12008E101

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 1: Rialacha iomaíochta - Roinn 1: Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0088 - 0089


Airteagal 101

(sean-Airteagal 81 CCE)

1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1:

- le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais;

- le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas;

- le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe

a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:

(a) nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú;

(b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist.

--------------------------------------------------