02018R1139 — GA — 25.07.2021 — 001.005
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
►C1 RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle ◄ (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 212 22.8.2018, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1087 ÓN gCOIMISIÚN an 7 Aibreán 2021 |
L 236 |
1 |
5.7.2021 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Iúil 2018
maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL 1
PRIONSABAIL
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóirí
Ina theannta sin, beidh sé d'aidhm ag an Rialachán seo:
cur le beartas eitlíochta níos leithne an Aontais agus le feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán earnáil na heitlíochta sibhialta;
sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, an méid seo a leanas a éascú: saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil, cothromaíocht deiseanna do na gníomhaithe uile sa mhargadh eitlíochta inmheánach, agus feabhas a chur ar iomaíochas thionscal eitlíochta an Aontais;
cur le leibhéal ard aonfhoirmeach de chaomhnú an chomhshaoil;
saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus pearsanra ar fud an domhain a éascú, sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, trí chomhar cuí a bhunú le tríú tíortha agus a n-údaráis eitlíochta, agus glacadh frithpháirteach deimhnithe agus doiciméid ábhartha eile a chur chun cinn;
an chostéifeachtúlacht a chur chun cinn, inter alia tríd an dúbailt a sheachaint agus tríd an éifeachtacht a chur chun cinn sna próisis rialála, deimhniúcháin agus mhaoirseachta agus leas éifeachtúil a bhaint as acmhainní gaolmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cabhrú le hardleibhéal aonfhoirmeach slándála eitlíochta sibhialta a bhunú agus a choinneáil ar bun;
cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, i bhfeidhmiú a gceart agus i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago, trí léiriú comhchoiteann agus trí chur chun feidhme aonfhoirmeach, tráthúil a fhorálacha a áirithiú, mar is iomchuí;
dearcthaí an Aontais i dtaca le caighdeáin na heitlíochta sibhialta agus rialacha na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhar iomchuí a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, inter alia sna próisis rialála, deimhniúcháin agus mhaoirseachta;
idir-inoibritheacht theicniúil agus oibríochtúil, agus comhroinnt na gcleachtas riaracháin is fearr a chur chun cinn, sna réimsí a chumhdaítear sa Rialachán seo;
tacú le muinín na bpaisinéirí as eitlíocht shibhialta shlán.
Bainfear amach na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, inter alia:
trí na gníomhartha uile is gá a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach;
trí bhearta a ghlacadh chun caighdeáin sábháilteachta a fheabhsú;
trína áirithiú go mbeidh na dearbhuithe agus na deimhnithe, a eiseofar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, bailí agus aitheanta ar fud an Aontais, gan aon cheanglais bhreise;
agus comhlachtaí caighdeánaithe agus comhlachtaí tionscail eile rannpháirteach sa phróiseas, trí chaighdeáin theicniúla mhionsonraithe a fhorbairt lena n-úsáid mar mhodh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, más iomchuí;
trí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) a bhunú, gníomhaireacht a bheidh neamhspleách;
trí na gníomhartha uile is gá a bheith á gcur chun feidhme go haonfhoirmeach ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus ag an nGníomhaireacht laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach;
trí fhaisnéis a thacóidh le cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe a bhailiú, a anailísiú agus a mhalartú;
tabhairt faoi thionscnaimh mhúscailte feasachta agus cur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint, cumarsáid agus scaipeadh faisnéise ábhartha.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
dearadh agus táirgeadh táirgí, páirteanna agus trealaimh chun gur féidir le duine nádúrtha nó dlítheanach faoi mhaoirseacht na Gníomhaireachta nó Ballstáit aerárthaí a rialú go cianda, sa mhéid nach gcumhdaítear sin le pointe (b);
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí, chomh maith lena n-innill, liáin, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, i gcás ina bhfuil nó ina mbeidh an méid seo a leanas fíor faoin aerárthach:
aerárthach é a cláraíodh i mBallstát, mura rud é agus a mhéid is fíor gur aistrigh an Ballstát a fhreagrachtaí de bhun Choinbhinsiún Chicago chuig tríú tír agus go bhfuil an t-aerárthach á n-oibriú ag oibreoir aerárthaí tríú tír;
aerárthach é a cláraíodh i dtríú tír agus atá á oibriú ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige i gcríoch ina bhfuil feidhm ag na Conarthaí;
aerárthach gan foireann é, nach bhfuil cláraithe i mBallstát ná i dtríú tír agus atá á oibriú laistigh den chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi ag oibreoir aerárthaí atá bunaithe nó a chónaíonn nó a bhfuil príomhionad gnó aige laistigh den chríoch sin;
oibriú aerárthaí a dhéanann oibreoir aerárthaí tríú tír isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó laistigh den chríoch sin nó amach aisti;
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid ag aeradróim dá dtagraítear i bpointe (e) agus soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin sna haeradróim sin;
dearadh, cothabháil agus oibriú aeradróm, lena n-áirítear a dtrealamh a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear ag na haeradróim sin, atá suite sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, ar aeradróim iad:
atá ar oscailt i gcomhair úsáid phoiblí;
a fhónann d'aeriompar tráchtála; agus
a bhfuil rúidbhealaí uirlisí pábháilte acu ar 800 méadar nó níos mó a bhfad; nó nach bhfónann ach d'héileacaptair a úsáideann nósanna imeachta uirlisí ascnaimh agus imeachta;
gan dochar do dhlí an Aontais agus do dhlí náisiúnta maidir leis an gcomhshaol agus pleanáil úsáide talún, coimirciú an limistéir thart ar na haeradróim dá dtagraítear i bpointe (e);
bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta “BAT/SAL” a sholáthar san Aerspás Eorpach Aonair, agus dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú córas agus comhdhamhnaí a úsáidtear i soláthar na seirbhísí BAT/SAL sin;
gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an aerspás atá faoina ndlínse, dearadh struchtúr aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair;
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
aerárthaí, agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí a rialú go cianda, agus iad á n-úsáid do ghníomhaíochtaí míleata, custaim, póilíneachta, cuardaigh agus tarrthála, comhraic dóiteáin, rialaithe teorann, garda cósta nó do ghníomhaíochtaí nó do sheirbhísí den chineál céanna faoi rialú agus faoi fhreagracht Ballstáit, arna ndéanamh ag comhlacht a bhfuil cumhachtaí d'údarás poiblí aige nó arna ndéanamh thar a cheann ar mhaithe leis an bpobal, agus an pearsanra agus na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí agus na seirbhísí atá á ndéanamh leis na haerárthaí sin;
aeradróim nó páirteanna díobh, mar aon le trealamh, pearsanra agus eagraíochtaí, atá faoi rialú agus á n-oibriú ag an arm;
BAT/SAL, lena n-áirítear córais agus comhpháirteanna, pearsanra agus eagraíochtaí, a sholáthraíonn an t-arm nó a chuireann an t-arm ar fáil;
dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí a mbaineann riosca íseal don tsábháilteacht eitlíochta lena n-oibriú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus don phearsanra agus do na heagraíochtaí a bhaineann leo murar eisíodh, nó murar measadh gur eisíodh, deimhniú i leith an aerárthaigh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
I dtaca le pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird iomchuí ar chuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo nuair a bheidh gníomhaíochtaí agus seirbhísí á ndéanamh ag aerárthaí dá dtagraítear sa phointe sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, más iomchuí, go ndéanfar na haerárthaí sin a scaradh go sábháilte ó aerárthaí eile.
Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, aerárthaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus atá cláraithe i mBallstát, féadfar iad a oibriú i mBallstáit eile, faoi réir comhaontú ón mBallstát ar ina chríoch atá an oibríocht ar siúl. Féadfar aerárthaí mar sin a chothabháil agus féadfar a ndearadh a mhodhnú i mBallstáit eile, ar choinníoll go ndéantar na modhnuithe sin agus na gníomhaíochtaí cothabhála sin faoi mhaoirseacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
De mhaolú ar phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 3, agus ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le dearadh, táirgeadh agus cothabháil cineáil aerárthaigh a thagann faoi raon feidhme phointí (e), (f), (g), (h), nó (i) de phointe 1 d'Iarscríbhinn I agus maidir leis an bpearsanra agus na heagraíochtaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin, sna cásanna seo a leanas:
rinne an eagraíocht atá freagrach as dearadh an chineáil aerárthaigh sin iarratas ar dheimhniú cineáil ón nGníomhaireacht i gcomhréir le Airteagal 11, nó i gcás inarb infheidhme, rinne sí dearbhú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) i dtaca leis an gcineál aerárthaigh sin;
tá an cineál aerárthaigh sin beartaithe don táirgeadh srathach; agus
níor fhormheasadh dearadh an chineáil aerárthaigh sin i gcomhréir le dlíthe náisiúnta Ballstáit roimhe sin.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo, agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn sin, maidir leis an gcineál aerárthaigh lena mbaineann ón dáta a n-eiseofar an deimhniú cineáil nó, más infheidhme, ón dáta a ndéantar an dearbhú. Mar sin féin beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an measúnú ar an iarratas ar dheimhniú cineáil agus an deimhniú cineáil a bheith á eisiúint ag an nGníomhaireacht, ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas.
Gan dochar do cheanglais na slándála agus na cosanta náisiúnta, ná d'Airteagal 7(5) de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), áiritheoidh na Ballstáit:
tá na saoráidí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo oscailte i gcomhair úsáid phoiblí; agus
go gcuireann na BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, a chuirtear ar fáil d'aerthrácht a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 maidir leis,
leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta le córais shibhialta ar fáil atá chomh héifeachtach leis an leibhéal a thagann as cur i bhfeidhm na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Ón dáta arna shonrú sa chinneadh sin, rialálfar na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann, trí fhorálacha na Roinne nó na Ranna lena mbaineann agus trí fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le cur i bhfeidhm na ranna sin.
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoin chinneadh gan mhoill agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha, go háirithe:
an Roinn nó na Ranna lena mbaineann;
na gníomhaíochtaí, an pearsanra agus na heagraíochtaí lena mbaineann;
cúiseanna lena chinneadh; agus
an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin.
I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh an coinníoll a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar amach a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt ghníomhartha cur chun feidhme don Bhallstát lena mbaineann, cinnfidh an Ballstát gan mhoill a chinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir.
Gan dochar don cheathrú fomhír, féadfaidh Ballstát a chinneadh freisin, ag am ar bith, cinneadh a tugadh roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin gan mhoill.
Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo.
Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.
Ón dáta arna shonrú sa chinneadh díolúine sin, ní leis an Rialachán seo, ná leis na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, a dhéanfar dearadh, cothabháil agus oibriú an aeradróim lena mbaineann, a threalamh a bhaineann le sábháilteacht agus na seirbhísí láimhseála ar an talamh agus na SBN ag an aeradróm sin a rialáil a thuilleadh.
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh díolúine agus na cúiseanna atá leis an nglacadh.
I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach gcomhlíonann díolúine den sórt sin ó Bhallstát na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh dá réir. A luaithe a mbeidh fógra tugtha ag an gCoimisiún don Ballstát lena mbaineann faoin gcinneadh cur chun feidhme, déanfaidh an Ballstát, gan mhoill, a chinneadh díolúine a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht freisin faoi na díolúintí a dheonaíonn siad de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Scrúdóidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, figiúirí tráchta na n-aeradróm a dhíolmhaigh siad de bhun na míre seo nó de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. I gcás ina léirítear sa scrúdú sin, thar 3 bliana as a chéile, go láimhseálann ceann amháin de na haeradróim sin níos mó ná 10 000 paisinéir aeriompair tráchtála in aghaidh na bliana nó níos mó ná 850 gluaiseacht a bhaineann le hoibríochtaí lasta in aghaidh na bliana, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann díolúine an aeradróim sin a chúlghairm. Sa chás sin cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir.
Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo.
Féadfaidh Ballstát a chinneadh dearadh, táirgeadh, cothabháil agus gníomhaíochtaí oibríochta a dhíolmhú ón Rialachán seo i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí aerárthaigh seo a leanas:
eitleáin, seachas eitleáin gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu, luas moillithe intomhaiste nó luas íosta eitilte seasta acu i gcumraíocht tuirlingthe nach sáraíonn 45 mhuirmhíle d'aerluas calabraithe agus a bhfuil uasmhais éirí de thalamh (MTOM) acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í i gcás eitleáin nach bhfuil beartaithe a oibriú ar uisce nó 650 kg i gcás eitleáin atá beartaithe chun oibriú ar uisce;
héileacaptair, seachas héileacaptair gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil MTOM acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í do héileacaptair nach bhfuil beartaithe a oibriú ar uisce nó 650 kg le haghaidh héileacaptar atá beartaithe chun oibriú ar uisce;
Faoileoirí, seachas faoileoirí gan foireann, agus faoileoirí cumhachtaithe, seachas faoileoirí cumhachtaithe gan foireann, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil MTOM acu, arna taifeadadh ag an mBallstát, nach mó ná 600 kg í.
A mhéid a bhaineann, áfach, leis na catagóirí aerárthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhéadfaidh na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i ndáil le haerárthaí ar eisíodh deimhniú ina leith, nó a meastar deimhniú a bheith eisithe ina leith, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 nó leis an Rialachán seo nó a ndearnadh dearbhú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Aon deimhniú a eiseofar i leith aerárthaí a bhfuil feidhm ina leith ag cinneadh díolúine de bhun mhír 8, léireoidh sé go soiléir gur faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a eisíonn an deimhniú a eisítear é agus ní faoin Rialachán seo. Ní fhéadfaidh Ballstáit eile glacadh le deimhnithe náisiúnta mar sin ach amháin má tá cinneadh comhfhreagrach déanta acu féin de bhun mhír 8.
An Ballstát a bhfuil cinneadh díolúine déanta aige de bhun mhír 8, tabharfaidh sé fógra, gan mhoill, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh agus cuirfidh sí ar fáil dóibh an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh agus catagóir an aerárthaigh lena mbaineann.
Féadfaidh Ballstát cinneadh díolúine a ghlac sé de bhun mhír 8 a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir sin gan mhoill.
Cinntí uile na mBallstát ar tugadh fógra ina leith de bhun na míre seo, cuirfidh an Ghníomhaireacht sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74 iad.
Cinneadh díolúine arna ghlacadh ag Ballstát de bhun mhír 8, beidh feidhm aige freisin maidir leis na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu le dearadh, táirgeadh, gníomhaíochtaí cothabhála agus oibríochta a bhfuil feidhm ag an gcinneadh sin maidir leo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “maoirseacht” fíorú, a dhéanann údarás inniúil nó a dhéantar thar ceann údaráis inniúil, ar bhonn leanúnach, go leantar de bheith ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, arb iad an bonn ar a eisíodh deimhniú nó a ndearnadh dearbhú ina leith;
ciallaíonn “Coinbhinsiún Chicago” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944;
ciallaíonn “táirge” aerárthach, inneall nó lián;
ciallaíonn “páirt” aon eilimint de tháirge, mar a shainítear le dearadh cineáil an táirge sin;
ciallaíonn “BAT/SAL” bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta an méid seo ar fad a leanas: na feidhmeanna agus na seirbhísí bainistíochta aerthráchta mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004; na seirbhísí aerloingseoireachta a shainítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, lena n-áirítear na feidhmeanna agus na seirbhísí bainistíochta gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, agus seirbhísí a mhéadaíonn comharthaí arna n-astú ag satailítí idir-réitigh lárnacha GNSS chun críche aerloingseoireachta; dearadh nósanna imeachta eitiltí; agus seirbhísí arb é atá iontu sonraí a thionscnamh agus a phróiseáil agus sonraí a fhormáidiú agus a sholáthar d'aerthrácht ginearálta chun críche aerloingseoireachta;
ciallaíonn “comhdhamhnaí BAT/SAL” réada inláimhsithe amhail crua-earraí agus réada doláimhsithe amhail bogearraí a mbíonn idir-inoibritheacht an EATMN ag brath orthu;
ciallaíonn “córas BAT/SAL” comhiomlán na gcomhdhamhnaí san aer agus ar an talamh, chomh maith le trealamh sa spás, lena soláthraítear tacaíocht do sheirbhísí aerloingseoireachta maidir le gach céim eitilte;
ciallaíonn “deimhniúchán” aon chineál aitheantais i gcomhréir leis an Rialachán seo, bunaithe ar mheasúnú iomchuí, go gcomhlíonann duine dlítheanach nó nádúrtha táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte, trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, aeradróm, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córas BAT/SAL, comhdhamhna BAT/SAL nó feiste oiliúna ionsamhalta eitilte na ceanglais is infheidhme den Rialacháin seo agus ceanglais na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, trí eisiúint deimhnithe lena bhfianaítear an comhlíonadh sin;
ciallaíonn “dearbhú” aon ráiteas scríofa a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi fhreagracht aonair duine dhlítheanaigh nó nádúrtha faoi réir an Rialacháin seo agus lena ndeimhnítear gur comhlíonadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin a bhaineann le duine dlítheanach nó nádúrtha, táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte, trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córas BAT/SAL, comhdhamhna BAT/SAL nó comhdhamhna d'fheiste oiliúna ionsamhalta eitilte;
ciallaíonn “eintiteas cáilithe” duine dlítheanach nó nádúrtha creidiúnaithe a bhféadfaí cúraimí áirithe deimhniúcháin nó maoirseachta a thabhairt dó faoin Rialachán seo a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht na Gníomhaireachta nó údaráis inniúil náisiúnta;
ciallaíonn “deimhniú” aon deimhniú, formheas, ceadúnas, údarú, fianú nó aon doiciméad a eisítear de thoradh deimhniúchán lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas infheidhme;
ciallaíonn “oibreoir aerárthaí” aon duine dlítheanach nó nádúrtha, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó a oibriú;
ciallaíonn “oibreoir aeradróim” aon duine dlítheanach nó nádúrtha, a oibríonn aeradróm amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aeradróm amháin nó níos mó a oibriú;
ciallaíonn “feiste oiliúna ionsamhalta eitilte” aon chineál feiste ina n-ionsamhlaítear dálaí eitilte ar an talamh, lena n-áirítear ionsamhlóirí eitiltí, feistí oiliúna eitilte, oiliúnóirí nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta agus feistí bunúsacha um oiliúint ar uirlisí;
ciallaíonn “aeradróm” limistéar sainithe, ar an talamh nó ar an uisce, nó ar dhéanmhas fosaithe, ar dhéanmhas fosaithe amach ón gcósta nó ar dhéanmhas snámhach, lena n-áirítear aon fhoirgnimh, suiteálacha agus trealamh atá orthu, a bheartaítear a úsáid go hiomlán nó i bpáirt le haghaidh teacht, imeacht agus gluaiseacht aerárthaí ar an dromchla;
ciallaíonn “trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht” aon trealamh, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun cur le hoibriú sábháilte aerárthaí in aeradróm;
ciallaíonn “naprún” limistéar sainithe aeradróim a bheartaítear chun freastal ar aerárthaí chun críocha luchtú nó díluchtú paisinéirí, bagáiste, poist nó lasta, nó chun críocha breoslú, páirceála nó cothabhála;
ciallaíonn “seirbhís bainistíochta naprúin” seirbhís a sholáthraítear chun gníomhaíochtaí agus gluaiseacht aerárthaí agus feithiclí ar naprún a rialáil;
ciallaíonn “seirbhís faisnéise eitiltí” seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach chun eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil;
ciallaíonn “aerthrácht ginearálta” gach gluaiseacht aerárthaí sibhialta agus aerárthaí stáit a dhéantar i gcomhréir le nósanna imeachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”);
ciallaíonn “seirbhís láimhseála ar an talamh” aon seirbhís a sholáthraítear ag aeradróim lena gcuimsítear gníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht ó thaobh maoirseacht ar an talamh, seoladh eitiltí agus rialú ualaí, láimhseáil paisinéirí, láimhseáil bagáistí, láimhseáil lasta agus poist, láimhseáil aerárthaí naprúin, seirbhísí aerárthaí, láimhseáil breosla agus ola agus luchtú lónadóireachta; áirítear sa mhéid sin an cás ina soláthraíonn oibreoirí aerárthaí na seirbhísí láimhseála ar an talamh sin dóibh féin (féinseirbhís);
ciallaíonn “aeriompar tráchtála” oibríocht aerárthaí le paisinéirí, lasta nó post a iompar mar mhalairt ar luach saothair nó ar chomaoin luachmhar eile;
ciallaíonn “feidhmíocht sábháilteachta” an méid atá bainte amach ó thaobh sábháilteachta ag an Aontas, ag Ballstát, nó ag eagraíocht, mar atá sainithe ina spriocanna feidhmíochta sábháilteachta agus ina t(h)áscairí maidir le feidhmíocht sábháilteachta;
ciallaíonn “táscaire maidir le feidhmíocht sábháilteachta” paraiméadar a úsáidtear chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta;
ciallaíonn “sprioc feidhmíochta sábháilteachta” cuspóir pleanáilte nó beartaithe le táscairí maidir le feidhmíocht sábháilteachta a chomhlíonadh le linn tréimhse áirithe ama;
ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín ar féidir leis tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain;
ciallaíonn “trealamh neamhshuiteáilte” aon ionstraim, trealamh, sásra, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas a iompraíonn oibreoir aerárthaí ar bord aerárthaigh, nach páirt é, agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun aerárthach a oibriú nó a rialú, lena dtacaítear le cumas teacht slán taistealaithe, nó lena bhféadfaí tionchar a imirt ar oibriú sábháilte an aerárthaigh;
ciallaíonn “aerárthach gan foireann” aon aerárthach a oibríonn go huathrialach nó atá deartha le hoibriú go huathrialach gan píolóta ar bord;
ciallaíonn “cianphíolóta” duine nádúrtha atá freagrach as an eitilt a chur i gcrích go sábháilte i gcás aerárthaigh gan foireann trína rialuithe eitilte a oibriú, de láimh nó, i gcás ina mbeadh an t-aerárthach ag eitilt go huathoibríoch, trí fhaireachán a dhéanamh ar a chúrsa agus trína bheith in ann idirghabháil a dhéanamh agus an cúrsa a athrú ag tráth ar bith;
ciallaíonn “trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda” aon ionstraim, trealamh, meicníocht, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas is gá le haghaidh oibriú sábháilte aerárthaigh gan foireann seachas páirt agus nach n-iompraítear ar bord an aerárthaigh gan foireann sin;
ciallaíonn “Aerspás Eorpach Aonair” aerspás os cionn na críche a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, chomh maith le haon aerspás eile ina gcuireann Ballstáit Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den Rialachán sin;
ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” eintiteas amháin nó níos mó a d'ainmnigh Ballstát agus a bhfuil na cumhachtaí aige agus na freagrachtaí leithdháilte air is gá le cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, agus le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004.
Airteagal 4
Prionsabail le haghaidh bearta faoin Rialachán seo
Agus bearta á nglacadh faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit an méid seo a leanas:
léireoidh siad an úrscothacht agus na cleachtais is fearr i réimse na heitlíochta, agus cuirfear san áireamh taithí eitlíochta ar fud an domhain, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sna réimsí faoi seach;
tógfaidh siad ar an bhfianaise agus an anailís is fearr atá ar fáil;
fágfaidh siad go mbeifear in ann freagairt láithreach do chúiseanna a cinneadh a bheith ann le tionóiscí, teagmhais thromchúiseacha agus sáruithe slándála a dhéantar d'aon turas;
cuirfidh siad san áireamh idirspleáchas idir réimsí éagsúla na sábháilteachta eitlíochta, agus idir sábháilteacht eitlíochta, an chibearshlándáil agus réimsí teicniúla eile i rialáil na heitlíochta;
leagfaidh siad síos, i gcás inar féidir, ceanglais agus nósanna imeachta ar mhodh feidhmíocht-bhunaithe lena ndíreofar ar chuspóirí atá le baint amach, ach go bhféadfar modhanna éagsúla a úsáid i gcomhlíonadh na gcuspóirí feidhmíocht-bhunaithe sin:
cuirfidh siad comhar agus úsáid éifeachtúil acmhainní chun cinn idir údaráis ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát;
déanfaidh siad bearta neamhcheangailteacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí le sábháilteacht a chur chun cinn, más féidir;
cuirfidh siad san áireamh cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát i réimse na heitlíochta sibhialta, lena n-áirítear iad siúd faoi Choinbhinsiún Chicago.
Beidh na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo, ag comhfhreagairt do chineál agus riosca gach gníomhaíochta ar leith a mbaineann siad leis agus beidh siad comhréireach leo. Agus na bearta sin á n-ullmhú agus á n-achtú, cuirfidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh, mar is iomchuí don ghníomhaíocht lena mbaineann:
an bhfuil daoine eile seachas an fhoireann eitilte á n-iompar ar bord, agus go háirithe, an bhfuil an oibríocht ar oscailt i gcomhair úsáid phoiblí;
a mhéid a d'fhéadfadh an ghníomhaíocht tríú páirtithe nó réadmhaoin ar an talamh a chur i mbaol;
castacht, feidhmíocht agus saintréithe oibríochtúla an aerárthaigh lena mbaineann;
cuspóir na heitilte, an cineál aerárthaigh agus an cineál aerspáis a úsáidtear;
cineál, scála, agus castacht na hoibríochta nó na gníomhaíochta, lena n-áirítear, más ábhartha, méid agus cineál an tráchta a láimhseálann an duine nó an eagraíocht atá freagrach;
a mhéid is féidir leis na daoine a ndéanann na rioscaí a bhaineann leis an oibríocht difear dóibh na rioscaí sin a mheasúnú agus a rialú;
torthaí gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus maoirseachta a rinneadh cheana.
CAIBIDIL II
SÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA A BHAINISTIÚ
Airteagal 5
An Clár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta
Ina theannta sin, tuairisceofar sa Chlár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta an próiseas lena ndéanfar an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 6, agus a mbeidh dlúthbhaint leis ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí eile, a fhorbairt, a ghlacadh, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme.
Airteagal 6
An Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta
Airteagal 7
Clár Sábháilteachta Stáit
Airteagal 8
An Plean Stáit um Shábháilteacht Eitlíochta
CAIBIDIL III
CEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA
ROINN I
Aeracmhainneacht agus caomhnú an chomhshaoil
Airteagal 9
Ceanglais ghinearálta
Beidh feidhm ag na ceanglais fhíor-riachtanacha don chomhoiriúnacht chomhshaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a mhéid nach bhfuil ceanglais maidir le caomhnú an chomhshaoil i bhforálacha Choinbhinsiún Chicago dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Eagraíochtaí atá rannpháirteach i ndearadh, i dtáirgeadh agus i gcothabháil táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), comhlíonfaidh siad pointe 8 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 10
Comhlíonadh
Airteagal 11
Dearadh táirgí
Beidh dearadh gach táirge faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú cineáil a eisiúint ina leith. Beidh aon athrú a chuirfear ar an dearadh sin faoi réir deimhniúcháin agus mar thoradh ar dheimhniúchán, eiseofar deimhniú i leith na n-athruithe sin, lena n-áirítear deimhnithe cineáil forlíontacha. Beidh gach dearadh deisiúcháin faoi réir deimhniúcháin agus mar thoradh ar dheimhniúchán déanfar formheas a eisiúint ina leith.
Déanfar formheas a eisiúint i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a bhfuil baint acu le dearadh cineáil. Cuirfear an formheas sin sa deimhniú cineáil nó sa deimhniú srianta ar chineál dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 18(1), de réir mar is infheidhme.
Eiseofar, arna n-iarraidh, an deimhniú cineáil sin, an deimhniú ar aon athrú sin, an formheas ar dhearthaí deisiúcháin sin agus an formheas sin i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an táirge i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus (ii) d'Airteagal 19(1), de réir mar is infheidhme, agus nach bhfuil aon ghné nó tréith de chuid an táirge a fhágann go ndéanfadh sé díobháil don chomhshaol nó go mbeadh sé dainséarach é a oibriú.
Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na dearbhuithe nó formheasanna sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh an táirge ag teacht leis na coinníollacha a bunaíodh sa tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sí an deimhniú cineáil sin, an deimhniú ar aon athrú sin, an formheas ar dhearthaí deisiúcháin agus an formheas sin i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a eisiúint gan a iarraidh.
Ní cheanglófar deimhniú cineáil ar leith le haghaidh dearadh innill nó lián a ndearnadh deimhniú air, i gcomhréir leis an Airteagal seo, le linn phróiseas deartha aerárthaigh.
Airteagal 12
Dearadh páirteanna
Mura mbunaítear a mhalairt le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh dearadh gach páirte faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú cineáil a eisiúint ina leith.
Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh na páirte i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmlighte dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1).
Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na deimhnithe sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh na páirte ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) d'Airteagal 19(1).
Ní theastóidh deimhniú ar leith le haghaidh dearadh páirteanna a ndearnadh deimhniú orthu, i gcomhréir le hAirteagal 11, le linn phróiseas deartha an táirge.
Airteagal 13
Dearadh trealamh neamhshuiteáilte
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh dearadh trealaimh neamhshuiteáilte faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú a eisiúint ina leith.
Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an trealaimh neamhshuiteáilte i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1).
Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi deimhnithe den sórt sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh an trealaimh neamhshuiteáilte ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1), féadfaidh sí an deimhniú sin a eisiúint gan a iarraidh.
Airteagal 14
Aerárthaí ar leith
Is arna n-iarraidh a eiseofar na deimhnithe seo, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir leis an dearadh a deimhníodh i gcomhréir le hAirteagal 11, agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol.
Airteagal 15
Eagraíochtaí
Beidh gá freisin le formheas a fháil i leith:
eagraíochtaí atá freagrach as cothabháil agus as bainistiú ar aeracmhainneacht leanúnach táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, agus
eagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint an phearsanra atá freagrach as táirge, páirt nó trealamh neamhshuiteáilte a scaoileadh i ndiaidh a gcothabhála;
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cásanna, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, nach bhfuil gá leis na deimhnithe.
Déanfar na formheasanna dá dtagraítear sa mhír seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9.
Airteagal 16
Pearsanra
Déanfar an ceadúnas sin a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9.
Airteagal 17
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerfhiúnta
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 9 a áirithiú, do na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, agus dá n-innill, dá liáin, dá bpáirteanna agus dá dtrealamh neamhshuiteáilte, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(3), forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2)(a) a choinneáil ar bun;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na formheasanna sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 16 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na ceadúnais sin;
na pribhléidí agus na freagrachtaí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na gceadúnas arna n-eisiúint de bhun Airteagal 15(2) agus Airteagal 16, agus a bheidh ag na heagraíochtaí a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 15(5);
na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le cothabháil táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte;
na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh;
na ceanglais aeracmhainneachta bhreise is gá d'fhonn tacú leis an aeracmhainneacht leanúnach agus d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú, i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a ndearnadh deimhniú ar a ndearadh cheana.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 18
Na maoluithe
De mhaolú ar Airteagal 9 go hAirteagal 13, mar is iomchuí:
féadfar comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9 i dtaca le dearadh táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, féadfar sin a mheas gan deimhniú a eisiúint, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (d)(i) d'Airteagal 19(1). Sa chás sin, is iad na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 19(1) a shaineoidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhainfidh leis an measúnú sin. Féadfar a fhoráil sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe d(i) d'Airteagal 19(1) go gceadaítear don eagraíocht atá freagrach as dearadh agus táirgeadh na dtáirgí, na bpáirteanna agus an trealaimh neamhshuiteáilte sin dearbhú a thabhairt go gcomhlíonann a ndearadh na sonraíochtaí mionsonraithe sin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 19(1) a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfadh na dearthaí sin na ceanglais fhíor-riachtanacha sin;
nuair nach gcomhlíonann dearadh aerárthaigh na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfar deimhniú srianta ar chineál a eisiúint. Sa chás sin, eiseofar an deimhniú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an aerárthaigh ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus (ii) d'Airteagal 19(1), agus gur leor dearadh an aerárthaigh, i dtaca le haeracmhainneacht agus le comhoiriúnacht chomhshaoil, i bhfianaise na húsáide atá le baint as.
De mhaolú ar mhír 9, ar mhír 10 agus ar mhír 14, mar is iomchuí:
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh dá dtagraítear in Airteagal 19, eiseofar deimhniú srianta ar aeracmhainneacht nó deimhniú srianta ar thorann i gcás aerárthaí a ndearnadh dearbhú ar a dhearadh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 nó ar eisíodh deimhniú cineáil srianta ina leith i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1. Sa chás sin, is arna n-iarraidh a eiseofar na deimhnithe sin, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir leis an dearadh sin agus go bhfuil an t-aerárthach i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol;
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, féadfar ceadúnas eitilte a eisiúint lena gceadófar aerárthach atá gan deimhniú bailí aeracmhainneachta nó gan deimhniú bailí srianta ar aeracmhainneacht a oibriú. Sa chás sin, eiseofar an ceadúnas eitilte sin arna iarraidh, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte.
Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na ceadúnais eitilte sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1) nó leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 17(1), ar choinníoll go bhfuil sé cinnte ag an eagraíocht sin go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte, féadfaidh sí an ceadúnas eitilte a eisiúint gan a iarraidh.
Beidh an ceadúnas eitilte faoi réir teorainneacha iomchuí, mar a fhoráiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 19(1), agus go háirithe faoi réir teorainneacha chun sábháilteacht tríú páirtithe a chosaint.
Airteagal 19
Cumhachtaí tarmligthe
I dtaca le haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
ceanglais mhionsonraithe maidir le cosaint an chomhshaoil i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 9(2);
na coinníollacha faoina mbunóidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir agus faoina dtabharfaidh sí fógra don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 77:
an bonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme maidir le táirge chun críocha an deimhniúcháin cineáil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus i bpointe (b) d'Airteagal 18(1);
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le táirge chun sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le páirt nó le trealamh neamhshuiteáilte, lena n-áirítear trealamh agus ionstraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 30(7), chun críocha an deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13;
na coinníollacha sonracha faoina gcomhlíonfaidh aerárthach dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 2(1) na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9;
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13, agus pointe (b) d'Airteagal 18(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
na coinníollacha a bhaineann le cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá le deimhnithe dá leithéid, nó ina gceadaítear dearbhuithe, de réir mar is infheidhme, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;
na coinníollacha a bhaineann le fad tréimhse na ndeimhnithe sin agus a bhaineann lena n-athnuachan más fad tréimhse teoranta atá i gceist leo;
na coinníollacha maidir leis na deimhnithe aeracmhainneachta agus torainn dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a eisiúint, a leasú, a theorannú, a chur ar fhionraí nó a chúlghairm, chomh maith leis na deimhnithe srianta ar aeracmhainneacht agus na deimhnithe srianta ar thorann dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2);
na coinníollacha maidir leis na ceadúnas eitilte dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
na coinníollacha faoina ndéanfar na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá lena leithéid d'fhormheasanna nó ina gceadaítear dearbhuithe, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe arna n-eisiúint de bhun Airteagail 11, 12, 13, Airteagail 14(1), 15(1), pointe (b) d'Airteagal 18(1), 18(2) agus ag na heagraíochtaí a rinne dearbhuithe i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) agus pointe (g) den Airteagal seo agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
na coinníollacha faoin mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le dearadh táirgí, dearadh páirteanna agus dearadh trealaimh neamhshuiteáilte atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1);
na coinníollacha agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear na coinníollacha agus na teorainneacha oibríochtúla, faoina ndéanfar, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1)(a), aeracmhainneacht agus comhoiriúnacht chomhshaoil dhearadh na dtáirgí, dhearadh na bpáirteanna agus dhearadh an trealaimh neamhshuiteáilte a mheasúnú gan ceanglas a bheith ann deimhniú a eisiúint;
na coinníollacha faoina mbeidh de phribhléid ag eagraíochtaí ar eisíodh dóibh formheas i gcomhréir le hAirteagal 15(1) na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13 agus pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint;
ROINN II
Foireann eitilte
Airteagal 20
Ceanglais fhíor-riachtanacha
Píolótaí agus foireann cábáin atá páirteach in oibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal (1), seachas aerárthaí gan foireann, maille le feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, daoine agus eagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint, tástáil, seiceáil nó measúnú leighis a dhéanamh ar na píolótaí agus ar an bhfoireann cábáin sin, déanfaidh siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh.
Airteagal 21
Píolótaí
Féadfar an ceadúnas píolóta agus an deimhniú leighis píolóta a leasú chun pribhléidí a chur leo nó a bhaint astu, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1).
Airteagal 22
Foireann cábáin
Airteagal 23
Gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le píolótaí agus don fhoireann cábáin
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, i dtaca le na píolótaí atá rannpháirteach in oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na catagóirí éagsúla ceadúnas píolóta agus deimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21, mar aon le rátálacha éagsúla do na ceadúnais phíolóta sin, is leor do na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a dhéantar;
na pribhléidí agus na freagrachtaí atá ag sealbhóirí ceadúnas píolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais phíolóta, rátálacha agus deimhnithe leighis píolóta a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
na cásanna nach mbeidh gá leis na ceadúnais, leis na rátálacha agus leis na deimhnithe leighis sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta do phíolótaí agus deimhnithe leighis náisiúnta do phíolótaí a chomhshó ina gceadúnais do phíolótaí agus ina ndeimhnithe leighis do phíolótaí dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais náisiúnta aerinnealtóra a chomhshó ina gceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina n-aithneofar oiliúint agus taithí a fuarthas ar aerárthaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo chun críocha ceadúnais phíolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a fháil.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo agus cuirfidh sé ►C2 na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Áireofar leis na bearta cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, forálacha maidir le gach cineál ceadúnas píolóta agus rátálacha is gá a eisiúint faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Féadfar a áireamh leis na gníomhartha chur chun feidhme sin forálacha maidir le cineálacha eile ceadúnas píolóta agus rátálacha a eisiúint.
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú i dtaca le foireann cábáin atá rannpháirteach in oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta chun fianuithe na foirne cábáin a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na fianuithe sin don fhoireann cábáin atá rannpháirteach in oibríochtaí seachas aeriompar tráchtála;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar dhea shláinte na foirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 22;
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí fhianuithe na foirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 22 agus na freagrachtaí a bheidh orthu.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 24
Eagraíochtaí oiliúna agus ionaid aerleighis
Airteagal 25
Feistí oiliúna ionsamhalta eitilte
Airteagal 26
Teagascóirí agus scrúdaitheoirí
Féadfar na deimhnithe sin a leasú chun pribhléidí a chur leo nó a bhaint astu, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(1).
Airteagal 27
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 20 a áirithiú, d'fheistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus do na daoine agus do na heagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint, tástáil, seiceáil nó measúnú a dhéanamh ar na píolótaí agus ar an bhfoireann cábáin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina mbeidh gá leis na formheasanna agus na cásanna nach mbeidh gá leis na formheasanna ná leis na deimhnithe sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le dearbhuithe a dhéanann eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí agus eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne cábáin dá dtagraítear in Airteagal 24(6), agus a dhéanann oibreoirí feistí oiliúna ionsamhalta eitilte dá dtagraítear in Airteagal 25(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26, agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na heagraíochtaí a dhéanann dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 24(6) agus Airteagal 25(5), agus na freagrachtaí a bheidh orthu.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 28
Cumhachtaí tarmligthe
ROINN III
Oibríochtaí aeir
Airteagal 29
Ceanglais fhíor-riachtanacha
Le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, comhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 30
Oibreoirí aerárthaí
D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó a bhfuil príomhionad gnó acu inti, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1):
a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú aerárthaí a chomhall i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin; nó
deimhniú a bheith acu.
Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar na hoibreoirí aerárthaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an méid seo a leanas a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 31:
ceanglais shonracha a chomhlíonadh, nuair a dhéanann siad comhaontuithe códroinnte nó conarthaí léasa;
ceanglais shonracha a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad aerárthaí atá cláraithe i dtríú tír;
Íosliosta Trealaimh (MEL) nó a choibhéis de dhoiciméad a bhunú lena bhforáiltear d'oibriú an aerárthaigh, faoi dhálaí sonraithe, le huirlisí áirithe, míreanna trealaimh nó feidhmeanna áirithe atá as feidhm tráth a chuirtear tús leis an eitilt.
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1), beidh aerárthaí feistithe leis an trealamh agus na hionstraimí is gá a bhaineann le sábháilteacht, arna ndeimhniú i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1), lena n-áirítear roinnt nó gach ceann díobh seo a leanas:
taifeadáin eitilte;
modh chun suíomh an aerárthaigh a rianú;
modh chun an taifeadán sonraí eitilte a athshlánú ar bhealach tráthúil, i gcás aerárthach atá i nguais trí mheán cumarsáid leictreonach fhíor-ama nó réitigh theicniúla iomchuí eile.
Airteagal 31
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí aeir
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 29 a áirithiú, d'oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha faoi oibriú aerárthaí i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe ó oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu, agus na pribhléidí a bheidh ag na hoibreoirí aerárthaí a dhéanann dearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1) agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
na ceanglais bhreise sin is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo is infheidhme d'oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát sin atá faoi réir ag forálacha na gConarthaí, nó a bhfuil príomhionad gnó acu laistigh di, i gcás ina ndéanann siad comhaontú códroinnte nó comhaontú léasa nó ina n-oibríonn siad aerárthach atá cláraithe i dtríú tír;
na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) maidir le MEL nó doiciméad coibhéiseach a bhunú, agus na cásanna ina ceanglaíodh é;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbeidh aerárthach feistithe leis an trealamh agus na hionstraimí is gá a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear na taifeadáin eitilte agus/nó modhanna dá dtagraítear in Airteagal 30(7), agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le caomhnú, cosaint, úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, tarchur slán na sonraí lena mbaineann.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 32
Cumhachtaí tarmligthe
I gcás oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe ina dtaobh seo a leanas:
na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag gach oibreoir (lena fhoireann eitilte) dá dtagraítear in Airteagal 30(1) i dtaca le teorainneacha ama eitilte agus ama dualgais, chomh maith le ceanglais scíthe na foirne eitilte;
na coinníollacha agus nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29 i dtaca le scéimeanna aonair um shonrú ama eitilte, agus i dtaca le tuairimí na Gníomhaireachta a eisiúint faoi Airteagal 76(7).
ROINN IV
Aeradróim
Airteagal 33
Ceanglais fhíor-riachtanacha
I dtaca le haeradróim, lena dtrealamh a bhaineann le sábháilteacht agus lena n-oibriú, le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus le SBN in aeradróim dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 2(1), comhlíonfaidh siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 34
Deimhniúchán na nAeradróm
Eiseofar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna iarraidh sin, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir:
go gcomhlíonann an t-aeradróm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36 agus an bonn do dheimhniúchán aeradróim a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo; agus
nach bhfuil aon ghné nó tréith de chuid an aeradróim a fhágann nach bhfuil sé sábháilte é a oibriú.
A bhfuil anseo síos a bheidh mar bhonn le deimhniúchán aeradróim:
na sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme maidir leis an gcineál aeradróim;
na forálacha is infheidhme maidir le sonraíochtaí deimhniúcháin ar ina leith a glacadh le leibhéal coibhéiseach sábháilteachta;
na sonraíochtaí mionsonraithe speisialta teicniúla is gá nuair a fhágann gnéithe de dhearadh aeradróim áirithe nó den taithí oibríochta a bhaineann leis nach leor nó nach iomchuí aon cheann de na sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33.
Airteagal 35
Trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36, féadfar a cheangal ar eagraíochtaí atá rannpháirteach i ndearadh, i dtáirgeadh agus i gcothabháil trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid ag aeradróim atá faoi réir an Rialachán seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
a dhearbhú go gcomhlíonann trealamh den sórt sin na sonraíochtaí mionsonraithe a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36; nó
deimhniú a shealbhú i leith an trealaimh aeradróim sin a bhaineann le sábháilteacht.
Airteagal 36
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haeradróim agus trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 33 a áirithiú d'aeradróim agus do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar, agus faoina dtabharfar fógra, d'iarratasóir, ar bhonn Airteagal 34(5), faoin mbonn deimhniúcháin is infheidhme maidir le haeradróm chun críoch deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34(1);
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina mbunófar agus faoina dtabharfar fógra d'iarratasóir faoi na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht chun críoch deimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear srianta oibriúcháin a bhaineann le dearadh sonrach an aeradróim;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht agus atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 35(1);
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 35(1), i dtaca le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 34 agus in Airteagal 35(1) agus ag na heagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1), agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina nglacfar le deimhnithe náisiúnta aeradróim arna n-eisiúint ag Ballstáit ar bhonn a ndlí náisiúnta féin, agus faoina n-iompófar na deimhnithe sin sna deimhnithe aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta atá údaraithe cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann ar bhonn difríochtaí fógartha le Iarscríbhinn 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 37
Eagraíochtaí
Sonrófar ar an deimhniú sin na pribhléidí a bronnadh ar an eagraíocht dheimhnithe agus raon an deimhnithe.
Airteagal 38
An limistéar thart ar an aeradróm a chosaint
Airteagal 39
Cumhachtaí tarmligthe
I dtaca le hoibriú aeradróm, agus le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus le seirbhísí bainistíochta naprúin ag aeradróim, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
na coinníollacha sonracha lena ndéanfar aeradróim a oibriú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33;
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 37(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 37(1);
na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta naprúin i gcomhréir le hAirteagal 37(2), lena n-áirítear freisin go n-aithneofaí na hoibreoirí, gan fíorú breise, na dearbhuithe sin;
pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin agus a bhfuil dearbhuithe eisithe acu i gcomhréir le hAirteagal 37(2);
ROINN V
BAT/SAL
Airteagal 40
Ceanglais fhíor-riachtanacha
Airteagal 41
Soláthraithe BAL/SAL
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón gceanglas deimhniú a bheith ina seilbh a thabhairt do sholáthraithe BAT/SAL agus i gcás gur gcomhlíonadh na coinníollacha seo a leanas uile:
tá a phríomhionad gnó lonnaithe ag an soláthraí lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago;
baineann an soláthar BAT/SAL a dhéanann an soláthraí sin le méid beag aerthráchta i gcuid theoranta den aerspás a bhfuil freagracht ar an mBallstát a thugann an díolúine as agus má tá teorainn ag an gcuid sin den aerspás le haerspás atá faoi fhreagracht tríú tír;
bheadh iarracht dhíréireach ag an soláthraí i gceist le ceangal a chur ar an soláthraí sin a thaispeáint go gcomhlíontar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfianaise chineál agus riosca na gníomhaíochta sonraí sin a chuireann sé i gcrích san aerspás sin;
tá rialacha agus na nósanna imeachta socruithe ag an mBallstát lena mbaineann a bhfuil feidhm acu maidir le soláthar BAT/SAL ag an soláthraí lena n-áirithítear, i gcomhréir le ►C2 caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht, leibhéal inghlactha sábháilteachta agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40, agus tá bealaí agus socruithe iomchuí agus éifeachtacha le haghaidh maoirseachta agus forfheidhmithe bunaithe ag an mBallstát chun comhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta sin a áirithiú.
sainmhínítear go soiléir raon feidhme na díolúine agus tá an díolúine teoranta i gcónaí don mhéid a bhfuil fíor-ghá leis; i gcás gur faide ná 5 bliana fad a tréimhse, tá an díolúine faoi réir athbhreithniú rialta ag tréimhsí eatramhacha atá oiriúnach; agus cuirtear i bhfeidhm an díolúine ar bhealach neamh-idirdhealaitheach í.
I gcás go mbeartaíonn Ballstát díolúine den sórt sin a thabhairt, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid atá beartaithe aige agus leagfaidh sé amach an fhaisnéis ábhartha uile.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, ina mbeidh a chinneadh maidir le cibé an bhfuil coinníollacha na céad fomhíre den mhír seo comhlíonta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(2) agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht isteach sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74.
Ní thabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine ach amháin má tá cinneadh dearfach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír. Tarraingeoidh sé siar an díolúine i gcás go dtugann sé faoi deara, go háirithe tríd an athbhreithniú rialta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír a thuilleadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon díolúine a dheonú agus, i gcás inarb infheidhme, faoi thorthaí na n-athbhreithnithe sin agus faoi aon aistarraingtí.
Airteagal 42
Eagraíochtaí a ghabhann do chórais agus do chomhdhamhnaí BAT/SAL a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil
Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar eagraíochtaí a ghabhann do dhearadh, do tháirgeadh nó do chothabháil córas agus comhdhamhnaí BAT/SAL, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43, an méid seo a leanas a dhéanamh:
a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí sin a dhéantar a chomhall i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin; nó
deimhniú a bheith acu.
Airteagal 43
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le soláthraithe BAT/SAL agus le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh nó le cothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 a áirithiú, d'fhonn BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(1) a sholáthar, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe a leagan amach maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha i dtaca le soláthar BAT/SAL i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40, lena n-áirítear bunú agus cur chun feidhme an phlean teagmhais i gcomhréir le pointe 5.1(f) d'Iarscríbhinn VIII, pointe 5.1;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 41(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhú ó sholáthraithe seirbhísí faisnéise eitiltí dá dtagraítear in Airteagal 41(5), agus maidir leis na cásanna ina gceadaítear dearbhuithe den chineál sin;
na rialacha agus na nósanna imeacht chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 42(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus maidir leis na cásanna ina gceanglaítear na deimhnithe sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú ó eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 42(1), agus maidir leis na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
pribhléidí agus freagrachtaí shealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 42(1), agus na n-eagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 41(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 42(1);
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 44
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le húsáid an aerspáis agus na struchtúir aerspáis a dhearadh
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 a áirithiú, d'fhonn BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(1) a sholáthar, agus i ndáil le dearadh na struchtúr aerspáis, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an aerspáis, trealaimh aerárthaí agus na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL is gá chun an t-aerspás a úsáid;
Na rialacha agus na nósanna imeachta i ndáil le dearadh na struchtúr aerspáis d'fhonn a áirithiú go ndéanfaí Airteagal 46 a chomhlíonadh.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 45
Córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL
Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil na córais agus comhdhamhnaí sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí mionsonraithe a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40.
De mhaolú ar fhomhír 1, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47, beidh de chead ag eagraíochtaí a ghabhann do dhearadh, táirgeadh agus cothabháil córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, beidh de chead acu a dhearbhú go bhfuil na córais agus comhdhamhnaí sin i gcomhréir le na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40, agus gur oiriúnach na córais agus comhdhamhnaí sin a úsáid.
Airteagal 46
Dearadh na struchtúr aerspáis
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar struchtúir aerspáis a dhearadh, go ndéanfar suirbhéireacht orthu agus a bhailíochtú mar is ceart sula bhféadfar iad a imlonnú agus sula bhféadfaidh aerárthaí iad a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun pointe (b) d'Airteagal 44(1).
Airteagal 47
Cumhachtaí tarmligthe
I gcás na gcóras agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
na coinníollacha faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarratasóir fúthu chun críocha deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 45(2);
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dheimhnithe nó a gceadaítear dearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) agus na freagrachtaí atá orthu;
pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2);
na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh soláthraithe BAT/SAL, i gcomhréir le hAirteagal 45(1), agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dhearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;
na coinníollacha faoina mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2);
ROINN VI
Rialtóirí aerthráchta
Airteagal 48
Ceanglais fhíor-riachtanacha
Rialtóirí aerthráchta atá rannpháirteach i soláthar BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(1), maille le daoine, eagraíochtaí agus feistí sintéiseacha oiliúna atá rannpháirteach in oiliúint, tástáil, seiceáil nó measúnú leighis a dhéanamh ar na rialtóirí aerthráchta sin, déanfaidh siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII a chomhlíonadh.
Airteagal 49
Rialtóirí aerthráchta
Airteagal 50
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le rialtóirí aerthráchta
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 48 a áirithiú do rialtóirí aerthráchta, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na catagóirí, na rátálacha agus na formhuinithe éagsúla do cheadúnais rialtóra aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 49;
pribhléidí agus freagrachtaí shealbhóirí na gceadúnas rialtóra aerthráchta, na rátálacha agus na bhformhuinithe i gcás na gceadúnas agus na ndeimhnithe leighis dá dtagraítear in Airteagal 49;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na ceadúnais, na rátálacha agus na formhuinithe a bhaineann leis na ceadúnais rialtóra aerthráchta agus leis na deimhnithe leighis dá dtagraítear in Airteagal 49 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta rialtóra aerthráchta agus deimhnithe náisiúnta leighis a athrú sna ceadúnais rialtóra aerthráchta agus sna deimhnithe leighis sin dá dtagraítear in Airteagal 49.
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rialtóirí aerthráchta i dtaca le teorainneacha ama dualgais agus ceanglais maidir le scíth; leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin, féachtar le leibhéal ard sábháilteachta a chur ar fáil trí chosaint i gcoinne éifeachtaí an tuirse agus, ag an am céanna, dóthain solúbthachta a chur ar fáil don sceidealú;
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 51
Eagraíochtaí um oiliúint a chur ar rialtóirí aerthráchta agus ionaid aerleighis
Airteagal 52
Teagascóirí, measúnóirí agus scrúdaitheoirí aerleighis
Airteagal 53
Gníomhartha cur chun feidhme chun oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh
Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 48 a áirithiú do na daoine agus do na heagraíochtaí a bhfuil lámh acu in oiliúint, tástáil, seiceáil agus measúnú leighis a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na formheasanna agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 52 agus na freagrachtaí atá orthu.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 54
Cumhachtaí tarmligthe
I dtaca le rialtóirí aerthráchta, chomh maith le daoine agus eagraíochtaí a bhfuil lámh acu in oiliúint, i dtástáil, i measúnú leighis, agus i seiceáil a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, chomh maith le feistí sintéiseacha oiliúna, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, Iarscríbhinn VIII a leasú, nuair is gá sin ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach le heagraíochtaí oiliúna agus rialtóirí aerthráchta, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
ROINN VII
Aerárthaí gan foireann
Airteagal 55
Ceanglais fhíor-riachtanacha d'aerárthaí gan foireann
I dtaca le dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), a mhéid a bhaineann le haerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, agus i gcás ina bhforáiltear dá leithéid sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 58 agus sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57, leis na riachtanais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V.
Airteagal 56
Comhlíonadh i gcás aerárthaí gan foireann
Airteagal 57
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerárthaí gan foireann
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 55 a áirithiú, d'oibriú na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is le haerárthaí gan foireann a bhaineann, chomh maith lena bhfoireann eitilte — lena n-áirítear cianphíolótaí — agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus nósanna imeachta d'oibriú aerárthaí gan foireann agus don phearsanra, lena n-áirítear cianphíolótaí agus eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin;
na rialacha agus nósanna imeachta chun na deimhnithe d'oibriú aerárthaí gan foireann agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí” agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nó chun dearbhuithe a dhéanamh, agus na cásanna ina bhfuil gá leis na deimhnithe nó na dearbhuithe sin. Féadfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta faoina n-eiseofar na deimhnithe sin agus faoina ndéanfar na dearbhuithe sin a bheith bunaithe ar na ceanglais mhionsonraithe dá dtagraítear i Roinn I, Roinn II agus Roinn III den Chaibidil seo, nó is féidir gurb iad na ceanglais sin ar fad is inneachar dóibh;
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe agus ag daoine dlítheanacha agus nádúrtha a dhéanann dearbhuithe, agus na freagrachtaí atá orthu;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le clárú agus marcáil aerárthaí gan foireann agus do chlárú oibreoirí aerárthaí gan foireann, dtagraítear i Roinn 4 d'Iarscríbhinn IX;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun córais chlárúcháin digiteacha, idiroibritheacha, chomhchuibhithe náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 56(7), a bhunú.
na rialacha agus nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta a chomhshó sna deimhnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 56 (1).
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 58
Cumhachtaí tarmligthe
I dtaca le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), nuair is é a bhíonn i gceist aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a oibriú go cianda, maille leis an bpearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus le heagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le:
na coinníollacha sonracha do dhearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, ar coinníollacha iad a bhfuil gá leo lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 55; féadfar a áireamh sa mhéid sin na coinníollacha faoina gceanglaíodh ar aerárthaí gan foireann a bheith feistithe le sainghnéithe agus sainfheidhmiúlachtaí riachtanacha a bhaineann le, go háirithe: teorainneacha maidir le huasfhad oibríochta agus airde, cumarsáid maidir le suíomh, srianta iontrála maidir le criosanna geografacha, seachaint imbhuailte, cobhsú eitilte, agus tuirlingt uathoibríoch;
na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le deimhnithe a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, nó a dhéanamh, i gcomhair dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus a dtrealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, agus don phearsanra — lena n-áirítear cianphíolótaí, agus d'eagraíochtaí a mbíonn lámh acu sna gníomhaíochtaí sin chomh maith, dá dtagraítear in Airteagal 56 (1) agus (5), agus na cásanna faoina bhfuil na deimhnithe agus dearbhuithe sin riachtanach. I dtaca leis na coinníollacha faoina n-eiseofar na deimhnithe sin agus faoina ndéanfar na dearbhuithe sin, féadfar iad sin a bhunú ar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Roinn I, Roinn II agus Roinn III den Chaibidil seo, nó is féidir gurb iad na ceanglais sin ar fad is inneachar dóibh;
na coinníollacha faoi nach bhfuil na ceanglais, a bhaineann le dearadh, táirgeadh, agus cothabháil aerárthaí gan foireann maille lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna, a dtrealamh neamhshuiteáilte agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, faoi réir Chaibidil IV agus Chaibidil V den Rialachán seo, chun críche Airteagal 56(6);
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe agus ag daoine dlítheanacha agus nádúrtha a dhéanann dearbhuithe, agus na freagrachtaí atá orthu;
na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta a chomhshó sna deimhnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 56(1).
ROINN VIII
Aerárthaí arna n-úsáid ag oibreoir tríú tír isteach go dtí an Aontas, laistigh den Aontas nó amach as an Aontas
Airteagal 59
Rialacha is infheidhme
Gan dochar do phointe 1 d'Iarscríbhinn VIII ná do na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 44(1), cloífidh na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), mar aon lena bhfoireann eitilte go na n-oibríochtaí, leis na caighdeáin ICAO is infheidhme.
A mhéid nach mbeidh aon chaighdeáin dá sórt ar fáil, cloífidh na haerárthaí sin gona n-oibríochtaí leis an méid seo a leanas:
i gcás aerárthaí seachas aerárthaí gan foireann, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V;
i gcás aerárthaí gan foireann, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX agus, i gcás ina bhforáiltear dá leithéid sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV, agus Iarscríbhinn V.
Ní bheidh feidhm, áfach, ag an dara fomhír má bhíonn na ceanglais fhíor-riachtanacha sin ag teacht salach ar chearta tríú tíortha faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta.
Airteagal 60
Comhlíonadh
Eiseofar an t-údarú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil de chumas agus d'acmhainn aige nó aici na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59. Sonrófar ar an údarú sin na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir agus raon na n-oibríochtaí.
Eiseofar an t-údarú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil de chumas agus d'acmhainn aige nó aici na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59.
Sonrófar ar an údarú sin na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir agus raon na n-oibríochtaí.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, oibreoirí na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) atá ag gabháil d'oibríochtaí nach oibríochtaí aeriompair tráchtála iad, beidh de chead acu a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann leis na hoibríochtaí sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59.
Airteagal 61
Cumhachtaí tarmligthe
I dtaca le haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), chomh maith lena bhfoireann agus lena n-oibríochtaí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
údarú ar aerárthaí nach bhfuil acu deimhniú caighdeánach aeracmhainneachta de chuid ICAO nó údarú ar phíolótaí nach bhfuil acu ceadúnas caighdeánach de chuid ICAO, chun oibriú isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí ina leith, laistigh den chríoch agus amach aisti;
na coinníollacha sonracha maidir le haerárthach a oibriú i gcomhréir le forálacha Airteagal 59;
coinníollacha malartacha nuair nach féidir na caighdeáin agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 59 a chomhlíonadh nó ina mbeadh dua díréireach i gceist don oibreoir iad a chomhlíonadh, trína bhféachtar ag an am céanna go mbaintear amach cuspóirí na gcaighdeán agus na gceanglas lena mbaineann;
na coinníollacha faoina ndéanfar na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 60 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid d'údaruithe nó a gceadófar dearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme. Cuirfear san áireamh sna coinníollacha sin na deimhnithe a d'eisigh an stát cláraithe, an staid ina bhfuil an t-oibreoir, agus, i gcás aerárthaí gan foireann, an stát ina bhfuil an trealamh lena rialaítear go cianda aerárthaí gan foireann suite, agus sin gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn sin;
na pribhléidí agus freagrachtaí a bheidh ag sealbhóirí na n-údaruithe sin dá dtagraítear in Airteagal 60(1) agus (2), agus, mas ábhartha, ag na hoibreoirí aerárthaigh a d'eisigh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 60(2);
Agus na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh aige, féachfaidh an Coimisiún chuige go sonrach:
go mbainfear úsáid, más iomchuí, as cleachtais agus as doiciméid threoracha atá molta ag ICAO;
nach rachaidh aon cheanglas, thar mar a éilítear, ar aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d'Airteagal 2(1) ná ar oibreoirí na n-aerárthaí sin;
gur le próiseas a bheidh simplí, comhréireach, éifeachtach agus costéifeachtúil a gheofar na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 60(1) agus (2), trína mbeifear in ann comhlíonadh a thaispeáint i gcomhréir le castacht agus riosca na hoibríochta sin. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear san áireamh:
torthaí Chlár Uilíoch ICAO um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta;
an fhaisnéis a bhailítear de thairbhe cláir cigireachta rampaí arna mbunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62(13) agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 62(14);
aon fhaisnéis aitheanta eile faoi ghnéithe den tsábháilteacht maidir leis an oibreoir lena mbaineann;
deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le dlíthe tríú tír.
go gcuirfear na gnéithe sábháilteachta a bhaineann le BAT/SAL san áireamh.
CAIBIDIL IV
CÓRAS COMHPHÁIRTEACH DEIMHNIÚCHÁIN, MAOIRSEACHTA AGUS FORFHEIDHMITHE
Airteagal 62
Deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú
D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta:
iarratais a chuirfear faoina mbráid a ghlacadh agus a mheasúnú agus, más infheidhme, na deimhnithe a eisiúint nó a athnuachan, chomh maith le dearbhuithe a chuirfear faoina mbráid a ghlacadh, i gcomhréir le Caibidil III;
maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe, ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha a dhéanann dearbhuithe, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo;
na himscrúduithe, na cigireachtaí, lena n-áirítear cigireachtaí rampa, na hiniúchtaí, agus na gníomhaíochtaí faireacháin eile a dhéanamh is gá chun gur féidir sáruithe féideartha a shainaithint arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha atá faoi réir an Rialacháin seo ar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
pé bearta forfheidhmithe is gá a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear deimhnithe arna n-eisiúint acu a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, aerárthaí a choinneáil ar an talamh agus pionóis airgeadais a ghearradh, d'fhonn deireadh a chur le sáruithe sainaitheanta;
na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a thabhairt faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht.
leibhéal iomchuí cáilíochta a áirithiú sna baill foirne a mbíonn lámh acu i gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil.
Beidh an Ghníomhaireacht freagrach sa chás ina sanntar na cúraimí sin di de bhun Airteagal 77 go 82 agus sa chás ina leithdháiltear na cúraimí sin air de bhun Airteagal 64 agus Airteagal 65.
Mar sin féin, i gcás ina dtugann Ballstát díolúine i gcomhréir le hAirteagal 41(6), ní bheidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 80(1) a thuilleadh agus beidh an Ballstát sin freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil leis an soláthraí BAT/SAL lena mbaineann mar a fhoráiltear sa díolúine sin.
I dtaca leis an deimhniú aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a eisítear d'oibreoir aeradróim, is é údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-aeradróm lonnaithe a bheidh freagrach as na cúraimí sin.
Beidh an t-údarás inniúil náisiúnta sin freagrach freisin as na cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe i ndáil le heagraíochtaí atá freagrach as seirbhísí láimhseála ar an talamh nó seirbhísí AMS a sholáthar ag an aeradróm sin.
I ngach cás eile, beidh an fhreagracht ar údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil príomháit ghnó an duine nádúrtha nó dlítheanach a iarrann an deimhniú nó a eisíonn an dearbhú, nó, i gcás nach bhfuil príomháit ghnó ag an duine sin, san áit ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil áit bhunaithe an duine sin, ach amháin i gcás nach mór na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a leithdháileadh ar na húdaráis inniúla i mBallstát eile i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 14 chun go gcuirfear i gcrích go héifeachtach iad.
Ach má fhoráiltear amhlaidh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15:
scrúdaitheoirí aerleighis, ionaid aerleighis agus dochtúirí ginearálta a bheidh freagrach as eisiúint na ndeimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na ndeimhnithe leighis rialtóra aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 49(1);
eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne eitilte, ar eisíodh formheas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 24, agus oibreoirí aerárthaí, ar eisíodh deimhniú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 30, a bheidh freagrach as eisiúint na bhfianuithe dá dtagraítear in Airteagal 22 ar an bhfoireann chábáin.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh, de mhaolú ar mhír 4, na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith freagrach go comhpháirteach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil le hoibreoir aerárthaí a mbíonn lámh acu san aeriompar tráchtála i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go ndearnadh foráil don fhreagracht chomhpháirteach sin i gcomhaontú a tugadh i gcrích idir na Ballstáit seo roimh an 1 Eanáir 1992;
go bhfuil áirithe ag na Ballstáit sin go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil náisiúnta na cúraimí sin a chur i gcrích go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus leis cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
Na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh siad, faoin 12 Márta 2019 ar a dhéanaí, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoin cinneadh freagracht chomhpháirteach sin agus an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil dóibh, go háirithe an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) agus na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcuirtear na cúraimí sin i gcrích go héifeachtach i gcomhréir le pointe (b).
I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, ina mbeidh a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt an chinnidh sin maidir le cur chun feidhme, cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill a gcinneadh freagracht chomhpháirteach a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht cinntí uile na mBallstát agus an Choimisiúin, arna gcur ar an eolas de bhun na míre seo, sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74.
I dtaca leis na cúraimí sin de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
na coinníollacha faoina ndéanfar deimhniúchán, agus faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí, agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun maoirseacht éifeachtach ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo a áirithiú;
na coinníollacha faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí rampaí agus a gcoinneofar aerárthach ar an talamh i gcás nach gcomhlíonann oibreoir nó foireann eitilte an aerárthaigh, nó an t-aerárthach féin, forálacha an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
na coinníollacha a ndéanfar gníomhaíochtaí a rialáiltear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a bheith faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht i gcomhréir leo;
na coinníollacha faoina n-eiseoidh agus faoina scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus moltaí atá éigeantach i gcomhréir le hAirteagal 76(6) d'fhonn sábháilteacht na ngníomhaíochtaí a rialaítear le Caibidil III a áirithiú;
na coinníollacha faoina n-eiseoidh agus faoina scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis éigeantach, i gcomhréir le hAirteagal 77, d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach agus comhoiriúnacht chomhshaoil na dtáirgí, na bpáirteanna, trealaimh neamhshuiteáilte agus trealamh chun an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda a áirithiú, agus na coinníollacha faoina ndéanfar modhanna malartacha den chomhlíonadh sin a fhormheas i ndáil leis an bhfaisnéis éigeantach sin;
na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht creidiúnú ar eintiteas incháilithe chun críche Airteagal 69.
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na ceanglais i míreanna (2) go (9) den Airteagal seo, i dtaca leis na cúraimí sin a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhniúchán, agus faoina ndéanfar na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí, agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cigireachtaí rampaí agus faoina gcoinneofar aerárthach ar an talamh i gcás nach gcomhlíonann oibreoir nó foireann eitilte an aerárthaigh, nó an t-aerárthach féin, forálacha an Rialacháin seo gona ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoinar ceadmhach na gníomhaíochtaí a rialáiltear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a thabhairt faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht;
i dtaca le mír 4, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúla náisiúnta d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú;
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta creidiúnú ar eintiteas incháilithe chun críche Airteagal 69.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na ceanglais i míreanna (2) go (9) den Airteagal seo, i dtaca leis na cúraimí sin a dhéanann an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le tiomsú, malartú agus dáileadh na faisnéise ábhartha idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta chun na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh sáruithe féideartha nó sainaitheanta;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cáilíochtaí na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta a mbíonn lámh acu i gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe agus cáilíochtaí na n-eagraíochtaí sin a chuireann oiliúint orthu;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le córais riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta i dtaca le cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe;
i dtaca le mír 4 den Airteagal seo, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí do scrúdaitheoirí aerleighis agus d'ionaid aerleighis chun críocha deimhnithe leighis píolóta agus rialtóra aerthráchta a eisiúint, maille leis na coinníollacha faoina gcuirtear na freagrachtaí sin ar dhochtúirí ginearálta, d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniú leighis a dhéanamh ar phíolótaí agus ar rialtóirí aerthráchta;
i dtaca le mír 4 den Airteagal seo, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí d'eagraíochtaí um oiliúint d'fhoirne cábáin agus d'oibreoirí aerárthaigh chun críocha fianuithe foirne cábáin a eisiúint, d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán a dhéanamh ar fhoirne cábáin.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 63
Díorma de chigirí eitlíochta Eorpacha
Chun na críche sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla naisiúnta, na próifílí cáilíochta agus taithí a éileofar a shainmhíniú do na húdaráis inniúla náisiúnta; is ar a mbonn siúd a dhéanfaidh na húdaráis sin agus an Ghníomhaireacht iarrthóirí a ainmniú, ach iad a bheith ar fáil, chun páirt a ghlacadh sa sásra comhthiomsúcháin agus comhroinnte mar chigirí eitlíochta Eorpacha.
Féadfaidh an t-údarás sin cinneadh an cúnamh sin a mhaoiniú le táillí a thoibheofar de bhun sonraisc ar bhonn na rialacha a bhunaítear i gcomhréir le pointe (c) de mhír 6, agus a bhaileofar ón duine dlítheanach nó nádúrtha a bhí faoi réir na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus maoirseachta a rinne na cigirí eitlíochta Eorpacha sin.
Sa chás sin, aistreoidh an t-údarás sin an tsuim a bailíodh chuig an údarás a chuir an cúnamh ar fáil.
I dtaca leis an sásra comhthiomsúcháin agus comhroinnte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
na rialacha agus na nósanna imeachta ar dá réir a dhéanann an Gníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta cúnamh a iarraidh, a fháil nó a chur ar fáil tríd an sásra sin;
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaruithe agus na rialacha mionsonraithe is infheidhme do na cigirí eitlíochta Eorpacha sin agus an cúnamh sin á sholáthar acu.
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le socrú agus bailiú na dtáillí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 64
Ath-leithdháileadh na freagrachta arna iarraidh sin do na Ballstáit
A luaithe a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht leis an iarraidh sin, is uirthi a thitfidh an fhreagracht, mar údarás inniúil, as na cúraimí a chuimsítear leis an iarraidh sin; bainfear freagracht as na cúraimí sin den Bhallstát lena mbaineann.
I dtaca leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an Ghníomhaireacht an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin, beidh feidhm ag Caibidil IV agus Caibidil V.
A luaithe a ghlacfaidh an Ballstát leis an iarraidh sin, is air a thitfidh an fhreagracht as na cúraimí a chuimsítear leis an iarraidh sin; bainfear freagracht as na cúraimí sin don Bhallstát iarrthach.
I dtaca leis an gcaoi a bhfeidhmítear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí a ath-leithdháileadh i gcomhréir leis an mír seo, beidh feidhm ag Caibidil II agus Chaibidil IV agus Airteagal 131 agus Airteagal 132, maille leis na forálacha is infheidhme i ndlí an Bhallstáit a ghlac an t-iarratas.
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, de réir mar is infheidhme, gur i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe sin a ath-leithdháilfear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh ath-leithdháileadh na freagrachta as feidhmiú na gcúraimí sin agus í i mbun cigireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin eile i gcomhréir le hAirteagal 85.
Nuair a dhéanfaidh Ballstát, i gcomhréir leis an Airteagal seo, an fhreagracht as na cúraimí a shanntar dó le Coinbhinsiún Chicago a ath-leithdháileadh, tabharfaidh sé fógra do ICAO go bhfuil an Ghníomhaireacht nó Ballstát eile i mbun na bhfeidhmeanna agus na gcúraimí a sannadh dó faoi Choinbhinsiún Chicago.
Airteagal 65
Ath-leithdháileadh freagrachta ar iarraidh ó eagraíochtaí a fheidhmíonn i mBallstát amháin nó níos mó
Féadfaidh dhá eagraíocht nó níos mó, atá ina gcuid de ghrúpáil aonair ghnó iarraidh mar sin a dhéanamh freisin, ach príomhionad gnó a bheith acu i mBallstát difriúil agus deimhniú ina seilbh acu nó iad a bheith i dteideal a iarrtha i gcomhréir le Caibidil III don chineál céanna gníomhaíochta eitlíochta.
Ar fháil na hiarrata sin, rachaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le chéile gan mhoill, agus lorgóidh siad, más gá, tuairimí breise ó na heagraíochtaí a rinne an iarraidh. Le linn na gcomhairliúchán sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta a marana maidir le leas a bhaint as cigirí agus pearsanra eile a bheidh ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann, i gcás comhaontú ar ath-leithdháileadh.
Más rud é tar éis an chomhairliúcháin sin go measann an Ghníomhaireacht nó an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach ar a gcumas féin cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh go héifeachtúil faoin Rialachán seo agus faoi na ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe, arna nglacadh ar a bhonn, nó go bhfágfar tionchar diúltach ar aon slí eile ar fheidhmiú éifeachtach an údaráis, déanfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás sin, laistigh de thréimhse nach faide ná 180 lá ó dháta faighte na hiarrata, na heagraíochtaí lena mbaineann a chur ar an eolas ina thaobh le húdar cuí agus na cúiseanna a measann sé nó sí go bhfágfaidh an iarraidh sin éifeacht dhíobhálach. Déanfar an litir faisnéise sin a chur freisin chuig an bpáirtí eile. Sa chás sin, measfar an t-iarratas a bheith dífe.
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, de réir mar is infheidhme, gur i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe sin a ath-leithdháilfear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin. Agus na socruithe sin á gcur chun feidhme, úsáidfidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is féidir, na cigirí agus pearsanra eile atá ar fáil sna Ballstáit.
Airteagal 66
An sásra tacaíochta maoirseachta
I gcás inar comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
go léirítear de bharr cigireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 85, neamhábaltacht thromchúiseach leanúnach an Bhallstáit cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe áirithe dá chuid nó neamhábaltacht a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe uile a chur i gcrích go héifeachtach faoin Rialachán seo;
go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún ar an mBallstát lena mbaineann na heasnaimh a sainaithníodh i gcomhréir le pointe (a) a réiteach,
nár réitigh an Ballstát na heasnaimh sin go sásúil agus go bhfuil sábháilteacht na heitlíochta sibhialta á cur i mbaol dá bharr,
déanfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, clár cúnaimh theicniúil sealadach a bhunú go comhpháirteach darb aidhm na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas agus cuidiú leis an mBallstát lena mbaineann a bheith in ann a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur de arís faoi dheireadh na céime tacaíochta. Áireofar sa chlár cúnaimh theicniúil sin, go háirithe, amlíne an chláir, pleanáil agus feidhmiú na gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe i gcásanna inar sainaithníodh easnaimh, oiliúint agus cáilíochtaí na gcigirí agus pearsanra ábhartha, agus eagrú na hoibre arna déanamh ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina mbíonn tionchar díreach aige sin ar na heasnaimh a sainaithníodh.
Agus an clár cúnaimh theicniúil sin á chur chun feidhme, is é an Ballstát lena mbaineann a bheidh freagrach fós as na cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, i gcomhréir le Airteagal 62(2). Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid costas féin agus a sheasamh as cúnamh a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann aici.
Agus an clár cúnaimh theicniúil sin á chur chun feidhme, bainfidh an Ballstát lena mbaineann leas, i gcás inarb iomchuí, agus i bhfianaise chineál na n-easnamh, as díorma Eorpach na gcigirí eitlíochta a bunaíodh faoi Airteagal 63, as na heintitis cháilithe faoi Airteagal 69, agus as na deiseanna oiliúna arna mbeartú faoi Airteagal 92.
Airteagal 67
Bailíocht agus aitheantas a thabhairt do theastais agus dearbhuithe
Ón lá a dtabharfar éifeacht don chinneadh cur chun feidhme sin, ní bheidh bailíocht ná aitheantas a thuilleadh ag an deimhniú nó dearbhú sin, de mhaolú ar mhír 1, in aon Bhallstát.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh an cinneadh sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(2) a dhéanfar an cinneadh sin. Ar mhórchúiseanna práinne is sonrach don tsábháilteacht eitlíochta, a bhfuil bonn cirt leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm leo láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(4).
Airteagal 68
Glacadh le deimhniúchán tríú tír
Féadfaidh an Ghníomhaireacht nó na húdaráis inniúla náisiúnta na deimhnithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn a eisiúint ar bhonn na ndeimhnithe sin a eisíodh i gcomhréir le dlíthe tríú tíortha, nó féadfaidh siad glacadh le deimhnithe agus doiciméid ábhartha eile lena bhfianaítear comhlíonadh rialacha na heitlíochta sibhialta arna n-eisiúint i gcomhréir le dlíthe tríú tíortha, i gcás ina ndéantar foráil iontu ina leith seo a leanas:
comhaontuithe idirnáisiúnta i dtaca le haithint na ndeimhnithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tír;
na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3; nó
in éagmais comhaontú idirnáisiúnta agus gníomh ábhartha tarmligthe, dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den mhír seo faoi seach, agus gan dochar d'Airteagal 140(6) den Rialacháin seo, i gcomhaontú a bhaineann le haithint na ndeimhnithe a tugadh i gcrích idir Ballstát agus tríú tír roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 arna chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 nó pointe (a) d'Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Airteagal 69
Eintitis cháilithe
Gan dochar do mhír 4, bunóidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta sin a bhaineann leas as na heintitis cháilithe córas creidiúnacháin chun a mheasúnú an bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh ag na heintitis cháilithe, ní hé amháin tráth a gcreidiúnacháin ach go leanúnach dá éis.
Maidir le creidiúnú ar eintiteas cáilithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht nó údarás inniúil náisiúnta méid sin ar leithligh, nó féadfaidh dhá údarás inniúil náisiúnta (nó níos mó) agus iad i gcomhcheangal, nó an Ghníomhaireacht agus í i gcomhcheangal le húdarás inniúil náisiúnta amháin (nó níos mó) an creidiúnú sin a dhéanamh.
Ní bheidh sé de dhualgas áfach ar an nGníomhaireacht ná ar na húdaráis inniúla náisiúnta leas a bhaint as raon iomlán an chreidiúnúcháin a bhronn údarás inniúil náisiúnta eile nó an Ghníomhaireacht, ná leas a bhaint as scóip iomlán na bpribhléidí a bhronn údarás inniúil náisiúnta eile nó an Ghníomhaireacht ar an eintiteas cáilithe sin i gcomhréir le mír 3.
Airteagal 70
Forálacha coimirce
Ní bheidh an Rialachán seo ná na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn ina gcosc ar aon Bhallstát beart a chur i ngníomh láithreach i dtaca le fadhb a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta, má shásaítear na coinníollacha seo a leanas:
gurb ionann agus riosca tromchúiseach do shábháilteacht na heitlíochta an fhadhb agus gur gá don Bhallstát gníomhú láithreach chun an fhadhb a réiteach;
nach féidir leis an mBallstát dul i ngleic go leordhóthanach leis an bhfadhb i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn;
go bhfuil an gníomh a ghlacfar ar comhréir le déine na faidhbe atá le réiteach.
Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl láithreach don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, na bearta a rinneadh, a dtréimhse agus na cúiseanna a bhí leo.
I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur comhlíonadh na coinníollacha sin, déanfaidh sí, gan aon ró-mhoill, measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir léi an fhadhb a shainaithin an Ballstát a réiteach, trí na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 76(4) a ghlacadh, agus ar an gcuma sin an gá atá le bearta de chuid an Bhallstáit a bhaint. I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur féidir léi an fhadhb a réiteach ar an gcuma réamhráite, glacfaidh sí an cinneadh is cuí chuige sin agus cuirfidh sí na Ballstáit ar an eolas trí bhíthin an stóir lárnaigh a bunaíodh de bhun Airteagal 74. I gcás ina measann sí nach féidir an fhadhb a réiteach ar an gcuma sin, molfaidh sí don Choimisiún pé gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a leasú ar pé slí is gá, dar léi, i bhfianaise chur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo.
I gcás ina measann an Ghníomhaireacht nár comhlíonadh na coinníollacha sin, eiseoidh sí, gan aon ró-mhoill, moladh don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe sin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an moladh sin i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74.
Ar fhógra a thabhairt faoi gníomhartha cur chun feidhme lena ndearbhaítear nár comhlíonadh na coinníollacha sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a glacadh de bhun mhír 1 a chúlghairm láithreach.
Airteagal 71
Forálacha solúbthachta
Féadfaidh na Ballstáit díolúine a thabhairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith atá faoi réir an Rialacháin seo ó na ceanglais is infheidhme don duine sin de bhun Chaibidil III, seachas na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Chaibidil sin, nó ó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn na Caibidle sin, i gcás cúinsí neamh-intuartha práinneacha a bhainfeadh leis na daoine sin nó i gcás riachtanais oibríochtúla, ach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
ní féidir na cúinsí nó na heasnaimh sin a réiteach go leordhóthanach i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme;
sábháilteacht, caomhnú comhshaoil agus comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a áirithiú, trí bhíthin bearta maolaithe más gá;
go bhfuil maolú déanta, a mhéid is féidir, ag an mBallstát ar aon saobhadh féideartha ar dhálaí an mhargaidh i ngeall ar gur bronnadh an díolúine; agus
nach rachaidh raon feidhme ná ré na díolúine thar a bhfuil riachtanach agus go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl láithreach don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, an díolúine a deonaíodh, a tréimhse, cúis a deonaithe, agus, más iomchuí, na bearta maolaithe riachtanacha a cuireadh i bhfeidhm.
Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, agus an moladh sin san áireamh aige, ar sásaíodh na coinníollacha sin. I gcás ina measann an Coimisiún nár sásaíodh na coinníollacha sin nó i gcás nach mbeidh sé ag teacht le toradh an mheasúnaithe a rinne an Ghníomhaireacht, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh, tráth nach faide ná 3 mhí tar éis dháta glactha an mholta sin, a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74.
Ar fhógairt ghníomhartha cur chun feidhme lena ndearbhaítear nár comhlíonadh na coinníollacha sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine a glacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chúlghairm láithreach.
Sa chás sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht moladh a eisiúint don Choimisiún, gan ró-mhoill, maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratas an Bhallstáit na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír. Más gá sin i bhfianaise chur chun feidhme na míre seo, déanfaidh an Coimisiún a mharana, gan ró-mhoill, agus moladh na Gníomhaireachta á chur san áireamh aige, ar an ngníomh tarmligthe nó cur chun feidhme sin a leasú.
Airteagal 72
Faisnéis a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú
Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna rialacha mionsonraithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
nach mór an fhaisnéis is gá chun comhlíonadh agus cur chun cinn na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, nach mór í a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo;
nach ceart dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus an fhaisnéis á scaipeadh agus á húsáid;
gur den riachtanas nach ndéanfaí faisnéis a chur ar fáil ná a úsáid d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme.
Airteagal 73
Cosaint na foinse faisnéise
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar an bhfreagracht ghairmiúil an cúram sin a theastaíonn sna cúinsí sin a ghlacadh, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó ar cuireadh sábháilteacht na heitlíochta sibhialta i mbaol go mór.
Ní bheidh feidhm ag forálacha an gcéad fhomhír i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar an bhfreagracht ghairmiúil an cúram sin a theastaíonn sna cúinsí sin a ghlacadh, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó ar cuireadh sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.
Airteagal 74
An Stór Lárnach Faisnéise
Sa stór lárnach sin, beidh an fhaisnéis seo a leanas:
deimhnithe arna n-eisiúint agus dearbhuithe arna bhfáil ag an nGníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le forálacha Chaibidil III agus Airteagal 64 agus Airteagal 65 agus Airteagail 77 go 82;
deimhnithe arna n-eisiúint agus dearbhuithe arna bhfáil ag eintitis cháilithe thar ceann na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta inniúla i gcomhréir le hAirteagal 69(3);
creidiúnaithe a bhronn an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar eintitis cháilithe i gcomhréir le hAirteagal 69, lena n-áirítear fáisnéis maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe agus na bpribhléidí a bronnadh;
na bearta a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 2(6) agus (7), agus cinntí sin an Choimisiúin a fhreagraíonn dóibh;
cinntí a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 2(8);
cinntí a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 41(5);
Ballstáit a bheith ag ath-leithdháileadh na freagrachta as na cúraimí ar an nGníomhaireacht nó ar údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 65, lena n-áirítear sonraí faoi na cúraimí a ath-leithdháileadh;
cinntí a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 67;
fógraí a rinne na húdaráis inniúla náisiúnta i dtaca le scéimeanna aonair um shonrú ama eitilte a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta ar bhonn na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 32(1), maille leis na tuairimí a d'eisigh an Ghníomhaireacht ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 76(7);
fógraí a rinne na Ballstáit i dtaca leis na bearta a glacadh chun freagairt láithreach d'fhadhb a bhain le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus i dtaobh díolúintí a tugadh, maille leis na moltaí ón nGníomhaireacht agus na cinntí ón gCoimisiún ina dtaobh de bhun Airteagal 70(1) agus Airteagal 71(1);
iarrataí a rinne Ballstáit maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh ar mhodh eile, agus an moladh a rinne an Ghníomhaireacht ina dtaobh de bhun Airteagal 71(3);
fógraí a rinne an Ghníomhaireacht agus cinntí an Choimisiúin ina dtaobh de bhun Airteagal 76(4);
an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéanfaidh aerárthaí atá rannpháirteach in oibríochtaí seachas aeriompar tráchtála;
faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta, dtagraítear in Airteagal 90(4);
Cinntí ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a fógraíodh de bhun Airteagal 62(5), lena n-áirítear faisnéis maidir leis na cúraimí atá á bhfeidhmiú go comhpháirteach;
díolúintí a dheonaigh na Ballstáit de bhun Airteagal 41(6), agus cinntí comhfhreagracha ón gCoimisiún;
bearta na Gníomhaireachta maidir le heitiltí os cionn limistéar ina bhfuil coinbhleacht, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal 88(3);
faisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach d'fhonn comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le feidhmiú na gcúraimí sin acu a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo.
Más ábhartha, féadfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht faisnéis ar leith as an stór lárnach, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara nó a chur ar fáil don phobal.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don phobal:
faisnéis maidir le haon deimhnithe a eisítear agus dearbhuithe a fuair sé i gcomhréir le hAirteagal 2(4);
faisnéis a bhaineann le cinntí de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2(6) agus (7).
faisnéis a bhaineann le cinneadh na mBallstát dá dtugtar fógra de bhun an dara fomhír d'Airteagal 2(11).
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is gá chun an stór lárnach a fheidhmiú agus a bhainistiú agus leagfar amach iontu ceanglais mhionsonraithe i dtaca le:
na gnéithe teicniúla a bhainfidh le bunú agus cothabháil an stóir lárnaigh;
aicmiú na faisnéise a bheidh le tarchur ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;
nuashonrú rialta agus caighdeánaithe na faisnéise a chuirfear sa stór lárnach;
na socruithe mhionsonraithe a bhaineann le scaipeadh agus foilsiú na faisnéise ar leith sin a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;
aicmiú na faisnéise ar dhea-shláinte píolótaí atá le tarchur ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ag na scrúdaitheoirí aerleighis agus ag na hionaid aerleighis, lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;
na socruithe mhionsonraithe a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuirfear sa stór lárnach a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, le rochtain ar an bhfaisnéis a chúngú, agus le pé sonraí pearsanta a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir leis an gcuid sin de reachtaíocht um chosaint sonraí pearsanta an Aontais is infheidhme, a chosaint go háirithe ar mhilleadh, ar chaillteanas, ar athrú, nó ar nochtadh de thaisme nó go neamhdhleathach;
an tréimhse stórála is faide a cheadófar na sonraí pearsanta a choinneáil sa stór lárnach, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh dhea-shláinte píolótaí arb ionann í agus sonraí pearsanta;
na coinníollacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht cúngú a dhéanamh ar raon na gceart a bheidh ag an té a mbeidh sonraí leis sa stór lárnach, na sonraí pearsanta sin a rochtain, a cheartú nó a scriosadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
CAIBIDIL V
GNÍOMHAIREACHT SÁBHÁILTEACHTA EITLÍOCHTA AN AONTAIS EORPAIGH
ROINN I
Cúraimí
Airteagal 75
Bunú agus feidhmeanna na Gníomhaireachta
Chun críocha feidhmiú ceart agus forbairt na heitlíochta sibhialta a áirithiú san Aontas i gcomhréir leis na cuspóirí a leagadh síos in Airteagal 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
tabharfaidh sí faoi aon tasc agus foirmleoidh sí tuairimí maidir leis na hábhair uile a chumhdaítear sa Rialachán seo;
tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún trí bhearta a ullmhú a ghlacfar faoin Rialachán seo. I gcás inar bearta teicniúla atá i gceist, ní fhéadfaidh an Coimisiún a bhfuil iontu a athrú gan é a chomhordú roimh ré leis an nGníomhaireacht;
tabharfaidh sí an tacaíocht theicniúil, eolaíoch agus riaracháin is gá don Choimisiún lena chúraimí a chomhlíonadh;
glacfaidh sí na bearta is gá laistigh de na cumhachtaí a thugtar di leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile an Aontais;
déanfaidh sí cigireachtaí, gníomhaíochtaí eile faireacháin agus imscrúduithe de réir mar is gá lena cuid cúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún;
laistigh dá réimse inniúlachta, comhlíonfaidh sí, thar ceann na mBallstát, na feidhmeanna agus na cúraimí a shanntar dóibh le coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme, go háirithe le Coinbhinsiún Chicago;
tabharfaidh sí cúnamh d'údaráis inniúla na mBallstát a gcúraimí a dhéanamh, go háirithe trí fhóram a sholáthar le haghaidh malartuithe faisnéise agus saineolais;
i dtaca le hábhair a chuimsítear faoin Rialachán seo, arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh sí a cion féin chun táscairí feidhmíochta a bhunú, a thomhas, a thuairisciú agus a anailísiú i gcás ina gcuirtear scéimeanna feidhmíochta ar bun, trí dhlí an Aontais, a bhaineann le heitlíocht shibhialta;
caighdeáin agus rialacha eitlíochta an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta trí chomhar iomchuí a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
comhoibreoidh sí le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus le gníomhaireachtaí eile an Aontais i gcás ina bhfuil baint ag a gcuid gníomhaíochtaí le gnéithe teicniúla na heitlíochta sibhialta.
Airteagal 76
Bearta de chuid na Gníomhaireachta
Féadfaidh an Ghníomhaireacht díolúintí a dheonú ar aon duine dlítheanach nó ar aon duine nádúrtha a mbeidh deimhniú eisithe aici dó de réir na gcúinsí agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 71(1).
I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, na díolúintí a deonaíodh, na cúiseanna ar deonaíodh iad agus, más iomchuí, na bearta maolúcháin riachtanacha a cuireadh i bhfeidhm.
I gcás inar deonaíodh díolúine ar feadh tréimhse is faide ná 8 mí i ndiaidh a chéile nó i gcás inar dheonaigh an Ghníomhaireacht an díolúine chéanna arís agus arís eile thar thréimhse iomlán is faide ná 8 mí, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 71(1). I gcás ina measann sé nár comhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh chuige sin. Foilseofar na gníomhartha cur chun feidhme sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfear isteach sa stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74.
Chomh luath agus a chuirfear an gníomh cur chun feidhme sin in iúl don Ghníomhaireacht, cúlghairfidh sé an díolúine láithreach.
Gníomhóidh an Ghníomhaireacht gan mhoill i gcás fadhb phráinneach sábháilteachta, a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tríd an méid seo a leanas:
gníomh ceartaitheach a chinneadh nach mór do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil sí mar údarás inniúil dóibh a dhéanamh agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na daoine sin, lena n-áirítear treoracha agus moltaí, más gá sin chun coimirce a thabhairt do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1; féadfaidh an Ghníomhaireacht feasacháin sábháilteachta a eisiúint freisin ina mbeidh faisnéis nó moltaí neamhcheangailteacha dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a mbíonn lámh acu i ngníomhaíochtaí eitlíochta;
cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí sábháilteachta a bheidh le baint amach agus bearta ceartaitheacha a mholadh a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na húdaráis inniúla náisiúnta sin, más gá sin chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a chosaint.
I dtaca le pointe (b), cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan ró-mhoill faoi na bearta a glacadh chun na cuspóirí sábháilteachta sin, arna gcinneadh ag an nGníomhaireacht, a bhaint amach. Ina theannta sin, i gcás ina mbaineann an fhadhb le níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann i gcomhar leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú go ndéanfar pé bearta is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach comhordaithe.
Airteagal 77
Aeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil
Maidir leis na táirgí, na páirteanna, an trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b)(i) d'Airteagal 2(1), comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann na mBallstát, más infheidhme agus de réir mar a shonraítear é i gCoinbhinsiún Chicago nó sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, feidhmeanna agus cúraimí an stáit inar dearadh, inar monaraíodh nó inar cláraíodh iad nuair a bhaineann na feidhmeanna agus na cúraimí sin le deimhniúchán dearthaí agus le formheas ar fhaisnéis maidir le haeracmhainneacht leanúnach. Chuige sin, déanfaidh sí an méid seo a leanas go háirithe:
maidir le gach dearadh táirge agus le dearadh trealaimh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda a ndearnadh iarratas ar dheimhniú cineáil, ar dheimhniú srianta ar chineál, ar athrú ar dheimhniú cineáil nó ar dheimhniú srianta ar chineál, lena n-áirítear ar dheimhniú cineáil forlíontach, ar fhormheas ar dhearadh deisiúcháin, nó ar fhormheas sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11 nó le hAirteagal 56(1), bunófar bonn don deimhniúchán agus tabharfar fógra ina leith don iarrthóir;
maidir le gach dearadh páirte nó trealamh neamhshuiteáilte a ndearnadh iarratas ar dheimhniú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12, Airteagal 13 nó le hAirteagal 56(1) faoi seach, bunófar bonn don deimhniúchán agus tabharfar fógra faoi don iarratasóir;
maidir le haerárthach a ndearnadh iarratas ar cheadúnas eitilte ina leith i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) nó Airteagal 56(1), eiseofar an formheas i ndáil leis na dálaí eitilte a ghabhann leis an dearadh sin;
bunóidh sí na sonraíochtaí aeracmhainneachta agus comhoiriúnachta comhshaoil is infheidhme i dtaca le dearadh táirgí, páirteanna agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) nó Airteagal 56(5) agus cuirfidh sí fáil iad;
beidh sí freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe cineáil, na deimhnithe srianta ar chineál, deimhnithe athruithe, lena n-áirítear na deimhnithe cineáil forlíontacha, formheasanna dearthaí deisiúcháin agus formheasanna sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla le haghaidh dearadh táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b) d'Airteagal 18(1) nó Airteagal 56(1);
beidh sí freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe le haghaidh dearadh páirteanna agus le haghaidh trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda i gcomhréir le hAirteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 56(1);
eiseoidh sí na bileoga sonraí comhshaoil iomchuí i dtaca le dearadh táirgí atá á ndeimhniú aici i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 56(1);
áiritheoidh sí na feidhmeanna leanúnacha aeracmhainneachta a ghabhann le dearadh na dtáirgí, dearadh páirteanna, le trealamh neamhshuiteáilte, agus le trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda atá deimhnithe aici agus a ndéanann sí maoirseacht orthu, lena n-áirítear go ngníomhóidh sí gan ró-mhoill má bhíonn fadhb sábháilteachta nó slándála ann agus go n-eiseoidh sí agus go scaipfidh sí an fhaisnéis éigeantach is infheidhme.
Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis an méid seo a leanas:
formheasanna na n-eagraíochtaí atá freagrach as dearadh táirgí, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte, agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (g) d'Airteagal 19(1) agus Airteagal 56(1) agus (5), faoi seach agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag na heagraíochtaí sin;
na formheasanna arna ndéanamh ar — agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag — eagraíochtaí atá freagrach as táirgeadh, cothabháil agus bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí tairgí, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, agus na formheasanna arna ndéanamh ar — agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag — eagraíochtaí a mbíonn lámh acu in oiliúint pearsanra a bhíonn freagrach as táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte nó trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda a scaoileadh tar éis a gcothabhála i gcomhréir le hAirteagal 15, pointe (g) d'Airteagal 19(1) agus Airteagal 56(1) agus (5), i gcás ina mbíonn príomhionad gnó na n-eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Coinbhinsiún Chicago.
Airteagal 78
Deimhniúchán na foirne eitilte
Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe agus dearbhuithe le haghaidh feistí oiliúna ionsamhalta eitilte i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 56(1) agus (5) i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
eagraíocht a bhfuil príomhionad gnó aici lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago a dhéanann an fheiste a oibriú;
tá an fheiste suite lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago.
Airteagal 79
Deimhniúchán ar threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
Maidir leis an trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 35, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, atá faoi réir a dheimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 35, a bhunú agus fógra a thabhairt ina dtaobh don iarratasóir;
na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, atá faoi réir a dheimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 35, a bhunú agus a chur ar fáil don iarratasóir.
freagracht a ghlacadh as feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca le deimhnithe do threalamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, agus dearbhuithe arna ndéanamh ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 35.
Airteagal 80
BAL/SAL
Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis an méid seo a leanas:
deimhnithe do na soláthraithe BAT/SAL dá dtagraítear in Airteagal 41, i gcás ina bhfuil príomhionad gnó na soláthraithe sin lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Choinbhinsiún Chicago agus ina bhfuil siad freagrach as BAT/SAL a sholáthar san aerspás os cionn na críche a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi;
na deimhnithe do na soláthraithe BAT/SAL dá dtagraítear in Airteagal 41, i gcás ina gcuireann na soláthraithe sin BAT/SAL uile-Eorpach ar fáil;
na deimhnithe le haghaidh na n_eagraíochtaí, agus na dearbhuithe a rinne na heagraíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcás ina bhfuil lámh ag na heagraíochtaí sin i ndearadh, i dtáirgeadh nó i gcothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, lena n-áirítear i gcás ina rannchuideoidh siad le cur chun feidhme Chomhghnóthas Taighde BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SESAR), a úsáidtear agus na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo á gcur ar fáil.
na dearbhuithe a rinne soláthraithe BAT/SAL ar eisigh an Ghníomhaireacht deimhniú dóibh i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) den mhír seo, i dtaca le córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL arb iad na soláthraithe sin a chuir i mbun oibríochta iad i gcomhréir le hAirteagal 45(1).
Maidir leis na córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL dá dtagraítear in Airteagal 45, lena n-áirítear i gcás ina rannchuideoidh siad chun SESAR a chur chun feidhme, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas, i gcás ina bhforáiltear dá leithéid sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47:
na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 45(2), a bhunú agus an t-iarrthóir a chur ar an eolas ina dtaobh;
na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 45(2), a bhunú agus a chur ar fáil;
i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 46, beidh sí freagrach as cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis na deimhnithe do chórais BAT/SAL agus do chomhdhamhnaí BAT/SAL, agus i dtaca leis na dearbhuithe arna ndéanamh ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 45(2).
Airteagal 81
Deimhniúchán d'eagraíochtaí um oiliúint ar rialtóirí aerthráchta
Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca le deimhnithe le haghaidh na n-eagraíochtaí um oiliúint ar rialtóirí aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 51, i gcás ina bhfuil príomhionad gnó na n-eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Coinbhinsiún Chicago agus, más ábhartha, a bpearsanra.
Airteagal 82
Oibreoirí aerárthaí tríú tír agus maoirseacht sábháilteachta idirnáisiúnta
Airteagal 83
Imscrúduithe ag an nGníomhaireacht
Chun críocha imscrúduithe a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:
ceangal a chur ar na daoine dlítheanacha nó ar na daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú eisithe aici dóibh, nó a bhfuil dearbhú déanta acu ina leith, gach eolas is gá a sholátha don Ghníomhaireacht;
ceangal a chur ar na daoine sin míniúcháin ó bhéal a thabhairt i dtaca le haon fhíric, doiciméad, ní, nós imeachta nó aon ábhar ábhartha lena chinneadh an bhfuil an duine ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
dul isteach in áitreabh, ar thailte nó i gcóir iompair ábhartha na ndaoine sin;
aon doiciméad, taifead nó sonraí ábhartha atá i seilbh na ndaoine sin nó ar fáil dóibh a scrúdú, a chóipeáil nó sleachta a bhaint as, beag beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis i gceist.
Tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht freisin, nuair is gá sin chun a chinneadh an bhfuil duine ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, duine ar eisíodh deimhniú dó, nó a bhfuil dearbhú déanta aige di, na cumhachtaí a leagtar síos sa chéad fhomhír a fheidhmiú i dtaca le haon duine dlítheanach nó nádúrtha a mbeifí ag súil leis go réasúnta go mbeadh faisnéis ábhartha chun na críocha sin aige nó teacht aige uirthi. Déanfar na cumhachtaí a luaitear sa mhír sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit nó an tríú tír ina mbeidh an grinnscrúdú a dhéanamh, ag féachaint do chearta agus suimeanna dlisteanacha daoine lena mbaineann agus sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
I gcás ina bhfuil réamhúdarú de dhíth ó údarás breithiúnach nó riaracháin an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte agus i gcóir iompair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní úsáidfear na cumhachtaí sin ach amháin tar éis an réamhúdarú sin a fháil.
Airteagal 84
Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha
Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, aon cheann amháin nó an dá cheann den mhéid seo a leanas a fhorchur ar dhuine dlítheanach nó nádúrtha a bhfuil deimhniú eisithe ag an nGníomhaireacht dó, nó a bhfuil dearbhú déanta aige di, i gcomhréir leis an Rialachán seo:
fíneáil, i gcás inar sháraigh an duine sin, d'aon ghnó nó le faillí, aon cheann d'fhorálacha an Rialacháin seo nó de na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
íocaíocht phionósach thréimhsiúil i gcás ina leanann an duine sin d'aon cheann de na forálacha sin a shárú, chun iallach a chur ar an duine sin na forálacha sin a chomhlíonadh.
Ní rachaidh méid na bhfíneálacha thar 4 % d'ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an duine dhlítheanaigh nó an duine nádúrtha lena mbaineann. Ní rachaidh méid an phionóis thréimhsiúil thar 2.5 % de mheánioncam ná de mheánláimhdeachas laethúil an duine dhlítheanaigh nó an duine nádúrtha lena mbaineann.
I dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 128, lena leagtar síos an méid seo a leanas:
critéir mhionsonraithe agus modheolaíocht mhionsonraithe chun méideanna na bhfíneálacha nó na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a shuíomh;
rialacha mionsonraithe maidir le fiosrúcháin, bearta gaolmhara agus tuairisciú, chomh maith le cinnteoireacht, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha sealadacha; agus
nósanna imeachta le haghaidh bhailiú na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.
Airteagal 85
Faireachán ar na Ballstáit
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil don Choimisiún maidir le cigireachtaí agus gníomhaíochtaí eile faireacháin a dhéanfar de bhun na míre seo.
Chun críocha na cigireachtaí agus na gníomhaíochtaí eile faireacháin a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:
ceangal a chur ar aon údarás inniúil náisiúnta agus ar aon duine nádúrtha agus dlítheanach faoi réir an Rialacháin seo gach faisnéis is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht;
iarraidh ar na húdaráis agus ar na daoine sin míniúcháin ó bhéal a thabhairt i dtaca le haon fhíric, doiciméad, ní, nós imeachta nó aon ábhar ábhartha lena chinneadh an bhfuil an Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte nó i gcóir iompair ábhartha na n-údarás agus na ndaoine sin;
aon doiciméad, taifead nó sonraí ábhartha a bheidh i seilbh na n-údarás agus na ndaoine sin, nó a bheidh ar fáil dóibh, a scrúdú, a chóipeáil nó sleachta a bhaint as, beag beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis atá i gceist.
Tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht freisin, i gcás inar gá a chinneadh an bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, cumhachtaí a leagtar síos sa chéad fhomhír a fheidhmiú i dtaca le haon duine dlítheanach nó nádúrtha a mbeifí ag súil leis go réasúnta go mbeadh faisnéis ábhartha chun na críocha sin aige nó teacht aige uirthi.
Déanfar na cumhachtaí a luaitear sa mhír sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit nó na tríú tír ina mbeidh an t-imscrúdú a dhéanamh, ag féachaint do chearta agus do shuimeanna dlisteanacha na n-údarás agus na ndaoine lena mbaineann agus sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I gcás ina bhfuil réamhúdarú de dhíth ó údarás breithiúnach nó riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte agus i gcóir iompair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní úsáidfear na cumhachtaí sin ach amháin tar éis réamhúdarú dá shórt a fháil.
Achar maith sula ndéanfar an chigireacht, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis an ábhar, maidir le cuspóir na gníomhaíochta, an dáta ar a gcuirfear tús leis agus ainmneacha na gcomhaltaí foirne agus aon saineolaí eile a bheidh i mbun na gníomhaíochta sin.
I gcás nach n-oibríonn duine dlítheanach nó nádúrtha i gcomhar leis an nGníomhaireacht, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá don Ghníomhaireacht le go mbeidh sí in ann an chigireacht nó aon ghníomhaíocht faireacháin eile a dhéanamh.
Airteagal 86
Taighde agus nuálaíocht
Déanfaidh an Ghníomhaireacht na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta a chur chun feidhme más rud é go ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici.
Airteagal 87
Cosaint an Chomhshaoil
Agus an t-athbhreithniú sin á ullmhú, braithfidh an Ghníomhaireacht go príomha ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí.
Cinnteoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh baint ag na Ballstáit le forbairt an athbhreithnithe sin agus rachaidh sí i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le heagraíochtaí ábhartha ina leith.
Ina theannta sin, déanfar moltaí san athbhreithniú sin darb aidhm leibhéal na cosanta comhshaoil a fheabhsú i réimse na heitlíochta sibhialta san Aontas.
Airteagal 88
Idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta
Chun cabhrú chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar chur isteach neamhdhleathach, sa chás ina bhfuil Idirspleáchas idir sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta sibhialta ann, gníomhóidh an Ghníomhaireacht, nuair is gá, gníomhú gan ró-mhoill i gcás ina mbeidh fadhb phráinneach sábháilteachta ann ar ábhar imní choitinn í do na Ballstáit agus i gcás ina bhfuil idirspleáchas ann idir sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus an tslándáil agus a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
bearta a ghlacadh faoi phointe (h) d'Airteagal 77(1) chun aghaidh a thabhairt ar laigí i ndearadh aerárthaí;
bearta ceartaitheacha a mholadh lena nglacadh ag na húdaráis inniúla náisiúnta nó ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo, agus/nó faisnéis ábhartha a scaipeadh ar na húdaráis nó ar na daoine sin, nuair is le hoibríochtaí aerárthaí a bhaineann an fhadhb, lena n-áirítear rioscaí don eitlíocht shibhialta a eascraíonn as limistéir ina mbíonn coinbhleacht.
Sula ndéanfaidh sí na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, gheobhaidh an Ghníomhaireacht comhaontú ón gCoimisiún agus rachaidh sí i gcomhairle leis na Ballstáit ina leith. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta sin a bhunú, nuair is féidir, ar mheasúnaithe comhchoiteanna riosca an Aontais agus cuirfidh sí san áireamh an gá le mearfhreagairt i gcásanna éigeandála.
Airteagal 89
Idirspleáchas idir sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus fachtóirí socheacnamaíocha
Airteagal 90
Comhar idirnáisiúnta
Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhú mar Eagraíocht Réigiúnach um Shábháilteacht i gcreat ICAO.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh agus a thabhairt cothrom le dáta más gá, sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74:
faisnéis maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin agus na mbeart a rinne an Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo leis ►C2 na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ ;
faisnéis eile a bhfuil baint aici le cur chun feidhme an Rialacháin seo, faisnéis atá ar fáil sna Ballstáit ar fad agus atá ábhartha i dtaca leis an bhfaireachán a dhéanann ICAO ar na Ballstáit maidir le comhlíonadh Coinbhinsiún Chicago agus comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta;
Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin agus a gcuid oibleagáidí á gcur chun feidhme acu faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago agus nuair a bheidh faisnéis á cur ar fáil acu do ICAO faoin gClár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta.
Airteagal 91
Bainistiú Géarchéime Eitlíochta
Airteagal 92
Oiliúint eitlíochta
Airteagal 93
Cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta féin agus arna iarraidh sin, cúnamh teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún, i gcur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
cigireachtaí teicniúla, imscrúduithe theicniúla agus staidéir a dhéanamh;
rannchuidiú, in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, i gcomhar leis an gComhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, le scéim feidhmíochta a chur chun feidhme le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin;
a cion féin a dhéanamh i ndáil le Máistirphlean BAT a chur chun feidhme, lena n-áirítear forbairt agus imlonnú Cláir SESAR.
ROINN II
Struchtúr inmheánach
Airteagal 94
Stádas dlíthiúil, suíomh agus oifigí áitiúla
Airteagal 95
An fhoireann
Airteagal 96
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus CFAE, maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.
Airteagal 97
Dliteanas
Airteagal 98
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta
Seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an mBord Bainistíochta:
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 103;
tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta maidir le gníomhaíochtaí na gníomhaireachta a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta ar fáil don phobal;
doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain trí thromlach dhá thrian dá cuid comhaltaí atá i dteideal vótála agus i gcomhréir le hAirteagal 117;
buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh le tromlach dhá thrian a cuid comhaltaí atá i dteideal vótála agus i gcomhréir le hAirteagal 120(11);
bunóidh sé nósanna imeachta don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cinntí a dhéanamh mar a thagraítear dó in Airteagal 115 agus in Airteagal 116;
comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 120, Airteagal 121 agus Airteagal 125;
ceapfaidh sé comhaltaí an Bhoird Achomhairc de bhun Airteagal 106;
is aige a bheidh údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir leis na rialacha a bhaineann le táillí agus muirir dtagraítear in Airteagal 126;
glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta;
cinnfidh sé na socruithe a dhéanfar don Ghníomhaireacht maidir le teangacha;
cinntí a ghlacadh faoi struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta ar leibhéal na stiúrthóirí a bhunú agus faoina modhnú, más gá;
i gcomhréir le mír 6, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú atá tugtha don Údarás Ceapacháin ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile ar an Údarás atá Cumhachtaithe Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);
na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;
rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Achomhairc;
a áirithiú go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (“OLAF”) ( 11 );
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 125;
Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é nó í ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;
straitéis fhrithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;
a thuairim a thabhairt maidir leis an dréacht den Chlár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta i gcomhréir le hAirteagal 5;
an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6;
cinntí cuí-réasúnaithe a dhéanamh i ndáil le tarscaoileadh díolúine i gcomhréir le hAirteagal 17 de Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE;
nósanna imeachta a bhunú le haghaidh comhar caoithiúil ón nGníomhaireacht le húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.
Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chomh maith leo siúd arna dtarmligean aige, a chur ar fionraí agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean do dhuine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 99
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
Airteagal 100
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
Airteagal 101
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
Airteagal 102
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
Airteagal 103
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Chun críche an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.
Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
Airteagal 104
Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
Is ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh cúram cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha eile an Aontais. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe as:
formheas a thabhairt do bhearta na Gníomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 76 laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
cinneadh a dhéanamh faoi imscrúduithe, faoi chigireacht agus faoi ghníomhaíochtaí faireacháin eile mar a fhoráiltear in Airteagal 83 agus in Airteagal 85;
cinneadh a dhéanamh faoi shannadh na gcúraimí d'eintitis cháilithe i gcomhréir le hAirteagail 69(1) agus faoin dóigh a gcuireann údaráis inniúla náisiúnta nó eintitis cháilithe na himscrúduithe i gcrích thar ceann na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 83(1);
gach beart is gá a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bhainfidh le comhar idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90;
gach céim is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar is ceart i gcomhréir leis an Rialachán seo;
cinntí cur chun feidhme arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta;
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena glacadh;
dréachtráiteas na Gníomhaireachta faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú de bhun Airteagal 120, agus a buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 121;
tarmligean cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chuig comhaltaí eile d'fhoireann na Gníomhaireachta. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an tarmligean. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 127(2);
an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 117(1), agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, tar éis tuairim a fháil ina leith ón gCoimisiún;
an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 117(1) a chur chun feidhme, agus tuarascáil a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;
plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;
leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;
straitéis frith-chalaoise a ullmhú don Ghníomhaireacht agus an straitéis sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;
dréachtrialacha airgeadais a ullmhú a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht;
an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta maille le gach nuashonrú dá ndéanfar air a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;
tuarascáil a thabhairt don Bhord bainistíochta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta;
freagra a thabhairt ar iarrataí ar chúnamh ón gCoimisiún arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
glacadh le hathlonnú na bhfreagrachtaí chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 64 agus le hAirteagal 65;
riarachán laethúil na Gníomhaireachta;
gach cinneadh a ghlacadh maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhunú agus, más gá, maidir le haon athruithe a dhéanfar orthu, ach amháin ina gcás sin a dhéanfar ar leibhéal na stiúrthóirí, arna bhformheas ag an mBord Bainistíochta;
rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil le rannpháirtithe i meithleacha agus i ngrúpaí saineolaithe, agus baill foirne eile nach gcuimsítear sna Rialacháin Foirne, lena n-áireofar forálacha maidir le dearbhuithe leasa agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ceirde iarfhostaíochta;
Airteagal 105
Cumhachtaí an Bhoird Achomhairc
Airteagal 106
Comhaltaí an Bhoird Achomhairc
Airteagal 107
Eisiamh agus agóid
Airteagal 108
Cinntí atá faoi réir achomhairc
Airteagal 109
Daoine a bheidh i dteideal achomhairc
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an chéad duine é go díreach agus go leithleach, bíodh is gur cinneadh é a díríodh chuig duine eile. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí a bheith páirteach sna himeachtaí achomhairc.
Airteagal 110
Teorainn ama agus foirm
Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas cuí-réasúnaithe leis ar na forais atá leis a chomhdú i scríbhinn ag rúnaíocht an Bhoird Achomhairc laistigh de 2 mhí ón uair a thugtar fógra i leith an bhirt don duine lena mbaineann nó, in éagmais fógra den sórt sin, ón lá a cuireadh in iúl don duine sin é, de réir mar a bheidh.
Airteagal 111
Leasú idirbhreitheach
Airteagal 112
Scrúdú ar achomhairc
Airteagal 113
Cinntí maidir le hachomhairc
I gcás ina gcinneann an Bord Achomhairc nach bhfuil an t-achomharc inghlactha nó nach bhfuil bunús maith leis an achomharc, diúltóidh sé don achomharc. I gcás ina gcinneann an Bord Achomhairc go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis an achomharc, cuirfidh sé an cás ar ais chuig an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh réasúnaithe nua lena gcuirfear cinneadh an Bhoird Achomhairc san áireamh.
Airteagal 114
Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais
ROINN III
Modhanna oibre
Airteagal 115
Nósanna imeachta maidir le tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a fhorbairt
Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta trédhearcacha chun na tuairimí, na sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, na modhanna inghlactha comhlíonta agus an t-ábhar treorach dá dtagraítear in Airteagal 76(1) agus (3) a eisiúint. Déanfar an méid seo a leanas trí bhíthin na nósanna imeachta sin:
leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil in údaráis eitlíochta sibhialta agus, nuair is iomchuí, míleata, na mBallstát;
saineolaithe iomchuí ó na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt isteach, nuair is gá, nó leas a bhaint as saineolas atá ag na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú nó ag comhlachtaí speisialaithe eile;
a áirithiú go bhfoilseoidh an Ghníomhaireacht doiciméid agus go rachaidh sí i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, i gcomhréir le clár ama agus nós imeachta lena mbeidh oibleagáid ar an nGníomhaireacht freagra i scríbhinn a thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin.
Airteagal 116
Nósanna imeachta maidir le cinntí a dhéanamh
Déanfar an méid seo a leanas go háirithe trí bhíthin na nósanna imeachta sin:
áiritheofar go dtabharfar éisteacht don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a bhfuiltear le díriú air sa chinneadh agus d'aon pháirtí eile a bhfuil leas díreach pearasanta aige ann;
déanfar foráil maidir le fógra a thabhairt faoin gcinneadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha agus maidir lena fhoilsiú, faoi réir cheanglais Airteagal 123 agus Airteagal 132(2);
déanfar foráil maidir leis an duine nádúrtha nó leis an duine dlítheanach ar a bhfuil an cinneadh dírithe agus le haon pháirtithe eile sna himeachtaí a chur ar an eolas faoi na réitigh dlí atá ar fáil dóibh faoin Rialachán seo;
áiritheofar go dtabharfar ráiteas ar na cúiseanna sa chinneadh.
Airteagal 117
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 124.
Airteagal 118
Tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta
Airteagal 119
Trédhearcacht agus cumarsáid
ROINN IV
Ceanglais airgeadais
Airteagal 120
Buiséad
Gan dochar d'ioncaim eile, cuimseofar in ioncaim na Gníomhaireachta an méid seo a leanas:
ranníocaíocht ón Aontas;
ranníocaíocht ó aon tríú tír Eorpach a bhfuil na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 129 tugtha i gcrích ag an Aontas léi;
na táillí a íocann iarratasóirí ar dheimhnithe a eisíonn an Ghníomhaireacht, agus iad siúd a bhfuil deimhnithe ina seilbh acu uaithi, agus táillí a íocann daoine a bhfuil dearbhuithe cláraithe acu leis an nGníomhaireacht;
na muirir ar phróiseáil achomharc, ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht;
aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, fad agus nach gcuirfeadh an ranníocaíocht sin isteach ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta;
deontais.
Ar bhonn an dréachta sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.
I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Parlaimint na hEorpa nó don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici tuairim a thabhairt, seolfaidh sí a tuairim chuig an mBord Bainistíochta laistigh de thréimhse 6 seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.
Airteagal 121
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
Airteagal 122
Calaois a chomhrac
Airteagal 123
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint
Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 ( 17 ) agus (AE, Euratom) 2015/444 ( 18 ) ón gCoimisiún. Cuimseoidh rialacha slándála na Gníomhaireachta, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.
Airteagal 124
Meastóireacht
Airteagal 125
Rialacha airgeadais
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Ní imeoidh siad ón Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, ach amháin más gá an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú na Gníomhaireachta agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.
Airteagal 126
Táillí agus muirir
Toibheofar táillí agus muirir i leith an méid seo a leanas:
deimhnithe a eisíonn agus a athnuaíonn an Ghníomhaireacht agus deimhnithe a chláraíonn sí de bhun an Rialacháin seo, mar aon lena gníomhaíochtaí maoirseachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí a mbaineann na deimhnithe agus na dearbhuithe sin leo;
foilseacháin, oiliúint agus soláthar aon seirbhíse eile de chuid na Gníomhaireachta, lena léireofar fíorchostas gach seirbhíse a chuirfear ar fáil;
próiseáil achomharc.
Sloinnfear gach táille agus muirear, in euro, agus beidh siad iníoctha in euro.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 127
Nós imeachta coiste
Airteagal 128
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 129
Rannpháirtíocht tríú tíortha Eorpacha
Féadfaidh tríú tíortha Eorpacha, ar páirtithe conarthacha iad i gCoinbhinsiún Chicago agus a mbeidh comhaontuithe idirnáisiúnta curtha i gcrích acu leis an Aontas agus dá mbun sin, dlí an Aontais glactha agus curtha i bhfeidhm acu sna réimsí a chuimsítear sa Rialachán seo.
Sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin féadfaidh forálacha bheith san áireamh lena sonraítear, go háirithe, an cineál agus an méid rannpháirtíochta a bheidh ag an tríú tír Eorpach lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir leis an bhfoireann. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 90(2), socruithe oibre a bhunú le húdarás inniúil an tríú tír Eorpach lena mbaineann chun éifeacht a thabhairt do na forálacha sin.
Airteagal 130
Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin
Airteagal 131
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis atá infheidhme le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 132
Sonraí pearsanta a phróiseáil
Airteagal 133
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005
In Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirtear an méid mar seo a leanas in ionad mír 1 go mír 3:
Airteagal 134
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 mar seo a leanas:
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b) go bhfuil AOC bailí ina sheilbh aige arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) ag údarás náisiúnta de chuid Ballstáit, ag údaráis náisiúnta éagsúla de chuid Ballstáit a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomhréir le hAirteagal 62(5) den Rialachán sin nó ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:
“Airteagal 6
Deimhniú aeroibreora
Cuirfidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC in iúl don údarás ceadúnaithe inniúil a luaithe is féidir má tá aon athrú beartaithe ar an AOC.
D'fhéadfadh sé go n-áiritheofaí leis sin, i measc nithe eile, faisnéis a bhaineann le socruithe úinéireachta, airgeadais nó eagrúcháin an aeriompróra Chomhphobail a d'fhéadfadh tionchar a bheith aici ar shábháilteacht nó ar shócmhainneacht a n-oibríochtaí nó a d'fhéadfadh a bheith ina cúnamh don údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh. I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil i modh rúin, déanfar bearta a chur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis sin a chosaint go hiomchuí.
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1):
Airteagal 135
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010:
“Airteagal 5
Dualgas imscrúdaithe
Airteagal 136
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mír 2 d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014:
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht i dtaca le haerárthaí gan foireann nach bhfuil deimhniú nó dearbhú de dhíth orthu de bhun Airteagal 56(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2018/1139, murab é gur bhain gortú marfach nó tromchúiseach do dhuine mar gheall ar an tarlú sin nó mar gheall ar fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht nó má bhí baint ag aerárthaí eile leis an tarlú, amach ó aerárthaí gan foireann.
Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le tarluithe agus maidir le faisnéis eile a bhaineann leis na haerárthaí nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 maidir leo.
Airteagal 137
Leasuithe ar Threoir 2014/30/AE
In Airteagal 2(2) de Threoir 2014/30/AE, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):
“(b) An trealamh eitlíochta seo a leanas, i gcás ina dtagann an trealamh sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ) agus atá ceaptha go heisiach i gcomhair úsáide san aer:
aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte;
aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte, a bhfuil a ndearadh deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 56(1) den Rialachán sin atá beartaithe a oibriú ar mhinicíochtaí a leithdháiltear de réir Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide le haghaidh úsáid aerloingseoireachta chosanta agus ar na minicíochtaí sin amháin.
Airteagal 138
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2014/53/AE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 3 san Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/53/AE:
“3. An trealamh eitlíochta seo a leanas, i gcás ina dtagann an trealamh sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *5 ):
aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte;
aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte, a bhfuil a ndearadh deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 56(1) den Rialachán sin agus atá beartaithe a fheidhmiú ar mhinicíochtaí a leithdháiltear de réir Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide le haghaidh úsáid aerloingseoireachta chosanta agus ar na minicíochtaí sin amháin..
Airteagal 139
Aisghairm
Airteagal 140
Forálacha idirthréimhseacha
Tráth nach déanaí ná 12 Meán Fómhair 2023 déanfar na rialacha a nglacfar ar bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a oiriúnú de réir an Rialacháin seo. Go dtí go gcuirfí in oiriúint iad, is mar seo a leanas a thuigfear na rialacha cur chun feidhme sin:
le “hoibríocht tráchtála” tagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008;
le “haerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha” tagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008;
le “fearas” tagraítear i bpointe (29) d'Airteagal 3 den Rialachán seo;
le “ceadúnas píolóta fóillíochta” tagraítear don cheadúnas dá dtagraítear in Airteagal 7(7) den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Airteagal 141
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2(3)
1. Catagóirí aerárthaí foireannaithe nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo:
aerárthaí stairiúla a chomhlíonann na critéir thíos:
aerárthaí:
nó
aerárthaí a bhfuil tábhacht shoiléir stairiúil leo, a bhaineann leis an méid seo a leanas:
nó
aerárthaí arna ndearadh nó arna modhnú go sonrach chun críoch taighde, turgnaimh nó eolaíochta agus ar cosúil nach dtáirgfear ach líon an-teoranta díobh;
aerárthaí, lena n-áirítear aerárthaí a sholáthraítear le trealmhú, i gcás ina ndéanann amaitéarach, nó comhlachas neamhbhrabúsach d'amaitéaraigh, chun a gcríoch féin agus gan aon chuspóir tráchtála a bheith acu, ar a laghad 51 % de na cúraimí déantúsaíochta agus cóimeála;
aerárthaí a bhí i seirbhís fórsaí míleata, ach amháin gur cineál aerárthaí iad ar ghlac an Ghníomhaireacht caighdeán deartha lena n-aghaidh;
eitleáin a bhfuil luas moillithe intomhaiste nó íosluas eitilte seasta i gcumraíocht tuirlingthe acu nach sáraíonn 35 mhuirmhíle de luas aeir calabraithe (CAS), héileacaptair, paraisiúit chumhachtaithe, faoileoirí agus faoileoirí cumhachtaithe, nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil uasmhais éirí de thalamh (MTOM) acu, arna taifeadadh ag na Ballstáit, nach mó ná:
|
Eitleán/Héileacaptar/Paraisiút cumhachtaithe/faoileoirí cumhachtaithe |
Faoileoirí |
Eitleán amfaibiach nó eitleán snámha/héileacaptar |
Paraisiúit olltarrthála ar aerfhráma |
Aerárthach aon suíocháin |
300 kg MTOM |
250 kg MTOM |
30 kg MTOM Breise |
15 kg MTOM Breise |
Aerárthach dhá shuíochán |
450 kg MTOM |
400 kg MTOM |
45 kg MTOM Breise |
25 kg MTOM Breise |
Nuair atá eitleán amfaibiach nó eitleán snámha/héileacaptar ag feidhmiú mar eitleán snámha/héileacaptar agus mar eitleán talún/héileacaptar, ní mór dó a bheith faoi bhun theorainn infheidhme an MTOM |
gíreitleáin aon suíocháin agus gíreitleáin dhá shuíochán a bhfuil acu uasmhais éirí de thalamh nach sáraíonn 600 kg;
macasamhlacha aerárthaí a chomhlíonann na critéir i bpointe (a) nó pointe (d) agus ar cosúil leis an aerárthach bunaidh a ndearadh struchtúrach;
balúin agus aerlonga a bhfuil áit iontu do thaistealaí amháin nó do bheirt taistealaithe agus nach mó ná 1 200 m3 a n-uastoirt deartha, i gcás aer te, agus nach mó ná 400 m3 a n-uastoirt deartha i gcás gás ardaitheach;
aon aerárthach foireannaithe eile nach mó ná 70 kg a uasmhais fholamh, lena n-áirítear breosla.
2. Thairis sin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
aerárthaí atá ar teaghrán nach bhfuil córas tiomána acu, i gcás ina bhfuil an teaghrán 50 m ar fad ar a mhéad, agus sna cásanna seo a leanas:
is lú ná 25 kg é MTOM an aerárthaigh, lena n-áirítear an pálasta, nó
i gcás aerárthach atá níos éadroime ná an t-aer, is lú uastoirt deartha an aerárthaigh ná 40 m3;
aerárthaí atá ar teaghrán nach mó ná 1 kg é a MTOM.
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht
1. SLÁINE AN TÁIRGE
Ní mór sláine an táirge, lena n-áirítear cosaint i gcoinne bagairtí slándála faisnéise, a áirithiú i leith na ndálaí eitilte uile a bhfuil coinne leo i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an aerárthaigh. Ní mór a léiriú trí mheasúnú nó trí anailís go bhfuil na ceanglais ar fad á gcomhlíonadh agus tástálacha mar thaca leo, más gá.
1.1. Struchtúir agus ábhair
1.1.1. |
Ní mór sláine an struchtúir a áirithiú ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh de, ar bhealach leordhóthanach, lena n-áirítear a chóras tiomána, agus an tsláine sin a chothabháil i rith shaolré oibríochtúil an aerárthaigh. |
1.1.2. |
Ní mór gach páirt den aerárthach, a bhféadfadh a cliseadh sláine struchtúrach an aerárthaigh a laghdú, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh gan dífhoirmiúchán díobhálach ná cliseadh. Folaíonn sé sin na hearraí uile a bhfuil toirt shuntasach iontu maille lena modhanna srianta.
(a)
Ní mór na teaglamaí ualaí uile a bhféadfaí a bheith ag súil leo go réasúnta laistigh de mheáchain, de raon meáchanláir, d'imchlúdach oibríochtúil agus de shaolré an aerárthaigh a chur san áireamh agus lasmuigh de na raonta sin freisin ar bhealach leordhóthanach. Folaíonn sé sin ualaí a eascraíonn as séideáin, ainlithe, brúchóiriú, dromchlaí inaistrithe, córais rialaithe agus tiomána, san aer agus ar an talamh araon.
(b)
Ní mór aird a thabhairt ar na hualaí agus ar aon chliseadh is dócha a tharlódh, de bharr tuirlingtí éigeandála ar thalamh nó ar uisce.
(c)
Más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist, ní mór éifeachtaí dinimiciúla a fholú sa fhreagairt struchtúrach ar na hualaí sin, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh. |
1.1.3. |
Ní mór an t-aerárthach a bheith saor ó aon neamhchobhsaíocht aerleaisteach agus ó aon chreathadh iomarcach. |
1.1.4. |
Ní mór airíonna struchtúracha aitheanta agus inatáirgthe teacht as na próisis táirgthe agus as na hábhair a úsáidtear chun an t-aerárthach a thógáil. Ní mór míniú a thabhairt ar aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis. |
1.1.5. |
Ní mór a áirithiú, a oiread agus is féidir, nach laghdóidh éifeachtaí na lódála timthriallaí, an díghrádaithe timpeallachta, an damáiste de bharr tionóiscí agus an damáiste de bharr foinsí discréideacha, an tsláine struchtúrach faoi bhun leibhéal nirt iarmharaigh inghlactha. Gach treoir atá riachtanach i dtaca leis an méid sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú, ba cheart í a fhógairt. |
1.2. Tiomáint
1.2.1. |
Ní mór sláine an chórais tiomána (i.e. an t-inneall agus, más iomchuí, an lián) a léiriú ar fud imchlúdach oibríochtúil an chórais tiomána, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus an tsláine sin a chothabháil i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an chórais tiomána, agus ról an chórais tiomána maidir le coincheap foriomlán sábháilteachta an aerárthaigh á chur san áireamh. |
1.2.2. |
Ní mór an córas tiomána, laistigh dá theorainneacha luaite, an sá nó an chumhacht a éileofar air a tháirgeadh faoi na dálaí eitilte uile atá riachtanach, agus tionchair agus dálaí comhshaoil á gcur san áireamh. |
1.2.3. |
Ní mór iompraíocht struchtúrach aitheanta agus inatáirgthe teacht as an bpróiseas táirgthe agus as na hábhair a úsáidtear chun an córas tiomána a thógáil. Ní mór míniú a thabhairt ar aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis. |
1.2.4. |
Ní mór a áirithiú nach laghdóidh éifeachtaí na lódála timthriallaí, an díghrádaithe timpeallachta agus oibríochtúil sláine an chórais tiomána faoi bhun leibhéal inghlactha. Gach treoir atá riachtanach i dtaca leis an méid sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú, ba cheart í a fhógairt. |
1.2.5. |
Ní mór gach treoir, gach faisnéis agus gach ceanglas is gá chun comhéadan sábháilte agus iomchuí a áirithiú idir an córas tiomána agus an t-aerárthach a fhógairt. |
1.3. Córais agus trealamh (nach trealamh neamhshuiteáilte é)
1.3.1. |
Ní mór a áirithiú nach mbeidh aon ghnéithe deartha ná aon mhionsonraí deartha ag roinnt le haerárthach ar léir iad a bheith guaiseach ón taithí a fuarthas orthu go dtí seo. |
1.3.2. |
Ní mór a áirithiú go bhfeidhmeoidh an t-aerárthach, lena n-áirítear na córais agus an trealamh sin is gá chun dearadh cineáil an aerárthaigh a mheas, nó a bhfuil gá leo de réir rialacha oibriúcháin, mar atá beartaithe, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus timpeallacht oibríochtúil an chórais nó an trealaimh á cur san áireamh go hiomchuí. Aon chórais nó aon trealamh eile nach bhfuil riachtanach do dheimhniúchán cineáil, nó de réir rialacha oibriúcháin, bídís ag feidhmiú i gceart nó ná bíodh, níor cheart go laghdóidís an leibhéal sábháilteachta ná níor cheart go mbeadh drochthionchar acu ar fheidhmiú ceart aon chórais nó aon trealaimh eile. Ba cheart go mbeadh córais agus trealamh inoibrithe gan gá le scil eisceachtúil ná le neart eisceachtúil. |
1.3.3. |
Córais agus trealamh an aerárthaigh, arna meas astu féin agus ó thaobh an ghaoil atá eatarthu, ní mór iad a dhearadh ionas nach dtarlóidh cliseadh tromchúiseach de thoradh ar chliseadh aonair nár léiríodh gurbh fhíorbheag an seans go dtarlódh sé, agus ní mór coibhneas inbhéartach a bheith ann idir a dhóchúla atá sé go dtarlódh dála cliste agus déine na héifeachta a d'fhéadfadh a bheith ar an aerárthach agus ar na taistealaithe dá bharr. Maidir leis an gcritéar um chliseadh aonair thuas, tuigtear gur gá méid agus cumraíocht ghinearálta an aerárthaigh a chur san áireamh más iomchuí agus go bhféadfadh sé sin comhlíonadh an chritéir um chliseadh aonair a chosc i gcás roinnt comhpháirteanna agus roinnt córas ar héileacaptair agus ar eitleáin bheaga. |
1.3.4. |
Ní mór faisnéis atá riachtanach chun an eitilt a sheoladh go sábháilte agus faisnéis maidir le dálaí neamhshábháilte a chur ar fáil don fhoireann, nó do phearsanra cothabhála, más iomchuí, ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus neamh-dhébhríoch. Ní mór córais, trealamh agus rialtáin, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí, a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach a laghdódh líon na mbotún a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le guaise. |
1.3.5. |
Ní mór réamhchúraimí maidir le dearadh a ghlacadh le guaiseacha a laghdú i leith an aerárthaigh agus na dtaistealaithe ó bhagairtí a bhfuil seans réasúnta ann go dtitfidh siad amach, bagairtí don tslándáil faisnéise san áireamh, laistigh agus lasmuigh den aerárthach araon, ar réamhchúraimí iad lena n-áirítear cosaint i gcoinne na féidearthachta go dtarlódh cliseadh suntasach i dtrealamh neamhshuiteáilte nó go ndéanfaí cur isteach air. |
1.4. Trealamh neamhshuiteáilte
1.4.1. |
Ní mór, maidir le trealamh neamhshuiteáilte, go gcuirfear i gcrích mar atá beartaithe an fheidhm sábháilteachta atá aige nó feidhm eile a bhaineann le sábháilteacht, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, ach amháin i gcás inar féidir an fheidhm sin a chur i gcrích ar mhodh eile. |
1.4.2. |
Ba cheart go mbeadh trealamh neamhshuiteáilte inoibrithe gan gá le scil eisceachtúil ná le neart eisceachtúil. |
1.4.3. |
Níor cheart go laghdódh trealamh neamhshuiteáilte an leibhéal sábháilteachta, bíodh an trealamh sin ag feidhmiú i gceart nó ná bíodh, agus níor cheart go mbeadh drochthionchar aige ar fheidhmiú ceart aon chórais, aon trealaimh nó aon fhearais eile. |
1.5. Aeracmhainneacht leanúnach
1.5.1. |
Ní mór na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach, a bhunú agus a chur ar fáil d'fhonn a áirithiú go gcoinneofar ar bun, i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an aerárthaigh, an caighdeán aeracmhainneachta a bhaineann leis an gcineál aerárthaigh agus le comhpháirteanna an aerárthaigh sin. |
1.5.2. |
Ní mór modhanna a chur ar fáil d'fhonn cigireacht, coigeartú nó bealú a dhéanamh ar chomhpháirteanna nó ar threalamh neamhshuiteáilte, nó comhpháirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a bhaint amach nó a athsholáthar de réir mar a bheidh gá leis sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú. |
1.5.3. |
Ní mór na treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach a bheith i bhfoirm lámhleabhair, nó lámhleabhar, de réir mar is iomchuí do líon na sonraí a chuirfear ar fáil. Ní mór treoracha cothabhála agus deisiúcháin, agus faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta, a chuimsiú sna lámhleabhair, i bhformáid a chuirfidh ar chumas duine socrú praiticiúil a dhéanamh. |
1.5.4. |
Ní mór teorainneacha aeracmhainneachta a bheith san áireamh sna treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach, teorainneacha lena leagtar amach gach tréimhse éigeantach athsholáthair, gach eatramh cigireachta agus gach nós imeachta cigireachta a ghabhann leis. |
2. GNÉITHE AERACMHAINNEACHTA A GHABHANN LE hOIBRIÚ TÁIRGE
2.1. |
Ní mór a thaispeáint go ndearnadh an méid seo a leanas chun sábháilteacht a áirithiú dóibh siúd atá ar bord nó ar an talamh agus an táirge á oibriú:
(a)
ní mór na cineálacha oibríochta dá bhfuil an t-aerárthach formheasta a leagan amach mar aon le teorainneacha agus faisnéis atá riachtanach lena oibriú go sábháilte, lena n-áirítear teorainneacha agus feidhmiú ó thaobh an chomhshaoil, a leagan amach;
(b)
ní mór don aerárthach a bheith inrialaithe agus so-innealta go sábháilte faoi na dálaí oibríochtúla intuartha go léir lena n-áirítear i ndiaidh do cheann amháin de na córais tiomána cliseadh, nó, más iomchuí, i ndiaidh do níos mó ná ceann amháin de na córais tiomána cliseadh, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh. Ní mór neart an phíolóta, timpeallacht na deice eitilte, ualach oibre an phíolóta agus dálaí eile a bhfuil gné dhaonna ag baint leo, chomh maith le céim na heitilte agus fad na heitilte, a chur san áireamh go hiomchuí;
(c)
ní mór a bheith in ann aistriú réidh a dhéanamh ó chéim eitilte amháin go céim eitilte eile gan leibhéal eisceachtúil scile píolótachta, aireachais, nirt ná ualaigh oibre a bheith de dhíth faoi aon cheann de na dálaí oibríochtúla is dócha a bheadh ann;
(d)
ní mór a oiread cobhsaíochta a bheith san aerárthach agus a áiritheoidh nach mbeidh na héilimh a dhéanfar ar an bpíolóta iomarcach, agus céim na heitilte chomh maith lena fad á gcur san áireamh;
(e)
ní mór nósanna imeachta a bhunú le haghaidh gnáthoibríochtaí, cliseadh agus coinníollacha éigeandála;
(f)
ní mór foláirimh nó iombhagairtí eile a sholáthar atá ceaptha le cosc a chur le sárú an ghnáth-imchlúdaigh eitilte más iomchuí don chineál aerárthaigh atá i gceist;
(g)
ní mór airíonna an aerárthaigh agus a chórais a cheadú go bhféadfaí filleadh go sábháilte ó dhálaí foircneacha imchlúdach na heitilte a d'fhéadfadh tarlú. |
2.2. |
Ní mór na srianta oibríochta agus aon fhaisnéis eile atá riachtanach chun eitilt a oibriú go sábháilte a chur ar fáil do na comhaltaí foirne. |
2.3. |
Ní mór oibríochtaí táirge a chosaint ó ghuaiseacha a eascróidh as dálaí seachtracha dochracha agus dálaí inmheánacha dochracha, lena n-áirítear coinníollacha comhshaoil:
(a)
thar aon rud eile, agus más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist, níor cheart go dtiocfadh aon staid bhaolach as neamhchosaint ó fheiniméin a mbeifí ag súil leo go réasúnta agus táirge á oibriú, feiniméin amhail drochaimsir, tintreach, imbhualadh éin, réimsí radaithe ardmhinicíochta, ózón, etc., ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh;
(b)
ní mór d'urranna cábáin, más iomchuí de réir an chineáil oibríochtaí atá i gceist, dálaí oiriúnacha iompair a chur ar fáil do phaisinéirí chomh maith le cosaint iomchuí ó aon ghuais a mbeifí ag súil léi le linn oibríochtaí na heitilte nó de thoradh ar staideanna éigeandála, lena n-áirítear tine, deatach, gáis nimhiúla agus guaiseacha de thoradh ar dhí-chomhbhrú mear, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh. Ní mór socruithe a dhéanamh chun gach seans réasúnta a thabhairt do thaistealaithe gortú tromchúiseach a sheachaint agus an t-aerárthach a fhágáil go tapa agus chun taistealaithe a chosaint ó éifeacht na bhfórsaí luasmhoillithe i gcás tuirlingt éigeandála ar muir nó ar tír. Ní mór comharthaí nó fógraí atá soiléir agus gan athbhrí iontu a chur ar fáil, más gá, le hoiliúint a chur ar thaistealaithe maidir le hiompraíocht iomchuí shábháilte agus maidir le láthair agus ceartúsáid an trealaimh sábháilteachta. Ní mór teacht a bheith go héasca ar an trealamh sábháilteachta atá riachtanach;
(c)
ní mór urranna na foirne, más iomchuí de réir an chineáil oibríochtaí atá i gceist, a bheith socraithe chun oibríochtaí eitilte a éascú, lena n-áirítear feasacht staide a chur ar fáil, agus chun aon staid nó aon éigeandálaí a bhfuiltear ag súil leo a bhainistiú. Ní mór timpeallacht urranna na foirne a bheith socraithe ar bhealach nach gcuirfeadh as do chumas na gcomhaltaí foirne a gcuid cúraimí a chur i gcrích agus caithfidh dearadh na n-urrann a bheith déanta ar bhealach a sheachnódh aon chur isteach ar oibríochtaí agus ar mhí-úsáid na rialtán. |
3. EAGRAÍOCHTAÍ (LENA nÁIRÍTEAR DAOINE NÁDÚRTHA) A THUGANN FAOI DHEARADH, TÁIRGEADH, BAINISTIÚ LEANÚNACH AR AERACMHAINNEACHT NÓ COTHABHÁIL)
3.1. |
Más iomchuí don chineál gníomhaíochta atá i gceist, ní mór formheasanna eagraíochta a eisiúint nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
caithfidh na hacmhainní uile is gá le haghaidh raon feidhme na hoibre a bheith ag an eagraíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, ionstraimí agus ábhar, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan bheith teoranta dóibh;
(b)
más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach;
(c)
déanfaidh an eagraíocht socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais aeracmhainneachta fhíor-riachtanacha sin go leanúnach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo;
(d)
déanfaidh an eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (b) agus na socruithe faoi phointe (c), d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. |
3.2. |
Ní bhaineann na coinníollacha faoi phointí 3.1(c) agus 3.1(d) le heagraíochtaí oiliúna cothabhála. |
3.3. |
Daoine nádúrtha a dhéanann an chothabháil, ní mór dóibh leibhéal eolais theoiriciúil, scileanna praiticiúla agus taithí a fháil agus a choimeád de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta. |
IARSCRÍBHINN III
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí
1. Ní mór táirgí a dhearadh sa dóigh go laghdófar ar thorann oiread agus is féidir, agus pointe 4 á chur san áireamh.
2. Ní mór táirgí a dhearadh sa dóigh go laghdófar ar astaíochtaí oiread agus is féidir, agus pointe 4 á chur san áireamh.
3. Ní mór táirgí a dhearadh ionas go laghdófar ar na hastaíochtaí sin a eascraíonn as galú leachtanna nó sceitheadh leachtanna, agus pointe 4 á chur san áireamh.
4. Ní mór na comhbhabhtálacha sin idir bearta deartha atá ceaptha le laghdú a dhéanamh ar thorann, ar chineálacha éagsúla astaíochtaí agus ar sceitheadh leachtanna a chur san áireamh.
5. Réimse iomlán na ngnáthdhálaí oibríochtúla agus na limistéar geografach, ina dtagann torann nó astaíochtaí an aerárthaigh i gceist, cuirfear san áireamh iad nuair a bheidh leibhéil torainn agus astaíochtaí á laghdú.
6. Córais agus trealamh sin an aerárthaigh atá riachtanach chun an comhshaol a chaomhnú, ní mór iad a dhearadh, a tháirgeadh agus a chothabháil sa chaoi go bhfeidhmeoidh siad, mar atá beartaithe, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo. Ní mór a n-iontaofacht a bheith leordhóthanach don éifeacht a cheaptar a bheidh acu ar chomhoiriúnacht chomhshaoil an táirge.
7. Aon treoracha, nósanna imeachta, acmhainní, lámhleabhair, srianta agus cigireacht atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn go leanúnach, ní mór iad a bhunú agus a chur ar fáil d'úsáideoirí an táirge sin ar bhealach soiléir.
8. Ní mór do na heagraíochtaí sin atá rannpháirteach i ndearadh, i dtáirgeadh agus i gcothabháil táirgí eitlíochta:
na hacmhainní uile a bheith acu is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo; agus
socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach.
IARSCRÍBHINN IV
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le foireann eitilte
1. OILIÚINT PÍOLÓTAÍ
1.1. Ginearálta
Ní mór do dhuine a bhfuil oiliúint á cur air nó uirthi chun aerárthach a eitilt a bheith chomh haibí ó thaobh oideachais, coirp agus meabhrach de agus go mbeidh sé nó sí in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choinneáil ar bun agus a thaispeáint.
1.2. Eolas teoiriciúil
Ní mór do phíolóta leibhéal eolais a shealbhú agus a choinneáil ar bun a oireann do na feidhmeanna a chuirtear i gcrích ar an aerárthach agus atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist. Maidir leis an leibhéal eolais sin, ní mór cuid de na réimsí seo a leanas a bheith cuimsithe ann:
dlí an aeir;
eolas ginearálta faoi aerárthaí;
ábhair theicniúla a bhaineann le catagóir an aerárthaigh;
feidhmiú agus pleanáil eitilte;
feidhmiú an duine agus na teorainneacha atá leis;
meitéareolaíocht;
loingseoireacht;
nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear bainistíocht acmhainní;
prionsabail na heitilte;
cumarsáid; agus
scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú.
1.3. Eolas teoiriciúil a thaispeáint agus a choinneáil ar bun
1.3.1. |
Ní mór a thaispeáint go bhfuil eolas teoiriciúil á shealbhú agus á choinneáil trí mheasúnú leanúnach le linn na hoiliúna agus, más iomchuí, trí scrúduithe. |
1.3.2. |
Ní mór leibhéal iomchuí inniúlachta a choinneáil ar bun i dtaca le heolas teoiriciúil. Ní mór a thaispeáint go bhfuil sé sin á chomhlíonadh, trí mheasúnuithe rialta, scrúduithe rialta, tástálacha rialta nó seiceálacha rialta. Maidir le rialtacht na scrúduithe, na dtástálacha nó na seiceálacha sin, ní mór iad a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an ngníomhaíocht. |
1.4. Scil phraiticiúil
Ní mór do phíolóta scileanna praiticiúla a shealbhú agus a choinneáil ar bun más iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chur i gcrích ar an aerárthach. Ní mór na scileanna sin a bheith comhréireach leis na rioscaí a ghabhann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist agus caithfidh siad, i gcás ina n-oireann do na feidhmeanna a chuirtear i gcrích ar an aerárthach, an méid seo a leanas a chuimsiú:
gníomhaíochtaí roimh eitilt agus le linn na heitilte lena n-áirítear feidhmiú an aerárthaigh, mais agus cothromaíocht an aerárthaigh a chinneadh, cigireacht agus seirbhísiú a dhéanamh ar an aerárthach, pleanáil breosla nó pleanáil fuinnimh, breithiúnas ar an aimsir, pleanáil bealaí, srianta ar aerspás agus fáil ar rúidbhealaí;
oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí patrúin tráchta;
réamhchúraimí agus nósanna imeachta maidir le himbhualadh a sheachaint;
aerárthach a rialú trí amharcthagairt sheachtrach;
ainlithe eitilte, lena n-áirítear ainlithe i suímh chriticiúla, agus ainlithe “suaiteachta” gaolmhara, de réir mar is féidir iad a chur i gcrích go teicniúil;
gnáthéirí de thalamh agus éirí de thalamh trasghaoithe chomh maith le gnáth-thuirlingtí agus tuirlingtí trasghaoithe;
eitilt gan mar thagairt ach uirlisí, más iomchuí don chineál gníomhaíochta atá i gceist;
nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear scileanna foirne agus bainistíocht acmhainní, más iomchuí don chineál oibríochta atá i gceist, cibé acu oibríocht aon fhoireann nó oibríocht ilfhoirne í;
loingseoireacht agus cur chun feidhme rialacha an aeir agus nósanna imeachta gaolmhara, agus feidhm á baint chucu, más iomchuí, as amharcthagairt nó as áiseanna loingseoireachta;
oibríochtaí neamhghnácha agus oibríochtaí éigeandála, lena n-áirítear mífheidhmeanna trealaimh aerárthaí ionsamhalta;
comhlíonadh nósanna imeachta seirbhísí aerthráchta agus cumarsáide;
cineál aerárthaí nó gnéithe sainaicme;
oiliúint bhreise i scileanna praiticiúla a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha a mhaolú; agus
scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú, trí mhodheolaíocht leordhóthanach measúnaithe a úsáid i dteannta an mheasúnaithe ar scileanna teicniúla.
1.5. Scil phraiticiúil a thaispeáint agus a choinneáil ar bun
1.5.1. |
Ní mór do phíolóta a thaispeáint go bhfuil ar a chumas na nósanna imeachta agus na hainlithe a fheidhmiú leis an méid inniúlachta is iomchuí do na feidhmeanna a fheidhmeofar ar an aerárthach, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an t-aerárthach a oibriú laistigh dá theorainneacha;
(b)
dea-bhreithiúnas agus dea-eitleoireacht a fheidhmiú;
(c)
eolas aerloingseoireachta a chur i bhfeidhm;
(d)
smacht a choinneáil ar an aerárthach i gcónaí sa dóigh go n-áirithítear toradh rathúil a bheith ar nós imeachta nó ar ainliú; agus
(e)
scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú, trí mhodheolaíocht leordhóthanach measúnaithe a úsáid i dteannta an mheasúnaithe ar scileanna teicniúla. |
1.5.2. |
Ní mór leibhéal iomchuí inniúlachta i scil phraiticiúil a choinneáil ar bun. Ní mór a thaispeáint go bhfuil sé sin á chomhlíonadh, trí mheasúnuithe rialta, scrúduithe rialta, tástálacha rialta nó seiceálacha rialta. Maidir le rialtacht na scrúduithe, na dtástálacha nó na seiceálacha sin, ní mór iad a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an ngníomhaíocht. |
1.6. Inniúlacht Teanga
Ní mór do phíolóta inniúlacht teanga a bheith aige a mhéid is iomchuí do na feidhmeanna a fheidhmítear ar an aerárthach. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san inniúlacht sin:
a bheith in ann doiciméid faisnéise aimsire a thuiscint;
a bheith in ann cairteanna aerloingseoireachta faoi bhealach, cairteanna aerloingseoireachta imeachta agus cairteanna aerloingseoireachta tuirlingthe a úsáid mar aon le doiciméid faisnéise aerloingseoireachta ghaolmhara; agus
a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le comhaltaí eile den fhoireann eitilte agus le seirbhísí aerloingseoireachta le linn gach céim den eitilt, lena n-áirítear ullmhú chun eitilte, sa teanga a úsáidtear le haghaidh cumarsáid raidió a bhaineann leis an eitilt.
1.7. Feistí oiliúna ionsamhalta eitilte
Nuair a bhaintear feidhm as feiste oiliúna ionsamhalta eitilte (FSTD) chun críche oiliúna, nó chun a léiriú gur sealbhaíodh nó gur coinníodh scil phraiticiúil ar bun, ní mór leibhéal áirithe feidhmíochta a bheith ag an FSTD sin sna réimsí sin atá ábhartha don chúram lena mbaineann a chur i gcrích. Thar aon rud eile, ní mór macasamhlú sásúil a dhéanamh ar chumraíocht an aerárthaigh, ar a airíonna láimhseála, ar fheidhmiú an aerárthaigh agus ar iompraíocht a chóras.
1.8. Cúrsa oiliúna
1.8.1. |
Ní mór an oiliúint a chur ar fáil trí bhíthin cúrsa oiliúna. |
1.8.2. |
Ní mór an cúrsa oiliúna na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór siollabas a fhorbairt do gach cineál cúrsa; agus
(b)
cuimseoidh an cúrsa oiliúna sin faisnéis theoiriciúil agus treoir phraiticiúil eitilte araon (lena n-áirítear oiliúint shintéiseach), más infheidhme. |
1.9. Teagascóirí
1.9.1. Teagasc teoiriciúil
Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc teoiriciúil. Ní mór:
an t-eolas iomchuí a bheith acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc; agus
iad a bheith in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid.
1.9.2. Teagasc eitilte agus teagasc eitilte ionsamhalta
Teagascóirí cuícháilithe amháin, a bhfuil na cáilíochtaí seo a leanas acu, a dhéanfaidh an teagasc eitilte agus an teagasc eitilte ionsamhalta:
comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí maidir le heolas teoiriciúil agus maidir le taithí de réir an teagaisc atá á thabhairt;
beidh siad in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid;
beidh taithí acu ar theicnící teagaisc a bhaineann leis na hainlithe eitilte agus na nósanna imeachta eitilte ina mbeartófar teagasc a chur ar fáil;
léireoidh siad go bhfuil cumas teagaisc acu sna réimsí sin ina dtabharfar teagasc eitilte, lena n-áirítear teagasc réamh-eitilte, teagasc iareitilte agus teagasc ar an talamh; agus
gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin teagaisc cothrom le dáta.
Ina theannta sin, ní mór do na teagascóirí eitilte a thugann oiliúint ar aerárthach a bheith i dteideal feidhmiú mar phíolóta i gceannas ar an aerárthach lena mbaineann an teagasc, ach amháin i gcás oiliúint ar chineálacha nua aerárthaí.
1.10. Scrúdaitheoirí
Maidir leis na daoine a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na bpíolótaí, ní mór dóibh:
na ceanglais i leith teagascóirí eitilte nó teagascóirí eitilte ionsamhalta a chomhlíonadh; agus
a bheith in ann feidhmíocht píolótaí a mheasúnú chomh maith le tástálacha agus seiceálacha a dhéanamh ar eitiltí.
2. CEANGLAIS MAIDIR LE TAITHÍ — PÍOLÓTAÍ
Duine a bheidh ag feidhmiú mar chomhalta foirne eitilte, mar theagascóir, nó mar scrúdaitheoir, ní mór dó taithí leordhóthanach a shealbhú agus a choinneáil ar bun i dtaca leis na feidhmeanna a chuirfear i gcrích, ach amháin i gcás ina bhforáiltear sna gníomhartha cur chun feidhme, arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo nach mór inniúlacht a léiriú i gcomhréir le pointe 1.5.
3. DEA-SHLÁINTE — PÍOLÓTAÍ
3.1. Critéir leighis
3.1.1. |
Ní mór do na píolótaí go léir a léiriú go tráthrialta go bhfuil siad folláin a ndóthain chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go sásúil, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh. Ní mór comhlíonadh a léiriú trí mheasúnú iomchuí bunaithe ar an gcleachtas aerleighis is fearr, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh mar aon leis an díghrádú meabhrach agus coirp a d'fhéadfadh a bheith ann de dheasca aoise. Ciallaíonn dea-shláinte, lena gcuimsítear sláinte choirp agus mheabhrach, nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ag gabháil don phíolóta a d'fhágfadh nach mbeadh sé nó sí in ann:
(a)
na cúraimí a dhéanamh is gá chun aerárthach a fheidhmiú;
(b)
na dualgais a shanntar don phíolóta a dhéanamh tráth ar bith; nó
(c)
a timpeallacht nó a thimpeallacht a bhrath i gceart. |
3.1.2. |
I gcás nach léirítear dea-shláinte go hiomlán, féadfar bearta maolaithe a chur chun feidhme a chuirfidh sábháilteacht choibhéiseach eitilte ar fáil. |
3.2. Scrúdaitheoirí aerleighis
Maidir le scrúdaitheoirí aerleighis:
ní mór dóibh a bheith cáilithe agus ceadúnaithe i gcleachtadh leighis;
ní mór oiliúint a bheith orthu sa leigheas eitlíochta chomh maith le hoiliúint athnuachana rialta sa leigheas eitlíochta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar ardchaighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta; agus
ní mór eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil a bheith acu maidir le na dálaí faoina gcuireann píolótaí a gcuid dualgas i gcrích.
3.3. Ionaid Aerleighis
Ní mór d'ionaid aerleighis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
ní mór gach acmhainn a bheith acu is gá le haghaidh raon na bhfreagrachtaí sin a ghabhann lena bpribhléidí. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
más iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach; agus
bunóidh siad socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais seo ar bhonn leanúnach.
4. AN FHOIREANN CÁBÁIN
4.1. Ginearálta
Maidir leis an bhfoireann cábáin:
ní mór iad a bheith oilte agus seiceáil a bheith á déanamh orthu ar bhonn rialta sa chaoi go n-éireoidh leo leibhéal oiriúnach inniúlachta a bhaint amach agus a choinneáil ar bun d'fhonn a gcuid dualgas sábháilteachta a dhéanamh; agus
ní mór measúnú sláinte a dhéanamh orthu go tréimhsiúil chun a chinntiú go bhfuil siad i gcumas a gcuid dualgas sábháilteachta a dhéanamh go sábháilte. Ní mór a thaispeáint go bhfuil gach ceanglas á chomhlíonadh trí mheasúnú iomchuí a dhéanamh atá bunaithe ar an gcleachtas is fearr ó thaobh aerleighis.
4.2. Cúrsa oiliúna
4.2.1. |
Más iomchuí de réir chineál na gníomhaíochta nó na bpribhléidí atá i gceist, ní mór oiliúint a chur ar fáil trí bhíthin cúrsa oiliúna. |
4.2.2. |
Ní mór an cúrsa oiliúna na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór siollabas a fhorbairt do gach cineál cúrsa; agus
(b)
ní mór faisnéis theoiriciúil agus treoir phraiticiúil araon a chuimsiú sa chúrsa oiliúna (lena n-áirítear oiliúint shintéiseach), más infheidhme. |
4.3. Teagascóirí na bhFoirne Cábáin
Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc. Ní mór do na teagascóirí sin:
eolas iomchuí a bheith acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc;
a bheith in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid; agus
oiliúint athnuachana rialta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin teagaisc cothrom le dáta.
4.4. Scrúdaitheoirí na bhFoirne Cábáin
Ní mór do na daoine sin atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an bhfoireann cábáin:
na ceanglais maidir le teagascóirí na bhfoirne cábáin a chomhlíonadh; agus
a bheith in ann feidhmiú na bhfoirne cábáin a mheasúnú agus scrúduithe a chur ar siúl.
5. EAGRAÍOCHTAÍ OILIÚNA
Ní mór d'eagraíocht oiliúna a sholáthróidh oiliúint do phíolótaí nó d'fhoireann cábáin na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
ní mór gach acmhainn is gá a bheith acu maidir le raon na bhfreagrachtaí sin a bhaineann lena ngníomhaíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
de réir mar is iomchuí don oiliúint a chuirfear ar fáil agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le meath ar chaighdeán na hoiliúna, agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach; agus
socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais sin ar bhonn leanúnach.
IARSCRÍBHINN V
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hoibríochtaí aeir
1. GINEARÁLTA
1.1. |
Níor cheart eitilt a dhéanamh mura mbeidh na comhaltaí foirne agus, más iomchuí, na pearsanra oibríochta eile uile atá bainteach le hullmhú na heitilte agus lena cur i bhfeidhm, eolach ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhlíonadh a ndualgas agus atá forordaithe do na limistéir atá le trasnú, do na haeradróim a bhfuil sé i gceist feidhm a bhaint astu agus do na háiseanna aerloingseoireachta a bhaineann leo. |
1.2. |
Ní mór eitilt a dhéanamh ar bhealach lena ndeimhnítear go mbeifear ag cloí leis na nósanna imeachta oibriúcháin a shonraítear sa Lámhleabhar Eitilte nó, más gá, sa Lámhleabhar Oibríochta, maidir le hullmhú agus cur i gcrích na heitilte. |
1.3. |
Roimh gach eitilt, caithfidh róil agus dualgais gach comhalta foirne a bheith sainithe. Ní mór don phíolóta i gceannas a bheith freagrach as oibriú agus sábháilteacht an aerárthaigh agus as sábháilteacht na gcomhaltaí foirne, na bpaisinéirí agus an lasta ar fad atá ar bord. |
1.4. |
Aon earraí nó aon substaintí a d'fhéadfadh a bheith ina mbagairt shuntasach sláinte, sábháilteachta, maoine nó ina mbagairt ar an gcomhshaol, amhail earraí contúirteacha, airm agus armlón, níor cheart iad a thabhairt ar bord aon aerárthaigh, mura gcuirfear nósanna imeachta sonracha agus treoracha a bhaineann le sábháilteacht i bhfeidhm d'fhonn na rioscaí gaolmhara a mhaolú. |
1.5. |
Na sonraí, na doiciméid, na taifid agus an fhaisnéis uile is gá chun urramú na gcoinníollacha a shonraítear i bpointe 5.3 a thaifeadadh, ní mór iad a choinneáil i gcás gach eitilte agus a choimeád ar fáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe ar feadh íostréimhse ama atá comhoiriúnach don chineál oibríochta atá i gceist. |
2. ULLMHÚ EITILTE
Níor cheart eitilt a thosú murar cinntíodh ar bhealach réasúnta dá bhfuil ar fáil go bhfuiltear ag cloí leis na coinníollacha seo a leanas ar fad:
áiseanna leordhóthanacha a bheidh ag teastáil go díreach don eitilt agus d'oibriú sábháilte an aerárthaigh, lena n-áirítear áiseanna cumarsáide agus loingseoireachta, a bheith ar fáil chun an eitilt a chur i gcrích, agus doiciméadacht sin na Seirbhísí Faisnéise Aerloingseoireachta a bhfuil teacht uirthi á cur san áireamh;
ní mór an fhoireann agus na paisinéirí a bheith ar an eolas faoi shuíomh agus faoi úsáid an trealaimh éigeandála a bhaineann le hábhar. Ní mór dóthain faisnéise faoi nósanna imeachta éigeandála agus faoi úsáid trealaimh sábháilteachta cábáin a chur ar fáil don fhoireann agus do phaisinéirí, ar faisnéis í a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh atá i gceist agus go sonrach leis an trealamh suiteáilte;
ní mór don phíolóta i gceannas a bheith deimhin de:
go bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach de réir mar a shonraítear i bpointe 6;
má cheanglaítear sin, go bhfuil an t-aerárthach cláraithe go hiomchuí agus go bhfuil deimhnithe iomchuí i ndáil leis an méid sin ar bord an aerárthaigh;
go bhfuil uirlisí agus trealamh de réir mar a shonraítear iad i bpointe 5, agus ar gá iad chun an eitilt sin a chur i gcrích, suiteáilte san aerárthach agus go bhfeidhmíonn siad, mura ndearnadh iad a tharscaoileadh faoin MEL is infheidhme nó faoi dhoiciméad coibhéiseach;
go bhfuil mais an aerárthaigh agus an áit ina bhfuil an meáchanlár i gcóir chun gur féidir an eitilt a sheoladh laistigh de theorainneacha a fhorordaítear sa doiciméadacht aeracmhainneachta;
go bhfuil an bagáiste cábáin, an bagáiste boilg chomh maith leis an lasta luchtaithe agus socraithe i gceart; agus
nach sárófar na srianta maidir le hoibriú aerárthaí a shonraítear i bpointe 4 ag aon am le linn na heitilte;
ní mór faisnéis faoi dhálaí meitéareolaíochta don aeradróm imeachta, don aeradróm cinn scríbe agus, más infheidhme, d'aeradróim mhalartacha, chomh maith le faisnéis faoi dhálaí faoi bhealach, a bheith ar fáil d'fhoireann na heitilte. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar dhálaí atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith guaiseach;
ní mór bearta maolaithe nó pleananna teagmhasacha a bheith i bhfeidhm chun dul i ngleic le dálaí atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a bhfuil coinne leo le linn na heitilte;
le haghaidh eitilt atá bunaithe ar rialacha amharc-eitilte, ní mór dálaí meitéareolaíochta ar feadh an aerbhealaigh ar a mbeifear a bheith i gcóir chun gur féidir cloí leis na rialacha eitilte sin. Le haghaidh eitilt bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte ní mór ceann scríbe a roghnú agus, más gá, ní mór aeradróm malartach nó aeradróim mhalartacha a roghnú inar féidir leis an aerárthach tuirlingt, agus na dálaí meitéareolaíochta atá tuartha á gcur san áireamh go sonrach chomh maith le hinfhaighteacht seirbhísí aerloingseoireachta, infhaighteacht áiseanna talún agus na nósanna imeachta eitilte uirlise arna bhformheas ag an Stát ina bhfuil an ceann scríbe agus/nó an t-aeradróm malartach sin suite;
ní mór breosla/fuinneamh leordhóthanach le haghaidh tiomána a bheith ar bord, chomh maith le tomhaltán leordhóthanach, chun a áirithiú gur féidir an eitilt atá i gceist a thabhairt chun críche go sábháilte, agus dálaí meitéareolaíochta á gcur san áireamh chomh maith le haon ní eile a théann i bhfeidhm ar fheidhmiú an aerárthaigh agus aon mhoill lena bhfuil coinne le linn eitilte. Lena chois sin, ní mór cúltaisce breosla/fuinnimh a bheith ar bord chun soláthar a dhéanamh le haghaidh teagmhas. Ní mór nósanna imeachta a bhunú maidir le bainistíocht breosla/fuinnimh le linn eitilte nuair a bhaineann sin le hábhar.
3. OIBRÍOCHTAÍ EITILTE
Maidir le hoibríochtaí eitilte, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist, le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus aon uair a mheasann an píolóta i gceannas gur gá sin ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór do gach comhalta foirne a bheith ina shuí nó ina suí ag a stáisiún foirne agus na córais srianta a chuirtear ar fáil a úsáid;
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist, ní mór do na comhaltaí foirne eitilte go léir a n-iarrtar orthu a bheith ar dualgas ar an deic eitilte, a bheith ag a stáisiún, agus fanacht ag a stáisiún, agus a gcrios sábhála fáiscthe orthu ach amháin fad a bheidh siad faoi bhealach ar mhaithe le riachtanais fiseolaíochta nó oibríochtúla;
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist agus an chineáil oibríochta, roimh éirí de thalamh agus roimh thuirlingt, le linn a innealta agus nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór don phíolóta i gceannas a áirithiú go bhfuil gach paisinéir suite go hiomchuí agus go bhfuil an crios sábhála ceangailte go slán;
ní mór eitilt a dhéanamh i dtreo is go mbeidh spás iomchuí fágtha idir an t-aerárthach agus aerárthaí eile agus gur leor an réiteach constaicí a dhéanfar, ag gach céim den eitilt. Ar a laghad, ní mór an spás sin a bheith de réir na spásanna a cheanglaítear leis na rialacha aeir is infheidhme, más iomchuí don chineál oibríochta atá i gceist;
níor cheart leanúint d'eitilt mura leanfaidh na dálaí aitheanta de bheith i gcoibhéis leo siúd i bpointe 2, ar a laghad. Ina theannta sin, le haghaidh eitilt atá bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte, níor cheart leanúint d'ascnamh i dtreo aeradróim faoi bhun airde shonraithe nó thar shuíomh áirithe mura gcomhlíonfar critéir fhorordaithe léargais;
i gcás éigeandála, ní mór don phíolóta i gceannas a áirithiú go dtugtar treoir don uile phaisinéir faoin ngníomh éigeandála ab iomchuí de réir na gcúinsí sin;
ní mór don phíolóta i gceannas gach beart is gá a dhéanamh chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar an eitilt a laghdú;
níor cheart aerárthach a inleadh ar an talamh i limistéar gluaiseachta aeradróim, ná a rótar a chasadh faoi chumhacht, mura bhfuil an duine atá ag na rialtáin inniúil mar is iomchuí;
ní mór na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bainistíocht breosla/fuinnimh le linn na heitilte a leanúint, nuair is ábhartha.
4. FEIDHMIÚ AERÁRTHAÍ AGUS SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA
4.1. |
Ní mór aerárthach a oibriú i gcomhréir lena dhoiciméadacht aeracmhainneachta agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta agus leis na teorainneacha gaolmhara uile faoi mar a chuirtear in iúl iad ina lámhleabhar eitilte formheasta nó i ndoiciméadacht choibhéiseach, de réir mar a bheidh. Ní mór teacht a bheith ag an bhfoireann ar an lámhleabhar eitilte nó ar dhoiciméadacht choibhéiseach agus ní mór iad a choinneáil cothrom le dáta le haghaidh gach aerárthaigh. |
4.2. |
D'ainneoin phointe 4.1, maidir le hoibríochtaí ar héileacaptair, féadfar eitilt mheandair tríd an imchlúdach teorantach treoluais agus airde a cheadú ar choinníoll go n-áirithítear an tsábháilteacht. |
4.3. |
Ní mór an t-aerárthach a oibriú i gcomhréir leis an doiciméadacht chomhshaoil is infheidhme. |
4.4. |
Níor cheart tús a chur le heitilt nó leanúint di mura bhfágfaidh feidhmiú sceidealta an aerárthaigh, agus na fachtóirí uile a théann i bhfeidhm go mór ar a leibhéal feidhmiúlachta á gcur san áireamh, gur féidir gach céim den eitilt a dhéanamh laistigh de na hachair/na réimsí agus de na réitigh maidir le constaicí is infheidhme ag an mais oibríochta phleanáilte. Seo a leanas fachtóirí feidhmiúlachta ar leith a théann go mór i bhfeidhm ar éirí de thalamh agus ar thuirlingt go sonrach:
(a)
nósanna imeachta oibríochta;
(b)
airde brú an aeradróim;
(c)
an aimsir (an teocht, an ghaoth, an deascán agus réimse amhairc);
(d)
méid, fána agus staid an limistéir éirí de thalamh/tuirlingthe; agus
(e)
staid an aerfhráma, an ghléasra cumhachta nó na gcóras, á chur san áireamh go bhféadfadh meath a bheith i gceist. |
4.5. |
Ní mór na fachtóirí sin a chur san áireamh go díreach mar pharaiméadair oibríochtúla nó go hindíreach trí liúntais nó corrlaigh, a d'fhéadfaí a sholáthar i sceidealú na sonraí feidhmiúlachta, más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist. |
5. UIRLISÍ, SONRAÍ AGUS TREALAMH
5.1. |
Ní mór gach trealamh aerloingseoireachta agus cumarsáide agus gach trealamh eile is gá le haghaidh na heitilte atá beartaithe a chur ar aerárthach, agus na rialacháin aerthráchta agus na rialacha aeir is infheidhme ag aon chéim den eitilt á gcur san áireamh. |
5.2. |
Nuair is iomchuí, ní mór gach trealamh sábháilteachta, leighis, aslonnaithe agus marthanais is gá a chur ar aerárthach, agus na rioscaí a bhaineann leis na réimsí oibríochta, leis na bealaí a eitleofar, le hairde na heitilte chomh maith lena fad á gcur san áireamh. |
5.3. |
Na sonraí uile is gá chun go gcuirfidh an fhoireann an eitilt i gcrích, ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta agus fáil a bheith orthu ar bord an aerárthaigh, agus rialacháin aerthráchta, rialacha an aeir, airde eitiltí chomh maith leis na réimsí oibríochta is infheidhme á gcur san áireamh. |
6. AERACMHAINNEACHT AR BHONN LEANÚNACH AGUS COMHOIRIÚNACHT CHOMHSHAOIL TÁIRGÍ
6.1. |
Níor cheart an t-aerárthach a oibriú:
(a)
mura bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach agus i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol;
(b)
mura mbeidh an trealamh oibríochta agus éigeandála is gá le haghaidh na heitilte atá i gceist inseirbhíse;
(c)
mura mbeidh doiciméad aeracmhainneachta an aerárthaigh bailí agus, más infheidhme, mura mbeidh a dheimhniú torainn bailí; agus
(d)
mura ndéanfar cothabháil an aerárthaigh ar bhealach atá i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme. |
6.2. |
Roimh gach eitilt nó sraith eitiltí comhleanúnacha, ní mór an t-aerárthach a iniúchadh, trí sheiceáil réamh-eitilte, chun a chinneadh an bhfuil sé oiriúnach don eitilt atá beartaithe. |
6.3. |
Níor cheart an t-aerárthach a oibriú mura scaoilfear amach é le haghaidh seirbhíse ag daoine nó eagraíochtaí cáilithe, i ndiaidh a chothabhála. Go sonrach, ní mór sonraí bunúsacha na cothabhála a rinneadh a bheith ar an scaoileadh sínithe le haghaidh seirbhíse. |
6.4. |
Na taifid sin is gá chun aeracmhainneacht an aerárthaigh agus a stádas comhoiriúnachta comhshaoil a léiriú, ní mór iad a choinneáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe ar feadh na tréimhse sin atá leagtha síos sna ceanglais aeracmhainneachta leanúnaí is infheidhme, go dtí go dtiocfaidh faisnéis nua in ionad na faisnéise atá iontu, atá coibhéiseach i raon agus i sonraí agus, ar chaoi ar bith, nach lú an tréimhse a choinnítear iad ná 24 mhí. |
6.5. |
Ní mór gach modhnú agus gach cóiriú dá ndéanfar na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht agus, más infheidhme, maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí, a chomhlíonadh. Ní mór na sonraí sin lena léirítear gur comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht agus ceanglais maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí a choinneáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe. |
6.6. |
I gcás ina mbeidh tríú páirtí i mbun na cothabhála, is faoin oibreoir aerárthaí a áirithiú go gcomhlíonfaidh tríú páirtí a dhéanann an chothabháil ceanglais sábháilteachta agus slándála an oibreora. |
7. COMHALTAÍ FOIRNE
7.1. |
Ní mór líon agus comhdhéanamh na foirne a chinneadh, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(a)
teorainneacha deimhniúcháin an aerárthaigh, lena n-áirítear, más infheidhme, an léiriú aslonnaithe éigeandála a bhaineann le hábhar;
(b)
cumraíocht an aerárthaigh; agus
(c)
cineál agus fad na n-oibríochtaí. |
7.2. |
Ní mór é a bheith d'údarás ag an bpíolóta i gceannas an uile ordú a thabhairt agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh ar mhaithe le hoibríocht agus sábháilteacht an aerárthaigh agus ar mhaithe le hoibríocht agus sábháilteacht na ndaoine agus/nó na maoine atá á n-iompar nó á hiompar ann a áirithiú. |
7.3. |
I gcás éigeandála a chuireann oibríocht nó sábháilteacht an aerárthaigh agus/nó daoine ar bord i mbaol, ní mór don phíolóta i gceannas aon bheart is gá dar leis/léi a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht. Nuair a ghabhann sárú rialachán nó nósanna imeachta áitiúla leis na bearta sin, ní mór don phíolóta i gceannas a bheith freagrach as an údarás áitiúil iomchuí a chur ar an eolas mar gheall air sin gan mhoill. |
7.4. |
Gan dochar do phointe 8.12, aon uair a bhíonn daoine eile á n-iompar ar bord, ní féidir staideanna éigeandála nó neamhghnácha a ionsamhlú ach amháin i gcás inar cuireadh na daoine sin ar an eolas go cuí agus i gcás ina bhfuil siad feasach ar na rioscaí gaolmhara roimh dhul ar bord na heitilte dóibh. |
7.5. |
Níor cheart d'aon chomhalta foirne ligean do chur i gcrích a chúraimí/dá chinnteoireacht meathlú sa chaoi go gcuirtear sábháilteacht eitilte i mbaol de bharr tuirse, agus carnadh tuirse, easpa codlata, líon na n-earnálacha ar eitlíodh iontu, dualgais san oíche nó athruithe amchreasa, inter alia, á gcur san áireamh. I dtaca le tréimhsí scíthe, ní mór go leor ama a bheith i gceist leo chun a chur ar chumas comhaltaí foirne éifeachtaí na ndualgas roimhe sin a chur díobh agus a bheith tagtha chucu féin faoi thús na chéad tréimhse dualgais eitilte eile. |
7.6. |
Níor cheart do chomhalta foirne na dualgais sin a leithdháiltear air nó uirthi a fheidhmiú ar bord aerárthaigh agus é nó í faoi thionchar substaintí sícighníomhacha nó alcóil nó nuair nach bhfuil sé nó sí ina shláinte nó ina sláinte de dheasca gortú, tuirse, cógais, tinnis nó cúiseanna eile den sórt sin. |
8. CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE hAERIOMPAR TRÁCHTÁLA AGUS LE hOIBRÍOCHTAÍ EILE ATÁ FAOI RÉIR CEANGLAS DEIMHNIÚCHÁIN NÓ CEANGLAS DEARBHAITHE AGUS A DHÉANTAR LE hEITLEÁIN, LE HÉILEACAPTAIR NÓ LE hAERÁRTHACH CLAONRÓTAIR
8.1. |
Ní fhéadfar an oibríocht a dhéanamh mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní mór an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na n-oibríochtaí a bheith ag an oibreoir aerárthaí, cibé acu go díreach é nó de thoradh comhaontuithe le tríú páirtithe. Áirítear ar an acmhainn sin aerárthaí, áiseanna, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
ní mór don oibreoir aerárthaí pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte agus iad sin amháin a úsáid, chomh maith le cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun le haghaidh chomhaltaí na foirne agus aon phearsanra ábhartha atá riachtanach chun a áirithiú go mbeidh a gcuid deimhnithe, rátálacha agus cáilíochtaí cothrom le dáta;
(c)
de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don oibreoir aerárthaí córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;
(d)
déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (c) d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le sábháilteacht a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. |
8.2. |
Is ceart an oibríocht a dhéanamh de réir lámhleabhar oibríochta oibreora aerárthaí agus dá réir sin amháin. Cuimseofar sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá le haghaidh gach aerárthaigh dá n-oibrítear agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibriúcháin a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Ní mór na teorainneacha is infheidhme maidir le hamanna eitilte, tréimhsí dualgais eitilte agus tréimhsí scíthe don fhoireann a shonrú. Ní mór an lámhleabhar oibríochta agus aon leasuithe a dhéanfar air a bheith de réir an lámhleabhair eitilte fhormheasta agus ní mór é a leasú más gá. |
8.3. |
Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí nósanna imeachta a bhunú, de réir mar is iomchuí, chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar oibríochtaí eitilte sábháilte a íoslaghdú. |
8.4. |
Ní mór don oibreoir aerárthaí cláir shlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun atá curtha in oiriúint don aerárthach agus don chineál oibríochta, lena n-áirítear go háirithe:
(a)
slándáil urrann na foirne eitilte;
(b)
seicliosta nósanna imeachta maidir le cuardach aerárthaí;
(c)
cláir oiliúna; agus
(d)
córais leictreonacha agus córais ríomhairí a chosaint sa chaoi go gcoiscfear aon chur isteach nó éilliú a dhéanfaí orthu, cibé acu d'aon ghnó nó de neamhthoil é sin. |
8.5. |
Nuair a d'fhéadfadh bearta slándála tionchar diúltach a imirt ar shábháilteacht oibríochtaí, ní mór na rioscaí a mheasúnú agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt chun rioscaí sábháilteachta a mhaolú; d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le saintrealamh chun é sin a dhéanamh. |
8.6. |
Ní mór don oibreoir aerárthaí aon phíolóta amháin as foireann na heitilte a ainmniú mar phíolóta i gceannas. |
8.7. |
Ní mór bainistiú a dhéanamh ar chosc tuirse trí bhíthin córas bainistíochta tuirse. Le haghaidh eitilte, nó sraith eitiltí, ní mór am eitilte, tréimhsí dualgais agus tréimhsí scíthe oiriúnaithe a chur san áireamh sa chóras réamhráite. Ní mór na teorainneacha a bhunaítear laistigh den chóras bainistíochta tuirse na fachtóirí ábhartha uile a chuireann le tuirse a chur san áireamh amhail, go háirithe, líon na gcriosanna trínar eitlíodh, trasnú amchriosanna, easpa codlata, cur isteach ar rithim laethúil na colainne, uaireanta oíche, suiteáil, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí áirithe, cúraimí leithdháilte a roinntear ar chomhaltaí foirne chomh maith le soláthar foirne méadaithe. |
8.8. |
Ní mór don oibreoir aerárthaí a áirithiú go bhfuil na cúraimí a shonraítear i bpointe 6.1 agus na cúraimí a thuairiscítear i bpointe 6.4 agus i bpointe 6.5 á rialú ag eagraíocht atá freagrach as bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí, eagraíocht nach mór di na ceanglais atá in Iarscríbhinn II, pointe 3.1 agus in Iarscríbhinn III, pointe 7 agus pointe 8 a chomhlíonadh. |
8.9. |
Ní mór don oibreoir aerárthaí a áirithiú go n-eiseoidh eagraíocht atá cáilithe i gcothabháil táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte an scaoileadh chun seirbhíse a cheanglaítear le pointe 6.3. Ní mór don eagraíocht sin na ceanglais atá in Iarscríbhinn II, pointe 3.1 a chomhlíonadh. |
8.10. |
Bunóidh an eagraíocht dá dtagraítear i bpointe 8.8 lámhleabhar eagraíochta chun go n-úsáidfidh an pearsanra lena mbaineann é agus chun treoir a thabhairt dóibh ina soláthrófar cur síos ar nósanna imeachta uile na heagraíochta maidir le haeracmhainneacht leanúnach. |
8.11. |
Ní mór córas seicliosta a bheith ar fáil, más infheidhme, chun go n-úsáidfidh an fhoireann é ag gach céim d'oibriú an aerárthaigh i ndálaí agus i suímh choitianta, i ndálaí agus i suímh neamhghnácha agus i ndálaí agus i suímh éigeandála. Ní mór nósanna imeachta a bhunú maidir le haon suíomh éigeandála a mbeadh coinne réasúnta leis. |
8.12. |
Níor cheart suímh éigeandála nó suímh neamhghnácha a ionsamhlú nuair atá paisinéirí á n-iompar nó lasta á iompar. |
IARSCRÍBHINN VI
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le heintitis cháilithe
1. An t-eintiteas cáilithe, a Stiúrthóir agus an fhoireann atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanamh, ní fhéadfaidh siad baint a bheith acu, go díreach ná mar ionadaithe údaraithe, le dearadh, táirgeadh, margú nó cothabháil na dtáirgí, na bpáirteanna, an trealaimh neamhshuiteáilte, na gcomhdhamhnaí nó na gcóras ná lena gcuid oibríochtaí, lena soláthar seirbhíse ná lena n-úsáid. Ní fhágann sin nach bhféadfaí faisnéis theicniúil a mhalartú idir na heagraíochtaí atá i gceist agus an t-eintiteas cáilithe.
Maidir le heagraíochtaí a bunaíodh d'fhonn eitlíocht spóirt nó fóillíochta a chur chun cinn, ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar iad a bheith incháilithe le haghaidh creidiúnú mar eintiteas cáilithe, ar choinníoll go léireoidh siad chun sástacht an údaráis chreidiúnaithe go bhfuil socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm acu maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint.
2. Ní mór don eintiteas cáilithe agus don fhoireann atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a gcuid dualgas a dhéanamh leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr agus ní mór dóibh a bheith saor ó aon bhrú nó aon dreasacht de chineál ar bith, go háirithe más de chineál airgeadais é, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas agus ar a gcinntí nó ar thorthaí a gcuid cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta, go sonrach más ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a ndéanann torthaí na gcúraimí sin difear dóibh, a thagann an brú nó an dreasacht sin.
3. Ní mór don eintiteas cáilithe foireann a fhostú agus an acmhainn a bheith aige chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanamh go leordhóthanach; beidh teacht aige freisin ar an trealamh is gá chun seiceálacha eisceachtúla a dhéanamh.
4. An t-eintiteas cáilithe agus an fhoireann atá freagrach as imscrúduithe a dhéanamh, beidh acu:
oiliúint theicniúil agus ghairmiúil den scoth nó saineolas leordhóthanach a fuarthas de thoradh gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh;
eolas sásúil ar cheanglais na gcúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach ar na próisis sin;
an cumas is gá chun ráitis, taifid agus tuarascálacha a ullmhú ionas go léireofar gur cuireadh na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta i gcrích.
5. Ní mór neamhchlaontacht na foirne sin atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a ráthú. Ní ceadmhach go mbraithfeadh a luach saothair ar an méid imscrúduithe a dhéantar ná ar thorthaí na n-imscrúduithe sin.
6. Ní mór don eintiteas cáilithe árachas dliteanais a thógáil amach ach amháin i gcás ina ngabhann Ballstát amháin dliteanas an eintitis air féin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
7. Ní mór do bhaill foirne an eintitis cáilithe rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear le linn dóibh a gcuid cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.
IARSCRÍBHINN VII
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeradróim
1. SAINTRÉITHE FISICEACHA, BONNEAGAR AGUS TREALAMH
1.1. Limistéar gluaiseachta
1.1.1. |
Beidh limistéar ainmnithe i ngach aeradróm ina bhféadfaidh aerárthaí tuirlingt agus éirí de thalamh, limistéar lena gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
na toisí agus na tréithe sin a ghabhfaidh leis an limistéar seo, beidh siad oiriúnach do na haerárthaí a bhfuil sé beartaithe go n-úsáidfidh siad an áis sin;
(b)
beidh neart iompair sa limistéar seo, más infheidhme, ar leor é chun oibríochtaí atriallacha na n-aerárthaí atá beartaithe a iompar. Maidir leis na limistéir sin nach bhfuil oibríochtaí atriallacha beartaithe dóibh, is leor go mbeadh sé d'acmhainn iontu an t-aerárthach féin a iompar;
(c)
beidh an limistéar tuirlingthe agus éirí de thalamh deartha sa chaoi go ndéanfar uisce a thaoscadh agus nach mbeidh uisce bodhar ina riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(d)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sa limistéar sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(e)
beidh saintréithe dromchla an limistéir tuirlingthe agus éirí de thalamh oiriúnach chun go n-úsáidfeadh na haerárthaí atá beartaithe iad; agus
(f)
beidh an limistéar sin saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí aerárthaí. |
1.1.2. |
I gcás ina mbeidh níos mó ná limistéar ainmnithe amháin tuirlingthe agus éirí de thalamh ann, beidh siad leagtha amach sa chaoi nach gcruthófar riosca do-ghlactha d'oibríochtaí aerárthaí dá ndeasca. |
1.1.3. |
Beidh an limistéar ainmnithe tuirlingthe agus éirí de thalamh timpeallaithe ag limistéir shainithe. Tá na limistéir sin ceaptha aerárthaí a bheidh ag eitilt os a gcionn a chosaint le linn oibríochtaí éirí de thalamh nó oibríochtaí tuirlingthe nó chun na hiarmhairtí a mhaolú i gcás gearrthuirlingthe, nó i gcás imeacht ó thaobh nó imeacht ó dheireadh an limistéir éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus comhlíonfaidh na limistéir sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh toisí na limistéar sin oiriúnach do na hoibríochtaí aerárthaí réamh-mheasta;
(b)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sna limistéir sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(c)
coinneofar na limistéir sin saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí na n-aerárthaí. Ní chuirfear cosc mar gheall air sin ar threalamh inbhriste a shuí sna limistéir sin, i gcás ina mbeadh gá leis chun cuidiú le hoibríochtaí na n-aerárthaí; agus
(d)
maidir le gach ceann de na limistéir sin, beidh neart iompair ann ar leor é chun fónamh dá chuspóir. |
1.1.4. |
Na limistéir sin in aeradróm, mar aon lena ngarthimpeallachtaí, a bheidh in úsáid agus aerárthaí á n-inleadh nó á bpáirceáil, déanfar iad a dhearadh ionas go bhféadfar na haerárthaí, a bhfuil coinne leo go n-úsáidfidh siad an áis áirithe lena mbaineann, a oibriú go sábháilte faoi na dálaí go léir a bhfuil pleanáil déanta ina leith, agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh neart iompair sna limistéir sin ar leor é chun oibríochtaí atriallacha na n-aerárthaí atá beartaithe a iompar, cé is moite de limistéir a meastar ina leith nach n-úsáidfear iad ach go hócáideach agus gur leor go mbeidh sé d'acmhainn iontu an t-aerárthach féin a iompar;
(b)
beidh na limistéir sin deartha sa chaoi go ndéanfar uisce a thaoscadh agus nach mbeidh uisce bodhar ina riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(c)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sna limistéir sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(d)
beidh saintréithe dromchla na limistéar sin oiriúnach chun go n-úsáidfeadh na n-aerárthaí atá beartaithe iad; agus
(e)
déanfar na limistéir sin a choinneáil saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú do na haerárthaí. Ní chuirfear cosc mar gheall air sin ar threalamh páirceála, a mbeadh gá leis don limistéar sin, a shuí i suíomhanna sainaitheanta nó i gcriosanna sainaitheanta. |
1.1.5. |
Déanfar bonneagar eile atá beartaithe chun go n-úsáidfeadh na haerárthaí iad a dhearadh sa chaoi nach gcruthóidh úsáid an bhonneagair sin riosca do-ghlactha do na haerárthaí a bheidh ag baint úsáid as. |
1.1.6. |
Beidh déanmhais, foirgnimh, limistéir threalaimh nó réimsí stórála suite agus deartha sa chaoi nach gcruthófar riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí dá ndeasca. |
1.1.7. |
Déanfar meáin oiriúnacha a sholáthar ionas nach bhféadfaidh daoine neamhúdaraithe, feithiclí neamhúdaraithe ná ainmhithe atá mór a ndóthain chun riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí aerárthaí dul isteach sa limistéar gluaiseachta, ach sin gan dochar d'fhorálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint ainmhithe. |
1.2. Glanspásanna ó chonstaicí
1.2.1. |
Déanfar bealaí nó limistéir isteach agus amach a bhunú chun aerárthaí atá ar tí tuirlingt in aeradróm, nó ar tí imeacht as aeradróm a chosaint. Déanfaidh na bealaí nó na limistéir sin an glanspás riachtanach ó chonstaicí atá suite sa cheantar timpeall ar an aeradróm a sholáthar agus lánaird á tabhairt ar na saintréithe fisiceacha áitiúla. |
1.2.2. |
Beidh na glanspásanna ó chonstaicí sin oiriúnach don chéim den eitilt agus don chineál oibríochta atá á cur i gcrích. Déanfar an trealamh a chur san áireamh, freisin, trealamh atá á úsáid chun suíomh an aerárthaigh a chinneadh. |
1.3. Trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear áiseanna amhairc agus neamhamhairc
1.3.1. |
Beidh na háiseanna oiriúnach don fheidhm, beidh siad inaitheanta agus déanfaidh siad faisnéis gan athbhrí a sholáthar d'úsáideoirí faoi na dálaí oibríochtúla go léir atá beartaithe. |
1.3.2. |
Feidhmeoidh an trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht mar a bheidh beartaithe faoi na dálaí oibríochtúla réamh-mheasta. Ní dhéanfaidh trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht riosca do-ghlactha a chruthú do shábháilteacht eitlíochta faoi dhálaí oibríochtúla ná i gcás ina dtarlaíonn cliseadh. |
1.3.3. |
Déanfar na háiseanna agus a gcóras soláthair cumhachta leictreachais a dhearadh sa chaoi nach mbeidh sé mar thoradh orthu, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh, go dtabharfar faisnéis mhí-oiriúnach, mhíthreorach nó uireasach d'úsáideoirí ná go gcuirfear isteach ar sheirbhís fhíor-riachtanach. |
1.3.4. |
Déanfar meáin oiriúnacha chosanta a sholáthar chun damáiste do na háiseanna sin, nó cur isteach orthu, a sheachaint. |
1.3.5. |
Ní chuirfidh foinsí radaíochta ná nithe gluaiste ná nithe seasta isteach ar fheidhmiú na gcóras cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais aerloingseoireachta. |
1.3.6. |
Déanfar faisnéis faoi oibriú agus úsáid trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a chur ar fáil don fhoireann ábhartha, lena n-áireofar léirithe soiléire ar na dálaí ina bhféadfaí rioscaí do-ghlactha a chruthú maidir le sábháilteacht eitlíochta. |
1.4. Sonraí aeradróim
1.4.1. |
Déanfar sonraí atá ábhartha maidir leis an aeradróm agus leis na seirbhísí atá ar fáil a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta. |
1.4.2. |
Beidh na sonraí sin cruinn, inléite, iomlán agus gan athbhrí. Déanfar an bharántúlacht agus leibhéil iomchuí sláine a choinneáil ar bun. |
1.4.3. |
Déanfar na sonraí a chur ar fáil do na húsáideoirí agus do na soláthraithe ábhartha SAL go tráthúil, agus úsáid á baint as modh cumarsáide atá slán agus gasta chuige sin. |
2. OIBRÍOCHTAÍ AGUS BAINISTIÚ
2.1. Freagrachtaí an oibreora aeradróim
Is é an t-oibreoir aeradróim atá freagrach as oibriú an aeradróim. Seo a leanas freagrachtaí an oibreora aeradróim:
beidh an acmhainn is gá ag an oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, chun oibriú sábháilte na n-aerárthaí ag an aeradróm a áirithiú. Ar na hacmhainní sin beidh áiseanna, pearsanra, trealamh agus ábhar, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist;
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a fhíorú go mbeidh ceanglais phointe 1 á gcomhlíonadh i gcónaí nó glacfaidh sé bearta iomchuí chun na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh a mhaolú. Déanfar nósanna imeachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm d'fhonn na húsáideoirí go léir a chur ar an eolas go luath maidir leis na bearta sin;
bunóidh an t-oibreoir aeradróim clár oiriúnach aeradróim maidir le bainistiú riosca ar fhiadhúlra agus cuirfidh sé an clár sin chun feidhme, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe;
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, go ndéanfar gluaiseacht feithiclí agus gluaiseacht daoine sa limistéar gluaiseachta agus i limistéir eile oibríochta a chomhordú le gluaiseacht aerárthaí d'fhonn imbhuailtí nó damáiste d'aerárthaí a sheachaint;
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbunófar nósanna imeachta, más iomchuí, chun go maolófar ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí aeradróim a dhéantar sa gheimhreadh, le linn drochaimsire, nuair a bhíonn laghdú ar léargas nó san oíche, agus go gcuirfear na nósanna imeachta sin chun feidhme;
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar ar bhonn leanúnach na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a bhaineann le haeradróim. Ar na heagraíochtaí sin beidh, inter alia, oibreoirí aerárthaí, soláthraithe seirbhísí ANS, soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh, soláthraithe AMS agus eagraíochtaí eile a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí nó a dtáirgí tionchar a bheith acu ar shábháilteacht aerárthaí;
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a fhíorú go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag eagraíochtaí atá bainteach le stóráil agus le dáileadh breosla/fuinnimh tiomána d'aerárthaí d'fhonn a áirithiú go bhfuil breosla/fuinnimh tiomána nach bhfuil éillithe agus atá ceart de réir na sonraíochta ar fáil d'aerárthaí;
cuirfear lámhleabhair maidir le hoibriú agus cothabháil trealaimh aeradróim ar fáil, cuirfear na lámhleabhair sin i bhfeidhm sa chleachtas agus clúdófar iontu treoracha cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta;
bunóidh an t-oibreoir aeradróim plean éigeandála don aeradróm, go díreach nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, lena gclúdófar cásanna éigeandála a d'fhéadfadh a bheith ann ag an aeradróm nó ina thimpeallacht, agus cuirfidh sé an plean sin chun feidhme. Déanfar an plean sin a chomhordú, más iomchuí, le plean éigeandála an phobail;
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, go soláthrófar seirbhísí tarrthála agus dóiteáin aeradróim leordhóthanacha. Déanfaidh na seirbhísí sin freagairt do theagmhas nó do thionóisc go pras agus cuimseoidh siad, ar a laghad, trealamh, oibreáin mhúchta dóiteáin agus líon dóthanach pearsanra;
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a fhostú i gcomhair oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí cothabhála, agus déanfaidh sé, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra ábhartha uile de bheith inniúil;
aon duine a gceadaítear rochtain gan tionlacan dó nó di ar limistéar gluaiseachta nó ar limistéir oibríochta eile, áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbeidh sé nó sí cuí-oilte agus cuícháilithe le haghaidh na rochtana sin;
beidh an pearsanra tarrthála comhraic dóiteáin cuí-oilte agus cuícháilithe chun oibriú i dtimpeallacht an aeradróim. Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim, go díreach nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra sin de bheith inniúil; agus
déanfaidh an pearsanra tarrthála agus comhraic dóiteáin go léir, a bhféadfadh sé go mba ghá dóibh gníomhú in éigeandálaí eitlíochta, a ndea-shláinte chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil a léiriú go tréimhsiúil, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn dea-shláinte, lena gcuimsítear dea-shláinte choirp agus mheabhrach, nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine seo den phearsanra a d'fhágfadh nach mbeadh sé in ann:
2.2. Córais bhainistíochta
2.2.1. |
Más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don oibreoir aeradróim córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach. |
2.2.2. |
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 2.2.1 d'fhonn cur leis an iarracht cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh na páirtithe atá liostaithe i bpointe 2.1(f) i gceist in anailísiú na faisnéise a éiríonn as an gcóras tuairiscithe tarluithe, más iomchuí. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. |
2.2.3. |
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim lámhleabhar a fhorbairt don aeradróm agus oibreoidh sé i gcomhréir leis an lámhleabhar sin. Beidh sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá don aeradróm, don chóras bainistíochta agus iad siúd is gá chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí agus cothabhála a gcuid dualgas a chomhlíonadh. |
3. TIMPEALLACHT AERADRÓIM
3.1.1. |
Déanfar an t-aerspás timpeall ar limistéir gluaiseachta aeradróim a chosaint ar chonstaicí ionas go bhféadfar na hoibríochtaí aerárthaí atá beartaithe a dhéanamh ag na haeradróim gan riosca do-ghlactha a chruthú mar thoradh ar chonstaicí a thiocfadh chun cinn mórthimpeall an aeradróim. Déanfar dromchlaí faireacháin constaicí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, dá bhrí sin, agus déanfar faireachán orthu go leanúnach chun aon chur isteach ar na dromchlaí sin a shainaithint. |
3.1.2. |
Beidh gá le measúnú chun a shuí an gcruthaíonn aon chur isteach a dhéantar ar na dromchlaí sin riosca do-ghlactha. Bainfear amach aon ní ar riosca do-ghlactha é nó déanfar gníomhaíocht mhaolaithe iomchuí chun na haerárthaí a úsáideann an t-aeradróm a chosaint. |
3.1.3. |
Déanfar aon cheann de na constaicí sin a bheidh fágtha ar an dromchla a chur in iúl i bhfoilseachán agus, de réir an riachtanais a bheidh leis, déanfar é a mharcáil agus, nuair is gá, déanfar infheicthe é trí bhíthin soilse. |
3.2. |
Déanfar faireachán ar ghuaiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine agus le húsáid talún, amhail na míreanna ar an liosta seo a leanas, cé nach liosta cuimsitheach é. Déanfar an riosca a chruthófar dá ndroim a mheasúnú agus a mhaolú más iomchuí:
(a)
aon fhorbairt ar úsáid talún nó aon athrú ar úsáid talún i limistéar an aeradróim;
(b)
aon suaiteacht a d'fhéadfadh teacht chun cinn i ngeall ar chonstaicí;
(c)
úsáid soilse guaiseacha, mearbhallacha agus míthreoracha;
(d)
dallraitheacht i ngeall ar dhromchlaí móra an-fhrithchaiteach;
(e)
cruthú limistéar a d'fhéadfadh gníomhaíochtaí fiadhúlra a spreagadh mórthimpeall limistéar gluaiseachta an aeradróim; nó
(f)
foinsí radaíochta dofheicthe nó nithe gluaiseachta nó nithe seasta a d'fhéadfadh cur isteach ar fheidhmíocht na gcóras cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais aerloingseoireachta, nó a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar an bhfeidhmíocht sin. |
3.3. |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean éigeandála le haghaidh staideanna éigeandála eitlíochta a tharlaíonn i limistéar áitiúil an aeradróim. |
4. SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH
4.1. Freagrachtaí an tsoláthraí seirbhísí láimhseála ar an talamh
Tá an soláthraí seirbhíse láimhseála ar an talamh freagrach as oibriú sábháilte a chuid gníomhaíochtaí ag an aeradróm. Seo a leanas freagrachtaí an tsoláthraí:
beidh na hacmhainní uile is gá ag an soláthraí chun soláthar sábháilte na seirbhíse ag an aeradróm a áirithiú. Áirítear ar na hacmhainní sin áiseanna, pearsanra, trealamh agus ábhar, gan a bheith teoranta dóibh;
comhlíonfaidh an soláthraí na nósanna imeachta atá sa lámhleabhar aeradróim, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le gluaiseacht a chuid feithiclí, trealamh agus pearsanra agus an riosca a bhaineann le hoibríochtaí aeradróim a dhéantar sa gheimhreadh, istoíche agus i ndrochaimsir;
cuirfidh an soláthraí na seirbhísí láimhseála ar an talamh ar fáil i gcomhréir le nósanna imeachta agus treoracha an oibreora aerárthaigh ar a bhfreastalaíonn sé;
áiritheoidh an soláthraí go mbeidh lámhleabhair maidir le hoibriú agus cothabháil trealaimh láimhseála ar an talamh ar fáil, go gcuirfear na lámhleabhair sin i bhfeidhm sa chleachtas agus go gclúdófar iontu treoracha oibriúcháin, cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta;
déanfaidh an soláthraí pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a fhostú agus déanfaidh sé cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra ábhartha uile de bheith inniúil;
áiritheoidh an soláthraí go mbeidh a phearsanra corpacmhainneach agus meabhairacmhainneach chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil, agus an cineál gníomhaíochta agus go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an ngníomhaíocht ar an tsábháilteacht, agus ar an tslándáil ó thaobh na sábháilteachta de, á gcur san áireamh.
4.2. Córais bhainistíochta
4.2.1. |
De réir mar a bheidh iomchuí don chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach. Déanfar na córais sin a chomhordú le córas bainistíochta an oibreora aeradróim. |
4.2.2. |
Déanfaidh an soláthraí córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 4.2.1 d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Gan dochar d'oibleagáidí eile maidir le tuairisciú, tarchuirfidh an soláthraí gach tarlú chuig córas tuairiscithe an oibreora aeradróim, oibreoir an aerárthaigh agus, más ábhartha, chuig córas tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. |
4.2.3. |
Déanfaidh an soláthraí lámhleabhar a fhorbairt don tseirbhís láimhseála ar an talamh agus oibreoidh sé i gcomhréir leis an lámhleabhar sin. Beidh sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá don tseirbhís, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir do phearsanra na seirbhíse a gcuid dualgas a chomhlíonadh. |
5. SEIRBHÍSÍ BAINISTÍOCHTA NAPRÚIN (AMS)
5.1. |
Cuirfidh an soláthraí AMS a chuid seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta a áirítear i lámhleabhar an aeradróim. |
5.2. |
De réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, déanfaidh an soláthraí AMS córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear bainistíocht sábháilteachta, le háirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. |
5.3. |
Déanfaidh an soláthraí AMS socruithe foirmiúla a bhunú le hoibreoir an aeradróim agus le soláthraí na seirbhísí aerthráchta lena gcuirfear síos ar raon feidhme na seirbhísí a chuirfear ar fáil. |
5.4. |
Déanfaidh an soláthraí AMS córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 5.2 d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir leis an leibhéal sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Tarchuirfidh an soláthraí gach tarlú chuig córas tuairiscithe an oibreora aeradróim, agus, más ábhartha, chuig córas tuairiscithe soláthraí na seirbhísí aerthráchta. |
5.5. |
Glacfaidh an soláthraí AMS páirt sna cláir sábháilteachta a bhunóidh an t-oibreoir aeradróim. |
6. EILE
Gan dochar d'fhreagrachtaí an oibreora aerárthaigh, déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a áirithiú maidir le haerárthaí nach bhfuil dearadh agus nósanna imeachta oibríochta an aeradróim sin beartaithe dóibh de ghnáth, nach mbainfidh siad úsáid as an aeradróm ná as codanna den aeradróm, ach amháin i gcásanna éigeandála aerárthaigh, nuair a chuirtear aerárthach ar mhalairt slí chuig aeradróm eile, nó faoi dhálaí eile a bheidh sonraithe i ngach cás ar leith.
IARSCRÍBHINN VIII
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le BAT/SAL agus rialtóirí aerthráchta
1. ÚSÁID AN AERSPÁIS
1.1. |
Déanfar gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a), le linn gach céime den eitilt nó le linn dóibh a bheith ar limistéar gluaiseachta aeradróim, a oibriú i gcomhréir le comhrialacha ginearálta oibriúcháin agus i gcomhréir le haon nós imeachta infheidhme a bheidh sonraithe maidir le húsáid an aerspáis. |
1.2. |
Beidh gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a), feistithe leis na comhdhamhnaí is gá agus oibreofar dá réir iad. Comhlíonfaidh na comhdhamhnaí a úsáidtear i gcóras BAT/SAL na ceanglais i bpointe 3 freisin. |
2. SEIRBHÍSÍ
2.1. Faisnéis aerloingseoireachta agus sonraí d'úsáideoirí aerspáis chun críocha aerloingseoireachta
2.1.1. |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise aerloingseoireachta ar cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta agus soláthrófar iad go luath. |
2.1.2. |
Beidh an fhaisnéis aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, gan athbhrí, tiocfaidh sí ó fhoinse dhlisteanach, agus beidh sí slán a dóthain, agus beidh sí i bhformáid a bheidh oiriúnach d'úsáideoirí freisin. |
2.1.3. |
Déanfar an fhaisnéis aerloingseoireachta sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis go luath agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, ar modh é a bheidh cosanta ar chur isteach agus ar éilliú. |
2.2. Faisnéis mheitéareolaíochta
2.2.1. |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise meitéareolaíochta aerloingseoireachta ar cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta. |
2.2.2. |
A mhéid is féidir, beidh an fhaisnéis mheitéareolaíochta aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, beidh sí slán a dóthain agus gan athbhrí d'fhonn riachtanais úsáideoirí an aerspáis a chomhlíonadh. Beidh an fhaisnéis mheitéareolaíochta aerloingseoire ó fhoinse dhlisteanach. |
2.2.3. |
Déanfar an fhaisnéis mhéitéareolaíochta aerloingseoireachta sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis go luath agus bainfear úsáid as modh cumarsáide iontaofa agus gasta a dhóthain a bheidh cosanta ar chur isteach agus ar éilliú. |
2.3. Seirbhísí aerthráchta
2.3.1. |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse chun seirbhísí aerthráchta a sholáthar ceart, iomlán agus cothrom le dáta. |
2.3.2. |
Beidh na seirbhísí aerthráchta a chuirfear ar fáil cruinn, iomlán, cothrom le dáta agus gan athbhrí oiread is a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh siad riachtanais sábháilteachta na n-úsáideoirí. |
2.3.3. |
Déanfar uirlisí uathoibrithe a thugann faisnéis nó comhairle d'úsáideoirí a dhearadh, a tháirgeadh agus a chothabháil go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo. |
2.3.4. |
Forálfaidh seirbhísí rialaithe aerthráchta agus próisis ghaolmhara go mbeidh spás leormhaith idir aerárthaí agus, i limistéar ainlithe eitilte an aeradróim, coiscfidh siad imbhuailtí idir aerárthaí agus baic agus, más iomchuí, cabhróidh siad lena gcosaint ar ghuaiseacha aeriompartha eile agus áiritheoidh siad go ndéanfar comhordú pras agus luath i gcomhar leis na húsáideoirí ábhartha go léir agus leis na méideanna aerspáis cóngaracha go léir. |
2.3.5. |
An chumarsáid idir na seirbhísí aerthráchta agus aerárthaí agus idir na haonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta, beidh sí luath, soiléir, ceart agus gan athbhrí agus beidh sí cosanta ar chur isteach agus beidh sí sothuigthe gan dua agus, más infheidhme, aitheanta ag na gníomhairí go léir lena mbaineann. |
2.3.6. |
Beidh modhanna i bhfeidhm chun cásanna éigeandála a d'fhéadfadh bheith ann a bhrath agus, más iomchuí, chun gníomhaíocht chuardaigh agus tarrthála éifeachtach a chur ar bun. Cuimseoidh na modhanna sin, ar a laghad, meicníochtaí iomchuí rabhaidh, bearta agus nósanna imeachta comhordúcháin, modhanna agus pearsanra chun an réimse freagrachta a chuimsiú go héifeachtúil. |
2.4. Seirbhísí cumarsáide
Déanfaidh na seirbhísí cumarsáide feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun chomh fada agus a bhaineann lena n-infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena luas. Beidh siad gasta agus déanfar iad a chosaint ar éilliú agus ar chur isteach.
2.5. Seirbhísí aerloingseoireachta
Déanfaidh an tseirbhís aerloingseoireachta leibhéal leordhóthanach feidhmíochta a bhaint amach agus a choinneáil ar bun maidir le treoir, aimsiú suímh agus faisnéis uainiúcháin, nuair atá an fhaisnéis sin ar fáil. Áirítear ar na critéir feidhmíochta beachtas, sláine, dlisteanacht na foinse, infhaighteacht agus leanúnachas na seirbhíse.
2.6. Seirbhísí faireachais
Déanfaidh na seirbhísí faireachais amach cá bhfuil suímh na n-aerárthaí faoi seach atá san aer, mar aon le suímh aerárthaí eile agus feithiclí talún ar dhromchla an aeradróim, agus déanfaidh siad an méid sin ar leibhéal feidhmíochta leordhóthanach chomh fada agus a bhaineann le beachtas, sláine, dlisteanacht na foinse, leanúnachas agus dóchúlacht brathadóireachta na suíomh sin.
2.7. Bainistiú na sreibhe aerthráchta
Úsáidfidh agus soláthróidh an bainistiú oirbheartaíochta ar shreabha aerthráchta ar leibhéal an Aontais faisnéis atá beacht a dóthain agus cothrom le dáta faoi mhéid agus faoi chineál an aerthráchta bheartaithe a dhéanfaidh difear do sholáthar seirbhísí agus déanfaidh sé comhordú agus caibidlíocht ar athródú nó moilliú na sreabh aerthráchta d'fhonn an riosca go dtarlódh ró-ualú san aer nó sna haeradróim a laghdú. Déanfar bainistiú sreibhe d'fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil ó thaobh úsáid aerspáis de agus feabhas a chur ar phróisis bhainistíochta an tsreafa aerthráchta. Beidh sé bunaithe ar shábháilteacht, ar thrédhearcacht agus ar éifeachtúlacht, rud a áiritheoidh go gcuirfear an acmhainn ar fáil ar mhodh solúbtha luath atá comhsheasmhach leis an bPlean Eorpach Aerloingseoireachta.
Tacóidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 43, maidir le bainistiú na sreibhe aerthráchta, le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta, oibreoirí aeradróim agus úsáideoirí aerspáis agus clúdóidh siad na réimsí seo a leanas:
pleanáil eitiltí;
úsáid na hacmhainneachta aerspáis atá ar fáil le linn gach céim den eitilt, lena n-áirítear sliotáin a shannadh;
úsáid a bhaint as ródúcháin i ngnáth-aerthrácht, lena n-áirítear:
an chomhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus an comhordú is gá le réigiúin chomharsanacha, más iomchuí.
2.8. Bainistiú an aerspáis
Maidir le méideanna sonracha aerspáis a ainmniú chun críocha úsáide áirithe, déanfar faireachán ar an ainmniú sin agus déanfar é a chomhordú agus a fhógairt go luath i dtreo is go laghdófar an riosca go gcaillfear aon spás scoite idir aerárthaí i ngach uile chúinse. Agus eagrú gníomhaíochtaí míleata agus gnéithe gaolmhara faoi fhreagracht na mBallstát á chur san áireamh, tacóidh bainistiú an aerspáis freisin le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás, i gcomhréir leis an gcur síos air a rinne an ICAO agus arna cur chun feidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, d'fhonn bainistiú an aerspáis agus bainistiú aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair.
2.9. Dearadh an nós imeachta eitiltí
Déanfar nósanna imeachta eitiltí a dhearadh go hiomchuí agus déanfar suirbhéireacht go hiomchuí orthu agus déanfar iad a bhailíochtú go hiomchuí sula bhféadfar iad a imlonnú agus sula bhféadfaidh aerárthaí iad a úsáid.
3. CÓRAIS AGUS COMHDHAMHNAÍ
3.1. Ginearálta
Maidir leis na córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a sholáthraíonn faisnéis ghaolmhar don aerárthach agus ón aerárthach agus ar an talamh, beidh siad deartha, táirgthe, suiteáilte, cothabháilte, cosanta i gcoinne cur isteach neamhúdaraithe agus oibrithe go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh.
Áireofar ar na córais agus ar na nósanna imeachta go háirithe na cinn sin a bhfuil gá leo chun tacú leis na feidhmeanna agus leis na seirbhísí seo a leanas:
bainistiú an aerspáis;
bainistiú na sreibhe aerthráchta;
seirbhísí aerthráchta, go háirithe córais um próiseáil sonraí eitilte, córais um próiseáil sonraí faireachais agus córais um chomhéadan idir duine agus meaisín;
córais chumarsáide lena n-áirítear cumarsáid talamh go talamh/spás, cumarsáid aer go talamh agus cumarsáid aer go haer/spás;
loingseoireacht;
faireachas;
seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta; agus
seirbhísí meitéareolaíocha.
3.2. Sláine, feidhmíocht agus iontaofacht na gcóras agus na gcomhdhamhnaí
Maidir le sláine na gcóras agus na gcomhdhamhnaí agus maidir lena bhfeidhmíocht ó thaobh na sábháilteachta de, cibé acu ar aerárthach, ar an talamh nó sa spás é, beidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh. Déanfaidh siad an leibhéal feidhmíochta oibríochta is gá maidir lena ndálaí intuartha oibríochtúla go léir agus maidir lena saolré oibríochtúil iomlán a chomhlíonadh.
Déanfar córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú, agus úsáid á baint chuige sin as na nósanna imeachta iomchuí bailíochtaithe, ar bhealach a áiritheoidh oibriú comhleanúnach an Ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (EATMN) i gcónaí agus ag gach céim den eitilt. Is féidir oibriú comhleanúnach a léiriú, go háirithe, le faisnéis a chomhroinnt, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha faoin stádas oibríochta, tuiscint chomhchoiteann ar fhaisnéis, feidhmíochtaí próiseála atá inchurtha le chéile agus na nósanna imeachta a ghabhann leo a dhéanann feidhmíochtaí comhchoiteanna oibriúcháin a chumasú don EATMN iomlán nó do chodanna de.
Tacóidh EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, ar bhonn comhordaithe, le coincheapa nua oibríochtúla a comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, coincheapa lena bhfeabhsófar caighdeán, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí aerloingseoireachta, ó thaobh sábháilteachta agus toilleadh de go háirithe.
Tacóidh EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, le comhordú sibhialta/míleata a chur chun feidhme de réir a chéile, a mhéad is gá ar mhaithe le bainistiú éifeachtach aerspáis agus sreibhe aerthráchta, agus le go mbainfidh gach úsáideoir úsáid shábháilte éifeachtúil as an aerspás, trí chur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tacóidh EATMN, a chórais agus na comhdhamhnaí a ghabhann leo le faisnéis cheart chomhsheasmhach a chumhdóidh gach céim eitilte a chomhroinnt go luath idir páirtithe sibhialta agus míleata, gan dochar do leasanna beartais slándála nó cosanta, lena n-áirítear ceanglais maidir le rúndacht.
3.3. Córais agus comhdhamhnaí a dhearadh
3.3.1. |
Déanfar córais agus comhdhamhnaí a dhearadh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sábháilteachta agus slándála is infheidhme. |
3.3.2. |
Maidir le córais agus le comhdhamhnaí, arna mbreithniú i dteannta a chéile, ar leithligh agus ag féachaint don ghaol atá eatarthu, déanfar iad a dhearadh sa chaoi go mbeidh gaol inbhéartach ann idir an dóchúlacht gur cliseadh ar an gcóras iomlán a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar aon chliseadh agus déine a éifeachta ar shábháilteacht na seirbhísí. |
3.3.3. |
Déanfar na srianta a bhaineann le hinniúlachtaí agus feidhmíocht an duine a chur san áireamh agus na córais agus na comhdhamhnaí, arna mbreithniú ar leithligh agus i gcomhcheangal lena chéile, á ndearadh. |
3.3.4. |
Déanfar na córais agus na comhdhamhnaí a dhearadh sa chruth go gcosnófar iad, agus na sonraí a sheoltar leo, ó idirghníomhaíochtaí dochracha le gnéithe seachtracha agus inmheánacha. |
3.3.5. |
Déanfar faisnéis atá riachtanach chun na córais agus na comhpháirteanna a tháirgeadh, a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil, mar aon le faisnéis maidir le coinníollacha neamhshábháilte, a chur ar fáil do phearsanra ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus gan athbhrí. |
3.4. Leibhéal leanúnach seirbhíse
Déanfar leibhéil sábháilteachta na gcóras agus na gcomhdhamhnaí a choinneáil ar bun le linn seirbhíse agus tráth a dhéantar aon mhodhnuithe ar an tseirbhís.
4. CÁILÍOCHTAÍ RIALTÓIRÍ AERTHRÁCHTA
4.1. Ginearálta
Beidh duine a bhfuil oiliúint á cur air mar rialtóir aerthráchta nó mar ábhar rialtóra aerthráchta chomh haibí sin ó thaobh oideachais, coirp agus meabhrach de chun go mbeidh sé in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choinneáil ar bun agus a léiriú.
4.2. Eolas teoiriciúil
4.2.1. |
Déanfaidh rialtóir aerthráchta leibhéal eolais a shealbhú agus a choinneáil ar bun, ar leibhéal eolais é a oirfidh do na feidhmeanna a dhéanfar agus a bheidh i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse. |
4.2.2. |
Léireofar go bhfuil eolas teoiriciúil á shealbhú agus á choinneáil ar bun trí mheasúnú leanúnach le linn na hoiliúna, nó trí scrúduithe iomchuí. |
4.2.3. |
Déanfar leibhéal iomchuí eolais theoiriciúil a choinneáil ar bun. Léireofar go bhfuil comhlíonadh á dhéanamh trí mheasúnuithe rialta nó trí scrúduithe rialta. Beidh rialtacht na scrúduithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse i dtrácht. |
4.3. Scil phraiticiúil
4.3.1. |
Gheobhaidh rialtóir aerthráchta na scileanna praiticiúla is iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chur i gcrích agus déanfaidh sé nó sí iad a choinneáil ar bun. Beidh na scileanna sin i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus déanfaidh siad, más iomchuí i gcás na bhfeidhmeanna a fheidhmeofar, an méid seo a leanas a chumhdach:
(a)
nósanna imeachta oibríochta;
(b)
sainghnéithe a bhaineann leis an gcúram;
(c)
cásanna neamhghnácha agus cásanna éigeandála; agus
(d)
tosca a bhaineann leis an duine. |
4.3.2. |
Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé ar a chumas na nósanna imeachta agus na cúraimí gaolmhara a chur i gcrích de réir leibhéal inniúlachta is iomchuí de réir na bhfeidhmeanna a chuirfear i gcrích. |
4.3.3. |
Déanfar leibhéal sásúil inniúlachta i scil phraiticiúil a choinneáil ar bun. Fíorófar go bhfuil comhlíonadh á dhéanamh trí mheasúnuithe rialta. Beidh minicíocht na measúnuithe sin comhréireach leis an gcastacht agus leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus leis na cúraimí a dhéanfar. |
4.4. Inniúlacht teanga
4.4.1. |
Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé de chumas aige nó aici Béarla a labhairt agus a thuiscint oiread agus a ligfidh dó nó di cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i gcásanna guthchumarsáide amháin (guthán/raidió-theileafón) agus i gcásanna cumarsáide “aghaidh ar aghaidh” i dtaobh ábhair nithiúla agus ábhair a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear cásanna éigeandála. |
4.4.2. |
I gcás ina bhfuil gá leis chun seirbhísí aerthráchta (ATS) a sholáthar i méid sainithe aerspáis, beidh ar chumas rialtóra aerthráchta an teanga náisiúnta nó na teangacha náisiúnta a labhairt agus a thuiscint go dtí an leibhéal a bhfuil tuairisc tugtha thuas air. |
4.5. Feistí sintéiseacha oiliúna (STD)
Nuair a bhaintear úsáid as STD chun oiliúint phraiticiúil a thabhairt san fheasacht ar dhálaí éagsúla agus i dtosca an duine nó chun a léiriú go bhfuil scileanna faighte nó coinnithe ar bun, beidh leibhéal feidhmíochta ag an bhfearas sin lena bhféadfar ionsamhlú leordhóthanach a dhéanamh ar an timpeallacht oibre agus ar na dálaí oibríochtúla atá oiriúnach don oiliúint atá á soláthar.
4.6. Cúrsa oiliúna
4.6.1. |
Tabharfar an oiliúint i bhfoirm cúrsa oiliúna, ina bhféadfar teagasc teoiriciúil agus teagasc praiticiúil a chuimsiú, lena n-áirítear oiliúint ar STD, más infheidhme. |
4.6.2. |
Déanfar cúrsa a shainiú agus a fhormheas i gcomhair gach cineáil oiliúna. |
4.7. Teagascóirí
4.7.1. |
Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc teoiriciúil. Maidir leis na teagascóirí seo:
(a)
beidh eolas iomchuí acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc; agus
(b)
beidh sé léirithe acu go bhfuil sé ar a gcumas modhanna teagaisc iomchuí a úsáid. |
4.7.2. |
Teagascóirí cuícháilithe, a mbeidh na cáilíochtaí seo a leanas acu, a dhéanfaidh na scileanna praiticiúla a theagasc:
(a)
comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí maidir le heolas teoiriciúil agus maidir le taithí de réir mar a oireann don teagasc atá á thabhairt;
(b)
beidh sé léirithe acu go bhfuil ar a gcumas teagasc a dhéanamh agus modhanna teagaisc iomchuí a úsáid;
(c)
beidh taithí acu ar theicnící teagaisc a bhaineann leis na nósanna imeachta sin ina mbeartaítear teagasc a chur ar fáil; agus
(d)
cuirfear oiliúint athnuachana rialta orthu chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta. |
4.7.3. |
Beidh teagascóirí scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta freisin, nó beidh sé amhlaidh go raibh siad i dteideal gníomhú mar sin tráth. |
4.8. Measúnóirí
4.8.1. |
Maidir leis na daoine a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na rialtóirí aerthráchta:
(a)
beidh sé léirithe acu go bhfuil siad ábalta feidhmíocht na rialtóirí aerthráchta a mheasúnú, agus scrúduithe agus seiceálacha a dhéanamh orthu; agus
(b)
cuirfear oiliúint athnuachana rialta orthu chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta. |
4.8.2. |
Beidh measúnóirí ar scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta sna réimsí sin ina bhfuil an measúnú le déanamh, nó beidh sé amhlaidh go raibh siad i dteideal gníomhú mar sin tráth. |
4.9. Dea-shláinte rialtóra aerthráchta
4.9.1. |
Beidh ar gach rialtóir aerthráchta a léiriú go tráthrialta go bhfuil siad folláin a ndóthain chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil. Déanfar comhlíonadh a léiriú trí mheasúnú iomchuí trína gcuirfear an meath meabhrach agus fisiceach a d'fhéadfadh bheith ann de dheasca aoise san áireamh. |
4.9.2. |
Maidir le dea-shláinte a léiriú, lena gcuimsítear sláinte choirp agus mheabhrach, áireofar gur léiríodh nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine a sholáthraíonn seirbhís rialaithe aerthráchta (ATC), a d'fhágfadh nach mbeadh sé in ann:
(a)
na cúraimí is gá chun seirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar a dhéanamh go hiomchuí,
(b)
na dualgais a shannfar dó a fheidhmiú tráth ar bith, nó
(c)
a timpeallacht nó a thimpeallacht a bhrath i gceart. |
4.9.3. |
I gcás nach féidir dea-shláinte a léiriú go hiomlán, féadfar bearta maolaithe a chur i bhfeidhm lena gcuirfear sábháilteacht choibhéiseach ar fáil. |
5. SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ AGUS EAGRAÍOCHTAÍ OILIÚNA
5.1. |
Ní rachfar i mbun seirbhísí a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na seirbhíse ag an soláthraí seirbhíse, cibé acu go díreach é nó de thoradh comhaontuithe le tríú páirtithe. Áireofar ar an acmhainn sin córais, áiseanna, lena n-áirítear soláthar cumhachta, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh agus cothabháil an trealaimh, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
déanfaidh an soláthraí seirbhíse lámhleabhair bhainistíochta agus lámhleabhair oibríochta a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta chomh fada is a bhaineann le soláthar a chuid seirbhísí agus beidh air oibriú de réir na lámhleabhar sin. Beidh sna lámhleabhair sin na treoracha uile, an fhaisnéis uile agus na nósanna imeachta uile is gá do na hoibríochtaí, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí a gcuid dualgas a chomhlíonadh;
(c)
más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí seirbhíse córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;
(d)
is pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a úsáidfidh an soláthraí seirbhíse agus déanfaidh siad cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun don phearsanra;
(e)
déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirphléití foirmiúla a bhunú leis na geallsealbhóirí go léir a d'fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar shábháilteacht a gcuid seirbhísí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo;
(f)
déanfaidh an soláthraí seirbhíse plean teagmhasach, ina gcuimseofar cásanna éigeandála agus dálaí neamhghnácha a d'fhéadfadh titim amach maidir lena sheirbhísí, a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás teagmhais ar dá mbarr a dhíghrádaítear nó a chuirtear isteach ar a chuid oibríochtaí;
(g)
déanfaidh an soláthraí seirbhíse córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (c) d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir leis an leibhéal sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais; agus
(h)
déanfaidh an soláthraí seirbhíse socruithe chun a fhíorú ag tráth ar bith go bhfuil ceanglais feidhmíochta sábháilteachta aon chórais agus aon chomhdhamhna a oibríonn sé á gcomhlíonadh. |
5.2. |
Ní rachfar i mbun seirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déanfar bainistiú trí bhíthin córas uainchláir ar chosc tuirse an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC. Ní mór an córas uainchláir sin a dhéileáil le tréimhsí dualgais, am dualgais agus tréimhsí scíthe oiriúnaithe. Maidir leis na srianta a bhunaítear laistigh den chóras uainchláir, tabharfar lánaird ar na tosca ábhartha a chuireann le tuirse amhail, go háirithe, easpa codlata, cur isteach ar rithim laethúil na colainne, uaireanta oíche, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí ama áirithe chomh maith le cúraimí leithdháilte a roinntear ar an bpearsanra;
(b)
déanfar bainistiú ar chosc struis an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC trí bhíthin cláir oideachais agus cláir um strus a chosc;
(c)
beidh nósanna imeachta curtha ar bun ag soláthraí seirbhíse rialaithe aerthráchta chun a fhíorú nach lagaítear breithiúnas cognaíoch an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhísí rialaithe aerthráchta nó nach bhfuil siad easpach ó thaobh dea-shláinte de; agus
(d)
Maidir lena chuid pleanála agus oibríochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse rialaithe aerthráchta srianta oibríochtúla agus teicniúla, mar aon le prionsabail a bhaineann le tosca an duine, a chur san áireamh. |
5.3. |
Ní rachfar i mbun seirbhís chumarsáide, loingseoireachta agus/nó faireachais a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar an coinníoll seo a leanas: Déanfaidh an soláthraí seirbhíse úsáideoirí ábhartha an aerspáis agus na haonaid ATS a choinneáil ar an eolas ar bhonn tráthúil maidir le stádas oibríochta a sheirbhísí (agus maidir le haon athruithe ar an stádas sin) arna soláthar chun críocha ATS. |
5.4. |
Eagraíochtaí oiliúna Déanfaidh eagraíocht oiliúna a chuireann oiliúint ar phearsanra a sholáthraíonn seirbhís ATC na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór gach acmhainn is gá a bheith acu maidir le raon na bhfreagrachtaí sin a bhaineann lena ngníomhaíocht. Áirítear ar na hacmhainní sin áiseanna, pearsanra, trealamh, modheolaíocht, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
más iomchuí don oiliúint a chuirfear ar fáil agus do mhéid na heagraíochta féin, déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le meath ar chaighdeán na hoiliúna, agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach; agus
(c)
socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile a bhunú, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach. |
6. SCRÚDAITHEOIRÍ AERLEIGHIS AGUS IONAID AERLEIGHIS
6.1. Scrúdaitheoirí aerleighis
Maidir le scrúdaitheoirí aerleighis:
ní mór dóibh a bheith cáilithe agus ceadúnaithe i gcleachtadh leighis;
ní mór oiliúint a bheith orthu sa leigheas eitlíochta chomh maith le hoiliúint athnuachana rialta sa leigheas eitlíochta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar ardchaighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta; agus
ní mór eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil a bheith acu maidir le na dálaí faoina gcuireann rialtóirí aerthráchta a gcuid dualgas i gcrích.
6.2. Ionaid aerleighis
Ní mór d'ionaid aerleighis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
ní mór gach acmhainn a bheith acu is gá le haghaidh raon na bhfreagrachtaí sin a ghabhann lena bpribhléidí. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
más iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach; agus
bunóidh siad socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach.
IARSCRÍBHINN IX
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haerárthaí gan foireann
1. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA MAIDIR LE DEARADH, TÁIRGEADH, COTHABHÁIL AGUS OIBRIÚ AERÁRTHAÍ GAN FOIREANN
1.1. |
Ní mór d'oibreoir agus do chianphíolóta aerárthaigh gan foireann a bheith ar an eolas faoi na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais agus faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme a bhaineann leis na hoibríochtaí atá beartaithe, go háirithe chomh fada is a bhaineann na rialacha sin le sábháilteacht, príobháideachas, cosaint sonraí, dliteanas, árachas, slándáil agus caomhnú an chomhshaoil. Ní mór d'oibreoir agus do chianphíolóta aerárthaigh gan foireann a bheith in ann sábháilteacht na hoibríochta a áirithiú agus ní mór dó a bheith ábalta a áirithiú freisin go mbeidh spás imleor le haghaidh sábháilteachta idir an t-aerárthach gan foireann agus daoine ar an talamh agus úsáideoirí eile an aerspáis. Áirítear leis sin eolas maith a bheith acu ar na treoracha oibriúcháin arna gcur ar fáil ag an táirgeoir, ar aerárthaí gan foireann a úsáid san aerspás ar bhealach sábháilte agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus eolas maith acu ar fheidhmiúlachtaí ábhartha uile an aerárthaigh gan foireann, ar na rialacha aeir is infheidhme agus ar nósanna imeachta BAT/SAL. |
1.2. |
Ní mór aerárthach gan foireann a dhearadh agus a thógáil sa dóigh go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm a bheartaítear dó, agus sa dóigh gur féidir é a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan daoine a chur i mbaol. |
1.3. |
Más gá rioscaí a mhaolú i dtaca le sábháilteacht, príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, slándáil agus an comhshaol, ar rioscaí iad a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, ní mór na sainghnéithe comhfhreagracha agus na sainfheidhmiúlachtaí comhfhreagracha a bheith ag roinnt le haerárthach gan foireann lena gcuirtear san áireamh prionsabal an príobháideachais agus prionsabal na cosanta sonraí pearsanta d'aon ghnó agus mar ghnáthchuid den chóras. De réir mar a bheidh gá leis, ní mór a áirithiú trí bhíthin na ngnéithe agus na bhfeidhmiúlachtaí sin gur féidir an t-aerárthach, agus cineál agus cuspóir na hoibríochta, a shainaithint go héasca; agus ní mór a áirithiú dá mbíthin go mbeidh na teorainneacha, na toirmisc nó na dálaí is infheidhme á gcomhlíonadh, go háirithe maidir le hoibriú an aerárthaigh i gcriosanna geografacha faoi leith, thar achair áirithe ón oibreoir agus ag airdí faoi leith. |
1.4. |
Ní mór don eagraíocht atá freagrach as dearadh nó as margú na n-aerárthaí gan foireann eolas a chur ar fáil d'oibreoir aerárthaigh gan foireann agus, más iomchuí, don eagraíocht chothabhála maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí ar dearadh an t-aerárthach gan foireann ina comhair maille leis na srianta a bhaineann leis agus aon eolas is gá chun an t-aerárthach a oibriú go sábháilte, lena n-áirítear feidhmiú oibríochtúil agus comhshaoil, treoracha i leith aeracmhainneachta agus nósanna imeachta éigeandála. Cuirfear an t-eolas sin ar fáil ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus gan athbhrí. Maidir le haerárthaí gan foireann ar féidir iad a úsáid in oibríochtaí nach gá deimhniú nó dearbhú ina leith, ní mór an deis a bheith ann srianta a thabhairt isteach maidir lena n-acmhainní oibríochtúla a chomhlíonfaidh na rialacha aerspáis is infheidhme maidir le hoibríochtaí den sórt sin. |
2. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA BHREISE MAIDIR LE DEARADH, TÁIRGEADH, COTHABHÁIL AGUS OIBRIÚ AERARTHAÍ GAN FOIREANN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 56(1) AGUS (5)
Agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 á gcur san áireamh, ní foláir na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh chun sábháilteacht a áirithiú do dhaoine ar an talamh agus d'úsáideoirí eile an aerspáis le linn don aerárthach gan foireann a bheith á oibriú, agus leibhéal riosca na hoibríochta á chur san áireamh, más gá:
2.1. Aeracmhainneacht
2.1.1. |
Ní mór aerárthach gan foireann a dhearadh, nó ní mór gnéithe nó mionsonraí a bheith ann, ar bhealach gur féidir sábháilteacht an duine a bhfuil an t-aerárthach gan foireann á oibriú aige nó sábháilteacht tríú páirtithe san aer nó ar an talamh, lena n-áirítear réadmhaoin, a léiriú go sásúil. |
2.1.2. |
Maidir leis an tsláine táirge a bhaineann le haerárthaí gan foireann ní mór í a bheith comhréireach leis an riosca a ghabhann leis na dálaí eitilte intuartha uile. |
2.1.3. |
Ní mór an t-aerárthach gan foireann a bheith inrialaithe agus so-innealta go sábháilte, de réir mar a bheidh gá leis faoi na dálaí intuartha oibríochtúla go léir lena n-áirítear i ndiaidh do cheann amháin de na córais, nó, más iomchuí, do níos mó ná ceann amháin de na córais, cliseadh. Ní mór dálaí a bhfuil gné dhaonna ag baint leo a chur san áireamh go hiomchuí, go háirithe i dtaca leis an eolas atá ar fáil faoi chúinsí a chuidíonn le daoine an teicneolaíocht lena mbaineann a oibriú go sábháilte. |
2.1.4. |
Maidir le haerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, lena liáin, lena bpáirteanna agus lena dtrealamh neamhshuiteáilte, agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, ní mór iad a bheith in ann feidhmiú mar atá beartaithe faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, le linn na hoibríochta ar dearadh na haerarthaí sin ina comhair, agus lasmuigh di, ar bhealach leordhóthanach. |
2.1.5. |
Maidir le haerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, lena liáin, lena bpáirteanna agus lena dtrealamh neamhshuiteáilte, agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, arna meas iontu féin agus ó thaobh an ghaoil atá eatarthu, ní mór iad a dhearadh sa dóigh go laghdófaí a dhóchúla atá sé go dtarlódh dála cliste agus déine na héifeachta a d'fhéadfadh a bheith aige ar dhaoine ar an talamh agus ar úsáideoirí eile an aerspáis, ar bhonn na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 4(2). |
2.1.6. |
Aon trealamh arb é is feidhm dó aerárthaí gan foireann a oibriú go cianda agus a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, ní mór é a bheith socraithe chun oibríochtaí eitilte a éascú, lena n-áirítear feasacht staide a chur ar fáil, agus chun aon staid nó aon éigeandálaí a bhfuiltear ag súil leo a bhainistiú. |
2.1.7. |
I gcás eagraíochtaí atá bainteach le dearadh aerárthaí gan foireann, le dearadh inneall agus le dearadh lián, ní mór dóibh réamhchúraimí, ar léir ón taithí a fuarthas orthu go dtí seo go mbíonn tionchar dearfach acu ar an leibhéal sábháilteachta, a ghlacadh d'fhonn guaiseacha a eascróidh as dálaí seachtracha agus inmheánacha a bhaineann le haerárthaí gan foireann agus lena gcórais a laghdú. Áirítear leis sin an t-aerárthach gan foireann a chosaint ar chur isteach trí mheán leictreonach. |
2.1.8. |
Ní mór d'airíonna leordhóthanacha inatáirgthe agus feidhmiú leordhóthanach inatáirgthe, atá i gcomhréir leis na hairíonna deartha, a theacht as na próisis, na hábhair agus na comhpháirteanna lena monaraítear an t-aerárthach gan foireann. |
2.2. Eagraíochtaí
Ní mór d'eagraíochtaí atá bainteach le dearadh aerárthaí, lena dtáirgeadh, lena gcothabháil, lena n-oibriú, agus le seirbhísí gaolmhara agus le hoiliúint ghaolmhar na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
ní mór na hacmhainní is gá a bheith ag an eagraíocht le haghaidh a raon oibre agus ní mór di a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha agus an gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57 agus is ábhartha dá gníomhaíocht;
ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha iomchuí, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach. Ní mór an córas bainistíochta sin a bheith comhréireach le cineál gníomhaíochta na heagraíochta agus le méid na heagraíochta;
ní mór don eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta d'fhonn rannchuidiú leis an tsábháilteacht a fheabhsú go leanúnach. Ní mór don chóras tuairiscithe sin a bheith comhréireach le cineál gníomhaíochta na heagraíochta agus le méid na heagraíochta;
ní mór don eagraíocht socruithe le heagraíochtaí eile a bhunú, más ábhartha, d'fhonn a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha ar bhonn leanúnach.
2.3. Daoine atá páirteach in oibriú aerárthaí gan foireann
Beidh ag aon duine atá páirteach in oibriú aerárthaigh gan foireann, lena n-áirítear an cianphíolóta, an t-eolas agus na scileanna is gá d'fhonn sábháilteacht na hoibríochta a áirithiú, agus é sin i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an gcineál oibríochta atá i gceist. Léireoidh an duine sin freisin go bhfuil sé folláin a dhóthain, más gá sin chun na rioscaí a bhaineann leis an oibríocht atá i gceist a mhaolú.
2.4. Oibríochtaí
2.4.1. |
Tá oibreoir aerárthaigh gan foireann freagrach as an aerárthach sin a oibriú agus ní mór dó aon bhearta iomchuí a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht na hoibríochta. |
2.4.2. |
Ní mór eitilt a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhlíonadh a ndualgas agus atá forordaithe don limistéar, don aerspás, do na haeradróim agus do na suíomhanna a bhfuil sé i gceist feidhm a bhaint astu, agus, más infheidhme, na córais BAT/SAL lena mbaineann. |
2.4.3. |
Ní mór oibríochtaí i gcás aerárthaí gan foireann sábháilteacht tríú páirtithe ar an talamh agus sábháilteacht úsáideoirí eile an aerspáis a áirithiú chomh maith le rioscaí a laghdú a eascróidh as dálaí seachtracha dochracha agus dálaí inmheánacha dochracha, lena n-áirítear dálaí comhshaoil, trí spás iomchuí scoite a choinneáil ag gach céim den eitilt. |
2.4.4. |
Ní ceadmhach aerárthach gan foireann a oibriú mura mbeidh sé i staid aeracmhainneach agus mura mbeidh na comhpháirteanna agus na seirbhísí is gá le haghaidh na hoibríochta atá i gceist ar fáil agus inseirbhíse. |
2.4.5. |
I gcás aerárthaí gan foireann agus oibríochtaí le haerárthaí gan foireann, ní mór na cearta ábhartha a ráthaítear faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. |
2.4.6. |
Ní mór d'oibreoir aerárthaigh gan foireann a áirithiú go bhfuil an trealamh aerloingseoireachta, cumarsáide, faireacháin, braite agus seachanta is gá ar an aerárthach, maille le haon trealamh eile a mheastar a bheith riachtanach d'fhonn sábháilteacht na heitilte atá i gceist a áirithiú, agus cineál na hoibríochta, rialacháin aerthráchta agus rialacha an aeir is infheidhme ag aon chéim den eitilt á gcur san áireamh. |
2.5. Ceanglais bhunriachtanacha a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus speictrim raidió, le haghaidh aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte, a bhfuil a ndearadh deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 56(1) agus atá beartaithe a fheidhmiú ar mhinicíochtaí a leithdháiltear de réir Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide le haghaidh úsáid aerloingseoireachta chosanta agus ar na minicíochtaí sin amháin
2.5.1. |
Déanfar na haerárthaí sin gan foireann, na hinnill, liáin, páirteanna agus an trealamh neamhshuiteáilte a dhearadh agus a tháirgeadh ar bhealach lena n-áiritheofar an méid seo a leanas, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht:
(a)
ní mó an suaitheadh leictreamaighnéadach a ghintear leo ná an leibhéal nach féidir le trealamh raidió agus teileachumarsáide nó trealamh eile oibriú os a chionn mar atá beartaithe; an suaitheadh leictreamaighnéadach a ghintear leo, ní sháraítear leis an leibhéal os a chionn nach féidir le trealamh raidió agus teileachumarsáide nó trealamh eile oibriú mar a bheartaítear; agus
(b)
tá imdhíonacht acu ar an suaitheadh leictreamaighnéadach, ar imdhíonacht í atá ar leibhéal lena ligtear dóibh oibriú nach dtagann díghrádú do-ghlactha ar an úsáid atá beartaithe dóibh. |
2.5.2. |
Déanfar na haerárthaí sin gan foireann, na hinnill, liáin, páirteanna agus an trealamh neamhshuiteáilte a dhearadh agus a tháirgeadh ar bhealach, ag féachaint don úrscothacht, lena n-áiritheofar go mbaintear leas éifeachtach leo as úsáid éifeachtúil speictrim raidió, agus go dtacaítear go héifeachtach leo leis an úsáid sin, chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint. |
3. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA COMHSHAOIL MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN
Comhlíonfaidh aerárthaí gan foireann na ceanglais feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
4. CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN, AGUS A gCUID OIBREOIRÍ, A CHLÁRÚ AGUS MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN A MHARCÁIL
4.1. |
Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, déanfar aerárthaí gan foireann a bhfuil a ndearadh faoi réir deimhniúchán de bhun Airteagal 56(1), déanfar iad a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57. |
4.2. |
Déanfar oibreoirí aerárthaí gan foireann a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57, i gcás ina ndéanann siad aon cheann de na nithe seo a leanas a oibriú:
(a)
aerárthaí gan foireann ar féidir leo, i gcás imbhuailte, fuinneamh cinéiteach atá os cionn 80 giúl a aistriú chuig duine;
(b)
aerárthaí gan foireann a bhfuil rioscaí ag baint lena n-oibriú, ar rioscaí maidir le príobháideachas, le cosaint sonraí pearsanta, leis an tslándáil nó leis an gcomhshaol iad;
(c)
aerárthaí gan foireann a bhfuil a ndearadh faoi réir deimhniúchán de bhun Airteagal 56(1). |
4.3. |
I gcás ina mbeidh ceanglas clárúcháin infheidhme de bhun phointe 4.1 nó phointe 4.2, déanfar na haerárthaí gan foireann, lena mbaineann, a mharcáil agus a shainaithint ina n-aonar, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 57. |
IARSCRÍBHINN X
Tábla comhghaoil
Rialachán (AE) Uimh. 216/2008 |
An Rialachán Seo |
Airteagal 1 (1) |
Airteagal 2(1) agus (2) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2(5) |
Airteagal 2 |
Airteagal 1 |
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
Airteagal 4(1)(a) |
Airteagal 2(1)(a) |
Airteagal 4(1)(b) |
Airteagal 2(1)(b)(i) |
Airteagal 4(1)(c) |
Airteagal 2(1)(b)(ii) |
— |
Airteagal 2(1)(b)(iii) |
Airteagal 4(1)(d) |
Airteagal 2(1)(c) |
Airteagal 4(2) |
Airteagal 2(2) |
Airteagal 4(3) |
Airteagal 2(1)(b) agus (c) |
Airteagal 4(3a) |
Airteagal 2(1)(d), (e) agus (2) |
— |
Airteagal 2(4) |
— |
Airteagal 2(6) |
Airteagal 4(3b) |
Airteagal 2(7) |
Airteagal 4(3c) |
Airteagal 2(1)(g) agus 2 |
Airteagal 4(4) agus (5) |
Airteagal 2(3)(d) |
Airteagal 4(6) |
— |
— |
Airteagal 2(84) go (11) |
— |
Airteagal 4 |
— |
Airteagal 5 |
— |
Airteagal 6 |
— |
Airteagal 7 |
— |
Airteagal 8 |
Airteagal 5(1), (2) agus (3) |
Airteagail 9 go 16 |
Airteagal 5(4)(a) agus (b) |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 5(4)(c) |
Airteagal 18(1)(b) |
— |
Airteagal 18(1)(a) |
Airteagal 5(5) |
Airteagal 17 agus 19 |
Airteagal 5(6) |
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
Airteagail 9(2) go 11agus 19(3) |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 20 agus 21 |
Airteagal 8(4) |
Airteagal 22 |
Airteagal 7(3) go (7) |
Airteagail 234 go 28 |
Airteagal 8(1) go (3) |
Airteagal 29, (30)(1) goagus (32) |
— |
Airteagal 30(463) go (7) |
Airteagal 8(5) |
Airteagal 31 agus 32 |
Airteagal 8(6) |
Airteagal 4 |
Airteagal 8a(1) go (5) |
Airteagail 33 go 39 |
Airteagal 8a(6) |
Airteagal 4 |
Airteagal 8b(1) go (6) |
Airteagail 40 go 476(2) |
Airteagal 8b(7) |
Airteagal 46(3) agus Airteagal 4 |
Airteagal 8b(1) go (10) |
Airteagail 48 go 54 |
Airteagal 8c(11) |
Airteagal 4 |
— |
Airteagail 55, 56 go 587 |
Airteagal 9 |
Airteagail 59 go 61 |
Airteagal 10(1) go (3) |
Airteagal 62(1) agus (2) |
— |
Airteagal 962(34) go (8) |
Airteagal 10(4) |
Airteagal 62(9) |
— |
Airteagal 62(10) go (12) |
Airteagal 10(5) |
Airteagal 62(13) go (15) |
— |
Airteagal 63 |
— |
Airteagal 64 |
— |
Airteagal 65 |
— |
Airteagal 66 |
Airteagal 11(1) go (3) |
Airteagal 67(1) go (3) |
Airteagal 11(4) go (7) |
— |
Airteagal 11(6) |
Airteagal 67(4) |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 68 |
Airteagal 12(2) |
— |
Airteagal 13 |
Airteagal 69 |
Airteagal 14(1) go (3) |
Airteagal 70 |
Airteagal 14(4) go (7) |
Airteagal 71 |
Airteagal 15 |
Airteagal 72 |
Airteagal 16 |
Airteagal 73 |
— |
Airteagal 74 |
Airteagal 17 |
Airteagal 75 |
Airteagal 18 |
Airteagal 76(1) go (5) |
Airteagal 19 |
Airteagal 76(1) go (5) |
Airteagal 20 |
Airteagal 77 |
Airteagal 21 |
Airteagal 78 |
Airteagal 22(1) |
Airteagal 76(6) |
Airteagal 22(2) |
Airteagal 76(7) |
— |
Airteagal 79 |
Airteagal 22a |
Airteagal 80 |
Airteagal 22a |
Airteagal 81 |
Airteagal 23 |
Airteagal 82(1) agus (2) |
— |
Airteagal 82(3) |
Airteagal 24 agus 54 |
Airteagal 85 |
Airteagal 25 |
Airteagal 84 |
Airteagal 26 |
Airteagal 86 (1) - (4) |
— |
Airteagal 86 (5) |
— |
Airteagal 87 |
— |
Airteagal 88 |
— |
Airteagal 89 |
Airteagal 27(1) go (3) |
Airteagal 90(1) go (3) |
— |
Airteagal 90(4) go (6) |
— |
Airteagal 91 |
— |
Airteagal 92 |
— |
Airteagal 93 |
Airteagal 28(1) agus (2) |
Airteagal 94(1) agus (2) |
— |
Airteagal 94(3) |
Airteagal 28(3) agus (4) |
Airteagal 94(4) agus (5) |
Airteagal 29(1) agus (2) |
Airteagal 95(1) agus (2) |
Airteagal 29(2) |
Airteagal 98(2)(m) agus (6) |
Airteagal 29(3) |
— |
— |
Airteagal 95(2) |
Airteagal 30 |
Airteagal 96 |
Airteagal 31 |
Airteagal 97 |
Airteagal 32(1) |
Airteagal 119(3) |
Airteagal 32(2) |
Airteagal 119(6) |
Airteagal 33 |
Airteagal 98(1) go (5) |
— |
Airteagal 98(6) |
Airteagal 34(1) |
Airteagal 99(1) agus (2) |
— |
Airteagal 99(3) |
Airteagal 34(2) agus (3) |
Airteagal 99(4) agus (5) |
Airteagal 35 |
Airteagal 100 |
Airteagal 36 |
Airteagal 101 |
Airteagal 37(1) go (3) |
Airteagal 102(1) go (3) |
— |
Airteagal 102(4) |
— |
Airteagal 90 |
Airteagal 38(1) go (3) |
Airteagal 1043(1) go (3) |
— |
Airteagal 1043(4) |
Airteagal 39 |
— |
— |
Airteagal 1034 |
Airteagal 40 |
Airteagal 105 |
Airteagal 41(1) |
Airteagal 94 |
Airteagal 41(2) agus (3) |
Airteagal 106(1) |
Airteagal 41(4) |
— |
Airteagal 41(5) |
Airteagal 106(6) |
Airteagal 42 |
Airteagal 106(2) go (5) |
Airteagal 43 |
Airteagal 107 |
Airteagal 44 |
Airteagal 108 |
Airteagal 45 |
Airteagal 109 |
Airteagal 46 |
Airteagal 110 |
Airteagal 47 |
Airteagal 111 |
Airteagal 48 |
Airteagal 112 |
Airteagal 49 |
Airteagal 113 |
Airteagal 50 agus 51 |
Airteagal 114(1), (2) agus (4) |
Airteagal 51 |
Airteagal 114(3) |
Airteagal 52(1) go (3) |
Airteagal 115 |
Airteagal 52(4) |
Airteagal 76(6) |
Airteagal 53(1) agus (2) |
Airteagal 116(1) agus (2) |
Airteagal 53(3) |
Airteagal 76(6) |
Airteagal 54 |
Airteagal 85 |
Airteagal 55 |
Airteagal 83 |
Airteagal 56 |
Airteagal 117 |
Airteagal 57 |
Airteagal 118 |
Airteagal 58(1) agus (2) |
Airteagal 119(1) agus (2) |
— |
Airteagal 119(4) |
Airteagal 58(3) |
Airteagal 119(54) |
Airteagal 58(4) |
Airteagal 132(2) |
Airteagal 59(1) go (4) |
Airteagal 120(1) go (4) |
— |
Airteagal 120(5) |
Airteagal 59(5) go (11) |
Airteagal 120(6) go (12) |
Airteagal 60 |
Airteagal 121 |
Airteagal 61 |
Airteagal 122 |
— |
Airteagal 123 |
Airteagal 62 |
Airteagal 124 |
Airteagal 63 |
Airteagal 125 |
Airteagal 64(1) agusgo (35) |
Airteagal 126(41) go (2) |
Airteagal 64(2) |
— |
Airteagal 64(4) |
Airteagal 126(1) |
Airteagal 64(5) |
Airteagal 126(2) |
— |
Airteagal 126(3) |
Airteagal 65 |
Airteagal 127 |
Airteagal 65a |
— |
— |
Airteagal 128 |
Airteagal 66 |
Airteagal 129 |
— |
Airteagal 130 |
Airteagal 67 |
— |
Airteagal 68 |
Airteagal 131 |
— |
Airteagal 132(1) |
Airteagal 58(4) |
Airteagal 132(2) |
Airteagal 69 |
— |
— |
Airteagal 133 |
— |
Airteagal 134 |
— |
Airteagal 135 |
— |
Airteagal 136 |
— |
Airteagal 137 |
— |
Airteagal 138 |
— |
Airteagal 139 |
— |
Airteagal 140 |
Airteagal 70 |
Airteagal 141 |
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le aerspás) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 20).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10).
( 3 ) Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle an 30 Márta 2009 lena dtacaítear leis an Máistirphlean Eorpach um bainistíocht aerthráchta de chuid thionscadal Thaighde BAT Aerspáis Aonair Eorpaigh (SESAR) (IO L 95, 9.4.2009, lch. 41).
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle ón 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
( 6 ) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, p. 82).
( 7 ) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
( 8 ) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.)
( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 a leasú (IO L 185, 15.7.2011, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
( 11 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle
( 12 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 den Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
( 13 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
( 15 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
( 16 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus i gcoinne neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
( 17 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
( 18 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
( *1 ) ►C1 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).” ◄ ;
( *2 ) ►C1 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).” ◄ .
( *3 ) ►C1 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).” ◄ .
( *4 ) ►C1 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).” ◄ .
( *5 ) ►C1 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).” ◄ .
( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí, codanna agus fearas gaolmhar, agus le haghaidh deimhniú d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).
( 20 ) Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).
( 21 ) Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).
( 22 ) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2016/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).