26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


PRÓTACAL (Uimh. 20)

MAIDIR LE GNÉITHE ÁIRITHE d'AIRTEAGAL 26 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM AR AN RÍOCHT AONTAITHE AGUS AR ÉIRINN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT do na socruithe speisialta taistil atá ann le blianta fada idir an Ríocht Aontaithe agus Éire,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

D'ainneoin Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon fhorála eile den Chonradh sin nó den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aon bhirt arna ghlacadh faoi na Conarthaí sin, nó aon chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag an Aontas agus a Bhallstáit le tríú Stát amháin nó níos mó, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach sa Ríocht Aontaithe:

(a)

d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun teacht isteach sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh Ballstát, ag a gcleithiúnaithe atá ag feidhmiú ceart arna dtabhairt le dlí an Aontais agus ag saoránaigh Stát eile ar tugadh cearta den sórt sin dóibh le comhaontú atá ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe; agus

(b)

d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile teacht isteach sa Ríocht Aontaithe.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na Ríochta Aontaithe aon rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú. Cuimseoidh tagairtí don Ríocht Aontaithe san Airteagal seo críocha a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 2

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha (‘an Comhlimistéar Taistil’), agus cearta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 1 den Phrótacal seo á n-urramú go hiomlán acu. Dá réir sin, fad a choimeádfaidh siad socruithe den sórt sin ar bun, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn faoi na téarmaí céanna agus na coinníollacha céanna atá ann i gcás na Ríochta Aontaithe. Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart eile arna ghlacadh fúthu difear d'aon socruithe den sórt sin.

Airteagal 3

Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe teacht isteach ina gcríocha ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach ina gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagail 26 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na mBallstát eile rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú.