7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/1


LEAGAN COMHDHLÚITE DEN CHONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

(2016/C 203/01)

CLÁR

Brollach 5

TEIDEAL I

Cúraimí an Chomhphobail 5

TEIDEAL II

Forálacha chun ascnamh a spreagadh i réim an fhuinnimh núícléach 7

CAIBIDIL 1

TAIGHDE A CHUR CHUN CINN 7

CAIBIDIL 2

FAISNÉIS A LEATHADH 9

Roinn 1

Faisnéis atá faoina réir ag an gComhphobal 9

Roinn 2

Faisnéis eile 10

Roinn 3

Forálacha slándála 15

Roinn 4

Forálacha speisialta 18

CAIBIDIL 3

SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHT 18

CAIBIDIL 4

INFHEISTÍOCHT 21

CAIBIDIL 5

GNÓTHAIS CHOMHPHÁIRTEACHA 22

CAIBIDIL 6

SOLÁTHAIRTÍ 24

Roinn 1

An Ghníomhaireacht 24

Roinn 2

Mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta ó laistigh den Chomhphobal 25

Roinn 3

Mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta ó lasmuigh den Chomhphobal 28

Roinn 4

Praghsanna 29

Roinn 5

Forálacha maidir le beartas soláthair 29

Roinn 6

Forálacha speisialta 30

CAIBIDIL 7

COIMIRCÍ 32

CAIBIDIL 8

ÚINÉIREACHT MHAOINE 35

CAIBIDIL 9

AN CÓMHARGADH NÚICLÉACH 36

CAIBIDIL 10

CAIDREAMH SEACHTRACH 38

TEIDEAL III

Forálacha ag rialú na n-institiúidí agus forálacha airgeadais 40

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I BHFEIDHM 40

CAIBIDIL 2

INSTITIÚIDÍ AN CHOMHPHOBAIL 40

Roinn I

Parlaimint na hEorpa 40

Roinn 2

An Chomhairle 40

Roinn 3

An Coimisiún 40

Roinn 4

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 41

Roinn 5

An Chúirt Iniúchóirí 42

CAIBIDIL 3

FORÁLACHA IS COITEANN D'INSTITIÚIDÍ ÉAGSÚLA 42

CAIBIDIL 4

AN COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA 43

TEIDEAL IV

Forálacha airgeadais sonracha 43

TEIDEAL V

Forálacha ginearálta 46

TEIDEAL VI

Forálacha maidir leis an tréimhse tosaigh (aisghairthe) 51
Foralacha criochnaitheacha 51

IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I

RÉIMSÍ TAIGHDE A BHAINEANN LE FUINNEAMH NÚICLÉACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 DEN CHONRADH SEO 54

IARSCRÍBHINN II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ TIONSCAIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 41 DEN CHONRADH SEO 58

IARSCRÍBHINN III

BUNTÁISTÍ IS INDEONAITHE DO GHNÓTHAIS CHOMHPHÁIRTEACHA FAOI AIRTEAGAL 48 DEN CHONRADH SEO 59

IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE NA hEARRAÍ AGUS NA TÁIRGÍ ATÁFAOI RÉIR FHORÁLACHA CHAIBIDIL 9 AR AN gCÓMHARGADH NÚICLÉACH 60

IARSCRÍBHINN V

RÉAMHCHLÁR TAIGHDE AGUS TEAGAISC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 215 DEN CHONRADH SEO (Aisghairthe) 66

PRÓTACAIL

Prótacal maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach 69
Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 72
Prótacal maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú 96
Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh 97
Prótacal maidir le hAirteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann 105
Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha 106

BROLLACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MÓRGACHT RÍOGA ARD–BHANDIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE (1),

Á AITHINT DÓIBH an fuinneamh núicléach a bheith ina acmhainn riachtanach le haghaidh forbairt tionscail agus nuafhiontraíocht tionscail agus go ligfidh sé do chúis na síochána dul chun chinn,

ÓS DEIMHIN LEO nach foláir dul i gceann comhiarrachta gan mhoill chun go mbeadh aon bhreith ar ardsaothar a dhéanamh a bheadh i gcomhréir le cumas cruthaitheach a dtíortha,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na dálaí a chruthú is gá chun tionscal cumhachtach núicléach a fhorbairt a chuirfidh acmhainní fairsinge fuinnimh ar fáil, as a dtiocfaidh nuachóiriú ar phróisis theicniúla agus a chuideoidh, de thoradh a liacht feidhm eile atá leis, chun rathúnas a chur ar a bpobail,

ÓS É A MIANGAS na dálaí sábháilteachta a bhunú is gá chun guaiseanna do shaol agus do shláinte an phobail a dhíothú,

ÓS MIAN LEO tíortha eile a bheith páirteach ina gcuid oibre agus comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar cúram dóibh an fuinneamh adamhach a fhorbairt go síthiúil,

(Liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)

TEIDEAL I

CÚRAIMÍ AN CHOMHPHOBAIL

Airteagal 1

Leis an gConradh seo, bunaíonn na hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA eatarthu féin COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH (EURATOM).

Beidh de chúram ar an gComhphobal cuidiú leis an gcaighdeán maireachtála sna Ballstáit a ardú agus leis an gcaidreamh leis na tíortha eile a fhorbairt trí na dálaí a chruthú is gá chun tionscail núicléacha a bhunú, agus forás a thabhairt fúthu, go mear.

Airteagal 2

D'fhonn a chúram a chomhlíonadh, déanfaidh an Comhphobal, de réir mar a fhoráiltear sa Chonradh seo:

(a)

taighde a chur chun cinn agus a áirithiú go leathfar faisnéis theicniúil;

(b)

caighdeáin sábháilteachta chomhionanna a bhunú chun sláinte an lucht oibre agus an phobail i gcoitinne a chosaint, agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad;

(c)

infheistíocht a éascú agus a áirithiú, go háirithe trí iarrachtaí ag gnóthais a spreagadh, go mbunófar na suiteálacha bunúsacha is gá le fuinneamh núicléach a fhorbairt sa Chomhphobal;

(d)

a áirithiú go bhfaighidh gach úsáidire sa Chomhphobal soláthar rialta cothrom de mhianta agus de bhreoslaí núicléacha;

(e)

a dheimhniú, trí mhaoirseacht iomchuí, nach gcuirfear ábhair núicléacha chun críocha seachas na críocha atá ceaptha dóibh;

(f)

an ceart úinéireachta a fheidhmiú a thugtar dó i ndáil le hábhair inscoilte speisialta;

(g)

easraisí fairsinge tráchtála agus rochtain ar na saoráidí teicniúla is fearr a áirithiú, trí chómhargadh a bhunú i sainábhair agus saintrealamh, trí shaorghluaiseacht chaipitil le haghaidh infheistíochta i réim an fhuinnimh núicléach, agus trí shaoirse fostaíochta do shaineolaithe sa Chomhphobal;

(h)

caidreamh a bhunú le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chothóidh ascnamh in úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach.

Airteagal 3

(Aisghairthe)

TEIDEAL II

FORÁLACHA CHUN ASCNAMH A SPREAGADH I RÉIM AN FHUINNIMH NÚICLÉACH

CAIBIDIL 1

Taighde a chur chun cinn

Airteagal 4

1.   Beidh de fhreagracht ar an gCoimisiún taighde núicléach a chur chun cinn agus a éascú sna Ballstáit agus é a chomhlánú trí chlár taighde agus oiliúna don Chomhphobal a chur i gcrích.

2.   Déanfar gníomhaíocht an Choimisiúin ina leith sin a chur i gcrích sna réimsí atá sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh seo.

Féadfaidh an Chomhairle an liosta sin a leasú, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil a bhunaítear le hAirteagal 134.

Airteagal 5

D'fhonn taighde a ghabhfar de láimh i mBallstát a chomhordú agus a chomhlánú, déanfaidh an Coimisiún, trí iarratas sonrach a dhíreofar chun fáltaí áirithe agus a chuirfear in iúl don rialtas lena mbaineann, nó trí iarratas ginearálta a fhoilseofar, gairm a chur ar Bhallstáit, ar dhaoine nó ar ghnóthais a gcláir maidir leis an taighde a bheidh sonraithe aige san iarratas a chur i bhfios don Choimisiún.

Tar éis gach caoi a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann a mbarúlacha a chur faoina bhráid, féadfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe a léiriú ar gach clár dár cuireadh chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuairim den sórt sin a léiriú má iarrann an Stát, an duine nó an gnóthas a chuir an clár i bhfios dó go ndéanfaí amhlaidh.

Trí bhíthin na dtuairimí sin dímholfaidh an Coimisiún ataighde nach gá agus treoróidh sé taighde i dtreo earnálacha nach bhfuil leorstaidéar déanta orthu. Ní cead don Choimisún na cláir sin a fhoilsiú gan toiliú an Stáit, an duine nó an ghnóthais a chuir i bhfios dó iad.

Foilseoidh an Coimisiún go tráthrialta liosta de na hearnálacha taighde núicléigh ar dóigh leis nach bhfuil leorstaidéar déanta orthu.

Féadfaidh an Coimisiún ionadaithe ó airmheáin taighde, poiblí agus príobháideach, a thabhairt le chéile, mar aon le haon saineolaithe atá ag gabháil do thaighde sna réimeanna céanna nó i réimeanna gaolmhara, chun comhairle a ghlacadh agus faisnéis a mhalartú lena chéile.

Airteagal 6

D'fhonn cabhrú le cláir thaighde a cuireadh i bhfios dó a chur gcrích, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

cúnamh airgid a chur ar fáil faoi chuimsiú conarthaí taighde ach gan fóirdheontais a thairiscint;

(b)

aon bhunábhair nó aon ábhair inscoilte speisialta atá ar fáil aige a sholáthar, saor in aisce nó in aghaidh íocaíochta, chun na cláir sin a chur i gcrích;

(c)

suiteálacha, trealamh nó cúnamh saineolaithe a chur ar láimh Bhallstát, dhaoine nó ghnóthas, saor in aisce nó in aghaidh íocaíochta;

(d)

maoiniú comhpháirteach ag na Ballstáit, na daoine nó na gnóthais lena mbaineann a chur chun cinn.

Airteagal 7

Cinnfidh an Chomhairle cláir thaighde agus oiliúna an Chomhphobail, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil.

Déanfar na cláir sin a tharraingt suas do thréimhse nach faide na cúig bliana.

Áireofar i mbuiséad taighde agus infheistíochta an Chomhphobail, gach bliain, na cistí is gá chun na cláir sin a chur i gcrích.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na cláir sin i gcrích agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil ina thaobh sin faoi bhráid na Comhairle.

Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta ar an eolas i dtaobh éirim ghinearálta chláir thaighde agus oiliúna an Chomhphobail.

Airteagal 8

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil, bunóidh an Coimisiún Airmheán Comhpháirteach Taighde Núicléach.

Áiritheoidh an tAirmheán sin go gcuirfear i gcrích na cláir thaighde agus na cúraimí eile a shannfaidh an Coimisiún dó.

Áiritheoidh sé freisin go mbunófar téarmaíocht núicléach aonfhoirmeach agus córas caighdeánach tomhais.

Bunóidh sé biúró lárnach le haghaidh tomhas núicléach.

2.   Ar chúiseanna geografacha nó feidhmiúlachta féadfar gníomhaíochtaí an Airmheáin a sheoladh i bhfundúireachtaí leithleacha.

Airteagal 9

1.   Tar éis a thuairim a fháil ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, féadfaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde Núicléach, scoileanna a chur ar bun chun saineolaithe a oiliúint, go háirithe sna réimeanna a bhaineann le mianraí a chuardach, le hábhair núicléacha ardíonachta a tháirgeadh, le breoslaí ionradaithe a phróiseáil, le hinnealtóireacht núicléach, le sláinte agus sábháilteacht, agus le rada-iseatóipí a tháirgeadh agus a úsáid.

Cinnfidh an Coimisiún sonraí na hoiliúna sin.

2.   Bunófar institiúid le stádas ollscoile; cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an modh ar a bhfeidhmeoidh sí.

Airteagal 10

Féadfaidh an Coimisiún, trí chonradh, saothrú codanna áirithe de chlár taighde an Chomhphobail a chur de chúram ar Bhallstáit, ar dhaoine nó ar ghnóthais, nó ar thríú tíortha, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar náisiúnaigh tríú tíortha.

Airteagal 11

Foilseoidh an Coimisiún na cláir thaighde dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 10, agus, freisin, tuarascálacha rialta faoin dul ar aghaidh a rinneadh á gcur i gcrích.

CAIBIDIL 2

Faisnéis a leathadh

Roinn 1

Faisnéis atá faoina réir ag an gComhphobal

Airteagal 12

Beidh de cheart ag Ballstáit, ag daoine nó ag gnóthais, arna iarraidh sin ar an gCoimisiún, ceadúnais neamh-eisiatacha a fháil faoi phaitinní, faoi chearta paitinne atá cosanta go sealadach, faoi chuspaí áisiúlachta nó faoi iarratais ar phaitinní is leis an gComhphobal, más féidir leo úsáid éifeachtach a bhaint as na haireagáin lena mbaineann siad sin.

Faoi na coinníollacha céanna, deonóidh an Coimisiún focheadúnais faoi phaitinní, faoi chearta paitinne atá cosanta go sealadach, faoi chuspaí áisiúlachta nó faoi iarratais ar phaitinní, i gcás ina bhfuil ceadúnais chonarthacha ag an gComhphobal a thugann cumhacht dó é sin a dhéanamh.

Deonóidh an Coimisiún na ceadúnais nó na focheadúnais sin ar théarmaí ar a gcomhaontófar leis na ceadúnaithe agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá le haghaidh a n-úsáidte. Bainfidh na téarmaí sin, go háirithe, le híocaíocht oiriúnach agus, más iomchuí, le ceart an cheadúnaí chun focheadúnais a dheonú do thríú páirtithe agus leis an oibleagáid chun déileáil leis an bhfaisnéis mar rún ceirde.

Mura gcomhaontófar ar na téarmaí dá dtagraitear sa tríú mír, féadfaidh na ceadúnaithe an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar coinníollacha oiriúnacha a shocrú.

Airteagal 13

Cuirfidh an Coimisiún i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais aon fhaisnéis a fuair an Comhphobal agus nach mbaineann forálacha Airteagal 12 léi, cibé acu óna chlár taighde féin a thig an fhaisnéis sin nó trína cur in iúl don Choimisiún le húdarás úsáid a bhaint as mar is rogha leis.

Féadfaidh an Coimisiún, áfach, é a chur de choinníoll le nochtadh na faisnéise sin nach foláir í a choimeád faoi rún agus gan í a thabhairt do thríú páirtithe.

Ní cead don Choimisiún aon fhaisnéis a nochtadh a fuarthas faoi réir srianta ar a húsáid nó ar a leathadh — mar shampla, faisnéis ar a dtugtar faisnéis rúnaicmithe — mura n-áiritheoidh sé go ndéanfar de réir na srianta sin.

Roinn 2

Faisnéis eile

(a)   Leathadh trí chomhaontú cairdiúil

Airteagal 14

Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú, trí chomhaontú cairdiúil, go gcuirfear i bhfios dó an fhaisnéis atá fóinteach don Chomhphobal chun a aidhmeanna a ghnóthú agus go ndeonófar ceadúnais faoi phaitinní, faoi chearta paitinne atá cosanta go sealadach, faoi chuspaí áisiúlachta nó faoi iarratais ar phaitinní a chumhdaíonn an fhaisnéis sin.

Airteagal 15

Bunóidh an Coimisiún nós imeachta trína bhféadfaidh Ballstáit, daoine agus gnóthais é a úsáid mar idirghabhálaí chun torthaí sealadacha nó críochnaitheacha a dtaighde a mhalartú, sa mhéid nach bhfuil na torthaí sin faighte ag an gComhphobal faoi chonarthaí taighde a dhámhaigh an Coimisiún.

Ní foláir an nós imeachta sin a bheith de chineál a áiritheoidh gur faoi rún a dhéanfar an malartú. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na torthaí a cuireadh i bhfios dó a tharchur chuig an Airmheán Comhpháirteach Taighde Núicléach chun críocha doiciméadachta; ní thabharfaidh sin aon cheart úsáide nach mbeidh comhaontaithe leis ag an bpáirtí óna bhfuarthas na torthaí sin.

(b)   Cur i bhfios go héigeantach don Choimisiún

Airteagal 16

1.   A luaithe a chomhdófar le Ballstát iarratas ar phaitinn nó ar chuspa áisiúlachta a bhaineann le hábhar atá núicléach go sonrach, iarrfaidh an Stát sin ar an iarratasóir a chomhaontú go gcuirfear i bhfios don Choimisiún láithreach cad atá san iarratas.

Má chomhaontaíonn an t-iarratasóir, cuirfear sin i bhfios laistigh de thrí mhí ó dháta an iarratais a chomhdú. Mura gcomhaontóidh an t-iarratasóir, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún, laistigh den tréimhse chéanna, go ndearnadh an t-iarratas.

Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar Bhallstát a chur i bhfios cad atá in iarratas a bhfuair an Coimisiún fógra go ndearnadh é.

Déanfaidh an Coimisiún aon éileamh den sórt sin laistigh de dhá mhí ó dháta an fhógra a fháil. Má dhéantar aon fhadú ar an tréimhse sin, bhéarfaidh sin a shamhail d'fhadú ar an tréimhse dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo.

Ar éileamh den sórt sin a fháil ón gCoimisiún, iarrfaidh an Ballstát arís ar an iarratasóir comhaontú lena bhfuil san iarratas a chur i bhfios. Má chomhaontaíonn an t-iarratasóir, cuirfear i bhfios láithreach cad atá ann.

Mura gcomhaontóidh an t-iarratasóir, beidh de cheangal mar sin féin ar an mBallstát a chur i bhfios don Choimisiún cad atá san iarratas laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dáta a chomhdaithe.

2.   Laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dháta a chomhdaithe, cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún aon iarratas a bheidh ann, agus é fós gan foilsiú, ar phaitinn nó ar chuspa aisiúlachta a dhealraíonn dóibh, prima facie, a bheith ag déileáil le hábhar a bhaineann go díreach, cé nach ábhar núicléach é go sonrach, le forbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal agus atá fior-riachtanach don fhorbairt sin.

Má iarrann an Coimisiún é, cuirfear i bhfios dó laistigh de dhá mhí cad atá san iarratas.

3.   Ionas go bhféadfar foilsiú a dhéanamh a luaithe is féidir, laghdóidh Ballstáit oiread agus is féidir an t-am a thógfar chun iarratais ar phaitinní nó ar chuspaí áisiúlachta a phróiseáil a bhaineann le hábhair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus a ndearna an Coimisiún iarratas ina leith.

4.   Áireoidh an Coimisiún mar eolas faoi rún ar cuireadh i bhfios dó amhlaidh. Ní cead an t-eolas sin a chur i bhfios ach amháin chun críocha doiciméadachta. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, úsáid a dhéanamh de na haireagáin a cuireadh i bhfios dó, le toiliú an iarratasóra nó de réir Airteagail 17 go 23.

5.   Ni bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo nuair a chuireann comhaontú a rinneadh le tríú stát nó le heagraíocht idirnáisiúnta cosc le heolas a chur i bhfios amhlaidh.

(c)   Ceadúnais a dheonú le headráin nó faoi chumhachtaí éigeantacha

Airteagal 17

1.   Mura gcomhaontaítear go cairdiúil, féadfar ceadúnais neamh-eisiatacha a dheonú le headráin nó faoi chumhachtaí éigeantacha de réir Airteagail 18 go 23:

(a)

don Chomhphobal nó do Ghnóthais Chomhpháirteacha dá dtugtar an ceart sin faoi Airteagal 48 maidir le paitinní, le cearta paitinne atá cosanta go sealadach nó le cuspaí áisiúlachta maidir le haireagáin a bhaineann go díreach le taighde núicléach, i gcás inar gá na ceadúnais sin a dheonú dóibh chun leanúint dá dtaighde féin nó nach féidir dóibh a suiteálacha féin a oibriú dá n-éagmais.

Má iarrann an Coimisiún é, áireofar sna ceadúnais sin an ceart chun a údarú do thríú páirtithe úsáid a dhéanamh den aireagán, i gcás obair a bheith á déanamh nó orduithe á gcur i gcrích acu don Chomhphobal nó do na Gnóthais Chomhpháirteacha;

(b)

do dhaoine nó do ghnóthais a d'iarr iad ar an gCoimisiún i leith paitinní, cearta paitinne atá cosanta go sealadach, nó cuspaí áisiúlachta maidir le haireagáin a bhaineann go díreach le forbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal, agus atá fíor-riachtanach don fhorbairt sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(i)

Go bhfuil ar a laghad ceithre bliana caite ó chomhdú an iarratais ar phaitinn, ach amháin i gcás aireagáin a bhaineann go sonrach le hábhar núicléach;

(ii)

Go bhfuil na riachtanais a thig as fuinneamh núicléach a fhorbairt, de réir mar a thuigtear an fhorbairt sin don Choimisiún, i gcríoch Bhallstáit ina bhfuil cosaint ar aireagán, gan a bheith á bhfreastal maidir leis an aireagán sin;

(iii)

Nach bhfuil an sealbhóir, arna éileamh air freastal do na riachtanais sin é féin nó trína cheadúnaithe, tar éis an t-éileamh sin a chomhlíonadh;

(iv)

Go bhfuil na daoine nó na gnóthais atá ag iarraidh na gceadúnas in ann freastal go héifeachtúil do na riachtanais sin trí úsáid a dhéanamh den aireagán.

Ní cead do Bhallstáit, d'fhonn freastal do na riachtanais sin, feidhm a bhaint as aon bhearta comhéigeantacha dá bhforáiltear ina reachtaíocht náisiúnta agus a theorannóidh an chosaint a thugtar don aireagán, ach amháin ar an gCoimisiún dá iarraidh sin roimh ré.

2.   Ni fhéadfar ceadúnas neamheisiatach a dheonú mar a fhoráiltear i mír 1 mas féidir leis an sealbhóir a shuíomh go bhfuil fáthanna dlisteanacha ann, go háirithe nach raibh go leor ama aige chuige.

3.   Tabharfaidh deonú ceadúnais faoi mhír 1 ceart chun lánchúitimh, a gcomhaontófar ar a mhéid idir sealbhóir na paitinne, an chirt phaitinne atá cosanta go sealadach nó an chuspa áisiúlachta agus an ceadúnaí.

4.   Ni dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear d'fhorálacha Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint.

Airteagal 18

Déantar leis seo Coiste Eadrána a bhunú chun na gcríoch dá bhforáiltear sa Roinn seo. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhaltaí an Choiste sin a cheapadh agus a rialacha nós imeachta a leagan síos.

Féadfaidh na páirtithe achomharc, le héifeacht fhionraíoch, a thabhairt os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh cinneadh ón gCoiste Eadrána laistigh de mhí ó dháta a fhógartha. Cloífidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa scrúdú sin le bailíocht fhoirmiúil an chinnidh agus le léiriú fhorálacha an Chonartha seo ag an gCoiste Eadrána.

Beidh feidhm res judicata idir na páirtithe lena mbaineann ag cinntí críochnaitheacha an Choiste Eadrána. Beidh siad inchurtha i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 164.

Airteagal 19

Aon uair a bheidh ar intinn ag an gCoimisiún, cheal comhaontú cairdiúil, a áirithiú go ndeonófar ceadúnais i gceann de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 17, tabharfaidh sé fógra i dtaobh a intinne do shealbhóir na paitinne, an chirt phaitinne atá cosanta go sealadach, an chuspa áisiúlachta nó an iarratais ar phaitinn, agus sonróidh sé san fhógra sin ainm an iarratasóra ar an gceadúnas agus réim an cheadúnais.

Airteagal 20

Féadfaidh an sealbhóir, laistigh de mhí tar éis an fógra atá luaite in Airteagal 19 a fháil, a thairiscint don Choimisiún agus, más iomchuí, don iarratasóir, comhaontú speisialta a dhéanamh an t-ábhar a tharchur chun an Choiste Eadrána.

Má dhiúltaíonn an Coimisiún nó an t-iarratasóir an comhaontú sin a dhéanamh, ní fhéadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an mBallstát ná ar a údaráis iomchuí an ceadúnas a dheonú ná a chur faoi deara é a dheonú.

Más rud é, ar an ábhar a tharchur chuige faoi chomhaontú speisialta, go bhfaighidh an Coiste Eadrána go bhfuil iarratas an Choimisiúin ag comhtheacht le forálacha Airteagal 17, tabharfaidh sé cinneadh réasúnaithe a dheonóidh an ceadúnas don iarratasóir agus a leagfaidh sios téarmaí an cheadúnais agus an íocaíocht ina leith, sa mhéid nach mbeidh na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú ar na pointí sin.

Airteagal 21

Mura dtáirgfidh an sealbhóir go ndéanfaí an t-ábhar a tharchur chun an Choiste Eadrána, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann nó ar a údaráis iomchuí an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú.

Más rud é, ar chás an tsealbhóra a éisteacht, go measfaidh an Ballstát, nó a údaráis iomchuí, nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 17, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún go ndiúltaíonn sé an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú.

Má dhiúltaíonn sé an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú, nó más rud é, laistigh de cheithre mhí ó dháta an iarratais, nach bhfuil aon eolas á thabhairt i dtaobh dheonú an cheadúnais, beidh dhá mhí ag an gCoimisiún chun an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir éisteacht a thabhairt don sealbhóir sna himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Má shuíonn breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 17, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann nó a údaráis iomchuí cibé bearta is gá chun an breithiúnas sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 22

1.   Mura gcomhaontóidh sealbhóir na paitinne, an chirt phaitinne atá cosanta go sealadach nó an chuspa áisiúlachta, agus an ceadúnaí ar mhéid an chúitimh, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann comhaontú speisialta a dhéanamh an t-ábhar a tharchur chun an Choiste Eadrána.

Má dhéanann siad amhlaidh, tarscaoilfidh na páirtithe an ceart chun aon imeachtaí a thionscnamh seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 18.

2.   Má dhiúltaíonn an ceadúnaí comhaontú speisialta a dhéanamh, measfar an ceadúnas a deonaíodh dó a bheith ar neamhní.

Má dhiúltaíonn an sealbhóir comhaontú speisialta a dhéanamh, cinnfidh na húdaráis náisiúnta iomchuí an cúiteamh dá dtagraitear san Airteagal seo.

Airteagal 23

Tar éis bliain amháin a bheith caite, féadfar cinntí an Choiste Eadrána nó na n-údarás náisiúnta iomchuí a athbhreithniú, maidir le téarmaí an cheadúnais, má bhíonn fíorais nua leormhaithe ann chuige sin.

Is cúram don chomhlacht a rinne an cinneadh an t-athbhreithniú sin a dhéanamh.

Roinn 3

Forálacha slándála

Airteagal 24

Aon fhaisnéis a gheobhaidh an Comhphobal de thoradh a chláir thaighde agus ar bhaol go rachadh a nochtadh chun dochair do leasanna cosanta Ballstáit nó Ballstát, beidh sé faoi réir chóras slándála de réir na bhforálacha seo a leanas:

1.

Ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an Chomhairle le rialacháin slándála ina leagfar síos, ag féachaint d'fhoralácha an Airteagail seo, na gráid slándála éagsúla a bheidh le cur chun feidhme agus na bearta slándála is iomchuí do gach grád.

2.

I gcás ina measann an Coimisiún gur bhaol go rachadh sé chun dochair do leasanna cosanta Ballstáit nó Ballstát faisnéis áirithe a nochtadh, cuirfidh sé i bhfeidhm go sealadach ar an bhfaisnéis sin an grádú slándála is gá sa chás sin de réir na rialachán slándála.

Cuirfidh sé an fhaisnéis sin i bhfios láithreach do na Ballstáit, agus déanfaidh siadsan a slándáil a áirithiú go sealadach sa tslí chéanna.

Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí cé acu a theastaíonn uathu an grádú a cuireadh chun feidhme go sealadach a choimeád nó grádú eile a chur ina ionad nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú.

Ar bheith caite don tréimhse sin, cuirfear chun feidhme an grádú is airde a iarradh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra da réir sin do na Ballstáit.

Ar an gCoimisún nó Ballstát á iarraidh sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil, grádú eile a chur chun feidhme nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú tráth ar bith. Gheobhaidh an Chomhairle tuairim an Choimisiúin sula ndéanfaidh sí aon bheart ar iarratas ó Bhallstát.

3.

Ní bhainfidh forálacha Airteagail 12 agus 13 le faisnéis atá faoi ghrádú slándála.

Ar a shon sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na bearta slándála is iomchuí,

(a)

féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13 a chur i bhfios:

(i)

do Ghnóthas Comhpháirteach;

(ii)

do dhuine nó do ghnóthas, seachas Gnóthas Comhpháirteach, tríd an mBallstát ar ina chríoch a oibríonn an duine nó an gnóthas sin;

(b)

féadfaidh Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 a chur i bhfios do dhuine nó do ghnóthas, seachas Gnóthas Comhpháirteach, a oibríonn i gcríoch an Stáit sin, ar choinníoll go dtabharfar fógra don Choimisiún gur cuireadh i bhfios amhlaidh é;

(c)

thairis sin, tá de cheart ag gach Ballstát a cheangal ar an gCoimisiún ceadúnas a dheonú de réir Airteagal 12 chun freastal do riachtanais an Stáit sin nó do riachtanais duine nó gnóthais a oibríonn ina chríoch.

Airteagal 25

1.   Ballstát ag a mbeidh fógra á thabhairt go bhfuarthas iarratas ar phaitinn nó ar chuspa áisiúlachta a bhaineann le hábhar a shonraítear in Airteagal 16(1) nó (2) nó a bheidh á chur i bhfios cad atá in iarratas den sórt sin, déanfaidh sé, más iomchuí, aird a tharraingt ar an ngá atá le grádú slándála áirithe ar chúiseanna cosanta, agus luafaidh sé san am céanna cá fhad is dóigh a mhairfidh an grádú sin.

Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh go dtí na Ballstáit eile gach scéala a fuarthas de réir na fomhíre roimhe seo. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na bearta sin a bheidh, faoi na rialacháin slándála, ag freagairt don ghrádú a d'éiligh an Stát tionscnaimh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún freisin gach scéala acu sin a chur ar aghaidh chuig Gnóthais Chomhpháirteacha nó, trí bhíthin Ballstáit, chuig duine nó gnóthas seachas Gnóthas Comhpháirteach atá ag oibriú i gcríoch an Stáit sin.

Ni féidir aireagáin is ábhar do na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin le toiliú an iarratasóra nó de réir Airteagail 17 go 23.

Beidh na scéala agus, nuair is iomchuí, an úsáid dá dtagraítear sa mhír seo faoi réir na mbeart atá, faoi na rialacháin slándála, ag freagairt don ghrádú slándála a d'éiligh an Stát tionscnaimh.

Beidh na scéala i ngach cás faoi réir thoiliú an Stáit tionscnaimh. Is ar chúiseanna cosanta amháin a fhéadfar toiliú a choimeád siar maidir le scéala a chur i bhfios nó le húsáid.

3.   Arna éileamh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil, grádú eile a chur chun feidhme nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú tráth ar bith. Gheobhaidh an Chomhairle tuairim an Choimisiúin sula ndéanfaidh sí aon bheart ar éileamh ó Bhallstát.

Airteagal 26

1.   I gcás ina ndearnadh faisnéis lena mbaineann paitinní, iarratais ar phaitinní, cearta paitinne atá cosanta go sealadach, cuspaí áisiúlachta nó iarratais ar chuspaí áisiúlachta a rúnaicmiú de réir Airteagail 24 agus 25, ní fhéadfaidh na Stáit a d'iarr an rúnaicmiú sin diúltú cead a thabhairt a samhail d'iarratais a chomhdú sna Ballstáit eile.

Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cearta agus na hiarratais sin a choimeád faoi shlándáil de réir an nós imeachta atá leagtha sios ina dhlíthe agus ina rialacháin féin.

2.   Ni fhéadfar aon iarratais a bhaineann le faisnéis atá rúnaicmithe de réir Airteagal 24 a chomhdú lasmuigh de na Ballstáit ach amháin lena n-aontoilíocht. Mura gcuirfidh Ballstáit a seasamh in iúl, measfar a dtoiliú a bheith faighte ar shé mhí a bheith caite ón dáta a chuir an Coimisiún an fhaisnéis i bhfios do na Ballstáit.

Airteagal 27

Beidh an cúiteamh i leith aon damáiste a bhain don iarratasóir de dhroim rúnaicmiú ar chúiseanna cosanta faoi réir fhorálacha dhlíthe naisiúnta na mBallstát agus luífidh a fhreagracht ar an Stát a d'iarr an rúnaicmiú sin nó a fuair uasghrádú nó fadú ar an rúnaicmiú nó a chuir faoi deara go dtoirmiscfí comhdú iarratas lasmuigh den Chomhphobal.

I gcás ina mbeidh roinnt Ballstát tar éis uasghrádú nó fadú a fháil ar an rúnaicmiú nó inar chuir siad faoi deara go dtoirmiscfi comhadú iarratas lasmuigh den Chomhphobal beidh siad freagrach i gcomhpháirt in aon damáiste a shlánú a tharla dá bhíthin sin.

Ní fhéadfaidh an Comhphobal aon chúiteamh a éileamh faoin Airteagal seo.

Roinn 4

Forálacha speisialta

Airteagal 28

Mas rud é, de dhroim a gcurtha i bhfios don Choimisiún, go mbainfear úsáid mhíchuí as iarratais neamhfhoilsithe ar phaitinní nó ar chuspaí áisiúlachta nó as paitinní nó cuspaí aisiúlachta a rúnaicmíodh ar chúiseanna cosanta, nó go bhfaighidh duine neamhúdaraithe eolas orthu, slánóidh an Comhphobal an damáiste a bhain don pháirtí lena mbaineann.

Gan dochar dá chearta féin i gcoinne an duine atá freagrach sa damáiste, gheobhaidh an Comhphobal, sa mhéid go mbeidh sé tar éis damáiste den sórt sin a shlánú, aon chearta caingne a bhí acu siúd lena mbaineann i gcoinne tríú páirtithe. Ní dhéanfaidh sé sin difear do cheart an Chomhphobail chun imeachtaí a bhunú i gcoinne an duine atá freagrach sa damáiste de réir na bhforálacha ginearálta a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal 29

Mas rud é, i gcás comhaontú nó conradh chun faisnéis eolaíochta nó tionscail sa réimse núicléach a mhalartú idir Ballstát, duine nó gnóthas ar thaobh amháin, agus tríú Stát, eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thríú Stát ar an taobh eile, gur gá, ar thaobh nó ar thaobh eile, síniú Stáit ag gníomhú dó ina cháil fhlaitheasach, is é an Coimisiún a thabharfaidh i gcrích é.

Faoi réir fhorálacha Airteagail 103 agus 104, féadfaidh an Coimisiún, áfach, ar cibé coinníollacha is iomchuí leis, a údarú do Bhallstát, do dhuine nó do ghnóthas comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích.

CAIBIDIL 3

Sláinte agus sábháilteacht

Airteagal 30

Leagfar síos sa Chomhphobal bunchaighdeáin chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí ó radaíochtaí ianúcháin.

Ciallaíonn an abairt “bunchaighdeáin”:

(a)

na dáileoga uasta is incheadaithe i gcomhréir le leorshábháilteacht,

(b)

na huasleibhéil rise agus truaillithe is incheadaithe,

(c)

na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn aireachasú sláinte oibrithe.

Airteagal 31

Déanfaidh an Coimisiún na bunchaighdeáin a oibriú amach tar éis dó tuairim a fháil ó ghrúpa daoine a cheapfaidh an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil as measc saineolaithe eolaíochta, go háirithe saineolaithe sláinte poiblí, sna Ballstáit. Gheobhaidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta ar na bunchaighdeáin sin.

Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chuirfidh ar aghaidh chuici na tuairimí a fuarthas ó na Coistí sin, na bunchaighdeáin a shocrú; gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Airteagal 32

Ar iarratas ón gCoimisiún nó ó Bhallstát, féadfar na bunchaighdeáin a athbhreithniú nó a fhorlíonadh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 31.

Scrúdóidh an Coimisiún aon iarratas a dhéanfaidh Ballstát.

Airteagal 33

Leagfaidh gach Ballstát síos na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na bunchaighdeáin a socraíodh, agus déanfaidh sé na bearta is gá maidir le múinteoireacht, oideachas agus gairmoiliúint.

Déanfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí chun na forálacha is infheidhme sa réimse sin sna Ballstáit a chomhchuibhiú.

Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na forálacha is infheidhme ar dháta an Chonartha seo a theacht i bhfeidhm, agus aon dréacht-fhorálacha den chineál céanna ina dhiaidh sin.

Aon mholtaí is áil leis an gCoimisiún a eisiúint maidir leis na dréacht-fhorálacha sin, déanfar iad laistigh de thrí mí ón dáta a cuireadh na dréacht-fhorálacha sin in iúl.

Airteagal 34

Aon Bhallstát a mbeidh trialacha rí-dhainséaracha le déanamh ina chríocha, déanfaidh sé bearta breise ó thaobh sláinte agus sábháilteachta, tar éis tuairim an Choimisiúin ina leith a fháil roimh ré.

Is gá toiliú an Choimisiúin más baol go mbeadh éifeacht ag toradh na dtrialacha ar chríocha Ballstát eile.

Airteagal 35

Cuirfidh gach Ballstát ar fáil na saoráidí is gá chun faireachán a dhéanamh ar leibhéal na radaighníomhaíochta san aer, san uisce agus san ithir agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na bunchaighdeáin.

Beidh ceart rochtana ag an gCoimisiún ar na saoráidí sin; féadfaidh sé a n-oibriú agus a n-éifeachtúlacht a fhíorú.

Airteagal 36

Déanfaidh na húdaráis iomchuí faisnéis ar na deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35 a chur in iúl go tráthrialta don Choimisiún ionas go gcoinneofar ar an eolas é i dtaobh an leibhéal radaighníomhaíochta a bhfuil an pobal ar a ris.

Airteagal 37

Soláthróidh gach Ballstát don Choimisiún na sonraí ginearálta maidir le haon phlean chun iarmhar radaighníomhach a dhiúscairt, is cuma cad é a fhoirm, le go bhféadfar a chinntiú an bhfuil baol ann go dtiocfadh den phlean sin a chur i ngníomh go mbainfeadh truailliú radaighníomhach d'uisce, d'ithir nó d'aerspás Ballstáit eile.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 31, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim laistigh de shé mhí.

Airteagal 38

Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát maidir leis an leibhéal radaighníomhaíochta san aer, san uisce agus san ithir.

I gcásanna práinne, eiseoidh an Coimisiún treoir á cheangal ar an mBallstát lena mbaineann gach beart is gá a dhéanamh, laistigh den tréimhse a leagfaidh an Coimisiún síos, chun sárú ar na bunchaighdeáin a chosc agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacháin.

Mura gcomhlíonfaidh an Stát áirithe treoir an Choimisiúin laistigh den tréimhse a leagadh síos, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát lena mbaineann, de mhaolú ar Airteagail 258 agus 259 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an t-ábhar a thabhairt láithreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 39

Déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde Núicléach, a luaithe a bheidh sin bunaithe, rannóg dhoiciméadachta agus staidéir ar shláinte agus sábháilteacht a thionscnamh.

Beidh de chúram ar an rannóg sin go háirithe na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 33, 36 agus 37 a chruinniú agus cabhrú leis an gCoimisiún na cúraimí a shanntar dó leis an gCaibidil seo a chur i gcrích.

CAIBIDIL 4

Infheistíocht

Airteagal 40

D'fhonn daoine agus gnóthais a spreagadh chun gnímh agus d'fhonn forbairt chomhordaithe ar a n-infheistíocht sa réimse núicléach a éascú, déanfaidh an Coimisiún, ó am go chéile, cláir léiriúcháin a fhoilsiú a inseoidh, go háirithe, spriocanna do tháirgeadh fuinnimh núicléach mar aon leis na cineálacha uile infheistíochta is gá chun iad a ghnóthú.

Gheobhaidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta ar na cláir sin sula bhfoilseofar iad.

Airteagal 41

Na daoine agus na gnóthais atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí tionscail sa liosta in Iarscríbhinn II atá i gceangal leis an gConradh seo, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún na tionscadail infheistíochta a bhaineann le suiteálacha nua agus le hathsholáthairtí nó le claochlú de réir na gcritéar ó thaobh cineáil agus toise a bheidh leagtha síos ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, liosta na ngníomhaíochtaí tionscail dá dtagraítear thuas a athrú, tar éis don Choimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta a fháil roimh ré.

Airteagal 42

Cuirfear na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 41 in iúl don Choimisiún agus, mar eolas dó, don Bhallstát lena mbaineann, tráth nach déanaí ná trí mhí sula ndéanfar na chéad chonarthaí leis na soláthróirí nó, más as a acmhainn féin atá an obair le déanamh ag an ngnóthas, trí mhí sula dtosóidh an obair.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, an teorainn ama sin a athrú.

Airteagal 43

Pléifidh an Coimisiún leis na daoine nó na gnóthais gach gné de thionscadail infheistíochta a bhaineann le haidhmeanna an Chonartha seo.

Cuirfidh an Coimisiún a dhearcadh in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 44

Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú na mBallstát, na ndaoine agus na ngnóthas lena mbaineann, aon tionscadail infheistíochta a chuirfear in iúl dó a fhoilsiú.

CAIBIDIL 5

Gnóthais chomhpháirteacha

Airteagal 45

Gnóthais a bhfuil tábhacht bhunúsach leo i ndáil le forbairt an tionscail núicléach sa Chomhphobal, féadfar iad a bhunú mar Ghnóthais Chomhpháirteacha de réir bhrí an Chonartha seo, i gcomhréir leis na hAirteagail seo a leanas.

Airteagal 46

1.   Gach tionscadal chun Gnóthas Comhpháirteach a bhunú, cibé acu an Coimisiún nó Ballstát nó cearn éigin eile is bun leis, beidh sé ina ábhar d'fhiosrúchán ag an gCoimisiún.

Chuige sin, gheobhaidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát agus aon chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh is dóigh leis a d'fhéadfadh comhairle thairbheach a thabhairt dó.

2.   Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig an gComhairle aon tionscadal chun Gnóthas Comhpháirteach a bhunú, mar aon lena thuairim réasúnaithe ina thaobh.

Má thugann an Coimisiún tuairim fhabhrach ar an riachtanas atá leis an nGnóthas Comhpháirteach atá beartaithe, cuirfidh sé tograí faoi bhráid na Comhairle ina dtaobh seo:

(a)

an suíomh;

(b)

na reachtanna;

(c)

scála an mhaoinithe agus an tráthchlár dó;

(d)

rannpháirtíocht ab fhéidir a bheith ag an gComhphobal i maoiniú an Ghnóthais Chomhpháirtigh;

(e)

rannpháirtíocht ab fhéidir a bheith ag tríú Stát, ag eagraíocht idirnáisiúnta nó ag náisiúnach de thríú Stát i maoiniú nó i mbainistíocht an Ghnóthais Chomhpháirtigh;

(f)

aon bhuntáiste nó gach buntáiste sa liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gConradh seo a thabhairt.

Cuirfidh an Coimisiún i dteannta na dtograí sin tuarascáil mhionchruinn ar an tionscadal i gcoitinne.

Airteagal 47

Féadfaidh an Chomhairle, tar éis don Choimisiún an t-ábhar a chur faoina bráid, a iarraidh ar an gCoimisiún cibé faisnéis eile a sholáthar nó cibé fiosruithe eile a ghabháil de láimh a mheasfaidh an Chomhairle is gá.

Má mheasann an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cháilithe, gur chóir tionscadal a chuir an Coimisiún ar aghaidh maille le tuairim neamhfhabhrach a chur i gcrích dá ainneoin sin, déanfaidh an Coimisiún na tograí agus an tuarascáil mhionchruinn dá dtagraítear in Airteagal 46 a chur faoi bhráid na Comhairle.

I gcás tuairim an Choimisiúin a bheith fabhrach nó sa chas dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, gníomhóidh an Chomhairle ar gach togra ón gCoimisiún trí thromlach cáilithe.

Ach is d'aontoil a ghníomhóidh an Chomhairle ina leith seo:

(a)

an Comhphobal a bheith rannpháirteach i maoiniú an Ghnóthais Chomhpháirtigh,

(b)

tríú Stát, eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thríú Stát a bheith rannpháirteach i maoiniú nó i mbainistíocht an Ghnóthais Chomhpháirtigh.

Airteagal 48

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, gach ceann nó aon cheann de na buntáistí sa liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gConradh seo a dhéanamh infheidhme maidir le gach Gnóthas Comhpháirteach; áiritheoidh gach Ballstát ar a thaobh féin de go dtabharfar na buntáistí sin.

Féadfaidh an Chomhairle, de réir an nós imeachta chéanna, na coinníollacha a leagan síos a bhainfidh leis na buntáistí sin a thabhairt.

Airteagal 49

Is trí chinneadh ón gComhairle a bhunófar Gnóthais Chomhpháirteacha.

Beidh pearsanacht dhlítheanach ag gach Gnóthas Comhpháirteach.

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh aige an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe náisiúnta an Stáit sin; féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chonradh seo nó ina reachtanna féin, beidh gach Gnóthas Comhpháirteach faoi réir na rialacha a bhaineann le gnóthais tionscail nó tráchtála ina theannta sin, féadfaidh a reachtanna tagairt ar mhodh foghabhálach do dhlíthe náisiúnta na mBallstát.

Ach amháin i gcás ina dtugtar dlínse do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis an gConradh seo, is iad na cúirteanna nó na binsí náisiúnta iomchuí a chinnfidh díospóidí a bhainfidh le Gnóthais Chomhpháirteacha.

Airteagal 50

Leasófar reachtanna Gnóthas Comhpháirteach, nuair is gá, de réir na bhforálacha speisialta atá iontu chun na críche sin.

Ní thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm, áfach, go dtí go mbeidh siad formheasta ag an gComhairle, ag gníomhú di de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 47, ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 51

Beidh an Coimisiún freagrach sna cinntí go léir de chuid na Comhairle a bhaineann le bunú Gnóthas Comhpháirteach a chur i ngníomh go dtí go mbeidh na comhlachtaí a bheidh freagrach in oibriú na nGnóthas sin curtha ar bun.

CAIBIDIL 6

Soláthairtí

Airteagal 52

1.   Déanfar soláthar mianta, bunábhar agus ábhar inscoilte speisialta a áirithiú, de réir fhorálacha na Caibidle seo, trí bhíthin beartais chomhsholáthair ar phrionsabal na comhrochtana ar na foinsí soláthair.

2.   Chun na críche sin agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo:

(a)

toirmiscfear gach cleachtas a bheidh ceaptha chun ionad pribhléide a áirithiú d'úsáidirí áirithe,

(b)

bunaítear leis seo Gníomhaireacht a mbeidh ceart aici chun rogha ar mhianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta a tháirgtear i gcríocha Ballstát agus ceart eisiatach chun conarthaí a dhéanamh maidir le soláthar mianta, bunábhar agus ábhar inscoilte speisialta ó laistigh den Chomhphobal nó ó lasmuigh de.

Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht idirdhealú ar bith a dhéanamh idir úsáidirí mar gheall ar an úsáid atá siad chun a bhaint as soláthairtí a d'iarr siad mura úsáid mhídhleathach í nó go bhfaighfear go bhfuil sí contrártha do na coinníollacha a d'fhorchuir soláthróirí lasmuigh den Chomhphobal ar an gcoinsíneacht a bheidh i gceist.

Roinn 1

An Ghníomhaireacht

Airteagal 53

Beidh an Ghníomhaireacht faoi mhaoirseacht an Choimisiúin; eiseoidh an Coimisiún treoracha chuici agus beidh ceart aige chun a cinntí a chrosadh agus ceapfaidh sé a Ardstiúrthóir agus a Leas-Ardstiúrthóir.

Aon ghníomh, intuigthe nó sainráite, a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhmiú a cirt chun rogha nó a cirt eisiataigh chun conarthaí soláthair a dhéanamh, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann é a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus tabharfaidh an Coimisiún cinneadh air laistigh de mhí.

Airteagal 54

Beidh pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas i gcúrsaí airgeadais ag an nGníomhaireacht.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún reachtanna na Gníomhaireachta a leagan sios.

Féadfar na reachtanna a leasú de réir an nós imeachta chéanna.

Socróidh na reachtanna caipiteal na Gníomhaireachta agus téarmaí a shuibscríofa. Is leis an gComhphobal agus leis na Ballstáit i gcónaí an mhórchuid den chaipiteal. Cinnfidh na Ballstáit, de thoil a chéile, cionroinnt an chaipitil.

Is mar a leagfar sios leis na reachtanna a bheidh na rialacha don bhainistíocht tráchtála ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Féadfaidh siad a fhoráil go leagfar muirear ar idirbhearta d'fhonn costais oibrithe na Gníomhaireachta a ghlanadh.

Airteagal 55

Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Ghníomhaireacht, nó féachfaidh siad chuige go gcuirfear i bhfios di, an fhaisnéis uile is gá le go mbeadh a ceart chun rogha agus a ceart eisiatach chun conarthaí soláthair a dhéanamh infheidhmithe aici.

Airteagal 56

Beidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú gan bhac ina gcríocha.

Féadfaidh siad comhlacht nó comhlachtaí a bhunú a mbeidh údarás aige nó acu chun feidhmiú, i gcaidreamh leis an nGníomhaireacht, ar son táirgeoirí agus úsáidirí sna críocha neamh-Eorpacha atá faoina ndlínse.

Roinn 2

Mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta ó laistigh den Chomhphobal

Airteagal 57

1.   Folóidh ceart na Gníomhaireachta chun rogha:

(a)

cearta a fháil chun ábhar is leis an gComhphobal, faoi fhorálacha Chaibidil 8 a úsáid agus a ídiú;

(b)

ceart úinéireachta a fháil i ngach cás eile.

2.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht a ceart chun rogha trí chonarthaí a dhéanamh le táirgeoirí mianta, bunábhar nó ábhar inscoilte speisialta.

Faoi réir Airteagail 58, 62 agus 63, déanfaidh gach táirgeoir na mianta, na bunábhair nó na hábhair inscoilte speisialta a tháirgeann sé laistigh de chríocha na mBallstát, a thairiscint don Ghníomhaireacht roimh iad a úsáid, a aistriú nó a stóráil.

Airteagal 58

Nuair a dhéanann táirgeoir céimeanna éagsúla den táirgeadh ó bhaint na méine go dtí táirgeadh an mhiotail, féadfaidh sé an táirge a thairiscint don Ghníomhaireacht ag cibé céim den táirgeadh is rogha leis.

Beidh feidhm ag an gcéanna maidir le dhá ghnóthas nó níos mó atá comhcheangailte, i gcás inar cuireadh na comhcheangail sin in iúl go cuí don Choimisiún agus gur pléadh leis iad de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 43 agus 44.

Airteagal 59

Mura bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht a ceart chun rogha ar tháirgeacht iomlán táirgeora nó ar aon chuid di:

(a)

féadfaidh an táirgeoir, trína acmhainní féin a úsáid nó trí chonradh, na mianta, na bunábhair nó na hábhair inscoilte speisialta a phróiseáil, ar choinníoll go dtáirgfidh sé don Ghníomhaireacht toradh na próiseála sin;

(b)

údarófar don táirgeoir, le cinneadh ón gCoimisiún, a bhfuil ar fáil dá tháirgeadh a dhiúscairt lasmuigh den Chomhphobal, ar choinníoll nach fabhraí téarmaí a thairisceana ná téarmaí a thairisceana roimhe sin don Ghníomhaireacht. Is tríd an nGníomhaireacht amháin áfach, a fhéadfar ábhair inscoilte speisialta a onnmhairiú, agus sin de réir Airteagal 62.

Ni fhéadfaidh an Coimisiún é sin a údarú mura gcruthóidh faighteoirí na soláthairtí sin chun a shástachta go gcosnófar leasanna ginearálta an Chomhphobail, nó má bhíonn téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí sin contrártha d'aidhmeanna an Chonartha seo.

Airteagal 60

Cuirfidh ábhair úsáidirí in iúl don Ghníomhaireacht ó am go chéile na soláthairtí atá ag teastáil uathu, agus sonróidh siad na cainníochtaí, a nádúr fisiceach agus ceimiceach, a n-áit tionscnaimh, an úsáid atá beartaithe dóibh, dátaí a seachadta agus téarmaí a bpraghais, arb iad is téarmaí agus coinníollacha don chonradh soláthair is mian leo a dhéanamh.

Mar an gcéanna, cuirfidh táirgeoirí in iúl don Ghníomhaireacht tairiscintí is féidir leo a dhéanamh, agus luafaidh siad na sonraíochtaí uile, agus go háirithe ré na gconarthaí, is gá chun go bhféadfar a gcláir tháirgthe a tharraingt suas. Ní bheidh ré na gconarthaí sin níos faide ná deich mbliana ach amháin le comhaontú an Choimisiúin.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl do gach ábhar úsáidire na tairiscintí agus an méid iarratas a fuair sí agus iarrfaidh sí orthu a gcuid orduithe a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe.

Nuair a bheidh na horduithe sin uile faighte ag an nGníomhaireacht, cuirfidh sí in iúl na téarmaí ar a bhféadfaidh sí freastal dóibh.

Mura bhféadfaidh an Ghníomhaireacht freastal, ina n-iomláine, do na horduithe uile a fuarthas, déanfaidh sí, faoi réir fhorálacha Airteagail 68 agus 69, na soláthairtí a roinnt go comhréireach ar na horduithe a bhaineann le gach tairiscint.

Leagfar síos i rialacha ón nGníomhaireacht, nach foláir a bheith formheasta ag an gCoimisiún, an modh ar a ndéanfar cothromú idir an t-éileamh agus an soláthar.

Airteagal 61

Beidh de cheangal ar an nGníomhaireacht na horduithe uile a shásamh mura gcoiscfidh constaicí dlíthiúla nó nithiúla uirthi é.

Nuair a bheidh conradh á dhéanamh aici, féadfaidh an Ghníomhaireacht, ag comhlíonadh fhorálacha Airteagal 52 di, a cheangal ar úsáidirí réamhíocaíochtaí iomchuí a dhéanamh mar urrús nó mar chuidiú don Ghníomhaireacht chun freastal dá hoibleagáidí fadtéarmacha i leith táirgeoirí más gá iad chun an t-ordú a chur i gcrích.

Airteagal 62

1.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht a ceart chun rogha ar ábhair inscoilte speisialta a tháirgtear i gcríocha na mBallstát d'fhonn:

(a)

freastal don éileamh ó úsáidirí sa Chomhphobal de réir Airteagal 60; nó

(b)

na hábhair sin a stóráil í féin; nó

(c)

na hábhair sin a onnmhairiú le húdarás ón gCoimisiún, de réir an dara fomhír d'Airteagal 59(b).

2.   Dá ainneoin sin, déanfar na hábhair sin agus aon iarmhair thorthúla, cé go leanfaidh siad de bheith faoi réir fhorálacha Chaibidil 7, a fhágáil i seilbh an táirgeora d'fhonn:

(a)

iad a stóráil le húdarás ón nGníomhaireacht; nó

(b)

iad a úsáid laistigh de theorainneacha a riachtanas féin; nó

(c)

iad a chur ar fáil do ghnóthais sa Chomhphobal laistigh de theorainneacha a riachtanas, más rud é, chun clár a chur i gcrích a cuireadh i bhfios go cuí don Choimisiún, go bhfuil comhcheangal díreach ag na gnóthais sin leis an táirgeoir sin nach bhfuil de chuspóir ná d'éifeacht aige táirgeadh, forbairt theicniúil ná infheistíocht a theorannú ná neamhionannais mhíchearta a thabhairt idir úsáidirí sa Chomhphobal.

3.   Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 89(1)(a) maidir le hábhair inscoilte speisialta a tháirgtear i gcríocha Ballstát agus nach bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis a ceart chun rogha a fheidhmiú ina leith.

Airteagal 63

Déanfar mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta a tháirgfidh na Gnóthais Chomhpháirteacha a leithroinnt ar úsáidirí de réir rialacha arna leagan síos i reachtanna nó i gcomhaontuithe na nGnóthas sin.

Roinn 3

Mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta ó lasmuigh den Chomhphobal

Airteagal 64

Beidh ag an nGníomhaireacht, ag gníomhú di nuair is iomchuí é faoi chuimsiú comhaontuithe a rinneadh idir an Comhphobal agus tríú Stát nó eagraíocht idirnáisiúnta, agus faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear sa Chonradh seo, an ceart eisiatach chun comhaontuithe nó conarthaí a dhéanamh arb é a bpríomhchuspóir mianta, bunábhair nó ábhair inscoilte speisialta ó lasmuigh den Chomhphobal a sholáthar.

Airteagal 65

Bainfidh Airteagal 60 le hiarratais ó úsáidirí agus le conarthaí idir úsáidirí agus an Ghníomhaireacht maidir le mianta, bunábhair nó ábhair inscoilte speisialta ó lasmuigh den Chomhphobal a sholáthar.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, áfach, cinneadh ar thionscnamh geografach na soláthairtí ach coinníollacha chomh fabhrach ar a laghad don úsáidire leis na coinníollacha a shonrófar san ordú a bheith le fáil dá chionn sin.

Airteagal 66

Má chinneann an Coimisiún, ar iarratas ó na húsáidirí lena mbaineann, nach bhfuil ar chumas na Gníomhaireachta na soláthairtí uile a ordaíodh nó cuid díobh a sheachadadh laistigh de thréimhse réasúnach, nó nach féidir léi sin a dhéanamh ach ar phraghsanna neamh-mheasartha, beidh de cheart ag na húsáidirí conarthaí a dhéanamh go díreach a bhainfidh le soláthairtí ó lasmuigh den Chomhphobal, ach na conarthaí sin a bheith ag freagairt go bunúsach do na riachtanais a shonraítear in orduithe na n-úsáidirí.

Deonófar an ceart sin ar feadh tréimhse bliana; féadfar é a fhadú má mhaireann na cúrsaí ba chall lena dheonú.

Úsáidirí a bhainfidh leas as an gceart dá bhforáiltear san Airteagal seo, beidh orthu a chur i bhfios don Choimisiún cad iad na conarthaí díreacha atá beartaithe acu a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí, cur i gcoinne na gconarthaí a dhéanamh má bhíonn siad bunoscionn le haidhmeanna an Chonartha seo.

Roinn 4

Praghsanna

Airteagal 67

Ach amháin mar a bhforáiltear d'eisceachtaí sa Chonradh seo, cinnfear praghsanna tríd an soláthar a chothromú in aghaidh an éilimh mar a fhoráiltear in Airteagal 60; ní sháróidh rialacháin náisiúnta na mBallstát na forálacha sin.

Airteagal 68

Toirmiscfear cleachtais phraghsála a bhfuil d'aidhm acu pribhléid a ghnóthú d'úsáidirí áirithe de shárú ar an bprionsabal comhrochtana atá leagtha sios i bhforálacha na Caibidle seo.

Má fhaigheann an Ghníomhaireacht go bhfuil feidhm á baint as aon chleachtais den sórt sin tabharfaidh sí tuairisc ina dtaobh don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún, má ghlacann sé leis na cinntí sin, praghsanna na dtairiscintí atá i gceist a chur ar ais ar leibhéal a luífidh le prionsabal na comhrochtana.

Airteagal 69

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, praghsanna a shocrú.

Nuair a shonróidh an Ghníomhaireacht, de bhun Airteagal 60, na téarmaí ar a bhféadfar freastal d'orduithe, féadfaidh sí a thairiscint do na húsáidirí a thug na horduithe go ndéanfaí praghsanna a chomhionannú.

Roinn 5

Forálacha maidir le beartas soláthair

Airteagal 70

Laistigh de na teorainneacha a bheidh leagtha sios le buiséad an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, ar cibé coinníollacha a shaineoidh sé, tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir chuardaigh i gcríocha na mBallstát.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát d'fhonn cuardach agus saothrú fosuithe mianraí a fhorbairt.

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiún gach bliain tuarascáil ar fhorbairt an chuardaigh agus an táirgthe, ar chúltacaí dóchúla agus ar a bhfuil d'infheistíocht sa mhianadóireacht déanta nó beartaithe a dhéanamh ina gcríocha. Cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid na Comhairle, mar aon le tuairim an Choimisiúin, ina luafar go sonrach cad a rinne Ballstáit ar mholtaí a cuireadh faoina mbráid faoin mír roimhe seo.

Más rud é, nuair a chuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoina bráid, go bhfionnfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe gur cosúil bunús eacnamaíoch ar bhonn fadtéarmach a bheith leis na hionchais chun mianraí a bhaint, ach go bhfuil na gníomhaíochtaí cuardaigh agus an leathnú ar oibríochtaí mianadóireachta fíor-neamhdhóthanach i gcónaí, measfar go bhfuil an Ballstát atá i gceist, fad a fhágfaidh sé an cor sin gan leigheas, tar éis an ceart comhrochtana ar fhoinsí eile soláthair sa Chomhphobal a tharscaoileadh, thar a cheann féin agus thar ceann a náisiúnach.

Airteagal 71

Cuirfidh an Coimisiún na moltaí uile is iomchuí faoi bhráid Ballstát i dtaobh na rialachán a bhaineann le hioncam nó le mianadóireacht.

Airteagal 72

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ó ábhar a bheidh ar fáil laistigh nó lasmuigh den Chomhphobal, na stoic thráchtála is gá a thiomargadh chun soláthairtí don Chomhphobal nó chun gnáthsheachadadh ag an gComhphobal a éascú.

Féadfaidh an Coimisiún, más gá, cinneadh ar stoic éigeandála a thiomargadh. Déanfaidh an Chomhairle an modh ar a maoineofar na stoic sin a fhormheas, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Roinn 6

Forálacha speisialta

Airteagal 73

I gcás ina ndéanfaidh comhaontú nó conradh idir Ballstát, duine nó gnóthas ar thaobh amháin, agus tríú Stát, eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thriú stát ar an taobh eile, foráil inter alia chun táirgí a sheachadadh a thig faoi inniúlacht na Gníomhaireachta, is gá comhthoiliú roimh ré ón gCoimisiún chun an comhaontú nó an conradh a dhéanamh nó a athnuachan chomh fada is a bhaineann le seachadadh na dtáirgí sin.

Airteagal 74

Féadfaidh an Coimisiún aistriú, allmhairiú nó onnmhairiú mionchainníochtaí de mhianta, de bhunábhair nó d'ábhair inscoilte speisialta, mar a úsáidtear de ghnáth i gcúrsaí taighde, a shaoradh ó fhorálacha na Caibidle seo.

Cuirfear in iúl don Ghníomhaireacht gach aistriú, allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanfar de bhun na forála seo.

Airteagal 75

Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo le hoibleagáidí maidir le próiseáil, claochlú nó cumadh mianta, bunábhar nó ábhar inscoilte speisialta a ndeachthas fúthu:

(a)

idir daoine nó gnóthais éagsúla, má bhíonn an t-ábhar le teacht ar ais chuig an duine nó an gnóthas bunaidh, tar éis é a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh; nó

(b)

idir duine nó gnóthas agus eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thríú Stát i gcás an t-ábhar a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh lasmuigh den Chomhphobal agus é a chur ar ais ansin chuig an duine nó an gnóthas bunaidh; nó

(c)

idir duine nó gnóthas agus eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thriú Stát i gcás an t-ábhar a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh laistigh den Chomhphobal agus é a chur ar ais ansin chuig an eagraíocht nó an náisiúnach bunaidh nó chuig aon choinsíní eile lasmuigh den Chomhphobal a d'ainmneodh an eagraíocht nó an náisiúnach sin.

Ar a shon sin, cuirfidh na daoine agus na gnóthais lena mbaineann in iúl don Ghníomhaireacht go bhfuil na hoibleagáidí sin ann agus, a luaithe a shíneofar na conarthaí, na cainníochtaí den ábhar lenar bhain na gluaiseachtaí sin. Féadfaidh an Coimisiún cosc a chur leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhír (b) a ghabháil de láimh má mheasann sé nach féidir an claochlú nó an cumadh a dhéanamh go héifeachtúil sábháilte agus gan caillteanas ábhair chun aimhleas an Chomhphobail.

Beidh na hábhair lena mbaineann na hoibleagáidí sin faoi réir na gcoimircí atá leagtha síos i gCaibidil 7 i gcríocha na mBallstát. Ní bhainfidh forálacha Chaibidil 8 áfach, le hábhar inscoilte speisialta a chuimsítear sna hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhír (c).

Airteagal 76

Ar thionscnamh Ballstáit nó an Choimisiúin, go háirithe má thagann ganntanas ginearálta de dheasca imthosca gan choinne, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, forálacha na Caibidle seo a mhodhnú. Beidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh faoi aon iarratas a dhéanfaidh Ballstát.

Ar dhul in éag do thréimhse seacht mbliana ón 1 Eanáir 1958, féadfaidh an Chomhairle na forálacha sin a dhaingniú ina n-iomláine. Mura ndaingnítear iad, déanfar forálacha nua a bhainfidh le hábhar na Caibidle seo a ghlacadh de réir an nós imeachta atá leagtha amach sa mhír roimhe seo.

CAIBIDIL 7

Coimircí

Airteagal 77

De réir na bhforálacha atá sa Chaibidil seo, deimhneoidh an Coimisiún dó féin:

(a)

nach ndéanfar, i gcríocha na mBallstát, mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta a chlaonadh ó na húsáidí a ceapadh dóibh de réir mar a dhearbhaigh na húsáidirí;

(b)

go ndéanfar, i gcríocha na mBallstát, na forálacha a chomhlíonadh a bhaineann le soláthairtí agus le haon oibleagáidí áirithe maidir le coimirce a bheidh gafa air féin ag an gComhphobal faoi chomhaontú a rinneadh le tríú stát nó le heagraíocht idirnáisiúnta.

Airteagal 78

Aon duine a bheidh ag bunú nó ag oibriú suiteála chun bunábhair nó ábhair inscoilte speisialta a tháirgeadh, a dheighilt nó a úsáid ar dhóigh eile nó chun breoslaí núicléacha ionradaithe a phróiseáil, dearbhóidh sé don Choimisiún airíonna bunúsacha teicniúla na suiteála sin más gá eolas ar na hairíonna sin chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 77 a ghnóthú.

Ni foláir na teicníochtaí a bheidh le húsáid don phróiseáil cheimiceach ar ábhair ionradaithe a bheith formheasta ag an gCoimisiún a mhéad is gá sin, chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 77 a ghnóthú.

Airteagal 79

Ceanglóidh an Coimisiún go ndéanfar taifid oibriúcháin a choimeád agus a thabhairt ar aird sa chaoi go bhféadfar cuntas a thabhairt i mianta, i mbunábhair agus in ábhair inscoilte speisialta a úsáideadh nó a táirgeadh. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin i gcás bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta a iompar.

Iad siúd a bheidh faoi réir na gceanglas sin, cuirfidh siad in iúl d'údaráis an Bhallstáit a bheidh i gceist aon scéala a thug siad don Choimisiún de bhun Airteagal 78 agus na chéad mhíre den Airteagal seo.

Déanfar nádúr agus scóip na gceanglas dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a shainiú i rialachán a dhéanfaidh an Coimisiún agus a fhormheasfaidh an Chomhairle.

Airteagal 80

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal go ndéanfar aon bharraíocht d'ábhar inscoilte speisialta a shaothrófar nó a gheofar mar sheachtháirgí, agus nach bhfuil á n-úsáid iarbhír nó réidh lena n-úsáid, a thaisceadh leis an nGníomhaireacht nó i stóir eile atá faoi mhaoirsiú, nó inmhaoirsithe, ag an gCoimisiún.

Ni foláir ábhair inscoilte speisialta a thaiscfear amhlaidh a thabhairt ar ais láithreach dóibh siúd lena mbaineann siad ar iad á iarraidh sin.

Airteagal 81

Féadfaidh an Coimisiún cigirí a chur isteach i gcríocha Ballstát. Sula gcuirfidh sé cigire ar a chéad chuairt chigireachta i gcríoch Bhallstáit, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Stát áirithe; is leor an dáil chomhairle sin do gach uile chuairt chigireachta feasta ag an gcigire sin.

Ar scríbhinn i gcruthúnas ar a gcáilíochtaí a thabhairt ar aird, beidh rochtain ag na cigirí, gach tráth, ar gach áit, ar gach sonra agus ar gach duine a bheidh, de bharr a shlí bheatha, ag déileáil le hábhair, le trealamh nó le suiteálacha atá faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, sa mhéid gur gá sin chun na coimircí sin a chur chun feidhme ar mhianta, ar bhunábhair agus ar ábhair inscoilte speisialta agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha Airteagal 77. Má iarrann an Stát áirithe é, beidh ionadaithe ó údaráis an Stáit sin in éineacht leis na cigirí a bheidh ceaptha ag an gCoimisiún; ach ní chuirfear moill, ná bac ar bith eile, ar na cigirí dá bhíthin sin i gcomhlíonadh a ndualgas.

Má chuirtear in aghaidh cigireacht a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún iarratas chuig Uachtarán Chúirte Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar ordú á chinntiú go ndéanfar an chigireacht sin go héigeantach. Tabharfaidh Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhreith laistigh de thrí lá.

Má bhaineann contúirt le moill, féadfaidh an Coimisiún féin ordú i scríbhinn a eisiúint, a bheidh ina chinneadh de réir foirme, chun dul ar aghaidh leis an gcigireacht. Déanfar, gan mhoill, an t-ordú sin a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena fhormheas dá éis sin.

Tar éis an t-ordú nó an cinneadh a eisiúint, áiritheoidh údaráis an Stáit áirithe go mbeidh rochtain ag na cigirí ar na háiteanna a sonraíodh san ordú nó sa chinneadh.

Airteagal 82

Is é an Coimisiún a earcóidh cigirí.

Beidh siad freagrach sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 79 a fháil agus a fhíorú. Cuirfidh siad aon sárú in iúl don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt á ghairm ar an mBallstát áirithe na bearta uile is gá a dhéanamh, laistigh de theorainn ama a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, chun deireadh a chur leis an sárú sin; cuirfidh sé é sin in iúl don Chomhairle.

Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát treoir an Choimisiúin laistigh den teorainn ama shonraithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát lena mbaineann, de mhaolú ar Airteagail 258 agus 259 Den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an t-ábhar a thabhairt láithreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 83

1.   I gcás sárú ag daoine nó gnóthais ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo, féadfaidh an Coimisiún smachtbhannaí a fhorchur ar na daoine nó ar na gnóthais sin.

Is iad seo na smachtbhannaí, in ord déine:

(a)

rabhadh;

(b)

sochair áirithe, mar shampla, cúnamh airgeadais nó teicniúil, a tharraingt siar;

(c)

an gnóthas a chur, ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre mhí, faoi riaradh duine nó boird arna cheapadh de thoil a chéile ag an gCoimisiún agus ag an Stát a bhfuil dlínse aige ar an ngnóthas;

(d)

bunábhair nó ábhair inscoilte speisialta a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach.

2.   Is cinntí atá inchurtha i bhfeidhm ná cinntí á éileamh go dtabharfar suas ábhair a dhéanfaidh an Coimisiún chun mír 1 a chur i ngníomh. Féadfar iad a chur i bhfeidhm i gcríocha Ballstát de réir Airteagal 164.

De mhaolú ar Airteagal 157, beidh éifeacht fhionraíoch le hachomhairc a thabharfar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí ón gCoimisiún a fhorchuirfidh aon smachtbhanna dá bhforáiltear i mír 1. Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, ar iarratas ón gCoimisiún nó ó aon Bhallstát lena mbaineann, a ordú go bhfuil an cinneadh le cur i bhfeidhm láithreach.

Beidh nós imeachta dlíthiúil iomchuí ann chun a áirithiú go gcosnófar leasanna dá ndearnadh dochar.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon mholtaí a chur faoi bhráid Ballstát maidir le dlíthe nó rialacháin atá ceaptha chun a áirithiú go gcomhlíonfar ina gcríocha na hoibleagáidí a éireoidh faoin gCaibidil seo.

4.   Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm agus, nuair is gá, go ndéanfaidh lucht déanta na sáruithe iad a leigheas.

Airteagal 84

Nuair a chuirtear coimircí chun feidhme, ní dhéanfar aon idirdhealú mar gheall ar an úsáid atá ceaptha do mhianta, bhunábhair agus ábhair inscoilte speisialta.

Cloífidh réim na gcoimircí agus an nós imeachta ina dtaobh agus cumhachtaí na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as a gcur i bhfeidhm le gnóthú na spriocanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Ní fhéadfaidh na coimircí sroicheadh chuig ábhair atá beartaithe a úsáid chun freastal do riachtanais na cosanta agus atá á bpróiseáil go speisialta chuige sin nó a ndéanfar, tar éis a bpróiseáilte amhlaidh, iad a chur nó a stóráil i bhforas míleata, de réir plean oibriúcháin.

Airteagal 85

I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca nua, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, oiriúnú a dhéanamh ar an nós imeachta chun na coimircí a chur chun feidhme atá leagtha síos sa Chaibidil seo, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún. Scrúdóidh an Coimisiún aon iarratas den sórt sin a dhéanfaidh Ballstát.

CAIBIDIL 8

Úinéireacht mhaoine

Airteagal 86

Is leis an gComhphobal ábhair inscoilte speisialta.

Sroichfidh ceart úinéireachta an Chomhphobail chuig na hábhair inscoilte speisialta a tháirgfidh nó a allmhaireoidh Ballstát, duine nó gnóthas agus a bheidh faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear i gCaibidil 7.

Airteagal 87

Beidh cearta neamhtheoranta ag Ballstáit, daoine nó gnóthais chun ábhair inscoilte speisialta a tháinig ina seilbh go cuí a úsáid agus a ídiú, faoi réir na n-oibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an gConradh seo, go háirithe maidir le coimircí, leis an gceart chun rogha a thugtar don Ghníomhaireacht agus le sláinte agus sábháilteacht.

Airteagal 88

Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht cuntas speisialta, in ainm an Chomhphobail, ar a dtabharfar “Cuntas Airgeadais ar Ábhair Inscoilte Speisialta”.

Airteagal 89

1.   Sa Chuntas Airgeadais ar Ábhair Inscoilte Speisialta:

(a)

déanfar luach na n-ábhar inscoilte speisialta a fágadh i seilbh, nó a cuireadh ar láimh, Bhallstáit, dhuine nó ghnóthais a chur de shochar an Chomhphobail agus de dhochar an Bhallstáit, an duine nó an ghnóthais sin; agus

(b)

déanfar luach na n-ábhar inscoilte speisialta a tháirg nó a d'allmhairigh Ballstát, duine nó gnóthas agus a ndéanfar maoin an Chomhphobail díobh a chur de dhochar an Chomhphobail agus de shochar an Bhallstáit, an duine nó an ghnóthais sin. Déanfar taifead dá shamhail nuair a thabharfaidh Ballstát, duine nó gnóthas ar ais don Chomhphobal ábhair inscoilte speisialta a fágadh i seilbh nó a cuireadh ar láimh an Stáit, an duine nó an ghnóthais roimhe sin.

2.   Athruithe luacha a dhéanfaidh difear do na cainníochtaí d'ábhair inscoilte speisialta, léireofar iad chun críoch cuntasaíochta ar dhóigh nach mbainfidh aon chaillteanas ná gnóchan don Chomhphobal dá gcionn. Is ar an sealbhóir a thitfidh aon chaillteanas agus is chuige a fhaibhreoidh aon ghnóchan.

3.   Tiocfaidh iarmhéideanna as na hidirbhearta dá dtagraítear thuas chun bheith dlite láithreach arna n-iarraidh ag an gcreidiúnaí.

4.   Chun críocha na Caibidle seo, measfar an Ghníomhaireacht a bheith ina gnóthas chomh fada is a bhaineann le hidirbhearta a dhéanfar dá cuntas féin.

Airteagal 90

Más gá sin, mar gheall ar imthosca nua, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le ceart úinéireachta an Chomhphobail a oiriúnú arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún. Scrúdóidh an Coimisiún aon iarratas den sórt sin ó Bhallstát.

Airteagal 91

Déanfar an córas úinéireachta is infheidhme maidir leis na nithe, na hábhair agus na sócmhainní uile nach bhfuil dílsithe don Chomhphobal faoin gCaibidil seo a chinneadh le dlí gach Ballstáit.

CAIBIDIL 9

An Cómhargadh Núicléach

Airteagal 92

Bainfidh forálacha na Caibidle seo leis na hearraí agus na táirgí a shonraítear sna liostaí in Iarscríbhinn IV atá i gceangal leis an gConradh seo.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, na liostaí sin a mhodhnú arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.

Airteagal 93

Toirmiscfidh Ballstáit eatarthu féin na dleachtanna custaim uile ar allmhairí agus onnmhairí nó muirir chomhéifeachta, agus na srianta cainníochtúla uile ar allmhairí agus onnmhairí, i gcás:

(a)

na táirgí i Liostaí A1 agus; A2

(b)

na táirgí i Liosta B má tá siad faoi réir comhtharaife custaim agus go ngabhann deimhniú leo a d'eisigh an Coimisiún á rá gur chun críoch núicléach iad.

Ach féadfaidh críocha neamh-Eorpacha atá faoi dhlínse Bhallstáit leanúint de dhleachtanna a thobhach ar allmhairí agus onnmhairí nó muirir chomhéifeachta más de chineál fioscach go hiomlán iad. Ní bheidh rátaí na ndleachtanna agus na muirear sin ná córas a rialaithe ina gcúis le haon idirdhealú idir an Stát sin agus na Ballstáit eile.

Airteagal 94 agus 95

(Aisghairthe)

Airteagal 96

Díothóidh na Ballstáit gach srian, mar gheall ar náisiúntacht, ar chearta náisiúnach d'aon Bhallstát gabháil le fostaíocht oilte i réimse an fhuinnimh núicléach, faoi réir na dteorainneacha a thig ó bhunriachtanais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sláinte poiblí.

Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a iarrfaidh tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta ar dtús, treoracha a eisiúint maidir leis an nós imeachta a bhainfidh leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 97

Ní chuirfear aon srianta mar gheall ar náisiúntacht i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, poiblí na príobháideach, faoi dhlínse Bhallstáit, más mian leo bheith rannpháirteach i bhfoirgniú suiteálacha núicléacha de chineál eolaíoch nó tionsclaíoch sa Chomhphobal.

Airteagal 98

Déanfaidh Ballstáit gach beart is gá chun go n-éascófar déanamh conarthaí árachais a chumhdóidh fiontair núicléacha.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a iarrfaidh tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta ar dtús, agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, treoracha a eisiúint maidir leis an nós imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 99

Féadfaidh an Coimisiún moltaí ar bith a dhéanamh le go n-éascófar na gluaiseachtaí caipitil atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí tionscail in Iarscríbhinn II atá i gceangal leis an gConradh seo a mhaoiniú.

Airteagal 100

(Aisghairthe)

CAIBIDIL 10

Caidreamh seachtrach

Airteagal 101

Féadfaidh an Comhphobal, laistigh de theorainneacha a chumhachtaí agus a inniúlachtaí, dul faoi oibleagáidí trí chomhaontuithe nó conarthaí a dhéanamh le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stat.

Déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe nó na conarthaí sin a chaibidil de réir threoracha na Comhairle; tabharfaidh an Coimisiún i gcrích iad le formheas na Comhairle, a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe.

Ach na comhaontuithe nó na conarthaí nach gá gníomhaíocht ón gComhairle lena gcur i bhfeidhm agus ar féidir iad a dhéanamh laistigh de theorainneacha an bhuiséid iomchuí, is é an Coimisiún amháin a dhéanfaidh caibidil ina leith agus a thabharfaidh i gcrích iad; coimeádfaidh an Coimisiún an Chomhairle san eolas ina dtaobh.

Airteagal 102

Comhaontuithe nó conarthaí a dhéanfar le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, agus a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó, i dteannta an Chomhphobail, ina bpáirtithe iontu, ní thiocfaidh siad i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh na Ballstáit uile lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil na comhaontuithe nó na conarthaí sin tar éis teacht chun bheith infheidhme de réir fhorálacha a ndlíthe náisiúnta faoi seach.

Airteagal 103

Beidh ar Bhallstáit dréachtchomhaontuithe nó dréachtchonarthaí le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát a chur in iúl don Choimisiún, má bhaineann na comhaontuithe nó na conarthaí sin le hábhair a thagann faoi réim an Chonartha seo.

Má bhíonn i ndréachtchomhaontú nó i ndréachtchonradh clásail a chuireann bac ar fheidhmiú an Chonartha seo, cuirfidh an Coimisiún a bharúlacha i bhfios don Stát lena mbaineann laistigh de mhí tar éis scéala dá réir sin a fháil.

Ní fhéadfaidh an Stát an comhaontú nó an conradh atá beartaithe a thabhairt i gcrích go dtí go sásóidh sé agóidí an Choimisiúin nó go gcomhlíonfaidh sé rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus breithniú á dhéanamh go práinneach aici ar iarratas ón Stát, ar luí na gclásal beartaithe le forálacha an Chonartha seo. Féadfar iarratas a dhéanamh chun Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith tar éis don Stát barúlacha an Choimisiúin a fháil.

Airteagal 104

Ní fhéadfaidh duine ná gnóthas ar bith a bheidh ag déanamh nó ag athnuachan comhaontú nó conradh le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thriú Stát, tar éis an 1 Eanáir 1958, nó, i gcás Stáit aontacha, tar éis dháta a n-aontachais, an comhaontú nó an conradh sin a agairt chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gConradh seo a sheachaint.

Déanfaidh gach Ballstát cibé bearta is gá leis chun gach faisnéis a thabhairt don Choimisiún, arna iarraidh don Choimisiún, i dtaobh comhaontuithe nó conarthaí a dhéanfaidh aon duine nó gnóthas le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, tar éis na ndátaí dá dtagraítear sa chéad mhír, agus a thagann faoi réim an Chonartha seo. Ní fhéadfaidh an Coimisiún faisnéis mar sin a éileamh ach amháin chun a fhíorú nach bhfuil sna comhaontuithe ná sna conarthaí sin clásail a chuireann bac ar fheidhmiú an Chonartha seo.

Ar iarratas ón gCoimisiún, tabharfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú ar luí na gcomhaontuithe nó na gconarthaí sin le forálacha an Chonartha seo.

Airteagal 105

Ní bhainfear leas as forálacha an Chonartha seo chun cosc a chur le comhaontuithe nó conarthaí a chur i ngníomh a bhí tugtha i gcrích ag Ballstát, duine nó gnóthas le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais, má chuirtear na comhaontuithe nó na conarthaí sin in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis na ndátaí réamhráite.

Ach comhaontuithe nó conarthaí a thabharfaidh duine nó gnóthas i gcrích le triú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, idir an 25 Márta 1957 agus an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stáit aontacha, idir dáta na hionstraime aontachais a shíniú agus dáta a n-aontachais, ní bhainfear leas astu chun gan an Conradh seo a chur i ngníomh más rud é, i dtuairim Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag rialú di ar iarratas ón gCoimisiún, gur chun éalú a bheith aige ó fhorálacha an Chonartha seo cúis amháin de na cúiseanna cinntitheacha a bhí ag ceachtar páirtí leis an gcomhaontú nó an conradh a thabhairt i gcrích.

Airteagal 106

Ballstáit a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu le tríú tíortha, roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás na Stát aontach, roimh dháta a n-aontachais, a bhfuil foráil iontu le haghaidh comharaíochta i réimse an fhuinnimh núicléach, beidh orthu, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, dul i mbun caibidlí mar is gá leis na tríú Stáit sin chun a áirithiú go nglacfaidh an Comhphobal chuige féin, a mhéid is féidir, na cearta agus na hoibleagáidí a thiocfaidh as na comhaontuithe sin.

Aon chomhaontú nua a thiocfaidh as na caibidlí sin, is gá dó toiliú an Bhallstáit nó na mBallstát a shínigh na comhaontuithe dá dtagraítear thuas mar aon le formheas na Comhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

TEIDEAL III

FORÁLACHA AG RIALÚ NA N-INSTITIÚIDÍ AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL 1

Forálacha áirithe den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm

Airteagal 106a

1.   Beidh feidhm maidir leis an gConradh seo ag Airteagal 7, ag Airteagail 13 go 19, agus ag Airteagal 48(2) go (5), ag Airteagail 49 agus 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ag Airteagal 15, ag Airteagail 223 go 236, ag Airteagail 237 go 244, ag Airteagal 245, ag Airteagail 246 go 270, ag Airteagail 272, 273 agus 274, ag Airteagail 277 go 281, ag Airteagail 285 go 304, ag Airteagail 310 go 320, ag Airteagail 322 go 325 agus ag Airteagail 336, 342 agus 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag an bPrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha.

2.   Faoi chuimsiú an Chonartha seo, glacfar leis na tagairtí don Aontas, don Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do na Conarthaí sna forálacha atá luaite i mír 1 agus na tagairtí i bhforálacha na bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí sin agus leis an gConradh seo araon mar thagairtí don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus don Chonradh seo, faoi seach.

3.   Ní dhéanfaidh forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maolú ar fhorálacha an Chonartha seo.

CAIBIDIL 2

Institiúidí an Chomhphobail

Roinn I

Parlaimint na hEorpa

Airteagail 107 go 114

(Aisghairthe)

Roinn 2

An Chomhairle

Airteagail 115 go 123

(Aisghairthe)

Roinn 3

An Coimisiún

Airteagail 124 go 133

(Aisghairthe)

Airteagal 134

1.   Bunaítear leis seo Coiste Eolaíoch agus Teicniúil; beidh sé i gceangal leis an gCoimisiún agus beidh stádas comhairleach aige.

Ní foláir dul i gcomhairle leis an gCoiste i gcás ina bhforáiltear sin leis an gConradh seo. Féadfar dul i gcomhairle leis an gCoiste i ngach cás inar dóigh leis an gCoimisiún gur cuí sin.

2.   Dhá chomhalta is daichead a bheidh ar an gCoiste agus is í an Chomhairle a cheapfaidh iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Déanfar comhaltaí an Choiste a cheapadh ina gcáil phearsanta ar feadh cúig bliana. Féadfar a gceapachán a athnuachan. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha.

Toghfaidh an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil a chathaoirleach agus a oifigigh as líon a chomhaltaí gach bliain.

Airteagal 135

Féadfaidh an Coimisiún dul in aon dáil chomhairle agus aon ghrúpaí staidéir a bhunú is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.

Roinn 4

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Airteagail 136 go 143

(Aisghairthe)

Airteagal 144

Beidh dlínse gan teorainn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(a)

in imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 12 chun a chinneadh cad iad na téarmaí iomchuí faoina bhféadfaidh an Coimisiún ceadúnais nó focheadúnais a dheonú;

(b)

in imeachtaí arna dtionscnamh ag daoine nó ag gnóthais i gcoinne smachtbhannaí a chuir an Coimisiún orthu faoi Airteagal 83.

Airteagal 145

Má mheasann an Coimisiún go ndearna duine nó gnóthas sárú ar an gConradh seo ar sárú é nach mbaineann forálacha Airteagal 83 leis, iarrfaidh sé ar an mBallstát a bhfuil dlínse aige ar an duine nó ar an ngnóthas sin a chur faoi deara smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i leith an tsáraithe de réir a reachtaíochta náisiúnta.

Mura ngéillfidh an Stát a bheidh i gceist don iarratas laistigh den tréimhse a bheidh leagtha sios ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh d'fhonn an sárú inar cúisíodh an duine nó an gnóthas a shuíomh.

Airteagail 146 go 156

(Aisghairthe)

Airteagal 157

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chonradh seo, ní bheidh éifeacht fhionraíoch le caingne a thabharfar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, má mheasann sí gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear.

Airteagail 158 go 160

(Aisghairthe)

Roinn 5

An Chúirt Iniúchóirí

Airteagail 160a go 160c

(Aisghairthe)

CAIBIDIL 3

Forálacha is coiteann d'Institiúidí éagsúla

Airteagail 161 go 163

(Aisghairthe)

Airteagal 164

Rialófar an cur i bhfeidhm leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an cur i bhfeidhm. Beidh an t-ordú á chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh, ón údarás náisiúnta a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Choimisiún, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus don Choiste Eadrána a bunaíodh faoi Airteagal 18.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an churtha i bhfeidhm de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.

Ní féidir an cur i bhfeidhm a fhionraí ach amháin trí bhreith Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre lena mbaineann ar ghearáin go bhfuil an cur i bhfeidhm á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

CAIBIDIL 4

An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

Airteagail 165 go 170

(Aisghairthe)

TEIDEAL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS SONRACHA

Airteagal 171

1.   Déanfar meastacháin a tharraingt suas do gach bliain airgeadais d'ioncam agus caiteachas uile an Chomhphobail, seachas ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta agus na nGnóthas Comhpháirteach, agus taispeánfar an t-ioncam agus an caiteachas sin sa bhuiséad oibre nó sa bhuiséad taighde agus infheistíochta.

Ni foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeánfar i ngach buiséad a bheith ar comhardú.

2.   Déanfar buiséadú i gcuntas speisialta le haghaidh ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta, a oibreoidh de réir prionsabail tráchtála.

Déanfar an modh chun an t-ioncam agus an caiteachas sin a mheas, a chur i ngníomh agus a iniúchadh a leagan sios, agus aird chuí á tabhairt ar reachtanna na Gníomhaireachta, i rialacháin airgeadais a dhéanfar de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.   Cuirfear na meastacháin d'ioncam agus caiteachas, mar aon le cuntais oibríochta agus cláir chomhardaithe na nGnóthas Comhpháirteach do gach bliain airgeadais, faoi bhráid an Choimisiúin, na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa de réir reachtanna na nGnóthas sin.

Airteagal 172

1.   (Aisghairthe)

2.   (Aisghairthe)

3.   (Aisghairthe)

4.   Cruinneofar iasachtaí chun taighde nó infheistíocht a mhaoiniú ar théarmaí a chinnfidh an Chomhairle mar a fhoráiltear in Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Comhphobal iasacht a chruinniú ar mhargadh caipitil Ballstáit, de réir na bhforálacha dlí a bhaineann le heisiúintí sa Stát féin, nó, mura bhfuil aon fhorálacha den sórt sin i mBallstát, tar éis don Bhallstát áirithe agus don Choimisún dul i gcomhairle le chéile agus teacht ar réiteach maidir leis an iasacht atá beartaithe.

Ni fhéadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit áirithe a n-aontú a dhiúltú ach amháin má bhíonn cúis ann lena cheapadh go dtarlóidh suaitheadh tromchúiseach ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

Airteagal 173 agus Airteagal 173a

(Aisghairthe)

Airteagal 174

1.   Áireofar go háirithe ar an gcaiteachas a thaispeánfar sa bhuiséad oibre:

(a)

caiteachas riaracháin;

(b)

caiteachas a bhaineann le coimircí agus le sláinte agus sábháilteacht.

2.   Áireofar go háirithe ar an gcaiteachas a thaispeánfar sa bhuiséad taighde agus infheistíochta:

(a)

caiteachas a bhaineann le clár taighde an Chomhphobail a chur i ngníomh;

(b)

aon pháirtíocht i gcaipiteal na Gníomhaireachta agus ina caiteachas infheistíochta;

(c)

caiteachas a bhaineann le forais oiliúna a threalmhú;

(d)

aon pháirtíocht sna Gnóthais Chomhpháirteacha nó i gcomhoibríochtaí áirithe.

Airteagal 175

(Aisghairthe)

Airteagal 176

1.   Faoi réir na dteorainneacha a thig de chláir nó de chinntí lena mbaineann caiteachas agus ar ghá, de bhun an Chonartha seo, aontoilíocht na Comhairle dóibh, áireofar sna suimeanna a dháilfear do chaiteachas ar thaighde agus ar infheistíocht:

(a)

leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chumhdaíonn rannchuid míreanna a dhéanann aonad ar leith agus iomlán comhtháite;

(b)

leithreasaí íocaíochta atá in ionannas leis an tsuim uasta is iníoctha gach bliain i gcomhair na n-oibleagáidí ina ndeachthas faoi fhomhír (a).

2.   Déanfar sceideal na ndátaí a bheidh na hoibleagáidí agus na híocaíochtaí sin dlite a chur mar iarscríbhinn leis an dréachtbhuiséad comhréireach atá á thairiscint ag an gCoimisiún.

3.   Déanfar leithreasaí le haghaidh taighde agus infheistíochta a aicmiú faoi chaibidlí éagsúla de réir a gcineáil nó a gcuspóra agus iad a roinnt, sa mhéid gur gá sin, de réir na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Déanfar údaráis íocaíochta nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain airgeadais eile le cinneadh ón gCoimisiún, mura ndéanfaidh an Chomhairle a mhalairt de chinneadh.

Airteagal 177 go 181

(Aisghairthe)

Airteagal 182

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údarás inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgead reatha ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgead reatha Ballstáit eile, a mhéid is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis an gConradh seo. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgid reatha atá ag teastáil uaidh.

2.   Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh sonraithe ag an Stát áirithe. Chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúide airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.

3.   Maidir leis an gcaiteachas nach foláir don Chomhphobal a thabhú in airgid reatha tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún, sula nglacfar go críochnaitheach leis na buiséid, clár a chur faoi bhráid na Comhairle ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas réamhmheasta sna hairgid reatha éagsúla.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an clár seo a fhormheas. Féadfar é a mhodhnú i gcaitheamh na bliana airgeadais de réir an nós imeachta chéanna.

4.   Déanfaidh na Ballstáit airgead reatha triú tíortha a mbeidh gá leis faoi chomhair an chaiteachais a thaispeánfar sa chlár dá bhforáiltear i mír 3 a aistriú chun an Choimisiúin de réir na scálaí atá leagtha síos in Airteagal 172. Déanfar suimeanna a bhaileoidh an Coimisiún in airgead reatha tríú tíortha a aistriú chun na mBallstát de réir na scálaí céanna.

5.   Féadfaidh an Coimisiún aon suimeanna in airgead reatha tríú tíortha, a fuarthas i bhfoirm iasachtaí a fuair sé sna tíortha sin, a úsáid gan bhac.

6.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe i dtaobh malairte dá bhforáiltear sna míreanna roimhe seo a chur chun feidhme, go hiomlán nó go páirteach, ar an nGníomhaireacht agus ar Ghnóthais Chomhpháirteacha, agus, nuair is iomchuí sin, na socruithe sin a chur in oiriúint dá riachtanais oibríochta.

Airteagal 183 agus Airteagal 183a

(Aisghairthe)

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 184

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an gComhphobal.

Airteagal 185

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an gComhphobal an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Chuige sin, feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Chomhphobail.

Airteagal 186

(Aisghairthe)

Airteagal 187

Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a chruinniú, agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle de réir fhorálacha an Chonartha seo.

Airteagal 188

Beidh dliteanas conarthach an Chomhphobail faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist.

I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Comhphobal, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Chomhphobail faoi rialú ag na forálacha a bheidh leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo.

Airteagal 189

Cinnfidh rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Chomhphobail.

Airteagal 190

(Aisghairthe)

Airteagal 191

Beidh ag an gComhphobal i gcríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá sainithe sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 192

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is cuí, go ginearálta nó go leithleach, chun a chinneadh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thiocfaidh as an gConradh seo nó as gníomh ag institiúidí an Chomhphobail. Éascóidh siad comhlíonadh a chúraimí ag an gComhphobal.

Staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do ghnóthú aidhmeanna an Chonartha seo.

Airteagal 193

Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léiriú nó feidhmiú an Chonartha seo á réiteach ar mhodh ar bith seachas mar a fhoráiltear ann.

Airteagal 194

1.   Beidh de cheangal ar chomhaltaí institiúidí an Chomhphobail, ar chomhaltaí coistí, ar oifigigh agus seirbhísigh eile an Chomhphobail, agus ar aon daoine eile, a mbeidh orthu, i ngeall ar a ndualgais nó a gcaidreamh, poiblí nó príobháideach, le hinstitiúidí nó le suiteálacha an Chomhphobail nó leis na Gnóthais Chomhpháirteacha, aon fhíorais, faisnéis, eolas, doiciméid nó nithe, a bheidh faoi chóras slándála de réir forálacha a bheidh leagtha síos ag Ballstát nó ag institiúid de chuid an Chomhphobail, a fháil, nó fios a fháil orthu, na fíorais, an fhaisnéis, an t-eolas, na doiciméid agus na nithe sin a choimeád ina rún ó aon duine neamhúdaraithe agus ón bpobal i gcoitinne, fiú tar éis deireadh a theacht leis na dualgais nó leis an gcaidreamh sin.

Féachfaidh gach Ballstát ar aon sárú a dhéanfar ar an oibleagáid sin mar ghníomh atá dochrach dá rialacha féin maidir le rúndacht agus mar ghníomh a thig, ó thaobh forais agus dlínse, faoi réim dhlíthe an Bhallstáit maidir le gníomhartha atá dochrach do shlándáil an Stáit nó le nochtadh rún gairmiúil. Déanfaidh an Ballstát sin, ar aon Bhallstát lena mbaineann nó an Coimisiún á iarraidh sin, aon duine laistigh dá dhlínse a chúiseamh a dhéanfaidh aon sárú den sórt sin.

2.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún na forálacha go léir a rialaíonn, laistigh dá chríocha, rúnaicmiú agus rúndacht faisnéise, eolais, doiciméad nó nithe lena mbaineann an Conradh seo.

Déanfaidh an Coimisiún deimhin de go gcuirfear na forálacha sin in iúl do na Ballstáit eile.

Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun gur fusa córas slándála chomh haonfhoirmeach agus chomh cuimsitheach agus is féidir a bhunú go comhleanúnach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit áirithe, moltaí a dhéanamh chun na críche sin.

3.   Beidh de cheangal ar institiúidí an Chomhphobail agus ar a suiteálacha agus ar na Gnóthais Chomhpháirteacha feidhm a thabhairt do rialacha an chórais slándála atá i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil gach ceann acu.

4.   Aon údarás a thabharfaidh institiúid de chuid an Chomhphobail nó Ballstát do dhuine a fheidhmíonn a ghníomhaíochtaí sa réimse lena mbaineann an Conradh seo chun rochtain a bheith aige ar fhíorais, faisnéis, doiciméid nó nithe lena mbaineann an Conradh seo agus atá faoi chóras slándála, tabharfaidh gach institiúid eile agus gach Ballstát eile aitheantas dó.

5.   Ní bheidh forálacha an Airteagail seo ina gcosc ar fheidhmiú forálacha speisialta a thiocfaidh ó chomhaontuithe a rinneadh idir Ballstát agus triú Stát nó eagraíocht idirnáisiúnta.

Airteagal 195

Nuair a bheidh an Conradh seo á chur chun feidhme, comhlíonfaidh institiúidí an Chomhphobail, an Ghníomhaireacht agus na Gnóthais Chomhpháirteacha na coinníollacha maidir le rochtain ar mhianta, ar bhunábhair agus ar ábhair inscoilte speisialta atá leagtha síos i rialacha agus i rialacháin naisiúnta a rinneadh ar chúiseanna a bhain leis an mbeartas poiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

Airteagal 196

Chun críocha an Chonartha seo agus mura bhforáiltear a mhalairt ann:

(a)

ciallaíonn “duine” aon duine nádúrtha a dhéanann a ghníomhaíochtaí go léir, nó cuid acu, i gcríocha na mBallstát laistigh den réimse a shonraítear sa Chaibidil iomchuí den Chonradh seo;

(b)

ciallaíonn “gnóthas” aon ghnóthas nó institiúid a dhéanann a ghníomhaíochtaí go léir nó cuid acu i gcríocha na mBallstát laistigh den réimse a shonraítear sa chaibidil iomchuí den Chonradh seo, cibé stádas dlíthiúil, poiblí nó príobháideach, atá aige.

Airteagal 197

Chun críocha an Chonartha seo:

1.

Ciallaíonn “ábhair inscoilte speisialta” plútóiniam-239; úráiniam-233; úráiniam saibhrithe in úráiniam-235 nó úráiniam-233; aon substaint ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hiseatóipí roimhe seo agus cibé ábhair inscoilte eile a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún; níl bunábhair ar áireamh, áfach, sa téarma “ábhair inscoilte speisialta”.

2.

Ciallaíonn “úráiniam saibhrithe in úrainiam-235 nó úráiniam-233” úráiniam ina bhfuil an cion sin d'úráiniam-235 nó d'úráiniam-233, nó den dá cheann, a thabharfaidh gur mó an coibhneas líonmhaireachta idir suim na n-iseatóipí sin agus iseatóip 238 ná an coibhneas atá sa nádúr idir iseatóip 235 agus iseatóip 238.

3.

Ciallaíonn “bunábhair” úráiniam ina bhfuil an meascán iseatóipí atá sa nádúr; úráiniam ar lú ná an normal an cion d'úráiniam-235 atá ann; tóiriam; aon cheann de na hábhair roimhe seo i bhfoirm miotail, cóimhiotail, comhdhúile ceimicí nó tiubhachain; substaint ar bith eile ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hábhair roimhe seo i dtiubhachan mar a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

4.

Ciallaíonn “mianta” aon mhian ina bhfuil, i meántiubhachán mar a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, substaintí ar féidir na bunábhair a shainítear thuas a fháil astu tríd an bpróiseáil cheimiceach agus fhisiciúil is iomchuí.

Airteagal 198

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le críocha Eorpacha na mBallstát agus leis na críocha neamh-Eorpacha atá faoina ndlínse.

Beidh feidhm aige freisin maidir leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh seachtrach.

Beidh forálacha an Chonartha seo infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

De mhaolú ar na míreanna roimhe seo:

(a)

Ni bhainfidh an Conradh seo le hOileáin Fháró.

Ní bhainfidh an Conradh seo leis an nGraonlainn;

(b)

Ní bhainfidh an Conradh seo le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir;

(c)

Ní bhainfidh an Conradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Riocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(d)

Ní bhainfidh forálacha an Chonartha seo le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a síníodh an 22 Eanáir 1972.

(Pointe (e) aisghairthe)

Airteagal 199

Is de dhualgas an Choimisiúin é a áirithiú go gcoimeádfar gach caidreamh iomchuí le horgáin na Náisiún Aontaithe, a sainghníomhaireachtaí agus na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Déanfaidh an Coimisiún freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád le gach eagraíocht idirnáisiúnta.

Airteagal 200

Bunóidh an Comhphobal gach cineál comharaíochta is iomchuí le Comhairle na hEorpa.

Airteagal 201

Bunóidh an Comhphobal dlúthchomharaíocht leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; socrófar na rialacha mionsonraithe di de thoil a chéile.

Airteagal 202

Ní chuirfidh forálacha an Chonartha seo bac le haontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, ná idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil aidhmeanna na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú trí fheidhmiú an Chonartha seo.

Airteagal 203

Má tharlaíonn gur gá don Chomhphobal gníomhú chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú, agus nach dtugtar sa Chonradh seo na cumhachtaí is gá, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 204 agus Airteagal 205

(Aisghairthe)

Airteagal 206

Féadfaidh an Comhphobal comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, ag bunú comhlachais lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Tabharfaidh an Chomhairle na comhaontuithe sin i gcrích, ag gníomhú di d'aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

I gcás inar gá leasuithe ar an gConradh seo de dhroim na gcomhaontuithe sin, déanfar na leasuithe sin a ghlacadh an chéad uair i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48 (2) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 207

Is cuid dhílis den Chonradh seo na Prótacail atá i gceangal leis de chomhthoil na mBallstát.

Airteagal 208

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN TRÉIMHSE TOSAIGH

(Aisghairthe)

Airteagail 209 go 223

(aisghairthe)

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 224

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo de réir a rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin. Mas rud é, áfach, go ndéanfar an taisceadh sin faoi bhun cúig lá dhéag roimh thús na míosa le teacht, ní thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm go dtí an chéad lá den dara mí tar éis dháta an taiscthe sin.

Airteagal 225

Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na ceithre théacs; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile, agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de Stáit a shínithe.

De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht

(Liosta na sínitheoirí gan atáirgeadh)


(1)  Tá Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, Eíre, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Cróite, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tar éis teacht chun bheith ina gcomhaltaí den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ó shin.


IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I

RÉIMSÍ TAIGHDE A BHAINEANN LE FUINNEAMH NÚICLÉACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 DEN CHONRADH SEO

I   Amh-ábhair

1.

Modhanna cuardaigh agus mianadóireachta bunábhar (úráiniam, tóiriam agus táirgí eile tábhachta ar leith i réimse an fhuinnimh núicléach).

2.

Modhanna chun na hábhair sin a thiubhú agus chun iad a chlaochlú ina gcomhdhúile d'íonacht theicniúil.

3.

Modhanna chun na comhdhúile sin d'íonacht theicniúil a chlaochlú ina gcomhdhúile agus miotail de cháilíocht núicléach.

4.

Modhanna chun na comhdhúile agus na miotail sin — agus plútóiniam, úráiniam-235 nó úráiniam-233, íon nó i dteaglaim leis na comhdhúile nó na miotail sin — a chlaochlú agus a phróiseáil ina n-eilimintí breosla i dtionscail na gceimiceach, na criadóireachta nó na miotalóireachta.

5.

Modhanna chun na heilimintí breosla sin a chosaint ar chreimeadh nó ar chnaí ag oibrithe eachtracha.

6.

Modhanna chun ábhair speisialta eile a úsáidtear i réimse an fhuinnimh núicléach a tháirgeadh, a mhínghlanadh, a phróiseáil agus a chaomhnú, go háirithe:

(a)

measraitheoirí, mar uisce trom, graifít de cháilíocht núicléach, beiriliam agus ocsaíd bheiriliam;

(b)

ábhair fhorganta, mar shiorcóiniam (saor ó haifniam), nióibiam, lantanam, tiotáiniam, beiriliam agus a n-ocsaídí, a gcairbídí agus comhdhúile eile is féidir a úsáid i réimse an fhuinnimh núicléach;

(c)

cuisnitheoirí, mar héiliam, leachtaí orgánacha, sóidiam, cóimhiotail de shóidiam-potaisiam, biosmat, cóimhiotail de bhiosmatluaidhe.

7.

Modhanna scartha iseatóipí:

(a)

d'úráiniam;

(b)

d'ábhair i gcainníochtaí inmheáite is féidir a úsáid chun fuinneamh núicléach a tháirgeadh, mar litiam-6, litiam-7, nitrigin-15 agus bórón-10;

(c)

d'iseatóipí a úsáidtear i gcainníochtaí beaga le haghaidh taighde.

II   Fisic a bhaineann le fuinneamh núicléach

1.

Fisic theoiriciúil fheidhmeach:

(a)

imoibrithe núicléacha lagfhuinnimh, go háirithe imoibrithe a ionduchtaíodh le neodróin;

(b)

scoilteadh;

(c)

imoibriú radaíochta ianúcháin agus fótón le damhna;

(d)

teoiric na staide soladaí;

(e)

staidéar ar chomhleá, go háirithe maidir le hiompraíocht phlasma ianaithe faoi oibriú fórsaí leictreamaighnéadacha agus le teirmidinimic teochtaí fíorarda.

2.

Fisic thurgnamhach fheidhmeach:

(a)

na hábhair a shonraítear in 1 thuas,

(b)

staidéar ar airíonna dúile trasúráineacha a bhfuil tábhacht leo i réimse an fhuinnimh núicléach.

3.

Ríomhaireachtaí imoibritheora:

(a)

fisic theoiriciúil mhacrascapach neodrón;

(b)

tomhais thurgnamhacha neodrón; turgnaimh easpónantúla agus chriticiúla;

(c)

riomhaireachtaí teirmidinimice agus ríomhaireachtaí ar fhriotaíocht ábhar;

(d)

tomhais thurgnamhacha chomhfhreagracha;

(e)

cinéitic imoibritheora, fadhbanna rialúcháin imoibritheora agus turgnaimh iomchuí;

(f)

ríomhaireachtaí a bhaineann le cosaint ar radaíocht agus turgnaimh iomchuí.

III   Ceimic fhisiciúil imoibritheora

1.

Staidéar ar athruithe a thig ar chomhdhéanamh fisiciúil agus ceimiceach, agus ar athruithe a thig ar airíonna teicniúla ábhar éagsúil, sna himoibritheoirí de bharr:

(a)

teas;

(b)

nádúr na n-oibrithe tadhlacha;

(c)

tosca meicniúla.

2.

Staidéar ar dhíghrádú agus feiniméin eile a thig ó ionradaíocht:

(a)

in eilimintí breosla;

(b)

in ábhair fhorganta agus i gcuisnitheoirí;

(c)

i measraitheoirí.

3.

Ceimic anailíseach agus ceimic fhisiciúil anailíseach a chur chun feidhme ar chomhpháirteanna imoibritheora.

4.

Ceimic fhisiciúil imoibritheoirí aonchinéalacha: radaicheimic, cnaí.

IV   Ábhar radaighníomhach a phróiseáil

1.

Modhanna chun plútóiniam agus úráiniam-233 a bhaint as breoslaí ionradaithe, agus inghnóthaitheacht úráiniam nó tóiriam.

2.

Ceimic agus miotalóireacht phlútóiniam.

3.

Modhanna chun dúile trasúráineacha eile a bhaint amach agus ceimic na ndúile sin.

4.

Modhanna bainte amach, agus ceimic, rada-iseatóipí úsáideacha:

(a)

torthaí de bhíthin scoilte;

(b)

rada-iseatóipí a fhaightear trí ionradaíocht.

5.

Iarmhar radaighníomhach gan mhaith a chomhchruinniú agus a stóráil.

V   Feidhmeanna rada-iseatóipí

Feidhm rada-iseatóipí mar eilimintí gníomhacha nó mar rianairí:

(a)

sa tionscal agus san eolaíocht;

(b)

sa mhíochaine agus sa bhitheolaíocht;

(c)

sa talmhaíocht.

VI   Staidéar ar éifeachtaí dochracha na radaíochta ar organachtaí beo

1.

Staidéar ar bhrath agus tomhas radaíochtaí dochracha.

2.

Staidéar ar bhearta leormhaithe coiscthe agus cosanta agus ar na caighdeáin sabháilteachta is iomchuí.

3.

Staidéar ar chóireáil theiripeach in aghaidh éifeachtaí na radaíochta.

VII   Trealamh

Staidéir a bhaineann le déanamh agus feabhsú trealaimh atá ceaptha go speisialta ní hamháin le haghaidh imoibritheoirí ach fós d'aon suiteálacha tionscail agus taighde is gá don obair thaighde thuasluaite sin. Seo roinnt samplaí:

1.

Trealamh meicniúil de na cineálacha seo a leanas:

(a)

caidéil le haghaidh sreabháin speisialta;

(b)

malartóirí teasa;

(c)

gaireas le haghaidh taighde san fhisic núicléach, mar roghnóirí luais neodrón;

(d)

trealamh cianláimhsithe.

2.

Trealamh leictreach de na cineálacha seo a leanas:

(a)

ionstraimí chun radaíocht a bhrath agus a thomhas, a úsáidtear go háirithe:

ag cuardach mianraí,

sa taighde eolaíoch agus teicniúil,

chun imoibritheoirí a rialú,

ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht;

(b)

trealamh chun imoibritheoirí a rialú,

(c)

luasairí cáithníní lagfhuinnimh (suas go 10 MeV).

VIII   Gnéithe eacnamaíocha de tháirgeadh fuinnimh

1.

Staidéar comparáideach, idir theoiriciúil agus thurgnamhach, ar na cineálacha éagsúla imoibritheoirí.

2.

Staidéar teicniúil agus eacnamaíoch ar thimthrialla breoslaí.

IARSCRÍBHINN II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ TIONSCAIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 41 DEN CHONRADH SEO

1.

Mianadóireacht ar mhianta úráiniam agus tóiriam.

2.

Na mianta sin a thiubhú.

3.

Próiseáil cheimiceach agus mínghlanadh ar thiubhachain úráiniam agus tóiriam.

4.

Breoslaí núicléacha, i bhfoirm ar bith, a ullmhú.

5.

Eilimintí breosla núicléach a mhonarú.

6.

Heicseafluairíd úráiniam a tháirgeadh.

7.

Úráiniam saibhrithe a tháirgeadh.

8.

Breoslaí ionradaithe a phróiseáil chun na heilimintí go léir iontu nó aon chuid díobh, a scaradh.

9.

Measraitheoirí imoibritheora a tháirgeadh.

10.

Siorcóiniam saor ó haifniam, nó comhdhúile de, a tháirgeadh.

11.

Imoibritheoirí núicléacha de gach cineál agus chun gach críche.

12.

Saoráidí chun próiseáil thionsclaíoch a dhéanamh ar iarmhar radaighníomhach, arna mbunú i dteannta saoráide nó saoráidí dá sonraítear sa liosta seo.

13.

Fearais leath-thionsclaíocha atá ceaptha chun an bealach a réiteach le haghaidh gléasraí a dhéanamh a bhaineann le ceann de na rannóga 3 go 10.

IARSCRÍBHINN III

BUNTÁISTÍ IS INDEONAITHE DO GHNÓTHAIS CHOMHPHÁIRTEACHA FAOI AIRTEAGAL 48 DEN CHONRADH SEO

1.

(a)

Aitheantas ar stádas leas an phobail, de réir na reachtaíochta naisiúnta, a bheith ag baint le seilbh a fháil ar mhaoin dhochorraithe a bhfuil gá léi chun Gnóthais Chomhpháirteacha a bhunú.

(b)

Feidhmiú, de réir na reachtaíochta náisiúnta, an nós imeachta chun seilbh a thógáil go héigeantach ar mhaoin ar mhaithe le leas an phobail, ionas go bhféadfar maoin a thógáil amhlaidh mura dtagtar ar chomhaontú cairdiúil.

2.

An ceart chun ceadúnais a fháil, trí eadráin nó faoi chumhachtaí éigeantacha mar a fhoráiltear in Airteagail 17 go 23.

3.

Saoirseacht ó gach dleacht agus muirear nuair a bhunaítear Gnóthais Chomhpháirteacha agus ó gach muirear ar shócmhainní a thugtar.

4.

Saoirseacht ó gach dleacht agus muirear a thobhaítear i leith seilbh a fháil ar mhaoin dhochorraithe agus ó gach muirear clárúcháin agus taifid ina leith.

5.

Saoirseacht ó gach dleacht dhíreach a bheadh inchurtha d'éagmais na forála seo ar Ghnóthais Chomhpháirteacha, ar a maoin, a sócmhainní agus a n-ioncam.

6.

Saoirseacht ó gach dleacht chustaim agus gach muirear comhéifeachta agus ó gach toirmeasc agus srian ar allmhairí agus onnmhairí, cibé acu de chineál eacnamaíoch nó fioscach dóibh, i gcás:

(a)

ábhar eolaíoch agus teicniúil, cé is moite d'ábhair fhoirgníochta agus ábhar le haghaidh riaracháin;

(b)

substaintí a ndearnadh nó a ndéanfar próiseáil orthu sa Ghnóthas Comhpháirteach.

7.

Saoráidí malairte dá bhforáiltear in Airteagal 182(6).

8.

Díolúine ó shrianta ar dhul isteach agus ar chónaí a dhéanamh do náisiúnaigh Bhallstát atá fostaithe ag Gnóthais Chomhpháirteacha agus dá gcéilí agus do bhaill chleithiúnacha dá dteaghlaigh.

IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE NA hEARRAÍ AGUS NA TÁIRGÍ ATÁ FAOI RÉIR FHORÁLACHA CHAIBIDIL 9 AR AN gCÓMHARGADH NÚICLÉACH

Liosta A1

Mianta úráiniam ina bhfuil thar 5 faoin gcéad de réir meáchain d'úráiniam nádúrtha.

Uráininít ina bhfuil thar 5 faoin gcéad de réir meáchain d'úráiniam nádúrtha.

Ocsaíd úrainiam.

Comhdhúile neamhorgánacha d'úráiniam nádúrtha seachas oscáid úráiniam agus heicseafluairíd úráiniam.

Comhdhúile orgánacha d'úráiniam nádúrtha.

Úráiniam nádúrtha, amh nó próiseáilte.

Cóimhiotail ina bhfuil plútóiniam.

Comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha d'úráiniam saibhrithe i gcomhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha d'úráiniam-235.

Comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha d'úráiniam-233.

Tóiriam saibhrithe in úráiniam-233.

Comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha de phlútóiniam.

Úráiniam saibhrithe i bplútóiniam.

Úráiniam saibhrithe in úráiniam-235.

Cóimhiotail ina bhfuil úráiniam saibhrithe in úráiniam-235 nó úráiniam-233.

Plútóiniam.

Úráiniam-233.

Heicscafluairíd úráiniam.

Monaisít.

Mianta tóiriam ina bhfuil thar 20 faoin gcéad de réir meáchain de thóiriam.

Úráineo-tóiriainit ina bhfuil thar 20 faoin gcéad de thóiriam.

Tóiriam amh nó próiseáilte.

Ocsaíd tóiriam.

Comhdhúile neamhorgánacha de thóiriam seachas ocsaíd tóiriam.

Comhdhúile orgánacha de thóiriam.

Liosta A2

Deoitéiriam agus a chomhdhúile (lena n-áirítear uisce trom) inar mó ná 1: 5 000 an coibhneas idir uimhir na n-adamh deoitéiriam agus uimhir na n-adamh normalach hidrigine.

Trompharaifin inar mó ná 1: 5 000 an coibhneas idir uimhir na n-adamh deoitéiriam agus uimhir na n-adamh normalach hidrigine.

Meascáin agus tuaslagáin inar mó ná 1: 5 000 an coibhneas idir uimhir na n-adamh deoitéiriam agus uimhir na n-adamh normalach hidrigine.

Imoibritheoirí núicleacha.

Trealamh chun iseatóipí úráiniam a scaradh trí idirleathadh gásach nó ar mhodhanna eile.

Trealamh chun deoitéiriam, a chomhdhúile (lena n-áirítear uisce trom) agus a dhíorthaigh agus meascáin nó tuaslagáin, ina bhfuil deoitéiriam, a tháirgeadh, agus inar mó ná 1: 5 000 an coibhneas idir uimhir na n-adamh deoitéiriam agus uimhir na n-adamh normalach hidrigine:

trealamh a oibríonn trí leictriliú uisce,

trealamh a oibríonn trí uisce, hidrigin leachtach, etc. a dhriogadh,

trealamh a oibríonn trí mhalartú iseatóipeach idir suilfíd hidrigine agus uisce, trí athrú teochta,

trealamh a oibríonn trí theicnicí eile.

Trealamh atá ceaptha go speisialta chun próiseáil cheimiceach a dhéanamh ar ábhar radaighníomhach:

trealamh chun breosla ionradaithe a scaradh:

ar bhealach ceimiceach (tuaslagáin, deascúcháin, ianmhalartú, etc.),

ar bhealach fisiciúil (driogadh codánach, etc.),

trealamh dramh-phróiseála,

trealamh chun breosla a thimthriall athuair.

Feithiclí atá ceaptha go speisialta chun substaintí ard-radaighníomhacha a iompar:

veaineanna, vaigíní agus trucailí chun earraí a iompar d'iarnród, de thrambhealach nó ar rianta, de leithead ar bith,

mótarleoraithe,

mótarthrucailí monarchan chun earraí a láimhsiú,

leantóirí agus leathleantóirí agus feithiclí eile nach cinn inneallghluaiste.

Coimeádáin le sciathú luaidhe in aghaidh radaíochta chun ábhar radaighníomhach a iompar nó a stóráil.

Iseatóipí radaighníomhacha saorga agus a gcomhdhúile neamhorgánacha nó orgánacha.

Cianláimhsitheoirí meicniúla atá ceaptha go speisialta chun substaintí ard-radaighníomhacha a láimhsiú:

fearas láimhsithe meicniúil, daingean nó gluaisteach, ach nach féidir a oibriú de láimh.

Liosta B

(Scriosadh iontráil)

Mianta litiam agus tiubhachain.

Miotail de cháilíocht núicléach:

beiriliam amh,

hiosmat amh,

nióibiam amh (colaimbiam),

siorcóiniam (saor ó haifniam) amh,

litiam amh,

alúmanam amh,

cailciam amh,

maignéisiam amh.

Trífhluairíd bhóróin.

Aigéad hidreafluarach ainhidreach.

Trífhluairíd chlóirin.

Trífhluairíd bhróimín.

Hidreocsaíd litiam.

Fluairíd litiam.

Clóiríd litiam.

Hidríd litiam.

Carbónáit litiam.

Ocsaíd bheiriliam de cháilíocht núicléach.

Brící teasfhulangacha d'ocsaíd bheiriliam de cháilíocht núicléach.

Táirgí teasfhulangacha eile d'ocsaíd bheiriliam de cháilíocht núicléach.

Graifít shaorga i bhfoirm blocanna nó barraí ina bhfuil an cion bóróin níos lú ná, nó cóimhéid le, páirt amháin sa mhilliún agus ina bhfuil an trasghearradh micreascópach go léir d'ionsú neodrón teirmeach níos lú ná, nó cóimhéid le, 5 mhilleabarn.

Iseatóipí cobhsaí atá scartha go saorga.

Deighilteoirí ian leictreamaighnéadacha, lena n-áirítear mais-speictreagraif agus mais-speictriméadair.

Samhlaitheoirí imoibritheora (ríomhairí analacháide speisialta).

Cianláimhsitheoirí meicniúla:

lámhrialaithe (i.e. faoi rialú láimhe mar a bheadh uirlis ann).

Caidéil leacht-mhiotail.

Caidéil ardfholúis.

Malartóirí teasa atá ceaptha go speisialta do stáisiúin chumhachta núicléacha.

Ionstraimí braite radaíochta (agus páirteanna breise) d'aon chineál acu seo a leanas, atá ceaptha go speisialta, nó inchurtha in oiriúint, chun radaíocht núicléach a bhrath nó a thomhas, mar atá alfa- agus béata-cháithníní, gamma-ghathanna, neodróin agus prótóin:

feadáin d'áiritheoirí Geiger agus d'áiritheoirí comhréireacha,

ionstraimí braite nó tomhais ina bhfuil feadáin Geiger-Muller nó d'áiritheoirí comhréireacha,

ianlanna,

ionstraimí ina bhfuil ianlanna,

trealamh braite nó tomhais radaíochta chun mianraí a chuardach agus chun imoibritheoirí, aer, uisce nó cré a thástáil,

feadáin bhraite neodrón a úsáideann bórón, trifhluairíd bhóróin, hidrigin nó dúil inscoilte,

ionstraimí braite nó tomhais ina bhfuil feadáin bhraite neodrón a úsáideann bórón, trífhluairíd bhóróin, hidrigin nó dúil inscoilte,

criostail drithlí, gléasta nó i gcás miotail (drithleoirí soladacha),

ionstraimí braite nó tomhais ina bhfuil drithleoirí leachtacha soladacha nó gásacha,

aimplitheoirí atá ceaptha go speisialta do thomhais núicléacha, lena n-áirítear aimplitheoirí líneacha, réamhaimplitheoirí, aimplitheoirí dáilte agus anailíseoirí bíog-airde,

deiseanna comhthitime lena n-úsáid le brathadóirí radaíochta,

leictreascóip agus leictriméadair, lena n-áirítear dosaiméadair (ach gan iad seo a leanas a áireamh; ionstraimí atá ceaptha le haghaidh teagaisc, leictreascóip shimplí duillí miotail, dosaiméadair atá ceaptha go speisialta lena n-úsáid le trealamh liachta X-gha agus ionstraimí tomhais leictreastatach),

ionstraimí atá in ann sruth faoi bhun micri-mhicri-aimpéar amháin a thomhas,

feadáin fóta-iolraitheoirí le fótacatóid a thugann sruth 10 mhicri-aimpéar ar a laghad an lúman agus inar mó ná 105 an meánaimpliú, agus iolraitheoir leictreach d'aon chineál eile a ghníomhachtaítear le hiain dhearfacha,

scálóiri agus suimeálaitheoirí leictreonacha chun radaíocht a bhrath.

Cioclatróin, gineadóirí leictreastatacha de chineálacha Van de Graaff nó Cockroft-Walton, luasairí líneacha agus meaisíní eile atá in ann fuinneamh is mó ná 1 MeV a thabhairt do cháithníní núicléacha.

Maighnéid atá ceaptha agus déanta go speisialta do na meaisíní agus don trealamh (cioclatróin etc.) thuasluaite.

Feadáin luasghéaraithe agus fócasaithe den chineál a úsáidtear i mais-speictriméadair agus i mais-speictreagraif.

Foinsí diana leictreonacha d'iain dhearfacha lena n-úsáid le luasairí cáithníní, mais-speictriméadair agus deiseanna dá samhail.

Plátghloine frithradaíochta:

plátghloine theilgthe nó rollta (lena n-áirítear gloine shreangaithe nó léadaithe) i gcearnóga nó i ndronuilleoga, snoite nó snasta ach gan oibriú thairis sin orthu,

plátghloine theilgthe nó rollta (snoite nó snasta nó gan a bheith) gearrtha de réir crutha seachas cruth cearnach nó dronuilleogach, nó lúbtha nó oibrithe ar shlí eile (mar shampla, ciumhaisoibrithe nó greanta);

gloine shábháilteachta, arb é atá inti gloine righnithe nó lannaithe, cumtha nó gan a bheith.

Éadaí aerdhíonacha a thugann cosaint in aghaidh radaíochta nó truailliú radaighníomhaíochta:

de phlaisteach,

de rubar,

d'uige tuilithe nó cótáilt:

le haghaidh fear,

le haghaidh ban.

Défhionail (nuair is é atá ann dáiríre an hidreacarbón aramatach C6H5C6H5).

Trífhionail.

IARSCRÍBHINN V

RÉAMHCHLÁR TAIGHDE AGUS TEAGAISC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 215 DEN CHONRADH SEO

(Aisghairthe)


PRÓTACAIL

PRÓTACAL MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist a bhaineann le heagrúchán agus le cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit é an dóigh a ndéanann na Parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh,

ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha reachtacha an Aontais Eorpaigh agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL I

FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Airteagal 1

Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Airteagal 2

Dréachtghníomhartha reachtacha a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn “dréachtghníomhartha reachtacha” tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig an gComhairle iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Airteagal 3

Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, de réir an nós imeachta a leagtar síos sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 4

Rachaidh tréimhse ocht seachtaine in éag idir an dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach ar fáil do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla an Aontais agus an dáta a gcuirfear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaigh. Féadfaidh eisceachtaí i gcásanna práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar teacht ar aon chomhaontú ar dhréachtghníomh reachtach le linn na n-ocht seachtaine sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag idir dréachtghníomh reachtach a chur ar chlár oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.

Airteagal 5

Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig rialtais na mBallstát iad.

Airteagal 6

Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

Airteagal 7

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar eolas san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

Airteagal 8

Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí a chomhdhéanta.

TEIDEAL II

COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH

Airteagal 9

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san Aontas.

Airteagal 10

Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta. Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.

PRÓTACAL AR REACHT CHÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus feidhmeoidh sí de réir fhorálacha na gConarthaí, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus an Reachta seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn, os comhair na Cúirte Breithiúnais, ina suí di i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnófar imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh infheidhme ar Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sna míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad bheith ag gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, díolúine d'eisceacht.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt Bhreithiúnais. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éireoidh Breitheamh as oifig, díreofar a litir ag éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d'aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin. Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine lena mbaineann, tabharfaidh an Chúirt breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte breith na Cúirte in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breith ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRÚ NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 9

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar leath de líon na mBreithiúna. Más corruimhir atá i líon na mBreithiúna, athrófar go malartach iad ag tosnú le duine os cionn leath de líon na mbreithiúna agus ansin le duine níos lú ná leath dá líon.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad mhír nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta, gach trí bliana.

Airteagal 9a

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán agus Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh.

Beidh an Leasuachtarán de chúnamh ag an Uachtarán i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Glacfaidh sé ionad an Uachtaráin nuair nach féidir don Uachtarán a bheith i láthair nó nuair a bheidh oifig an Uachtaráin folamh.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Féadfar a cheangal ar Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhaíonn mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is í an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a cheapfaidh iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnta.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais eagar dlísheomraí de thriúr agus de chúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Cúig Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Leasuachtarán na Cúirte agus, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, triúr Uachtarán as líon Uachtarán na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile.

Suífidh an Chúirt mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt mar chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal 228(2), Airteagal 245(2), Airteagal 247 nó Airteagal 286(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gcúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte Breithiúnais bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá aon Bhreitheamh déag ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá seacht mBreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó comhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt Bhreithiúnais aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte Breithiúnais; féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais ina dhá chuid: i scríbhinn agus ó bhéal.

Is éard é an nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cháis, cosaintí agus tuairimí, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig institiúidí de chuid an Aontais a bhfuil a gcinntí faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an Chúirt d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin finnéithe agus saineolaithe, má bhíonn siad ann, a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte Breithiúnais trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is cuí sin, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, de réir an Airteagail sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a bhunú.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte.

Airteagal 23a (1)

Féadfar a fhoráil leis na Rialacha Nós Imeachta do nós imeachta brostaithe agus, i gcás tarchur chun réamhrialú a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, do nós imeachta práinne.

Féadfar a fhoráil leis na nósanna imeachta sin, maidir le ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh, do thréimhse is giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 23, agus, de mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfar a fhoráil leo go gcinnfear an cás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Chomh maith leis sin, féadfar a fhoráil leis an nós imeachta práinne do shrianadh a dhéanamh ar na páirtithe agus ar na daoine leasmhara eile a luaitear in Airteagal 23, a n-údaraítear dóibh ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh agus, i gcásanna deargphráinne, féadfar a fhoráil go bhfágfaí céim scríbhinne an nós imeachta ar lár.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt Bhreithiúnais is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt a cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí, ar na hoifigí agus ar na gníomhaireachtaí nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile ar bith is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena fheidhmiú go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is cuí sin, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt Bhreithiúnais a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte Breithiúnais ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt Bhreithiúnais na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 278 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Féadfaidh Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú.

Mura féidir don Uachtarán agus don Leasuachtarán a bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a n-ionad faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Bhreithiúnais.

Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh le cinneadh leis na rialacha nós imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó réim bhreithiúnais, forléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid an Aontais a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Cinnfear leis na rialacha nós imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid an Aontais. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair is cuí sin.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.

TEIDEAL IV

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA

Airteagal 47

Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagal 9a, ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15, agus ag an gcéad, an dara, an ceathrú agus an cúigiú mír d'Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus a comhaltaí.

Beidh feidhm mutatatis mutandis ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 48

Sa Chúirt Ghinearálta beidh:

(a)

40 Breitheamh amhail ón 25 Nollaig 2015;

(b)

47 mBreitheamh amhail ón 1 Meán Fómhair 2016;

(c)

beirt Bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit amhail ón 1 Meán Fómhair 2019.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Ginearálta cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, chun cuidiú leis an gCúirt Ghinearálta i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna rialacha nós imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas:

cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Ginearálta síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Ghinearálta ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta faoi údarás Uachtarán na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Féadfar maolú sna rialacha nós imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta; mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais; mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Ginearálta, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Ginearálta, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta

Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid an Aontais an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Ghinearálta dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí lena mbaineann agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí an Aontais fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit nó institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Ginearálta go díreach leo.

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreith de chuid na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach amháin le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal 280 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfaidh breitheanna na Cúirte Ginearálta á dhearbhú rialachán a bheith ar neamhní éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an rialacháin neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Ghinearálta an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Ghinearálta.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Ginearálta, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Ginearálta difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n-eascraíonn toradh na n-imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Ginearálta, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Ghinearálta.

TEIDEAL IVa

CÚIRTEANNA SPEISIALAITHE

Airteagal 62c

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na gcúirteanna speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Breithiúna sealadacha a chur ag gabháil leis na cúirteanna speisialaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad. Sa chás sin, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na coinníollacha faoina ndéanfar na Breithiúna sealadacha a cheapadh, agus leagfaidh siad síos na cearta a bheidh acu agus na dualgais a bheidh orthu, agus na rialacha mionsonraithe lena rialófar comhlíonadh a ndualgas agus na himthosca ina scoirfidh siad de chomhlíonadh na ndualgas sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur chun feidhme agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Leagfar síos le rialachán ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh na socruithe teanga is infheidhme i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Glacfar an rialachán sin ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais agus le Parlaimint na hEorpa.

Go dtí go nglacfar na rialacha sin, leanfaidh na forálacha i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a rialaíonn socruithe teanga d'fheidhm a bheith acu. De mhaolú ar Airteagail 253 agus 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní fhéadfar na forálacha sin a leasú ná a aisghairm ach amháin le toiliú d'aon toil ón gComhairle.

IARSCRÍBHINN I

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Binse na Seirbhíse Sibhialta” anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

1.   Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

2.   Ceapfar Breithiúna sealadacha, i dteannta leis na Breithiúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna, ar Breithiúna iad nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad.

Airteagal 3

1.   Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2.   Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCúirt Bhreithiúnais, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3.   Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4.   Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2.   Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3.   Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4.   Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1.   Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Ginearálta, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Ghinearálta a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2.   Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1.   Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Ginearálta maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3.   Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4.   Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5.   Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1.   Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta.

2.   Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Ghinearálta ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Ginearálta. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Ghinearálta go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3.   Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Ghinearálta.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1.   Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne aon bhreith de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3.   Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an mBinse.

2.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1.   Gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2.   Má dhéantar achomharc i gcoinne breith de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1.   Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Ghinearálta breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2.   Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Ginearálta maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

PRÓTACAL MAIDIR LE SUÍMH INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH, SUÍMH COMHLACHTAÍ, OIFIGÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS RANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A SHOCRÚ

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 341 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal Aonair

(a)

Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

(b)

Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

(c)

Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

(d)

Beidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

(e)

Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

(f)

Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

(g)

Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

(h)

Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

(i)

Beidh suíomh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

(j)

Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.

PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de réir d'Airteagal 343 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA), go mbeidh ag an Aontas Eorpach agus ag an CEFA, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

CAIBIDIL 1

Maoin, cistí, sócmhainní agus oibríochtaí an Aontais Eorpaigh

Airteagal 1

Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, fhoréileamh, choigistiú nó dhíshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 2

Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.

Airteagal 3

Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin chun feidhme, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh.

Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

Airteagal 4

Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch na tíre ar allmhairíodh isteach inti iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag Rialtas na tíre sin.

Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena fhoilseacháin.

CAIBIDIL 2

Cumarsáidí agus laissez-passer

Airteagal 5

(sean-Airteagal 6)

Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.

Airteagal 6

(sean-Airteagal 7)

Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne oifigeach agus i gCoinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile don Aontas.

Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú tíortha.

CAIBIDIL 3

Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa

Airteagal 7

(sean-Airteagal 8)

Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.

Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custam agus rialú malairte:

(a)

óna Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigcrích ar mhisin oifigiúla shealadacha;

(b)

ó Rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

Airteagal 8

(sean-Airteagal 9)

Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

Airteagal 9

(sean-Airteagal 10)

Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

(a)

i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;

(b)

i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.

CAIBIDIL 4

Ionadaithe Ballstát a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais Eorpaigh

Airteagal 10

(sean-Airteagal 11)

Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.

CAIBIDIL 5

Oifigigh agus Seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

Airteagal 11

(sean-Airteagal 12)

I gcríoch gach Ballstáit agus cibé náisiúntacht atá acu, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas:

(a)

beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b)

ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c)

tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh sa tír áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre ina bhfeidhmítear an ceart sin;

(e)

beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre áirithe.

Airteagal 12

(sean-Airteagal 13)

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, phá agus éadálacha a d'íoc an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, pá agus éadálacha a íocfaidh an tAontas.

Airteagal 13

(sean-Airteagal 14)

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Ballstáit den Aontas, a chur chun feidhme, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Bhallstáit seachas a dtír shainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i dtír a gcónaithe iarbhír agus sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa tír sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus atá i gcríoch na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa tír sin; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ag cur forálacha an Airteagail seo chun feidhme, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Airteagal 14

(sean-Airteagal 15)

Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Airteagal 15

(sean-Airteagal 16)

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile don Aontas a mbainfidh forálacha Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do Rialtais na mBallstát.

CAIBIDIL 6

Pribhléidí agus díolúintí misean ó thríú íortha a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach

Airteagal 16

(sean-Airteagal 17)

Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a suíomh ag an Aontas na díolúintí agus na pribhléidí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú tíortha atá creidiúnaithe don Aontas.

CAIBIDIL 7

Forálacha ginearálta

Airteagal 17

(sean-Airteagal 18)

Is chun leasa an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna an Aontais.

Airteagal 18

(sean-Airteagal 19)

D'fhonn an Prótacal seo a chur chun feidhme, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 19

(sean-Airteagal 20)

Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le hUachtarán na Comhairle Eorpaí.

Bainfidh siad le comhaltaí an Choimisiúin freisin.

Airteagal 20

(sean-Airteagal 21)

Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 21

(sean-Airteagal 22)

Bainfidh an Prótacal seo freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail ar Reacht an Bhainc.

Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Airteagal 22

(sean-Airteagal 23)

Beidh an Prótacal seo infheidhme freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar chomhaltaí a orgán agus ar a fhoireann, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

PRÓTACAL MAIDIR LE hAIRTEAGAL 40.3.3 DE BHUNREACHT NA hÉIREANN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Ní dhéanfaidh aon ní sna Conarthaí, sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí ag leasú nó ag forlíonadh na gConarthaí sin aon difear d'Airteagal 40.3.3. de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.

PRÓTACAL MAIDIR LE FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ó fhorálacha institiúideacha na gConarthaí a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin go dtí na forálacha sa Chonradh sin, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Sa Phrótacal seo, ciallóidh “na Conarthaí” an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TEIDEAL I

FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 2

1.   Don tréimhse sin den téarma parlaiminteach 2009-2014 atá fágtha an dáta a dtiocfaidh an tAirteagal seo i bhfeidhm, agus de mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 189 agus ar Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an dara mír d'Airteagal 107 agus ar Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a bhí i bhfeidhm tráth thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i Meitheamh 2009, agus de mhaolú ar líon na suíochán dá bhforáiltear leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na 18 suíochán seo a leanas leis na 736 shuíochán atá ann cheana, rud a fhágfaidh gur 754 líon iomlán chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa go sealadach go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2009-2014:

an Bhulgáir

1

an Ísiltír

1

an Spáinn

4

an Ostair

2

an Fhrainc

2

an Pholainn

1

an Iodáil

1

an tSlóivéin

1

an Laitvia

1

an tSualainn

2

Málta

1

an Ríocht Aontaithe

1

2.   De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na daoine a líonfaidh na suíocháin bhreise dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann agus ar choinníoll gur trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a toghadh na daoine a bheidh i gceist:

(a)

trí thoghcháin ad hoc le vótáil chomhchoiteann dhíreach sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha atá infheidhme maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

(b)

trí thagairt do thorthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bhí ann ón 4 Meitheamh go dtí an 7 Meitheamh 2009; nó

(c)

trí líon na gcomhaltaí is gá a bheith á ainmniú ag parlaimint náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, as measc a comhaltaí, i gcomhréir leis an nós imeachta a chinnfidh gach ceann de na Ballstáit sin.

3.   In am trátha roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2014, glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN TROMLACH CÁILITHE

Airteagal 3

1.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhfaidh éifeacht le forálacha na míre seo agus le forálacha Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, an 1 Samhain 2014.

2.   Idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, nuair a bheidh gníomh le glacadh, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go nglacfar é tríd an tromlach cáilithe mar atá sé sainithe i mír 3. Sa chás sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4.

3.   Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 235(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:

An Bheilg

12

An Liotuáin

7

An Bhulgáir

10

Lucsamburg

4

Poblacht na Seice

12

An Ungáir

12

An Danmhairg

7

Málta

3

An Ghearmáin

29

An Ísiltír

13

An Eastóin

4

An Ostair

10

Éire

7

An Pholainn

27

An Ghréig

12

An Phortaingéil

12

An Spáinn

27

An Rómáin

14

An Fhrainc

29

An tSlóivéin

4

An Chróit

7

An tSlóvaic

7

An Iodáil

29

An Fhionlainn

7

An Chipir

4

An tSualainn

10

An Laitvia

4

An Ríocht Aontaithe

29

Glacfar gníomhartha má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh

4.   Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna ina dtagraítear don tromlach cáilithe mar atá sé sainithe in Airteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LE FOIRMÍOCHTAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 4

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA

Airteagal 5

Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige leis an Ardionadaí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 6

Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal 240(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 7

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 301 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:

An Bheilg

12

An Liotuáin

9

An Bhulgáir

12

Lucsamburg

6

Poblacht na Seice

12

An Ungáir

12

An Danmhairg

9

Málta

5

An Ghearmáin

24

An Ísiltír

12

An Eastóin

7

An Ostair

12

Éire

9

An Pholainn

21

An Ghréig

12

An Phortaingéil

12

An Spáinn

21

An Rómáin

15

An Fhrainc

24

An tSlóivéin

7

An Chróit

9

An tSlóvaic

9

An Iodáil

24

An Fhionlainn

9

An Chipir

6

An tSualainn

12

An Laitvia

7

An Ríocht Aontaithe

24

Airteagal 8

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 305 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:

An Bheilg

12

An Liotuáin

9

An Bhulgáir

12

Lucsamburg

6

Poblacht na Seice

12

An Ungáir

12

An Danmhairg

9

Málta

5

An Ghearmáin

24

An Ísiltír

12

An Eastóin

7

An Ostair

12

Éire

9

An Pholainn

21

An Ghréig

12

An Phortaingéil

12

An Spáinn

21

An Rómáin

15

An Fhrainc

24

An tSlóivéin

7

An Chróit

9

An tSlóvaic

9

An Iodáil

24

An Fhionlainn

9

An Chipir

6

An tSualainn

12

An Laitvia

7

An Ríocht Aontaithe

24

TEIDEAL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH AR BHONN THEIDIL V AGUS VI DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH ROIMH CHONRADH LIOSPÓIN A THEACHT I bhFEIDHM

Airteagal 9

Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun na gConarthaí. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 10

1.   Mar bheart idirthréimhseach, agus maidir le gníomhartha an Aontais i dtaca le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta arna nglacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, is iad seo a leanas na cumhachtaí a bheidh ag na hinstitiúidí ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: ní bheidh cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme agus fanfaidh cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa leagan a bheidh i bhfeidhm sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, mar atá siad, lena n-áirítear i gcásanna inar glacadh iad faoi Airteagal 35(2) den Chonradh sin ar an Aontas Eorpach.

2.   Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.

3.   Scoirfidh an beart idirthréimhseach dá dtagraítear i mír 1 d'éifeacht a bheith aige, ar scor ar bith, cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

4.   Sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle nach nglacann sí, i ndáil leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, le cumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Má bhíonn an fógra sin tugtha ag an Ríocht Aontaithe, scoirfidh na gníomhartha ar fad dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith acu maidir léi ón dáta a rachaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na gníomhartha leasaithe atá infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe mar a luaitear i mír 2.

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe iarmhartacha agus na socruithe idirthréimhseacha is gá. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an chinnidh seo. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh freisin lena gcinnfear go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bharr gur scoir sí de bheith rannpháirteach sna gníomhartha sin.

5.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, tráth ar bith ina dhiaidh sin, fógra a thabhairt don Chomhairle á rá gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha nach bhfuil infheidhme a thuilleadh maidir léi de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, de réir mar a bheidh. Is iad na cumhachtaí a leagfar amach sna Conarthaí cumhachtaí na n-institiúidí i leith na ngníomhartha sin. Agus iad ag gníomhú faoi na Prótacail ábhartha, féachfaidh institiúidí an Aontais agus an Ríocht Aontaithe lena oiread rannpháirtíochta agus is féidir ón Ríocht Aontaithe in acquis an Aontais a athbhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais gan éifeacht thromchúiseach a bheith aige sin ar inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla de, ag urramú a gcomhchuibhis dóibh.


(1)  Airteagal a tugadh isteach le Cinneadh 2008/79/CE, Euratom (IO L 24, 29 Eanáir 2008, lch. 42).