GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/72


PRÓTACAL AR REACHT CHÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus feidhmeoidh sí de réir fhorálacha na gConarthaí, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus an Reachta seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn, os comhair na Cúirte Breithiúnais, ina suí di i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnófar imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh infheidhme ar Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sna míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad bheith ag gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, díolúine d'eisceacht.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt Bhreithiúnais. Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éireoidh Breitheamh as oifig, díreofar a litir ag éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d'aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin. Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine lena mbaineann, tabharfaidh an Chúirt breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte breith na Cúirte in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breith ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRÚ NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 9

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar leath de líon na mBreithiúna. Más corruimhir atá i líon na mBreithiúna, athrófar go malartach iad ag tosnú le duine os cionn leath de líon na mbreithiúna agus ansin le duine níos lú ná leath dá líon.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad mhír nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta, gach trí bliana.

Airteagal 9a

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán agus Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh.

Beidh an Leasuachtarán de chúnamh ag an Uachtarán i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Glacfaidh sé ionad an Uachtaráin nuair nach féidir don Uachtarán a bheith i láthair nó nuair a bheidh oifig an Uachtaráin folamh.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Féadfar a cheangal ar Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhaíonn mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is í an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a cheapfaidh iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnta.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais eagar dlísheomraí de thriúr agus de chúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Cúig Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Leasuachtarán na Cúirte agus, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, triúr Uachtarán as líon Uachtarán na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile.

Suífidh an Chúirt mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt mar chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal 228(2), Airteagal 245(2), Airteagal 247 nó Airteagal 286(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gcúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte Breithiúnais bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá aon Bhreitheamh déag ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá seacht mBreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó comhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt Bhreithiúnais aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte Breithiúnais; féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais ina dhá chuid: i scríbhinn agus ó bhéal.

Is éard é an nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cháis, cosaintí agus tuairimí, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig institiúidí de chuid an Aontais a bhfuil a gcinntí faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an Chúirt d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin finnéithe agus saineolaithe, má bhíonn siad ann, a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte Breithiúnais trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is cuí sin, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, de réir an Airteagail sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a bhunú.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte.

Airteagal 23a (*1)

Féadfar a fhoráil leis na Rialacha Nós Imeachta do nós imeachta brostaithe agus, i gcás tarchur chun réamhrialú a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, do nós imeachta práinne.

Féadfar a fhoráil leis na nósanna imeachta sin, maidir le ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh, do thréimhse is giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 23, agus, de mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfar a fhoráil leo go gcinnfear an cás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Chomh maith leis sin, féadfar a fhoráil leis an nós imeachta práinne do shrianadh a dhéanamh ar na páirtithe agus ar na daoine leasmhara eile a luaitear in Airteagal 23, a n-údaraítear dóibh ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh agus, i gcásanna deargphráinne, féadfar a fhoráil go bhfágfaí céim scríbhinne an nós imeachta ar lár.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt Bhreithiúnais is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt a cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí, ar na hoifigí agus ar na gníomhaireachtaí nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile ar bith is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena fheidhmiú go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is cuí sin, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt Bhreithiúnais a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte Breithiúnais ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt Bhreithiúnais na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 278 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Féadfaidh Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú.

Mura féidir don Uachtarán agus don Leasuachtarán a bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a n-ionad faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Bhreithiúnais.

Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh le cinneadh leis na rialacha nós imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó réim bhreithiúnais, forléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid an Aontais a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Cinnfear leis na rialacha nós imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid an Aontais. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair is cuí sin.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.

TEIDEAL IV

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA

Airteagal 47

Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagal 9a, ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15, agus ag an gcéad, an dara, an ceathrú agus an cúigiú mír d'Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus a comhaltaí.

Beidh feidhm mutatatis mutandis ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 48

Sa Chúirt Ghinearálta beidh:

(a)

40 Breitheamh amhail ón 25 Nollaig 2015;

(b)

47 mBreitheamh amhail ón 1 Meán Fómhair 2016;

(c)

beirt Bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit amhail ón 1 Meán Fómhair 2019.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Ginearálta cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, chun cuidiú leis an gCúirt Ghinearálta i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna rialacha nós imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas:

cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Ginearálta síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Ghinearálta ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta faoi údarás Uachtarán na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Féadfar maolú sna rialacha nós imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta; mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais; mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Ginearálta, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Ginearálta, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta

Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid an Aontais an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Ghinearálta dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí lena mbaineann agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí an Aontais fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit nó institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Ginearálta go díreach leo.

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreith de chuid na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach amháin le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal 280 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfaidh breitheanna na Cúirte Ginearálta á dhearbhú rialachán a bheith ar neamhní éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an rialacháin neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Ghinearálta an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Ghinearálta.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Ginearálta, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Ginearálta difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Ginearálta a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n-eascraíonn toradh na n-imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Ginearálta, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 256(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Ghinearálta.

TEIDEAL IVa

CÚIRTEANNA SPEISIALAITHE

Airteagal 62c

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na gcúirteanna speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Breithiúna sealadacha a chur ag gabháil leis na cúirteanna speisialaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad. Sa chás sin, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na coinníollacha faoina ndéanfar na Breithiúna sealadacha a cheapadh, agus leagfaidh siad síos na cearta a bheidh acu agus na dualgais a bheidh orthu, agus na rialacha mionsonraithe lena rialófar comhlíonadh a ndualgas agus na himthosca ina scoirfidh siad de chomhlíonadh na ndualgas sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur chun feidhme agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Leagfar síos le rialachán ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh na socruithe teanga is infheidhme i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Glacfar an rialachán sin ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais agus le Parlaimint na hEorpa.

Go dtí go nglacfar na rialacha sin, leanfaidh na forálacha i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a rialaíonn socruithe teanga d'fheidhm a bheith acu. De mhaolú ar Airteagail 253 agus 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní fhéadfar na forálacha sin a leasú ná a aisghairm ach amháin le toiliú d'aon toil ón gComhairle.


(*1)  Airteagal a tugadh isteach le Cinneadh 2008/79/CE, Euratom (IO L 24, 29 Eanáir 2008, lch. 42).


IARSCRÍBHINN I

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Binse na Seirbhíse Sibhialta” anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

1.   Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

2.   Ceapfar Breithiúna sealadacha, i dteannta leis na Breithiúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna, ar Breithiúna iad nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad.

Airteagal 3

1.   Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2.   Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCúirt Bhreithiúnais, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3.   Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4.   Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2.   Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3.   Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4.   Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1.   Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Ginearálta, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Ghinearálta a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2.   Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1.   Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Ginearálta maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3.   Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4.   Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5.   Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1.   Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Ghinearálta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta.

2.   Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Ghinearálta ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Ginearálta. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Ghinearálta go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3.   Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Ghinearálta.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid an Aontais iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1.   Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta i gcoinne aon bhreith de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d'Airteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3.   Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Ginearálta ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Aontais ag an mBinse.

2.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1.   Gan dochar d'Airteagal 278 ná d'Airteagal 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná d'Airteagal 157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2.   Má dhéantar achomharc i gcoinne breith de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1.   Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Ghinearálta breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2.   Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Ginearálta maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.