02013R1291 — GA — 04.07.2015 — 001.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1291/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 347 20.12.2013, lch. 104)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2015/1017 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Meitheamh 2015

  L 169

1

1.7.2015




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1291/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) ("Fís 2020") leis an Rialachán seo, agus cinntear an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, agus neartaítear fotha eolaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa agus lena gcothaítear leasanna don tsochaí agus saothrófar níos fearr acmhainneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch na mbeartas maidir leis an nuálaíocht, leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch ar an gcaoi sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta' raon iomlán na ngníomhaíochtaí taighde, forbartha teicneolaíche, taispeántais agus nuálaíochta, lena n-áirítear comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, leathadh agus barrfheabhsú torthaí agus oiliúna ar ardcháilíocht agus soghluaisteachta taighdeoirí san Aontas a spreagadh;

(2) 

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí díreacha' gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann an Coimisiún trína Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT);

(3) 

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí indíreacha' gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a soláthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;

(4) 

ciallaíonn 'comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach' comhpháirtíocht ina ngeallann comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach, an tAontas agus, i gás inarb iomchuí, comhpháirtithe eile, amhail comhlachtaí na hearnála poiblí, go dtacóidh siad go comhpháirteach le gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(5) 

ciallaíonn 'comhpháirtíocht phoiblí-phoiblí' comhpháirtíocht ina ngeallann comhlachtaí ón earnáil phoiblí nó comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal idirnáisiúnta, in éineacht leis an Aontas go dtacóidh siad go comhpháirteach le gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(6) 

ciallaíonn 'bonneagair thaighde' saoráidí, acmhainní agus seirbhísí a mbaineann na comhphobhail taighde leas astu le taighde a dhéanamh agus le nuálaíocht a chothú ina réimsí. I gcás inarb ábhartha, féadfar iad a úsáid i réimsí eile seachas an taighde, mar shampla chun críche oideachais nó seirbhísí poiblí. Áirítear leo: trealamh mór eolaíoch (nó tacair ionstraimí); acmhainní eolasbhunaithe amhail bailiúcháin, cartlanna nó sonraí eolaíocha; ríomh-bhonneagar amhail sonraí agus córais ríomhaireachta agus líonraí cumarsáide; agus aon bhonneagar eile de chineál uathúil a bheidh riachtanach le go mbainfear barr feabhas amach sa taighde agus sa nuálaíocht. Féadfaidh bonneagair den sórt sin a bheith ‘suite ar shuíomh amháin’, ‘fíorúil nó dáilte’;

(7) 

Tá an bhrí chéanna le 'straitéis um speisialtóireacht chliste' agus atá le straitéis um speisialtóireacht chliste amhail a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) é.

Airteagal 3

Bunú Fís 2020

Bunaítear Fís 2020 leis seo i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 4

Breisluach Aontais

Déanfar le Fís 2020 breisluach agus tionchar an Aontais a uasmhéadú, ag díriú ar chuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag gníomhú dóibh féin. Beidh ról lárnach ag Fís 2020 i le baint amach Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach ("Straitéis Eoraip 2020")trí chomhchreat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh chistiú taighde agus nuálaíochta ar chaighdeán feabhais an Aontais, agus ar an gcaoi sin gníomhóidh sé mar bhealach chun infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a ghiaráil, cruthófar deiseanna poist nua mar thoradh air agus áiritheofar inbhuanaitheacht, fás, forbairt eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus iomaíochas tionsclaíoch ar bhonn fadtéarmach ar fud na hEorpa, mar aon le díriú ar dhúshláin shochaíocha ar fud an Aontais.

Airteagal 5

Cuspóir ginearálta, tosaíochtaí agus cuspóirí sonracha

1.  Is é cuspóir ginearálta Fís 2020 rannchuidiú le sochaí agus geilleagar a thógáil a bheidh bunaithe ar an eolas agus ar an nuálaíocht a thógáil ar fud an Aontais trí chistiú breise a luamhánúle haghaidh na taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus trí chabhrú spriocanna taighde agus forbartha a bhaint amach, lena n-áirítear sprioc 3 % OTI don taighde agus don fhorbairt ar fud an Aontais faoi 2020. Dá réir sin, tacóidh Fís 2020 leis an Straitéis Eoraip 2020 agus le beartais eile an Aontais a chur chun feidhme, chomh maith le Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú. Leagtar amach i réamhrá Iarscríbhinn I an chéad sraith de tháscairí feidhmíochta ábhartha chun dul chun cinn i dtreoi an chuspóir ghinearálta a mheas.

2.  Rachfar i mbun an chuspóra ginearálta aleagtar amach i mír 1 trí bhíthin trí thosaíocht atreisithe fhrithpháirteacha a bheidh tiomanta do na nithe seo a leanas:

(a) 

Eolaíocht den scoth;

(b) 

Ceannaireacht thionsclaíoch;

(c) 

Dúshláin shochaíocha.

Leagtar amach na cuspóirí sonracha a chomhfhreagraíonn do gach ceann de na trí thosaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír i gCuid I go Cuid III d'Iarscríbhinn I, mar aon le treoirlínte do na gníomhaíochtaí.

3.  Déanfar an cuspóir ghinearálta atá leagtha amach i mír 1 a shaothrú trí nacuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' a leagtar amach i gCuid IIIa agus IIIb d'Iarscríbhinn 1, faoi seach.

4.  Rannchuideoidh ACT leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, faoi seach, trí thacaíocht eolaíochta agus theicniúil a sholáthar do bheartais an Aontais i gcomhar le geallsealbhóirí taighde náisiúnta agus réigiúnacha, de réir mar is iomchuí, mar shampla maidir le straitéisí um speisialtóireacht chliste a fhorbairt. Leagtar amach an cuspóir sonrach agus na treoirlínte do na gníomhaíochtaí i gCuid VI d'Iarscríbhinn I.

5.  Rannchuideoidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 faoi seach, agus beidh sé de chuspóir sonrach aici triantán an eolais – an taighde, an nuálaíocht agus an t-ardoideachas – a chomhtháthú. Leagtar amach táscairí feidhmíochta ábhartha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht l i réamhrá Iarscríbhinn I agus leagtar amach treoirlínte don chuspóir sonrach sin agus do na gníomhaíochtaí i gCuid VII d'Iarscríbhinn I.

6.  Faoi chuimsiú na dtosaíochtaí, na gcuspóirí sonracha agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, d'fhéadfaí aird a thabhairt ar riachtanais nua gan choinne a thiocfaidh chun cinn le linn thréimhse cur chun feidhme Fís 2020. Má tá bonn cirt cuí leo, féadfar a áireamh sa mhéid sin freagairtí ar dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus freagairtí ar bhagairtí a thiocfaidh chun cinn, ar riachtanais a bhaineann le beartais nua an Aontais a fhorbairt.

Airteagal 6

Buiséad

▼M1

1.  Tá an t-imchlúdach airgeadais chun Fís 2020 a chur chun feidhme socraithe mar EUR 74 828,3 mhilliún i bpraghsanna reatha, agus as sin déanfar EUR 72 445,3 mhilliún ar a mhéid a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.  Déanfar an méid le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE a dháileadh i measc na dtosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Rialachán seo mar a leanas:

(a) 

Eolaíocht den scoth, EUR 24 232,1 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(b) 

Ceannaireacht thionsclaíoch, EUR 16 466,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(c) 

Dúshláin shochaíocha, EUR 28 629,6 milliún i bpraghsanna reatha.

Is mar a leanas a bheidh an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fhís 2020 leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus le gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT:

(i) 

Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, EUR 816,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(ii) 

Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí, EUR 444,9 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(iii) 

Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT, EUR 1 855,7 mhilliún i bpraghsanna reatha.

Déantar an miondealú táscach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 5(3) a leagan amach in Iarscríbhinn II.

3.  Déanfar EIT a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíocht uasta ó Fhís 2020 dar luach EUR 2 383 mhilliún i bpraghsanna reatha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

▼B

4.  Féadfaidh imchlúdach airgeadais Fhís 2020 na costais seo a leanas a chumhdach: costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a mbeidh gá leo chun Fís 2020 a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir agus cruinnithe saineolaithe, a mhéid a bhainfidh siad le cuspóirí Fís 2020, costais a bhainfidh le líonraí teicneolaíochta faisnéise lena ndíreofar ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun Fís 2020 a bhainistiú.

Más gá agus má tá bonn cirt cuí leis, féadfar leithreasaí a iontráil i mbuiséad Fís 2020 i ndiaidh 2020 d'fhonn costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú. Ní mhaoineofar le Fís 2020 tógáil nó oibriú clár Galileo, clár Copernicus nó an Comhghnóthas Eorpach d'ITER.

5.  D'fhonn freagairt do chásanna gan choinne nó do riachtanais agus d'fhorbairtí nua, féadfaidh an Coimisiún, tar éis na meastóireachta eatramhaí ar Fhís 2020 dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus torthaí an athbhreithnithe ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 32(2) é, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna a leagtar amach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' i mír 2 den Airteagal seo agus ar an miondealú táscach de réir cuspóirí sonracha faoi chuimsiú na dtosaíochtaí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus an ranníocaíocht le EIT i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, sna dálaí céanna, leithreasaí a aistriú idir na tosaíochtaí agus na cuspóirí sonracha chomh maith le EIT suas le huasmhéid 7,5 % den leithdháileadh tosaigh iomlán i gcomhair gach tosaíochta agus na gcuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' agus suas le 7,5 % den mhiondealú táscach tosaigh i leith gach cuspóra shonraigh agus suas le huasmhéid 7,5 % den ranníocaíocht le EIT. Ní cheadófar aon aistriú den sórt sin maidir leis an méid a leagtar amach i mír 2 den mhír seo le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha an ACT.

Airteagal 7

Comhlachú tríú tíortha

1.  Féadfaidh na páirtithe seo a leanas comhlachú le Fís 2020:

(a) 

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime faoi seach, sna cinntí ó chomhairlí comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

(b) 

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), nó tíortha nó críocha arna gcumhdach le Beartas Comharsanachta na hEorpaa chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(i) 

tá inniúlacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta acu;

(ii) 

tá cuntas teiste maith acu maidir le rannpháirtíocht i gcláir taighde agus nuálaíochta an Aontais;

(iii) 

caitheann siad ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla.

(c) 

tíortha nó críocha atá comhlachaithe leis an Seachtú Clár Réime.

2.  Déanfar téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht tíortha comhlachaithe i bhFís 2020, lena n-áirítear an ranníocaíocht airgeadais bunaithe ar OTI na tíre comhlachaithe a chinneadh trí bhíthin comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tíortha comhlachaithe.

Beidh na téarmaí agus na coinníollacha maidir le comhlachas Stáit CSTE ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe sin.



TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME



CAIBIDIL I

Cur chun feidhme, bainistiú agus cineálacha tacaíochta

Airteagal 8

Cur chun feidhme trí bhíthin cláir shonraigh agus na ranníocaíochta le EIT

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme tríd an gclár comhdhlúite sonrach arna bhunú le Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle ( 2 ), ina sonrófar na cuspóirí agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme, agus trí ranníocaíocht airgeadais do IET.

Sa chlár sonrach sin, leagfar amach Cuid amháin le haghaidh gach ceann de na trí thosaíocht a leagtar amach in Airteagal 5(2), Cuid do gach ceann de na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus Cuid le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT.

Beidh comhordú éifeachtach idir trí tosaíochtaí Fís 2020.

Airteagal 9

Bainistiú

1.  Cuirfidh an Coimisiún Fís 2020 chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.  Féadfaidh an Coimisiún cuid de chur chun feidhme Fís 2020 a chur ar iontaoibh na gcomhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) d' 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 10

Cineálacha tacaíochta ón Aontas

1.  Tacóidh Fís 2020 le gníomhaíochtaí indíreacha trí chineál amháin cistiúcháin nó níos mó dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus ionstraimí airgeadais. Beidh ionstraimí airgeadais mar chineál príomha cistiúcháin do ghníomhaíochtaí gar don mhargadh, a dtugtar tacaíocht dóibh faoi Fhís 2020.

2.  Tacóidh Fís 2020 le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh ACT chomh maith.

3.  I gcás ina rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh ACT le tionscnaimh a bhunaítear faoi Airteagal 185 nó faoi Airteagal 187 CFAE, ní ghlacfar leis an rannchuidiú sin mar chuid den ranníocaíocht airgeadais a leithdháiltear do na tionscnaimh sin.

Airteagal 11

Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh na dtorthaí

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh na dtorthaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) maidir le gníomhaíochtaí indíreacha.



CAIBIDIL II

Clárú



Roinn I

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 12

Comhairle sheachtrach agus rannphaírtíocht shochaíoch

1.  Chun Fís 2020 a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh comhairle agus ionchur a sholáthróidh na comhlachtaí seo a leanas: grúpaí neamhspleácha comhairleacha ina mbeidh saineolaithe ar ardleibhéil a bhunaigh an Coimisiún, ó réimse leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear taighde, tionscal agus an tsochaí shibhialta leis na peirspictíochtaí riachtanacha idirdhisciplíneacha agus trasearnálacha a chur ar fáil, agus na tionscnaimh ábhartha atá ann ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh. Cuirfear ionchur eile ar fáil ó struchtúir idirphlé a chruthaítear faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta; ó ghníomhaíochtaí forásacha; ó chomhairliúcháin phoiblí spriocdhírithe lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin le húdaráis nó le geallsealbhóirí náisiúnta agus réigiúnacha; agus ó phróisis thrédhearcacha agus idirghníomhacha lena n-áiritheofar go dtacófar le taighde freagrach agus nuálaíocht fhreagrach.

Déanfar comhairle i dtaca le tosaíochtaí straitéiseacha a aithint agus a dhearadh ón gCoiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta, ón nGrúpa um Beartas Fiontraíochta agus ó ghrúpaí eile a bhaineann leis an nGrúpa Beartais Taighde a chur san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.

2.  Tabharfar aird iomlán ar ghnéithe ábhartha na gclár oibre um thaighde agus nuálaíocht a bhunaítear, inter alia, le EIT, leis na Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta agus leis Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha, chomh maith le comhairle ó phainéil eolaíocha, amhail an Painéal Eolaíoch le haghaidh Sláinte.

Airteagal 13

Sineirgí le cláir náisiúnta agus comhchlárúchán

1.  I gcomhair chur chun feidhme Fís 2020, cuirfear san áireamh an gá a bheidh le sineirgí iomchuí agus comhlántachtaí a chruthú idir cláir thaighde agus tionscnaimh náisiúnta agus Eorpacha, mar shampla i réimsí ina ndéanfar iarrachtaí maidir le comhordú trí Chomhthionscnaimh Chlárúcháin.

2.  Féadfar tacaíocht Aontais a bhreithniú mar aon le haon tacaíocht eile atá le tabhairt do Chomhthionscnaimh Chlárúcháin trí na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 26, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcritéar a leagtar síos le haghaidh na n-ionstraimí sin.

Airteagal 14

Saincheisteanna trasnaí

1.  Cuirfear naisc agus comhéadain chun feidhme ar fud thosaíochtaí Fís 2020 agus faoina gcuimsiú. Maidir leis sin, tabharfar aird faoi leith ar na nithe seo a leanas:

(a) 

ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha chomh maith leteicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí a bheidh ag teacht chun cinn;

(b) 

agus ar réimsí a bhainfidh le nascadh ó fhionnachtain go dtí cur i bhfeidhm sa mhargadh;

(c) 

ar thaighde agus nuálaíocht a bheidh idirdhisciplíneach agus trasearnálach;

(d) 

ar dhaonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha;

(e) 

ar athrú aeráide agus ar fhorbairt inbhuanaithe;

(f) 

ar fheidhmiú agus ar bhaint amach an (LET) agus an tionscnaimh shuaitheanta Aontas Nuálaíochta a chothú;

(g) 

ar dhálaí creata a thacóidh leis an Aontas Nuálaíochta;

(h) 

ar chabhair a thabhairt do thionscnaimh shuaitheanta ábhartha Eoraip 2020 uile (lena n-áirítear an Clár Oibre Digiteach don Eoraip);

(i) 

ar rannpháirtíocht níos leithne ar fud an Aontais ó thaobh taighde agus nuálaíochta de agus ar chabhrú le deireadh a chur leis an deighilt idir an taighde agus an nuálaíocht san Eoraip;

(j) 

ar líonraí idirnáisiúnta taighdeoirí agus nuálaithe sármhaithe amhail an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST);

(k) 

ar chomhar le tríú tíortha;

(l) 

ar nuálaíocht fhreagrach agus taighde freagrach lena n-áirítear inscne;

(m) 

ar rannpháirtíocht FBManna agus na hearnála príobháidí go ginearálta;

(n) 

ar tharraingteacht na gairme taighde a fheabhsú;

(o) 

ar shoghluaisteacht thrasteorann agus thrasearnála taighdeoirí a éascú.

2.  I gcás ina dtacaítear le gníomhaíocht indíreach a bhfuil baint mhór aici le roinnt de na tosaíochtaí sonracha nó na cuspóirí sonracha dá dtagraítear ' in Airteagal 5(2) agus (2a), féadfar an tsuim airgeadais don ghníomhaíocht sin a chomhthiomsú ó na suimeanna a leithdháilfear ar gach tosaíocht nó ar gach cuspóir sonrach lena mbaineann.

Airteagal 15

Cineál athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na nuálaíochta, na ngeilleagar agus na sochaí

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme ar bhealach ina n-áiritheofar go mbeidh na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a dtacófar leo ábhartha do riachtanais athraitheacha agus ina ndéanfar cineál athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na nuálaíochta, na ngeilleagar agus na sochaí i ndomhan domhandaithe a chur san áireamh, i gcás ina gcuimseofar gnéithe gnó, eagraíochta, teicniúla, sochaíocha agus comhshaoil leis an nuálaíocht. Cuirfear an chomhairle sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 12 san áireamh sna tograí maidir le hathruithe a dhéanfar ar na tosaíochtaí agus ar na gníomhaíochtaí faoi Fhís 2020, chomh maith leis na moltaí ón meastóireacht eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

Airteagal 16

Comhionannas inscne

Áiritheofar le Fís 2020 go gcuirfear comhionannas inscne agus gné na hinscne chun cinn go héifeachtach in inneachar na taighde agus na nuálaíochta. Ba cheart aird faoi leith a dhíriú ar chomhionannas inscne a áirithiú, faoi réir an cháis i réimse an taighde agus na nuálaíochata lena mbaineann, i bpainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí amhail grúpaí comhairleacha agus sainghrúpaí.

Déanfar an ghné inscne a chomhtháthú ar bhealach leordhóthanach in inneachar taighde agus nuálaíochta na straitéisí, na gclár agus na dtionscadal agus cloífear leis ag gach céim den timthriall taighde.

Airteagal 17

Gairmréimeanna taighdeoirí

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, rud a chuirfidh ar an gcaoi sin le hatreisiú an chómhargaidh do thaighdeoirí agus le tarraingteacht ghairmréim an taighdeora ar fud an Aontais i gcomhthéacs LET lena gcuirfear san áireamh gné thrasnáisiúnta an chuid is mó de na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoi.

Airteagal 18

Rochtain oscailte

1.  Áiritheofar rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a bheidh mar thoradh ar thaighde a mhaoineofar go poiblí faoi Fhís 2020 Cuirfear an méid sin i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

2.  Déanfar rochtain oscailte ar shonraí taighde a bheidh mar thoradh ar thaighde a mhaoineofar go poiblí faoi Fís 2020 a chur chun cinn. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

Airteagal 19

Prionsabail eiticiúla

1.  Beidh na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta go léir a dhéanfar faoi Fís 2020 i gcomhréir le prionsabail eiticiúla agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha.

Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, ar cheart an duine chun sláine fisicí agus intinne, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe agus ar an ngá le leibhéil arda chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.

2.  Díreofar na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanfar faoi Fhís 2020 ar iarratais shibhialta go heisiach.

3.  Ní chuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair na réimsí taighde seo a leanas:

(a) 

gníomhaíocht taighde a cheapfar chun daoine a chlónáil chun críocha atáirgthe;

(b) 

gníomhaíocht taighde cheapfar chun oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh na hathruithe sin bheith inoidhreachta ( 4 );

(c) 

gníomhaíochtaí taighde a cheapfar chun suthanna daonna a chruthú leo ar mhaithe le taighde amháin nó d'fhonn gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí.

4.  D'fhéadfaí maoiniú a sholáthar le haghaidh taighde ar ghaschealla daonna, daoine fásta agus suthach araon, ag brath ar inneachar an togra eolaíochta agus ar chreat dlí an Bhallstáit lena mbaineann. Ní dheonófar aon chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit uile. Ní dhéanfar cistiú le haghaidh aon ghníomhaíocht i mBallstát ina mbeidh gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.

5.  D'fhéadfaí na réimsí taighde a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a athbhreithniú laistigh de chomhthéacs na meastóireachta eatramhaí a leagtar amach in Airteagal 32(3) i bhfianaise dhul chun cinn na heolaíochta.

Airteagal 20

Comhlántacht le cláir eile de chuid an Aontais

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme ar bhealach a bheidh comhlántach le cláir chistiúcháin agus beartais chistiúcháin eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta (Cistí CESI), an Comhbheartas Talmhaíochta, an Clár le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide(COSME) (2014-2020), Clár "Erasmus+" agus Clár Life.

Airteagal 21

Sineirgí le cistí CES

Chomh maith le beartais struchtúracha Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha, rannchuideofar le Fís 2020 freisin le deireadh a chur leis an mbearna taighde agus nuálaíochta san Aontas trí shineirgí le Cistí CES a chur chun cinn. Nuair is féidir, féadfar leas a bhaint as cistiú carnach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 é.



Roinn II

Réimsí sonracha gníomhaíochta

Airteagal 22

Fiontair bheaga agus mheánmhéide

1.  Tabharfar aird faoi leith ar rannpháirtíocht leormhaith fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a áirithiú agus Fís 2020 á cur chun feidhme, agus ar an tionchar a bheidh ag an taighde agus an nuálaíocht ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin. Déanfar measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla ar rannpháirtíocht FBManna mar chuid de na socruithe meastóireachta agus faireacháin.

2.  Anuas ar choinníollacha níos fearr a bhunú le go mbeidh na FBManna páirteach sna deiseanna ábhartha uile faoi Fhís 2020, déanfar bearta sonracha a ghlacadh. Go háirithe, déanfar ionstraim thiomnaithe FBM lena ndíreofar ar gach cineál FBM agus lena ngabhfaidh acmhainneacht nuálaíochta, sa chiall is leithne, a chruthú faoi chóras bainistithe aonair lárnach agus cuirfear chun feidhme í go príomha ón mbun aníos trí iarraidh leanúnach, oscailte a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna mar a leagtar amach faoin gcuspóir sonrach "Nuálaíocht i bhFiontair Bheagmhéide agus Mheánmhéide" i bPointe 3.3.(a) de Chuid II d'Iarscríbhinn I iad. Cuirfear san áireamh san ionstraim sin cuspóir sonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" a leagtar amach i bPointe 1 de Chuid II d'Iarscríbhinn I agus gach ceann de na cuspóirí sonracha faoin tosaíocht "Dúshláin shochaíocha" a leagtar amach i bPointe 1 go Pointe 7 de Chuid III d'Iarscríbhinn I agus a chuirfear chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

3.  Ba cheart go dtabharfaí íosmhéid 20 % den bhuiséad comhcheangailte iomlán le haghaidh an chuspóra shonraigh maidir le "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus le haghaidh na tosaíochta "Dúshláin shochaíocha" do FBManna mar thoradh ar an gcur chuige comhtháite a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 agus ar shimpliú na nósanna imeachta.

4.  Díreofar aird faoi leith ar ionadaíocht leordhóthanach a dhéanamh ar FBManna i gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 23

Tionscadail chomhoibritheacha agus cláir chomhpháirtíochta

Ba cheart go ndéanfaí Fís 2020 a chur chun feidhme go príomha trí thionscadail chomhoibritheacha thrasnáisiúnta, a bhainfear amach trí ghlaonna ar thograí i gcláir oibre Fhís 2020 arna bhunú le Treoir 2013/743/AE. Déanfar tionscadail den sórt sin a mhaoiniú trí chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus poiblí-poiblí. Déanfar na comhpháirtíochtaí sin a dhearadh le rannchuidiú na mBallstát agus leagfar síos iontu prionsabail maidir lena mbainistiú inmheánach.

Airteagal 24

Conair Mhear i dtreo na Nuálaíochta

Déanfar an Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta (CMN) a chur chun feidhme i bhfoirm lán phíolóta i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 lena mbunófar glao FTI, a gcuirfear tús léi in 2015.

Airteagal 25

Comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha

1.  Féadfar Fís 2020 a chur chun feidhme trí bhíthin comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha i gcás ina ngeallfaidh na comhpháirtithe go léir lena mbaineann go dtacóidh siad le forbairt agus cur chun feidhme taighde réamhiomaíoch agus gníomhaíochtaí nuálaíochta de thábhacht straitéiseach d'iomaíochas agus do cheannaireacht thionsclaíoch an Aontais nó chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Cuirfear comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun feidhme ar bhealach nach gcuirfear isteach leo ar rannpháirtíocht iomlán na n-imreoirí Eorpacha is fearr.

2.  Bainfidh rannpháirtíocht an Aontais sna comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha úsáid as na struchtúir atá ann cheana agus as na struchtúir a bhaineann le rialachas éadrom agus féadfaidh sé tarlú i gcomhréir le ceann de na cineálacha seo a leanas:

(a) 

ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le comhghnóthais a bhunaítear de bhun Airteagal 187 CFAE faoin Seachtú Clár Réime, faoi réir an leasaithe ar a gcuid gníomhartha bunúsacha; le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha nua a bhunaítear de bhun Airteagal 187 CFAE; agus le comhlachtaí cistiúcháin eile dá dtagraítear i bpointe (iv), agus i bpointe (vi) de phointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ní chuirfear an cineál sin comhpháirtíochtaí chun feidhme ach amháin i gcás ina mbeidh bonn cirt léi de bharr raon feidhme na gcuspóirí a dtabharfar fúthu agus scála na n-acmhainní a bheidh riachtanach agus na measúnaithe ábhartha tionchair á gcur san áireamh, agus i gcás nach gcomhlíonfadh na cineálacha eile comhpháirtíochta na cuspóirí nó nach nginfí an giaráil riachtanach leo;

(b) 

socruithe conarthacha idir na comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1, ar socruithe iad ina sonrófar cuspóirí na comhpháirtíochta, ceangaltais faoi seach na gcomhpháirtithe, príomhtháscairí feidhmíochta, agus na haschuir a bheidh le soláthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainaithint a mbeidh tacaíocht ó Fhís 2020 ag teastáil uathu.

Chun go mbeidh na páirtithe leasmhara rannpháirteach, lena n-áirítear, mar is iomchuí, úsáideoirí deiridh, ollscoileanna, FBManna agus institiúidí taighde, tabharfaidh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha rochtain ar chistí poiblí trí phróisis thrédhearcacha agus go príomha trí ghlaonna iomaíocha, arna rialú le rialacha maidir le rannpháirtíocht a bheidh i gcomhréir le rialacha Fís 2020. Ba cheart go mbeadh bonn cirt cuí le heisceachtaí ar úsáid glaonna iomaíocha.

3.  Sainaithneofar comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus déanfar iad a chur chun feidhme ar bhealach oscailte, trédhearcach agus éifeachtúil. Bunófar sainaithint na gcomhpháirtithe sin ar na critéir a leanas:

(a) 

léiriú bhreisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais agus an rogha ionstraime a úsáidfear;

(b) 

scála an tionchair ar iomaíochas tionsclaíoch, cruthú post, fás inbhuanaithe agus saincheisteanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear dúshláin shochaíocha, a ndéanfar iad a mheas in aghaidh cuspóirí intomhaiste a shonrófar ar bhealach soiléir;

(c) 

an gealltanas fadtéarmach, lena n-áirítear rannchuidiú cothrom ó na comhpháirtithe go léir bunaithe ar chomhfhís agus ar chuspóirí a shaineofar go soiléir;

(d) 

scála na n-acmhainní lena mbaineann agus an cumas infheistíochtaí breise sa taighde agus sa nuálaíocht a ghiaráil;

(e) 

sainiú soiléir ar róil gach comhpháirtí agus príomhtháscairí feidhmíochta comhaontaithe thar an tréimhse roghnaithe.

(f) 

comhlántacht le codanna eile Fhís 2020 agus ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha taighde agus nuálaíochta an Aontais, go háirithe le tosaíochtaí straitéis Eoraip 2020;

I gcás inarb iomchuí, áiritheofar comhlántacht idir tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht na mBallstát i gcás comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí.

4.  Féadfar na tosaíochtaí taighde a chumhdófar le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a áireamh, i gcás inarb iomchuí, in nglaonna rialta i gcláir oibre Fís 2020, d'fhonn sineirgí nua a fhorbairt le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a mbainfidh tábhacht straitéiseach leo.

Airteagal 26

Comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha

1.  Rannchuideoidh Fís 2020 le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí a neartú, de réir mar is iomchuí, i gcásanna ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta chun feidhme ar bhealach comhpháirteach laistigh den Aontas.

Tabharfar aird faoi leith ar Chomhthionscnaimh Phleanála idir na Ballstáit. Féadfaidh aon Bhallstát nó aon tír chomhlachaithe a bheith rannpháirteach sna Comhthionscnaimh Phleanála a mbeidh tacaíocht á fáil acu ó Fís 2020.

2.  Féadfar tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí faoi chuimsiú na dtosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5(2), nó tharstu, go háirithe trí na bealaí seo a leanas:

(a) 

ionstraim ERA-NET ina n-úsáidfear deontais chun tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí ina n-ullmhúchán, struchtúir líonraithe a bhunú, ceapadh, cur chun feidhme agus comhordú comhghníomhaíochtaí, agus gan cur le níos mó ná comhghlao aonair amháin in aghaidh na bliana ag an Aontas agus gníomhartha de chineál trasnáisiúnta freisin;

(b) 

rannpháirtíocht an Aontais i gcláir a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE i gcás ina mbeidh bonn cirt leis an rannpháirtíocht de bharr raon feidhme na gcuspóirí a shaothrófar agus scála na n-acmhainní a éileofar.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, beidh cistiú breise coinníollach ar bhreisluach na gníomhaíochta a léiriú ar leibhéal an Aontais agus ar cheangaltais tháscacha airgeadais roimh ré, in airgead tirim nó i bhfoirm chomhchineáil, ó na heintitis rannpháirteacha sna glaonna comhpháirteacha agus sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Féadfaidh ionstraim ERA-NET rialacha agus módúlachtaí cur chun feidhme na nglaonna comhpháirteacha agus na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhchuibhiú a bheith mar cheann dá cuspóirí aici, i gcás inar féidir. Féadfar í a úsáid freisin le hullmhú le haghaidh tionscnaimh de bhun Airteagal 185 CFAE.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní mholfar tionscnaimh den sórt sin ach amháin i gcásanna ina mbeidh gá le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe agus ina mbeidh ardleibhéal tiomantais ó na tíortha rannpháirteacha do chomhtháthú ar leibhéil eolaíochta, bhainistíochta agus airgeadais. Ina theannta sin, aithneofar tograí maidir le tionscnaimh den sórt sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas go léir:

(a) 

sainiú soiléir ar an gcuspóir a bheidh le saothrú agus a ábharthacht do chuspóirí Fís 2020 agus do chuspóirí beartais níos leithne an Aontais;

(b) 

ceangaltais airgeadais tháscacha na dtíortha rannpháirteacha, in airgead tirim nó i bhfoirm chomhchineáil, lena n-áirítear réamhcheangaltais chun infheistíochtaí náisiúnta agus/nó réigiúnacha a ailíniú le haghaidh taighde agus nuálaíochta trasnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, chun acmhainní a chomhthiomsú;

(c) 

breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais;

(d) 

an mhais chriticiúil, maidir le méid agus líon na gclár lena mbaineann, cosúlacht nó comhlántacht na ngníomhaíochtaí agus an scair de thaighde ábhartha a chumhdófar leo;

(e) 

oiriúnacht Airteagal 185 CFAE chun na cuspóirí a bhaint amach.

Airteagal 27

Comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.  Beidh eintitis dhlíthiúla mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 iad, a bheidh bunaithe i dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí indíreacha de chuid Fís 2020 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Déanfar an comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chomhtháthú i Fís 2020 agus laistigh di freisin d'fhonn na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach go háirithe:

(a) 

barr feabhas agus tarraingteacht an Aontais í i gcúrsaí taighde agus nuálaíochta chomh maith lena iomaíochas eacnamaíoch agus tionsclaíoch a neartú;

(b) 

dul i ngleic ar bhealach éifeachtach leis na dúshláin shochaíocha chomhchoiteanna;

(c) 

tacú le cuspóirí seachtracha an Aontais agus lena chuspóirí maidir le beartais forbartha, agus na cláir sheachtracha agus na cláir forbartha á gcomhlánú, lena n-áirítear oibleagáidí idirnáisiúnta agus na spriocanna gaolmhara a ghabhann leo, amhail Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Déanfar iarracht teacht ar shineirgí le beartais eile an Aontais.

2.  Is ar bhonn cur chuige straitéisigh mar aon le comhleasa, tosaíochtaí agus comhshochair a chuirfear chun feidhme na spriocghníomhaíochtaí arb éard is cuspóir leo an comhar le tríú tíortha áirithe nó le grúpaí áirithe de thríú tíortha, lena n-áirítear comhpháirtithe straitéiseacha an Aontais, a chur chun cinn, agus cuirfear san áireamh a gcumas san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus a riachtanais sonracha, na deiseanna margaidh a ghabhann leo, agus an tionchar a measfar a bheidh ag na gníomhaíochtaí sin.

Ba cheart rochtain chómhalartach ar chláir sna tríú tíortha a spreagadh agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart faireachán a dhéanamh uirthi. D'fhonn an tionchar is fearr a bhaint as an comhar idirnáisiúnta, cuirfear chun cinn an comhordú agus sineirgí le tionscnaimh de chuid na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe. Féadfaidh cineál an chomhair a bheith éagsúil ag brath ar na tíortha comhpháirtíochta sonracha.

Cuirfidh tosaíochtaí comhair forbairtí i mbeartais an Aontais san áireamh chomh maith le deiseanna comhair le tríú tíortha, agus déileáil le cearta maoine intleachtúla ar bhealach cóir agus cothromasach maidir le cearta maoine intleachtúla.

3.  Ina theannta sin, cuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí cothrománacha agus gníomhaíochtaí trasnaí arb éard is aidhm leo forbairt straitéiseach ar an gcomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn.

Airteagal 28

Faisnéis, cumarsáid, saothrú agus scaipeadh torthaí

Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le Fís 2020 a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta cumarsáide maidir le tionscadail agus le torthaí tacaithe. Go háirithe, cuirfear faisnéis chríochnaitheach thráthúil ar fáil do na Ballstáit.

Rannchuideoidh an chuid de bhuiséad Fhís 2020 a leithdháilfear ar an gcumarsáid freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid is féidir a bhainfidh siad le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo.

Beidh gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh agus chun gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh ina gcuid ríthábhachtach de gach ceann de na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi Fís 2020. Cuirfear faisnéis agus teachtaireachtaí a bhaineann le Fís 2020, lena n-áirítear faisnéis agus teachtaireachtaí faoi thionscadail a dtacófar leo, ar fáil ar bhealach inrochtana i bhfoirm dhigiteach.

Ina theannta sin, tacófar leis na gníomhaíochtaí sonracha seo:

(a) 

tionscnaimh a dhíreofar ar an bpobal a chur ar an eolas maidir le cistiú a fháil faoi Fís 2020 agus rochtain ar an gcistiú sin a éascú, go háirithe i gcás na réigiún sin nó na gcineálacha sin rannpháirtithe a bhfuil rannpháirtíocht íseal acu i gcoibhneas le rannpháirtithe eile;

(b) 

sainchúnamh a thabhairt do thionscadail agus do chuibhreannais chun rochtain leordhóthanach a thabhairt dóibh ar na scileanna is gá chun torthaí a chur in iúl, a shaothrú agus a scaipeadh ar an mbealach is fearr;

(c) 

gníomhaíochtaí lena dtabharfar le chéile agus lena scaipfear torthaí ó raon tionscadal, lena n-áirítear iad siúd a d'fhéadfaí a chistiú ó fhoinsí eile, chun bunachair shonraí áisiúla agus tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na torthaí is tábhachtaí a chur ar fáil, agus, i gcás inarb ábhartha, na torthaí a chur in iúl agus a scaipeadh don phobal eolaíoch, don tionscal eolaíoch agus don phobal i gcoitinne;

(d) 

torthaí a scaipeadh do lucht ceaptha beartas, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, chun na comhlachtaí iomchuí a spreagadh úsáid a bhaint as na torthaí a bhainfidh le beartas ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, ar an leibhéal réigiúnach;

(e) 

tionscnaimh chun idirphlé agus díospóireacht leis an bpobal a chothú faoi chúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta trí rannpháirtíocht an chomhphobail taighde agus nuálaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus chun leas a bhaint as na meáin shóisialta agus as teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí eile atá nuálach, go háirithe chun cuidiú le feasacht a ardú i measc an phobail i leith na sochar a bhaineann le taighde agus nuálaíocht i dtaca le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin sochaíocha;



CAIBIDIL III

Rialú

Airteagal 29

Rialú agus iniúchóireacht

1.  An córas rialaithe a bhunófar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ceapfar é chun urrús réasúnach a thabhairt go ndéanfar laghdú dóthanach agus bainistíocht leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le héifeacht agus le héifeachtúlacht na n-oibríochtaí, agus ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-idirbheart is bun leo freisin, agus cuirfear san áireamh gur ar bhonn ilbhliantúil a dhéanfar na cláir, chomh maith leis na cineálacha íocaíochtaí lena mbaineann.

2.  Áiritheofar leis an gcóras rialaithe go mbeidh cothromaíocht iomchuí idir iontaobhas agus rialú, agus cuirfear san áireamh costais riaracháin agus costais eile ar gach leibhéal, go háirithe i gcás rannpháirtithe, ionas go mbainfear amach cuspóirí Fís 2020 agus go meallfar chuige na taighdeoirí is fearr agus na fiontair is nuálaí.

3.  Mar chuid den chóras rialaithe, déanfar an straitéis iniúchóireachta le haghaidh caiteachais ar ghníomhaíochtaí indíreacha thar Fís 2020 ina hiomláine a bhunú ar iniúchadh airgeadais a dhéanfar ar shampla ionadaíoch den chaiteachas. Comhlánófar an sampla ionadaíoch sin le rogha a bhunófar ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas.

Déanfar iniúchtaí ar an gcaiteachas ar ghníomhaíochtaí indíreacha faoi Fhís 2020 ar bhealach comhtháite agus i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta d'fhonn ualach na hiniúchóireachta ar na rannpháirtithe a íoslaghdú.

Airteagal 30

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.  Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

Gan dochar do mhír 3, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain i ndiaidh íocaíocht na hiarmhéide.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 ón gComhairle ( 6 ), d'fhonn a fháil amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le haon chomhaontú deontais de chuid Fís 2020, le haon chinneadh faoi dheontas nó le haon chonradh.

4.  Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna comhaontuithe deontais, sna cinntí faoi dheontas agus sna conarthaí, a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.



CAIBIDIL IV

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 31

Faireachán

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán go bliantúil ar chur chun feidhme Fís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfaidh léi agus ar ghníomhaíochtaí IET. Áireofar leis an bhfaireachán sin, ba cheart a bheith bunaithe ar fhianaise chainníochtúil agus, i gcás inarb iomchuí, ar fhianaise cháilíochtúil, faisnéis faoi ábhair thrasnaí amhail eolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí, inbhuanaitheacht agus an t-athrú aeráide, lena n-áirítear faisnéis faoin méid caiteachais a bhain le cúrsaí aeráide, faoi rannpháirtíocht FBManna, faoi rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, faoi chomhionannas inscne, faoi rannpháirtíocht a leathnú agus faoi dhul chun cinn i gcoinne táscairí feidhmíochta. Áireofar thairis sin leis an bhfaireachán faisnéis faoin méid cistithe i gcomhair comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí, lena n-áirítear Comhthionscnaimh Phleanála Tabharfar faoin bhfaireachán ar chistiú na gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, i gcás inarb iomchuí sin, i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe.

2.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin sin agus cuirfidh sé na torthaí sin ar fáil don phobal.

Airteagal 32

Meastóireacht

1.  Déanfar na meastóireachtaí ar bhealach sách tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

2.  Faoin 31 Nollaig 2017, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn nós imeachta a bheidh trédhearcach, athbhreithniú ar EIT, ina gcuirfear san áireamh an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008. Seolfar glaoch PEN in 2018 faoi réir thoradh dearfach an athbhreithnithe seo. Déanfaidh an t-athbhreithniú sin measúnú ar dhul chun cinn an EIT le hais na nithe seo a leanas:

(a) 

an leibhéal ídithe a dhéanfar ar chistí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo agus a éifeachtúla a úsáidfear é, agus idirdhealú á dhéanamh idir an méid airgid a chaithfear le céad bhabhta PEN agus éifeacht an airgid shíl le haghaidh na gcéimeanna ina dhiaidh, agus cumas IET cistí a mhealladh ó na comhpháirtithe in PENanna agus ón earnáil phríobháideach go háirithe, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;

(b) 

ranníocaíocht EIT agus PENanna leis an tosaíocht Dúshláin shochaíocha" a réiteach agus leis an tosaíocht shonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus an fheidhmíocht a ndearnadh measúnú uirthi ar bhonn na dtáscairí a shainítear in Iarscríbhinn I;

(c) 

an méid a chuirfidh EIT agus PENanna le hardoideachas, le taighde, agus le nuálaíocht a chomhtháthú;

(d) 

cumas na PENanna páirtithe ábhartha nua a imeascadh nuair is féidir leo breisluach a sholáthar.

3.  Faoin 31 Nollaig 2017, agus tar éis a chur san áireamh an mheastóireacht ex-post ar an Seachtú Clár Réime a bheidh le críochnú faoin 31 Nollaig agus an t-athbhreithniú ar EIT, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn próisis a bheidh trédhearcach, meastóireacht eatramhach ar Fís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfaidh léi, lena n-áirítear an Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET), agus ar ghníomhaíochtaí EIT.

Leis an meastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar dhul chun cinn chodanna difriúla de Fís 2020 le hais na rudaí seo a leanas:

(a) 

a mbeidh bainte amach (ar leibhéal na dtorthaí agus an dul chun cinn a bheidh déanta chun tionchar a bhaint amach, bunaithe, i gcás inarb infheidhme, ar na táscairí a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II den chlár sonrach) i dtaca le cuspóirí Fís 2020 agus ábharthacht leanúnach na mbeart gaolmhar uile;

(b) 

éifeachtúlacht agus úsáid na n-acmhainní, agus aird ar leith á tabhairt do shaincheisteanna trasnaí agus d'eilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 14(1); agus

(c) 

breisluach an Aontais.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, beidh na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha atá ann cheana agus na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha nua araon, lena n-áirítear na Comhthionscnaimh Theicneolaíochta, faoi réir measúnaithe dhomhain, lena n-áireofaí, inter alia, anailís ar a oscailte, a thrédhearcaí agus a éifeachtaí a bheidh siad. Áireofar leis an measúnú sin an mheastóireacht a dhéanfar ar IET dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ionas go bhféadfaí measúnú a dhéanamh bunaithe ar phrionsabail choiteanna.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, beidh CMN faoi réir measúnaithe dhomhain lena n-áireofar, inter alia, rannchuidiú le nuálaíocht, rannpháirtíocht tionscail, rannpháirtíocht iarratasóirí nua, éifeacht oibríochtúil agus maoiniú, agus giaráil infheistíochta príobháidí. Cinnfear CMN a chur chun feidhme tuilleadh ar bhonn thorthaí na meastóireachta, agus d'fhéadfaí í a choigeartú nó a leathnú dá réir sin.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach gnéithe a bhaineann le scaipeadh agus saothrú thorthaí an taighde.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach sin freisin an tsolúbthacht a bheidh ann chun a thuilleadh simplithe a dhéanamh agus gnéithe a bhaineann le rochtain ar dheiseanna cistiúcháin ag rannpháirtithe i ngach réigiún, agus ag an earnáil phríobháideach, go háirithe ag FBManna, agus leis an raon feidhme chun an chothromaíocht inscne a chur chun cinn. Fairis sin, cuirfear san áireamh inti an méid a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach agus maidir leis na torthaí i leith thionchar fadtéarmach na mbeart réamhtheachtach, agus méid na sineirge agus na hidirghníomhaíochta le cláir chistiúcháin eile an Aontais, lena n-áirítear Cistí ESI.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú iomlán ar shamhail cistiúcháin Fís 2020 le hais na dtáscairí seo a leanas, inter alia:

— 
rannpháirtíocht na rannpháirtithe a mbeidh bonneagair thaighde ar ardleibhéal ar fáil dóibh nó a mbeidh sé de nós acu úsáid a bhaint as costáil ionsú sa Seachtú Clár Réime cheana;
— 
simpliú le haghaidh rannpháirtithe a mbeidh bonneagair thaighde ar ardleibhéal ar fáil dóibh nó a mbeidh sé de nós acu úsáid a bhaint as costáil ionsú sa Seachtú Clár Réime cheana;
— 
gnáthchleachtais chuntasaíochta tairbhithe a ghlacadh;
— 
a mhéid a úsáidfear an luach saothair breise a fhaigheann pearsanra dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach freisin, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le comhar le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear i limistéir ina mbeidh comhthionscnaimh phleanála.

4.  Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn próisis a bheidh trédhearcach, meastóireacht ex-post ar Fhís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfadh léi agus ar ghníomhaíochtaí IET. Cumhdófar leis an mheastóireacht sin an réasúnaíocht, an chaoi a gcuirfear chun feidhme í agus a mbeidh baint amach, chomh maith le tionchair fhadtéarmacha na mbeart agus a inbhuaine a bheidh siad, chun fónamh do chinneadh a dhéanamh maidir le haon bheart ina dhiaidh sin a athnuachan, a athrú nó a chur ar fionraí. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht gnéithe a bhaineann le leathadh agus saothrú thorthaí an taighde.

5.  Trí bhíthin na dtáscairí feidhmíochta le haghaidh na gcuspóirí ginearálta agus le haghaidh EIT, faoi mar a leagtar amach sa réamhrá d'Iarscríbhinn I, agus trí bhíthin na gcuspóirí sonracha faoi a bhunaítear sa chlár sonrach, lena n-áirítear na bonnlínte iomchuí, socrófar na coinníollacha is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a mbeifear ag tabhairt faoi chuspóirí Fís 2020 a bhaint amach.

6.  I gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh siad ar fáil, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann.

7.  Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, chomh maith lena bharúlacha féin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.



TEIDEAL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 33

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.  Déantar Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.  D'ainneoin mhír II, aon ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus aon oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, leanfaidh siad de bheith á rialú ag an gCinneadh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

3.  Féadfar na costais a bhaineann le cúnamh teicneolaíochta agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú ó na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE go dtí Fís 2020 a áirithiú a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Treoirlínte do na cuspóirí sonracha agus do na gníomhaíochtaí sonracha

Tá sé mar chuspóir ginearálta ag Fís 2020 sochaí agus geilleagar ceannródaíoch a bheidh bunaithe ar an eolas agus ar an nuálaíocht a thógáil ar fud an Aontais ar fad, agus cur leis an bhforbairt inbhuanaithe freisin. Tacóidh sí leis an straitéis Eoraip 2020 agus le beartais eile de chuid an Aontais freisin, chomh maith leis an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bhaint amach agus a fheidhmiú.

Is iad seo a leanas na táscairí feidhmíochta chun an dul chun cinn a mheasúnú i gcoinne an chuspóra ghinearálta sin:

— 
sprioc straitéis Eoraip 2020 maidir leis an taighde agus leis an bhforbairt (T&F) (3 % den olltáirgeacht intíre);
— 
táscaire an ascurtha maidir leis an nuálaíocht i gcomhthéacs Straitéis Eoraip 2020 ( 7 ).
— 
cion na dtaighdeoirí sa phobal gníomhach.

Rachfar i mbun an chuspóra ghinearálta seo trí bhíthin trí cinn de thosaíochtaí atá éagsúil lena chéile ach, san am céanna, a threisíonn a chéile, agus beidh tacar cuspóirí sonracha mar chuid de gach ceann de na tosaíochtaí sin. Cuirfear chun feidhme iad ar bhealach leanúnach d'fhonn caidreamh a chothú idir na cuspóirí sonracha difriúla, d'fhonn dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus d'fhonn a gcomhthionchar a threisiú.

Rannchuideoidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) le cuspóir ginearálta agus le tosaíochtaí Fís 2020 a bhaint amach, agus beidh sé mar chuspóir sonrach aige tacaíocht eolaíochta agus teicneolaíochta a bheidh dírithe ar chustaiméirí a thabhairt do bheartais an Aontais.

Rannchuideoidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) le cuspóir ginearálta agus le tosaíochtaí Fís 2020 a bhaint amach, agus beidh sé mar chuspóir sonrach aici triantán an ardoideachas an taighde, agus na nuálaíochta - a chomhtháthú ina chéile. Is iad seo a leanas na táscairí chun feidhmíocht EIT a mheasúnú:

— 
eagraíochtaí ó ollscoileanna, ón earnáil ghnó agus ó earnáil an taighde atá comhtháite sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna);
— 
comhoibriú laistigh de thriantán an eolais d'fhonn táirgí, seirbhisí agus próisis nuálacha a fhorbairt.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na mórthreoirlínte dul na gcuspóirí sonracha agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4).

Saincheisteanna trasnaí agus bearta tacaíochta in Fís 2020

Gníomhaíochtaí trasnaí, a bhfuil liosta táscach díobh in Airteagal 14, cuirfear chun cinn iad idir cuspóirí sonracha na dtrí thosaíochtaí de réir mar is gá chun eolas nua, príomhinniúlachtaí agus dul chun cinn ceannródaíoch sa teicneolaíocht a fhorbairt, chomh maith le faisnéis a úsáid chun luach eacnamaíoch agus sochaíoch a bhaint aisti. Thairis sin, i mórán cásanna, caithfear réitigh idirdhisciplíneacha a fhorbairt a bhaineann le roinnt cuspóirí sonracha de Fís 2020. Cuirfear dreasachtaí ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna trasnaí den sórt sin le Fís 2020, lena n-áirítear trí chuachadh éifeachtúil buiséad.

Na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí

Deanfar taighde sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí a chomhtháthú go hiomlán i ngach tosaíocht de chuid Fís 2020 agus i ngach ceann de na cuspóirí sonracha agus rannchuideoidh an taighde sin leis an mbonn fianaise chun beartais a cheapadh ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Maidir leis na dúshláin shochaíocha, déanfar na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí a phríomhshruthú mar chuid bhunriachtanach de na gníomhaíochtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha d'fhonn a dtionchar a mhéadú. Leis an gcuspóir sonrach den dúshlán sochaíoch 'An Eoraip i ndomhan atá i mbun athraithe- sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach' tacófar le taighde sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí trí dhíriú ar shochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha.

An eolaíocht agus an tsochaí

Déanfar an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí chomh maith le taighde agus nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn, an eolaíocht, an t-oideachas agus cultúr a neartú agus déanfar muinín an phobail i dtaobh na heolaíochta a threisiú trí ghníomhaíochtaí Fís 2020 lena spreagfar saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dul i ngleic go feasach le cúrsaí taighde agus nuálaíochta.

Inscne

Is gealltanas de chuid an Aontais cur chun cinn an chothromais idir na hinscní san eolaíocht agus sa nuálaíocht. Tabharfar aghaidh ar cheist na hinscne mar shaincheist thrasnaí chun míchothromaíochtaí idir fir agus mná a réiteach, agus chun diminsean inscne a chomhtháthú i gclárú agus in ábhar a bhaineann le taighde agus núalaíocht.

FBManna

Spreagfar agus tacófar le Fís 2020 rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide i mbealach comhtháite ar fud na gcuspóirí sonracha uile. I gcomhréir le hAirteagal 22, déanfar bearta mar a leagtar amach faoin gcuspóir sonrach 'Nuálaíocht i FBManna (ionstraim thiomnaithe FBManna) a chur i bhfeidhm sa chuspóir sonrach 'An Cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus sa tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha'.

An Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta (CMN)

Le CMN, amhail a leagtar amach in Airteagal 24 é, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálaíochta faoin gcuspóir sonrach "An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus faoin tosaíocht ''Dúshláin shochaíocha', de réir loighce ón mbun aníos ar bhonn glao a bheidh oscailte ar bhonn leanúnach, agus 'am chun rochtain a cheadú' nach dtéann thar sé mhí i gceist léi.

Rannpháirtíocht a leathnú

In ainneoin roinnt cóineasaithe le déanaí, tá an-difríocht le sonrú maidir le cumas féideartha nuálaíochta agus taighde na mBallstát, agus bearnaí móra idir na "ceannairí nuálaíochta" agus na "nuálaithe measartha". Cabhrófar le gníomhaíochtaí chun an deighilt taighde agus nuálaíochta san Eoraip a réiteach trí shineirgí a chur chun cinn le Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta(Cistí ESI) agus trí bhearta sonracha chun barr feabhas a scaoileadh i réigiúin bheagfheidhmíochta taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN), agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht in Fís 2020 a fhorleathnú agus cuideofar leis LET a bhaint amach freisin.

Comhar Idirnáisiúnta

Tá gá le comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an iomad cuspóirí sonracha a leagtar amach in Fís 2020. Tá comhar idirnáisiúnta bunriachtanach i gcomhair taighde bunúsaí agus ceannródaíche chun tairbhe a bhaint as deiseanna a eascraíonn as eolaíocht agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn. Is riachtanach é an comhar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus chun iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa a fheabhsú. Tá sé bunriachtanach freisin go gcuirfí soghluaisteacht taighdeoirí agus foirne nuálaíochta (T agus FN) ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cinn d'fhonn an comhar domhanda sin a fheabhsú. Is gné bhunúsach de ghealltanais dhomhanda an Aontais atá sa chomhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus nuálaíocht. Cuirfear comhar idirnáisiúnta chun cinn mar sin i ngach ceann de na trí thosaíochtaí de Fís 2020. I dteannta sin, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí cothrománacha tiomnaithe chun forbairt chomhtháite agus éifeachtach an chomhair idirnáisiúnta ar fud Fís 2020 a áirithiú.

Forbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide

Spreagfar agus tacófar, le Fís 2020, gníomhaíochtaí chun ceannaireacht na hEorpa a úsáid sa rás chun próisis nua agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt lena gcuirtear forbairt inbhuanaithe, go ginearálta, chun cinn agus lena ndéantar an t-athrú aeráide a chomhrac. Cabhrófar tríd an gcur chuige comhrománach sin, a bheidh comhtháite go hiomlán i dtosaíochtaí Fís 2020, leis an Aontas rath a bhaint amach i ndomhan ísealcharbóin ina bhfuil srianta ar acmhainní, agus geilleagar atá tíosach ar acmhainní, inbhuanaithe agus iomaíoch á thógáil.

Nascadh ó fhionnachtain go dtí cur i bhfeidhm sa mhargadh

Le gníomhaíochtaí nasctha síos trí Fís 2020, iarrtar fionnachtain a thabhairt isteach i bhfeidhmiú an mhargaidh, céim a éascóidh saothrú agus margú smaointe nuair is iomchuí sin. Ba cheart na céimeanna a bhunú ar choincheap leathan nuálaíochta d'fhonn nuálaíocht thrasearnála a spreagadh.

Bearta tacaíochta trasnaí

Tacófar na bearta trasnaí le líon beart tacaíochta cothrománach, lena n-áirítear tacaíocht maidir le: mealltacht ghairm an taighdeora a fheabhsú, lena n-áirítear prionsabail ghinearálta na Cairte Eorpaí do Thaighdeoirí lena n-atreisítear bonn fianaise chomh maith le forbairt agus tacaíocht ERA (lena n-áirítear na cúig thionscnaimh de chuid ERA) agus an Aontais Nuálaíochta; feabhas a chur ar na dálaí chun tacaíocht a thabhairt don Aontas Nuálaíochta, lena n-áirítear na prionsabail sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú ( 8 ) agus measúnú a dhéanamh ar ionstraim luachshocraithe a bhunú maidir le Cearta Maoine Intleachtúla san Eoraip; riar agus comhardú na líonraí idirnáisiúnta um taighdeoirí agus nuálaithe sármhaithe, amhail COST.

CUID I.

TOSAÍOCHT 'Eolaíocht den scoth'

Is éard is aidhm leis an gCuid seo barr feabhas bhonn eolaíochta an Aontais a threisiú agus a leathnú agus LET a dhaingniú d'fhonn córas taighde agus nuálaíochta an Aontais a dhéanamh níos iomaíche ar fud an domhain. Tá na ceithre chuspóir shonracha seo a leanas inti:

(a) 

Trí bhíthin "an Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET)", soláthrófar cistiú tarraingteach agus solúbtha chun cur ar chumas taighdeoirí tréitheacha cruthaitheacha, agus dá bhfoirne, dul i mbun oibre ar na gnéithe is fearr gealladh agus is nua-aimseartha den eolaíocht, ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais.

(b) 

Trí bhíthin "Teicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn CET (CETanna)", tabharfar tacaíocht don chomhoibriú sa taighde d'fhonn feabhas a chur ar chumas na hEorpa nuálaíocht cheannródaíoch, réabhlóideach a bhaint amach. Cothófar leo an comhoibriú eolaíochta idir disciplíní éagsúla ar smaointe úrnua, ardriosca, agus cuirfear dlús leis an bhforbairt ar na réimsí úra sin den eolaíocht agus den teicneolaíocht is fearr gealladh, chomh maith leis an struchtúrú ar na comhphobail eolaíochta a fhreagraíonn do na réimsí sin ar fud an Aontais.

(c) 

Trí "Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie", soláthrófar oiliúint nuálach den scoth ar an taighde, chomh maith le deiseanna tarraingteacha chun dul chun cinn a dhéanamh sa ghairmréim agus chun eolas a mhalartú, trí bhíthin shoghluaisteacht na dtaighdeoirí thar theorainneacha agus idir na hearnálacha d'fhonn iad a ullmhú chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha reatha agus leis na dúshláin a bheidh ann amach anseo.

(d) 

Trí bhíthin na"Bonneagair taighde", forbrófar agus tacófar leis na bonneagair Eorpacha taighde den scoth agus cabhrófar leo agus iad ag rannchuidiú le ERA tríd a gcumas chun nuálaíochta a chothú, trí thaighdeoirí ar ardleibhéal a mhealladh agus trí chaipiteal daonna a chur faoi oiliúint, agus comhlánófar iad sin leis an mbeartas de chuid an Aontais lena mbaineann siad agus leis an gcomhar idirnáisiúnta.

Léiríodh cheana go bhfuil breisluach ard ar gach ceann de na cuspóirí sin don Aontas. Nuair a chuirtear le chéile iad, is tacar cumhachtach, cothromúil gníomhaíochtaí iad agus, in éineacht le gníomhaíochtaí eile ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, cumhdaíonn siad an réimse iomlán riachtanas atá ag an Eoraip maidir leis an ardeolaíocht agus leis an ardteicneolaíocht. Agus iad á dtabhairt le chéile in aon chlár amháin, beifear in ann iad a fheidhmiú ar bhealach níos comhchuí, cuíchóirithe, simplithe agus níos dírithe agus, san am céanna, an leanúnachas atá chomh tábhachtach sin dá n-éifeacht a choinneáil ar bun.

Is é cineál na ngníomhaíochtaí a bheith dírithe ar an am atá romhainn amach, iad ag cothú scileanna san fhadtéarma, ag díriú ar an gcéad ghlúin eile den eolaíocht, den teicneolaíocht, de thaighdeoirí agus den nuálaíocht, agus ag tabhairt tacaíochta do dhaoine tréitheacha atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais, as tíortha comhlachaithe agus as an domhan mór féin. Ós rud é go bhfuil comhphobal Eorpach na heolaíochta dírithe ar an eolaíocht agus go bhfuil a chuid socruithe cistiúcháin ón mbun aníos agus dírithe ar lucht imscrúdaithe, beidh ról tábhachtach aige maidir le cinneadh a dhéanamh ar na réimsí taighde a dtabharfar fúthu faoi Fhís 2020.

CUID II.

TOSAÍOCHT 'Ceannaireacht thionsclaíoch'

Tá sé mar aidhm ag an gCuid seo dlús a chur leis an bhforbairt ar theicneolaíochtaí agus ar nuálaíochtaí a bheidh mar thaca agus mar bhonn ag gnólachtaí sa todhchaí, agus cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide san Eoraip teacht chun bheith ina gcuideachtaí ceannródaíocha sa domhan mór. Tá na trí chuspóir shonracha seo a leanas inti:

(a) 

Trí bhíthin "ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha", cuirfear tacaíocht ar fáil don taighde, don fhorbairt agus do thaispeántais, agus, i gcás inarb iomchuí, do chaighdeánú agus do dheimhniú i gcás inarb iomchuí, ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ar nanaitheicneolaíocht, ar ábhair shárfhorbartha, ar an mbiteicneolaíocht, ar an ardmhonaraíocht agus ar an ardphróiseáil, agus ar chúrsaí spáis. Leagfar béim ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcóineasú ar fud na dteicneolaíochtaí difriúla agus eatarthu freisin agus ar a gcaidreamh le dúshláin shochaíocha. Cuirfear riachtanais an úsáideora san áireamh sna réimsí sin ar fad.

(b) 

Is éard is aidhm le "Rochtain ar mhaoiniú riosca" sárú a dhéanamh ar easnaimh ar infhaighteacht fiachais agus ar mhaoiniú cothromais le haghaidh cuideachtaí agus tionscadal atá dírithe ar an taighde, ar an bhforbairt nó ar an nuálaíocht ag gach céim dá bhforbairt. In éineacht le hionstraim chothromais an Chláir le haghaidh Iomaíochas na bhFiontar agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (COSME) (2014-2020), tabharfaidh sé tacaíocht don fhorbairt ar chaipiteal riosca ar leibhéal an Aontais.

(c) 

Trí bhíthin "Nuálaíocht i FBManna", soláthrófar tacaíocht a bheidh dírithe ar FBManna chun go spreagfar gach cineál nuálaíochta in FBManna, agus díreofar orthu siúd a bhfuil sé de chumas acu fás a dhéanamh agus a bheith ina gcuideachtaí idirnáisiúnta sa mhargadh aonair agus lasmuigh de.

Déanfar na gníomhaíochtaí de réir cláir oibre atá dírithe ar ghnó. Feidhmeoidh na buiséid le haghaidh na gcuspóirí sonracha 'Rochtain ar mhaoiniú riosca' agus 'Nuálaíocht i FBManna' de réir loighce atá dírithe ar an éileamh, ón mbun aníos. Comhlánófar na buiséid sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais. Cuirfear chun feidhme ionstraim atá tiomnaithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar bhealach ón mbun aníos go príomha, ar ionstraim í a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna, agus cuspóirí sonracha na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha' agus an cuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' á gcur san áireamh.

Beidh cur chuige comhtháite i bhfeidhm in Fís 2020 maidir le rannpháirtíocht FBManna, agus a gcuid riachtanas aistrithe eolais agus teicneolaíochta á gcur san áireamh, inter alia, rud a fhágann gur cheart go dtabharfaí do FBManna íosmhéid de 20 % d'iomlán na mbuiséad cumasctha le haghaidh na gcuspóirí sonracha go léir maidir le dúshláin shochaíocha agus leis an gcuspóir sonrach 'An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha'.

Sa chuspóir sonrach 'An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha', leanfar cur chuige atá dírithe ar an teicneolaíocht chun forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí cumasúcháin a d'fhéadfaí a úsáid i roinnt réimsí, tionscal agus seirbhísí. Na teicneolaíochtaí sin a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha, tacófar lena gcur i bhfeidhm, chomh maith leis na tosaícht 'Dúshláin shochaíocha'.

CUID III.

TOSAÍOCHT 'Dúshláin shochaíocha'

Freagraíonn an Chuid seo go díreach do thosaíochtaí an bheartais agus do na dúshláin shochaíocha atá aitheanta i straitéis Eoraip 2020, agus arb éard is aidhm dóibh an mhais chriticiúil is gá chun spriocanna an Aontais maidir lena bheartas ar thaighde agus ar iarrachtaí ar nuálaíocht a spreagadh. Díreofar an cistiú ar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a) 

An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine;

(b) 

Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intír,e agus an bithgheilleagar;

(c) 

Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil;

(d) 

Iompar atá cliste, glas agus comhtháite;

(e) 

Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair;

(f) 

An Eoraip i ndomhan atá ag athrú – sochaithe atá uilechuimsitheach, nuálach agus macnamhach;

(g) 

Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint.

Beidh cur chuige atá dírithe ar na dúshláin sin i bhfeidhm sna gníomhaíochtaí ar fad agus féadfaidh taighde bunúsach, taighde feidhmeach, malartú faisnéise nó nuálaíocht bheith sa chur chuige, agus díreofar go háirithe ar thosaíochtaí beartais gan réamhchinneadh a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí nó ar na réitigh ba cheart a fhorbairt. I dteannta réiteach atá dírithe ar theicneolaíocht, tabharfar aird ar nuálaíocht neamhtheicniúil agus eagraíochtúil córas maraon le ar nuálaíocht na hearnála poiblí. Leagfar béim ar mhais chriticiúil d'acmhainní agus d'eolas a thabhairt le chéile ó réimsí, ó theicneolaíochtaí agus ó dhisciplíní éagsúla eolaíochta agus ó bhonneagair thaighde d'fhonn dul i ngleic leis na dúshláin. Cumhdófar leis na gníomhaíochtaí an próiseas ar fad ón taighde bunúsach go dtí an margadh, agus leagfar béim úr ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an nuálaíocht, amhail scéimeanna píolótacha, gníomhaíochtaí taispeántais, trialacha sábháilte, tacaíocht don soláthar poiblí, ceapadh, nuálaíocht atá dírithe ar na húsáideoirí deiridh, an nuálaíocht shóisialta, malartú faisnéise agus an chaoi a nglacann an margadh le nuálaíochtaí agus le caighdeánú.

CUID IV.

AN CUSPÓIR SONRACH 'BARR FEABHAS A LEATHNÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT A ARDÚ'

Is é an cuspóir sonrach 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú go hiomlán agus a áirithiú go mbainfear an leas is fearr as sochair gheilleagair atá faoi thionchar na nuálaíochta agus go scaipfear iad ar fud an Aontais i gcomhréir le prionsabal an bharr feabhais.

CUID V.

AN CUSPÓIR SONRACH 'EOLAÍOCHT I GCOMHAR LEIS AN TSOCHAÍ AGUS LE HAGHAIDH NA SOCHAÍ'

Is é aidhm an chuspóra shonraigh 'Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' comhar éifeachtach a chruthú idir an eolaíocht agus an tsochaí, daoine tréitheacha nua a earcú don eolaíocht agus barr feabhas eolaíoch a chur le feasacht agus freagracht shóisialta.

CUID VI.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN AIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE (ACT)

Beidh gníomhaíochtaí ACT ina ndlúthchuid de Fís 2020 d'fhonn tacaíocht stóinsithe atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do bheartais an Aontais. Díreofar iad sin ar riachtanais na gcustaiméirí, agus comhlánófar iad le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an am atá romhainn amach.

CUID VII.

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (IET)

Beidh ról tábhachtach ag EIT trí bhíthin taighde, eardoideachas, nuálaíocht agus ardoideachas den scoth a thabhairt le chéile, rud a dhéanfaidh triantán an eolais a chomhtháthú. Déanfaidh EIT sin go príomha trí bhíthin PENanna. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go roinnfear an taithí ar phobail laistigh de PENanna agus lasmuigh díobh féin trí bhearta spriocdhírithe scaipthe agus malartaithe eolais, rud a fhágann go nglacfar níos sciobtha leis na samhlacha nuálaíochta ar fud an Aontais.

CUID I

EOLAÍOCHT DEN SCOTH

1.    An Chomhairle Eorpach um Thaighde

1.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach barr feabhas, fuinneamh agus cruthaitheacht an taighde Eorpaigh a threisiú.

Tá uaillmhian leagtha amach ag an Eoraip chun glacadh le samhail eacnamaíoch úr bunaithe ar an bhfás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Beidh níos mó ná feabhsuithe beaga ar na teicneolaíochtaí reatha agus ar an eolas reatha ag teastáil chun claochlú den sórt sin a chur i bhfeidhm. Is éard a theastóidh cumas i bhfad níos fearr chun na nuálaíochta atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar an taighde bunúsach, agus í sin ag eascairt as an eolas is réabhlóidí amuigh, sa chaoi go bhféadfaidh an Eoraip a bheith ina ceannaire agus í ag cruthú na n-aistrithithe paraidíme teicneolaíochta agus eolaíochta a stiúrfaidh fás na táirgiúlachta, iomaíochas, rachmas, forbairt inbhuanaithe agus dul chun cinn sóisialta sna tionscail agus sna hearnálacha amach anseo. Go dtí seo, is nós le haistrithe paraidíme den sórt sin eascairt ón mbonn eolaíochta san earnáil phoiblí sula leantar ar aghaidh chun an dúshraith a leagan le haghaidh tionscal agus earnálacha úrnua.

Tá dlúthcheangal idir an nuálaíocht a thugann treoir don domhan agus an eolaíocht den scoth. Cé go raibh sí chun tosaigh tráth dá raibh, tá an Eoraip chun deiridh anois agus í ag iarraidh an obair is fearr agus is úire a dhéanamh san eolaíocht; ón dara cogadh domhanda i leith, tá sí ina tánaiste ag na Stáit Aontaithe maidir le dul chun cinn mór a dhéanamh sa teicneolaíocht. In ainneoin gurb é an tAontas a fhoilsíonn an líon is mó foilseacháin eolaíochta ar domhan go fóill, foilsíonn Stáit Aontaithe Mheiriceá dhá oiread na ndoiciméad is tábhachtaí (an 1 % is tábhachtaí díobh, de réir líon na n-uaireanta a luaitear iad). Ar an gcuma chéanna, léiríonn rangú idirnáisiúnta na n-ollscoileanna gurb iad ollscoileanna SAM atá in uachtar. Ina theannta sin, bhí 70 % de bhuaiteoirí dhuais Nobel go dtí seo lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Seo gné amháin den dúshlán: cé go n-infheistíonn an Eoraip agus na Stáit Aontaithe thart ar an oiread céanna airgid ina mboinn eolaíochta san earnáil phoiblí, tá beagnach trí oiread líon na dtaighdeoirí ag obair san earnáil phoiblí san Aontas ná mar atá i SAM, rud a fhágann go bhfaigheann taighdeoirí i bhfad níos lú infheistíochta, in aghaidh an taighdeora, san Eoraip. Ina theannta sin, bíonn SAM níos cúramaí agus acmhainní á leithdháileadh ar na taighdeoirí is fearr. Sin ceann de na fáthanna nach mbíonn taighdeoirí an Aontais a oibríonn san earnáil phoiblí, ar an meán, chomh rathúil céanna lena gcomhthaighdeoirí i SAM, agus nach mbíonn an comhthionchar céanna ag a gcuid oibre ar an eolaíocht, in ainneoin gur líonmhaire go mór taighdeoirí an Aontais.

Gné mhór eile den dúshlán is ea nach leor na dálaí oibre a chuirtear ar fáil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa chun na taighdeoirí is fearr a mhealladh. Is minic a thógann sé cuid mhaith blianta sula n-éiríonn le taighdeoirí óga tréitheacha a bheith ina n-eolaithe neamhspleácha ina gcáil féin. Fágann sin go gcuirtear amú cumas na hEorpa sa taighde trí mhoill a chur ar theacht chun cinn na chéad ghlúine eile de thaighdeoirí a mbíonn smaointe úra acu agus fuinneamh iontu, nó, i gcásanna áirithe trí bhac a chur orthu, é sin nó trí thaighdeoirí den scoth a mhealladh chun tús a chur lena ngairmréim san Eoraip agus ansin ardú céime a lorg in áit eile.

Ina theannta sin, fágann na nithe sin ar fad go ndéantar an Eoraip níos neamhtharraingtí fós san iomaíocht dhomhanda le haghaidh eolaithe tréitheacha a mhealladh.

1.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Cruthaíodh an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) chun go gcuirfí ar fáil do na taighdeoirí is fearr san Eoraip, idir fhir agus mhná, na hacmhainní a theastaíonn uathu chun dul in iomaíocht ar leibhéal domhanda, agus déantar sin trí bhíthin foirne aonair a chistiú ar bhonn iomaíochta ar fud na hEorpa. Feidhmíonn sí ar bhonn féinrialach: is Comhairle neamhspleách Eolaíochta ina mbíonn eolaithe, innealtóirí agus scoláirí a bhfuil ardcháil agus saineolas bainte amach acu, ar mná agus fir iad in aoisghrúpaí éagsúla, a bhunaíonn an straitéis ghinearálta i leith na heolaíochta, agus is aici atá údarás iomlán ar chinntí a dhéantar faoin gcineál taighde a mhaoinítear. Is gnéithe bunúsacha de ERC iad sin, agus tugann siad ráthaíocht go mbíonn an clár eolaíochta éifeachtach, go mbíonn na hoibríochtaí agus an próiseas athbhreithnithe piaraí ar ardchaighdeán, agus go mbíonn cáil mhaith uirthi i measc chomhphobal na heolaíochta.

Agus é ag feidhmiú ar fud na hEorpa ar bhonn iomaíoch, tá ERC in ann tarraingt ar thacar de dhaoine tréitheacha agus de smaointe, ar tacar é atá níos leithne ná mar a bheadh ar fáil faoi aon scéim náisiúnta. Bíonn na taighdeoirí is fearr agus na smaointe is fearr in iomaíocht le chéile. Tuigeann na hiarratasóirí go mbíonn orthu obair shármhaith a dhéanamh, agus is éard a fhaigheann siad i gcomaoin air sin cistiú solúbtha ar mhachaire réidh, gan spleáchas do scrogaill áitiúla ná do chistiú náisiúnta a bheith ar fáil.

Mar sin bítear ag súil le go mbeidh tionchar substaintiúil díreach ag an taighde ceannródaíoch a fhaigheann cistiú ón gComhairle Eorpach um Thaighde, go ndéanfaidh sé dul chun cinn san eolas is ceannródaíche, go réiteoidh sé an bealach le haghaidh torthaí úra agus torthaí gan choinne san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus le haghaidh réimsí úra den taighde a fhéadfaidh, faoi dheoidh, na smaointe úrnua a stiúrfaidh an nuálaíocht agus an airgtheacht sa ghnóthas agus a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha a ghiniúint. Tá an teaglaim sin d'eolaithe aonair den scoth agus smaointe nuálacha mar bhonn agus mar thaca ag gach céim den slabhra nuálaíochta.

Thairis sin, tá tionchar mór struchtúrach ag ERC trí bhíthin feabhsúcháin ar chaighdeán an chórais Eorpaigh taighde a spreagadh go mór, de bhreis ar na taighdeoirí agus ar na tionscadail a chistíonn ERC go díreach. Déanann tionscadail agus taighdeoirí a fhaigheann cistiú ó ERC sprioc shoiléir, uaillmhianach a leagan síos le haghaidh an taighde cheannródaíoch san Eoraip, ardaíonn siad a phróifíl, agus déanann siad níos tarraingtí é do na taighdeoirí is fearr ar fud an domhain. Toisc ardghradam a bheith ag roinnt leo siúd a fhaigheann deontais ó ERC agus an 'stampa barr feabhais' a ghabhann leis sin, tá an iomaíocht ag éirí níos géire idir ollscoileanna na hEorpa agus eagraíochtaí eile taighde chun na dálaí oibre is tarraingtí a thairiscint do na taighdeoirí is fearr. Maidir le cumas na gcóras náisiúnta agus na n-institiúidí aonair taighde chun lucht buaite deontas ó ERC a mhealladh agus a óstáil, tá sé sin ina thagarmharc a fhéadfar a úsáid chun a gcuid láidreachtaí agus laigí a mheasúnú agus chun a gcuid beartas agus cleachtas a athchóiriú dá réir. Dá bhrí sin tá an cistiú ó ERC de bhreis ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun an córas taighde Eorpach a athchóiriú, a chumas a chothú, na féidearthachtaí is d'inneach de a bhaint amach, agus é a dhéanamh níos tarraingtí.

1.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Is éard a bheidh i ngníomhaíocht bhunúsach ERC cistiú tarraingteach fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le taighdeoirí den scoth agus lena bhfoirne taighde agus iad i mbun taighde cheannródaíoch, ardghnóthachain/ardriosca.

Bronnfar cistiú ó ERC i gcomhréir leis na prionsabail seanbhunaithe seo a leanas: Is é an barr feabhais eolaíoch an t-aon chritéar amháin a mheasfar agus deontais ón ERC á mbronnadh. Feidhmeoidh ERC ar bhonn 'ón mbun aníos' gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh. Beidh deontais ó ERC ar fáil d'fhoirne aonair taighdeoirí a oibríonn san Eoraip, is cuma cén aois iad, cén inscne atá acu nó cé as dóibh. Beidh sé d'aidhm ag ERC iomaíochas sláintiúil a chothú trasna na hEorpa, ar iomaíochas é a bheidh bunaithe ar nósanna imeachta meastóireachta a bheidh stóinsithe, trédhearcach agus neamhchlaonta, agus a thabharfaidh aghaidh, go háirithe, ar laofacht inscne a d'fhéadfadh a bheith ann.

Beidh sé mar thosaíocht ar leith ag ERC cúnamh a thabhairt do na taighdeoirí is fearr atá ag tosú agus a bhfuil smaointe den scoth acu chun an trasdul a dhéanamh chuig obair neamhspleách, agus déanfar sin trí bhíthin tacaíocht leormhaith a thabhairt dóibh ag an gcéim thábhachtach sin agus iad ag bunú nó ag comhdhlúthú a bhfoireann taighde féin nó a gclár taighde féin. Leanfaidh ERC freisin de leibhéil iomchuí tacaíochta a sholáthar do thaighdeoirí bunaithe.

Tabharfaidh ERC tacaíocht freisin, de réir mar is gá, do bhealaí úra oibre san eolaíocht a d'fhéadfadh torthaí ceannródaíoch a chruthú, agus a d'fhéadfadh fionnachtain a dhéanamh ar an gcumas atá sa taighde a chistíonn sé chun nuálaíocht tráchtála agus sóisialta a bhaint amach.

Faoi 2020, féachfaidh ERC, dá bhrí sin, leis na nithe seo a leanas a léiriú: go bhfuil na taighdeoirí is fearr ag glacadh páirte i gcomórtais ERC, go n-eascraíonn as an gcistiú a thugann an ERC uaidh foilseacháin eolaíochta den chaighdeán is airde chomh maith le torthaí taighde a d'fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ó thaobh na sochaí agus ó thaobh an gheilleagair de, agus go bhfuil méid mór déanta ag ERC chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí mar ionad do na heolaithe is fearr ar domhan. Beidh sé mar sprioc ag ERC go háirithe feabhsú intomhaiste a bhaint amach i líon na bhfoilseachán de chuid an Aontais a áirítear sa chéad 1 % d'fhoilseacháin is minice a luaitear ar domhan. Ina theannta sin, féachfaidh sé le méadú substaintiúil a chur ar líon na dtaighdeoirí den scoth nach as an Eoraip dóibh a dtugann sé cistiú dóibh. Roinnfidh ERC taithí agus dea-chleachtais le gníomhaireachtaí cistiúcháin réigiúnacha agus náisiúnta ionas go gcuirfí chun cinn tacaíocht do thaighdeoirí den scoth. Thairis sin, déanfaidh ERC infheictheacht a gcuid clár a mhéadú tuilleadh.

Déanfaidh Comhairle Eolaíochta ERC faireachán leanúnach ar oibríochtaí agus ar nósanna imeachta meastóireachta ERC agus measfaidh siad cén bealach is fearr lena chuid cuspóirí a bhaint amach trí bhíthin scéimeanna deontas a reáchtáil ina leagfar béim ar an éifeachtacht, ar an tsoiléireacht, ar an gcobhsaíocht agus ar an tsimplíocht do na hiarratasóirí féin agus don chaoi a dhéanfar na scéimeanna a chur chun feidhme agus a bhainistiú agus, de réir mar is gá, le dul i ngleic le riachtanais atá ag teacht chun cinn. An córas athbhreithnithe piaraí atá ag ERC, atá bunaithe ar láimhseáil atá iomlán trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí ionas gur féidir taighdeoirí eolaíochta atá sármhaith, ceannródaíoch agus tréitheach a shainaithint beag beann ar inscne, ar náisiúntacht, ar institiúid nó ar aois an taighdeora, féachfar lena choinneáil ar bun agus lena dhéanamh níos fearr fós. Ar deireadh, leanfaidh ERC de bheith ag déanamh a chuid staidéar straitéiseach féin chun ullmhú dá chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh agus chun tacú leo, chun leanúint de bheith i ndlúth-thadhall le pobal na heolaíochta, le gníomhaireachtaí cistiúcháin réigiúnacha agus náisiúnta agus le geallsealbhóirí eile, agus de bheith mar aidhm aici lena ghníomhaíochtaí a chomhlánú leis an taighde atá ar bun ar leibhéil eile.

Áiritheoidh ERC trédhearcacht sa chumarsáid faoina ghníomhaíochtaí agus faoina thorthaí le pobal na heolaíochta agus leis an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé sonraí nuashonraithe ó thionscadail mhaoinithe.

2.    Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET)

2.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach teicneolaíochtaí úrnua a chothú, lena bhféadfaí réimsí nua a oscailt don eolas eolaíoch agusdo theicneolaíochtaí agus cur leis na tionscail Eorpacha den chéad ghlúin eile, trí bhíthin fionnachtain a dhéanamh ar smaointe núíosacha agus ardriosca a fhorbraíonn bunúis eolaíocha. Trí thacaíocht sholúbtha a thabhairt don taighde comhoibritheach atá dírithe ar spriocanna a bhaint amach agus atá idirdhisciplíneach ar scálaí éagsúla, agus trí chleachtais nuálacha taighde a ghlacadh, tá sé mar aidhm deiseanna ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí a shainaithint agus a thapú. Trí bhíthin FET, beidh breisluach an Aontais ag baint le teorainneacha an taighde nua-aimseartha.

Trí bhíthin FET, cuirfear chun cinn taighde agus teicneolaíocht in ábhair nach dtuigtear, nach nglactar leo nó nach nglactar go forleathan, agus cothófar an smaointeoireacht núíosach fhadbhreathnaitheach chun teacht ar bhealaí rathúla le teicneolaíochtaí cumhachtacha nua a fhorbairt, agus d'fhéadfadh cuid acu sin a bheith ar na paraidímí teicneolaíochta agus intleachtúla is tábhachtaí sna blianta atá romhainn amach. Trí bhíthin FET, cothófar iarrachtaí ar thaighde ar mhionscála a dhéanamh i ngach réimse, lena n-áirítear téamaí atá ag teacht chun cinn agus mórdhúshláin eolaíochta agus teicneolaíochta ar gá dlúthchomhar idir cláir ar fud na hEorpa agus lasmuigh di chun tabhairt fúthu. Beidh an cur chuige sin dírithe ar bharr feabhais a bhaint amach agus cumhdófar leis na nithe seo a leanas: fionnachtain a dhéanamh ar smaointe réamhiomaíochta chun an teicneolaíocht sa todhchaí a shocrú; cur ar a gcumas don tsochaí agus don earnáil tionsclaíochta leas a bhaint as an gcomhoibriú ar thaighde ildisciplíneach ar gá dul ina bhun ar leibhéal Eorpach trí bhíthin ceangal a dhéanamh idir an taighde atá dírithe ar an eolaíocht agus an taighde atá dírithe ar dhúshláin shochaíocha agus ar spriocanna sochaíocha nó ar an iomaíochas tionsclaíoch.

2.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

An obair cheannródaíoch a mbaineann tionchar claochlaitheach léi, is mó a bhraitheann sí ar an dian-chomhoibriú idir disciplíní san eolaíocht agus sa teicneolaíocht (mar shampla, faisnéis agus cumarsáid, bitheolaíocht, bithinnealtóireacht agus an róbataic, ceimic, fisic, matamaitic, samhaltú míochaine, eolaíochtaí um chóras an Domhain, eolaíocht na n-ábhar, eolaíochtaí an néarchórais agus na heolaíochtaí cognaíocha, na heolaíochtaí sóisialta nó an eacnamaíocht) agus na healaíona, na heolaíochtaí iompraíochta agus na daonnachtaí. Chuige sin, d'fhéadfadh sé tarlú go dteastódh ní amháin barr feabhais san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, ach meonta nua agus idirghníomhaíochtaí núíosacha idir réimse leathan den lucht taighde.

Cé gur féidir smaointe áirithe a fhorbairt ar mhionscála, d'fhéadfadh smaointe eile a bheith chomh dúshlánach sin gur gá tabhairt fúthu ar bhonn comhoibritheach thar thréimhse shubstaintiúil ama. Tá sin aitheanta ag mórgheilleagair ar fud an domhain, agus tá an iomaíocht dhomhanda ag éirí níos géire chun deiseanna teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn san eolaíocht is ceannródaíche, agus a d'fhéadfadh tionchar mór a imirt ar an nuálaíocht agus ar leas na sochaí, a shainaithint agus a thapú. D'fhonn a bheith éifeachtach, d'fhéadfadh sé tarlú gur gá a na cineálacha sin gníomhaíochtaí a fhorbairt go mear chun go mbeidh siad ar mhórscála, agus é sin a dhéanamh trí bhíthin iarrachta comhchoitinne Eorpaí a bheadh dírithe ar spriocanna comhchoiteanna chun mais chriticiúil a thógáil, sineirgí a chothú agus na hiarmhairtí luamhánaithe is fearr a bhaint amach.

Le FET, rachfar i ngleic leis an réimse iomlán den nuálaíocht atá dírithe ar an eolaíocht: ó luathfhionnachtain ar mhionscála, ón mbun aníos, a dhéanamh ar smaointe atá i dtús fáis nó leochaileach; go dtí pobail úra taighde agus nuálaíochta a bhunú ar réimsí taighde mórthionchair atá ag teacht chun cinn, agus mórthionscnaimh thaighde chomhoibritheacha atá bunaithe ar chlár taighde arb éard is aidhm leis spriocanna uaillmhianacha fadbhreathnaitheacha a bhaint amach. Beidh a luach féin ag gach ceann de na trí leibhéal rannpháirtíochta sin, agus beidh siad ag comhlánú a chéile agus sineirgisteach. Mar shampla, trí fhionnachtain ar mhionscála a dhéanamh, d'fhéadfaí a léiriú gur gá forbairt a dhéanamh ar théamaí nua a bhféadfadh gníomhaíocht ar mhórscála bunaithe ar threochláir iomchuí eascairt astu. I measc na ndaoine a d'fhéadfadh a bheith páirteach iontu, tá réimse leathan den lucht taighde, lena n-áirítear taighdeoirí óga agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shaothraíonn an taighde go dian, agus pobail de gheallsealbhóirí (an tsochaí shibhialta, lucht déanta beartas, taighdeoirí san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil phoiblí), iad go léir dírithe ar chláir thaighde a bhíonn ag fás, ag forbairt agus ag éirí níos éagsúla.

2.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Cé go bhfuil sé mar aidhm ag FET a bheith fadbhreathnaitheach, éagsúil agus tionchar mór a imirt, agus is de réir cineálacha difriúla loighce a dhéanfar a chuid gníomhaíochtaí: ó chur chuige oscailte go dtí céimeanna éagsúla de struchtúir a chur ar ábhair, ar phobail agus ar chistiú.

Trí bhíthin na ngníomhaíochtaí, treiseofar na cineálacha loighce a stiúrfaidh an ghníomhaíocht, ar an scála iomchuí, agus sainaithneofar agus tapófar deiseanna ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí:

(a) 

Trí bhíthin smaointe núíosacha a chothú ('FET Open'), tabharfar le FET tacaíocht do thaighde eolaíochta agus teicneolaíochta luathchéime agus ina ndéantar fionnachtain ar bhunúis nua le haghaidh teicneolaíochtaí úrnua don todhchaí trí bhíthin paraidímí reatha a cheistiú agus réimsí úra a thaiscéaladh. Trí bhíthin próiseas roghnúcháin a fheidhmíonn ón mbun aníos agus atá oscailte do gach smaoineamh ar thaighde, cothófar punann éagsúil de spriocthionscadail. Fachtóirí an-tábhachtach réimsí, forbairtí agus treochtaí úra a shainaithint, chomh maith le lucht taighde agus nuálaíochta atá úr agus a bhfuil cumas mór acu a mhealladh.

(b) 

Trí bhíthin pobail agus téamaí atá ag teacht chun cinn a chothú ('FET Proactive'), rachfar le FET, i ndlúthchomhar leis na dúshláin shochaíocha agus le téamaí na ceannaireachta tionsclaíche, i ngleic le roinnt téamaí fionnachtana taighde a bhfuil gealladh fúthu agus a d'fhéadfadh mais chriticiúil de thionscadail idirghaolmhara a ghiniúint, ar tionscadail iad a bheidh ina bhfionnachtain leathan ilghnéitheach ar na téamaí agus a dhéanfaidh comhthiomsú ar eolas na hEorpa.

(c) 

Trí bhíthin tabhairt faoi mhórdhúshláin idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht ('FET Suaitheanta'), le FETn, agus toradh na dtionscadal ullmhúcháin dá gcuid á chur san áireamh go hiomlán, tabharfar tacaíocht do thaighde uaillmhianach atá ar mhórscála agus atá dírithe ar eolaíocht agus ar theicneolaíocht agus é mar aidhm aige talamh úr a bhriseadh san eolaíocht agus sa teicneolaíocht i réimsí a shainaithnítear mar réimsí ábhartha ar bhealach oscailte agus trédhearcach ina mbeidh páirt á glacadh ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí ábhartha. D'fhéadfadh an comhar idir cláir Eorpacha, cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha dul chun leasa na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart don dul chun cinn eolaíoch bonn láidir leathan a sholáthar don nuálaíocht agus don chur i bhfeidhm eacnamaíoch as seo amach, chomh maith le sochair núíosacha a thabhairt don tsochaí. Bainfear amach na gníomhaíochtaí sin trí úsáid a bhaint as na hionstraimí cistithe atá ann cheana.

Déanfar 40 % d'acmhainní FET a dhíriú ar "FET Open".

3.    Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

3.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt is fearr is féidir ar chaipiteal intleachtúil na hEorpa agus go mbainfear úsáid dhinimiciúil as d'fhonn scileanna nua agus eolas agus an nuáil a fhorbairt agus a aistriú agus, ar an gcaoi sin, a chumas iomlán a bhaint amach ar fud na n-earnálacha agus na réigiún ar fad.

Is é an eilimint is bunriachtanaí chun an eolaíocht is fearr agus an nuálaíocht atá bunaithe ar thaighde is táirgiúla a bhaint amach taighdeoirí dinimiciúla, cruthaitheacha, a bhfuil ardoiliúint orthu.

Cé go bhfuil réimse mór éagsúil d'acmhainní daonna san Eoraip chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh, ní mór é a athnuachan, a fheabhsú agus a oiriúnú go rialta do riachtanais mhargadh an tsaothair a bhíonn ag athrú go mear. Sa bhliain 2011 níor oibrigh ach 46 % den réimse sin san earnáil ghnó, céatadán is ísle i bhfad ná mar atá ag príomhiomaitheoirí eacnamaíocha na hEorpa, e.g. 69 % sa tSín, 73 % sa tSeapáin agus 80 % sna Stáit Aontaithe. Ina theannta sin, fágann cúrsaí déimeagrafacha go sroichfidh líon díréireach taighdeoirí aois scoir in imeacht an dornáin blianta atá romhainn. Beidh sé sin, chomh maith leis an ngá atá ann i bhfad níos mó poist taighde ar ardchaighdeán a chruthú fad a éiríonn an geilleagar taighde Eorpach níos déine, ar na dúshláin is mó os comhair chóras taighde nuálaíochta agus oideachais, na hEorpa sna blianta atá romhainn amach.

Ní mór tosú ar an athchóiriú is gá nuair a bhíonn taighdeoirí ag tosú amach ar a ngairmréim, is é sin, le linn a chuid staidéar dochtúireachta nó le linn oiliúint iarchéime atá inchomparáide leo sin. Ní mór don Eoraip scéimeanna oiliúna úrscothacha, nuálacha a fhorbairt, iad comhsheasmhach le riachtanais an taighde agus na nuálaíochta a bhíonn an-iomaíoch agus atá ag éirí níos idirdhisciplíní i gcónaí. Beidh gá le rannpháirtíocht shuntasach gnólachtaí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe socheacnamaíocha eile, chun na scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta leathana a bheidh ag teastáil i bpoist sa todhchaí a thabhairt do thaighdeoirí agus chun iad a spreagadh chun smaoineamh ar dhul isteach i dtionscal nó sna cuideachtaí is nuálaí mar ghairmréim. Beidh sé tábhachtach freisin feabhas a chur ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí sin, óir tá sí ar leibhéal ró-íseal faoi láthair: sa bhliain 2008, ní bhfuair ach 7 % d'ábhair dhochtúra oiliúint i mBallstát eile, ach is é 20 % an sprioc atá le baint amach faoin mbliain 2030.

Ní mór leanúint den athchóiriú sin le linn gach céime de ghairmréim na dtaighdeoirí. Is ríthábhachtach feabhas a chur ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí sin atá i lár a ngairmréimee, ní amháin idir tíortha ach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach freisin. Spreagann sé sin go mór an fhoghlaim agus scileanna nua a fhorbairt. Bíonn tionchar mór aige freisin ar an gcomhar a chothú idir an lucht acadúil, ionaid taighde agus earnáil na tionsclaíochta i dtíortha éagsúla. Is iad na daoine féin an ghné is tábhachtaí den chomhar inbhuanaithe a bhaint amach, ar príomhfhactóir é an comhar sin don Eoraip agus í ag iarraidh a bheith nuálach, cruthaitheach agus in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sochaíocha, agus beidh sé ríthábhachtach chun ilroinnt na mbeartas náisiúnta a réiteach. Chun go bhfillfidh an Eoraip ar chonair an fháis inbhuanaithe agus chun go rachaidh sí i ngleic le dúshláin shochaíocha, is ríthábhachtach iad an comhoibriú agus roinnt eolais trí bhíthin na soghluaisteachta aonair a sholáthar i ngach céim den ghairmréim agus trí bhíthin baill foirne taighde agus nuálaíochta a bhfuil ardoiliúint orthu a mhalartú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le héagothromaíochtaí i gcumais taighde agus nuála a shárú.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart go spreagfaí le Fís 2020 forbairt gairmréime agus shoghluaiseacht na dtaighdeoirí trí bhíthin coinníollacha feabhsaithe atá le sainiú maidir le hiniomparthacht dheontais Fhís 2020.

Áiritheofar le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie comhdheiseanna éifeachtacha maidir le soghluaiseacht taighdeoirí fireanna agus baineanna, lena n-áirítear trí bhearta sonracha chun baic a bhaint.

Más mian leis an Eoraip a bheith ar aon chéim lena cuid iomaitheoirí sa taighde agus sa nuálaíocht, ní mór di níos mó ban óg agus fear óg a mhealladh chun dul i mbun gairmeacha sa taighde agus deiseanna agus ionaid tharraingteacha a chur ar fáil le haghaidh an taighde agus na nuálaíochta. Ba cheart do na daoine is tréithí san Eoraip agus in áiteanna eile breathnú ar an Eoraip mar áit iontach le hoibriú ann. Is gnéithe bunúsacha nach foláir a áirithiú ar bhealach leanúnach ar fud na hEorpa ar fad iad na nithe seo a leanas: an comhionannas inscne, an fhostaíocht sheasmhach agus dálaí maithe oibre atá ar ardchaighdeán agus aitheantas.

3.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní leor cistiú a thugann an tAontas uaidh ann féin, ná na Ballstáit ina n-aonar, chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Cé go bhfuil athchóirithe tugtha isteach ag na Ballstáit cheana chun feabhas a chur ar a gcuid institiúidí oideachais threasaigh agus chun nuachóiriú a dhéanamh ar a gcuid córas oiliúna, ní ionann an dul chun cinn atá déanta ar fud na hEorpa ar fad, agus tá difríochtaí móra idir tíortha. Ar an iomlán, is lag i gcónaí an comhar a dhéantar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san Eoraip. Tá sé mar an gcéanna maidir leis an gcomhionannas inscne agus leis na hiarrachtaí a dhéantar mic léinn agus taighdeoirí as áiteanna lasmuigh LET a mhealladh. Faoi láthair, is as tríú tíortha thart ar 20 % de na hiarrthóirí dochtúireachta san Aontas, ach sna Stáit Aontaithe is as áiteanna thar lear thart ar 35 % díobh. Chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm níos sciobtha, ní mór cur chuige straitéiseach ar leibhéal an Aontais a théann thar na teorainneacha náisiúnta a ghlacadh. Is ríthábhachtach an cistiú a thugann an tAontas uaidh chun dreasachtaí a chruthú le haghaidh na n-athchóirithe struchtúracha atá riachtanach agus chun iad a spreagadh.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun an tsoghluaisteacht a chur chun cinn, ar bhonn trasnáisiúnta agus idir na hearnálacha araon, agus chun gairmeacha sa taighde a thosú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar gairmeacha iad a bhfuil deiseanna fostaíochta agus dálaí oibre den scoth ag gabháil leo de réir phrionsabail na Cairte Eorpaí le haghaidh Taighdeoirí agus an Chóid Iompair um Earcú Taighdeoirí. Níl a gcómhaith le fáil sna Ballstáit maidir le scála nó raon feidhme, le cistiú, le gné idirnáisiúnta, le giniúint nó le haistriú eolais. Neartaigh siad acmhainní na n-institiúidí sin atá in ann taighdeoirí idirnáisiúnta a mhealladh agus dá bhrí sin spreag siad ionaid bhairr feabhais a scaipeadh ar fud an Aontais. Tá siad ina n-eiseamláir agus imríonn siad tionchar mór struchtúrach trí bhíthin a ndea-chleachtais a scaipeadh ar leibhéal náisiúnta. Trí bhíthin cur chuige ón mbun aníos a bheith glactha ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, féadfaidh bunáite mór na n-institiúidí sin oiliúint a chur ar ghlúin nua taighdeoirí atá in ann dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna.

Trí bhíthin gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a fhorbairt tuilleadh, rannchuideofar go mór leLET a fhorbairt. Lena struchtúr iomaíoch cistiúcháin a chuimsíonn an Eoraip ar fad, spreagfaidh gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú, cineálacha úra, cruthaitheacha agus nuálacha oiliúna amhail dochtúireachtaí comhpháirteacha nó iolracha agus dochtúireachtaí tionsclaíocha, lena ngabhfaidh lucht nuálaíochta agus oideachais, a chaithfidh dul in iomaíocht ar bhonn domhanda le cáil an bhairr feabhais a bhaint amach dóibh féin. Trí bhíthin cistiú ón Aontas a chur ar fáil do na cláir thaighde agus oiliúna is fearr de réir na bPrionsabal maidir le hoiliúint nuálach dochtúireachta san Eoraip, cuirfidh siad chun cinn leathadh agus glacadh níos leithne, ag bogadh i dtreo oiliúna dochtúireachta níos struchtúrathe.

Cuimseoidh deontais Marie Skłodowska-Curie soghluaisteacht shealadach na dtaighdeoirí agus na n-innealtóirí a bhfuil taithí acu ó institiúidí poiblí go dtí an earnáil phríobháideach, nó a mhalairt, rud a spreagfaidh agus a thacóidh le hollscoileanna, le hionaid taighde agus le gnólachtaí, agus le gníomhairí eile socheacnamaíocha chun comhar a dhéanamh le chéile ar scála Eorpach agus ar scála idirnáisiúnta. Trí bhíthin an chórais mheastóireachta atá seanbhunaithe, trédhearcach agus cothrom, sainaithneoidh gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie daoine an-tréitheacha a phléann leis an taighde agus leis an nuálaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta a thugann aitheantas agus, dá bhrí sin, spreagadh do thaighdeoirí chun a ngairmréim a chur chun cinn san Eoraip.

Ní leis an Eoraip amháin a bhaineann na dúshláin shochaíocha sin atá le sárú ag lucht T&N a bhfuil ardoiliúint orthu. Is dúshláin idirnáisiúnta iad sin atá ríchasta agus ollmhór. Ní mór do na taighdeoirí is fearr san Eoraip agus sa domhan comhoibriú le chéile trasna tíortha, earnálacha agus disciplíní. Beidh ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska Curie sa mhéid sin trí bhíthin tacaíocht a thabhairt chun baill foirne a mhalartú d'fhonn an smaointeoireacht chomhoibritheach a chothú trí eolas a roinnt ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha, rud atá an-tábhachtach don nuálaíocht oscailte.

Beidh meicníocht chomhchistiúcháin na ngníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie ríthábhachtach chun líon na ndaoine tréitheacha san Eoraip a mhéadú. Méadófar an tionchar uimhriúil agus struchtúrach a imríonn gníomhaíocht an Aontais trí bhíthin cistiú réigiúnach, náisiúnta, agus idirnáisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach, a luamhánú chun cláir nua a chruthú a mbeidh spriocanna comhchomhsúla agus comhiomlánacha acu, agus chun cláir reatha a oiriúnú don oiliúint, don tsoghluaisteacht agus don fhorbairt gairmréime ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha. Déanfaidh sásra den sórt sin an taighde agus an obair san oideachas a cheangal níos dlúithe le chéile.

Rannchuideoidh gach gníomhaíocht faoin dúshlán sin le meon úrnua a chruthú san Eoraip, meon atá riachtanach chun an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a bhaint amach. Neartófar le bearta cistiúcháin Marie Skłodowska-Curie comhthiomsú acmhainní san Eoraip agus, dá bhrí sin, cuirfidh siad feabhas ar oiliúint, ar shoghluaisteacht agus ar fhorbairt gairmréime na dtaighdeoirí a chomhordú agus a rialú. Rannchuideoidh siad leis na spriocanna beartais a leagtar amach sna tionscnaimh suaitheantais 'an tAontas Nuálaíochta', 'An Óige ag Bogadh' agus An Clár do Phoist agus do Scileanna Nua a bhaint amach', agus beidh siad an-tábhachtach chun LET a bhaint amach freisin. Forbrófar gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie mar sin chun dlúthshineirge a bhaint amach le cláir eile a thacaíonn leis na cuspóirí beartais sin, lena n-áirítear clár Erasmus + agus PENanna de chuid EIT.

3.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Scileanna nua a chothú trí bhíthin oiliúint tosaigh den scoth a chur ar thaighdeoirí

Is é an sprioc glúin nua taighdeoirí cruthaitheacha nuálacha a oiliúint a bheidh in ann eolas agus smaointe a thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí a rachaidh chun leas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: oiliúint nuálach den scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí atá ag tosú ar a ngairmréim ar leibhéal iarchéime trí thionscadail idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear meantóireacht chun eolas agus taithí a aistriú idir taighdeoirí nó trí chláir dhochtúireachta lena gcabhraítear le taighdeoirí a gcuid gairmréimeanna taighde a fhorbairt a dhéanamh ina mbeidh ollscoileanna, institiúidí taighde, bonneagair thaighde, gnólachtaí, FBManna, agus grúpaí socheacnamaíocha eile ó Bhallstáit, ó thíortha comhlachaithe agus/nó ó thríú tíortha páirteach iontu. Cuirfidh sin feabhas ar ionchais ghairmréime na dtaighdeoirí óga iarchéime san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

(b)   Barr feabhais a chothú trí bhíthin na soghluaisteachta trasteorann agus na soghluaisteachta idir na hearnálacha

Is é an sprioc feabhas a chur ar chumas cruthaitheachta agus nuálaíochta na dtaighdeoirí a bhfuil taithí acu, ar gach leibhéal gairmréime, trí bhíthin deiseanna soghluaisteachta trasteorann agus idir na hearnálacha a chruthú.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: taighdeoirí a bhfuil taithí acu a spreagadh chun a gcuid scileanna a leathnú nó a fheabhsú trí bhíthin na soghluaisteachta, agus déanfar sin trí dheiseanna tarraingteacha gairme a chur ar fáil in ollscoileanna, in institiúidí taighde, i mbonneagair thaighde, i ngnólachtaí, i FBManna agus i ngrúpaí socheacnamaíocha eile ar fud na hEorpa agus lasmuigh di. Leis sin, ba cheart go bhfeabhsófaí leibhéal nuálaíochta na hearnála príobháidí agus go gcuirfí soghluaisteacht trasteorann chun cinn. Tabharfar tacaíocht freisin do dheiseanna chun oiliúint a fháil agus chun eolas nua a fháil in institiúid taighde ardleibhéil i dtríú tír, chun gairm sa taighde a atosú tar éis sos a ghlacadh agus chun taighdeoirí a (ath-)lánpháirtiú i bpost taighde níos fadtréimhsí san Eoraip, lena n-áirítear an tír arb as dóibh, tar éis dóibh taithí a fháil ó shoghluaisteacht thrasnáisiúnta/idirnáisiúnta lena gcumhdaítear gnéithe fillte agus ath-lánpháirtithe.

(c)   An nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin eolas a mhalartú

Is é an sprioc an comhar idirnáisiúnta trasteorann agus idir na hearnálacha sa taighde agus sa nuálaíocht a threisiú trí bhíthin pearsanra taighde agus nuálaíochta a mhalartú d'fhonn a bheith in ann dhúshláin dhomhanda níos fearr.

Príomhghníomhaíocht is ea baill foirne T&N a mhalartú idir comhpháirtíocht d'ollscoileanna, d'institiúidí taighde, de bhonneagair thaighde, de ghnólachtaí, do FBManna agus de ghrúpaí socheacnamaíocha eile, laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain araon. Áireofar leis sin an comhar le tríú tíortha a chothú.

(d)   An tionchar struchtúrach a dhéanamh níos mó trí bhíthin na gníomhaíochtaí a chómhaoiniú

Is é an sprioc tionchar uimhriúil agus struchtúrach ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a fheabhsú agus barr feabhais a chothú ar an leibhéal náisiúnta in oiliúint, i soghluaisteacht agus i bhforbairt gairmréime na dtaighdeoirí; agus déanfar sin trí bhíthin cistí sa bhreis a ghiaráil.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: eagraíochtaí réigiúnacha, eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach, a spreagadh, le cabhair ó shásra cómhaoinithe, chun cláir nua a chruthú agus chun cláir reatha a oiriúnú don oiliúint, don tsoghluaisteacht agus don fhorbairt gairmréime ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha. Leis sin, cuirfear feabhas ar chaighdeán na hoiliúna sa taighde san Eoraip i ngach céim den ghairmréim, lena n-áirítear ar leibhéal na dochtúireachta; cothófar saorchúrsaíocht taighdeoirí agus an eolais eolaíoch san Eoraip; cuirfear gairmréimeanna tarraingteacha sa taighde chun cinn trí bhíthin earcaíocht oscailte agus dálaí tarraingteacha oibre a thairiscint; agus tabharfar tacaíocht don chomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus fiontair, agus don chomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(e)   Tacaíocht shonrach agus gníomhaíocht bheartais

Is iad na spriocanna faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus baic i ngníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a shainaithint, agus tionchar na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, forbrófar táscairí agus déanfar anailís ar shonraí a bhaineann le soghluaisteacht, le scileanna, le gairmréimeanna na dtaighdeoirí agus le comhionannas inscne, lorgófar sineirgí agus an dlúthchomhar leis na gníomhaíochtaí tacaíochta beartais i dtaca le taighdeoirí, lena gcuid fostóirí agus lena lucht cistiúcháin a dhéanfar faoin gcuspóir sonrach 'An Eoraip i ndomhain atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha'. Is éard is aidhm leis an ngníomhaíocht sin freisin an pobal a chur ar an eolas maidir lena thábhachtaí agus lena tharraingtí atá gairmréimeanna sa taighde, agus leathadh a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus na nuálaíochta a eascraíonn ón obair a dtacaíonn gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie léi.

4.    Bonneagair thaighde

4.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach bonneagair thaighde den scoth a chothú san Eoraip, iad a chur ar fáil do gach taighdeoir san Eoraip agus lasmuigh de, agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na mbonneagar sin dul chun cinn agus nuálaíocht a dhéanamh san eolaíocht.

Is gnéithe ríthábhachtacha iad na bonneagair thaighde d'iomaíochas na hEorpa trasna na réimsí eolaíochta ar fad agus tá siad riachtanach chun nuálaíocht atá bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh. I roinnt mhaith réimsí, ní féidir taighde a dhéanamh gan rochtain ar shár-ríomhairí, ar shaoráidí anailíseacha, ar fhoinsí radaíochta le haghaidh ábhar nua, ar sheomraí íonghlana agus ardmhéadreolaíocht le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ar shaotharlanna atá feistithe go speisialta i gcomhair taighde bhitheolaíoch agus mhíochaine, ar bhunachair shonraí le haghaidh na géanómaíochta agus na n-eolaíochtaí sóisialta, ar réadlanna agus braiteoirí le haghaidh na ndomhaneolaíochtaí agus le haghaidh an chomhshaoil, ar líonraí leathanbhanda ardluais chun sonraí a aistriú, etc. Is gá bonneagair thaighde a bheith ann chun an taighde atá ag teastáil le haghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin shochaíocha a dhéanamh. Spreagtar leo an comhar thar theorainneacha agus thar dhisciplíní agus cruthaítear spás Eorpach atá leanúnach agus oscailte le haghaidh an taighde ar líne. Cuirtear soghluaisteacht daoine agus smaointe chun cinn trí bhonneagair taighde, tugtar le chéile na heolaithe is fearr as áiteanna ar fud na hEorpa agus an domhain, agus cuirtear feabhas ar an oideachas eolaíochta. Tá dúshlán ag baint leo do thaighdeoirí agus do chuideachtaí nuálaíocha ó thaobh teicneolaíocht úrscothach a fhorbairt. Ar an gcaoi sin, neartaítear leo tionscal nuálaíochta ardteicneolaíochta na hEorpa. Gríosaíonn na bonneagair thaighde na comhphobail Eorpacha taighde agus nuálaíochta chun barr feabhais a bhaint amach, agus féadfaidh siad a bheith ina dtaispeántais iontacha den eolaíocht don tsochaí i gcoitinne

Ní mór don Eoraip, i gcomhréir le critéir a chomhaontófar go comhchoiteann, bonn leormhaith agus seasmhach a bhunú chun bonneagair thaighde a thógáil, a chothabháil agus a fheidhmiú más mian léi taighde den scoth a choinneáil ar bun. Chun é sin a dhéanamh, tá gá le comhar substaintiúil éifeachtach idir lucht cistiúcháin náisiúnta, réigiúnach agus ón Aontas féin agus, chuige sin, déanfar iarracht naisc láidre a dhéanamh leis an mbeartas comhtháthaithe d’fhonn sineirgí agus cur chuige comhtháite a áirithiú.

Tugann an cuspóir sonrach sin aghaidh ar ghealltanas bunúsach de chuid tionscnaimh shuaitheanta an Aontais Nuálaíochta, rud a leagann béim ar an ról tábhachtach atá ag na bonneagair thaighde den scoth sa nuálaíocht agus sa taighde ceannródaíoch. Leagtar béim sa tionscnamh ar an ngá atá le hacmhainní a chomhthiomsú san Eoraip, agus i gcásanna áirithe sa domhan mór, d’fhonn bonneagair thaighde a thógáil agus a fheidhmiú. Ar aon bhonn leis sin, leagtar béim sa tionscnamh suaitheanta Clár Oibre Digiteach don Eoraip ar an ngá atá le bonneagair ríomhaireachta na hEorpa a threisiú agus ar a thábhachtaí atá sé braislí nuálaíochta a fhorbairt d’fhonn buntáiste nuálaíochta na hEorpa a neartú.

4.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá bonneagair úrscothacha taighde ag éirí níos casta agus níos costasaí, agus is minic is gá trealaimh, seirbhísí agus foinsí difriúla sonraí a chomhtháthú agus comhar fairsing trasnáisiúnta a dhéanamh. Níl a dóthain acmhainní ag aon tír ar leith chun tacaíocht a thabhairt do na bonneagair thaighde go léir a theastaíonn uaithi. Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas leis an gcur chuige Eorpach i leith bonneagar taighde, mar atá, cuireadh chun feidhme agus forbraíodh go leanúnach treochlár an Fhóraim Straitéisigh Eorpaigh um Bonneagair thaighde (ESFRI) le haghaidh bonneagar, rinneadh áiseanna náisiúnta taighde a chomhtháthú agus a oscailt, agus forbraíodh bonneagair ríomhaireachta is bonn agus is taca ag Limistéar Eorpach Taighde digiteach oscailte. Leis na gréasáin de bhonneagair thaighde ar fud na hEorpa, neartaítear an bonn acmhainní daonna trí oiliúint den scoth a chur ar fáil do ghlúin nua taighdeoirí agus innealtóirí agus tríd an gcomhar idirdhisciplíneach a chur chun cinn. Déanfar sineirgí le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a spreagadh.

Trí bhreis forbartha a dhéanamh ar bhonneagair thaighde ar leibhéal na hEorpa agus trí úsáid níos leithne a bhaint astu, rannchuideofar go mór leis an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt. Cé go bhfuil ról lárnach ag na Ballstáit i gcónaí i bhforbairt agus i maoiniú bonneagar taighde, is tábhachtach freisin an pháirt a ghlacann an tAontas i dtacaíocht a thabhairt don bhonneagar ar leibhéal na hEorpa, amhail comhardú maidir le bonneagair thaighde Eorpacha a spreagadh trí theacht chun cinn áiseanna nua agus comhtháite a chothú, trí rochtain leathan ar bhonneagair náisiúnta agus Eorpacha a chur ar fáil agus trí thacú leis an rochtain sin, trína áirithiú go mbíonn na beartais réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta comhsheasmhach le chéile agus éifeachtach. Is gá dúbláil agus ilroinnt iarrachtaí a sheachaint, úsáid éifeachtach agus chomhordaithe na n-áiseanna a chothú, agus, i gcás inarb iomchuí, acmhainní a chomhthiomsú ionas go bhféadfaidh an Eoraip bonneagair thaighde a fháil agus a fheidhmiú ar leibhéal den scoth.

Trí bhíthin TFC tá an eolaíocht athraithe ó bhonn trí chian-chomhoibriú, trí ollphróiseáil sonraí, trí thurgnamh in-silico agus trí rochtain ar chianacmhainní a chumasú. Dá bhrí sin éiríonn an taighde níos trasnáisiúnta agus níos idirdhisciplíní, rud a éilíonn úsáid bhonneagar TFC atá fornáisiúnta amhail an eolaíocht féin.

Leis na héifeachtúlachtaí scála agus réimse atá bainte amach leis an gcur chuige Eorpach i leith bonneagar taighde, lena n-áirítear bonneagair ríomhaireachta, a thógáil, a úsáid agus a bhainistiú, rannchuideofar go mór le feabhas a chur ar chumas na hEorpa chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh agus chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche ar an leibhéal idirnáisiúnta.

4.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Beidh sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí forbairt a dhéanamh ar na bonneagair thaighde Eorpacha le haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin, a n-acmhainneacht chun nuálaíochta agus a n-acmhainní daonna a chothú, agus an beartas Eorpach maidir le bonneagair thaighde a threisiú.

(a)   Bonneagair thaighde Eorpacha a fhorbairt le haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin

An aidhm a bheidh ann is ea gníomhíochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh: (1) bonneagair thaighde de chuid ESFRI agus bonneagair eile den scoth a ullmhú, a chur chun feidhme, agus a oibriú, lena n-áirítear áiseanna comhpháirtíochta réigiúnaí a fhorbairt, nuair is ann do bhreisluach láidir d'idirghabháil ón Aontas; (2) rochtain thrasnaisiúnta ar bhonneagair thaighde náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil leas Eorpach iontu agus iad a chomhtháthú, ionas go mbeidh eolaithe Eorpacha in ann iad a úsáid, beag beann ar an áit ina bhfuil siad, chun taighde ardleibhéil a dhéanamh; (3) r-bhonneagair a fhorbairt, a imscaradh agus a oibriú chun cumas ceanródaíoch i líonrú, i ríomhaireacht agus i sonraí eolaíocha a áirithiú sa domhan mór.

(b)   Acmhainneacht nuálaíochta na mbonneagar taighde agus a n-acmhainní daonna a chothú

Beidh sé mar aidhm na nithe seo a leanas a bhaint amach: bonneagair thaighde a spreagadh chun glacadh le teicneolaíocht úr go luath nó chun bheith ina bhforbróirí ceannródaíocha maidir leis an teicneolaíocht, comhpháirtíochtaí taighde agus forbartha le hearnáil na tionsclaíochta a chur chun cinn, úsáid thionsclaíoch na mbonneagar taighde a éascú, agus cruthú braislí nuálaíochta a spreagadh. Leis an ngníomhaíocht sin, tabharfar tacaíocht d’oiliúint agus/nó do mhalartú ball foirne a bhainistíonn nó a fheidhmíonn bonneagair thaighde.

(c)   An beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú

Beidh sé mar aidhm tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí idir lucht déanta beartas iomchuí agus na comhlachtaí cistiúcháin iomchuí, mapáil agus faireachán a dhéanamh ar uirlisí cinnteoireachta agus ar ghníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta freisin. Féadfar tacú le bonneagair thaighde Eorpacha ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le caideamh idirnáisiúnta.

Coinneofar leis na cuspóirí a leagtar amach faoi líntí gníomhaíochta (b) (c) trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe, agus trí na gníomhaíochtaí eile a fhorbrófar faoi líne ghníomhaíochta (a) nuair is iomchuí.

CUID II

CEANNAIREACHT THIONSCLAÍOCH

1.    An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha

Is é an cuspóir sonrach cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar an gceannaireacht dhomhanda tríd an taighde agus tríd an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus spáis, ábhair atá mar bhonn is mar thaca leis an iomaíochas thar réimse tionscal agus earnálacha, idir chinn reatha agus chinn atá ag teacht chun cinn.

Tá athrú ag teacht go mear ar thimpeallacht an ghnó dhomhanda agus tá idir dhúshláin agus dheiseanna don tionscal Eorpach ag gabháil le cuspóirí Eoraip 2020 chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Ní mór don Eoraip dlús a chur leis an nuálaíocht chun an t-eolas a ghintear a thiontú ina bhonn agus ina thaca le haghaidh táirgí, seirbhísí agus margaí reatha agus feabhas a chur ar na nithe sin; agus cinn nua a chruthú, ag díríu isteach i gcónaí ar cháilíocht agus inbhuanaitheacht. Ba cheart leas, sa chiall is leithne den fhocal sin, a bhaint as an nuálaíocht, ní amháin chun críche na teicneolaíochta ach chun gnéithe gnó, eagrúcháin agus sóisialta a áireamh freisin.

Chun fanacht i dtús cadhnaíochta maidir leis an iomaíochas domhanda a bhfuil bonn láidir teicneolaíochta faoi agus acmhainneacht mhór thionsclaíoch ann, ní mór tuilleadh infheistíochta straitéisí a dhéanamh sa taighde, san fhorbairt, sa bhailíochtú, agus i scéimeanna píolótacha i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide; i nanaitheicneolaíochtaí; in ábhair shárfhorbartha; sa bhiteicneolaíocht; san ardmhonaraíocht agus san ardphróiseáil; agus i gcúrsaí spáis.

Is tábhachtach go bhfaighidh earnáil tionsclaíochta na hEorpa máistreacht ar theicneolaíochtaí cumasúcháin agus go n-úsáidfidh sí iad agus go gcomhtháthódh sí iad chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa, agus chun a áirithiú go mbeidh na nithe seo a leanas ag an Eoraip: geilleagar atá sárfhorbartha, inbhuanaithe agus iomaíoch, ceannaireacht dhomhanda ar na hearnálacha ardteicneolaíochta cur chun feidhme, agus an cumas chun réitigh éifeachtacha agus inbhuanaithe ar dhúshláin shochaíocha a fhorbairt. Toisc a leithéid sin de ghníomhaíochtaí a bheith forleatach, is féidir tuilleadh dul chun cinn a spreagadh leo trí bhíthin aireagán, feidhmeanna agus seirbhísí a chomhlánaíonn a chéile, rud a áiritheoidh toradh níos airde ar infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin ná mar a gheofaí in aon réimse eile.

Leis na gníomhaíochtaí sin, rannchuideofar le spriocanna na dtionscnamh suaitheanta "Aontas Nuálaíochta", "Eoraip atá tíosach ar Acmhainní", "Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe", agus "Clár Oibre Digiteach don Eoraip" de chuid straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, chomh maith le spriocanna bheartas an Aontais maidir leis an spás a bhaint amach.

Comhlántachtaí le gníomhaíochtaí eile in “Fís 2020”

Beidh na gníomhaíochtaí a liostaítear faoin gcuspóir sonrach ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’ bunaithe go príomha ar chláir taighde agus nuálaíochta a shaineofar trí rannpháirtíocht earnáil na tionsclaíochta agus na hearnála gnó, lena n-áirítear FBManna in éineacht leis an gcomhphobal taighde agus leis na Ballstáit ar bhealach oscailte agus trédhearcach, agus beidh siad dírithe go mór ar infheistiú ón earnáil phríobháideach a ghiaráil agus ar an nuálaíocht.

Tabharfar tacaíocht do theicneolaíochtaí cumasúcháin a chomhtháthú i réitigh ar dhúshláin shochaíocha, mar aon leis na dúshláin ábhartha féin. Maidir le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí cumasúcháin nach rangaítear faoi na dúshláin shochaíocha ach atá tábhachtach d’iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa, tacófar leo siúd faoi ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’. Ba cheart comhordú iomchuí a lorg leis na tosaíochtaí 'Eolaíocht den Scoth' agus 'Dúshláin Shochaíocha'.

Cur chuige comhchoiteann

Aireofar leis an gcur chuige gníomhaíochtaí atá dírithe ar chláir oibre agus réimsí atá níos oscailte araon chun tionscadail nuálacha agus réitigh cheannródaíocha a chur chun cinn, lena gcumhdaítear an slabhra luach iomlán, lena n-áirítear taighde agus forbairt, mórghníomhaíochtaí píolótacha agus taispeántais, trialacha sábháilte agus saotharlanna beo, fréamhshamhaltú agus táirgí a bhailíochtú i línte píolótacha. Ceapfar na gníomhaíochtaí chun an t-iomaíochas tionsclaíoch a dhéanamh níos fearr tríd an tionsclaíocht a spreagadh, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, le breis infheistíochta a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht, lena n-áirítear trí iarrataí oscailte. Díreofar go leordhóthanach ar thionscadail mhionscála agus mheánscála.

Cur chuige comhtháite i leith Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin

Is gné thábhachtach den chuspóir sonrach ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’ iad na hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin (ETCanna), a sainítear mar an mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic, an fhótónaic, an nanaitheicneolaíocht, an bhiteicneolaíocht, ábhair shárfhorbartha agus córais ardmhonaraíochta ( 9 ). Trasnaíonn na teicneolaíochtaí sin atá ildisciplíneach agus atá dian ar eolas agus ar chaipiteal cuid mhaith earnálacha éagsúla, agus is leo siúd a fhéadfaidh buntáiste iomaíoch mór a bheith ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa, chun fás a spreagadh agus chun poist nua a chruthú. Trí chur chuige comhtháite a ghlacadh ina gcuirtear chun cinn ETCanna a chónascadh, a chóineasú agus a mhalartú i dtimthriallta difriúla nuálaíochta agus i slabhraí luacha, is féidir torthaí taighde a bhfuil gealladh fúthu a bhaint amach agus an bealach a réiteach le haghaidh teicneolaíochtaí tionsclaíocha nua, táirgí, seirbhísí agus feidhmeanna núíosacha (e.g. i gcúrsaí spáis, iompair, talmhaíochta, iascaigh, foraoiseachta, comhshaoil, bia, sláinte agus fuinnimh). Dá bhrí sin bainfear leas as an iomad idirghníomhaíochtaí a ghabhann le ETCanna agus le teicneolaíochtaí cumasúcháin tionsclaíocha eile ar bhealach solúbtha, mar fhoinse thábhachtach nuálaíochta. Comhlánóidh an méid sin tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht in ETCanna a fhéadfaidh údaráis náisiúnta nó réigiúnacha a sholáthar faoi Chistí an Bheartais Chomhtháthaithe faoi chuimsiú straitéisí um speisialtóireacht chliste.

Ceanglaítear iarrachtaí níos fearr i dtaighde trasteicneolaíochta le nuálaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh tionscadail ildhisiplíneacha agus il-ETC mar bhunchuid den tosaíocht 'Ceannaireacht Thionsclaíoch'. Le struchtúr cur chun feidhme 'Fís 2020' lena dtugtar tacaíocht d'ETCanna agus do ghníomhaíochtaí trasnaí ETC (il-ETCanna), ba cheart go n-áiritheofaí sineirgí agus comhordú éifeachtach, i measc nithe eile, le dúshláin shochaíocha. Ina theannta sin, lorgófar sineirgí, i gcás inarb iomchuí, idir gníomhaíochtaí ETC agus na gníomhaíochta faoi chreat an Bheartais Chomhtháthaithe do na blianta 2014-2020, mar aon le EIT.

Le haghaidh na dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha ar fad, lena n-áirítear na ETCanna, beidh sé mar mhóraidhm idirghníomhaíochtaí idir na teicneolaíochtaí, agus leis na feidhmeanna faoi na dúshláin shochaíocha, a chothú. Cuirfear é sin ar fad san áireamh agus na cláir oibre agus na tosaíochtaí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. Chuige sin, tá sé riachtanach go nglacfaidh geallsealbhóirí a ionadaíonn do na peirspictíochtaí éagsúla páirt iomlán sna tosaíochtaí a shocrú agus a chur chun feidhme. I gcásanna áirithe, beidh gá freisin le gníomhartha a chómhaoinítear in éineacht leis na teicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha, agus leis na dúshláin shochaíocha ábhartha. D'fhéadfaí a áireamh leis sin cómhaoiniú do chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí arb éard is aidhm dóibh teicneolaíochtaí a fhorbairt agus an nuálaíocht a chothú agus teicneolaíochtaí den sórt sin a chur i bhfeidhm d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

Tá ról tábhachtach ag TFC toisc go gcuireann sí na bonneagair, na teicneolaíochtaí agus na córais bhunúsacha is tábhachtaí ar fáil le haghaidh próiseas eacnamaíoch agus sóisialta atá ríthábhachtach, chomh maith le táirgí agus seirbhísí nua, idir phríobháideach agus phoiblí. Ní mór d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa fanacht i dtús cadhnaíochta sna forbairtí teicneolaíocha in TFC, réimse ina bhfuil go leor teicneolaíochtaí ag éirí suaite, rud a chruthaíonn deiseanna nua.

Is earnáil faoi fhás mear é an spás agus tugann sé faisnéis ríthábhachtach do go leor réimsí den tsochaí chomhaimseartha: sásaíonn sé a cuid éileamh bunúsach, téann sé i ngleic le ceisteanna uilíocha eolaíochta, agus cabhraíonn sé le stádas an Aontais mar mhórghníomhaí idirnáisiúnta a dhaingniú. Tá an taighde ar chúrsaí spáis mar bhonn is mar thaca le gach gníomhaíocht a dhéantar sa spás, ach faoi láthair tugtar aghaidh air i gcláir atá á reáchtáil ag Ballstáit, ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) nó i gcomhthéacs Chreatchlár AE le haghaidh taighde. Ní foláir leanúint le hinfheistíocht agus le gníomhaíocht a dhéanamh i dtaighde ar chúrsaí spáis ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 189 CFAE chun bheith iomaíoch i gcónaí; chun bonneagair agus cláir spáis an Aontais, amhail Copernicus agus Galileo a chosaint; agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh ról ag an Aontas i gcúrsaí spáis sa todhchaí.

Ina theannta sin, is foinse thábhachtach fáis agus fostaíochta iad na seirbhísí agus na feidhmeanna nuálacha iartheachtacha soláimhsithe ina n-úsáidtear an fhaisnéis a eascraíonn ón earnáil sin agus is deis thábhachtach a bheidh ina bhforbairt don Aontas.

An chomhpháirtíocht agus an bhreisluach

Féadfaidh an Eoraip mais chriticiúil a bhaint amach tríd an gcomhpháirtíocht, trí bhraislí agus trí ghréasáin, tríd an gcaighdeánú, agus tríd an gcomhar a chur chun cinn idir disciplíní agus earnálacha difriúla san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a bhfuil na riachtanais chéanna taighde agus forbartha orthu, chun talamh úr a bhriseadh, teicneolaíochtaí úra, agus réitigh nuálacha táirge, seirbhíse agus próisis a cheapadh.

Cláir thaighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, ach freisin trí naisc éifeachtacha a dhéanamh idir an earnáil acadúil agus earnáil na tionsclaíochta, giaráil infheistíochtaí breise, rochtain a bheith ar mhaoiniú riosca, caighdeánú a dhéanamh ar an soláthar réamhthráchtálach agus tacaíocht a thabhairt dó, agus táirgí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar: is gnéithe riachtanacha iad sin go léir chun aghaidh a thabhairt ar an iomaíochas.

I dtaca leis sin de, bíonn naisc láidre le EIT de dhíth chun daoine atá tréitheach san fhiontraíocht a tháirgeadh agus a chur chun cinn agus chun dlús a chur leis an nuálaíocht trí dhaoine as tíortha, as disciplíní agus as eagraíochtaí difriúla a thabhairt le chéile.

Trí chomhar a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, is féidir tacaíocht a thabhairt do dheiseanna trádála trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh táirgí agus seirbhísí agus teicneolaíochtaí úra atá ag teacht chun cinn. D'fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag caighdeáin den sórt sin a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear geallsealbhóirí ó earnáil na heolaíochta agus na tionsclaíochta. Cuirfear chun cinn gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an gcaighdeánú agus leis an idir-inoibritheacht, leis an tsábháilteacht agus le gníomhaíochtaí réamhrialála.

1.1.    Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

1.1.1.   Cuspóir sonrach do TFC

De réir tionscnamh suaitheantais an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip ( 10 ), is é an cuspóir sonrach atá le taighde agus le nuálaíocht in TFC cur ar a cumas don Eoraip tacú leis na deiseanna ag eascairt ón dul chun cinn in TFC, iad a fhorbairt agus leas a bhaint astu, chun sochar na saoránach, na ngnólachtaí agus na gcomhphobal eolaíochtaí.

Agus í ar an ngeilleagar is mó ar domhan agus an cion is mó de mhargadh TFC aici (is mo a luach ná EUR 2 600 billiún inniu), ba cheart go mbeadh uaillmhianta ag an Eoraip go mbeidh a cuid gnólachtaí, rialtas, ionad taighde agus forbartha agus ollscoileanna mar cheannairí i bhforbairtí Eorpacha agus domhanda in TFC, iad ag cothú gnólachtaí nua agus ag déanamh níos mó infheistíochtaí i nuálaíochtaí a bhaineann le TFC.

Faoin mbliain 2020, ba cheart d’earnáil TFC na hEorpa ar a laghad méid coibhéiseach lena cion de mhargadh domhanda TFC a sholáthar; faoi láthair is ionann an cion sin agus aon trian den mhargadh. Ba cheart don Eoraip freisin gnólachtaí nuálacha in TFC a chothú ionas gurb iad cuideachtaí a bunaíodh le fiche bliain anuas a dhéanfaidh aon trian den infheistíocht gnóthas ar fad i dtaighde agus i bhforbairt in TFC san Aontas, b'fhiú EUR 35 billiún an méid sin sa bhliain 2011. Chuige sin, theastódh méadú ar infheistíochtaí poiblí i dtaighde agus i bhforbairt in TFC ar bhealaí ina ndéanfaí an caiteachas príobháideach a ghiaráil, i dtreo na sprice chun infheistíochtaí a fhairsingiú sna deich mbliana atá romhainn, agus méadú mór a dhéanamh ar líon na n-ionad Eorpach agus na mbraislí Eorpacha a bhfuil barr feabhais bainte amach acu in TFC.

Chun máistreacht a fháil ar theicneolaíocht agus ar shlabhraí gnóthais atá ag éirí níos casta agus níos ildisciplíní in TFC, teastaíonn an chomhpháirtíocht, rioscaí a roinnt agus mais chriticiúil a shlógadh ar fud an Aontais. Trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ba cheart go gcuideofaí le hearnáil na tionsclaíochta aghaidh a thabhairt ar pheirspictíocht an mhargaidh aonair agus barainneachtaí scála agus réimse a bhaint amach. Leis an gcomhar atá dírithe ar chomhchláir oibre theicneolaíochta atá oscailte agus a mbíonn iarmhairtí agus tionchair ghiarála acu, féadfaidh réimse leathan de gheallsealbhóirí leas a bhaint as forbairtí nua agus nuálaíochtaí eile a chruthú. Le comhpháirtíocht ar leibhéal an Aontais, is féidir comhdhearcaidh a shocrú, pointe fócasach soiléir a bhunú do na comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus tacófar le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin agus ar réitigh chomh-inoibritheacha san Aontas agus ar fud an domhain araon.

1.1.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá TFC mar bhonn is mar thaca ag an nuálaíocht agus ag an iomaíochas trasna réimse leathan de mhargaí agus d’earnálacha príobháideacha agus poiblí, agus is trína mbíthin is féidir dul chun cinn eolaíoch a dhéanamh sna disciplíní ar fad. In imeacht na ndeich mbliana atá romhainn amach, is soiléire fós a bheidh an tionchar a imreoidhag na teicneolaíochtaí digiteacha, na gnéithe, na bonneagair agus na seirbhísí a bhaineann le TFC ar gach réimse den saol. Leanfaidh acmhainní ríomhaireachta, cumarsáide agus stórála sonraí de bheith ag fáil leathantais sna blianta atá le teacht. Ginfidh braiteoirí, meaisíní agus táirgí atá feabhsaithe-le-faisnéis, ollmhéideanna faisnéise agus sonraí, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí fíor-ama, rud a fhágann go mbeidh sé coitianta gníomhaíocht a dhéanamh i bhfad ón láthair, go bhféadfar próisis ghnó agus láithreáin táirgthe inbhuanaithe a úsáid ar fud an domhain lena bhféadfar réimse leathan de sheirbhísí agus d’fheidhmeanna a chruthú.

Is trí TFC a sholáthrófar cuid mhaith seirbhísí tráchtála agus poiblí riachtanacha, agus gach próiseas táirgthe faisnéise tábhachtach san eolaíocht, san fhoghlaim, sa ghnó agus in earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta chomh maith leis an earnáil phoiblí, agus beidh rochtain níos éasca orthu dá bhrí sin. Is trí TFC a sholáthrófar an bonneagar criticiúil le haghaidh próiseas táirgthe agus gnó, na cumarsáide agus idirbheart. Beidh TFC riachtanach freisin chun tabhairt faoi na dúshláin shochaíocha is tábhachtaí, chomh maith leis na próisis shochaíocha amhail comhphobail a eagrú, iompar na dtomhaltóirí, rannpháirtíocht pholaitiúil agus an pobal a rialú, mar shampla trí bhíthin na meán sóisialta agus ardáin agus uirlisí comhchoiteanna feasachta. Tá sé ríthábhachtach go gcomhtháthófar agus go dtacófar le taighde atá bunaithe ar pheirspictíocht an úsáideora d'fhonn réitigh iomaíocha a fhorbairt.

Leis an tacaíocht a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in TFC, cuidítear go suntasach leis na teicneolaíochtaí agus na feidhmeanna den chéad ghlúin eile a fhorbairt, óir is cuid mhór d’iomlán an chaiteachais ar an taighde agus ar an nuálaíocht chomhoibritheach meánriosca agus ardriosca san Eoraip í. Go dtí seo, is riachtanach an infheistíocht phoiblí a rinneadh i dtaighde agus i nuálaíocht in TFC ar leibhéal an Aontais, agus is mar sin atá go fóill, chun an mhais chriticiúil a spreagadh chun talamh úr a bhriseadh, chun réitigh, táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus chun úsáid níos fearr a bhaint astu. Tá ról tábhachtach aici go fóill i gclár oibre oscailte agus teicneolaíochtaí is infheidhme ar fud an Aontais a fhorbairt, i nuálaíochtaí a thástáil agus a phíolótú i bhfíorthosca pan-Eorpacha agus san úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní nuair atá aghaidh á tabhairt ar iomaíochas an Aontais agus le dúshláin shochaíocha choitianta. Tríd an tacaíocht a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in TFC, féadfaidh fiontair teicneolaíochta bheaga agus mheánmhéide fás agus leas a bhaint as méid na margaí ar fud an Aontais. Leis an tacaíocht sin, táthar ag neartú an chomhair agus an fheabhais idir eolaithe agus innealtóirí an Aontais, ag treisiú sineirgí leis na buiséid náisiúnta agus eatarthu, agus ag gníomhú mar phointe fócasach le haghaidh an chomhair le comhpháirtithe as áiteanna lasmuigh den Eoraip.

Sna meastóireachtaí leantacha a rinneadh ar ghníomhaíochtaí TFC i sa Seachtú Clár Réime, léiríodh gur ríthábhachtach an infheistíocht a díríodh ar an taighde agus ar an nuálaíocht in TFC agus a rinneadh ar leibhéal an Aontais chun an cheannaireacht thionsclaíoch a chothú i réimsí amhail an chumarsáid mhóibíleach, córais TFC a bhraitheann ar an tsábháilteacht, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail éifeachtúlacht fuinnimh, an tsláinte, sábháilteacht an tsoláthair bia, an t-iompar nó an t-athrú déimeagrafach. Trí infheistíochtaí ón Aontas i mbonneagair thaighde TFC, cuireadh na háiseanna taighde, líonraithe agus ríomhaireachta is fearr ar domhan ar fáil do thaighdeoirí Eorpacha.

1.1.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Trí roinnt línte gníomhaíochta, díreofar ar dhúshláin a bhaineann leis an gceannaireacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch in TFC, agus cumhdófar cláir chineálacha le haghaidh taighde agus nuálaíochta in TFC, lena n-áirítear go háirithe na nithe seo a leanas:

(a) 

Glúin nua comhpháirteanna agus córas: Comhpháirteanna agus córais atá sárfhorbartha, leabaithe agus tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní a cheapadh;

(b) 

An ríomhaireacht den chéad ghlúin eile: Córais agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta atá sárfhorbartha agus slán, lena n-áirítear néalríomhaireacht;

(c) 

An tIdirlíon don Todhchaí:bogearra, crua-earra, bonneagair, teicneolachtaí agus seirbhísí;

(d) 

Teicneolaíochtaí inneachair agus bainistíocht faisnéise: TFC le haghaidh ábhar digiteach agus le haghaidh tionscail na cruthaitheachta agus an chultúir;

(e) 

Comhéadain shárfhorbartha agus róbait: róbataic agus spásanna cliste;

(f) 

An mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic agus an fhótónaic: Eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhaineann leis an micrileictreonaic, leis an nanaileictreonaic agus leis an bhfótónaic lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí candamacha freisin.

Táthar ag súil go gcumhdófar an réimse iomlán riachtanas leis na sé mhórlíne ghníomhaíochta sin, agus iomaíochas earnáil thionsclaíochta na hEorpa ar fud an domhain á chur san áireamh. D’áireofaí leo sin an cheannaireacht thionsclaíoch i réitigh chineálacha atá bunaithe ar TFC, táirgí agus seirbhísí atá riachtanach chun dul i ngleic le mórdhúshláin shochaíocha, chomh mhaith le cláir thaighde agus nuálaíochta in TFC atá dírithe ar fheidhmeanna a dtacófar leo in éineacht leis an dúshlán sochaíoch iomchuí. I bhfianaise an dul chun cinn ar an teicneolaíocht i ngach réimse den saol a bhíonn ag dul i méid i gcónaí, beidh an idirghníomhaíocht idir daoine agus teicneolaíocht tábhachtach i leith an méid sin, agus beidh sé mar chuid de thaighde TFC thuasluaite atá dírithe ar fheidhmeanna.

Áireofar leis na sé líne ghníomhaíochta sin freisin bonneagair thaighde a bhaineann le TFC go sonrach amhail saotharlanna beo le haghaidh turgnamh, agus bonneagair le haghaidh eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin bunúsacha agus iad a chomhtháthú i dtáirgí sárfhorbartha agus i gcórais chliste nuálacha, lena n-áirítear trealamh, uirlisí, seirbhísí tacaíochta, seomraí íonghlana, agus rochtain ar theilgcheártaí chun fréamhshamhaltú a dhéanamh.

Tacóidh Fís 2020 le córais taighde agus forbartha agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha á n-urramú go hiomlán acu agus go háirithe a gceart chun príobháideachais.

1.2.    Nanaitheicneolaíochtaí

1.2.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta nanaitheicneolaíochtaí ceannaireacht an Aontais a áirithiú sa mhargadh domhanda seo ina bhfuil ardchumas fáis, trí dhul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch agus infheistíocht i nanaitheicneolaíochtaí a spreagadh agus an glacadh atá leo i dtáirgí agus i seirbhísí ard-bhreisluacha, iomaíocha ar fud raon feidhmeanna agus earnálacha.

Faoi 2020, beidh nanaitheicneolaíochtaí á bpríomhshruthú, is é sin le rá go mbeidh siad comhtháite go leanúnach leis an gcuid is mó de na teicneolaíochtaí agus de na feidhmeanna, a spreagfar le sochair don tomhaltóir, le cáilíocht saoil, le cúram sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus leis an bhféidearthacht láidir thionsclaíoch chun réitigh a bhaint amach, nárbh ann dóibh roimhe sin, i dtaca le táirgiúlacht agus tíosacht acmhainní.

Ina theannta sin, ní mór don Eoraip an tagarmharc domhanda a shocrú maidir le himscaradh na nanaitheicneolaíochta ar bhonn sábháilte agus freagrach, agus maidir le rialachas ina leith lena n-áiritheofar sochair mhóra ar bhonn tionsclaíoch agus tionchar sochaíoch i gceangal le hardchaighdeáin sábháilteachta agus inbhuanaitheachta.

Is ionann táirgí ina n-úsáidtear nanaitheicneolaíochtaí agus margadh domhanda nach acmhainn don Eoraip neamhaird a thabhairt air. Tá meastacháin an mhargaidh maidir le luach na dtáirgí ina n-ionchorprófar nanaitheicneolaíocht mar phríomh-chomhpháirt chomh hard le EUR 700 billiún faoi 2015 agus EUR 2 thrilliún faoi 2020, lena mbainfidh idir 2 agus 6 mhilliún post faoi seach. Ba cheart do chuideachtaí nanaitheicneolaíochta na hEorpa an fás dédhigiteach sin ar an margadh a shaothrú agus a bheith ábalta sciar den mhargadh cothrom le sciar na hEorpa de chistiú taighde domhanda (i.e. ceathrú cuid) a ghabháil faoi 2020.

1.2.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is speictream de theicneolaíochtaí atáthar a fhorbairt i gcónaí iad nanaitheicneolaíochtaí, lena mbaineann féidearthacht chruthaithe, a bhfuil tionchar réabhlóideach acu ar an méid seo a leanas; m.sh. ábhair, TFC, soghluaisteacht iompair, eolaíochtaí saoil, cúram sláinte (lena n-áirítear cóireáil), earraí tomhaltóra agus monaraíocht a luaithe a dhéantar táirgí ceannródaíocha atá inbhuanaithe agus iomaíoch agus próisis tháirgthe cheannródaíocha as an taighde.

Tá ról ríthábhachtach ag nanaitheicneolaíochtaí maidir le freastal a dhéanamh ar na dúshláin a shainaithítear sa straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfidh imscaradh rathúil na n-eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin seo le hiomaíochas thionscal an Aontais trí tháirgí úrnua agus feabhsaithe nó próisis níos éifeachtaí a chumasú agus freagairtí a chur ar fáil ar dhúshláin shochaíocha sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.

Tá an cistiú taighde domhanda le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí dúbailte ó thuairim agus EUR 6.5 billiún in 2004 go tuairim agus EUR 12.5 billiún in 2008, agus ceathrú den mhéid sin ag teacht ón Aontas. Tá ceannaireacht taighde aitheanta ag an Aontas i naineolaíochtaí agus i nanaitheicneolaíochtaí agus réamh-mheastar go mbeidh 4 000 cuideachta sna réimsí siúd san Aontas faoi 2015. Ní mór an cheannaireacht taighde sin a choinneáil agus a fhairsingiú agus a aistriú le go mbainfear leas praiticiúil aisti agus le go ndéanfar tráchtálú uirthi.

Ní mór don Eoraip a staid sa mhargadh domhanda a dhaingniú agus a fhorbairt anois trí chomhar forleathan a chur chun cinn i slabhraí luacha éagsúla agus trasna slabhraí luacha éagsúla agus idir earnálacha tionsclaíocha éagsúla chun táirgí tráchtála sábháilte, inbhuanaithe agus inmharthana a dhéanamh de phróiseas méadaithe ó scálú na dteicneolaíochtaí sin. Tá saincheisteanna an mheasúnaithe agus an bhainistithe riosca mar aon le rialachas freagrach ag teacht chun cinn mar fhachtóirí cinntitheacha maidir le tionchar nanaitheicneolaíochtaí sa todhchaí ar an tsochaí, ar an gcomhshaol agus ar an ngeilleagar.

Ar an gcaoi sin, beidh fócas na ngníomhaíochtaí ar fheidhmiú nanaitheicneolaíochtaí sa gheilleagar ar bhonn forleathan, freagrach agus inbhuanaithe chun sochair lena mbaineann tionchar ard sochaíoch agus tionsclaíoch a chumasú. D’fhonn na deiseanna féideartha a áirithiú, lena n-áirítear cuideachtaí nua a chur ar bun agus poist nua a ghiniúint, ba cheart go gcuirfí na huirlisí riachtanacha ar fáil trí thaighde ionas gur féidir caighdeánú agus rialú a chur chun feidhme i gceart.

1.2.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An chéad ghlúin eile de nana-ábhair, de nanaifheistí agus de nanachórais a fhorbairt

Díriú ar tháirgí atá nua ó bhonn lena gcumasófar réitigh inbhuanaithe i raon leathan earnálacha.

(b)   Forbairt agus feidhmiú nanaitheicneolaíochtaí ar bhonn sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú

Eolas eolaíoch maidir le tionchar féideartha na nanaitheicneolaíochtaí agus na nanachóras ar shláinte nó ar an gcomhshaol a chur chun cinn, agus uirlisí a chur ar fáil chun measúnú agus bainistiú riosca a dhéanamh ar feadh na saolré iomláine, lena n-áirítear saincheisteanna caighdeánaithe.

(c)   Gné shochaíoch na nanaitheicneolaíochta a fhorbairt

Díriú ar rialachas na nanaitheicneolaíochta chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil.

(d)   Nana-ábhair, comhpháirteanna agus córais a shintéisiú agus a mhonarú go héifeachtúil agus ar bhealach inbhuanaithe

Díriú ar oibriúcháin nua, ar chomhtháthú cliste próiseas nua agus próiseas atá ann cheana, lena n-áirítear cóineasú teicneolaíochta agus méadú ó scála a dhéanamh chun táirgeadh fíorbheacht táirgí agus sáslach ilfhóinteach solúbtha ar mórscála a bhaint amach lena n-áirithítear faisnéis a thiontú go héifeachtúil go nuálaíocht thionsclaíoch.

(e)   Teicnící feabhsaithe cumais, modhanna tomhais agus trealamh a fhorbairt agus a chaighdeánú

Díriú ar na teicneolaíochtaí atá mar bhonn agus mar thaca ó thaobh tacú le forbairt agus le tabhairt isteach nana-ábhar agus nanachóras sábháilte, casta ar an margadh.

1.3.    Ábhair shárfhorbartha

1.3.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh ábhar sárfhorbartha

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta maidir le hábhair shárfhorbartha, forbairt a dhéanamh ar ábhair lena mbaineann feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht inseirbhíse fheabhsaithe, le haghaidh táirgí níos iomaíche agus níos sábháilte a dhéanann íoslaghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ar ídiú acmhainní.

Is príomhchumasúcháin iad ábhair agus iad i gcroílár na nuálaíochta tionsclaíche. Tá ábhair shárfhorbartha lena mbaineann ábhar eolais ardleibhéil, feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht fheabhsaithe fíor-riachtanach le haghaidh iomaíochais thionsclaíoch agus forbairt inbhuanaithe ar fud raon leathan feidhmeanna agus earnálacha

1.3.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá ábhair shárfhorbartha nua de dhíth chun táirgí agus próisis inbhuanaithe agus lena mbainfidh feidhmíocht níos fearr a fhorbairt agus lena ndéanfar acmhainní tearca a ionadú. Is cuid den réiteach ar ár ndúshláin thionsclaíocha agus shochaíocha iad na hábhair sin, as a dtiocfaidh feidhmíocht níos fearr ó thaobh a n-úsáide de, riachtanais níos lú ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de, agus inbhuanaitheacht le linn shaolré uile na dtáirgí.

I ndáil le forbairt atá dírithe ar fheidhmeanna, is minic is gá ábhair iomlán nua a dhearadh, agus an cumas chun feidhmíochtaí inseirbhíse beartaithe a chur ar fáil leo. Is gné thábhachtach iad na hábhair sin maidir le slabhra soláthair monaraíochta ardluacha. Tá siad mar bhunús freisin le haghaidh dul chun cinn i réimsí teicneolaíochta trasnaí (mar shampla teicneolaíochtaí cúraim sláinte, bitheolaíochtaí, leictreonaic agus fótónaic), agus i ngach earnáil den mhargadh a bheag nó a mhór. Is ionann na hábhair iad féin agus príomhbheart chun luach na dtáirgí agus a bhfeidhmíocht a mhéadú. Tá luach agus tionchar measta na n-ábhar sárfhorbartha suntasach, agus ráta fáis bliantúil thart ar 6 % ag gabháil leo agus méid margaidh ionchais tuairim is EUR 100 billiún faoi 2015.

Ceapfar ábhair de réir cur chuige saolré iomlán, ó sholáthar na n-ábhar atá ar fáil go dtí deireadh ré (próiseas athghiniúnach), agus cuir chuige nuálacha chun na hacmhainní (lena n-áirítear fuinneamh) is gá le haghaidh a dtrasfhoirmithe a íoslaghdú nó chun drochthionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Cumhdófar freisin úsáid leanúnach, athchúrsáil nó úsáid thánaisteach ábhar a bhfuil a ré caite mar aon le nuálaíocht shochaíoch ghaolmhar, amhail athruithe ar iompar na dtomhaltóirí agus samhlacha nua gnó.

D’fhonn dlús a chur faoin dul chun cinn, cothófar cur chuige ildisciplíneach agus inréimneach, lena mbainfidh ceimic, fisic, eolaíochtaí innealtóireachta, samhaltú teoiriciúil agus ríomhaireachtúil, eolaíochtaí bitheolaíocha agus dearadh tionsclaíoch a bheidh níos cruthaithí.

Cothófar comhghuaillíochtaí nua agus nuálaíochta glasa mar aon le siombóis thionsclaíoch ionas gur féidir le tionscail a samhlacha gnó a éagsúlú, a fhorleathnú agus a gcuid dramhaíola a athúsáid mar bhunús le táirgiúlacht nua.

1.3.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Teicneolaíochtaí ábhar trasnaí agus cumasúcháin

Taighde ar ábhair de réir dearaidh, ar ábhair fheidhmeacha, ar ábhair ilfheidhmeacha lena mbaineann ábhar eolais ardleibhéil, feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht fheabhsaithe, agus ar ábhair struchtúracha le haghaidh nuálaíochta i ngach earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear tionscail na cruthaitheachta.

(b)   Ábhair a fhorbairt agus a thrasfhoirmiú

Taighde agus forbairt chun forbairt agus méadú ó scálú ar bhonn éifeachtúil, sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú ionas gur féidir monaraíocht thionsclaíoch táirgí atá bunaithe ar dhearadh sa todhchaí a chumasú, chun bainistiú ábhar "gan dramhaíl" a bhaint amach san Eoraip.

(c)   Bainistíocht ar chomhpháirteanna ábhar

Taighde agus forbairt i ndáil le teicnící nua agus nuálacha le haghaidh ábhar, comhpháirteanna agus chóras.

(d)   Ábhair do thionscal ísealcharbóin atá inbhuanaithe agus tíosach ar acmhainní

Forbairt a dhéanamh ar tháirgí agus ar fheidhmeanna nua, ar shamhlacha gnó agus iompar freagrach tomhaltóirí a laghdaíonn an t-éileamh ar fhuinneamh, agus a éascaíonn táirgeadh ísealcharbóin.

(e)   Ábhair le haghaidh tionscail na cruthaitheachta, lena n-áirítear oidhreacht

Dearadh agus forbairt ar theicneolaíochtaí inréimneacha a fheidhmiú chun deiseanna nua gnó a chruthú, lena n-áirítear caomhnú agus athchóiriú ábhar a bhfuil luach stairiúil nó cultúrtha ag gabháil leo, mar aon le nua-ábhair.

(f)   Méadreolaíocht, tréithriú, caighdeánú agus rialú cáilíochta

Teicneolaíochtaí a chur chun cinn amhail tréithriú, meastóireacht neamhscriosach, measúnú agus faireachán leantach agus samhaltú réamhfháistineach ar fheidhmíocht maidir le dul chun cinn in eolaíocht na n-ábhar agus san innealtóireacht agus an tionchar a bheidh orthu.

(g)   An leas is fearr a bhaint as úsáid ábhar

Taighde agus forbairt chun imscrúdú a dhéanamh ar ionadú agus ar mhalairt roghanna maidir le húsáid ábhar agus cineálacha cur chuige éagsúla gnó atá nuálach agus acmhainní ríthábhachtacha a shainaithint.

1.4.    Biteicneolaíocht

1.4.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh biteicneolaíochta

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta biteicneolaíochta táirgí tionsclaíocha agus próisis thionsclaíocha iomaíocha, inbhuanaithe agus nuálacha a fhorbairt agus rannchuidiú mar ghníomhaí nuálaíochta i roinnt earnálacha Eorpacha, amhail talmhaíocht, foraoiseacht, bia, fuinneamh, ceimiceáin agus sláinte mar aon leis an mbithgheilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis.

Tacóidh bunús láidir eolaíoch, teicneolaíochta agus nuálach i mbiteicneolaíocht le tionscail na hEorpa ceannaireacht a bhaint amach san eochairtheicneolaíocht chumasúcháin sin. Neartófar an staid sin a thuilleadh tríd an measúnú sláinte agus sábháilteachta, an tionchar eacnamaíoch agus comhshaoil in úsáid na teoicneolaíochta agus gnéithe bainistíochta na rioscaí foriomlána agus sonracha maidir le himscaradh na biteicneolaíochta a chomhtháthú.

1.4.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Agus an bhiteicneolaíocht á spreagadh ag an méadú ar eolas ar chórais bheo, tá sí ar tí sruth feidhmeanna nua a chur ar fáil agus bonn tionsclaíoch an Aontais agus a chumas nuálaíochta a neartú. Is i bhfeidhmeanna tionsclaíocha a fheictear samplaí den tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le biteicneolaíocht lena n-áirítear bithchógaisíocht, bia agus táirgeadh bia agus bithcheimiceáin, a dtiocfaidh méadú oiread de 12 %-20 % ar sciar an mhargaidh na mbithcheimiceán, de réir mar a mheastar, i dtaca le táirgeadh ceimiceán faoi 2015. Tugtar aghaidh leis an mbiteicneolaíocht freisin, ar chuid de dhá phrionsabal déag na Ceimice Glaise, mar a thugtar orthu, i ngeall ar roghnaíocht agus éifeachtúlacht na mbithchóras. Is féidir na hualaí eacnamaíocha féideartha d’fhiontair an Aontais a laghdú trí bhíthin féidearthacht na bpróiseas biteicneolaíochta agus na dtáirgí bithbhunaithe a ghabháil chun astaíochtaí CO2 a laghdú, ar astaíochtaí a mheastar a bheibh ina gcoibhéis idir 1 agus 2.5 billiún tonna CO2 in aghaidh na bliana faoi 2030.

Cheana féin, in earnáil bhithchógaisíochta na hEorpa, díorthaítear tuairim agus 20 % de na cógais reatha ó bhiteicneolaíocht, ar cógais nua suas le 50 % díobh. Beidh ról tábhachtach ag an mbiteicneolaíocht san aistriú chuig geilleagar bithbhunaithe trí bhíthin próisis thionsclaíocha nua a fhorbairt. Cruthaítear bealaí nua trí bhíthin biteicneolaíochta chun an talmhaíocht, an dobarshaothrú agus foraoiseacht inbhuanaithe a fhorbairt agus chun acmhainneacht ollmhór acmhainní muirí a shaothrú chun feidhmeanna tionsclaíocha, sláinte, fuinnimh, ceimiceáin agus comhshaoil nuálacha a tháirgeadh. Táthar ag tuar go dtiocfaidh fás 10 % in aghaidh na bliana ar earnáil na biteicneolaíochta muirí (gorm) atá ag teacht chun cinn.

Tá eochairfhoinsí nuálaíochta eile ag an gcomhéadan idir an bhiteicneolaíocht agus teicneolaíochtaí cumasúcháin agus inréimneacha eile, go háirithe nanaitheicneolaíochtaí agus TFC, lena mbaineann feidhmeanna amhail braiteacht agus diagnóisiú.

1.4.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Béim a chur ar bhiteicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta mar ghníomhaí nuálaíochta sa todhchaí

Réimsí teicneolaíochta éiritheacha amhail bitheolaíocht shintéiseach, bithfhaisnéisíocht agus bitheolaíocht chóras, lena mbaineann féidearthacht mhórle haghaidh táirgí nuálacha agus teicneolaíochtaí agus feidhmeanna a bheidh go hiomlán úrnua.

(b)   Táirgí agus próisis thionsclaíocha bunaithe ar bhiteicneolaíocht

Biteicneolaíocht thionsclaíoch agus dearadh bithphróiseas ar scála na dtionscal a fhorbairt le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus próiseas tionsclaíoch atá inbhuanaithe (e.g. ceimiceán, sláinte, mianadóireacht, fuinneamh, laíon agus páipéar, táirgí atá bunaithe ar shnáithíní agus ar adhmad, teicstíl, stáirse, próiseáil bhia) agus na gnéithe comhshaoil agus sláinte lena mbaineann, lena n-áirítear oibriúcháin ghlantacháin.

(c)   Teicneolaíochtaí ardáin nuálacha agus iomaíocha

Teicneolaíochtaí ardáin a fhorbairt (e.g. géanómaíocht, meitighéanómaíocht, próitéamaíocht, meitibileacht, uirlisí móilíneacha, córais léirithe, ardáin feinitíopála agus ardáin atá bunaithe ar chealla) chun ceannaireacht agus buntáiste iomaíoch i líon fairsing earnálacha a bhfuil tionchar eacnamaíoch acu a fheabhsú.

1.5.    Ardmhonaraíocht agus an ardphróiseáil

1.5.1.   Cuspóir sonrach

Is é cuspóir sonrach thaighde agus nuálaíocht na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála fiontair mhonaraíochta, córais agus próisis na haimsire seo a chlaochlú. Déanfar é sin inter alia trí eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a ghiaráil d'fhonn teicneolaíochtaí monaraíochta agus próiseála tras-earnála a bhaint amach a mbeidh breis dlútheolais, inbhuanaitheachta, éifeachtachta ó thaobh acmhainní agus fuinnimh ag baint leo as a dtiocfaidh táirgí, próisis agus seirbhísí níos nuálaí. Trí bhíthin táirgí, próisis agus seirbhísí inbhuanaithe nua a chumasú agus iad a úsáid ar bhealach iomaíoch, beidh ardmhonaraíocht agus ardphróiseáil ríthábhachtach freisin chun tosaíocht "Na dúshláin sochaíocha" a bhaint amach.

1.5.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá an earnáil monaraíochta ríthábhachtach don gheilleagar Eorpach, í ag rannchuidiú tuairim agus 17 % de OTI agus thart ar 22 mhilliún post san Aontas in 2007 ina tuilleamaí. Idir maolú na mbac eacnamaíoch ar thrádáil agus éifeacht chumasúcháin na teicneolaíochta cumarsáide, tá monaraíocht faoi réir iomaíocht ghéar agus claonadh ann í a aistriú chuig na tíortha ina bhfuil an costas foriomlán is ísle. Tá gá le hathrú radacach ar an gcur chuige Eorpach maidir le monaraíocht má tá an Eoraip chun bheith iomaíoch i gcónaí ar bhonn domhanda agus d’fhéadfadh Fís 2020 cuidiú chun na páirtithe leasmhara go léir a thabhairt le chéile chun é sin a bhaint amach.

Ní mór don Eoraip an infheistíocht a mhéadú ar leibhéal an Aontais chun ceannaireacht agus inniúlacht na hEorpa a chothabháil i leith teicneolaíochtaí monaraíochta agus an t-aistriú a dhéanamh chuig earraí ardluacha dlútheolais, chun na dálaí agus na sócmhainní a chruthú le haghaidh seirbhís saolré inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar fáil i dtaobh táirge monaraíochta. Ní mór do thionscail mhonaraíochta agus do phróisis atá dian ó thaobh acmhainní a gcuid acmhainní agus eolais a shaothrú tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus an infheistíocht a mhéadú i dtaighde, i bhforbairt agus i nuálaíocht chun dul chun cinn breise a chumasú i dtreo geilleagair ísealcharbóin, iomaíoch, inbhuanaithe atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de agus chun na laghduithe uile-Aontais a comhaontaíodh maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa le haghaidh earnálacha tionsclaíocha a chomhlíonadh faoi 2050 ( 11 ).

Trí bheartais láidre an Aontais, dhéanfadh an Eoraip na hearnálacha tionsclaíocha reatha a mhéadú agus earnálacha tionsclaíocha éiritheacha na todhchaí a chothú. Is suntasach iad luach agus tionchar measta earnáil na gcóras monaraíochta sárfhorbartha, lena mbaineann méid margaidh ionchais dar luach EUR 150 billiún faoi 2015 agus ráta fáis bliantúil tuairim agus 5 %.

Is ríthábhachtach é go gcoimeádfar an t-eolas agus an inniúlacht chun cumas monaraíochta agus próiseála a choinneáil san Eoraip. Beidh béim na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar mhonaraíocht agus ar phróiseáil inbhuanaithe, sábháilte lena dtabharfar an nuálaíocht theicniúil agus an díriú ar chustaiméirí atá riachtanach isteach chun táirgí agus seirbhísí dlútheolais lena mbaineann ídiú íseal ar ábhar agus ar fhuinneamh a tháirgeadh.

Ina theannta sin, ní mór don Eoraip na teicneolaíochtaí agus an t-eolas cumasúcháin a aistriú chuig earnálacha táirgiúla eile, amhail tógáil, atá ina mórfhoinse gás ceaptha teasa áit ar ionann gníomhaíochtaí tógála agus tuairim is 40 % d’ídiú fuinnimh san Eoraip, as a dtagann 36 % de na hastaíochtaí CO2. Ní mór don earnáil tógála, ina ngintear 10 % d’OTI agus ina gcuirtear tuairim agus 16 mhilliún post ar fáil san Eoraip idir 3 mhilliún fiontar, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide 95 % díobh, ábhair nuálacha agus cineálacha éagsúla cur chuige maidir le monaraíocht a ghlacadh chun a tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú.

1.5.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Teicneolaíochtaí le haghaidh Mhonarchana na Todhchaí

Fás tionsclaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn trí bhíthin athrú straitéiseach san Eoraip ó mhonaraíocht chostas-bhunaithe go cur chuige bunaithe ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar chruthú táirgí ardbhreisluacha agus monaraíocht ardfheidhmíochta, éirimiúil TFC-chumasaithe i gcóras comhtháite.

(b)   Teicneolaíochtaí trína gcumasaítear foirgnimh agus córais atá tíosach ar Fhuinneamh agus a bhfuil tionchar íseal ar an gcomhshaol acu

Ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 a laghdú trí theicneolaíochtaí agus córais tógála inbhuanaithe a thaighde, a fhorbairt agus a úsáid, lena dtabharfar aghaidh ar an slabhra breisluacha iomlán agus tionchar foriomlán fhoirgneamh ar an gcomhshaol a laghdú.

(c)   Teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de i dtionscail phróiseas atá dian ó thaobh fuinnimh de

Iomaíochas na dtionscal próiseas a mhéadú, trí éifeachtúlachtaí acmhainne agus fuinnimh a fheabhsú go suntasach agus tionchar comhshaoil gníomhaíochtaí tionsclaíocha den sórt sin a laghdú trí bhíthin an tslabhra luacha iomláine, glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chur chun cinn, próisis thionsclaíocha níos inbhuanaithe agus, i gcás inarb infheidhme, foinsí fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú.

(d)   Samhlacha gnó inbhuanaithe nua

Coincheapa agus modheolaíochtaí a dhíorthú le haghaidh samhlacha gnó oiriúnaitheacha ‘eolas-bhunaithe’ i gcineálacha cur chuige éagsúla saincheaptha, lena n-áirítear cineálacha malartacha cur chuige atá táirgiúil ó thaobh acmhainní.

1.6.    An Spás

1.6.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh an spáis

Is é an cuspóir sonrach maidir le spástaighde agus maidir leis an nuálaíocht spáis tionscal spáis (lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide) agus pobal spástaighde a bheidh iomaíoch, nuálach agus éifeachtach ó thaobh costais de a chothú chun bonneagar spáis a fhorbairt agus a shaothrú d’fhonn freastal ar bheartas an Aontais agus ar riachtanais na sochaí sa todhchaí.

Tá neartú earnáil spáis na hEorpa, idir an earnáil phoiblí agus earnáil phríobháideach, trí threisiú le spástaighde agus le nuálaíocht spáis, ríthábhachtach chun cumas na hEorpa a chothabháil agus a chosaint i dtaca leis an spás a úsáid d'fhonn tacú le beartais an Aontais, le leasa straitéiseacha idirnáisiúnta agus le hiomaíochas i measc na náisiún a bhfuil loingseoireacht spáis fadbhunaithe acu agus na náisiún ina bhfuil sí ag teacht chun cinn. Gníomhófar ar leibhéal an Aontais i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí spástaighde na mBallstát agus Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE), d'fhonn comhlántacht idir gníomhairí éagsúla a chur chun cinn.

1.6.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is cumasúchán tábhachtach é an spás, d’ainneoin gur minic nach dtugtar é sin faoi deara, le haghaidh seirbhísí agus táirgí éagsúla atá ríthábhachtach do shochaí an lae inniu, amhail loingseoireacht agus cumarsáid, chomh maith le réamhaisnéis na haimsire, agus faisnéis gheografach a fhaightear ó fhaire na Cruinne a déanann satailítí. Braitheann ceapadh agus cur chun feidhme beartas ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach ar bhonn níos minice ar fhaisnéis a dhíorthaítear ón spás. Tá earnáil dhomhanda an spáis ag fás agus ag forleathnú go mear chuig réigiúin nua (e.g. an tSín, Meiriceá Theas agus an Afraic). I láthair na huaire is onnmhaireoir suntasach é earnáil tionsclaíochta na hEorpa de shatailítí den chéad scoth chun críocha tráchtála agus eolaíocha. Is dúshlán do staid na hEorpa sa réimse seo an méadú ar iomaíocht dhomhanda.

Is ábhar leasa don Eoraip é a áirithiú go leanfaidh an borradh atá faoina cuid tionsclaíochta sa mhargadh sin atá thar a bheith iomaíoch. Ina theannta sin, mar thoradh ar na sonraí a fuarthas ó shatailítí agus ó thóireadóirí eolaíocha, rinneadh cuid den dul chun cinn eolaíoch is suntasaí a tharla le scór nó tríocha bliain anuas sa domhaneolaíocht, san fhisic bhunúsach, sa réalteolaíocht agus sa phláinéadeolaíocht. Ina theannta sin, chuir teicneolaíochtaí spáis nuálaíocha, m. sh., an róbataic le dul chun cinn na faisnéise agus na teicneolaíochta san Eoraip. Agus an cumas uathúil seo aici, tá ról ríthábhachtach ag earnáil spáis na hEorpa freastal ar na dúshláin a shainaithnítear trí bhíthin straitéis Eoraip 2020.

Tá taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht mar bhonn agus mar thaca ag cumas sa spás atá ríthábhachtach do shochaí na hEorpa. Cé go gcaitheann Stáit Aontaithe Mheiriceá tuairim is 25 % dá mbuiséad spáis ar thaighde agus ar fhorbairt, caitheann an tAontas níos lú ná 10 % orthu. Ina theannta sin, tugtar aghaidh i spástaighde san Aontas ar chláir náisiúnta na mBallstát, ar chláir GSE agus ar Chreatchláir AE le haghaidh taighde.

D'fhonn buntáiste teicneolaíochta agus iomaíoch na hEorpa a choinneáil agus chun leas a bhaint as infheistíochtaí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ag féachaint d'Airteagal 4(3) agus d'Airteagal 189 CFAE i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí spástaighde na mBallstát agus GSE, a bhfuil forbairt ar shatailít thionsclaíoch mar aon le misin domhainspáis bainistithe aici ar bhonn idir-rialtasach ar son Bhallstáit GSE ó 1975. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin chun rannpháirtíocht na dtaighdeoirí is fearr ó na Ballstáit go léir a chur chun cinn, agus chun na baic ar chomharthionscadail spástaighde trasna na dteorainneacha náisiúnta a ísliú.

Ina theannta sin, beidh an fhaisnéis a chuirfidh satailítí Eorpacha ar fáil ina hacmhainneacht mhéadaitheach le haghaidh tuilleadh forbartha ar sheirbhísí iartheachtacha nuálacha bunaithe ar shatailítí. Is earnáil ghníomhaíochta shamplach í sin le haghaidh fiontar beag agus meánmhéide agus ba cheart tacú léi trí bhíthin beart taighde agus nuálaíochta d’fhonn sochair iomlána na deise sin a bhaint, agus go háirithe ó thaobh na n-infheistíochtaí suntasacha a rinneadh sa dá chlár de chuid an Aontais Galileo agus GMES.

Is é nádúr an spáis teorainneacha críche a tharchéimniú, lena soláthraítear fuinneog uathúil a mbaineann gné uiledhomhanda léi, agus ar an gcaoi sin téitear i mbun tionscadal mórscála trí bhíthin comhair idirnáisiúnta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh comhbheartas spáis Eorpach agus gníomhaíochtaí spástaighde agus nuálaíochta spáis ar leibhéal Eorpach ann d’fhonn ról suntasach a bhaint amach i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta spáis sna blianta romhainn amach.

Tá taighde ar an spás agus ar an nuálaíocht faoi Fís 2020 ar chomhréim le tosaíochtaí bheartas spáis an Aontais agus le riachtanais chláir oibríochtúla na hEorpa de réir mar a dhéanann Comhairlí Spáis an Aontais agus an Coimisiún Eorpach iad a shainiú i gcónaí ( 12 ).

Is infheistíocht straitéiseach é bonneagar Spáis na hEorpa amhail clár COPERNICUS agus clár GALILEO agus beidh gá le feidhmeanna iartheachtacha nuálacha a fhorbairt. Chun na críche sin, tacófar le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí spáis trí na socruithe i ndáil le Dúshláin Shochaíocha, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn buntáistí socheacnamaíocha a ghnóthú chomh maith le toradh as infheistíocht agus as ceannaireacht Eorpach i bhfeidhmeanna iartheachtacha.

1.6.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Iomaíochas Eorpach, neamhspleáchas agus nuálaíocht earnáil spáis na hEorpa a chumasú

Is éard atá i gceist leis sin tionscal spáis fiontraíoch, iomaíoch agus inbhuanaithe mar aon le pobal spástaighde den chéad scoth a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh chun ceannaireacht agus neamhspleáchas na hEorpa a chothabháil agus a neartú ó thaobh córas spáis de, nuálaíocht san earnáil spáis a chothú, agus nuálaíocht spásbhunaithe ar an talamh a chumasú, mar shampla trí shonraí cianbhraiteachta agus loingseoireachta a úsáid.

(b)   Dul chun cinn i dteicneolaíochtaí spáis a chumasú

Is é an aidhm ardteicneolaíochtaí spáis agus coincheapa oibriúcháin a fhorbairt agus a chumasú ón tráth a smaoinítear orthu go dtí go léirítear iad sa spás. Áirítear leis sin teicneolaíochtaí lena dtugtar tacaíocht chun rochtain ar an spás a fháil, teicneolaíochtaí chun sócmhainní spáis a chosaint ó bhagairtí amhail smionagar agus grianbhladhmanna chomh maith le cumarsáid satailíte, loingseoireacht agus cianbhraiteacht. Ní mór oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ar bhonn leanúnach le haghaidh innealtóirí agus eolaithe ardoilte, mar aon le naisc láidre idir na hinnealtóirí agus na heolaithe sin agus úsáideoirí feidhmchlár spáis, chun ardteicneolaíochtaí spáis a fhorbairt agus a fheidhmiú.

(c)   Saothrú sonraí spáis a chumasú

Féadfar sonraí ó shatailítí Eorpacha (eolaíocha, poiblí nó tráchtála) a shaothrú ar bhonn méadaithe shuntasaigh má dhéantar iarracht bhreise le haghaidh próiseáil, cartlannú, bailíochtú, caighdeánú agus infhaighteacht inbhuanaithe na sonraí spáis chomh maith le tacú le táirgí agus seirbhísí nua faisnéise a eascraíonn as na sonraí sin a fhorbairt, ag féachaint d'Airtegal 189 (TFEU), maraon le nuálaíochtaí maidir le láimhseáil agus le scaipeadh agus le hidir-inoibritheacht sonraí, go háirithe rochtain ar shonraí agus ar mheiteashonraí Domhaneolaíochta agus iad a mhalartú, féadfar toradh níos mó as infheistíocht i mbonneagar spáis a áirithiú, agus rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, go háirithe ma bhíonn siad comhordaithe in iarracht dhomhanda mar shampla trí bhíthin Chóras Domhanda na gCóras um Faire na Cruinne (GEOSS), eadhon trí bhíthin leas iomlán a bhaint as clár Copernicus mar an príomh-rannchuidiú Eorpach, clár loingseoireachta satailíte na hEorpa Galileo nó IPCC le haghaidh saincheisteanna um athrú aeráide. Tacófar leis na nuálaíochtaí sin a thabhairt isteach go tapa sa phroiséas ábhartha cur i bhfeidhm agus cinnteoireachta. Áirítear leis sin chomh maith saothrú na sonraí le haghaidh imscrúdaithe eolaíoch bhreise.

(d)   Taighde Eorpach a chumasú mar thaca le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta spáis

Bíonn gné dhomhanda ó bhun i gceist le gníomhaíochtaí spáis. Tá sé sin thar a bheith soiléir i gcás gníomhaíochtaí amhail Feasacht Shuíomhúil Spáis (SSA), agus líon mór tionscadal eolaíochta agus taiscéalaíochta spáis eile. Bíonn teicneolaíocht spáis ar thús cadhnaíochta á forbairt ar bhonn níos minice faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin. Is fachtóir tábhachtach ratha le haghaidh thaighdeoirí agus thionscal na hEorpa rochtain orthu a áirithiú. Tá sainiú agus cur chun feidhme na bpleananna oibre fadtéarmacha agus comhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta tábhachtach don chuspóir sin.

2.    Rochtain ar mhaoiniú riosca

2.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach atá leis cabhrú aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa mhargadh ó thaobh rochtain a fháil ar mhaoiniú riosca le haghaidh taighde agus nuálaíochta.

Tá drochbhail ar chúrsaí infheistíochta sa réimse T&N, go háirithe i gcás na bhfiontar beag agus meánmhéide nuálach agus na bhfiontar meánchaipitlithe a bhféadfadh fás ard a bheith i ndán dóibh. Tá roinnt bearnaí móra sa mhargadh i dtaca le soláthar maoinithe, toisc gurb iondúil go measann lucht an mhargaidh go bhfuil riosca rómhór ag baint leis na nuálaíochtaí sin atá riachtanach chun na spriocanna beartas a bhaint amach agus dá bhrí sin ní bhaintear amach na sochair níos leithne don tsochaí ina n-iomláine.

Cabhróidh saoráid le haghaidh fiach ('an tSaoráid fiachais') agus saoráid le haghaidh cothromais ('an tSaoráid chothromais') chun fadhbanna den sórt sin a shárú trí fheabhas a chur ar phróifílí maoinithe agus próifílí riosca na ggníomhaíochtaí T&N lena mbaineann. Déanfaidh siad sin éascú, faoi seach, ar an rochtain a bheidh ag gnólachtaí agus ag tairbhithe eile ar iasachtaí, ar ráthaíochtaí agus ar fhoirmeacha eile maoinithe riosca; spreagfaidh siad infheistíocht luath-chéime agus forbairt cistí nua caipitil fiontair agus cistí atá ann cheana; feabhsóidh siad aistriú eolais agus margadh na maoine intleachtúla; meallfaidh siad cistí chuig an margadh caipitil fiontair; agus, tríd is tríd, cuideoidh siad le catalú na gluaiseachta ó cheapadh, ó fhorbairt agus ó thaispeáint na dtáirgí agus na seirbhísí nua, go dtí go ndéanfar tráchtálú orthu.

Is é an éifeacht fhoriomlán a bheidh acu cur le toilteanas na hearnála príobháidí infheistíocht a dhéanamh i T&N agus dá bhrí sin tacú le baint amach ceann de phríomhspriocanna Eoraip 2020: go mbeidh 3 % de OTI an Aontais á infheistiú i T&F faoi dheireadh na deich mbliana seo agus dhá thrian á ranníoc ag an earnáil phríobháideach. Cabhróidh an úsáid a bhainfear as ionstraimí airgeadais freisin le cuspóirí T&N na n-earnálacha agus na réimsí beartais uile a bhaint amach ar cuspóirí agus réimsí iad atá ríthábhachtach chun tabhairt faoi na dúshláin shochaíocha, chun cur le hiomaíochas, agus chun tacú le fás inbhuanaithe, uilechuimsitheach agus le soláthar do leas an chomhshaoil agus do leas an phobail.

2.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá gá le Saoráid fiachais ar leibhéal an Aontais le haghaidh T&N chun cur leis an dóchúlacht go dtabharfar iasachtaí agus ráthaíochtaí agus go mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le T&N. Is dócha go mairfidh an bhearna atá sa mhargadh faoi láthair idir éileamh agus soláthar iasachtaí agus ráthaíochtaí i ndáil le hinfheistíochtaí baolacha T&N, bearna a bhfuil aghaidh á tabhairt uirthi leis an tSaoráid Airgeadais Riosca-Roinnte (SARR) atá ann faoi láthair, agus is dócha go staonfaidh na bainc thráchtála den chuid is mó ó iasachtaí a mbeadh baol níos airde ag baint leo a thabhairt. Bhí an-éileamh ar mhaoiniú iasachta ón SARR ó seoladh an tsaoráid i lár na bliana 2007: i gcéad chéim na Saoráide (2007-2010), bhí a ráta roghnaithe 50 % níos airde, i dtéarmaí fhormheas gníomhach na n-iasachtaí, ná an ráta a raibh ionchas leis ar dtús (EUR 7.6 billiún i gcomparáid leis an EUR 5 billiún a rabhthas á thuar).

Ina theannta sin, ní bhíonn sé ar chumas na mbanc de ghnáth luach a chur ar shócmhainní eolais, amhail maoin intleachtúil, agus dá bhrí sin is minic nach mbíonn siad sásta infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí eolasbhunaithe. Dá thoradh sin ní féidir lena lán cuideachtaí bunaithe nuálaíocha - idir bheag agus mhór - iasachtaí a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí T&N a bhfuil rioscaí níos airde ag baint leo. Áiritheoidh an Coimisiún i ndearadh agus i gcur chun feidhme a shaoráide nó a shaoráidí, a dhéanfar i gcomhpháirtíocht le hEintiteas Iontaobhaithe amháin nó roinnt eintiteas iontaobhaithe i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go gcuirfear san áireamh leibhéil agus foirmeacha iomchuí rioscaí teicneolaíochta agus airgeadais, d'fhonn na riachtanais shainaitheanta a chomhlíonadh.

Eascraíonn na bearnaí seo sa mhargadh go bunúsach ó éiginnteachtaí, ó neamhshiméadracht faisnéise, agus ó na costais arda a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo: bíonn teist róghearr go dtí seo ar ghnólachtaí a bunaíodh le gairid chun iasachtóirí a d’fhéadfadh iasachtaí a thabhairt dóibh a shásamh, agus is minic nach féidir le gnólachtaí bunaithe, fiú amháin, go leor faisnéise a sholáthar, agus ar aon nós ní bhíonn sé soiléir ag tús infheistíochta T&N cibé an mbeidh nuálaíocht rathúil ann de thoradh na n-iarrachtaí a ghlacfar.

Ina theannta sin, is iondúil nach mbíonn comhthaobhacht go leor ag fiontair ag céimeanna forbartha coincheapa ná nuair a bhíonn siad ag obair i réimsí atá ag teacht chun cinn. Dídhreasacht eile is ea an chaoi, fiú má éiríonn le gníomhaíochtaí T&N táirge nó próiseas tráchtála a chruthú, nach léir ar chor ar bith go mbeidh an chuideachta a bhfuil an obair déanta aici in ann na sochair go léir a thagann uaidh a fháil go heisiach di féin.

I dtéarmaí luach breise an Aontais, cabhróidh an tsaoráid Fiachais chun na heasnaimh sa mhargadh a leigheas ar easnaimh iad lena gcuirtear cosc ar an earnáil phríobháideach infheistiú i T&N ar an leibhéal is fearr. Nuair a chuirfear chun feidhme í, beifear in ann mais chriticiúil acmhainní ó bhuiséad an Aontais a chur i dtoll a chéile agus, ar bhonn roinnte riosca ón institiúid (nó ó na hinstitiúidí) airgeadais a mbeidh sé de chúram uirthi (nó orthu) í a chur chun feidhme. Spreagfaidh an méid sin gnólachtaí chun níos mó dá gcuid airgid féin a infheistiú i T&N ná mar a dhéanfaidis siad murach an tsaoráid. Ina theannta sin, cabhróidh an tsaoráid Fiachais le heagraíochtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, na rioscaí a bhaineann le soláthar réamhthráchtálach agus le soláthar táirgí agus seirbhísí nuálacha a laghdú.

Tá saoráid Chothromais i gcomhair T&N ag teastáil ar leibhéal an Aontais le feabhas a chur ar infhaighteacht maoinithe cothromais i gcomhair infheistíochtaí luatha agus infheistíochtaí ag céim fáis agus le cur le forbairt mhargadh an chaipitil riosca san Aontas. Le linn na céime aistrithe teicneolaíochta agus nuathionscanta, bíonn ar chuideachtaí nua “gleann an bháis” a thrasnú ina dtagann deireadh le deontais taighde phoiblí agus nach féidir leo maoiniú príobháideach a mhealladh chucu. Maidir leis an tacaíocht phoiblí a bhfuil sé d’aidhm aici giaráil a dhéanamh ar chistiú príobháideach síl agus nuathionscanta chun an bhearna sin a líonadh, tá sí ró-ilroinnte nó ró-eatramhach, nó níl an saineolas is gá ag an lucht bainistíochta. Ina theannta sin, tá an chuid is mó de na cistí caipitil riosca san Eoraip róbheag le tacú le fás leanúnach na gcuideachtaí nuálacha agus ní bhíonn an mhais chriticiúil acu le speisialtóireacht a dhéanamh agus le hoibriú ar bhonn trasnáisiúnta.

Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin. Bhíodh thart ar EUR 7 billiún á n-infheistiú in aghaidh na bliana i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide ag cistí caipitil riosca na hEorpa sular tharla an ghéarchéim airgeadais, agus infheistíodh idir EUR 3 agus 4 billiún in 2009 agus in 2010. Bhí tionchar ag an laghdú a rinneadh ar chistiú caipitil riosca ar líon na gcomhlachtaí nuathionscanta ar tugadh cistí caipitil riosca dóibh: fuair thart ar 3 000 fiontar beag agus meánmhéide cistiú caipitil riosca sa bhliain 2007 i gcomparáid le tuairim is 2 500 in 2010.

I dtéarmaí bhreisluach an Aontais, comhlánfaidh an tsaoráid Chothromais i gcomhair T&N scéimeanna náisiúnta agus scéimeanna réigiúnacha nach bhfuil in ann infheistíochtaí T&N trasteorann a chur ar fáil. Lena chois sin, beidh éifeacht taispeántais ag idirbhearta luathchéime a rachaidh chun sochair infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha ar fud na hEorpa. Maidir le céim an fháis, is ar an leibhéal Eorpach amháin is féidir an scála is gá a bhaint amach mar aon le rannpháirtíocht láidir infheisteoirí príobháideacha atá fíor-riachtanach má tá margadh féinchothabhálach caipiteal riosca le feidhmiú.

Cuideoidh na saoráidí Fiachais agus Cothromais, a mbeidh tacaíocht acu ó thacar beart tionlacain, le cuspóirí bbeartais Fís 2020 a bhaint amach. Chuige sin, beidh siad tiomanta do chomhdhlúthú agus d’ardú caighdeán bhonn eolaíochta na hEorpa; do chur chun cinn taighde agus nuálaíochta le clár oibre dírithe ar ghnó; agus d'aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí agus béim faoi leith acu ar ghníomhaíochtaí mar phíolótú, mar thaispeántais, mar thrialacha sábháilte agus féachaint an nglacfaidh an margadh leo. Ba cheart gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha amhail gníomhaíochtaí oiliúna agus faisnéise le haghaidh FBManna a sholáthar. Féadfar dul i gcomhairle le húdaráis reigiúnacha, le comhlachais FBManna, le cumainn lucht trádála agus le hidirghabhálaithe ábhartha airgeadais, nuair is iomchuí, i ndáil le clárú agus le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin.

Ina theannta sin, cabhróidh siad le dul i ngleic le baint amach na gcuspóirí T&N atá ag cláir agus réimsí beartais eile, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, gníomhú ar son na haeráide (athrú chuig geilleagar ísealcharbóin agus oiriúnú don athrú aeráide), agus an Comhbheartas Iascaigh. Forbrófar comhlántachtaí le hionstraimí airgeadais náisiúnta agus réigiúnacha i gcomhthéacs an Chomhchreata Straitéisigh i gcomhair Beartais Comhtháthaithe, áit a bhfuiltear á thuar go mbeidh ról níos leithne ag ionstraimí airgeadais.

Nuair a bhíothas á ndearadh, cuireadh san áireamh an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na saintréithe sonracha a bhaineann le heasnaimh sa mhargadh, (mar an méid fuinnimh agus ráta cruthaithe cuideachtaí) agus riachtanais mhaoinithe na réimsí sin agus réimsí eile gan saobhadh ar an margadh a chruthú. Ní foláir breisluach Eorpach soiléir a bheith ag baint le húsáid na n-ionstraimí airgeadais agus ba cheart giaráil agus feidhm a sholáthar mar chomhlánú d'ionstraimí náisiúnta. B’fhéidir go ndéanfaí oiriúnú ar leithdháiltí buiséadacha idir na hionstraimí i rith Fís 2020 mar fhreagra ar athruithe ar dhálaí eacnamaíocha.

Maidir leis an tsaoráid Chothromais agus deis na bhfiontar beag agus meánmhéide leas a bhaint as an tsaoráid Fiachais, cuirfear i bhfeidhm iad mar chuid de dhá ionstraim airgeadais de chuid an Aontais lena soláthraítear cothromas agus fiachas chun tacú le T&N agus fás na bhfiontar beag agus meánmhéide i gcomhcheangal leis na saoráidí cothromais agus fiachais atá ann faoi COSME. Áiritheofar comhlántacht idir Fís 2020 agus COSME.

2.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An tsaoráid Fiachais a chuirfidh maoiniú fiachais ar fáil i gcomhair T&N: 'Seirbhís iasachta agus ráthaíochta an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta'

Is é an aidhm feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú fiachais — iasachtaí, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí agus cineálacha eile maoinithe fiachais agus riosca — i gcomhair eintiteas poiblí agus eintiteas príobháideach agus i gcomhair comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí atá páirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil infheistíochtaí rioscúla ag teastáil lena dtabhairt chun foirfeachta. Díreofar ar thacú le saothair thaighde agus nuálaíochta a bhfuil an-seans acu barr feabhais a bhaint amach.

Ós rud é go n-áirítear ar cheann de na cuspóirí atá ag Fís 2020 cuidiú leis an mbearna idir T&F agus an nuálaíocht a laghdú, cuidiú le táirgí agus seirbhísí nua nó feabhsaithe a thabhairt chuig an margadh, agus an ról ríthábhachtach atá ag céim an chruthúnais choincheapa i bpróiseas an tarchuir eolais á chur san áireamh, féadfar sásraí a thabhairt isteach lena gcumasófar maoiniú i gcomhair chéimeanna an chruthúnais choincheapa a bheidh riachtanach d'fhonn bailíochtú a dhéanamh ar thábhacht, ar ábharthacht agus ar thionchar nuálach thorthaí na taighde sa todhchaí nó an aireagán a bhaineann leis an aistriú.

Táthar ag súil go mbeidh na tairbhithe deiridh a ndíreofar orthu ina n-eintitis dhlíthiúla de gach méid a mbeidh ar a gcumas airgead a fháil ar iasacht agus a aisíoc, agus go háirithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil an cumas iontu dul i mbun nuálaíochta agus fás go tapa; fiontair mheánchaipitlithe agus gnólachtaí móra; ollscoileanna agus institiúidí taighde; cineálacha éagsúla bonneagair thaighde agus bonneagair nuálaíochta; comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha; agus tionscadail nó meáin i gcomhair cuspóirí speisialta.

Beidh dhá phríomhghné ag baint leis an gcistiú a thabharfar don tsaoráid Fiachais:

(1) 

Gné faoi thionchar an éilimh ag soláthar iasachtaí agus ráthaíochtaí ar bhonn tús freastail a thabhairt don cheann is luaithe, mar aon le tacaíocht faoi leith do thairbhithe amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontair mheánchaipitlithe. Tabharfaidh an chomhpháirt sin freagra ar an bhfás seasta agus leanúnach atá le feiceáil i líon iasachtaí SARR atá faoi thionchar an éilimh. Tacófar le gníomhaíochtaí faoin bhfuinneog le haghaidh Fiontar Beag agus Meánmhéide a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain níos fearr a sholáthar d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus d’eintitis eile atá faoi thionchar T&F nó faoi thionchar nuálaíochta, nó faoi thionchar an dá rud le chéile. D'fhéadfaí tacú ag céim 3 d'Ionstraim FBManna a áireamh air sin faoi réir leibhéal an éilimh a bheidh ann.

(2) 

Gné a bheidh spriocdhírithe ar bheartais agus ar phríomhearnálacha atá ríthábhachtach le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, le cur le ceannaireacht thionsclaíoch agus le hiomaíochas, le tacú le fás cuimsitheach, inbhuanaithe, ísealcharbóin agus soláthar do leas an chomhshaoil agus do leas an phobail. Cabhróidh an ghné sin leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar ghnéithe taighde agus nuálaíochta chuspóirí beartas na n-earnálacha.

(b)   An tsaoráid Chothromais lena gcuirfear maoiniú cothromais ar fáil i gcomhair T&N: ‘ionstraimí cothromais an Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíochta’

Is é an sprioc atá leo rannchuidiú le sárú na n-easnamh atá i margadh caipitil riosca na hEorpa agus cothromas agus cuasachothromas a chur ar fáil le freastal ar riachtanais forbartha agus maoinithe fiontar atá i mbun nuála ó chéim an tsíl ar aghaidh go céimeanna fáis agus fairsingithe. Leagfar béim ar thacú le cuspóirí Fís 2020 agus le beartais ghaolmhara.

Na fiontair idir bheag agus mhór atá i mbun gníomhaíochtaí nuálaíochta nó a bhfuil tús á chur acu le gníomhaíochtaí den sórt sin, d'fhéadfadh gurb iad na tairbhithe deiridh a ndíreofar orthu, agus leagfar béim faoi leith ar FBManna nuálacha agus ar fhiontair mheánchaipitlithe.

Leis an tsaoráid Chothromais díreofar ar chistí luathchéime caipitil fiontair agus cistí de chistí lena gcuirtear caipiteal fiontair agus cuasachothromais (lena n-áirítear caipiteal mezzanine) ar fáil d’fhiontair phunainne aonair. Lena chois sin beidh sé ar chumas na saoráide infheistíochtaí chéim an fháis agus leathnaithe a dhéanamh i gcomhcheangal leis an tSaoráid Chothromais le haghaidh an Fháis faoi COSME chun go dtabharfar tacaíocht leanúnach le linn tréimhsí tosaigh agus tréimhsí forbartha cuideachtaí.

Beidh an tsaoráid Chothromais faoi thionchar an éilimh go príomha, agus bainfidh sí leas as cur chuige punainne, trína roghnóidh na cistí caipitil riosca agus idirghabhálaithe inchomparáide eile na gnólachtaí a ndéanfaidh siad infheistiú iontu.

Féadfar cur in áirithe cistí a chur i bhfeidhm chun cabhrú le spriocanna áirithe beartas a bhaint amach, ag tógáil ar an gcaoi ar éirigh go maith le cúrsaí sa Chlár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) inar cuireadh cistí in áirithe i gcomhair éiceanuálaíochta, mar shampla chun spriocanna a bhaint amach a bhaineann leis na dúshláin aitheanta shocaíocha.

Leis an bhfuinneog nuathionscanta, a thacaíonn le céim an tsíl agus leis na luathchéimeanna, féadfar infheistíochtaí cothromais a dhéanamh in eagraíochtaí aistrithe eolais agus i gcomhlachais den sórt sin trí thacaíocht a thabhairt d' aistriú teicneolaíochta (lena n-áirítear torthaí taighde agus aireagáin a éiríonn as réimse an taighde phoiblí a aistriú go dtí an earnáil táirgiúla, mar shampla trí chruthúnas an choincheapa) i gcistí caipitil síl, i gcistí síl trasteorann agus i gcistí luathchéime, i meáin chomh-infheistíochta aingeal gnó, i sócmhainní maoine intleachtúla, in ardáin do mhalartú agus trádáil ar chearta maoine intleachtúla, agus i gcistí caipitil riosca luathchéime, i measc rudaí eile, agus i gcistí na gcistí a bhíonn ag feidhmiú thar theorainneacha agus infheistiú i gcistí caipitil fiontair. D'fhéadfaí tacú ag céim 3 den Ionstraim FBManna a áireamh air sin faoi réir leibhéal an éilimh a bheidh ann.

Déanfaidh an fhuinneog fáis infheistíochtaí ag céimeanna fáis agus fairsingithe i gcomhcheangal leis an tSaoráid Ghnáthscaireanna um Fhás faoi COSME, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcistí na gcistí den earnáil phoiblí agus phríobháideach a fheidhmíonn thar theorainneacha agus infheistiú i gcistí caipitil riosca, a ndíreoidh an chuid is mó acu ar théamaí a thacaíonn le cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach.

3.    Nuálaíocht in FBMAnna

3.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach fás inbhuanaithe eacnamaíoch a spreagadh trí leibhéil nuálaíochta in FBManna a ardú, agus a riachtanais éagsúla nuálaíochta a chuimsiú le linn na timthrialla nuálaíochta go léir i gcás gach cineál nuálaíochta, agus sa chaoi sin níos mó FBManna a chruthú a fhásfaidh go tapa agus a bheidh gníomhach ar bhonn idirnáisiúnta.

Nuair a chuirtear san áireamh an ról lárnach atá ag FBManna i ngeilleagar na hEorpa, is léir go mbeidh ról ríthábhachtach ag taighde agus ag nuálaíocht sna fiontair bheaga agus mheánmhéide ó thaobh cur le hiomaíochas, le fás geilleagrach agus le cruthú post, agus sa chaoi sin spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach, go mór mór maidir lena tionscnamh suaitheanta, an tAontas Nuálaíochta.

In ainneoin go bhfuil sciar tábhachtach eacnamaíochta agus fostaíochta ag FBManna, agus an chaoi a bhféadfaidís nuálaíocht shuntasach a bhaint amach, mar sin féin tá cineálacha éagsúla fadhbanna le sárú acu má tá siad le bheith níos nuálaí agus níos iomaíche lena n-áirítear teirce acmhainní airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú, teirce scileanna i mbainistiú nuálaíochta, laigí i líonrú agus i gcomhar le páirtithe seachtracha agus úsáid neamhleor den soláthar poiblí chun nuálaíocht in FBManna a chothú. Cé go mbíonn an oiread céanna, a bheag nó a mhór, de chuideachtaí nuathionscanta san Eoraip is a bhíonn sna Stáit Aontaithe, bíonn sé níos deacra ar FBManna na hEorpa méadú agus éirí ina gcuideachtaí móra ná mar a bhíonn i gcás a macasamhla sna Stáit Aontaithe. Cuirtear brú breise orthu sa timpeallacht ghnó idirnáisiúnaithe, áit a bhfuil na slabhraí luacha ag éirí níos idircheangailte i gcónaí. Ní mór do FBManna feabhas a chur ar a gcumas taighde agus nuálaíochta. Ní mór dóibh eolas agus smaointe gnó a ghiniúint, a roghnú agus a thráchtálú níos tapúla agus ar bhonn níos leithne chun go mbeidh rath orthu san iomaíocht i margaí domhanda atá ag athrú go tapa. Is é an dúshlán atá ann breis nuálaíochta a spreagadh in FBManna, agus sa chaoi sin a n-iomaíochas, a n-inbhuanaitheacht agus a bhfás a fheabhsú.

Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe na beartais nuálaíochta gnó agus na cláir nuálaíochta gnó, idir náisiúnta agus réigiúnach, a chomhlánú, comhar a chothú idir FBManna, lena n-áirítear comhar trasnáisiúnta, comhar idir cnuasaigh agus gníomhaithe ábhartha eile nuálaíochta san Eoraip, chun an bhearna idir T&F agus roghanna rathúla margaidh a líonadh, timpeallacht a chur ar fáil lena n-éascaítear nuálaíocht sa ghnó lena n-áirítear bearta an éilimh agus bearta lena gcuirfear an t-aistriú eolais chun cinn, agus tacaíocht a chur ar fáil lena gcuirfi nádúr athraitheach na bpróiseas nuálaíochta, na teicneolaíochtaí nua, na margaí agus na samhlacha gnó san áireamh.

Bunófar naisc láidre le beartais an Aontais a bhaineann le tionscail faoi leith, go háirithe le COSME agus le cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, d’fhonn a chinntiú go mbeidh sineirgí ann agus cur chuige comhtháite.

3.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is iad FBManna is mó a chuireann nuálaíocht chun cinn toisc go mbíonn siad in ann gnólachtaí rathúla a dhéanamh de smaointe nua go tapa agus go héifeachtúil. Tá tábhacht ag baint leo sa chaoi go gcuireann siad eolas breise agus torthaí an taighde ar fáil don mhargadh. Tá ról lárnach ag FBManna maidir le próisis aistrithe teicneolaíochta agus eolais, óir cuidíonn siad le teicneolaíochtaí a thagann chun cinn de bharr taighde in ollscoileanna, taighde i gcuideachtaí ina ndírítear ar thaighde agus taighde i gcomhlachtaí taighde, a aistriú go dtí an margadh. Tá sé léirithe le fiche bliain anuas go ndearna FBManna nuálacha athnuachan ar earnálacha iomlána agus gur chruthaigh siad tionscail nua. Tá fiontair atá ag fás go tapa ríthábhachtach d'fhorbairt tionscal atá ag teacht chun cinn agus chun dlús a chur faoi na hathruithe struchtúracha sin atá riachtanach don Eoraip má tá sí le bheith ina geilleagar eolas-bhunaithe agus inbhuanaithe le fás marthanach agus poist ardcháilíochta.

Bíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide le fáil i ngach earnáil den gheilleagar. Cuid níos tábhachtaí de gheilleagar na hEorpa is ea iad ná mar atá i gcás réigiún eile amhail na Stáit Aontaithe. Is féidir le gach cineál FBM dul i mbun nuálaíochta. Is gá iad a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht agus feabhas a chur ar a gcumas próisis nuálacha a bhainistiú. Lena linn sin ba cheart go mbeidís in ann tarraingt ar acmhainneacht iomlán nuálach an mhargaidh inmheánaigh agus LET le deiseanna nua gnó a chruthú san Eoraip agus lasmuigh di agus cabhrú chun teacht ar réitigh ar dhúshláin thábhachtacha na sochaí.

Nuair a ghlacann FBManna páirt i dtaighde agus i nuálaíocht an Aontais neartaíonn sé sin a gcumas T&F agus teicneolaíochta, méadaíonn an méid sin a n-acmhainn eolas nua a fháil amach, a tharraingt chucu féin agus a úsáid, cuireann sé le leas a bhaint as réitithe nua geilleagracha, spreagann sé nuálaíocht maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó, cuireann sé gníomhaíochtaí gnó chun cinn i margaí níos mó agus cuireann sé bonn idirnáisiúnta faoi ghréasáin eolais FBManna. Sáraíonn feidhmíocht na bhfiontar beag agus meánmhéide feidhmíocht na FBManna eile nuair a bhíonn dea-bhainistíocht na nuálaíochta ar bun acu, rud a fhágann go dtéann siad i muinín saineolais sheachtraigh agus scileanna seachtracha go minic.

Tá comhoibriú trasteorann ina ghné thábhachtach de straitéis nuálaíochta FBManna i ndáil le cuid dá gcuid fadhbanna maidir lena méid a shárú, fadhbanna mar rochtain ar inniúlachtaí teicneolaíocha agus eolaíocha agus ar mhargaí nua. Cabhraíonn siad le brabús a bhaint as smaointe nua agus na cuideachtaí féin a mhéadú, agus infheistíocht phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú dá thoradh sin.

Bíonn ról ríthábhachtach ag cláir réigiúnacha agus náisiúnta thaighde agus nuálaíochta i gcur chun cinn FBManna, ar cláir iad a fhaigheann tacaíocht ó bheartas comhtháthaithe na hEorpa go minic. Go háirithe, bíonn ról ríthábhachtach ag cistí an Bheartais Chomhtháthaithe trí chumas a fhorbairt agus cosán i dtreo barr feabhais a sholáthar do FBManna d’fhonn tionscadail den scoth a fhorbairt a d’fhéadfadh dul san iomaíocht chun cistiú a fháil faoi Fhís 2020. Dá ainneoin sin, níl ach cúpla clár náisiúnta agus cúpla clár réigiúnach ann a chuireann cistiú ar fáil do thaighde trasnáisiúnta agus do ghníomhaíochtaí nuálacha a chuireann FBManna i gcrích, do scaipeadh agus do roghnú réiteach nuálaíochta nó seirbhísí tacaíochta nuálaíochta trasteorann ar fud an Aontais. Is é an dúshlán atá ann tacaíocht atá oscailte ó thaobh téama de a chur ar fáil do FBManna chun tionscadail idirnáisiúnta a chur i gcrích i gcomhréir le straitéisí nuálaíochta cuideachtaí. Tá gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais riachtanach, dá bhrí sin, chun gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal náisiúnta réigiúnach a chomhlánú, d’fhonn feabhas a chur ar a dtionchar agus rochtain a sholáthar ar na córais tacaíochta taighde agus nuálaíochta.

3.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Príomhshruthú tacaíochta do FBManna go háirithe trí ionstraim thiomnaithe

Tabharfar tacaíocht do FBManna le Fís 2020. Chun na críche sin bunófar coinníollacha níos fearr do na FBManna le go mbeidh siad rannpháirteach in Fís 2020. Chomh maith leis sin cuirfidh ionstraim thiomnaithe do FBManna tacaíocht chéimneach gan uaim ar fáil a chuimseoidh an timthriall nuálaíochta ina hiomláine. Beidh ionstraim FBM dírithe ar gach cineál FBM atá nuálach agus a léiríonn uaillmhian láidir le dul i mbun forbartha, fáis agus idirnáisiúnaithe. Cuirfear ar fáil í i gcomhair gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíochtaí seirbhíse, neamhtheicneolaíochta, agus sóisialta, ó tharla go bhfuil breisluach Eorpach soiléir ag gach gníomhaíocht acu. Is é an aidhm atá ann cumas nuálaíochta FBManna a fhorbairt agus caipitliú a dhéanamh air tríd an mbearna atá sa chistiú i gcomhair taighde ardriosca agus nuálaíochta na céime tosaigh a líonadh, nuálaíochtaí a spreagadh agus an tráchtálú a dhéanann an earnáil phríobháideach ar thorthaí taighde a mhéadú.

Feidhmeoidh an ionstraim faoi chóras bainistithe aonair lárnach, faoi chóras íseal riaracháin agus faoi phointe iontrála aonair. Cuirfear chun feidhme í go príomha 'ón mbun aníos' trí iarraidh leanúnach oscailte.

Cuirfear ionstraim thiomnaithe na bhfiontar beag agus meánmhéide i bhfeidhm do gach ceann de na cuspóirí sonracha maidir le dúshláin shochaíocha agus maidir le ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha agus cionroinnfear suim airgid chuige sin.

(b)   Tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide dhiantaighde

Is é an sprioc atá ann cur chun cinn na nuálaíochta trasnáisiúnta atá dírithe ar an margadh agus atá idir lámha ag FBManna atá i mbun T&F. Díreofar gníomhaíocht shonrach ar FBManna a bhfuil diantaighde ar bun acu in aon earnáil a léiríonn an cumas saothrú tráchtála a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail. Beidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar Chlár Eurostars.

(c)   Cur le cumas nuálaíochta FBManna

Tacófar le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta a chabhraíonn le cur chun feidhme na mbeart sonrach FBM in Fís 2020 agus a dhéanann comhlánú orthu, go háirithe chun cur le cumas nuálaíochta FBManna. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú le bearta náisiúnta comhchosúla nuair is iomchuí. Tá sé beartaithe dul i ndlúthchomhar le Líonra an Phointe Teagmhála Náisiúnta (NCP) agus leis an Líonra Fiontar Eorpach (EEN).

(d)   Tacú le nuálaíocht atá faoi thionchar an mhargaidh

Tacú le nuálaíocht thrasnáisiúnta atá faoi thionchar an mhargaidh chun feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh nuálaíochta agus dul i ngleic leis na bacainní sonracha a chuireann cosc ar fhás FBManna nuálacha.

CUID III

DÚSHLÁIN SHOCHÁIOCHA

1.    An tsláinte, an tathrú déimeagrafach agus an fholláine

1.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach sláinte agus folláine gach duine a fheabhsú dá saol ar fad.

Sláinte agus folláine do gach duine ar feadh a shaoil - leanaí, daoine fásta agus daoine níos sine - córais sláinte agus chúraim ar ardcháilíocht, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus atá nuálaíoch, agus deiseanna le haghaidh post nua agus fáis, is iad sin na haidhmeanna atá leis an tacaíocht atá á tabhairt don taighde agus don nuálaíocht mar fhreagra ar an dúshlán seo agus is mór an chabhair do Eoraip 2020 a bheidh iontu.

Tá costas a bhaineann le córais sláinte agus chúraim shóisialta an Aontais ag méadú agus tá bearta cúraim agus coiscthe ag éirí níos costasaí i gcás gach duine is cuma cén aois iad; meastar go dtiocfaidh beagnach dúbláil ar líon na nEorpach a bheidh os cionn 65 bhliain d’aois ó 85 milliún in 2008 go dtí 151 milliún faoin mbliain 2060, agus go méadóidh líon na ndaoine os cionn 80 ó 22 milliún go 61 milliún sa tréimhse chéanna. Beidh laghdú nó srianadh na gcostas sin, ionas nach n-éireoidh siad neamh-iniompartha, ag brath, i bpáirt, ar fheabhas a chur ar shláinte agus folláine gach duine ar feadh a shaoil agus ar an ábhar sin braithfidh sin ar ghalair agus míchumas a chosc, a leigheas agus a bhainistiú go héifeachtach.

Is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte agus bás anaibí riochtaí agus galair ainsealacha agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu.

Faigheann breis agus 2 mhilliún duine bás san Aontas gach bliain de bharr galar cardashoithíoch (CVD) agus cosnaíonn sé sin níos mó ná EUR 192 billiún ar an ngeilleagar agus faigheann duine as ceathrar bás de bharr ailse agus is í is mó a thugann bás daoine atá idir 45 agus 64 bliain d’aois. Tá os cionn 27 milliún duine san Aontas ag fulaingt le diaibéiteas agus os 120 milliún a bhfuil riochtaí réamatacha agus matánchnámharlaigh ag cur orthuIs mórdhúshlán i gcónaí iad galair neamhchoitianta, galair atá tar éis thart ar 30 milliún duine ar fud na hEorpa a bhualadh.Meastar gurb é 800 billiún EURO costas iomlán na neamhord inchinne (lena n-áirítear costais a bhaineann le sláinte mheabhrach, lena n-áirítear an galar dubhach ach gan a bheith teoranta dóibh) Meastar go mbíonn neamhoird inchinne amháin ag gabháil do 165 mhilliún duine san Aontas, ar chostas 118 billiún EURO. Meastar go méadóidh na suimeanna sin go suntasach, go mór mór de bharr daonra na hEorpa a bheith ag dul in aois agus de bharr na méaduithe gaolmhara ar ghalair néarmheathlúchán. Tá baint ag tosca comhshaoil, tosca gairme, stíl mhaireachtála agus tosca socheacnamaíocha lena lán de na riochtaí sin agus meastar go bhfuil baint acu le hoiread is trian den ualach galair ar domhan.

Cúis imní ar fud an domhain iad galair thógálacha (e.g. VEID/SEIF, eitinn agus maláire), agus is orthu sin a leagtar an 41 % den 1.5 billiún bliain coigeartaithe saoil de bharr míchumais ar fud an domhain, a mbaineann 8 % díobh sin leis an Eoraip. Ábhar imní ar fud an domhain freisin is ea galair a bhaineann le bochtaineacht agus galair a ndéantar siléig iontu. Ní mór ullmhú i gcomhair eipidéimí atá ag teacht chun cinn, i gcomhair galar tógálach atá á nochtadh féin in athuair (lena n-áirítear galair a bhaineann le huisce) agus don fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh atá ag faire ar mhéadú. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar an mbaol méadaithe i dtaca le galair a iompraíonn ainmhithe.

Idir an dá linn tá próisis forbartha drugaí agus vacsaíní ag éirí níos costasaí agus níos neamhéifeachtaí. Áirítear ar na hiarrachtaí chun an rath maidir le forbairt drugaí agus vacsaíní a mhéadú modhanna malartacha chun tástáil chlasaiceach sábháilteachta agus éifeachtúlachta a ionadú. Ní mór aghaidh a thabhairt ar éagothroime mharthanach sláinte agus riachtanais sainghrúpaí den phobal (e.g. daoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu) agus ní mór rochtain ar chórais sláinte agus chúraim atá éifeachtach agus inniúil a áirithiú do gach duine san Eoraip beag beann ar a n-aois agus a gcúlra.

Déanann tosca eile amhail cothú, gníomhaíocht choirp, rachmas, cuimsiú, rannpháirtíocht, caipiteal sóisialta agus obair difear freisin don tsláinte agus don fholláine agus ní mór cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm.

Tiocfaidh athrú ar an struchtúr aoise agus ar struchtúr an daonra san Eoraip toisc gur airde anois an t-ionchas saoil atá ann. Dá bhrí sin, beidh an taighde lena gcuirfear le sláinte ar feadh an tsaoil, le haosú gníomhach agus leis an bhfolláine do chách ríthábhachtach chun an tsochaí a chur in oiriúint go rathúil don athrú déimeagrafach.

1.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní chuireann teorainneacha náisiúnta bac ar ghalar ná ar mhíchumas. Maidir leis na dúshláin sin, is féidir, trí iarracht iomchuí i ndáil le taighde, forbairt agus nuálaíocht ar leibhéal na hEorpa, i gcomhar le tríú tíortha agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear othair agus úsáideoirí deiridh, cur go mór le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda sin, agus dá bhrí sin saothrú chun Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus sláinte agus folláine a áirithiú do gach duine agus faoi sheasamh na Eorpa mar cheannaire i margaí domhanda na nuálaíochta sa tsláinte agus san fholláine a áirithiú, margaí atá ag athrú go tapa.

Braithfidh an fhreagairt air sin ar thaighde den scoth lena bhféadfaí feabhas a chur ar an tuiscint bhunúsach atá againn ar na nithe is cúis le sláinte, galar, míchumas, coinníollacha sláintiúla fostaíochta, forbairt agus dul in aois (lena n-áirítear ionchas saoil), agus ar an gcaoi a n-aistreofar an t-eolas a gheofar de bharr an taighde sin agus an t-eolas atá ann cheana, go forleathan agus gan uaim, chuig táirgí, straitéisí, idirghabhálacha agus seirbhísí a bheidh nuálaíoch, intomhaiste, éifeachtach, sábháilte agus inrochtana. Ina theannta sin, mar gheall ar ábharthacht na ndúshlán sin ar fud na hEorpa, agus i mórán cásanna, ar fud an domhain, éilítear freagairt orthu a mbeidh tacaíocht fhadtéarmach chomhordaithe á tabhairt do chomhoibriú idir foirne ildisciplíneacha, ilearnála den scoth mar chuid di. Tá sé riachtanach freisin aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ó thaobh léargas na n-eolaíochtaí sóisialta agus eacnamaíochta agus na ndaonnachtaí.

Ar an gcaoi chéanna, tá an dúshlán chomh casta sin agus na comhpháirteanna chomh hidirspleách ar a chéile go gcaithfear freagairt dóibh ar leibhéal na hEorpa. Tá infheidhmeacht ag mórán cineálacha cur chuige, uirlisí agus teicneolaíochtaí ar fud mórán réimsí taighde agus nuálaíochta a mbaineann an dúshlán sin leo agus is ar leibhéal an Aontais is fearr a thabharfar tacaíocht dóibh. Áirítear leo sin an bunús móilíneach atá le galair a thuiscint, straitéisí teirpeacha agus nuálaíocha agus córais núíosacha samhla a shainaithint, cur i bhfeidhm ildisciplíneach an eolais san fhisic, sa cheimic agus sa bhitheolaíocht chóras, cohóirt fhadtéarmacha agus cur i gcrích trialacha cliniciúla (lena n-áirítear díriú ar fhorbairtí agus éifeachtaí na gcógas i ngach aoisghrúpa), úsáid chliniciúil a bhaint as na córais eolaíochta "-omics", agus as an mbithleigheas córas nó forbairt TFC agus cur i bhfeidhm na nithe sin i gcleachtas an chúram sláinte, go háirithe sa ríomhshláinte. Is fearr aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha daonraí faoi leith ar bhealach comhtháite, mar shampla i bhforbairt an leighis shrathaithe agus/nó phearsanta, trí chóir leighis a dhéanamh ar ghalair neamhchoitianta, agus trí shocruithe a cheapadh le cur ar chumas daoine maireachtáil go neamhspleách nó le cúnamh ó dhaoine eile.

Cuirfear tacaíocht ar fáil do réimse iomlán na ngníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta chun éifeacht na ngníomhartha ar leibhéal an Aontais a uasmhéadú. Idir thaighde bunúsach, aistriú eolais faoi na galair go teiripic nua, thrialacha móra, ghníomhaíochtaí píolótacha agus léirithe, tharraingt ar infheistíocht phríobháideach; agus sholáthar poiblí agus réamhthráchtálach táirgí, sheirbhísí nua, réitigh intomhaiste atá comh-inoibritheach nuair is gá sin agus a bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh trí chaighdeáin atá sainmhínithe agus/nó trí threoirlínte coitianta. Cuirfidh an iarracht chomhordaithe, Eorpach seo le cumais eolaíocha sa taighde sláinte agus tacóidh sí le forbairt leanúnach an Limistéir Eorpaigh Taighde. Beidh nasc idir an iarracht sin, nuair is iomchuí sin, le gníomhaíochtaí a dhéantar a fhorbairt i gcomhthéacs an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis, na dTiosncnamh Comhphleanála, lena n-áirítear "Taighde ar an nGalar Néar-Meathlúcháin", "Aiste Bia Sláintiúil le haghaidh Saoil Shláintiúil', "Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh", agus "Fad Saol, Scoth Saoil" chomh maith leis an gComhpháirtíocht phíolótach Eorpach um Nuáil maidir le hAosú Gníomhach agus Folláin.

Is ardán geallsealbhóirí a bheidh dírithe ar an eolaíocht a bheidh sa Phainéal Eolaíoch le haghaidh Sláinte ina mionléireofar an t-ionchur eolaíoch a bhaineann leis an Dúshlán Sochaíoch sin. Cuirfidh sé anailís shoiléir eolaíoch fócasaithe ar fáil maidir le scrogaill taighde agus nuálaíochta agus maidir le deiseanna a bhaineann leis an Dúshlán Sochaíoch sin, cuideoidh sé lena thaighde agus lena thosaíochtaí nuálaíochta a shainmhíniú agus spreagfaidh sé rannpháirtíocht eolaíoch ar fud an Aontais ann. Trí chomhar gníomhach le geallsealbhóirí, cuideoidh sé le cumais a fhorbairt agus le comhroinnt eolais a chothú agus le comhoibriú níos láidre ar fud an Aontais sa réimse sin.

1.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Coisctear galair agus cuidítear leis an bhfolláine a fheabhsú trí chur chun cinn éifeachtach na sláinte, a fhaigheann tacaíocht ó bhonn fianaise stóinsithe, agus tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de chomh maith. Braitheann cur chun cinn na sláinte, aosú gníomhach, folláine agus cosc ar ghalair ar thuiscint ar na nithe is cúis le sláinte freisin, ar uirlisí coisctheacha éifeachtacha, ar fhaireachas agus ullmhacht éifeachtach maidir le sláinte agus galar, agus ar chláir scagthástála éifeachtacha freisin. Éascaítear cur chun cinn éifeachtach sláinte freisin trí fhaisnéis níos fearr a sholáthar do shaoránaigh, rud a spreagann roghanna freagracha ó thaobh sláinte.

Is le tuiscint bhunúsach ar na nithe is cúis leo agus ar chúiseanna na nithe sin a chuirtear buntaca faoi iarrachtaí rathúla chun galair, míchumas, anbhainne agus feidhmiú laghdaithe a chosc, a luathbhrath, a bhainistiú, cóir leighis a chur orthu agus iad a leigheas, agus le tuiscint i leith a gcuid bpróiseas agus a n-iarmhairtí, mar aon leis na fachtóirí is bun le dea-shláinte agus folláine. D'fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar an tsláinte agus ar ghalair, caithfidh dlúthnasc a bheith ann idir taighde bunúsach, taighde cliniciúil, taighde eipidéimeolaíochta agus taighde socheacnamaíoch. Tá sé riachtanach freisin go ndéanfaí sonraí a chomhroinnt go héifeachtach, go ndéanfaí próiseáil chaighdeánaithe ar na sonraí agus go ndéanfaí na sonraí sin a nascadh le staidéir chohóirt mhórscála, chomh maith le torthaí taighde a aistriú go dtí an clinic, go háirithe trí thrialacha cliniciúla a dhéanamh, trialacha ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar gach aoisghrúpa chun a áirithiú go mbeidh cógais curtha in oiriúint dá n-úsáid siúd.

Toisc go bhfuil na seanghalair thógálacha á nochtadh féin athuair, lena n-áirítear an eitinn agus toisc gur mó anois ná riamh na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach i leith galar a bhaineann leis an mbochtaineacht agus i leith galar a bhfuil siléig déanta iontu. A dhála sin, éilíonn an fhadhb mhéadaitheach atá ann maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh cur chuige cuimsitheach comhchosúil.

Ba cheart leigheas pearsanta a fhorbairt d'fhonn roinnt cur chuige coisctheach agus teiripeach a oiriúnú do riachtanais an othair, agus ní mór buntaca a chur fúthu tríd an ngalar a luathbhrath. Is dúshlán don tsochaí é í féin a chur in oiriúint do na héilimh bhreise a bheidh ar na hearnálacha sláinte agus cúraim de bharr an daonra a bheith ag dul in aois. Má táthar chun sláinte agus cúram éifeachtach do chách a chothabháil, tá gá le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chinnteoireacht maidir le cosc agus cóir leighis a sholáthar, chun scaipeadh an dea-chleachtais a shainaithint agus chun tacú leis sna hearnálacha sláinte agus cúraim, agus chun tacú le cúram comhtháite. Is trí thuiscint níos fearr a fháil ar phróiseas an aosaithe agus ar na galair sin a bhaineann le haosú a chos, a choinneofar saoránaigh na hEorpa sláintiúil agus gníomhach ar feadh a saoil. Tá sé chomh tábhachtach céanna go bhfuil nuálaíochtaí teicneolaíochta, sóisialta, eagraíochtúla agus sóisialta á roghnú go forleathan, lena gcuirtear ar chumas daoine scothaosta go háirithe, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu chomh maith le daoine atá faoi mhíchumas, fanacht gníomhach, agus neamhspleách. Má dhéanatar é sin cuideofar le tréimhse a bhfolláine fisicí, sóisialta agus intinne a mhéadú agus a fhadú.

Déanfar na gníomhaíochtaí sin go léir a ghabháil ar láimh ar bhealach lena gcuirfear tacaíocht ar fáil ar feadh an timthrialla taighde agus nuálaíochta, lena neartófar iomaíochas na dtionscal atá bunaithe san Eoraip agus lena bhforbrófar deiseanna margaidh nua. Leagfar béim freisin ar theagmháil a dhéanamh le gach geallsealbhóir sláinte - lena n-áirítear othair agus eagraíochtaí othar, soláthróirí sláinte agus cúraim - d'fhonn clár oibre taighde agus nuálaíochta a fhorbairt ina mbeidh saoránaigh rannpháirteach go gníomhach agus ina léirítear a riachtanais agus a n-ionchais.

Áireofar na nithe seo a leanas leis na gníomhaíochtaí sonracha: tuiscint a fháil ar na nithe is cinntithigh le sláinte (lena n-áirítear fachtóirí a bhaineann le cothú, le gníomhaíocht choirp, leis an gcomhshaol, le cúrsaí socheacnamaíocha agus le gairm, le hinscne, agus leis an aeráid), ar nithe iad lena gcuirtear feabhas ar chur chun cinn na sláinte agus ar chosc an ghalair; galair a thuiscint agus feabhas a chur ar fháthmheas agus ar thuaras; cláir galarchoisc agus scagthástála éifeachtacha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an measúnú a dhéantar ar sho-ghabhálacht i leith galair; an faireachas ar ghalair thógálacha agus ar ullmhacht a fheabhsú chun eipidéimí agus galair atá ag teacht chun cinn a chomhrac; vacsaíní agus drugaí coisctheacha agus teiripeacha nua agus níos fearr a fhorbairt; cógas in-silico a úsáid chun bainistiú agus tuar galar a fheabhsú; cógais athghiniúnacha, cóireálacha oiriúnaithe a fhorbairt agus chun galair a chóireáil, lena n-áirítear cógas maolaitheach; eolas a aistriú go dtí cleachtas cliniciúil agus gníomhaíochtaí nuálaíochta intomhaiste; faisnéis faoin tsláinte a fheabhsú agus sonraí cohóirt agus riaracháin sláinte a thiomsú agus a úsáid ar bhealach níos fearr; anailís chaighdeánaithear na sonraí agus na teicnící; aosú gníomhach, maireachtáil neamhspleách agus chuidithe; feasacht agus cumhachtú aonair i gcomhair fhéin-bhainistíocht na sláinte; cúram comhtháite a chur chun cinn, lena n-áirítear gnéithe síceasóisialta; feabhas a chur ar uirlisí eolaíochta agus ar mhodhanna chun tacú le cinnteoireacht agus riachtanais rialála; agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsoláthair de chúram sláinte a bharrfheabhsú agus éagothroimí sláinte agus neamhionannais a laghdú trí chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus ar scaipeadh an dea-chleachtais, mar aon le teicneolaíochtaí agus cuir chuige nuálaíocha. Ní mór rannpháirtíocht ghníomhach soláthróirí cúraim sláinte a spreagadh chun go mbeidh glacadh agus cur chun feidhme tapa ann maidir le torthaí.

2.    Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre agus an bithgheilleagar

2.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach soláthairtí leordhóthanacha bia sábháilte, sláintiúil agus ardchaighdeáin agus táirgí eile bithbhunacha a dhaingniú, trí chórais táirgthe phríomhúla a fhorbairt atá táirgiúil, inbhuanaithe agus éifeachtach ó thaobh acmhainní de, lena gcothófar seirbhísí éiceachórais lena mbaineann agus téarnamh na bithéagsúlachta, in éineacht le slabhraí soláthair, próiseála agus margaíochta ísealcharbóin agus iomaíocha. Ar an mbealach sin déanfar an t-aistriú chuig bithgheilleagar Eorpach inbhuanaithe a luathú agus laghdófar an bhearna idir teicneolaíochtaí nua agus cur chun feidhme na dteicneolaíochtaí sin.

Thar na blianta seo atá romhainn amach, beidh dúshláin eile os comhair na hEorpa, lena n-áirítear iomaíocht mhéadaithe i leith acmhainní nádúrtha teoranta agus finideacha, iarmhairtí an athraithe aeráide, go háirithe ar chórais táirgthe phríomhúla (talmhaíocht lena n-áirítear riar ainmhithe agus gairneoireacht, foraoiseacht, iascach agus dobharshaothrú) agus an gá le soláthar bia inbhuanaithe, sábháilte agus slán a chur ar fáil do dhaonra na hEorpa agus do dhaonra an domhain atá ag dul i méid. Meastar go mbeidh méadú 70 % ar sholáthar bia an domhain riachtanach chun bia a sholáthar do dhaonra 9 billiún an domhain faoin mbliain 2050. Eascraíonn 10 % d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Aontais ón talmhaíocht, agus cé go bhfuil laghdú ag teacht orthu san Eoraip, meastar go dtiocfaidh méadú suas le 20 % ar astaíochtaí ón talmhaíocht ar fud an domhain faoi 2030. Ina theannta sin, ní mór don Eoraip soláthairtí leordhóthanacha amhábhar, fuinnimh agus táirgí tionsclaíocha a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe a áirithiú, i ndálaí ina mbeidh acmhainní breosla iontaise ag dul i léig (meastar go dtiocfaidh laghdú thart ar 60 % ar tháirgeadh ola agus gáis leachtaigh faoi 2050), ach beidh uirthi fanacht iomaíoch ag an am céanna. Is fadhb mhór í an bhithdhramhaíl (meastar go bhfuil suas le 138 milliún tonna in aghaidh na bliana san Aontas, agus go bhfuil suas le 40 % de i líonta talún) a bhfuil costas ard i gceist léi, d’ainneoin an bhreisluach ard a d'fhéadfadh a bheith aici.

Mar shampla, cuirtear thart ar 30 % den bhia uile a tháirgtear i dtíortha forbartha i leataobh. Is gá athruithe móra a dhéanamh chun an méid sin a laghdú 50 % san Aontas faoi 2030 ( 13 ). Ina theannta sin, ní bhaineann teorainneacha náisiúnta le hábhar maidir le hiondul agus leathadh galar agus lotnaidí planda agus ainmhí, lena n-áirítear galair zónóiseacha, agus pataiginí bia-iompartha. Cé go bhfuil gá le bearta coisctheacha náisiúnta éifeachtacha, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais riachtanach le haghaidh rialú deiridh agus riaradh éifeachtúil an mhargaidh aonair. Tá an dúshlán casta, tá tionchar aige ar raon leathan earnálacha idirnasctha agus tá cur chuige iomlánaíoch agus sistéamach ag teastáil ina leith.

Tá níos mó acmhainní bitheolaíochta ná riamh ag teastáil chun go sásófar éileamh an mhargadh ar sholáthar bhia atá slán agus sláintiúil, ar bithábhar, ar bhithbhreoslaí agus ar tháirgí bithbhunacha, ó earraí tomhaltais go dtí bulc-cheimiceáin. Tá cumas teoranta ag na héiceachórais trastíre agus uisceach atá riachtanach do tháirgeadh na n-acmhainní áfach, fad is a bhíonn éilimh ag coimhlint lena chéile maidir lena úsáid na gcumas sin, agus go minic ní dhéantar iad a bhainistiú ar an mbealach is fearr, mar atá léirithe mar shampla trí mheathlú mór a tháinig ar chion carbóin agus ar thorthúlacht na hithreach agus an t-ídiú ar an stoc éisc. Tá raon feidhme tearcúsáidte ann chun seirbhísí éiceachórais a chothú ó thalamh feirme, foraoisí, uiscí na mara agus fionnuiscí trí spriocanna agranamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chomhtháthú i dtáirgeadh inbhuanaithe agus i dtomhaltas inbhuanaithe.

Féadfar acmhainneacht acmhainní bitheolaíochta agus éiceachóras a úsáid ar bhealach i bhfad níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos comhtháite. Mar shampla, d’fhéadfaí leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht na bithmhaise ó fhoraoisí agus sruthanna dramhaíola ó bhunúis talmhaíochta, uisceacha, thionsclaíocha agus bhardasacha.

Go bunúsach, tá gá le trasdul i dtreo úsáid bharrmhaith agus in-athnuaite acmhainní bitheolaíochta agus i dtreo príomhchóras próiseála agus táirgthe inbhuanaithe, lena bhféadfaí níos mó bia, snáithín agus táirgí bithbhunacha eile a tháirgeadh agus ag an am céanna na hionchuir, an tionchar ar an gcomhshaol agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a íoslaghdú, chomh maith le seirbhísí éiceachórais a fheabhsú, gan aon dramhaíl a bheith i gceist agus luach leormhaith a chruthú don tsochaí. Is í an aidhm córais tairgiúlachta bia a bhunú lena ndéanfar an bonn acmhainní a neartú, a atreisiú agus a chothú agus lena bhféadfar rachmas inbhuanaithe a ghiniúint. Ní mór dúinn na freagairtí ar an gcaoi a ghintear, a dháiltear, a mhargaítear, a ídítear agus a rialaítear an táirgeadh bia a thuiscint agus a fhorbairt ar bhealach níos fearr. Tá iarracht chriticiúil den nuálaíocht agus den taighde a bheidh idirnasctha ina príomhghné chun é sin a bhaint amach, san Eoraip agus níos faide anonn, mar aon le hidirphlé leanúnach idir geallsealbhóirí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus eile.

2.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is iad an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iascach agus an dobharshaothrú mar aon leis na tionscail bhithbhunacha na mórearnálacha atá mar bhonn agus mar thaca ag an mbithgheilleagar. Tá margadh mór atá ag dul i méid i gceist leis an mbithgheilleagar. Meastar gur fiú breis agus EUR 2 thrilliún é, lena soláthraítear 20 milliún post agus lenar bhain 9 % den fhostaíocht iomlán san Aontas in 2009. Cuirfidh infheistíochtaí i dtaighde agus i nuálaíocht faoin dúshlán sochaíoch sin ar chumas na hEorpa ceannaireacht a ghlacadh sna margaí lena mbaineann agus beidh ról acu i gcuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach, mar aon lena tionscnaimh shuaitheanta – an tAontas Nuálaíochta agus Eoraip atá Éifeachtúil ar Acmhainní.

Ginfear breisluach mór Aontais de thoradh ar bhithgheilleagar Eorpach atá iomlán feidhmiúil – lena gcuimsítear táirgeadh inbhuanaithe acmhainní in-athnuaite ó thimpeallachtaí talún, iascaigh agus dobharshaothraithe agus iad a aistriú go dtí bia, beatha, táirgí snáithín bithbhunacha agus bithfhuinneamh, mar aon leis na hearraí poiblí gaolmhara. Comhthreormhar leis an bhfeidhm a bhaineann leis an margadh, cothaíonn an bithgheilleagar freisin raon leathan d'fheidhmeanna leasa poiblí, bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais. Má dhéantar é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, féadfar lorg comhshaoil an táirgthe phríomhúil agus an tslabhra soláthair ina iomláine a laghdú. Féadfar a n-iomaíochas a mhéadú, féintuilleamaí na hEorpa a fheabhsú agus poist agus deiseanna gnó a sholáthar atá ríthábhachtach d'fhorbairt tuaithe agus cósta. Is de chineál Eorpach agus domhanda iad na dúshláin a bhaineann le sábháilteacht an tsoláthair bhia, le talmhaíocht agus feirmeoireacht inbhuanaithe, le táirgeadh uisceach, le foraoiseacht agus leis an mbithgheilleagar foriomlán. Tá gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais riachtanach chun braislí a thabhairt le chéile chun an leithead agus an mhais chriticiúil atá riachtanach le haghaidh iarrachtaí a dhéanann Ballstát nó grúpaí Ballstát a chomhlánú. Trí bhíthin cur chuige ilghníomhaí, áiritheofar na hidirghníomhaíochtaí crostoirchithe riachtanacha idir taighdeoirí, gnóthaí, feirmeoirí/táirgeoirí, comhairleoirí agus úsáideoirí deiridh. Tá gá le gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais freisin chun comhchuibheas a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán sin thar earnálacha agus le naisc láidre le beartais ábhartha an Aontais. Trí thaighde agus nuálaíocht a chomhordú ar leibhéal an Aontais, tabharfar spreagadh agus cabhrófar chun na hathruithe riachtanacha a luathú ar fud an Aontais.

Nascfar taighde agus nuálaíocht le raon leathan beartas de chuid an Aontais agus le spriocanna gaolmhara, agus tacóidh siad lena gcur i ngníomh, ar beartas iad lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (go háirithe an Beartas Forbartha Tuaithe, na Tiosncnaimh Chomhphleanála, lena n-áirítear "Talmhaíocht, Slándáil Bia agus Athrú Aeráide", "Réim Bia Shláintiúil le haghaidh Saoil Shláintiúil"; agus "Farraigí agus Aigéin Shláintiúla agus Tháirgiúla") agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach ‘Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta’ agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach maidir le hUisce, an Comhbheartas Iascaigh, an Beartas Muirí Comhtháite, an Clár Eorpach um Athrú Aeráide, an Treoir Réime Uisce ( 14 ), an Treoir Réime maidir le Straitéis Mhuirí ( 15 ), Plean Gníomhaíochta AE um Fhoraoiseacht, an Straitéis Théamach Ithreach, Straitéis Bithéagsúlachta 2020 an Aontais, an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, beartais nuálaíochta agus thionsclaíocha an Aontais, beartais sheachtracha agus beartais chúnaimh don fhorbairt, straitéisí sláinte plandaí, straitéisí leasa agus sláinte ainmhí agus creataí rialála chun an comhshaol, an tsláinte agus an tsábháilteacht a chosaint, chun éifeachtúlacht acmhainní agus gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid a chur chun cinn, agus chun dramhaíl a laghdú. Má dhéantar an timthriall iomlán ón mbuntaighde go dtí an nuálaíocht a chomhtháthú níos fearr i mbeartais ghaolmhara an Aontais, cuirfear feabhas suntasach ar a mbreisluach Aontais, soláthrófar iarmhairtí giarála, méadófar a n-ábharthacht shochaíoch, soláthrófar táirgí sláintiúla bia agus cabhrófar le margaí bithgheilleagair agus margaí bainistíochta aigéan, farraigí agus talún inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh.

Ar mhaithe le tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an mbithgheilleagar agus chun rialachas agus faireachán ar an taighde agus ar an nuálaíocht a éascú, déanfar taighde socheacnamaíoch agus gníomhaíochtaí forásacha maidir leis an straitéis bithgheilleagair, lena n-áirítear forbairt táscairí, bunachar sonraí, samhlacha, fadbhreathnaitheacht agus tuar, measúnú tionchair ar thionscnaimh maidir leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol.

Tacófar le gníomhaíochtaí a spreagann ag dúshláin iad ina ndíreofar ar thairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil agus ar nuachóiriú na margaí agus na n-earnálacha a bhaineann leis an mbithgheilleagar trí thaighde ildisciplíneach, lena spreagfar an nuálaíocht agus forbrófar straitéisí, cleachtais, táirgí inbhuanaithe agus próisis nua mar thoradh air sin. Saothrófar cur chuige forleathan i leith na nuálaíochta chomh maith, ó nuálaíocht teicneolaíochta, neamh-theicneolaíochta, eagraíochtúil, eacnamaíoch agus shóisialta go dtí, mar shampla, bealaí le teicneolaíocht a aistriú, samhlacha nua gnó, brandáil agus seirbhísí. Ní mór a aithint gur féidir le feirmeoirí agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide rannchuidiú leis an nuálaíocht. Cuirfear san áireamh sa chur chuige i leith an bhithgheilleagair a thábhachtaí atá an t-eolas agus an éagsúlacht áitiúil.

2.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe

Is í an aidhm soláthar leordhóthanach bia, beatha, bithmhais agus amhábhar eile a chur ar fáil, agus acmhainní nádúrtha amhail uisce agus ithir agus bithéagsúlacht a chosaint, i bpeirspictíocht Eorpach agus dhomhanda, agus seirbhísí éiceachóras a fheabhsú, lena n-áirítear dul i ngleic leis an athrú aeráide agus é a mhaolú. Díreofar na gníomhaíochtaí ar cháilíocht agus ar luach na dtáirgí talmhaíochta a ardú trí thalmhaíocht níos inbhuanaithe agus níos táirgiúla a sheachadadh, lena n-áirítear riar ainmhithe agus córais foraoiseachta atá éifeachtach ó thaobh acmhainní (sa mhéid a bhainean le hísealcharbón agus le ionchur íseal seachtrach agus uisce) a chosnaíonn acmhainní nádúrtha, atá éagsúil,a tháirgeann níos lú dramhaíola, ar féidir iad a chur in oiriúint do chomhshaol athraitheach, agus atá athléimneach. Ina theannta sin, díreofar na gníomhaíochtaí ar sheirbhísí, ar choincheapa agus ar bheartais le haghaidh slite beatha tuaithe rathúla a fhorbairt agus tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh.

Go háirithe i gcás na foraoiseachta, tá sé mar aidhm bithmhais agus táirgí bithbhunacha a tháirgeadh, agus córais seirbhísí éiceolaíochta a chur ar fáilar bhealach inbhuanaithe, ag féachaint go cuí do ghnéithe eacnamaíocha, éiceolaíochta agus sóisialta na foraoiseachta. Leis na gníomhaíochtaí, beifear ag díriú ar tháirgeadh agus ar inbhuanaitheacht na gcóras foraoiseachta inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh, ar córais iad atá éifeachtach ó thaobh acmhainní agus lena gcuideofar go mór le hathléimneacht na foraoise agus le cosaint na bithéagsúlachta agus lena bhfhéadfar freastal ar an mbreis éilimh atá ar bhithmhais.

Féachfar freisin ar an idirghníomhaíocht idir plandaí feidhmiúla agus an tsláinte agus an fholláine, agus ar shaothrú na gairneoireachta agus na foraoiseachta chun glasú uirbeach a fhorbairt.

(b)   Earnáil agraibhia inbhuanaithe agus iomaíoch le haghaidh réime bia atá sábháilte agus sláintiúil

Tá sé mar aidhm riachtanais saoránach agus an chomhshaoil maidir le bia sábháilte, sláintiúil agus inacmhainne a chomhlíonadh, agus chun próiseáil agus scaipeadh agus tomhailt bia agus beatha a dhéanamh níos inbhuanaithe agus earnáil an bhia a dhéanamh níos iomaíche ag féachaint, ag an am céanna, do ghné chultúrtha cháilíocht an bhia. Díreofar na gníomhaíochtaí ar bhianna sláintiúla agus sábháilte do chách, ar roghanna eolasacha ag tomhaltóirí, ar réitigh maidir le réimeanna bia agus ar nuálaíochtaí le haghaidh dea-shláinte agus ar mhodhanna próiseála bia iomaíocha lena n-úsáidtear níos lú acmhainní agus breiseáin agus lena dtáirgtear níos lú fotháirgí, dramhaíola agus gás ceaptha teasa.

(c)   Acmhainneacht acmhainní uisceacha beo a scaoileadh

Is í an aidhm acmhainní uisceacha beo a bhainistiú, a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe agus a chothabháil chun tairbhí/torthaí sóisialta agus eacnamaíocha ó aigéin, ó fharraigí agus ó uiscí intíre na hEorpa a uasmhéadú agus bithéagsúlacht a chosaint san am céanna. Díreofar na gníomhaíochtaí ar ranníocaíocht bharrmhaith chun soláthairtí bia a dhaingniú trí iascach inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt, trí bhainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar éiceachórais a chuireann táirgí agus seirbhísí ar fáil, mar aon le dobharshaothrú Eorpach iomaíoch agus neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhthéacs an gheilleagair dhomhanda, agus ar nuálaíocht mara agus muirí trí bhiteicneolaíocht a fheabhsú chun fás cliste “gorm” a mhéadú.

(d)   Tionscail bhithbhunacha inbhuanaithe agus iomaíocha agus tacaíocht le haghaidh bithgheilleagar Eorpach a fhorbairt.

Is í an aidhm tionscail bhithbhunacha Eorpacha ísealcharbóin, inbhuanaithe agus iomaíocha atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn. Díreofar na gníomhaíochtaí ar an mbithgheilleagar eolas-bhunaithe a chothú trí tháirgí agus próisis thionsclaíocha thraidisiúnta a aistriú go dtí cinn atá tíosach ar fhuinneamh agus cinn ina mbaintear úsáid as acmhainní bithbhunacha, ar bhithscaglanna comhtháite dara glúin agus ghlúine iardain a fhorbairt, ar an leas is fearr is féidir a bhaint as bithmhais ó tháirgeadh príomhúil, lena n-áirítear iarmhair, fotháirgí bithdhramhaíola agus an tionscail bhithbhunaigh, agus margaí nua a oscailt trí thacú le córais le haghaidh caighdeánaithe agus deimhniúcháin, rialála agus taispeántais/trialach allamuigh agus gníomhaíochtaí eile, agus iarmhairtí an bhithgheilleagair ar úsáid na talún agus athruithe in úsáid na talún á gcur san áireamh, mar aon le tuairimí agus le hábhair imní na sochaí sibhialta.

(e)   Taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí

Is í an aidhm tionchar aigéan agus farraigí AE ar an tsochaí agus ar fhás eacnamaíoch a mhéadú trí acmhainní muirí a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe chomh maith le leas a bhaint as foinsí éagsúla den fhuinneamh muirí agus as an réimse leathan úsáidí a bhaintear as na farraigí.

Díreofar gníomhaíochtaí ar na dúshláin a ghabhann le heolas leathan eolaíochta agus teicneolaíochta i dtaobh cúrsaí mara agus cúrsaí muirí d'fhonn acmhainneacht na bhfarraigí agus na n-uiscí intíre a scaoileadh i raon tionscal mara agus muirí, ag féachaint, ag an am céanna, leis an gcomhshaol a chosaint agus leis an gcur in oiriúint don athrú aeráide. Trí chur chuige straitéiseach comhordaithe le haghaidh taighde ar chúrsaí mara agus muirí ar fud gach dúshláin agus colúin de Fís 2020 tacófar le beartais ábhartha an Aontais a chur chun feidhme freisin agus cuideoidh sé sin le croí-chuspóirí gorma fáis a sheachadadh.

3.    Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

3.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach aistriú go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inacmhainne, inbhuanaithe agus iomaíoch agus a nglacfaidh an pobal leis, lena ndírítear ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú chun dul i ngleic le hacmhainní atá ag éirí níos teirce, le riachtanais fuinnimh atá ag éirí níos géire agus leis an athrú aeráide.

Tá sé beartaithe ag an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2020, agus tá sé beartaithe laghdú breise 80-95 % a dhéanamh faoin mbliain 2050. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí 20 % den ídiú fuinnimh deiridh le foinsí in-athnuaite fuinnimh in 2020, mar aon le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 20 %. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, beidh gá le hollchóiriú ar an gcóras fuinnimh lena gceanglófar próifíl ísealcharbóin, agus roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise, slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht a fhorbairt, agus iomaíochas eacnamaíoch na hEorpa á threisiú ag an am céanna. Tá an Eoraip i bhfad ón sprioc fhoriomlán sin faoi láthair. Braitheann 80 % de chóras fuinnimh na hEorpa ar bhreoslaí iontaise go fóill, agus táirgeann an earnáil 80 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais. D'fhonn cuspóirí fadtéarmacha an Aontais maidir le fuinneamh agus aeráid a bhaint amach, is iomchuí go méadófaí sciar an bhuiséid a thiomnaítear don fhuinneamh inathnuaite, d'éifeachtúlacht fuinnimh an úsáideora deiridh, d'eangacha cliste agus do ghníomhaíochtaí stórála fuinnimh i gcomparáid leis an Seachtú Clár Réime, agus go méadófaí an buiséad a thiomnaítear do ghlacadh na ngníomhaíochtaí nuálaíochta fuinnimh sa mhargadh, gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh faoi chuimsiú an Chláir Eorpaigh um Stuamacht Fuinnimh laistigh den Chlár Réime um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013). Féachfar leis an leithdháileadh iomlán i leith na ngníomhaíochtaí sin 85 % den bhuiséad, ar a laghad, a bhaint amach faoin dúshlán sin. Caitear 2.5 % d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais ar allmhairí fuinnimh gach bliain agus is cosúil go dtiocfaidh méadú air sin. Dá leanfadh an treocht sin ar aghaidh, bheifí ag brath go hiomlán ar allmhairí ola agus gáis faoi 2050. I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh luaineacha ar an margadh domhanda, mar aon le himní faoi shlándáil an tsoláthair, tá sciar níos mó dá gcuid ioncaim á chaitheamh ag tionscail agus tomhaltóirí Eorpacha ar fhuinneamh. Is i gcathracha na hEorpa a úsáidtear 70-80 % ( 16 ) den tomhaltas iomlán fuinnimh in AE agus is iad is cúis leis an gcion céanna d'astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Tugtar le fios sa phlean oibre chun geilleagar ísealcharbóin iomaíoch a bhaint amach faoi 2050 ( 17 ) nach mór na laghduithe sprice in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach laistigh de chríoch an Aontais go príomha. Chuimseofaí leis sin astaíochtaí CO2 a laghdú breis is 90 % faoi 2050 san earnáil chumhachta, breis is 80 % in earnáil na tionsclaíochta, faoi 60 % ar a laghad in earnáil an iompair agus thart ar 90 % san earnáil chónaithe agus i seirbhísí. Léirítear freisin sa phlean oibre, go gcuideoidh an gás nádúrtha, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, leis an gcóras fuinnimh a athrú ó bhonn, in éineacht le teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin a úsáid.

Chun na laghduithe uaillmhianacha sin a bhaint amach, ní foláir infheistíocht shuntasach a dhéanamh i dtaighde, i bhforbairt, i dtaispeántas agus i bhfeidhmiú céimneach sa mhargadh ar phraghasanna réasúnta i leith seirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin atá iontaofa, éifeachtúil, sábháilte agus slán, lena n-áirítear gás, stóráil leictreachais agus feidhmiú céimneach chóras beag fuinnimh agus chóras atá ar mhicreascála. Ní foláir dlúthbhaint a bheith acu sin le réitigh neamh-theicneolaíochta ó thaobh soláthair agus éilimh araon de, lena n-áirítear trí thús a chur le próisis rannpháirtíochta agus trí thomhaltóirí a lánpháirtiú. Ní foláir an méid sin go léir a bheith mar chuid de bheartas ísealcharbóin ibhuanaithe comhtháite, lena n-áirítear máistreacht a fháil ar phríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, go háirithe réitigh TFC agus monaraíocht agus próiseáil cheannródaíoch, agus ábhair cheannródaíocha. Is é an sprioc seirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh éifeachtúla a fhorbairt agus a sholáthar, lena n-áirítear comhtháthú an fhuinnimh inathnuaite, ar féidir iad a ghlacadh go forleathan ar mhargaí na hEorpa agus ar mhargaí idirnáisiúnta, agus chun bainistíocht chliste a bhunú ar thaobh an éilimh bunaithe ar mhargadh trádála fuinnimh oscailte agus trédhearcach agus ar chórais chliste bainistíochta éifeachtúlachta fuinnimh atá slán.

3.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní foláir do teicneolaíochtaí nua agus do réitigh nua coimhlint, ó thaobh costais agus iontaofachta de, le córais fuinnimh barrfheabhsaithe atá i seilbh sealbhóirí dea-bhunaithe agus le teicneolaíochtaí dea-bhunaithe. Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun na foinsí fuinnimh ísealcharbóin nua sin atá níos glaine agus níos éifeachtúla a dhéanamh tarraingteach chun críocha tráchtála ar an scála is gá. Ní féidir le hearnáil na tionsclaíochta amháin ná leis na Ballstáit aonair na costais agus na rioscaí a iompar, ar costais agus rioscaí iad a bhfuil a bpríomhghníomhaithe lasmuigh den mhargadh, (aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin, fuinneamh inacmhainne agus sábháilte a sholáthar).

Beidh cur chuige straitéiseach de dhíth chun an fhorbairt seo a luathú ar leibhéal an Aontais, lena gcuimsítear soláthar, éileamh agus úsáid fuinnimh, i leith foirgneamh, seirbhísí, úsáid sa bhaile, iompair agus slabhraí luacha tionsclaíocha. Cuimseofar leis sin acmhainní a chur ar chomhréim ar fud an Aontais, lena n-áirítear cistí beartais chomhtháthaithe, go háirithe trí bhíthin na straitéisí náisiúnta agus na straitéisí réigiúnacha maidir le speisialtóireacht chliste, scéimeanna trádála astaíochtaí (ETS), soláthar poiblí agus meicníochtaí maoinithe eile. Beidh gá le beartais rialála agus úsáide freisin maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, cúnamh teicniúil saincheaptha agus forbairt acmhainní chun bacainní neamh-theicneolaíochta a bhaint.

Tá cur chuige straitéiseach den sórt sin sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Cuirtear clár oibre fadtéarmach ar fáil ann chun dul i ngleic leis na príomhbhaic nuálaíochta atá os comhair na dteicneolaíochtaí fuinnimh ag céimeanna an taighde cheannródaíoch, T&F agus an chruthúnais choincheapa agus ag céim an taispeántais, nuair atá caipiteal á lorg ag cuideachtaí chun tionscadail mhóra chéaduaire a mhaoiniú agus chun próiseas imlonnaithe an mhargaidh a oscailt. Ní dhéanfar siléig i dteicneolaíochtaí nua a d'fhéadfadh a bheith suaiteach.

Meastar gurb ionann na hacmhainní a bheidh ag teastáil chun an Plean SET a chur chun feidhme ina iomláine agus EUR 8 billiún in aghaidh na bliana thar an 10 mbliana ( 18 ) seo atá romhainn amach. Is mó i bhfad an méid sin níos mó ná cumas na mBallstát aonair nó cumas gheallsealbhóirí leasmhara na n-earnálacha taighde agus tionsclaíochta ina n-aonair. Tá gá le hinfheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht ar leibhéal an Aontais, mar aon le slógadh iarrachtaí ar fud na hEorpa i bhfoirm cur chun feidhme chomhpháirtigh agus rioscaí agus cumas a chomhroinnt. Comhlánfar gníomhaíochtaí na mBallstát dá bhrí sin le cistiú ón Aontas do thaighde ar fhuinneamh agus do nuálaíocht fuinnimh, ar cistiú é lena ndíreofar ar theicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag baint leo, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a mbainfeadh an cumas chun acmhainní náisiúnta a ghiaráil leo agus chun poist a chruthú san Eoraip. Trí bhíthin na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, tacófar freisin le cláir ardriosca, ardchostais, fhadtéarmacha nach féidir le Ballstáit aonair a chur i gcrích, déanfar iarrachtaí a chomhthiomsú chun rioscaí infheistíochta a laghdú i ngníomhaíochtaí mórscála amhail taispeántas tionsclaíoch agus forbrófar réitigh fuinnimh idir-inoibritheacha ar fud na hEorpa.

Tríd an bPlean SET a chur chun feidhme mar cholún taighde agus nuálaíochta de bheartas fuinnimh na hEorpa, déanfar slándáil soláthair an Aontais agus an t-aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin a threisiú, cabhrófar le cláir taighde agus nuálaíochta a nascadh le hinfheistíochtaí tras-Eorpacha agus réigiúnacha i mbonneagar fuinnimh agus méadófar toilteanas infheisteoirí caipiteal a scaoileadh le haghaidh tionscadal a bhfuil agaí tionscanta fada agus rioscaí suntasacha teicneolaíochta agus margaidh ag baint leo. Cruthófar leis sin deiseanna nuálaíochta do chuideachtaí beaga agus móra agus cabhrófar leo iomaíochas a bhaint amach ar an leibhéal domhanda nó bheith iomaíoch i gcónaí ar an leibhéal sin, áit a bhfuil méadú ag teacht ar na deiseanna móra i ndáil le teicneolaíochtaí fuinnimh.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, soláthraítear ‘mais chriticiúil’ de thoradh na gníomhaíochta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun spéis na gceannairí teicneolaíochta eile a mhealladh agus chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú d’fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Beidh sé níos éasca dá réir sin do chomhpháirtithe idirnáisiúnta idirghníomhú leis an Aontas chun comhghníomhaíocht a fhorbairt i gcásanna ina bhfuil comhshochar agus comhleas i gceist.

Dá bhrí sin, beidh na gníomhaíochtaí faoin dúshlán seo mar chnámh droma teicneolaíochta de bheartas fuinnimh agus aeráide na hEorpa. Cabhróidh na gníomhaíochtaí sin le baint amach an Aontais Nuálaíochta i réimse an fhuinnimh, chomh maith leis na spriocanna beartais a ndearnadh cur síos orthu in ‘Eoraip atá Éifeachtúil ar Acmhainní’, ‘Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre Digiteach don Eoraip’.

Tugtar faoi ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le fuinneamh comhleáite núicléach agus eamhnaithe núicléach faoin gclár EURATOM arna bhunú le Rialachán (Euratom) Uimh 1314/2013. I gcás inarb iomchuí, ba cheart breathnú ar shineirgí a d'fhéadfadh a bheith idir an dúshlán sin agus cuid EURATOM de Fís 2020.

3.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Ídiú fuinnimh agus lorg carbóin a laghdú trí úsáid chliste agus inbhuanaithe

Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde agus ar thástáil iomlán coincheap nua, réitigh neamhtheicneolaíochta, córais agus comhpháirteanna níos éifeachtúla, níos inghlactha go sóisialta agus níos inacmhainne a bhfuil faisnéis ionsuite iontu, d’fhonn bainistiú fuinnimh fíor-ama a chumasú le haghaidh na bhfoirgneamh nua agus atá ann cheanaagus atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus na bhfoirgneamh atá dearfach ó thaobh fuinnimh, le haghaidh na bhfoirgneamh, na gcathracha agus na ndúichí a iarfheistíodh, le haghaidh téimh agus fuaraithe in-athnuaite, tionscal an-éifeachtúil agus roghnú forleathan na réiteach agus seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh agus réiteach caomhnaithe fuinnimh ag cuideachtaí, ag daoine aonair, ag pobail agus ag cathracha.

(b)   Soláthar leictreachais ísealchostais agus ísealcharbóin

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh nuálaíocha, ar ghléasraí cumhachta breosla iontaise atá éifeachtach, solúbtha agus ísealcharbóin agus theicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin nó teicneolaíochtaí lena n-athúsáidtear CO2, lena dtairgfear teicneolaíochtaí níos mó agus níos saoire atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a mbeidh éifeachtúlacht comhshóite níos airde ag baint leo agus a bheidh níos infhaighte le haghaidh margaí éagsúla agus timpeallachtaí oibríochta éagsúla.

(c)   Breoslaí malartacha agus foinsí fuinnimh soghluaiste

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí agus slabhraí luacha chun bithfhuinneamh agus breoslaí malartacha eile a dhéanamh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe, ar mhaithe le cumhacht agus le teas, ar mhaithe le hiompar ar tír, ar muir agus san aer, a mbeidh féideadearthacht comhshóite níos éifeachtúla fuinnimh ag baint leo, chun an t-am go dtí an margadh a laghdú i gcás ceall hidrigine agus ceall breosla agus chun roghanna nua lena léirítear acmhainneacht fhadtéarmach a thabhairt chun aibíochta.

(d)   Eangach leictreachais cliste aonair san Eoraip

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí eangach nua fuinnimh chliste, teicneolaíochtaí comhardaithe agus cúltaca lena gcumasófar breis solúbthachta agus éifeachtúlachta, lena n-áirítear gléasraí cumhachta coinbhinsiúnta, fuinneamh solúbtha, stóráil, córais agus dearaí margaidh chun pleanáil, faireachán, rialú agus feidhmiú sábháilte a dhéanamh ar líonraí comh-inoibritheacha, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le caighdeánú, i margadh oscailte atá dícharbónaithe, inbhuanaithe ó thaobh comhshaoil, aeráid-dhíonach agus iomaíoch, i ngnáth-dhálaí agus i ndálaí éigeandála.

(e)   Teicneolaíochtaí agus eolas nua

Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde ildisciplíneach le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, sábháilte agus inbhuanaithe (lena n-áirítear gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha) agus ar chur chun feidhme comhpháirteach clár taighde uile-Eorpach agus saoráidí den scoth.

(f)   Cinnteoireacht stóinsithe agus caidreamh poiblí

Díreofar gníomhaíochtaí ar na huirlisí forbartha, modhanna, samhlacha agus cásanna peirspictíocha atá dírithe ar an am atá romhainn amach le haghaidh tacaíochta beartais stóinsithe agus trédhearcaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir le dul i ngleic leis an bpobal, rannpháirtíocht úsáideoirí, an tionchar ar an gcomhshaol, agus measúnú inbhuanaitheachta d'fhonn cur leis an tuiscint atá againn ar threochtaí agus ar ionchais shocheacnamaíocha a bhaineann leis an bhfuinneamh.

(g)   Roghnú na nuálaíochta fuinnimh sa mhargadh - ag tógáil ar an gClár Eorpach um Stuamacht Fuinnimh

Breiseofar tuilleadh na gníomhaíochtaí sin a gabhadh ar láimh faoi chuimsiú an Chláir Eorpaigh um Stuamacht Fuinnimh (CESF) agus tógfar orthu. Díreofar gníomhaíochtaí ar nuálaíocht fheidhmeach agus ar chaighdeáin a chur chun cinn chun roghnú na seirbhísí agus na dteicneolaíochtaí fuinnimh sa mhargadh a éascú, chun dul i ngleic le bacainní neamhtheicneolaíochta agus chun cur chun feidhme bheartas fuinnimh an Aontais ar bhealach cost-éifeachtúil a luathú. Déanfar cúram freisin den nuálaíocht le haghaidh na teicneolaíochtaí atá ann cheana a úsáid ar bhealach cliste, inbhuanaithe

4.    Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

4.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach córas iompair Eorpach a bhaint amach atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, sábháilte agus leanúnach chun leasa na saoránach uile, an gheilleagair agus na sochaí.

Ní mór don Eoraip réiteach a dhéanamh idir riachtanais iompair a cuid saoránach agus na riachtanais i dtaobh earraí agus na riachtanais athraitheacha a eascraíonn as dúshláin nua dhéimeagrafacha agus shochaíocha agus na riachtanais maidir le feidhmíocht eacnamaíoch agus na riachtanais atá ag sochaí ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus ag geilleagar aeráid-dhíonach. In ainneoin an fháis atá tagtha uirthi, ní mór don earnáil iompair laghdú substaintiúil a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa agus ar thionchair dhíobhálacha chomhshaoil eile, agus ní mór di deireadh a chur lena spleáchas ar ola, agus ar bhreoslaí iontaise eile, agus a leibhéil arda éifeachtúlachta agus soghluaisteachta a choinneáil agus comhtháthú críochach á chur chun cinn san am céanna.

Ní féidir soghluaisteacht inbhuanaithe a bhaint amach ach trí athrú radacach a dhéanamh ar an gcóras iompair, lena n-áirítear an córas iompair poiblí, bunaithe ar dhul chun cinn i dtaighde iompair, ar nuálaíocht fhorleathan, agus trí réitigh iompair níos glaise, níos sábháilte, níos iontaofa agus níos cliste a chur chun feidhme go comhleanúnach ar fud na hEorpa.

Ní mór dul chun cinn tráthúil spriocdhírithe a bheith mar thoradh ar an taighde agus ar an nuálaíocht i dtaca le gach modh iompair chun go gcabhrófar le baint amach phríomhchuspóirí beartas an Aontais, le go dtreiseofar iomaíochas eacnamaíoch, le go dtacófar leis an athrú chuig geilleagar aeráid-dhíonach agus ísealcharbóin a bheidh éifeachtúil ó thaobh fuinnimh, agus le go gcaomhnófar ceannaireacht ar an margadh domhanda do thionscail na seirbhísí agus na monaraíochta araon.

Cé go mbeidh sé riachtanach infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh sa nuálaíocht agus sa taighde agus i gcur i bhfeidhm na dtorthaí, beidh costais shochaíocha, éiceolaíocha agus eacnamaíocha ann atá do-ghlactha san fhadtéarma mura gcuirfear feabhas ar inbhuanaitheacht an chórais iompair agus soghluaisteachta ina iomláine agus mura gcoimeádfar ceannaireacht teicneolaíochta Eorpach san iompar, agus déanfaidh sé damáiste do phoist san Eoraip agus don fhás eacnamaíoch fadtéarmach.

4.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Spreagthaí lárnach maidir le hiomaíochas agus fás eacnamaíoch na hEorpa is ea earnáil an iompair. Cinntítear leis soghluaisteacht daoine agus earraí atá riachtanach má táimid chun margadh aonair comhtháite a bheith againn san Eoraip agus comhtháthú críochach agus sochaí oscailte, chuimsitheach. Tá sé ar cheann de bhuntáistí móra na hEorpa ó thaobh cumas tionsclaíoch agus caighdeán seirbhíse de, agus tá ról ceannasach aige i go leor de mhargaí an domhain. Nuair a chuirtear an tionscal iompair agus déantúsaíocht trealamh iompair le chéile, is ionann iad agus 6.3 % de OTI an Aontais. Is mó fós an ranníocaíocht fhoriomlán ó earnáil an iompair le geilleagar an Aontais, agus an trádáil, seirbhísí agus soghluaisteacht oibrithe á gcur san áireamh. Ag an am céanna táthar in iomaíocht le tionscal iompair na hEorpa in áiteanna eile ar fud an domhain agus an iomaíocht sin ag éirí níos déine i gcónaí. Beidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha ag teastáil chun buntáiste iomaíoch na hEorpa a chinntiú amach anseo agus chun míbhuntáistí ár gcóras iompair reatha a mhaolú.

Cuireann an earnáil iompair go mór le gáis cheaptha teasa agus gineann sí suas leis an gceathrú cuid de na hastaíochtaí go léir. Cuireann sí go mór le fadhbanna eile truaillithe aeir freisin. Fós féin braitheann an córas iompair 96 % ar bhreoslaí iontaise. Tá sé bunriachtanach an tionchar seo ar an gcomhshaol a laghdú trí fheabhas spriocdhírithe a chur i gcrích ar bhonn teicniúil, agus aird á tabhairt don chaoi ina mbíonn dúshláin éagsúla os comhair gach modha iompair agus don chaoi ina mbíonn gnéithe de thimthriallacha éagsúla chomhtháthú na teicneolaíochta i gceist leis na modhanna sin. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar fhadhb an bhrú tráchta; níl na córais sách cliste fós; ní bhíonn na roghanna eile maidir le haistriú chuig modhanna iompair atá níos inbhuanaithe tarraingteach i gcónaí; faigheann 34 000 duine bás ar bhóithre an Aontais in aghaidh na bliana, figiúr atá an-ard go deo; bíonn saoránaigh agus gnólachtaí ag súil le córas iompair atá slán, sábháilte agus inrochtana do chách. Eascraíonn dúshláin sonracha as an gcomthéacs uirbeach agus cuireann sé deiseanna ar fáil i leith inbhuanaitheacht an chórais iompair agus i leith cáilíochta beatha níos fearr.

Meastar gurb é an toradh a bheidh ar na rátaí fáis a bhfuiltear ag súil leo maidir le cúrsaí iompair go mbeidh plódú ollmhór tráchta san Eoraip laistigh de fiche bliain nó níos mó agus tionchar dofhulaingthe aige ar chostais eacnamaíocha agus ar an tsochaí, agus drochiarmhairtí aige maidir leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí. Táthar á thuar go ndúblóidh an líon ciliméadar a thaistealaíonn paisinéirí sa 40 bliain atá romhainn agus go mbeidh an ráta dhá uair níos airde fós ann maidir le haerthaisteal, má leanann na treochtaí go nuige seo isteach sa todhchaí. Bheadh astaíochtaí CO2 35 % níos airde faoi 2050 ( 19 ). Thiocfadh méadú thart ar 50 % go beagnach EUR 200 billiún in aghaidh na bliana ar chostais a bhaineann le brú tráchta. Thiocfadh méadú EUR 60 billiún ar chostais sheachtracha tionóiscí i gcomparáid le costais na bliana 2005.

Ní féidir ligean do chúrsaí leanúint ar aghaidh mar atá siad. Díreofar taighde agus nuálaíocht, a spreagfar le cuspóirí beartais, ar na príomhdhúshláin, agus cabhróidh siad go suntasach le baint amach spriocanna an Aontais an méadú ar theocht an domhain a theorannú chuig 2 °C, astaíochtaí CO2 ó iompar a laghdú 60 %, brú tráchta agus costais tionóisce a laghdú go suntasach, agus beagnach deireadh a chur le bás ar na bóithre faoi 2050 (19) .

Is fadhbanna coitianta ar fud an Aontais iad truailliú, brú tráchta, sábháilteacht agus slándáil agus éilíonn siad freagraí comhoibritheacha uile-Eorpacha. Is trí dhlús a chur le forbairt agus le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua agus réiteach nuálaíoch maidir le feithiclí ( 20 ), le bonneagair agus le bainistiú iompair, a dhéanfar córas iompair idirmhódúil agus ilmhódúil, a mbeidh rochtain níos fusa air, a bheidh níos glaine, níos sábháilte, níos sláine, agus níos éifeachtaí, a bhaint amach san Aontas; na torthaí is gá a bhaint amach chun athrú aeráide a mhaolú agus éifeachtacht ó thaobh acmhainní a fheabhsú; ceannaireacht na hEorpa maidir le táirgí iompair agus seirbhísí gaolmhara a choinneáil ar bun ar na margaí domhanda. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí iarrachtaí ilroinnte náisiúnta ina n-aonar.

Beidh cistiú ar leibhéal an Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíocht iompair ag teastáil chun comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát trí dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach soiléir acu. Ciallaíonn an méis sin go leagfar béim ar réimsí tosaíochta a mheaitseálann cuspóirí beartais na hEorpa; ina bhfuil mais chriticiúil iarrachtaí riachtanach; i gcás inar féidir le réitigh iompair idir-inoibritheacha nó réitigh iompair ilmhódúla chomtháite ar fud na hEorpa cuidiú le deireadh a chur le scrogaill sa chóras iompair; nó inar féidir rioscaí infheistíochta taighde a laghdú, obair cheannródaíoch a dhéanamh maidir le comhchaighdeáin, agus t-am a thógann sé chun torthaí taighde a chur ar an margadh a laghdú trí iarrachtaí a chomhthiomsú ar bhonn trasnáisiúnta agus trí leas níos fearr a bhaint as an taighde a rinneadh cheana agus é a scaipeadh ar bhealach níos éifeachtaí,.

Beidh réimse leathan tionscnamh, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí ábhartha príobháideacha-poiblí, a chuimseoidh an slabhra nuálaíochta go léir agus a leanfaidh cur chuige comhtháite i leith réiteach nuálaíoch don chóras iompair, i gceist sna gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Tá roinnt gníomhaíochtaí ann a bhfuil sé de chuspóir sonrach acu cabhrú torthaí a thabhairt chuig an margadh: cur chuige clár maidir le taighde agus nuálaíocht, tionscadail taispeántais, gníomhaíochtaí maidir le glacadh margaidh agus tacaíocht a thabhairt do chaighdeánú, do rialáil agus do straitéisí nuálaíocha soláthair. Ina theannta sin, cabhróidh rannpháirtíocht agus saineolas na bpáirtithe leasmhara chun an bhearna a líonadh idir torthaí taighde agus a gcur i bhfeidhm san earnáil iompair.

Má dhéantar infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht chun córas iompair níos glaise, níos cliste, iontaofa agus iomlán comhtháite a chur ar fáil cabhróidh sé sin go mór le baint amach cuspóiri Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach mar aon le cuspóirí thionscnamh suaitheanta an Aontais Nuálaíochta. Tacóidh na gníomhaíochtaí le cur chun feidhme an Pháipéir Bháin um Iompar arb é is aidhm dó Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú. Cabhróidh na gníomhaíochtaí sin le baint amach na spriocanna beartais a ndearnadh cur síos orthu sna tionscnaimh shuaitheanta maidir le ‘Eoraip atá tíosach ar Acmhainní’, ‘Beartas tionsclaíoch do ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre Digiteach don Eoraip’. Déanfaidh siad comhéadan leis na Comhthionscnaimh Chlárúcháin ábhartha freisin.

4.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Eagrófar na gníomhaíochtaí ar bhealach ina bhforálfar do chur chuige comhtháite a bheidh sonrach don mhodh de réir mar is iomchuí. Beidh gá le hinfheictheacht agus leanúnachas ilbhliantúil chun na sonraíochtaí a bhaineann le gach modh iompair agus cineál iomlánaíoch na ndúshlán a chur san áireamh, mar aon le Cláir Oibre ábhartha um Thaighde Straitéiseach agus Nuálaíocht a bhaineann leis na Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta maidir le hiompar.

(a)   Córas iompair atá éifeachtúil ar acmhainní agus a léiríonn meas ar an gcomhshaol.

Is é an aidhm a chinntiú go mbeidh an tionchar is lú is féidir ag na córais iompair ar an aeráid agus ar an gcomhshaol (lena n-áirítear truailliú de dheasca torainn agus truailliú aeir) trí fheabhas a chur ar a cháilíocht agus a éifeachtúlacht i dtaca le húsáid acmhainní nádúrtha, le breosla, agus trí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thomhailt acmhainní, go háirithe breoslaí iontaise, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leibhéil torainn a laghdú, chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtúlacht iompair agus feithiclí, dlús a chur faoi fhorbairt, faoi mhonarú agus faoi úsáid ghlúin nua feithiclí glana (feithiclí leictreacha, hidrigine agus feithiclí eile nach mbeidh astaíochtaí ar bith astu nó astaíochtaí ísle astu) lena n-áirítear trí dhul chun cinn a dhéanamh i ndearadh inneall agus trí bharrfheabhas a chur orthu, i stóráil fuinnimh agus maidir le bonneagar; cumas breoslaí malartacha agus inbhuanaithe agus córais tiomána agus oibriúcháin nuálaíocha agus níos éifeachtúla a iniúchadh agus leas a bhaint astu, lena n-áirítear bonneagar breosla agus muirearú; an leas is fearr a bhaint as pleanáil agus úsáid bonneagar, trí bhíthin córas iompair cliste, lóistíochtaí agus trealamh cliste; agus bainistiú éilimh agus iompar poiblí agus iompar neamhmheicnithe a mhéadú, agus slabhraí soghluaisteachta idirmhódúla, go háirithe i limistéir uirbeacha. Spreagfar nuálaíocht a bheidh dírithe ar gach modh iompair chun nach mbeidh ach astaíochtaí ísle astu nó chun nach mbeidh astuithe ar bith astu.

(b)   Soghluaisteacht níos fearr, níos lú brú tráchta, breis sábháilteachta agus slándála

Is í an aidhm na riachtanais soghluaisteachta atá ag fás agus na riachtanais maidir le so-athraitheacht iompair a réiteach le chéile trí réitigh nuálaíocha le haghaidh córas iompair a bheidh gan bhearnaí, idirmhódúil, cuimsitheach, inrochtana, inacmhainne, sábháilte, slán, sláintiúil, agus urrúnta.

Díreofar ar ghníomhaíochtaí chun brú tráchta a laghdú, feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar idir-inoibritheacht agus ar roghanna do phaisinéirí agus ar mheaitseáil riachtanas úsáideoirí trí iompar, trí bhainistíocht soghluaisteachta, agus lóistíocht chomhtháite ó dhoras go doras a fhorbairt agus a chur chun cinn; feabhas a chur ar iompar idirmhódúil agus cur i bhfeidhm pleanála cliste agus réiteach bainistíochta chliste; agus an líon tionóiscí agus tionchar bagairtí slándála a laghdú go mór.

(c)   Ceannaireacht dhomhanda ag tionscal iompair na hEorpa

Is í an aidhm iomaíochas agus feidhmíocht tionscal déantúsaíochta iompair na hEorpa agus seirbhísí gaolmhara, (lena n-áirítear próisis lóistíochta, cothabháil, deisiúchán, iarfheistiú agus athchúrsáil) a threisiú agus ceannaireacht na hEorpa á choimeád an bun i réimsí ar leith (e.g. an aerloingseoireacht).

Díreofar sna gníomhaíochtaí ar fhorbairt na chéad ghlúine eile de mhodhanna nuálaíocha aeriompair, iompair d'uisce agus iompair de thalamh, ar a áirithiú go ndéanfar córais nuálaíocha agus trealamh nuálaíoch a mhonarú ar bhealach inbhuanaithe agus ar ullmhú le haghaidh modhanna iompair a bheidh ann amach anseo trí oibriú ar theicneolaíochtaí, ar choincheapa agus ar dhearaí núíosacha agus ar chórais rialaithe chliste agus ar chaighdeáin idir-inoibritheacha, ar phróisis éifeachtúla táirgthe, ar sheirbhísí nuálaíocha agus ar nósanna imeachta deimhniúcháin, ar amanna forbartha níos giorra agus ar chostais laghdaithe saolré, gan amhras a tharraingt ar shábháilteacht ná ar shlándáil oibriúcháin.

(d)   Taighde socheacnamaíoch agus iompraíoch agus gníomhaíochtaí forásacha le haghaidh beartas a cheapadh

Is í an aidhm tacú le ceapadh beartas feabhsaithe atá riachtanach chun nuálaíocht a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá cruthaithe ag cúrsaí iompair agus ar riachtanais na sochaí a bhaineann leo.

Díreofar leis na gníomhaíochtaí ar feabhas a chur ar na hiarmhairtí, na treochtaí agus ar na hionchais socheacnamaíocha a bhaineann le cúrsaí iompair, lena n-áirítear an fhorbairt a thiocfaidh ar an éileamh amach anseo, agus sonraí agus anailísí bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do lucht déanta beartas. Tabharfar aird freisin ar leathadh na dtorthaí a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí sin.

5.    Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair;

5.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach geilleagar agus sochaí a bheidh tíosach ar acmhainní - agus ar uisce -agus díonach ar athrú aeráide a bhaint amach, acmhainní nádúrtha agus éiceachórais a chosaint agus a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe, agus soláthar agus úsáid inbhuanaithe amhábhar a chur ar fáil, d’fhonn freastal ar riachtanais dhaonra an domhain atá dul i méid agus é sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus éiceachórais na cruinne. Cabhróidh na gníomhaíochtaí le hiomaíochas na hEorpa a fheabhsú, leis an soláthar amhábhar a áirithiú agus cur le folláine, agus ag an am céanna sláine comhshaoil, athléimneacht agus inbhuanaitheacht a chinntiú, agus é mar aidhm an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C ar an meán agus cur ar chumas éiceachóras agus na sochaí iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide agus d'athruithe eile ar an gcomhshaol.

Tharla méadú faoi dheich i rith an 20ú haois ar an méid breosla iontaise a bhí á úsáid agus an méid acmhainní ábhartha a bhí á n-eastóscadh. Tá an ré sin inar samhlaíodh go raibh acmhainní flúirseach agus saor ag teacht chun deiridh anois. Tá brú mór anois ar amhábhair, ar uisce, ar aer, ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais talún, uisceacha agus mara. Tá go leor d’éiceachórais mhóra an domhain á ndíghrádú, agus tá suas le 60 % de na seirbhísí a sholáthraíonn siad á n-úsáid ar bhealaí nach bhfuil inbhuanaithe. Úsáidtear thart ar 16 thonna d'ábhair in aghaidh an duine gach bliain san Aontas agus díobh sin, diomlaítear thart ar 6 thonna díobh agus cuirtear a leath díobh go láithreáin líonta talún. Tá an t-éileamh domhanda ar acmhainní ag méadú de réir mar atá méadú ag teacht ar dhaonra an domhain agus ar a dtoilmhianta, go háirithe i gcás daoine atá ag tuilleamh ioncaim meánmhéide sna tíortha sin atá ag teacht chun cinn. Ní mór fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní.

Tháinig méadú thart ar 0.8 °C ar mheánteocht dhromchla an Domhain le 100 bliain anuas agus tá sé á thuar go dtiocfaidh méadú idir 1.8 agus 4 °C uirthi roimh dheireadh an 21ú haois (i gcoibhneas leis an meánteocht sa tréimhse ó 1980 go 1999) ( 21 ). Cruthóidh tionchair dhóchúla na n-athruithe sin ar chórais nádúrtha agus ar chórais dhaonna dúshláin don domhan agus dá cumas oiriúnaithe, agus cuirfidh siad forbairt eacnamaíoch agus dea-bhail an chine dhaonna amach anseo i mbaol.

Tá borradh ag teacht ar na tionchair atá ag an athrú aeráide agus léiríonn fadhbanna comhshaoil, amhail aigéadú na n-aigéan, athruithe i gcúrsaíocht aigéanach, ardú ar theocht na farraige, leá oighir san Artach agus salandacht laghdaithe an tsáile, díghrádú agus úsáid talún, cailliúint ithirthorthúlachta; ganntanais uisce, triomaigh agus tuilte, guaiseacha seismeacha agus bolcánacha, athruithe maidir le leathadh spáis na speiceas, truailliú ceimiceach, ró-shaothrú acmhainní agus cailliúint na bithéagsúlachta go bhfuil an domhan ag druidim lena teorainneacha inbhuanaitheachta. Mar shampla, meastar go mbeidh ró-éileamh 40 % á dhéanamh ar sholáthar uisce i gceann 20 bliain mura gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht ar fud na n-earnálacha go léir, lena n-áirítear trí chórais nuálaíocha uisce, rud a chuirfidh strus agus ganntanais rímhór faoi deara maidir le huisce. Is scanrúil an rud é go bhfuil foraoisí á scrios ar ráta 5 mhilliún heicteár in aghaidh na bliana. Is féidir le hidirghníomhaíochtaí idir acmhainní éagsúla rioscaí sistéamacha a chruthú - nuair a ídítear acmhainn amháin, déantar pointe dosheachanta tubaiste a chruthú maidir le hacmhainní agus le héiceachórais eile. Bunaithe ar na treochtaí reatha, is cosúil go mbeidh coibhéis dhá Dhomhan eile ag teastáil faoi 2050 le freastal ar an daonra domhanda atá ag fás.

Tá soláthar inbhuanaithe agus bainistíocht éifeachtúil ar acmhainní, lena n-áirítear iad a thaiscéaladh, a eastóscadh, a phróiseáil, a athúsáid, a athchúrsáil agus ionadú fíor-riachtanach d'fheidhmiú sochaithe nua-aimseartha agus a ngeilleagar. Tá earnálacha na hEorpa, amhail an tógáil, ceimiceáin, gluaisteáin, aeraspás, innealra agus trealamh a chuireann breisluach iomlán thart ar EUR 1,3 thrilliún ar fáil mar aon le thart ar 30 milliún duine a fhostú, ag brath go mór ar rochtain ar amhábhair. Mar sin féin, tá brú mór ag teacht ar sholáthar amhábhar don Aontas. Ina theannta sin, tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairí na n-amhábhar sin a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, agus a bhfuil tionchar scanrúil ag saobhadh ar an margadh orthu.

Ina theannta sin, tá taiscí luachmhara mianraí fós ag an Aontas a bhfuil bac á chur lena dtaiscéaladh, lena n-eastóscadh agus lena bpróiseáil toisc nach bhfuil teicneolaíochtaí leordhóthanacha ann fós chuige sin agus nach bhfuil bainistiú leordhóthanach maidir le timthriall athcúrsála ann, de bharr easpa infheistíochta agus toisc iomaíocht dhomhanda atá ag dul i méid a bheith ag cur isteach ar an obair. Nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí is atá amhábhair d’iomaíochas na hEorpa, agus don gheilleagar agus an chaoi a bhféadfaí iad a úsáid i dtáirgí nuálaíocha is léir gur tosaíocht ríthábhachtach don Aontas é go mbeadh soláthar inbhuanaithe amhábhar ann agus go ndéanfaí bainistiú éifeachtúil ar acmhainní.

Braitheann cumas geilleagair chun é féin a chur in oiriúint agus teacht aniar níos mó a bheith ann maidir le hathrú aeráide, chun a bheith níos éifeachtúla ar acmhainní agus fanacht iomaíoch ag an am céanna, ar leibhéil arda éiceanuálaíochta a bheith ann ó thaobh na sochaí, na heacnamaíochta, an eagrúcháin agus na teicneolaíochta de. Ós rud é gur fiú EUR 1 trilliún éiceanuálaíocht ar an margadh domhanda in aghaidh na bliana agus go bhfuiltear ag súil go méadófar í faoi thrí faoi 2030, is léir go gcuireann éiceanuálaíocht deis mhór ar fáil chun iomaíochas a mhéadú agus poist a chruthú i ngeilleagair na hEorpa.

5.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Má tá spriocanna an Aontais agus spriocanna idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí agus tiúchan gás ceaptha teasa le baint amach agus má táthar le déileáil leis an tionchar atá ag an athrú aeráide, ní mór druidim le sochaí ísealcharbóin agus ní mór réitigh teicneolaíochta agus neamhtheicneolaíochta atá cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus ní mór bearta maolaithe agus oiriúnaithe a dhéanamh agus tuiscint níos láidre a fháil ar na freagairtí sochaíocha i ndáil leis na dúshláin sin. Ní mór do chreata beartais an Aontais agus an domhain a áirithiú go dtabharfar cosaint d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, go mbeidh meas orthu agus go ndéanfar iad a athchóiriú go hiomchuí d'fhonn a gcumas acmhainní agus seirbhísí a sholáthar sa todhchaí a chaomhnú. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uisce sa timpeallacht tuaithe, sa timpeallacht uirbeach agus sa timpeallacht thionsclaíoch chun nuálaíocht córas uisce agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus chun éiceachórais uisceacha a chosaint. Is féidir le taighde agus le nuálaíocht cabhrú le rochtain iontaofa agus inbhuanaithe a fháil ar amhábhair, agus cabhrú leis na hamhábhair sin a shaothrú ar thalamh agus ar ghrinneall na farraige, agus laghdú suntasach a dhéanamh ar an méid acmhainní a úsáidtear agus a dhiomlaítear.

Dá bhrí sin díreofar gníomhaíochtaí an Aontais ar thacú le príomhchuspóirí agus le príomhbheartais an Aontais lena gcumhdaítear an timthriall nuálaíochta ina iomláine agus lena gcumhdaítear gnéithe de thriantán an eolais, lena n-áirítear: an Straitéis Eoraip 2020, na tionscnaimh shuaitheanta 'an tAontas Nuálaíochta'; 'Beartas tionsclaíoch do ré domhandaithe', 'Clár Oibre Digiteach don Eoraip', ‘Eoraip atá tíosach ar Acmhainní’ agus an Treochlár ( 22 ) comhfhreagrach; agus an Treochlár chun bogadh go geilleagar iomaíoch ísealcharbóin in 2050; ‘Oiriúnú d'athrú aeráide: I dtreo creata gníomhaíochta Eorpaigh’ ( 23 ); an Tionscnamh faoi Amhábhair ( 24 ); Straitéis an Aontais um Fhorbairt Inbhuanaithe ( 25 ); Beartas Muirí Lánpháirtithe don Aontas ( 26 ); an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; an Treoir Réime Uisce agus na fo-Threoracha a ghabhann léi; an Treoir maidir le Tuilte ( 27 ); an Plean Gníomhaíochta Éiceanuálaíochta agus Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 ( 28 ). Nascfar na gníomhaíochtaí sin, nuair is iomchuí, leis na Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha ábhartha agus leis na Tionscnaimh Comhphleanála ábhartha. Atreiseoidh na gníomhaíochtaí sin cumas na sochaí níos mó teacht aniar a bheith inti maidir le hathrú comhshaoil agus aeráide agus áiritheoidh siad go mbeidh amhábhair le fáil.

I bhfianaise nádúr trasnáisiúnta agus domhanda na haeráide agus an chomhshaoil, an scála a bhaineann leo agus a chasta is atá siad, agus i bhfianaise ghné idirnáisiúnta an tslabhra soláthair amhábhar, ní mór gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal níos forleithne ná sin. Éilíonn carachtar ildisciplíneach an taighde atá riachtanach go gcomhthiomsófar eolas agus acmhainní comhlántacha d'fhonn dul i ngleic leis an dúshlán seo go héifeachtach agus ar bhealach inbhuanaithe. D’fhonn úsáid acmhainní agus tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, agus iomaíochas a mhéadú ag an am céanna, beidh gá le trasdul cinntitheach sochaíoch agus teicneolaíoch chuig geilleagar a bheidh bunaithe ar chaidreamh inbhuanaithe idir an dúlra agus folláine an duine. Cuirfidh gníomhaíochtaí comhordaithe taighde agus nuálaíochta feabhas ar an tuiscint ar athruithe aeráide agus comhshaoil agus ar an réamhaisnéis a dhéantar fúthu i bpeirspictíocht córasach agus trasearnála, laghdóidh siad neamhchinnteachtaí, sainaithneoidh siad leochaileachtaí, rioscaí, costais agus deiseanna agus déanfaidh siad iad a mheas, agus lena chois sin cuirfidh siad le réimse réiteach agus freagraí beartas agus na sochaí agus cuirfidh siad lena n-éifeacht. Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á gcur i gcrích, déanfar iarracht seachadadh agus scaipeadh an taighde agus na nuálaíochta a fheabhsú chun tacú le ceapadh beartas agus déanfar iarracht gníomhaithe ar gach leibhéal den tsochaí a chumasú chun páirt a ghlacadh sa phróiseas seo.

Má táthar le dul i ngleic le hinfhaighteacht amhábhar, ní mór taighde comhordaithe agus iarrachtaí nuálaíochta a dhéanamh i mórán disciplíní agus earnálacha chun cabhrú le réitigh a sholáthar ar fud an tslabhra soláthair go léir (idir thaiscéaladh agus eastóscadh, phróiseáil, dhearadh, úsáid inbhuanaithe agus athúsáid, athchúrsáil agus ionadú), réitigh a bheidh indéanta, slán ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de, agus a nglacfaidh an tsochaí leo. Soláthróidh nuálaíocht sna réimsí sin deiseanna le haghaidh fáis agus post, chomh maith le roghanna nuálaíocha a mbeidh baint ag eolaíocht, ag teicneolaíocht, ag an ngeilleagar, ag an tsochaí, ag beartas agus ag rialachas leo. Ar na cúiseanna sin, táthar tar éis Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha maidir le hUisce agus le hAmhábhair a sheoladh.

D'fhéadfadh sé go gcruthóidh éiceanuálaíocht stuama deiseanna le haghaidh fáis agus post. Rachaidh na réitigh a fhorbrófar trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i ngleic leis na príomhbhagairtí ar iomaíochas tionsclaíoch agus cinnteoidh siad go mbeifear in ann iad a ghlacadh go tapa agus a mhacasamhlú ar fud an Mhargaidh Aonair agus níos faide anonn. Cuirfidh sé seo ar chumas an gheilleagair an trasdul a dhéanamh chuig geilleagar glas a chuireann úsáid inbhuanaithe acmhainní san áireamh. Beidh siad seo a leanas ina gcomhpháirtithe sa chur chuige sin: lucht déanta beartas idirnáisiúnta, Eorpach agus náisiúnta; cláir thaighde agus nuálaíochta idirnáisiúnta agus de chuid na mBallstát; lucht gnó agus tionscal na hEorpa; an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach agus gníomhaireachtaí comhshaoil náisiúnta; agus páirtithe leasmhara ábhartha eile.

Chomh maith le comhoibriú déthaobhach agus réigiúnach, tacóidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais le hiarrachtaí agus le tionscnaimh ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), an Clár Oibre Idir-Rialtasach ar Bhithéagsúlacht agus ar Sheirbhísí Éiceachórais (IPBES) agus an Grúpa um Fhaire na Cruinne (GEO).

5.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An t-athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó

Is í an aidhm bearta agus straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe a bheidh cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe a fhorbairt, a dhíreoidh ar CO2 agus ar gháis cheaptha teasa eile agus aerasóil, agus a leagfaidh béim ar réitigh ghlasa, idir réitigh theicneolaíochta agus réitigh neamhtheicneolaíochta, trí fhianaise a chruthú i gcomhair beart a bheidh eolasach, luath agus éifeachtach agus i gcomhair líonrú na n-inniúlachtaí riachtanacha. Díreofar na gníomhaíochtaí na nithe seo a leanas: tuiscint níos fearr a fháil ar athrú aeráide agus na priacail a ghabhann le holltubaistí agus le hathruithe tobanna a bhaineann leis an aeráid d'fhonn réamh-mheastacháin iontaofa maidir leis an aeráid a sholáthar; ar mheasúnú tionchar ar leibhéal domhanda, réigiúnach agus áitiúil, agus ar leochaileachtaí agus bearta oiriúnaithe, coiscthe agus bainistithe riosca a bheidh nuálaíoch agus cost-éifeachtúil a fhorbairt; tacú le beartais maolaithe agus le straitéisí lena n-áirítear staidéir a dhíríonn ar an tionchar a bhíonn ag beartais earnálacha eile.

(b)   An comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha, uisce, bithéagsúlacht agus éiceachórias a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe

Is í an aidhm eolas agus uirlisí a sholáthar chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú agus a chosaint ionas go mbeidh cothroime inbhuanaithe idir acmhainní teoranta agus na riachtanais atá anois, agus a bheidh amach anseo, ag an tsochaí agus ag an ngeilleagar. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na nithe seo a leanas: cur leis an tuiscint atá againn ar an mbithéagsúlacht agus ar fheidhmiú na n-éiceachóras, ar na hidirghníomhaíochtaí atá acu le córais shóisialta agus an ról atá acu i gcothú an gheilleagair agus fholláine an duine; cuir chuige chomhtháite a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le huisce agus leis an aistriú chuig bainistiú inbhuanaithe agus úsáid acmhainní uisce agus seirbhísí; agus ar eolas agus uirlisí a sholáthar ar mhaithe le cinnteoireacht éifeachtach agus le rannpháirtíocht an phobail.

(c)   A áirithiú go mbeidh soláthar inbhuanaithe ann d’amhábhair nach ábhair fuinnimh ná ábhair thalmhaíochta iad

Is í an aidhm an bonn eolais faoi amhábhair a fheabhsú agus réitigh nuálaíocha a fhorbairt chun amhábhair a thaiscéaladh, a eastóscadh, a phróiseáil, a úsáid agus a ath-úsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil ar bhealaí cost-éifeachtúla, tíosach ar acmhainní agus nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, agus chun ábhair eile a chur ina n-ionad ar bhealaí a bheadh tarraingteach ó thaobh costais de, a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mbeadh tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol, lena n-áirítear próisis agus córais lúbiata. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na nithe seo a leanas: feabhas a chur ar an mbonn eolais ar infhaighteacht na n-amhábhar; cur chun cinn soláthar inbhuanaithe agus éifeachtúil amhábhar, úsáid agus athúsáid amhábhar, lena n-áirítear acmhainní mianraí, ón talamh agus ón bhfarraige; roghanna malartacha a aimsiú i gcás amhábhar criticiúil; agus feabhas a chur ar fheasacht agus scileanna na sochaí i leith amhábhar.

(d)   An trasdul chuig geilleagar glas agus sochaí ghlas a chumasú trí bhíthin éiceanuálaíochta

Is í an aidhm gach cineál éiceanuálaíochta a chothú a chumasaíonn an trasdul go geilleagar glas. Leis na gníomhaíochtaí sin, inter alia, tógfar ar na gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh sa Chlár Éicea-Nuálaíochta agus breiseofar iad agus díreofar ar na nithe seo leanas: teicneolaíochtaí, próisis, seirbhísí agus táirgí éiceanuálaíochta a neartú, lena n-áirítear bealaí a chíoradh lena bhféadfar méid na n-amhábhar sa táirgiúlacht agus sa tomhaltas a laghdú, bacainní sa chomhthéacs sin a shárú, agus dlús a chur faoina nglacadh ar an margadh agus faoina macasamhlú, agus aird faoi leith á tabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; tacú le beartais nuálaíocha, samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe agus athruithe sochaíocha; tomhas agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn go dtí geilleagar glas; agus éifeachtúlacht acmhainní a chothú trí chórais dhigiteacha.

(e)   Córais chuimsitheacha, inbhuanaithe, dhomhanda faisnéise agus breathnóireachta comhshaoil a fhorbairt

Is í an aidhm a chinntiú go gcuirfear na sonraí agus an fhaisnéis fhadtéarmach ar fáil atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na cumais, ar na teicneolaíochtaí agus ar na bonneagair shonraí a sholáthar chun breathnadóireacht agus faireachán a dhéanamh ar an Domhan ó chianbhraiteoireacht agus ó thomhais in situ araon ionas gur féidir eolas a sholáthar go tráthúil agus go cruinn agus réamhaisnéisí agus réamh-mheastacháin a cheadú. Spreagfar rochtain shaor, oscailte agus neamhshrianta ar shonraí agus ar fhaisnéis idir-inoibritheach. Leis na gníomhaíochtaí, cuideofar le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chlár Copernicus, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfar amach anseo, a shainiú agus cuirfear feabhas ar an leas a bhaintear as na sonraí GMES do ghníomhaíochtaí taighde.

(f)   Oidhreacht chultúrtha

Is í an aidhm taighde a dhéanamh ar na straitéisí, ar na modheolaíochtaí agus ar na huirlísí a theastaíonn chun go mbeidh oidhreacht chultúrtha a bheidh dinimiciúil, inbhuanaithe ann san Eoraip mar fhreagairt don athrú aeráide. Cuirtear comhthéacs beo ar fáil do na pobail stóinsithe lena bhfreagraítear d'athruithe ilathráideacha leis an oidhreacht chultúrtha sna foirmeacha fisiciúla éagsúla a ghabhann leis. Éilítear cur chuige ildisciplíneach chun feabhas a chur ar an tuiscint ar ábhar stairiúil. Leis na gníomhaíochtaí, díreofar ar na leibhéil stóinseachta a shainiú trí bharúlacha, trí fhaireachán a dhéanamh agus trí shamhaltú mar aon le tuiscint níos fearr a chur ar fáil maidir leis an dearcadh atá ag pobail ar an athrú aeráide agus maidir leis an gcaoi ina bhfreagraíonn siad dó.

6.    An Eoraip i nDomhain atá ag Athrú- Sochaithe Cuimsitheacha, Nuálaíocha agus Slána

6.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach tuiscint níos fearr ar an Eoraip a chothú, réitigh a sholáthar agus tacú le sochaithe Eorpacha a bheidh cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach nuair atá claochluithe ag tarlú nach bhfacthas a samhail riamh cheana agus fás ag teacht ar idirthuilleamaíocht dhomhanda.

Tá dúshláin mhóra socheacnamaíocha le sárú ag an Eoraip lena ndéantar difear suntasach dá thodhchaí chomhchoiteann. Áirítear orthu sin an fás atá ag teacht ar idirthuilleamaíocht eacnamaíoch agus cultúrtha, aosú agus athrú déimeagrafach, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht, lánpháirtiú agus dínascadh, éagothroime agus imirce, deighilt dhigiteach a bheith ag méadú, cothú cultúir nuálaíochta agus cruthaitheachta sa tsochaí agus i bhfiontair, agus muinín a bheith ag dul i laghad in institiúidí daonlathacha agus idir saoránaigh laistigh de theorainneacha agus thar theorainneacha. Dúshláin ollmhóra is ea iad sin agus éilíonn siad cur chuige comhchoiteann ón Eoraip, a bheidh bunaithe ar eolas eolaíoch comhroinnte a fhéadann eolaíochtaí sochaíocha agus daonnúla agus eile a sholáthar.

Tá éagothroime shuntasach i gcónaí san Aontas idir na tíortha éagsúla agus laistigh díobh. Is éard atá san Innéacs Forbartha Daonna tomhas comhiomlán maidir le dul chun cinn sláinte, oideachais agus ioncaim, agus scóráil na mBallstát idir 0.771 agus 0, 910 ar an Innéacs in 2011, rud a léirigh difríochtaí suntasacha idir tíortha. Tá neamhionannais shuntasacha inscne fós ann: mar shampla, faigheann fir ar an meán 17.8 % níos mó pá san Aontas ná mar a fhaigheann mná ( 29 ). Sa bhliain 2011 bhí duine as gach seisear saoránach san Aontas (thart ar 80 milliún duine) i mbaol bochtaineachta inniu. Le scór bliain anuas tá méadú tagtha ar bhochtaineacht daoine fásta óga agus teaghlach a bhfuil leanaí acu. Tá an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg ag os cionn 20 %. Tá 150 milliún Eorpach (thart ar 25 %) nár bhain úsáid as an idirlíon riamh agus b’fhéidir nach bhfaighidh siad dóthain litearthachta digití chuige sin go deo. Tá neamhshuim agus polarú polaitiúil le sonrú i dtoghcháin freisin, rud a léiríonn go bhfuil laghdú ag teacht ar mhuinín na saoránach as na córais pholaitiúla atá ann faoi láthair.

Tugann na figiúirí sin le tuiscint go bhfuil roinnt grúpaí sóisialta agus roinnt pobal á bhfágáil ar chúl i gcónaí maidir le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus b’fhéidir maidir le polaitíocht dhaonlathach freisin. Leis na neamhionannais sin, ní hamháin go múchtar forbairt na sochaí ach cuirtear as do gheilleagair an Aontais freisin agus laghdaítear ar na cumais taighde agus nuálaíocha laistigh de thíortha agus i measc tíortha.

Dúshlán lárnach a bheidh ann agus aghaidh á tabhairt ar na míchothromaíochtaí sin suíomhanna a chothú ina bhféadfaí féiniúlachtaí Eorpacha, náisiúnta agus eitneacha maireachtáil lena chéile agus a chéile a shaibhriú.

Anuas air sin, táthar ag súil le hardú suntasach 42 %, ó 87 milliún in 2010 go 124 milliún in 2030, i líon na nEorpach a bheidh níos sine ná 65 bliana. Is mórdhúshlán é sin don gheilleagar, don tsochaí agus d'inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Tá rátaí táirgiúlachta agus fáis eacnamaíoch na hEorpa ag titim i gcoibhneas le tíortha eile le dhá scór bliain. Ina theannta sin, tá meath ag teacht go tapa ar an scair den táirgeacht eolais dhomhanda atá ag an Eoraip agus, má bhí sí chun tosaigh maidir le feidhmiú nuálaíochta, tá na príomhgheilleagair atá ag teacht chun cinn mar an Bhrasaíl agus an tSín ag breith suas uirthi. Cé go bhfuil bonn láidir taighde ag an Eoraip, ní mór sócmhainn chumhachtach a dhéanamh de le haghaidh earraí agus seirbhísí nuálaíocha.

Tuigtear go maith nach mór don Eoraip níos mó a infheistiú san eolaíocht agus sa nuálaíocht agus go mbeidh uirthi comhordú i bhfad níos fearr a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí sin ná mar a rinneadh go dtí seo: Ó theacht na géarchéime airgeadais, méadaíodh tuilleadh ar mhórán de na neamhionannais eacnamaíocha agus shóisialta san Eoraip agus tá an chuma air gur tamall mór fada a bheidh sé don chuid is mó den Aontas go dtí go mbeidh rataí an fháis eacnamaíoch mar a bhí siad roimh an ngéarchéim. Tugtar le tuiscint leis an ngéarchéim reatha freisin gur dúshlánach é réitigh a fháil ar ghéarchéimeanna a léiríonn ilchineálacht na mBallstát agus a gcuid leasanna.

Ní mór dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealaí nuálaíocha agus ildhisciplíneacha toisc go n-idirghníomhaíonn siad ar bhealaí casta agus is minic a tharlaíonn siad gan choinne. Is féidir le nuálaíocht an chuimsitheacht a lagú, rud is féidir a fheiceáil, mar shampla, sa deighilt dhigiteach nó i ndeighilt an mhargaidh saothair. Bíonn sé deacair uaireanta freastal ag an am céanna ar nuálaíocht shóisialta agus ar mhuinín shóisialta nuair a bhíonn beartais á gceapadh, mar shampla i limistéir faoi mhíbhuntáiste sóisialta i gcathracha móra na hEorpa. Thairis sin, nuair a thagann éilimh fhorásacha na saoránach agus an nuálaíocht le chéile ceapann lucht déanta beartas agus gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta freagraí uaireanta a dhéanann neamhaird de na teorainneacha atá idir earnálacha, gníomhaíochtaí, earraí nó seirbhísí. Léiríonn feiniméin mar fhás an Idirlín, na gcóras airgeadais, na heacnamaíochta atá ag dul in aois agus na sochaí éiceolaíochta go soiléir an chaoi a bhfuil sé riachtanach smaoineamh ag an am céanna ar na ceisteanna sin ó thaobh na ngnéithe cuimsitheachta agus nuálaíochta a bhaineann leo agus freagra a thabhairt orthu le chéile.

Ós rud é go bhfuil na dúshláin sin casta agus toisc go bhfuil athrú ag teacht ar an héilimh, ní mór taighde nuálaíoch agus teicneolaíochtaí, próisis agus modhanna a bheidh nua agus cliste a fhorbairt mar aon le meicníochtaí nuálaíochta sóisialta, gníomhaíochtaí comhordaithe agus beartais a bheidh ullamh i gcomhair na n-athruithe a thiocfaidh san Eoraip nó a rachaidh i gcion orthu. Iarrann sé go dtiocfaí ar thuiscint athnuaite maidir le cinntithighna nuálaíochta. Chomh maith leis sin, iarrtar tuiscint ar na treochtaí bunúsacha agus na hiarmhairtí laistigh de na dúshláin sin agus ní mór na foirmeacha dlúthpháirtíochta, iompraíochta, comhordaithe agus cruthaitheachta sin a athaimsiú nó a athchruthú lena gcinntítear gur samhail faoi leith í an Eoraip i dtéarmaí sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach i gcomparáid le réigiúin eile sa domhan.

Ní mór cur chuige níos straitéisí a ghlacadh freisin maidir le comhar le tríú tíortha, ar cur chuige é a bheidh bunaithe ar thuiscint níos fearr ar an ról a bhí ag an Aontais san am atá thart, atá aige faoi láthair agus a bheidh aige amach anseo mar ghníomhaí domhanda.

6.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Leis na dúshláin sin, téitear thar na teorainneach náisiúnta, agus ar an gcaoi sin bíonn gá le hanailísí comparáideacha níos casta chun bonn a fhorbairt ar a bhféadfar beartais náisiúnta agus beartais Eorpacha a thuiscint níos fearr. Ba cheart go dtabahrfadh anailísí comparáideacha den sórt sin aghaidh ar shoghluaisteacht (soghluaisteacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil ach inniúlachtaí, eolas agus smaointe freisin) agus foirmeacha den chomhar institiúideach, idirghníomhaíochtaí idirchultúrtha agus comhoibriú idirnáisiúnta. Mura mbíonn tuiscint níos fearr ar na dushláin sin agus réamh-mheastáchán déanta ina leith, bíonn brú ar thíortha Eorpacha dul san iomaíocht lena chéile seachas comhoibriú de thairbhe fórsaí an domhandaithe, agus ar an gcaoi sin bíonn béim ar éagsúlachtaí san Eoraip seachas comóntachtaí agus cothromaíocht cheart a bheith idir an comhar agus an iomaíocht. Má théitear i ngleic ar an leibhéal náisiúnta amháin le saincheisteanna ríthábhachtacha, lena n-áirítear saincheisteanna socheacnamaíocha, bíonn contúirt ann go ndéanfar acmhainní a úsáid go neamhéifeachtúil, fadhbanna a sheachtrú chuig tíortha Eorpacha agus neamh-Eorpacha eile agus aibhsiú ar theannais shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla a fhéadfaidh cur isteach go díreach ar aidhmeanna na gConarthaí i dtaca lena chuid luachanna, go háirithe Teideal I den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

D'fhonn sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach a thuiscint, a anailísiú agus a thógáil, tá freagairt ag teastáil ón Eoraip lena scaoilfear acmhainn na smaointe roinnte do thodhchaí na hEorpa chun eolas nua, teicneolaíochtaí nua agus cumais nua a chruthú. Le coincheap na sochaithe cuimsitheacha, aithnítear gur neart Eorpach é an éagsúlacht sa chultúr, i réigiúin agus i suíomhanna socheacnamaíocha. Is gá an éagsúlacht Eorpach a iompú ina foinse nuálaíochta agus forbartha. Cuideoidh an dianiarracht sin leis an Eoraip dul i ngleic lena dúshláin ní amháin ar bhonn inmheánach ach mar ghníomhaí domhanda ar an ardán idirnáisiúnta. Is amhlaidh a bheidh an dianiarracht sin, ar an gcaoi sin, ina cúnamh do Bhallstáit tairbhe a bhaint as eispéiris in áiteanna eile agus ligean dóibh a ngníomhaíochtaí sonracha féin a chomhfhreagraíonn dá gcomhthéacsanna faoi seach a shainiú.

Dá bhrí sin, beidh cothú modhanna nua comhair idir tíortha laistigh den Aontas agus idir tíortha ar fud an domhain, agus ar fud na bpobal taighde agus nuálaíochta ábhartha ina thasc lárnach i gcomhthéacs an dúshláin sin. Saothrófar, ar bhonn rianúil, tacú le próisis nuálaíochta sóisialta, gníomhaíochtaí chun riarachán poiblí cliste agus rannpháirteach a spreagadh, chomh maith le cabhrú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise agus chun é a chur chun cinn d’fhonn ábharthacht na ngníomhaíochtaí sin go léir a fheabhsú le haghaidh lucht déanta beartais, gníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha agus le haghaidh saoránach. Beidh taighde agus nuálaíocht ina réamhchoinníoll maidir le hiomaíochas na ngnólachtaí agus na seirbhísí Eorpacha agus tabharfar aird ar leith ar an inbhuanaitheacht, ar an oideachas a chur chun cinn, ar an bhfostaíocht a mhéadú, agus ar an mbochtaineacht a laghdú.

Ar an gcaoi sin, tacóidh cistiú an Aontais i gcomhthéacs an dúshláin sin le forbairt, le cur chun feidhme agus le hoiriúnú phríomhbheartais an Aontais, eadhon cuspóirí straitéis Eoraip 2020. Déanfaidh sé comhéadan, mar is iomchuí, le Comhthionscnaimh Chlárúcháin, lena n-áirítear "Oidhreacht Chultúrtha", "Fad Saoil, Scoth Saoil" agus "An Eoraip Uirbeach" agus rachfar i mbun comhordaithe le gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

6.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

6.3.1.   Sochaithe cuimsitheacha

Is í an aidhm tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe i sochaí na hEorpa agus a n-iarmhairt ar an gcomhtháthú sóisialta, agus cuimsiú sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil agus dinimic dhearfach idirchultúir san Eoraip agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta a anailísiú agus a fhorbairt, trí bhíthin eolaíocht ar thús cadhnaíochta agus idirdhisciplíneachta, dul chun cinn teicneolaíoch agus nuálaíochtaí eagrúcháin. Áirítear, inter alia, an imirce, an comhtháthú, an t-athrú déimeagrafach, sochaí atá ag dul in aois agus míchumais, an t-oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar na príomhdhúshláin nach mór dul i ngleic leo maidir le samhlacha Eorpacha don chomhtháthú sóisialta agus d'fholláine an duine, chomh maith le laghdú na bochtaineachta agus an t-eisiamh sóisialta, agus na saintréithe éagsúla réigiúnacha agus cultúrtha á gcur san áireamh.

Tá príomhról anseo ag an taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí toisc go ndéantar iniúchadh leosan thar am agus thar spás agus féadfar iniúchadh a dhéanamh leo ar an todhchaí a thuarfaí. Tá stair mhór roinnte ag an Eoraip sa chomhar agus sa choinbhleacht araon. Cuirtear inspioráid agus deiseanna ar fáil lena caidreamh cultúrtha dinimiciúil. Tá gá le taighde chun féiniúlachta agus muintearas a thuiscint sna pobail, sna réigiúin agus sna náisiúin. Tacóidh an taighde le lucht déanta beartas chun beartais a dhearadh chun fostaíocht a chothú, chun bochtaineacht a chomhrac agus chun nach bhfaighidh na nithe seo leanas aon leathantas: cineálacha éagsúla scoilteanna, coinbhleacht agus eisiamh polaitiúil agus sóisialta, leithcheal agus míchothromaíochtaí, amhail míchothromaíochtaí inscne agus míchothromaíochtaí ó ghlúin go glúin, leithcheal mar gheall ar mhíchumas nó ar bhunús eitneach nó scoilteanna digiteacha nó nuálaíochta, i sochaithe Eorpacha agus i réigiúin eile an domhain. Cuirfidh sé go háirithe le cur chun feidhme agus le hoiriúnú na straitéise “Eoraip 2020” agus le gníomhaíocht sheachtrach ghinearálta an Aontais.

Díreofar sna gníomhaíochtaí ar an méid a leanas a thuiscint agus a chothú nó a chur chun feidhme:

(a) 

na sásraí chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn;

(b) 

na heagraíochtaí, na cleachtais, na seirbhísí agus na beartais a bhfuiltear muiníneach astu agus atá riachtanach chun sochaithe athléimneacha, cuimsitheacha, rannpháirteacha, oscailte agus cruthaitheacha a thógáil san Eoraip, go háirithe trí imirce, comhtháthú agus athrú déimeagrafach a chur san áireamh;

(c) 

Ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda go háirithe maidir le cearta an duine agus ceartas domhanda;

(d) 

timpeallachtaí inbhuanaithe, cuimsitheacha a chur chun cinn tríd an bpleanáil agus dearadh nuálaíoch spásúil agus uirbeach.

6.3.2.   Sochaithe cuimsitheacha

Is é an aidhm forbairt sochaithe nuálacha agus beartas san Eoraip a chothú trí bhíthin teagmháil a choimeád le saoránaigh, le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le fiontair agus le húsáideoirí lena mbaineann taighde agus nuálaíocht agus beartais taighde agus nuálaíochta chomhordaithe a chur chun cinn i gcomhthéacs an domhandaithe agus an ghá atá ann na caighdeáin eiticiúla is airde a chur chun cinn. Cuirfear tacaíocht faoi leith ar fáil chun an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt agus creatchoinníollacha le haghaidh nuálaíochta a fhorbairt.

Is foinse mhór cruthaíochta agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht ó thaobh an ghnó, na hearnála poiblí agus na nuálaíochta sóisialta, é eolas cultúrtha agus sochaíoch. I mórán cásanna, freisin, gabhann nuálaíochtaí atá dírithe ar an úsáideoir agus nuálaíochtaí sóisialta roimh fhorbairt na dteicneolaíochtaí nuálaíocha, na seirbhísí agus na bpróiseas eacnamaíoch. Is acmhainn iontach iad na tionscail chruthaitheacha chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha agus le hiomaíochas. Siocair go bhfuil na hidirghaoil idir nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch casta, agus nach minic a bhíonn siad líneach, tá gá le tuilleadh taighde, lena n-áirítear taighde trasearnálach agus ildisciplíneach i ndáil leis an bhforbairt a dhéantar ar gach cineál nuálaíochta agus gníomhaíochta a mhaoinítear chun go spreagfar forbairt éifeachtach i leith na nuálaíochta sin sa todhchaí.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a) 

an bunús fianaise agus an tacaíocht don tionscnamh suaitheantais 'Aontas Nuálaíochta' agus don Limistéar Eorpach Taighde a neartú;

(b) 

cineálacha nua nuálaíochta a iniúchadh, agus béim faoi leith á leagan ar nuálaíocht shóisialta agus ar chruthaitheacht shóisialta agus tuiscint a fháil ar an mbealach ina bhforbraítear gach cineál nuálaíochta, ina n-éiríonn leo nó ina dteipeann orthu;

(c) 

leas a bhaint as acmhainn nuálaíoch, chruthaitheach, tháirgiúil gach glúine:

(d) 

comhar comhleanúnach, éifeachtach le tríú tíortha a chur chun cinn.

6.3.3.   Sochaithe machnamhacha – oidhreacht chultúrtha agus féiniúlacht Eorpach

Tá sé mar aidhm rannchuidiú le tuiscint a fháil ar bhunús intleachtúil na hEorpa: ar an stair a bhaineann léi agus ar na tionchair fhlúirseacha Eorpacha agus neamh-Eorpacha; mar inspioráid dár saol sa lá atá inniu ann. Is é príomhthréith na hEorpa pobail (lena n-áirítear mionlaigh agus daoine dúchasacha), traidisiúin agus féiniúlachtaí, idir réigiúnach agus náisiúnta, atá difriúil agus éagsúil óna chéile agus tá leibhéil dhifriúla san fhorbairt eacnamaíoch agus shochaíoch mar phríomhthréith di chomh maith. Leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht, leis na meáin, le tionscal agus iompar, cuirtear le héagsúlacht na dtuairimí agus na stíleanna maireachtála. Ba cheart aitheantas a thabhairt don éagsúlacht sin agus do na deiseanna a ghabhann leis.

Tá bailiúcháin Eorpacha i leabharlanna, i gcartlanna, lena n-áirítear i gcartlanna digiteacha, in iarsmalanna, i ngailearaithe agus in institiúidí poiblí eile ina bhfuil an t-uafás doiciméadachta agus rudaí ar féidir a scrúdú, ar doiciméadacht agus ar rudaí iad atá mórthaibhseach agus nár baineadh leas ceart astu go fóill. Léirítear stair na mBallstát aonair leis na hacmhainní cartlainne sin agus le hoidhreacht dholáimhsithe freisin, agus léirítear freisin comhoidhreacht Aontais a tháinig chun cinn in imeacht na mblianta. Ba cheart go mbeadh rochtain ag taighdeoirí agus ag saoránaigh ar ábhair den chineál sin, trí theicneolaíochtaí nua freisin, chun go mbeidh siad in ann amharc chun tosaigh trí chartlann an ama a chuaigh thart. Tá inrochtaineacht agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha sna foirmeacha sin ag teastáil do bheocht na ngníomhaíochtaí maireachtála laistigh de chultúir Eorpacha agus tharstu agus cuirtear le fás inbhuanaithe eacnamaíoch leo.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a) 

scrúdú a dhéanamh ar oidhreacht, ar chuimhne, ar fhéiniúlacht, ar chomhtháthú agus ar chaidreamh cultúrtha agus aistriú, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar a léirítear faoin méid sin i mbailiúcháin chultúrtha agus eolaíocha, i gcartlanna cultúrtha agus eolaíocha agus in iarsmalanna cultúrtha agus eolaíocha, chun tuiscint níos fearr a sholáthar don lá atá inniu ann trí léirmhínithe níos saibhre a dhéanamh ar an aimsir chaite.

(b) 

taighde ar stair, ar litríocht, ar ealaín, ar fhealsúnacht agus ar reiligiúin thíortha agus réigiúin na hEorpa agus ar an tionchar a bhí acusan ar an éagsúlacht Eorpach mar atá sa lá atá inniu ann.

(c) 

taighde ar ról na hEorpa sa domhan, ar an tionchar frithpháirteach agus ar na ceangail idir réigiúin an domhain, agus dearcadh ón taobh amuigh ar chultúir na hEorpa.

7.    Sochaithe Slána – 'Saoirse agus Slándáil na Heorpa agus a Cuid Saoránach a Chosaint'

7.1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach sochaithe Eorpacha a chothú nuair atá claochlaithe ag tarlú nach bhfacthas a samhail riamh cheana agus fás ag teacht ar idirthuilleamaíocht dhomhanda agus ar bhagairtí domhanda, agus an cultúr Eorpach na saoirse agus an cheartais a neartú ag an am céanna.

Ní dhearnadh an Eoraip a chomhdhlúthú ar bhealach chomh síochánta riamh agus tá an leibhéal slándála atá ag saoránaigh Eorpacha ard i gcomparáid le codanna eile den domhan. Maireann leochaileacht na hEorpa i gcónaí, áfach, i gcomhthéacs domhandú atá ag síormhéadú ina bhfuil bagairtí agus dúshláin slándála atá ag éirí níos mó agus níos sofaisticiúla os comhair na sochaithe.

Tháinig laghdú ar an mbagairt a ghabhann le hionsuithe míleata ar mhórscála agus dírítear imní slándála ar bhagairtí nua ilghnéitheacha, idirghaolmhara agus trasnáisiúnta. Ní mór gnéithe amhail cearta an duine, díghrádú an chomhshaoil, cobhsaíocht pholaitiúil agus an daonlathas, saincheisteanna sóisialta, féiniúlacht chultúrtha agus reiligiúnach nó an imirce a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá gnéithe inmheánacha agus gnéithe seachtracha na slándála fite fuaite go dlúth lena chéile. Éilíonn an tAontas freagairtí éifeachtacha, agus réimse cuimsitheach agus nuálach ionstraimí slándála á úsáid le saoirse agus slándáil a chosaint. Féadfaidh ról soiléir tacaíochta a bheith ag an taighde agus ag an nuálaíocht cé nach bhféadfar slándáil a ráthú leis an méid sin ann féin. Ba cheart go ndíreofaí le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar bhagairtí slándála a thuiscint, a bhrath, a chosc, a dhíspreagadh agus ullmhú in aghaidh na mbagairtí sin agus cosaint a thabhairt ina n-éadan. Thairis sin, tugtar dúshláin bhunúsacha le slándáil nach bhféadfar a réiteach le láimhseáil neamhspleách, atá sonrach don earnáil, ach a bhfuil cur chuige níos uaillmhianaí, níos comhordaithe agus níos iomlánaíche ag teastáil ina leith.

Is iomaí cineál easpa sábháilteachta, cibé mar gheall ar an gcoireacht, ar an bhforéigean, ar an sceimhlitheoireacht, ar thubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, ar chibearionsaithe, ar mhí-úsáid príobháideachais agus ar chineálacha eile mí-oird shóisialta agus eacnamaíoch atá ag dul i gcion níos mó agus níos mó ar shaoránaigh.

De réir na meastachán, is dócha go mbeidh suas le 75 milliún íospartach díreach coireachta gach bliain san Eoraip ( 30 ). Measadh gurbh é EUR 650 billiún an costas díreach a bhí ag an gcoireacht, ag an sceimhlitheoireacht, ag gníomhaíochtaí mídhleathacha, ag an bhforéigean agus ag tubaistí san Eoraip in 2010, rud ab ionann agus thart faoi 5 % de OTI an Aontais. Léiríodh torthaí marfacha na sceimhlitheoireacht i gcodanna éagsúla den Eoraip agus ar fud na cruinne, cailleadh a lán daoine agus bhí cailliúintí móra eacnamaíocha ann mar gheall ar an sceimhlitheoireacht freisin. Ba shuntasach an tionchar cultúrtha agus domhanda a bhí aici freisin.

Bíonn baint níos mó i gcónaí ag saoránaigh, ag gnólachtaí agus ag institiúidí le hidirghníomhaíochtaí agus le hidirbhearta digiteacha sna réimsí sóisialta, airgeadais agus tráchtála den saol ach tarlaíonn cibearchoireanna ar fiú na billiúin Euro iad gach bliain, cibearionsuithe ar bhonneagar criticiúil agus sáraítear príobháideacht daoine aonair agus eintitis ar fud na mór-roinne de bharr fhorbairt an Idirlín. Má bhíonn athruithe ar chineál na neamhshláine agus ar na tuairimí atá ann ina leith sa saol laethúil, tá an seans ann go ndéanfar difear leis an méid sin don mhuinín atá ag na saoránaigh, ní hamháin as institiúidí ach as a chéile freisin.

Ionas nach dtiocfaí aniar aduaidh orainn leis na bagairtí sin agus chun iad a chosc agus a bhainistiú, is gá na cúiseanna atá taobh thiar dóibh a thuiscint, teicneolaíochtaí nuálacha, réitigh nuálacha, uirlisí fadbhreathnaitheacha agus eolas a fhorbairt, an comhar idir soláthraithe agus úsáideoirí a chothú, réitigh slándála sibhialta a aimsiú, cur lena iomaíche atá na tionscail agus na seirbhísí Eorpacha sin a bhaineann le slándáil, lena n-áirítear TFC, agus mí-úsáid na príobháideachta agus sáruithe ar chearta an duine san Idirlíon a chosc agus a chomhrac, agus cearta aonair agus saoirse á n-áirithiú do shaoránaigh na hEorpa ag an am céanna.

Ba cheart níos mó airde a thabhairt ar idir-inoibritheacht agus ar chaighdeánú chun feabhas a chur ar chomhar trasteorann níos fearr idir na cineálacha éagsúla seirbhísí slándála.

Mar fhocal scoir, ós rud é gur cheart go mbeadh idirghníomhaíocht idir beartais slándála agus beartais shóisialta éagsúla, gné thábhachtach den dúshlán sochaíoch seo is ea gné shochaíoch an taighde slándála a bhreisiú.

Caithfidh urraim do luachanna bunúsacha amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta a bheith mar bhonn d'aon ghníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an dúshláin sin chun go gcuirfear slándáil ar fáil do shaoránaigh Eorpacha.

7.2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá ar an Aontas agus ar a shaoránaigh, ar a thionscail agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar réimse bagairtí slándála amhail an choireacht, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil aindleathach agus móréigeandálaí mar thoradh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dheantús an duine. D'fhéadfadh gur bagairtí thar theorainneacha a bheadh sna bagairtí sin agus go mbeidís dírithe ar spriocanna fisiciúla nó ar an gcibearspás agus go mbeadh ionsaithe á ndéanamh ó fhoinsí éagsúla. Le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise nó cumarsáide de chuid na n-údarás poiblí nó de chuid na n-eintiteas príobháideach mar shampla, ní amháin go mbaintear an bonn den mhuinín atá ag na saoránaigh i gcórais faisnéise agus chumarsáide agus go mbíonn caillteanais dhíreacha airgeadais mar thoradh orthu agus go gcailltear deiseanna gnó, ach d'fhéadfadh go ndéanfaí an-difear leo do bhonneagar fíorthábhachtach agus do sheirbhísí fíorthábhachtacha amhail an fuinneamh, an eitlíocht agus iompar eile, soláthar uisce agus bia, an tsláinte an t-airgeadas nó an teileachumarsáid.

Leis na bagairtí sin, d'fhéadfadh go gcuirfí bunsraitheanna inmheánacha ár sochaí i gcontúirt. Leis an teicneolaíocht agus an dearadh cruthaitheach, féadfar rannchuidiú go mór le freagairt ar bith atá le déanamh. Mar sin féin, ba cheart réitigh nua a fhorbairt agus a iomchuí atá na bealaí agus a leordhóthanaí atá siad don éileamh sochaíoch á gcur san áireamh ag an am céanna, go háirithe i dtéarmaí ráthaíochtaí i leith chearta agus shaoirsí bunúsacha na saoránach.

Ar deireadh, léirítear dúshlán ollmhór eacnamaíoch leis an tslándáil freisin, nuair a áirítear sciar na hEorpa den mhargadh slándála domhanda atá ag fás go mear. Agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag bagairtí áirithe ar sheirbhísí, ar ghréasáin nó ar ghnólachtaí á chur san áireamh, tá an leas a bhainfear as réitigh shlándála leordhóthanacha ríthábhachtach i gcás an gheilleagair agus i gcás iomaíochas monaraíochta na hEorpa. Tá comhar idir na Ballstáit agus freisin comhar le tríú tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid den dúshlán sin.

Ar an gcaoi sin tacóidh cistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais i gcomhthéacs an dúshláin shochaíoch sin le forbairt, le cur chun feidhme agus le hoiriúnú phríomhbheartais an Aontais, eadhoncuspóirí straitéis Eoraip 2020, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus Straitéis Slándála Inmheánach an Aontais agus an tionscaimh suiatheanta "an Clár Oibre Digiteach don Eoraip". Rachfar i mbun comhordaithe le gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

7.3.    Dul na ngníomhaíochtaí

Is é an aidhm tacú le beartais an Aontais maidir le slándáil inmheánach agus sheachtrach agus cibearshlándáil, iontaoibh agus príobháideacht sa Mhargadh Aonair Digiteach a áirithiú, agus ag an am céanna iomaíochas tionscal agus sheirbhísí slándála an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear TFC. Díreofar leis na gníomhaíochtaí ar thaighde agus ar fhorbairt na chéad ghlúine eile de réitigh nuálacha, trí oibriú ar choincheapa agus ar dhearaí núíosacha, agus trí chaighdeáin idir-inoibritheacha. Déanfar é sin trí theicneolaíochtaí agus réitigh nuálaíocha a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar bhearnaí slándála agus lena laghdófar an baol ó bhagairtí slándála.

Déanfar éilimh na n-úsáideoirí deiridh éagsúla (saoránaigh, gnóthaí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta aguslucht riaracháin, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus údaráis idirnáisiúnta, lucht cosainta sibhialta, lucht forghníomhaithe dlí, gardaí teorann, etc.) a chomhtháthú trí bhíthin na ngníomhaíochtaí misean-dírithe sin d’fhonn éabhlóid na mbagairtí slándála agus chosaint na príobháideachta agus na ngnéithe sochaíocha riachtanacha a chur san áireamh.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a) 

an choireacht, an gháinneáil aindleathach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-áirítear dul i ngleic le hidéanna agus le creidiúntí sceimhlitheoireachta agus iad a thuiscint.

(b) 

stóinseacht na mbonneagar fíorthábhachtach, na slabhraí soláthair agus na modhanna iompair a chosaint agus a fheabhsú,

(c) 

slándáil a neartú trí bhainistiú teorann;

(d) 

cibearshlándáil a fheabhsú;

(e) 

stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus tubaistí a mhéadú;

(f) 

an phríobháideacht agus an tsaoirse a áirithiú, lena n-áirítear ar an Idirlíon, agus feabhas a chur ar thuiscint shochaíoch, dhíthiúil agus eiticiúil réimsí uile na slándála, an riosca agus an bhainistithe.

(g) 

feabhas a chur ar chaighdeánú agus ar idir-inoibritheacht na gcóras, lena n-áirítear chun críoch éigeandála;

(h) 

tacú le beartais slándála seachtracha an Aontais, lena n-áirítear cosc ar choinbhleacht agus cothú na síochána.

CUID IV

SÁRMHAITHEAS A LEATHNÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT A ARDÚ

1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú go hiomlán agus a áirithiú go mbainfear an leas is fearr as sochair gheilleagair atá faoi thionchar na nuálaíochta agus go scaipfear iad ar fud an Aontais i gcomhréir le prionsabal na sármhaitheasa.

In ainneoin na treochta a bhí ann le déanaí feidhmíocht nuálach tíortha aonair agus réigiún a chomhtháthú, tá éagsúlachtaí móra ann i gcónaí i measc na mBallstát. Thairis sin, trí shrian a chur ar bhuiséid náisiúnta, tá an baol ann go ndéanfar bearnaí a leathnú leis an ngéarchéim airgeadais atá ann faoi láthair. Ó thaobh iomaíochas na hEorpa agus inniúlacht na hEorpa aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha san am atá le teacht, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú agus go leathnófaí na leasanna a ghabhann le nuálaíocht ar fud an Aontais.

2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Caithfidh an Eoraip an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil san Aontas agus acmhainneacht taighde agus nuálaíochta nár úsáideadh fós a shaothrú chun go ndéanfar dul chun cinn go dtí sochaí inbhuanaithe, cuimsitheach agus cliste.

Trí stóir shármhaitheasa a chothú agus a nascadh, cabhrófar tríd na gníomhaíochtaí a bheartaítear le LET a neartú.

3.    Dul na nGníomhaíochtaí

Trí ghníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh, éascófar leathnú na sármhaitheasa agus na rannpháirtíochta trí na gníomhaíochtaí a leanas:

— 
Institiúidí sármhaithe taighde agus réigiúin bheagfheidhmíochta Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta a chur le chéile, agus é mar aidhm ionaid nua sármhaitheasa a chruthú (nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar ionaid atá ann cheana) i mBallstáit agus i réigiúin bheagfheidhmíochta Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta.
— 
Institiúidí taighde a nascadh agus é mar aidhm réimse sainithe taighde in institiúid atá ag teacht chun cinn a neartú go mór trí naisc le dhá institiúid cheannródaíocha idirnáisiúnta ar a laghad i réimse sainithe.
— 
Cathaoirligh ar an Limistéar Eorpach Taighde a bhunú le fir agus mná léinn ar fheabhas a mhealladh chuig institiúidí a mbeidh acmhainneacht shoiléir acu do shármhaitheas taighde, chun go gcabhrófar leis na hinstitiúidí sin an acmhainneacht sin a shaothrú ina iomláine agus chun go gcruthófar cothromaíocht do thaighde agus do nuálaíocht i LET. Ba cheart féachaint ar shineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíochtaí.
— 
Saoráid Tacaíochta Beartais le feabhas a chur ar cheapadh, ar chur chun feidhme agus ar luacháil na mbeartas náisiúnta/réigiúnach taighde agus nuálaíochta.
— 
Tacú le rochtain ar na gréasáin idirnáisiúnta do thaighdeoirí agus do nuálaithe thar barr nach bhfuil rannpháirteach go leor i ngréasáin Eorpacha ná i ngréasáin idirnáisiúnta, COST san áireamh.
— 
Inniúlacht riaracháin agus oibríochtúil ghréasáin trasnáisiúnta na bPointí Náisiúnta Teagmhála a neartú, lena n-áirítear trí oiliúint, ionas go mbeifear in ann tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do rannpháirtithe ionchasacha leo.

CUID V

EOLAÍOCHT i gCOMHAR LEIS AN tSOCHAÍ AGUS DON tSOCHAÍ

1.    Cuspóir sonrach

Tá sé mar aidhm comhar éifeachtach a chothú idir eolaíocht agus an tsochaí, daoine sárchumasacha a earcú le haghaidh na heolaíochta agus sármhaitheas eolaíoch a nascadh le feasacht shóisialta agus le freagracht shóisialta.

2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Braitheann neart an chórais Eorpaigh eolaíochta agus teicneolaíochta ar a acmhainneacht leas a bhaint as éirim agus as smaointe is cuma cibé áit ina bhfuil siad. Ní bhainfear sin amach mura mbeidh idirphlé tairbheach agus saibhir ann idir an eolaíocht agus an tsochaí le heolaíocht níos freagraí a áirithiú agus le go bhféadfar beartais a fhorbairt a bheidh níos ábhartha do shaoránaigh. Tháinig ardú ar líon na saincheisteanna tábhachtacha eiticiúla, dlíthiúla agus sóisialta a bhfuil tionchar acu ar an ngaol idir an eolaíocht agus an tsochaí leis an dul chun cinn mear atá déanta i dtaighde comhaimseartha agus i nuálaíocht chomhaimseartha eolaíocha. Saincheist ríthábhachtach, a rinneadh a ghéarú go mór leis an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair is ea feabhas a chur ar an gcomhar idir an eolaíocht agus an tsochaí chun go bhféadfar an tacaíocht shóisialta agus pholaitiúil a thugtar don eolaíocht agus don teicneolaíocht a leathnú i ngach Ballstát. Éilítear le hinfheistíocht phoiblí san eolaíocht toghlach leathan sóisialta agus polaitiúil lena roinntear luachanna na heolaíochta, ar toghlach é a bheidh oilte agus gafa le próisis na heolaíochta agus in ann a mhéid a chuirtear le heolas, leis an tsochaí agus le dul chun cinn eacnamaíoch de bharr na heolaíochta a aithint.

3.    Dul na nGníomhaíochtaí

Is mar a leanas a bheidh fócas na ngníomhaíochtaí:

(a) 

gairmeacha eolaíocha agus teicneolaíocha a dhéanamh níos mealltaí do mhic léinn agus daltaí óga, agus idirghníomhaíocht inbhuanaithe a chothú idir scoileanna, institiúidí taighde, an tionsclaíocht agus eagraíochtaí na sochaí sóisialta;

(b) 

comhionannas inscne a chur chun cinn go háirithe trí thacú le hathruithe struchtúracha ó thaobh eagrú na n-institiúidí taighde de agus ó thaobh ábhar agus ceapadh na ngníomhaíochtaí taighde de;

(c) 

an tsochaí a lánpháirtiú i saincheisteanna, i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí eolaíochta agus nuálaíochta le leasanna agus luachanna na saoránach a chomhtháthú agus le go gcuirfear le cáilíocht, ábharthacht, inghlacthacht shóisialta agus inbhuanaitheacht na dtorthaí taighde agus nuálaíochta sna réimsí gníomhaíochta éagsúla idir nuálaíocht shóisialta agus réimsí amhail an bhith-theicneolaíocht agus an nanaitheicneolaíocht;

(d) 

saoránaigh a spreagadh dul i mbun na heolaíochta trí oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil eolaíochta, agus trí leathadh gníomhaíochtaí eolaíochtbhunaithe a chur chun cinn, eadhon in ionaid eolaíochta agus ar bhealaí iomchuí eile;

(e) 

inrochtaineacht agus an úsáid a bhaintear as na torthaí a bheidh ar thaighde a mhaoinítear go poiblí a fhorbairt.

(f) 

rialachas a fhorbairt le go gcuirfidh na páirtithe leasmhara uile (taighdeoirí, na húdaráis phoiblí, tionscal agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta) taighde freagrach agus nuálaíocht fhreagrach chun cinn, a bheidh íogair ó thaobh riachtanais agus éilimh na sochaí de; creat eitice a chur chun cinn do thaighde agus do nuálaíocht;

(g) 

réamhchúraim chuí agus chomhréireacha a dhéanamh i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trí na tionchair ar an gcomhshaoil, ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht a d'fhéadfadh a bheith ann a réamh-mheas agus a mheasúnú;

(h) 

feabhas a chur ar eolas maidir le cumarsáid eolaíochta le go gcuirfear feabhas ar cháilíocht agus ar éifeachtacht na n-idirghníomhaíochtaí idir eolaithe, na meáin i gcoitinne agus an pobal.

CUID VI

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN AIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE (JRC)

1.    Cuspóir Sonrach

Is é an cuspóir sonrach tacaíocht theicniúil agus eolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil do bheartais an Aontais agus freagairt go solúbtha ar éilimh ar bheartais nua.

2.    Réasúnaíocht Agus Breisluach An Aontais

Tá clár oibre beartais sainithe ag an Aontas go dtí 2020 lena ndéanfar freastal ar shraith dúshlán casta agus idirnasctha, amhail bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus an t-iomaíochas. D’fhonn dul i ngleic go rathúil leis na dúshláin sin, tá fianaise eolaíoch stóinsithe de dhíth lena mbainfidh disciplíní eolaíocha éagsúla agus lena gcumasófar measúnú iontaofa ar roghanna beartais. Déanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, agus a ról mar sheirbhís eolaíochta maidir le ceapadh beartais an Aontais á chomhlíonadh aige, an tacaíocht eolaíoch agus theicniúil riachtanach a chur ar fáil ar feadh gach céim den timthriall ceaptha beartais, ó cheapadh go cur chun feidhme agus go measúnú. Chun cur leis an gcuspóir conrach sin, díreoidh sé a thaighde go soiléir ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus inniúlachtaí trasnaí agus comhar leis na Ballstáit á bhfeabhsú aige ag an am céanna.

Cuireann neamhspleáchas an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ó leasanna speisialta, mar aon lena ról tagartha eolaíoch teicniúil, lena chumas an cothú comhdhearcaidh atá riachtanach idir páirtithe leasmhara agus lucht ceaptha beartas a éascú. Baineann Ballstáit agus saoránaigh an Aontais tairbhe as taighde an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, atá ríléir i réimsí amhail an tsláinte agus cosaint tomhaltóirí, an comhshaol, an tsábháilteacht agus an tslándáil, agus bainistiú géarchéimeanna agus tubaistí.

Ar dhóigh níos sonraí, bainfidh na Ballstáit agus na réigiúin tairbhe chomh maith as an tacaíocht a thabharfar dá Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste.

Tá an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ina dhlúthchuid den Limistéar Eorpach Taighde agus tacóidh sé go gníomhach i gcónaí lena fheidhmithe trí dhlúthchomhar le piaraí agus le páirtithe leasmhara, rochtain ar a shaoráidí a uasmhéadú agus trí thaighdeoirí a chur faoi oiliúint agus trí dhlúthchomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta a mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú acu. Cuirfidh sé sin freisin le lánpháirtiú na mBallstát nua agus na dTíortha Comhlachaithe; i dtaca leis na tíortha sin, cuirfidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde cúrsaí oiliúna eolaíocha agus teicniúla tiomanta ar fáil i gcónaí maidir le corpas dlí an Aontais. Bunóidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde naisc le cuspóirí sonracha ábhartha eile Fís 2020. I gcáil comhlánaithe ar a ghníomhaíochtaí díreacha agus ar mhaithe le tuilleadh comhtháthaithe agus líonraithe sa Limistéar Eorpach Taighde, d’fhéadfadh an Limistéar Eorpach Taighde rannpháirtiú i ngníomhaíochtaí indíreacha Fís 2020 agus in ionstraimí comhordaithe i réimsí ina bhfuil an saineolas ábhartha aige breisluach Aontais a tháirgeadh.

3.    Dul na nGníomhaíochtaí

Díreofar gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde i Fís 2020 ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar na dúshláin shochaíocha a dtabharfaidh siad aghaidh orthu. Tá na gníomhaíochtaí seo ar chomhréim le cuspóirí straitéis Eoraip 2020, agus leisna ceannteidil:"an tSlándáil agus an tSaoránacht" agus "an Eoraip Dhomhanda" sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. do 2014-2020.

Fuinneamh, iompar, an comhshaol agus athrú aeráide, an talmhaíocht agus sábháilteacht an tsoláthair bia, an tsláinte agus cosaint tomhaltóirí, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ábhair thagartha, agus an tsábháilteacht agus an tslándáil (lena n-áirítear an tsábháilteacht núicléach agus an tslándáil núicléach i gclár Euratom) a bheidh mar phríomhréimsí inniúlachta an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Na gníomhaíochtaí sna réimsí sin a dhéanfar san Airmheán Chomhpháirteach Taighde, seolfar iad agus aird á tabhairt ar thionscnaimh ábhartha ar leibhéal na réigiún, ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, i gcomhthéacs LET a mhúnlú.

Feabhsaítear na limistéir inniúlachta sin go suntasach le cumais chun dul i ngleic leis an timthriall beartais iomlán agus chun roghanna beartais a mheasúnú. Áirítear air sin

(a) 

réamh-mheas agus fadbhreathnaitheacht - faisnéis straitéiseach réamhghníomhach maidir le treochtaí agus le himeachtaí i dtaca leis an eolaíocht, leis an teicneolaíocht agus leis an an tsochaí agus lena n-impleachtaí féideartha le haghaidh beartas poiblí.

(b) 

eacnamaíocht - le haghaidh seirbhíse comhtháite ina gcuimsítear na gnéithe eolaíocha agus teicniúla mar aon leis na gnéithe maicreacnamaíocha.

(c) 

samhaltú - díriú ar inbhuanaitheacht agus ar eacnamaíocht agus ar mhaolú spleáchas an Choimisiúin ar sholáthraithe seachtracha le haghaidh anailís ríthábhachtach ar chnámha scéil.

(d) 

anailís beartais - imscrúdú trasearnálach ar roghanna beartais a chumasú.

(e) 

measúnú tionchair - fianaise eolaíoch a chur ar fáil chun tacú le roghanna beartais.

Leanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde den tsármhaitheas i dtaighde agus de chaidreamh forleathan a shaothrú le hinstitiúidí taighde mar bhunús chun tacaíocht eolaíoch agus theicniúil, a bheidh inchreidte agus stóinsithe, a thabhairt i leith beartas. Chuige sin, neartóidh sé comhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, inter alia trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha. Déanfaidh sé taighde taiscéalaíoch fosta agus inniúlachtaí a fhorbairt i réimsí éiritheacha ar bhonn roghnach atá ábhartha do bheartas.

Díreoidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an méid seo a leanas:

3.1.    Eolaíocht den scoth

Taighde a dhéanamh chun an bonn fianaise eolaíoch a fheabhsú le haghaidh beartais a cheapadh agus iniúchadh a dhéanamh ar réimsí éiritheacha na heolaíochta agus na teicneolaíochta, lena n-áirítear clár taighde taiscéalaíoch.

3.2.    Ceannaireacht thionsclaíoch

Rannchuidiú le hiomaíochas Eorpach trí thacaíocht a thabhairt don phróiseas caighdeánaithe agus do chaighdeáin trí thaighde réamhnormatach, trí thomhais tagartha agus ábhair thagartha a fhorbairt, agus trí mhodheolaíochtaí i gcúig réimse fhócasacha (fuinneamh; iompar; an tionscnamh suiatheanta 'An Clár Oibre Digiteach don Eoraip'; an tslándáil agus an tsábháilteacht; cosaint tomhaltóirí a chomhchuibhiú. Measúnuithe sábháilteachta ar theicneolaíochtaí nua a thabhairt chun críche i réimsí amhail fuinneamh agus iompar agus sláinte agus cosaint tomhaltóirí. Rannchuidiú chun úsáid, caighdeánú agus bailíochtú teicneolaíochtaí agus sonraí spáis a éascú, go háirithe chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha.

3.3.    Dúshláin shochaíocha

(a)   An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine

Rannchuidiú le cosaint sláinte agus tomhaltóirí trí thacaíocht eolaíoch agus theicniúil i réimsí amhail bia, beatha, táirgí tomhaltóirí; an comhshaol agus an tsláinte; cleachtais diagnóiseach agus scagtha maidir le sláinte; agus cothú agus réimeanna bia.

(b)   Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre agus an bithgheilleagar

Tacú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartais talmhaíochta agus iascaigh na hEorpa agus faireachán orthu, lena n-áirítear sábháilteacht bia agus sábháilteacht an tsoláthair bia agus bithgheilleagar a fhorbairt trí bhíthin e.g. réamhaisnéisí táirgthe barr, anailísí teicniúla agus socheacnamaíocha agus samhaltú agus farraigí sláintiúla agus táirgiúla a chur chun cinn.

(c)   Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

Tacú le spriocanna aeráide agus fuinnimh 20/20/20 maidir le taighde ar ghnéithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha an tsoláthair fuinnimh, éifeachtúlachta, teicneolaíochtaí ísealcharbóin, agus líonraí tarchurtha fuinnimh/leictreachais.

(d)   Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

Tacú le beartas an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, sábháilte agus slán daoine agus earraí trí staidéir saotharlainne, trí shamhaltaithe agus trí chineálacha cur chuige faireacháin éagsúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun críocha iompair, amhail leictrithe, feithiclí glana agus éifeachtúla agus breoslaí malartacha, agus córais um shoghluaisteacht chliste.

(e)   Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair

Imscrúdú a dhéanamh ar na dúshláin thrasearnálacha maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar phríomhathróga comhshaoil agus creat samhaltaithe comhtháite a fhorbairt le haghaidh measúnú inbhuanaitheachta.

Tacú le héifeachtúlacht acmhainní, laghdaithe astaíochtaí agus soláthar inbhuanaithe amhábhar trí bhíthin measúnuithe sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha comhtháite ar phróisis táirgthe, ar theicneolaíochtaí agus ar tháirgí agus ar sheirbhísí atá glan ó thaobh an chomhshaoil de.

Tacú le cuspóirí bheartas forbartha an Aontais maidir le taighde chun cuidiú le soláthairtí imleora agus acmhainní imleora a áirithiú ag díriú ar fhaireachán ar pharaiméadair chomhshaoil agus acmhainne, ar anailísí a bhaineann le sábháilteacht bia agus sábháilteacht an tsoláthair bia, agus tarchur eolais.

(f)   An Eoraip i ndomhain atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána

Rannchuidiú agus faireachán ar chur chun feidhme an tionscnaimh shuaitheanta 'An tAontas Nuálaíochta' le hanailísí maicreacnamaíocha ar na spreagthaí agus ar na bacainní a bhaineann leis an taighde agus leis an nuálaíocht, agus modheolaíochtaí, scórchláir agus táscairí a fhorbairt.

Tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde (ERA) trí fhaireachán a dhéanamhar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus anailís a dhéanamh ar spreagthaí agus ar bhacainní maidir le cuid de na príomhghnéithe lena mbaineann; agus trí líonrú taighde, oiliúint, agus trí shaoráidí agus bhunachair shonraí JRC a chur ar fáil d’úsáideoirí i mBallstáit agus i dTíortha is iarrthóirí agus i dtíortha comhlachaithe.

Rannchuidiú le príomhchuspóirí an tionscnaimh shuaitheanta 'Clár Oibre Digiteach don Eoraip' trí anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar ghnéithe eacnamaíocha agus sóisialta (an Geilleagar Digiteach, an tSochaí Dhigiteach, an Saol Digiteach).

(g)   Sochaithe slána – Saoirse, slándáil agus na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint.

Tacú le sábháilteacht agus le slándáil inmheánach trí leochaileacht na mbonneagar criticiúil mar chomhpháirteanna ríthábhachtacha feidhmeanna sochaíocha a shainaithint agus a mheasúnú; agus trí mheasúnú feidhmíochta oibriúcháin agus trí mheasúnú sóisialta agus eiticiúil ar theicneolaíochtaí a bhaineann le céannacht dhigiteach; Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála domhanda lena n-áirítear bagairtí éiritheacha nó hibrideacha trí uirlisí sárfhorbartha a fhorbairt le haghaidh mianadóireachta agus anailíse agus le haghaidh bainistiú géarchéime.

Cumas an Aontais a fheabhsú maidir le tubaistí idir thubaistí nádúrtha agus thubaistí de dhéantús an duine a bhainistiú trí fhaireachán a dhéanamh ar na bonneagair agus trí fhorbairt a dhéanamh ar shaoráidí tástála agus ar réamhrabhadh ilghuaise domhanda agus ar chórais faisnéise bainistithe riosca a neartú, ag baint leasa as creataí breathnadóireachta satailít-bhunaithe le haghaidh an Domhain.

CUID VII

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)

1.    Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach triantán eolais an ardoideachais, na nuálaíochta agus an an taighde a chomhtháthú agus ar an gcaoi sin cumas nuálaíochta an Aontais a threisiú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

Tá roinnt laigí struchtúracha os comhair na hEorpa ó thaobh cumais nuálaíochta de agus an chumais seirbhísí, táirgí agus próisis nua achur ar fáil, rud a chuireann as don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus do chruthú post. I measc na bpríomh-shaincheisteanna atá i gceist, tá teist na hEorpa atá sách lag maidir le daoine éirimiúla a mhealladh agus a choimeád; tearcúsáid láidreachtaí taighde reatha maidir le luach eacnamaíoch nó sóisialta a chruthú; an easpa torthaí ar thaighde a thugtar chuig an margadh; leibhéil ísle ghníomhaíochta fiontraíochta agus mheoin; giaráil íseal na hinfheistíochta príobháidí i dTaighde & Forbairt, scála acmhainní, lena n-áirítear acmhainní daonna, i moil sármhaitheasa nach leor chun dul in iomaíocht ar bhonn domhanda; agus líon iomarcach bacainní ó thaobh comhair laistigh de thriantán an ardoideachais, na nuálaíochta agus an an taighde ar an leibhéal Eorpach.

2.    Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Más gá don Eoraip dul san iomaíocht ar scála idirnáisiúnta, ní mór na laigí struchtúracha sin a shárú. Tá na gnéithe a sainaithníteart thuas coitianta ar fud na mBallstát agus bíonn tionchar acu ar chumas nuálaíochta an Aontais ina iomláine.

Rachaidh EIT i ngleic leis na saincheisteanna sin trí athruithe struchtúracha a chur chun cinn i dtimpeallacht nuálaíochta na hEorpa. Déanfaidh sé é sin trí chomhtháthú an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chothú de réir na gcaighdeán is airde, go háirithe trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus timpeallachtaí nua a chruthú dá bhrí sin a chabhróidh le nuálaíocht, trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú gnóthaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí a spreagadh. Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh EIT go hiomlán le cuspóirí straitéis Eoraip 2020 agus go háirithe le cuspóirí thionscnaimh shuaitheanta an Aontais Nuálaíochta agus an Óige ag Bogadh.

Fairis sin, ba cheart don EIT agus dá chuid PENanna sineirgí agus caidreamh a chothú thar thosaíochtaí Fhís 2020 agus le tionscnaimh ábhartha eile. Go háirithe, cuirfidh an EIT, trí na PENanna le cuspóirí sonracha na tosaíochta "Dúshláin shochaíocha" agus leis an gcuspóir sonrach "An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha".

Oideachas agus fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le nuálaíocht

Is éard atá i ngné shonrach EIT ardoideachas agus fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le nuálaíocht mar naisc i slabhra nuálaíochta aonair ar fud an Aontais agus níos faide anonn, agus ba cheart go n-eascródh as sin, inter alia, ardú ar sheirbhísí, ar tháirgí agus ar phróisis nuálacha a thugtar chuig an margadh.

Loighic an ghnó agus cur chuige bunaithe ar thorthaí

Feidhmíonn EIT trí bhíthin a chuid PENanna i gcomhréir le loighic ghnó agus glactar cur chuige dírithe ar thorthaí léi. Is réamhriachtanas é ceannaireacht láidir: bíonn gach PEN faoi stiúir ag POF. Déanann einitis dlí aonair ionadaíocht thar ceann comhpháirtithe PEN chun cinnteoireacht níos cuíchóirithe a chumasú. Ní mór do PENanna pleananna gnó bliantúla a tháirgeadh a bheidh sainithe go soiléir, ina leagfar amach straitéis ilbhliantúil agus lena n-áireofar punann uaillmhianach gníomhaíochtaí idir oideachas agus cruthú gnó, lena mbainfidh spriocanna inghnóthaithe soiléire ag féachaint do thionchar ar bhonn margaidh agus sochaíoch. De thoradh na rialacha reatha maidir le PENanna a bhaineann le rannpháirtíocht, le meastóireacht agus le faireachán, bítear in ann mearchinntí sprioctha a dhéanamh. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag an lucht gnó agus ag fiontraithe agus na gníomhaíochtaí i PENanna a chur i gcrích agus ba cheart do PENanna a bheith in ann infheistíocht agus gealltanas fadtéarmach a fháil ó earnáil an ghnó.

Ilroinnt a shárú le cúnamh ó chomhpháirtíochtaí comhtháite fadtéarmacha

Is fiontair thar a bheith comhtháite iad PENanna EIT, trína ndéantar comhpháirtithe ó earnáil na tionsclaíochta lena n-áirítear FBManna, ó institiúidí ardoideachais, taighde agus teicneolaíochta, a bhfuil cáil na sármhaitheasa orthu, a thabhairt le chéile ar bhealach oscailte, cuntasach agus trédhearcach. Cuireann PENanna ar chumas comhpháirtithe ar fud an Aontais agus lasmuigh de teacht le chéile i gcumraíochtaí nua trasteorann, acmhainní reatha a bharrfheabhsú, rochtain a fháil ar dheiseanna gnó nua trí shlabhraí luacha nua ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin ardriosca ar mhórscála. Cuireann PENanna fáilte roimh rannpháirtíocht iontrálaithe nua a thugann breisluach don chomhpháirtíocht, FBManna san áireamh.

Príomhshócmhainn nuálaíochta na hEorpa: daoine éirimiúla

Is bunghné na nuálaíochta í an tallann. Cothaíonn EIT daoine agus na hidirghníomhaíochtaí eatarthu trí mhic léinn, taighdeoirí, agus fiontraithe a chur ag croílár a shamhla nuálaíochta. Cuirfidh EIT cultúr fiontraíoch agus cruthaitheach mar aon le hoideachas trasdisciplíneach ar fáil do dhaoine éirimiúla, trí chéimeanna máistreachta agus PhD faoi lipéad EIT, atá ceaptha chun teacht chun cinn mar bhranda sármhaitheasa lena mbainfidh aitheantas idirnáisiúnta. Ar an dóigh sin, cuireann EIT soghluaisteacht agus oiliúint chun cinn go láidir laistigh de thriantán an eolais.

3.    Dul na nGníomhaíochtaí

Feidhmeoidh EIT go príomha trí na PENanna go háirithe sna réimsí ina dtairgtear fíoracmhainneacht nuálaíochta. Cé go bhfuil a lán neamhspleáchais ar an bhforiomlán ag PENanna a gcuid straitéisí agus gníomhaíochtaí féin a shainiú, tá roinnt gnéithe nuálaíocha coiteann do PENanna go léir, ar gnéithe iad a lorgófar comhar agus sineirgí ina leith. De bhreis air sin, cuirfidh EIT feabhas ar an tionchar a bheidh aige trí dhea-chleachtais a scaipeadh maidir leis an gcaoi a bhféadfar an triantán eolais agus forbairt na fiontraíochta a chomhtháthú, trí chomhpháirtithe ábhartha nua a chomhtháthú i gcás ina bhféadfaidh siad breisluach a thabhairt, agus trí chultúr nua comhroinnte eolais a chothú go gníomhach.

(a)   Gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a thraschur agus a fheidhmiú chun gnó nua a chruthú

Beidh sé mar aidhm ag EIT cúinsí a chruthú ina bhféadfar acmhainneacht nuálach na ndaoine a fhorbairt agus leas a bhaint as a smaointí, beag beann ar a staid sa slabhra nuálaíochta. Dá bhrí sin, cuideoidh EIT chun dul i ngleic leis an ‘paradacsa Eorpach’ nach bhfuil leas iomlán á bhaint as an taighde den scoth atá ann cheana ná baol air. Ar an dóigh sin, cuideoidh EIT smaointe a thabhairt chun margaidh. Go príomha trí PENanna agus trí bhíthin an fhócais atá aige meonta fiontraíochta a chothú, déanfaidh sé deiseanna gnó nua a chruthú i bhfoirm gnóthaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí agus laistigh d’earnáil reatha na tionsclaíochta freisin. Cuirfear béim ar chineálacha nua nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht theicneolaíoch, shóisialta agus neamhtheicniúil.

(b)   Taighde ceannródaíoch a spreagtar ag nuálaíocht i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de

Spreagfar straitéis agus gníomhaíochtaí EIT le fócas a leagfar ar réimsí lena dtairgtear fíoracmhainneacht nuálaíochta agus a bhfuil baint shoiléir acu leis na dúshláin shochaíocha a ndírítear orthu i bhFís 2020. Trí aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin shochaíocha ar bhealach cuimsitheach, cuirfidh EIT cineálacha cur chuige éagsúla idirdhisciplíneacha agus ildisciplíneacha chun cinn agus cuideoidh sé le hiarrachtaí taighde na gcomhpháirtithe i PENanna a spriocdhíriú.

(c)   Daoine éirimiúla, oilte agus fiontraíocha a fhorbairt le cúnamh ó chúrsaí oideachais agus oiliúna

Comhtháthóidh EIT oideachas agus oiliúint go hiomlán ag gach céim de ghairmréimeanna agus tacófar le forbairt curaclam nua agus nuálach agus éascófar an fhorbairt sin chun an gá atá le próifílí nua mar gheall ar dhúshláin shochaíocha agus eacnamaíocha chasta a léiriú. Chuige sin, beidh príomhról ag EIT chun céimeanna agus dioplómaí nua atá comhpháirteach nó atá ina n-ilchéimeanna agus ina n-ildioplómaí a chur chun cinn i mBallstáit agus prionsabal na coimhdeachta á urramú aige.

Beidh ról substaintiúil ag EIT freisin coincheap na ‘fiontraíochta’ a mhionchoigeartú trína chlár oideachasúil, lena gcuirtear fiontraíocht chun cinn i gcomhthéacs dianeolais, ag cur le taighde nuálach agus ag rannchuidiú le réitigh a bhfuil ábharthacht shochaíoch ard ag baint leo.

(d)   An dea-chleachtas is fearr agus comhroinnt eolais ar bhonn sistéamach a scaipeadh

Beidh sé mar aidhm ag EIT ceannródaíocht a dhéanamh ar chineálacha cur chuige nua agus comhchultúr traschurtha nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, FBManna san áireamh. D'fhéadfadh go dtarlódh sin, trí bhíthin taithí éagsúil PENanna a chomhroinnt, inter alia, trí bhíthin sásraí scaipthe éagsúla, amhail ardán páirtithe leasmharaagus scéim comhaltachta.

(e)   An ghné idirnáisiúnta

Tugann EIT aird ar an gcomhthéacs domhanda ina bhfeidhmíonn sé agus cuideoidh sé le naisc a chothú le príomhchomhpháirtithe idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 27(2). Trí ionaid sármhaitheasa a mhéadú ó scála le PENanna agus trí dheiseanna nua oideachais a chothú, beidh sé mar aidhm tarraingteacht na hEorpa a neartú do dhaoine éirimiúla ó áiteanna eile.

(f)   Tionchar uile-Eorpach a fheabhsú trí shamhail chistiúcháin nuálaíoch

Rannchuideoidh EIT go mór leis na cuspóirí a leagtar amach i Fís 2020, go háirithe trí aghaidh a thabhairt na dúshláin shochaíocha ar bhealach a bheidh comhlántach le tionscnaimh eile sna réimsí sin. Faoi chuimsiú Fís 2020, tástálfaidh sé cineálacha cur chuige éagsúla nua agus simplithe maidir le cistiú agus le rialachas agus dá bhrí sin beidh ról ceannródaíochta aige laistigh den timpeallacht nuálaíochta Eorpach. Cuirfear cuid den ranníocaíocht bhliantúil i leith PENanna ar bhealach iomaíoch. Beidh cur chuige na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht maidir le cistiú bunaithe go dlúth ar éifeacht ghiarála láidir, lena ndéantar cistí poiblí agus cistí príobháideacha araon a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus cuirfear sin in iúl, ar bhealach trédhearcach, do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara ábhartha. Ina theannta sin, úsáidfidh sé sásraí nua chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do ghníomhaíochtaí aonair trí bhíthin Fhondúireacht EIT.

(g)   Forbairt réigiúnach a nascadh le deiseanna Eorpacha

Trí na PENanna agus na hionaid chomhlonnaithe lena mbaineann – nóid sármhaitheasa, ag tarraingt comhpháirtithe ardoideachais, taighde agus gnó le chéile i láthair gheografach áirithe – beidh EIT nasctha freisin leis an mbeartas réigiúnach. Go háirithe, áiritheoidh sé nasc níos fearr idir institiúidí ardoideachais, margadh an tsaothair agus an nuálaíocht agus fás réigiúnach, i gcomhthéacs na straitéisí réigiúnacha agus náisiúnta um speisialtóireacht chliste. Ar an dóigh sin, rannchuideoidh sé le cuspóirí bheartas comhtháthaithe an Aontais.

▼M1




IARSCRÍBHINN II

Miondealú ar an mbuiséad

Seo a leanas an miondealú táscach le haghaidh Fís 2020, faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil:



 

EUR milliún i bpraghsanna reatha

I  Eolaíocht den scoth, ar de sin:

24 232,1

1.  An Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET)

13 094,8

2.  Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET)

2 585,4

3.  Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

6 162,3

4.  Bonneagair thaighde

2 389,6

II  Ceannaireacht thionsclaíoch, ar de sin:

16 466,5

1.  Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha (*1)(*4)

13 035

2.  Rochtain ar mhaoiniú riosca (*2)

2 842,3

3.  Nuálaíocht in FBManna (*3)

589,2

III  Dúshláin shochaíocha, ar de sin (*4):

28 629,6

1.  An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine

7 256,7

2.  Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre, agus an bithgheilleagar

3 707,7

3.  Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

5 688,1

4.  Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

6 149,4

5.  Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair

2 956,5

6.  An Eoraip i ndomhan atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha

1 258,5

7.  Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint

1 612,7

IV  Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú

816,5

V  Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí

444,9

VI  Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT)

1 855,7

VII  An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)

2 383

IOMLÁN

74 828,3

(*1)   Lena n-áirítear EUR 7 423 mhilliún le haghaidh Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), ar de sin EUR 1 549 milliún le haghaidh fótónaice, na micrileictreonaice agus na nanaileictronaice, EUR 3 741 mhilliún le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ábhar sárfhorbartha, na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála, EUR 501 mhilliún le haghaidh na biteicneolaíochta agus EUR 1 403 mhilliún le haghaidh cúrsaí spáis. Dá thoradh sin, beidh 5 792 mhilliún ar fáil mar thacaíocht d'Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin.

(*2)   Féadfar thart ar EUR 994 mhilliún den tsuim seo a thabhairt do thionscadail de chuid an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) a chur chun feidhme. Féadfar thart ar thrian di a thabhairt do FBManna.

(*3)   Laistigh den sprioc íosmhéid 20 % de na buiséd chomhcheangailte iomlána don chuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus don tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha' a leithdháileadh ar FBManna, leithdháilfear íosmhéid 5 % de na buiséid chomhcheangailte sin ar an ionstraim tiomanta FBM i dtús báire. Leithdháilfear íosmhéid 7 % de bhuiséid iomlána an chuspóra shonraigh 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha' ar an ionstraim tiomanta FBM agus é meánaithe thar thréimhse Fhís 2020.

(*4)   Cisteofar treoirghníomhaíochtaí na Conaire Mire i dtreo na Nuálaíochta (CMN) ón gcuspóir sonrach a bhaineann le 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus ó chuspóirí ábhartha sonracha na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha'. Déanfar líon leordhóthanach tionscadal a sheoladh chun go bhféadfar meastóireacht iomlán a dhéanamh ar threoirghníomhacht CMN.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCoiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

( 2 ) Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 202 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE and 2006/975/CE (Féach leathanach 965 den Iris Oifigiúil seo).

( 3 ) Rialachán (AE) (Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh in 'Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)' agus ag aisghairm Rialachán (CE) Uimh 1906/2006 (Féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil seo).

( 4 ) Féadtar taighde a bhaineann leis an gcóireáil i gcás ailse na ngónad a mhaoiniú.

( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus mírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 7 ) COIM(2013)0624.

( 8 ) Moladh ón gCoimisiún maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú i ngníomhaíochtaí i ndáil le faisnéis a mhalartú agus Cód Cleachtais d'ollscoileanna agus d'eagraíochtaí eile um thaighde poiblí (C(2008) 1329, 10.4.2008).

( 9 ) COIM(2009)0512.

( 10 ) COIM(2010)0245.

( 11 ) COIM(2011)0112.

( 12 ) COIM(2011)0152.

( 13 ) COIM(2011)0112.

( 14 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Comhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

( 15 ) Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil muirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

( 16 ) Ionchas ar Fhuinneamh Domhanda, Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta - Feidhmiúchán na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2008.

( 17 ) COIM(2011)0112.

( 18 ) COIM(2009)0519.

( 19 ) Páipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní COIM(2011)0144 leagan deireanach.

( 20 ) Tá brí leathan le baint as "feithiclí", agus áirítear leis gach cineál iompair.

( 21 ) An Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe ón bPainéal Idir-rialtasach um Athrú Aeráide (IPCC), 2007 (www.ipcc.ch).

( 22 ) COIM(2011)0571.

( 23 ) COIM(2009)0147.

( 24 ) COIM(2011)0025.

( 25 ) COIM(2009)0400.

( 26 ) COIM(2007)0575.

( 27 ) Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch 27).

( 28 ) COIM(2012)0710.

( 29 ) COIM(2010)0491.

( 30 ) COIM(2011)0274.