12008E/AFI/DCL/17

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - Dearbhuithe a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007 - A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ - 17. Dearbhú maidir le tosaíocht

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0344 - 0344


17. Dearbhú maidir le tosaíocht

Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainmhínítear leis an gcásdlí sin.

Tá an Chomhdháil tar éis a chinneadh freisin Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle maidir leis an tosaíocht atá ag dlí CE mar a leagtar amach in 11197/07 (JUR 260) í a chur i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:

"Tuairim Sheirbhís Dlí na Comhairle

an 22 Meitheamh 2007

Tá sé mar thoradh ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil tosaíocht dhlí an Chomhphobail ar cheann de phrionsabail bhunúsacha dhlí an Chomhphobail. Dar leis an gCúirt, is prionsabal é atá de dhlúth agus d'inneach i gcineál sonrach an Chomhphobail Eorpaigh. Tráth tugtha chéad bhreithiúnas an chásdlí shocair sin (Costa/ENEL, an 15 Iúil 1964, Cás 6/64 [1]) níor luadh tosaíocht sa Chonradh. Is amhlaidh atá an cás fós sa lá atá inniu ann. Ní dhéanfaidh easpa tagartha do phrionsabal na tosaíochta sa Chonradh nua aon athrú ar an bprionsabal sin a bheith ann ná ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá i bhfeidhm.

[1] "Is é an toradh atá ar (...) nach bhféadfadh forálacha dlíthiúla baile, is cuma cén tslí ina gcumfaí iad, cur go breithiúnach i gcoinne an dlí a eascraíonn ón gConradh, mar gheall ar chineál sonrach bunaidh an dlí sin, ar foinse dhlí neamhspleách é, gan a chineál mar dhlí Comhphobail a bhaint de agus gan bonn dlíthiúil an Chomhphobail féin a thabhairt faoi cheist.""

--------------------------------------------------