TEIDEAL III

SLÁNDÁIL AGUS COSAINT

Airteagal 3

Tá gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta, uilechoitinne agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an mheasa ar dhínit an duine, ar phrionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus ar an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

Is cuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála é comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais agus cuireann sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas chun tabhairt faoi mhisin lasmuigh den Aontas a bhaineann leis an tsíochánaíocht, le coinbhleachtaí a chosc agus leis an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

Ní dhéanann sé dochar do bheartas slándála agus cosanta gach Ballstáit, lena n-áirítear Éire, ná d’oibleagáidí aon Bhallstáit.

Ní dhéanann Conradh Liospóin difear ná dochar do bheartas traidisiúnta na hÉireann maidir le neodracht mhíleata.

Is faoi Bhallstáit — lena n-áirítear Éire, ag gníomhú di de mheon na dlúthpháirtíochta agus gan dochar dá beartas traidisiúnta maidir le neodracht mhíleata — a bheidh sé cineál an chúnaimh nó na cabhrach a chinneadh a chuirfear ar fáil do Bhallstát a fhulaingíonn ionsaí sceimhlitheoireachta nó a ndéantar ionsaí armtha ar a chríoch air.

Is gá cinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach chun go ndéanfaí aon chinneadh gluaiseacht chuig comhchosaint. Is faoi na Ballstáit, lena n-áirítear Éire, a bheadh sé a chinneadh, i gcomhréir le forálacha Chonradh Liospóin agus lena rialacha bunreachtúla faoi seach, an nglacfar nó nach nglacfar comhchosaint.

Ní dhéanann aon ní sa Teideal seo difear ná dochar do sheasamh ná do bheartas aon Bhallstáit eile maidir le slándáil agus cosaint.

Is faoi gach Ballstát atá sé freisin a chinneadh, i gcomhréir le forálacha Chonradh Liospóin agus le haon cheanglais dhlíthiúla baile, an nglacfar páirt i mbuanchomhar struchtúrtha nó sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint.

Ní dhéantar foráil le Conradh Liospóin maidir le harm Eorpach a chruthú ná maidir le coinscríobh chun aon eagair mhíleata.

Ní dhéanann sé difear do cheart na hÉireann ná aon Bhallstáit eile cineál agus méid a caiteachais nó a chaiteachais cosanta agus slándála agus cineál a cumas nó a chumas cosanta a chinneadh.

Is faoi Éirinn nó faoi aon Bhallstát eile a bheidh sé a chinneadh, i gcomhréir le haon cheanglais dhlíthiúla baile, an nglacfaidh nó nach nglacfaidh sí nó sé páirt in aon oibríocht mhíleata.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 4

Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú ag na hArdpháirtithe Conarthacha go dtí an 30 Meitheamh 2012.

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an bPrótacal seo, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach, agus, mura mbeidh an Prótacal seo tagtha i bhfeidhm faoi dháta aontachais Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, déanfaidh Poblacht na Cróite daingniú ar an bPrótacal seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2013 más féidir, ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de na Ballstáit a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal 5

Tarraingíodh an Prótacal seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs acu sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile, agus cuirfidh an rialtas sin cóip dheimhnithe chuig rialtas gach ceann eile de na Ballstáit.

A luaithe a bheidh Poblacht na Cróite tar éis teacht faoi cheangal ag an bPrótacal seo de bhun Airteagal 2 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite, déanfar téacs an Phrótacail seo sa Chróitis, a mbeidh comhúdarás aige leis na téacsanna dá dtagraítear sa chéad mhír, a thaisceadh freisin i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile, agus cuirfidh an rialtas sin cóip dheimhnithe chuig rialtas gach ceann eile de na Ballstáit.”