12006E/APP/03

Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach - III. Prótacal ar reacht na Cúirte Breithiúnais

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0329 - 0329


LEASUITHE AR AN REACHTAÍOCHT PHRÍOMHA DE BHARR AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH.

Tar éis an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a theacht i bhfeidhm, leasaítear mar a leanas na hAirteagail seo a leanas.

III. PRÓTACAL AR REACHT NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

1. In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar ceithre Bhreitheamh déag agus trí Bhreitheamh déag díobh gach re seach."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

"Seacht mBreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime."

--------------------------------------------------