02013R0099 — GA — 01.01.2018 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 99/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

(IO L 039 9.2.2013, lch. 12)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1383/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013

  L 354

84

28.12.2013

►M2

RIALACHÁN (AE) 2017/1951 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017

  L 284

1

31.10.2017




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 99/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)



Airteagal 1

An Clár Staidrimh Eorpach a bhunú

Bunaítear leis seo an clár staidrimh Eorpach don tréimhse ó 2013 go 2017 (“an clár”).

▼M2

Fadófar an clár chun an tréimhse ó 2018 go 2020 a chumhdach.

▼B

Airteagal 2

Breisluach

Tá sé de bhreisluach ag an gclár go n-áiritheofar leis go mbeidh staidreamh Eorpach dírithe ar an bhfaisnéis is gá chun beartais an Aontais a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Thairis sin, cuireann sé le húsáid éifeachtach acmhainní trí ghníomhaíochtaí a chothú lena gcuirtear ar bhealach bunriachtanach le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh faisnéise staidrimh atá comhchuibhithe, inchomparáide, iontaofa, so-úsáidte agus inrochtana, bunaithe ar na caighdeáin aonfhoirmeacha agus ar na prionsabail chomhchoiteanna mar a leagtar amach iad i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (“Cód Cleachtais”), arna ghlacadh ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), go háirithe na critéir cháilíochta i ndáil le hábharthacht, le cruinneas agus iontaofacht, le tráthúlacht agus poncúlacht, le hinrochtaineacht agus soiléireacht, agus le comhleanúnachas agus inchomparáideacht.

▼M2

Airteagal 3

Raon feidhme

Leis an Rialachán seo, soláthraítear an creat cláreagrúcháin i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh, príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don tréimhse ó 2013 go 2020, i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

▼B

Airteagal 4

Cuspóirí

1.  Is é cuspóir ginearálta an chláir go leanfadh an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) de bheith mar phríomhsholáthróir staidrimh ardcháilíochta maidir leis an Eoraip.

2.  Agus aird á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chomh maith leis an ualach freagartha, saothrófar na cuspóirí sonracha a leanas i ngníomhaíochtaí staidrimh arna ndéanamh ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir:

Cuspóir 1 : faisnéis staidrimh a sholáthar, go tráthúil chun tacú le forbairt, le faireachán agus le meastóireacht ar bheartais an Aontais a thugann léiriú iomchuí ar thosaíochtaí, agus cothromaíocht á coimeád idir na réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus freastal á dhéanamh ar raon leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh na hEorpa i gcoitinne, ar dhóigh cost-éifeachtúil gan dúbailt iarrachta nach gá,

Cuspóir 2 : modhanna táirgeachta nua a chur chun feidhme maidir le staidreamh Eorpach a dhíríonn ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta,

Cuspóir 3 : an chomhpháirtíocht laistigh de CSE agus in áiteanna eile a neartú chun feabhas breise a chur ar a tháirgiúlacht agus a ról ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil, agus

Cuspóir 4 : a áirithiú go gcoimeádtar seachadadh an staidrimh sin comhsheasmhach le linn ré an chláir, ar choinníoll nach gcuireann sé sin isteach ar shásraí socraithe tosaíochtaí CSE.

3.  Tá na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 mionléirithe tuilleadh san Iarscríbhinn maille leis na táscairí arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir. I gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, beidh an clár faoi réir pleanála bliantúla mionsonraithe lena n-áiritheofar sásra socraithe tosaíochtaí mar dhlúthchuid den phróiseas. Bainfear amach cuspóirí an chláir trí chomhar dlúth agus comhordaithe i CSE. Áireofar sa chlár ionstraimí iomchuí a fhorbairt a mbeidh cáilíocht fheabhsaithe, solúbthacht níos fearr de CSE agus cumas méadaithe chun riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh go tráthúil mar thoradh orthu. Déanfaidh sé ceannródaíocht freisin ar tháscairí iontaofa a fhorbairt a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois, eadhon inbhuanaitheacht chomhshaoil, cáilíocht saoil agus comhtháthú sóisialta a thomhas, agus gníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil threasach agus sa gheilleagar sóisialta a thaifeadadh.

Airteagal 5

Rialachas, neamhspleáchas, trédhearcacht agus cáilíocht staidrimh

1.  Déanfar staidreamh Eorpach a sholáthar ar dhóigh gairmiúil, neamhspleách agus trédhearcach.

2.  Cuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir le prionsabail an Chóid Chleachtais d’fhonn staidreamh Eorpach ardcháilíochta, comhchuibhithe agus inchomparáide a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus d’fhonn dea-fheidhmiú CSE ina iomláine a áirithiú. Áiritheoidh na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údarás staidrimh an Aontais (an Coimisiún (Eurostat)) go gcomhlíonfaidh staidreamh Eorpach, trína neamhspleáchas gairmiúil, an Cód Cleachtais.

3.  Maidir leis na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, arna n-ainmniú ag na Ballstáit (i dteannta a chéile, “údaráis staidrimh náisiúnta”), agus ag an gCoimisiún (Eurostat), agus atá freagrach as forbairt, as táirgeadh, agus as scaipeadh staidrimh Eorpaigh, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

 a bheith mar aidhm acu neartú a dhéanamh ar thimpeallacht institiúideach agus eagraíochtúil, a chuireann chun cinn comhordú, éifeachtacht agus inchreidteacht údarás staidrimh náisiúnta agus an Choimisiúin (Eurostat) lena dtáirgtear agus lena scaiptear staidreamh Eorpach,

 béim a leagan ar na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus ar riachtanais na n-úsáideoirí,

 freastal a dhéanamh ar riachtanais úsáideoirí institiúideacha an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus féachaint le staidreamh a fhorbairt a fhreastalóidh ar raon leathan úsáideoirí den staidreamh Eorpach, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh Eorpacha i gcoitinne, agus

 comhoibriú le comhlachtaí staidrimh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun úsáid coincheap, aicmiúchán, modhanna agus caighdeán eile idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe d’fhonn tuilleadh comhleanúnachais agus inchomparáideacht níos fearr ar an leibhéal domhanda a áirithiú.

4.  Féachfaidh gach Ballstát lena áirithiú go mbunófar a phróisis táirgthe staidrimh ar dhóigh caighdeánaithe agus go bhfeabhsófar iad, a mhéid is féidir, le sásraí iniúchóireachta.

5.  Ar mhaithe le trédhearcacht, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inarb iomchuí, a mheasúnú a nochtadh go poiblí maidir le cáilíocht rannchuidithe náisiúnta don staidreamh Eorpach mar chuid de bheart tuairiscithe cáilíochta agus faireacháin ar chomhlíonadh.

6.  Breithneoidh an Coimisiún (Eurostat) conas a dhéanfaidh sé a fhoilseacháin, go háirithe iad siúd atá inrochtana trína láithreán gréasáin, níos so-úsáidte do neamhphroifisiúnaigh, agus ceadóidh sé rochtain éasca a bheith ar shraith iomlán sonraí agus déanfaidh sé graif chomparáideacha iomasacha a áireamh ann chun tuilleadh breisluacha a thabhairt do shaoránaigh. Le nuashonrúcháin thráthrialta an Choimisiúin (Eurostat) soláthrófar, i gcás inar féidir sin, faisnéis maidir le gach Ballstát agus sraith sonraí bliantúla, sonraí míosúla agus sonraí fadtéarmacha, i gcás inarb iomchuí, agus i gcás inar mó na tairbhí ná costais an bhailithe.

Airteagal 6

Tosaíochta staidrimh a shocrú

1.  Áiritheofar leis an gclár tionscnaimh staidrimh a bhuntacaíonn le forbairt, le cur chun feidhme agus le faireachán bheartais reatha an Aontais agus soláthróidh sé tacaíocht staidrimh do cheanglais thábhachtacha a bheidh mar thoradh ar thionscnaimh nua beartais de chuid an Aontais.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, agus na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 á n-ullmhú aige, socrú tosaíochtaí éifeachtach agus athbhreithniú bliantúil ar, agus tuarascáil bhliantúil maidir le, tosaíochtaí staidrimh a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag na cláir oibre bhliantúla leis sin a áirithiú go bhféadfar na staidrimh Eorpacha a tháirgeadh faoi chuimsiú na n-acmhainní a bheidh ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Le tosaíochtaí a leagan amach, rannchuideofar le laghdú na gcostas agus na n-ualaí maidir leis na ceanglais nua staidrimh trí cheanglais staidrimh i réimsí an staidrimh Eorpaigh atá ann cheana a laghdú agus déanfar é sin a shaothrú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

3.  Áiritheoidh an Coimisiún forbairt agus cur chun feidhme ionstraimí chun athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar thosaíochtaí na ngníomhaíochtaí staidrimh chun rannchuidiú le laghdú na gcostas agus na n-ualaí ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh.

4.  Nuair a bheidh gníomhaíochtaí nua á gcur chun cinn aige agus nuair a bheidh mór-athbhreithnithe á ndéanamh aige ar staidreamh reatha, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí nó na hathbhreithnithe sin a dhlisteanú go cuí agus soláthróidh sé faisnéis lena mbeidh ionchur ó na Ballstáit maidir leis an ualach freagartha agus leis na costais táirgeachta i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

▼M1

Airteagal 7

Maoiniú

1.  Is é EUR 57.3 milliún a bheidh in imchlúdach airgeadais an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 201, arna chumhdach ag leis an gclárthréimhse 2007 go 2013. Is é EUR 234.8 milliún a bheidh in imchlúdach airgeadais an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 2014 go 2017, arna chumhdach leis an gclárthréimhse 2014 go 2020.

▼M2

Is é EUR 218,1 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais chun an clár seo a chur chun feidhme don tréimhse 2018 go 2020, arna chumhdach leis an gclárthréimhse 2014 go 2020.

▼M1

2.  Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.  Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir leis na leithreasuithe bliantúla i gcomhlíonadh shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

▼B

Airteagal 8

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don chlár speansais eile a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, speansais a bhaineann le haisíocaíocht saineolaithe staidrimh, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, speansais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus malartú faisnéise, maille le gach speansas eile de chineál cúnaimh theicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún chun an clár a bhainistiú. Féadfar a chumhdach leis an leithdháileadh cúnamh teicniúil agus saineolas arna soláthar do na Ballstáit nach bhfuil in ann, de bharr imthosca sonracha, staidreamh áirithe Eorpach nó staidreamh den cháilíocht a éilítear a tháirgeadh.

▼M2

Airteagal 9

Cláir oibre bhliantúla

Chun an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a shásóidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus a leagfaidh amach na cuspóirí atá á saothrú agus na torthaí lena bhfuiltear ag súil, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh béim iomchuí ar ghníomhaíochtaí arb é is aidhm leo comhlíonadh an Chóid Cleachtais a chur chun cinn. Cuirfear gach clár oibre bliantúil in iúl do Pharlaimint na hEorpa chun críocha faisnéise.

▼B

Airteagal 10

Cineálacha idirghabhála

Féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas a bheith i bhfoirm deontas nó conarthaí soláthair phoiblí nó i bhfoirm aon idirghabhála eile is gá chun na gcríoch na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhaint amach.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Le ranníocaíocht airgeadais ón Aontas tacófar le gníomhaíochtaí chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é a bhfuil gá leis chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhaint amach. Tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí lena mbaineann breisluach ard don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2.

2.  Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais chun tacú le líonraí comhoibríocha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a bheith i bhfoirm deontas i gcomhair gníomhaíochta agus féadfaidh sí suas le 95 % den chostas incháilithe a chumhdach.

3.  I gcás inarb iomchuí, féadfar deontais oibriúcháin, nach sáróidh 50 % de na costais incháilithe, a dhámhachtain le haghaidh feidhmiú eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

4.  Mar ranníocaíocht le speansais arna dtabhú ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar bhailiú sonraí á ndéanamh acu, féadfaidh cnapshuim in aghaidh na sraithe sonraí, ar sonraí iad a bhfuil torthaí iomlána le cur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ina dtaobh, a íoc suas le huastairseach arna sainiú de réir an bhailiú sonraí. Déanfaidh an Coimisiún méid na cnapshuime a shainiú agus aird chuí á tabhairt aige ar chastacht an bhailithe sonraí.

Airteagal 12

Tairbhithe atá incháilithe do dheontais

1.  I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 128(1) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais do na húdaráis staidrimh náisiúnta a shainaithnítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a dhámhachtain gan glao ar thograí a dhéanamh.

2.  Féadfaidh tairbhithe dá dtagraítear i mír 1 agus comhlachtaí eile a bheith páirteach i líonraí comhoibríocha gan glao a bheith déanta ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 128(1) den Rialachán Airgeadais.

3.  Féadfar na deontais oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a dhámhachtain d’eagraíochtaí a chomhlíonann an dá chritéar seo a leanas:

(a) go bhfuil siad neamhbhrabúsach, neamhspleách ar an tionscal agus ar leasanna tráchtála agus gnó nó leasanna eile, agus gurb iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí cur chun feidhme an Chóid Cleachtais a chur chun cinn agus a thacú, agus modhanna táirgthe nua a chur chun feidhme i gcomhair staidrimh Eorpaigh, ar modhanna iad a bheidh dírithe ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta ar leibhéal an Aontais; agus

(b) gur thug siad tuairiscí sásúla don Choimisiún maidir lena mballraíocht, a rialacha inmheánacha agus a bhfoinsí cistiúcháin.

▼M2

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Glacfaidh an Coimisiún bearta cuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur chun feidhme i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile trí sheiceálacha éifeachtacha agus má thugtar neamhrialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus bhactha riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm.

2.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a chuid ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchadh a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gclár.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 2 ) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna gcistiú faoin gclár.

4.  Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, maidir le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le conarthaí, le comhaontuithe deontas agus le cinntí deontas de thoradh cur chun feidhme an Rialacháin seo, beidh forálacha iontu lena dtabharfar de chumhacht don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF go sainráite iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlacht faoi seach.

5.  Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, i gcás ina ndéantar cur chun feidhme gníomhaíochta ar leith a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, go hiomlán nó go páirteach, nó inar gá conradh soláthair a dhámhachtain nó tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtí ina leith, luafar sa chonradh, sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go sainráite leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

▼B

Airteagal 14

Rannpháirtíocht tríú tíortha sa chlár

Beidh rannpháirtíocht sa chlár ar oscailt:

(a) do thíortha LEE/CSTE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá bunaithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b) don Eilvéis, i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú i gComhaontú an 26 Deireadh Fómhair 2004 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh ( 3 ); agus

(c) do thíortha a bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa maidir leo, tíortha a bhfuil iarratas ar bhallraíocht den Aontas curtha isteach acu, tíortha ar iarrthóirí iad agus tíortha aontacha, agus do thíortha na mBalcán Thiar atá páirteach sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha ábhartha leis na tíortha sin lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta dá rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gclár

1.  Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CCSE, tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2015.

2.  Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála eatramhaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an CCSE, togra maidir le fadú an chláir don tréimhse ó 2018 go dtí 2020, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus CAI 2014 go 2020 á chomhlíonadh aige.

▼M2

2a.  Faoin 31 Nollaig 2019, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir faoi bhráid CCSE. Sonrófar sa tuarascáil sin tuairim an Choimisiúin (Eurostat) maidir le hionchas an chláir laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil dar tosach 2021. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin.

▼M2

3.  Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), tar éis dó dul i gcomhairle le ESSC agus leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach, tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir le cur chun feidhme an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Measúnófar sa tuarascáil go háirithe:

(a) toradh athbheartú tosaíochta agus mheasúnú costas na dtáirgí staidrimh;

(b) na gníomhaíochta a rinne CSE chun costais chur chun feidhme agus tháirgthe na mBallstát a laghdú agus an t-ualach foriomlán a eascraíonn ó na tionscadail agus na réimsí staidrimh atá clúdaithe faoin gclár a theorannú;

(c) an dul chun cinn chun rochtain ar staidreamh oifigiúil a éascú agus níos éasca le húsáid, lena n-áirítear sonraí ar shuíomh gréasáin Eurostat a chur ar fáil; agus

(d) an dul chun cinn maidir le hinfhaighteacht sonraí a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha sóisialta agus maidir le táscairí Eoraip 2020.

▼B

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

▼M2

Bonneagar staidrimh agus cuspóirí an chláir staidrimh Eorpaigh 2013 go 2020

▼B

Réamhrá

▼M2

Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil san Aontas, agus a comhpháirteanna ar an leibhéal naisiúnta agus réigiúnach, de dhíth chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Tá staidreamh Eorpach fíor-riachtanach don Aontas freisin, tugtar an deis don phobal i gcoitinne agus do shaoránaigh Eorpacha leis an próiseas daonlathach agus an díospóireacht maidir le staid reatha agus todhchaí an Aontais a thuiscint agus páirt a ghlacadh iontu.

Foráiltear leis an gclár don chreat reachtach chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh le linn na tréimhse ó 2013 go 2020.

▼B

Déantar staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin gcreat reachtach sin trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

▼M2

Cuireann staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar a léirítear in CFAE agus in Eoraip 2020 agus le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta faoi seach a bhaineann léi, chomh maith le beartais eile a leagtar amach i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.

▼B

Ós rud é gur clár ilbhliantúil é an clár lena gcumhdaítear tréimhse cúig bliana, agus ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag CSE leanúint de bheith ina phríomhghníomhaire i réimse an staidrimh, tá an clár uaillmhianach ó thaobh a raoin feidhme agus a chuspóirí de, ach cuirfear an clár chun feidhme de réir cur chuige céim ar chéim. Beidh forbairt sásra a dhéanfaidh tosaíochtaí a leagan síos agus a shimpliú go héifeachtach ina chuspóir don chlár.

Bonneagar staidrimh

Déanfaidh an clár dícheall bonneagar faisnéise staidrimh a bhunú. Ní mór an bonneagar sin a bheith ullamh don úsáid fhairsing agus dhian a bhainfear as ar mhaithe le feidhmeanna éagsúla.

Is ceapadh beartais a dhreasaíonn na cinntí staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ba cheart, áfach, an staidreamh sin a bheith ar fáil do chinnteoirí, do thaighdeoirí, do ghnóthais agus do shaoránaigh Eorpacha i gcoitinne freisin agus ba cheart go mbeadh rochtain éasca acu orthu ós leas poiblí iad agus is iad saoránaigh agus gnóthais na hEorpa a íocann astu, agus ba cheart go mbainfidís tairbhe as na seirbhísí a sholáthraítear chomh maith. Ionas go gcomhlíonfaidh an bonneagar an ról sin ní mór é a cheapadh de réir creata choincheapúil fhónta, ar creat é a áiritheoidh go mbeidh an bonneagar oiriúnach do raon críocha ar láimh amháin agus, ar an láimh eile, go mbeifear in ann an bonneagar a chur in oiriúint go solúbtha do riachtanais athraitheacha na n-úsáideoirí sna blianta amach romhainn.

Tá an bonneagar faisnéise staidrimh léirithe thíos:

BONNEAGAR FAISNÉISE STAIDRIMH

image

Eochair

Sonraí :

faisnéis arna tiomsú ag údaráis staidrimh náisiúnta, ar bhonn gníomhaíochtaí traidisiúnta staidrimh (suirbhéanna samplacha, daonáirimh etc.) agus sonraí ó fhoinsí eile a n-athúsáidtear chun críocha staidrimh. Tá an fhaisnéis sin oiriúnaithe chun freastal ar riachtanais i réimsí sonracha beartais, e.g. an margadh saothair, imirce nó talmhaíocht.

Cuimsíonn an téarma freisin sonraí arna mbailiú chun críocha riaracháin ach a bhíonn in úsáid ag údaráis náisiúnta staidrimh chun críocha staidrimh (tagraítear dóibh sin mar shonraí ó fhoinsí riaracháin de ghnáth).

Córais chuntasaíochta : cuntais, cláir chomhardaithe agus táblaí atá comhleanúnach agus comhtháite agus atá bunaithe ar shraith rialacha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Áirithítear le creat cuntasaíochta go mbeidh próifíl ard comhsheasmhachta agus inchomparáideachta; féadfar sonraí staidrimh a thiomsú agus a chur i láthair i bhformáid atá ceaptha chun críocha anailíse agus ceaptha beartais.

Táscairí : is éard is táscaire ann tomhas achomhair a bhaineann le saincheist nó feiniméan tábhachtach agus atá díortha ó shraith d’fhíoras breathnaithe. Féadfaidh táscairí a úsáid chun suíomhanna coibhneasta a léiriú nó chun athrú dearfach nó diúltach a léiriú. Ionchur díreach i mbeartais an Aontais agus i mbeartais dhomhanda iad táscairí de ghnáth. Baineann tábhacht leo i réimsí beartais straitéiseacha chun spriocanna a shocrú agus chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na spriocanna sin.

Faoi chuimsiú na forscéime sin, déanfar idirdhealú breise sa chlár idir trí cholún d’fhaisnéis staidrimh: staidreamh gnó; staidreamh i ndáil le hEoraip an phobail; agus Staidreamh Geospásúil, Staidreamh Comhshaoil, Staidreamh Talmhaíochta agus Staidreamh Earnálacha Eile.

Is iad beartais an Aontais agus beartais dhomhanda ábhartha na hionstraimí lena sonraítear na riachtanais staidrimh ar a bhfreastalóidh an clár tríd an struchtúr athchóirithe agus na próisis tháirgthe a chomhfhreagraíonn dó. Dá bhrí sin, tá léiriú ar gach beartas aonair de chuid an Aontais agus ar gach beartas domhanda sna comhpháirteanna difriúla den bhonneagar staidrimh agus tá siad cumhdaithe ag gníomhaíochtaí sonracha sa chlár. Déanfar beartais nua a shainaithneofar sna blianta amach romhainn a chumhdach trí chosáin dhíorthaithe nua a bhunú maidir le táscairí/cuntais bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtáirgeadh faoi na trí cholún.

FAISNÉIS STAIDRIMH — STRUCHTÚR AGUS DINIMIC

image

Cuspóirí

Is é cuspóir ginearálta an chláir ná CSE a bheith mar phríomhsholáthróir staidrimh ardcháilíochta maidir leis an Eoraip.

Agus aird á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais mar aon leis an ualach freagartha, déanfar na cuspóirí sonracha a leanas a shaothrú mar chuid de ghníomhaíochtaí staidrimh arna ndéanamh i dtaca le cur chun feidhme an chláir seo:

▼M2

 Cuspóir 1: faisnéis staidrimh a sholáthar ar bhealach tráthúil cost-éifeachtach gan dúbailt iarrachta nach gá, chun tacú le forbairt, le faireachán agus le meastóireacht ar bheartais an Aontais a thugann léiriú iomchuí ar thosaíochtaí, agus cothromaíocht á coimeád idir na réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus freastal á dhéanamh ar raon leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh na hEorpa i gcoitinne, ar dhóigh costéifeachtúil;

▼B

 Cuspóir 2: modhanna táirgeachta nua a chur chun feidhme maidir le staidreamh Eorpach a dhíríonn ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta;

 Cuspóir 3: an chomhpháirtíocht laistigh de CSE agus in áiteanna eile a neartú chun feabhas breise a chur ar a tháirgiúlacht agus a ról ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil; agus

 Cuspóir 4: leanúnachas sholáthar na staidreamh sin le linn ré an chláir a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfidh sé isteach ar na sásraí CSE chun tosaíochtaí a leagan amach.

Tá na cuspóirí sonracha sin roinnte ina réimsí tosaíochta éagsúla a bhfuil tuairisc orthu thíos. Tá Cuspóirí 1 agus 4 cumhdaithe ag “I. Aschuir Staidrimh”, Cuspóir 2 ag “II. Modhanna Táirgthe Staidreamh Eorpach” agus Cuspóir 3 ag “III. Comhpháirtíocht”.

I.    ASCHUIR STAIDRIMH

1.    Táscairí

1.1.    Eoraip 2020

▼M2

Le formhuiniú Eoraip 2020 múnlaíodh tríd is tríd an clár oibre straitéiseach i gcomhair bheartais an Aontais agus beartas náisiúnta sna blianta amach anseo. Laistigh den chlár oibre sin tá roinnt spriocanna agus tionscnamh nach mór do CSE táscairí staidrimh a sholáthar mar gheall orthu i roinnt réimsí comhaontaithe amhail: feabhas a chur ar na dálaí i gcás nuálaíochta; taighde agus forbairt; poist fhónta a chur chun cinn; cothroime inscne a chur chun cinn; cuspóirí an Aontais um athrú aeráide agus fuinneamh a chomhall; éifeachtúlacht acmhainní; leibhéil oideachais a fheabhsú, lena n-áirítear luathfhágáil scoile a laghdú; gairmoiliúint saoil agus soghluaisteacht, aosú sláintiúil agus gníomhach foghlama; cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; agus an bhochtaineacht a laghdú. I gcás inarb iomchuí, is gá staidreamh inscne-dhíchomhiomlánaithe chun a thuiscint cad atá i gceist le hidirdhealú atá bunaithe ar inscne, le fócas ar fhoréigean inscne.

▼B

▼M2

Faisnéis staidrimh ardcháilíochta a sholáthar, a bheidh ar fáil go tráthúil don Seimeastar Eorpach, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Eoraip 2020. Beidh táscairí nua, a mhéid is féidir, bunaithe ar na sonraí staidrimh atá ar fáil.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

 táscairí spriocanna ceannlíne atá cothrom le dáta le haghaidh Eoraip 2020 (i réimsí na fostaíochta, an taighde agus forbartha, na nuálaíochta, an fhuinnimh/athrú aeráide, an oideachais, an chomhshaoil, na cosanta sóisialta, an chuimsithe shóisialta agus na bochtaineachta) ar láithreán gréasáin an Choimisiúin (Eurostat);

 staidreamh chun tacú leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme thionscnaimh shuaitheanta Eoraip 2020;

 táscairí breise mar ionchur i gcomhair meastóireachta ex-post agus ex-ante ar bheartais eacnamaíocha, sóisialta agus chomhshaoil an Aontais; agus

▼M2

 táscairí fostaíochta a idirdhealóidh idir fostaíocht pháirtaimseartha agus lánaimseartha agus idir conarthaí ar théarma seasta agus conarthaí buana chomh maith le táscairí dífhostaíochta a chuirfidh i gcuntas daoine i mbeartas gníomhachtaithe amhail oiliúint. Ba cheart go bhfolódh na táscairí sin freisin sonraí maidir le roinnt inscne.

▼B

1.2.    Rialachas eacnamaíoch

De dheasca na géarchéime agus an teannais sna margaí airgeadais aibhsíodh an gá le rialachas eacnamaíoch an Aontais a neartú. Tá céimeanna cinntitheacha glactha ag an Aontas cheana féin maidir le rialachas eacnamaíoch agus comhordú eacnamaíoch, agus beidh impleachtaí móra staidrimh ag baint le roinnt de na céimeanna sin sa bhreis ar na gníomhaíochtaí staidrimh reatha.

Faisnéis staidrimh nua a fhorbairt agus an fhaisnéis staidrimh atá ann a fheabhsú, ar faisnéis í atá ábhartha do lucht cinnteoireachta an Aontais agus don phobal i gcoitinne i ndáil le rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháite an Aontais agus le timthriall an fhaireachais lena gcomhtháthaítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus beartas eacnamaíoch.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 ionchur staidrimh a sholáthar i gcomhair scórchlár na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na hanailíse is bunús leis;

▼M2

 ionchur staidrimh a sholáthar i gcomhair Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis feabhsaithe atá dírithe go sonrach ar tháirgeadh agus ar sholáthar staidrimh ardcháilíochta maidir le heasnamh agus fiachas rialtais;

 ionchur staidrimh a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar neamhionannais eacnamaíocha;

▼B

 sraith táscairí a fhorbairt agus a tháirgeadh chun iomaíochas a fhorbairt; agus

 bainistíocht cháilíochta láidir a chur chun feidhme sa slabhra táirgeachta, lena gcumhdófar freisin sonraí airgeadais phoiblí réamhtheachtacha agus na sreafaí oibre is bunús leo sna Ballstáit.

Staidreamh iontaofa agus táscairí iontaofa a sholáthar do lucht cinnteoireachta an Aontais chun críoch riaracháin agus rialála agus chun faireachán a dhéanamh ar ghealltanais shonracha bheartais de chuid an Aontais.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 scóip an staidrimh a shainmhíniú chun críocha riaracháin agus rialála agus an scóip sin a chomhaontú le húsáideoirí; agus

 creat láidir bainistíochta cáilíochta do na táscairí sin a sainmhíniú, de réir mar is iomchuí, é a chur chun feidhme agus é a mhíniú.

1.3.    Domhandú eacnamaíoch

De dheasca éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus éifeachtaí eile na géarchéime airgeadais, an mhéadaithe ar shreafaí trasteorann agus ilroinnt na bpróiseas táirgthe, aibhsíodh an gá le creat níos comhsheasmhaí i gcomhair táirgthe dhomhandaithe agus le feabhas a chur ar thomhas an táirgthe sin.

▼M2

Feabhas a chur ar na táscairí agus ar an bhfaisnéis staidrimh atá ar fáil maidir le domhandú eacnamaíoch agus slabhraí luacha domhanda i gcomhair lucht cinnteoireachta an Aontais agus i gcomhair an phobail i gcoitinne. Ba cheart go dtabharfadh an fhaisnéis sin tuiscint níos fearr ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an domhandaithe.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 táscairí atá ann maidir le domhandú eacnamaíoch atá ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin (Eurostat) a thabhairt cothrom le dáta;

 táscairí nua a fhorbairt maidir le slabhraí luacha domhanda, lena n-áirítear sreafaí acmhainní nádúrtha agus spleáchas orthu;

▼M2

 na sonraí a sholáthar a lamhálann anailís ar na hiarmhairtí dearfacha agus diúltacha do mhargadh an Aontais, go háirithe i margadh saothair an Aontais;

 anailís ar na slabhraí luacha domhanda, trí tháblaí iomchuí ionchuir/aschuir b'fhéidir, agus staidreamh trádála eachtraí agus gnó, lena n-áirítear nascadh micreashonraí; agus comhordú aschuir na hanailíse sin le tionscnaimh idirnáisiúnta le leas an Aontais; agus

▼B

 iniúchadh ar an ngá atá le hathchóiriú a dhéanamh ar ríomh agus leithdháileadh seirbhísí airgeadais idirghabhála.

▼M2

2.   Creataí cuntasaíochta

An Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2009 dar teideal “OTI agus dul thairsti: An dul chun cinn a thomhas i ndomhan atá ag athrú” (“OTI agus dul thairsti”) agus le foilsiú Thuarascáil Stiglitz-Sen-Fitoussi maidir le Tomhas ar Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus ar Fhorás Sóisialta, tá dreasú nua ann i dtaobh an phríomhdhúshláin atá ann do CSE, eadhon conas staidreamh níos fearr a fháil i ndáil le saincheisteanna trasearnálacha agus conas staidreamh níos comhtháite a fháil chun tuairisc a thabhairt ar fheiniméin chasta shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha sa bhreis ar na tomhais a dhéantar ar aschur eacnamaíoch go traidisiúnta. Dírítear san obair ar OTI agus dul thairsti laistigh de CSE ar thrí réimse tosaíochta: staidreamh don earnáil teaghlach agus staidreamh lena dtomhaistear dáileadh an ioncaim, an tomhaltais agus an tsaibhris; staidreamh lena dtomhaistear cáilíocht na beatha ar bhealach iltoiseach; agus staidreamh lena dtomhaistear inbhuanaitheacht chomhshaoil. Cúis dreasaithe eile is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nua ar leibhéal domhanda a glacadh sa bhliain 2015. Le Córas Eorpach na gCuntas Náisiúnta agus Réigiúnach (CEC), cuirtear creat comhtháite comhsheasmhach ar fáil i gcás an staidrimh eacnamaíoch ar fad, creat ar cheart táscairí eile a bheith ag gabháil leis chun faisnéis níos cuimsithí a sholáthar i gcomhair déanamh beartas agus cinnteoireachta. Tacófar le cur chun feidhme iomlán CEC 2010 trí mheasúnuithe rialta cáilíochta agus comhlíonta a dhéanamh, agus dul as feidhm forchéimnitheach na maoluithe go 2020 á chur i gcuntas, lena gcuirfear feabhas breise ar thráthúlacht agus infhaighteacht na dtáscairí.

2.1.   Feidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta

De dheasca na géarchéime airgeadais is treise an gá le táscairí maicreacnamaíocha ardcháilíochta chun tuiscint níos fearr a fháil agus anailís níos fearr a dhéanamh ar luaineachtaí eacnamaíocha chomh maith le héabhlóid na neamhionannas eacnamaíoch agus an éifeacht a bhíonn acu ar an tsochaí agus ar an dóigh sin an próiseas cinnteoireachta a éascú. De bharr an táirgthe dhomhandaithe tá méadú ag teacht ar an ngá creat comhsheasmhach a fhorbairt lena n-éascófar léirmhíniú agus comhtháthú staidrimh ó réimsí éagsúla.

▼B

Tomhas na feidhmíochta eacnamaíche a fhorlíonadh le gnéithe éagsúla den domhandú, de cháilíocht bheatha, den rochtain ar earraí agus seirbhísí, d’inbhuanaitheacht chomhshaoil, de shláinte, d’fholláine, de chomhtháthú sóisialta agus den chuimsiú sóisialta. Creat a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar tháirgeadh domhandaithe.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 cuntais náisiúnta bliantúla agus ráithiúla a chur chun feidhme agus a thiomsú mar aon le cuntais réigiúnacha bliantúla i gcomhréir le CSE;

▼M2

 táscairí a tháirgeadh maidir le dáileadh ioncaim, tomhaltais agus saibhris ar theaghlaigh agus comhiomlán na gcuntas náisiúnta agus sonraí ó shuirbhéanna ar theaghlaigh nó sonraí riaracháin a réiteach;

▼B

 staidreamh praghais atá tráthúil agus d’ardcháilíocht a thiomsú, go háirithe treoiruimhreacha comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí;

▼M2

 naisc le cuntais náisiúnta a neartú i réimsí na cosanta sóisialta, na sláinte agus an oideachais;

 forbairt creat tomhais ar cháilíocht saoil, lena ndéantar peirspictíocht an teaghlaigh a threisiú sna cuntais náisiúnta;

 forbairt táscairí gaolmhara “OTI agus lastall” lena dtomhaistear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus éifeachtaí seachtracha le peirspictíocht cuntais náisiúnta;

▼B

 bunachar sonraí a chruthú chun fás agus táirgeacht a thomhas, agus aird á tabhairt ar athruithe i dtáirgiúlacht san earnáil phoiblí mar aon leis an earnáil phríobháideach;

▼M2

 táscairí sóisialta tráthúla a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear ardteicnící i gcomhair tuar reatha agus meastacháin shealadacha;

 tacú le comhroinnt idirnáisiúnta sonraí i gcomhair sonraí maicreacnamaíocha chun an t-ualach ar tháirgeoirí sonraí a laghdú agus chun an fháil ar shonraí inchomparáide comhsheasmhacha a fheabhsú d'úsáideoirí;

 forbairt agus mionchoigeartú táscairí comhiomlánaithe ar ioncam agus ar ghnéithe d'éagothroime saibhris;

 neamhionannas inscne a thomhas agus a anailísiú, lena n-áirítear an difreálach pá;

▼B

 creat coincheapúil a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar tháirgeadh domhandaithe;

 creat choincheapúil a fhorbairt chun an caighdeán maireachtála agus leasa a thomhas; agus

 coincheapa comhfhreagracha cuntasaíochta agus staitistiúil a ailíniú a mhéid is féidir.

Príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus sóisialta agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a sholáthar mar shraith comhsheasmhach táscairí arna ndíriú ar riachtanais le staidreamh ón Aontas agus le staidreamh domhanda agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a choigeartú chun freastal ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 forbairt chomhardaithe ar dheaiseanna príomhtháscairí maicreacnamaíocha, sóisialta agus forbartha inbhuanaithe;

 modheolaíocht chomhchuibhithe a bheith ar fáil i gcomhair príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus sóisialta agus Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha;

 inchomparáideacht idirnáisiúnta táscairí a fheabhsú;

 uirlisí feabhsaithe a sholáthar chun go mbeidh sé níos éasca táscairí a léirmhíniú agus a chur in iúl; agus

▼M2

 staidreamh comhchuibhithe ar phraghsanna tithe a bheith ar fáil agus a mhéadú do gach Ballstát.

▼B

2.2.    Inbhuanaitheacht chomhshaoil

Is ardtosaíochtaí ar chlár oibre na hEorpa agus cuspóirí de chuid na gConarthaí iad an comhshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú i gcomhair na glúine seo agus na nglún amach anseo, chomh maith le héifeachtaí an athraithe aeráide a chomhrac. Ar mhaithe le beartais éifeachtúla sna réimsí sin is gá faisnéis staidrimh ó réimsí éagsúla.

Cuntais chomhshaoil agus staidreamh maidir le hathrú aeráide a sholáthar, ag cur forbairtí idirnáisiúnta sa réimse sin san áireamh.

▼M2

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 córas comhsheasmhach cuntas comhshaoil a fhorbairt tuilleadh mar “chuntais satailíte” do na príomhchuntais náisiúnta, lena soláthrófar faisnéis maidir le hastaíochtaí san atmaisféar, ídiú fuinnimh, sreabha acmhainní nádúrtha, trádáil in amhábhair, cánachas comhshaoil agus caiteachas ar chosaint an chomhshaoil, lena bhféadfaí fás/soláthar glas a áireamh;

 tuilleadh forbartha ar chuntais éiceachórais turgnamhacha a lamhálfadh úsáid na dtacar sonraí láithreach, lena n-áirítear na sonraí arna dtiomsú ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mar chuid de thionscnamh comhtháthaithe sonraí fadtéarmach;

 tuilleadh oibre forbartha chun úsáid níos fearr a bhaint as bailiúcháin sonraí láithreacha do staidreamh a bhaineann le hathrú aeráide; agus

 tuilleadh forbartha ar tháscairí lena dtomhaistear “loirg” comhshaoil a bhunaítear ar shonraí atá ann cheana.

▼B

3.    Sonraí

3.1.    Gnó

Tá líon mór beartas de chuid an Aontais dírithe ar fhiontair Eorpacha. Thairis sin, is orthusan atá an mhortabháil sonraí bunúsacha a sholáthar. Dá réir sin, tá éileamh mór ar staidreamh gnó, sa chiall is leithne, chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta ach freisin chun cuidiú le saoránaigh Eorpacha agus le gnóthais Eorpacha tionchar na mbeartas sin a thuiscint i bhfianaise idirdhealú idir fiontair mhóra, fiontair de mhéid idirmheánach agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil breis gá le staidreamh mionsonraithe agus comhchuibhithe mar gheall orthu. Ag an am céanna, is gá an t-ualach riaracháin agus tuairiscithe a laghdú.

▼M2

Éifeachtúlacht agus éifeachtacht na bpróiseas táirgthe staidrimh a mhéadú. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann leis an gcolún staidrimh gnó a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ar na hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí. Staidreamh ardcháilíochta a sholáthar maidir leis na príomhréimsí sin ar fiontair an leas is tábhachtaí iontu, amhail staidreamh gnó, táscairí gearrthéarmacha, a n-infheistíocht i gcaipiteal daonna agus i scileanna, idirbhearta idirnáisiúnta, an domhandú, faireachán ar an margadh inmheánach, taighde agus forbairt agus an nuálaíocht, agus an turasóireacht. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shonraí a bheith ar fáil in earnálacha tionsclaíocha agus seirbhísí lena mbaineann mórluach breise, go háirithe sna gheilleagair glas, digiteach, comhoibritheach, sláinte, oideachais agus sóisialta.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

▼M2

 sonraí atá ar fáil sa chóras staidrimh nó sa tsochaí a athúsáid, comhbhunús dlí a bheith ann i gcomhair staidrimh gnó agus comhbhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh;

▼B

 faisnéis staidrimh agus táscairí maidir le gnó a sholáthar ar bhonn bliantúil agus fobhliantúil;

 staidreamh faisnéise a sholáthar lena dtuairiscítear seasamh na hEorpa in ordlathas an domhain agus caidreamh an Aontais leis an gcuid eile den domhan;

 faisnéis staidrimh a sholáthar chun anailís a dhéanamh ar shlabhraí luacha domhanda agus Clár an Ghrúpa Euro a fhorbairt mar chnámh droma chun faisnéis trasréimse a bhailiú maidir le domhandú;

 bailiúcháin staidrimh i gcomhair trádála in earraí agus trádáil i seirbhísí a athchothromú maille le feabhas ar infhaighteacht sonraí maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí chun faisnéis staidrimh a athchothromú i dtaobh seirbhísí agus earraí;

 uirlisí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an margadh inmheánach, amhail uirlís phraghas an bhia agus táscairí gaolmhara;

 staidreamh a sholáthar maidir le príomhréimsí nuálaíochta agus feidhmíocht taighde agus forbartha trí bhreis úsáide a bhaint as cláir paitinní agus trí bhreis taighde agus trí bhreis úsáide a bhaint as micreashonraí aonair ar mhaithe le staidreamh;

 staidreamh de cháilíocht a sholáthar maidir le soláthar agus éileamh in earnáil na turasóireachta trí bhailiú optamach sonraí agus trí fheabhas a chur ar chomhtháthú sonraí ó réimse na turasóireachta agus réimsí eile; agus

 staidreamh a sholáthar maidir le húsáid acmhainní agus éifeachtúlacht acmhainní bunaithe a mhéid is féidir ar bhailiúcháin sonraí atá ann cheana.

3.2.    Eoraip an phobail

Tá saoránaigh Eorpacha i gcroílár bhearta an Aontais. Dá thoradh sin, tá éileamh mór ar staidreamh sóisialta, sa chiall is leithne, chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta agus chun faireachán a dhéanamh ar thoradh na mbeartas sóisialta, ach chomh maith leis sin chun cuidiú le saoránaigh Eorpacha tionchar na mbeartas sin ar a saolta agus ar a ndea-bhail féin a mheas.

▼M2

Staidreamh a sholáthar maidir leis na príomhréimsí beartais shóisialta ar leis an saoránach an leas is tábhachtaí iontu, amhail dea-bhail, inbhuanaitheacht, comhtháthú sóisialta, bochtaineacht, neamhionannais, dúshláin dhéimeagrafacha (aosú an phobail, dídhaonrú, scaipeadh daonra agus imirce go háirithe), an margadh saothair, oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear oideachas na hóige, oideachas aosach, gairmoiliúint agus soghluaisteacht foghlama an aosa óig, cultúr, gníomhaíocht fhisiciúil, cáilíocht bheatha, sábháilteacht, sláinte, míchumas, tomhaltas, saorghluaiseacht agus an margadh inmheánach, soghluaisteacht daoine óga, nuálaíocht theicneolaíoch agus stíleanna beatha nua a roghnú. I gcás inarb iomchuí, déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, do ghrúpaí ar leas speisialta iad do lucht ceaptha beartas sóisialta. Déanfar na tosaíochtaí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 6. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann leis an gcolún staidrimh shóisialta a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le REFIT, ar na hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 bonneagar bunúsach comhdhlúite i gcomhair Staidrimh Shóisialta Eorpaigh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bailiúcháin sonraí bunaithe ar shuirbhéanna agus ar riarachán agus tacar coiteann de chroí-athróga;

 forbairt bunsuirbhéanna sóisialta lena soláthraítear sonraí (lena n-áirítear micreashonraí) ar dhaoine agus ar theaghlaigh sruthlínithe agus comhlánaithe le bailiúcháin micreashonraí breise níos lú minicíochta;

 staidreamh a sholáthar maidir le hoideachas agus le hoiliúint, lena n-áirítear cuíchóiriú agus nuachóiriú an tSuirbhé ar Oideachas Daoine Fásta;

▼M2

 staidreamh a sholáthar maidir le neamhionannas ioncaim, le táscairí amhail innéacs Gini agus éabhlóid na ndeicílí is fearr dáilte ioncaim lena soláthraítear táscaire ceannlíne náisiúnta inchomparáide, mar aon le sonraí ar neamhionannais i gcás rochtana ar earraí agus seirbhísí bunúsacha;

▼B

 obair mhodheolaíoch maidir le gníomhaíocht fhisiceach agus staidreamh cultúir;

 staidreamh a sholáthar maidir leis an tsábháilteacht ar an gcoireacht; maidir leis an tsláinte agus mar a aontaíodh faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair ( 4 ); agus maidir le míchumas;

▼M2

 gníomhaíochtaí an chláir oibre a chur chun feidhme maidir le staidreamh imirce a phríomhshruthú, agus dúshláin nua, forbairtí idirnáisiúnta go háirithe, á gcur i gcuntas;

 réamh-mheastachán daonra a sholáthar agus nuashonruithe bliantúla a dhéanamh orthu;

 forbairt na dtáscairí cuimsitheacha maidir le staid na n-imirceach san Aontas;

 tuilleadh comhair le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí speisialaithe maidir le staid na dteifeach;

 forbairt modheolaíochta i gcás suirbhé deonach maidir le foréigin bunaithe ar inscne, i gcomhar leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha a ghníomhaíonn sa réimse seo;

 comhbhonn dlíthiúil a chur i bhfeidhm i gcomhair staidrimh shóisialta agus chun comh-bhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh;

▼B

 táscairí cáilíochta beatha a sholáthar chun dul chun cinn sochaithe a thomhas; agus

 ullmhúcháin an chéad bhabhta daonáirimh eile (atá sceidealaithe le haghaidh 2021).

3.3.    Staidreamh geospásúil, comhshaoil, talmhaíochta agus staidreamh earnálacha eile

A bhuí le staidreamh a chomhcheangal le sonraí spásúil agus le hanailís gheospásúil beidh deiseanna nua ann, ar deiseanna iad a dhéanfaidh CSE iad a fhiosrú tuilleadh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha, amhail rúndacht agus bailíocht staidrimh maidir le meastacháin achair bhig.

Amach anseo, beidh staidreamh fuinnimh agus iompair ríthábhachtach chun tacú le hEoraip 2020 agus beartas maidir le hathrú aeráide.

▼M2

Réimse tábhachtach beartais de chuid an Aontais a bheidh sa talmhaíocht fós. Sa Chomhbheartas Talmhaíochta, leagtar béim ar an riachtanas i gcomhair táirgeadh inmharthana bia, i gcomhair bhainistíocht inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus na gníomhaíochta ar an aeráid agus i gcomhair forbairt chothromaithe chríochach ar phríomhchuspóirí an bheartais sin iad. Cuirfear béim ar ghnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol, le bithéagsúlacht/éiceachóras, le heacnamaíocht, le sláinte agus sábháilteacht an duine agus leis an tsochaí.

▼B

▼M2

Tacú le déanamh beartas atá bunaithe ar fhianaise trí bhreis úsáide agus úsáid níos solúbtha a bhaint as faisnéis spásúil mar aon le faisnéis staidrimh shóisialta, chríche, eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcomhair réigiún, tíopeolaíochtaí réigiúnacha, cathracha agus mhéid an uirbithe.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 tuilleadh forbartha, cothabhála agus úsáide a bhaint as an mBonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (Inspire), arna bhunú le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus go háirithe geothairseach an Aontais;

 raon faisnéise geografaí a bheith ar fáil a bhuí le comhar le cláir de chuid an Aontais le haghaidh suirbhéanna ar úsáid talún agus cianbhraiteacht; agus

 sonraí staidrimh a chomhtháthú más ábhartha, chun bonneagar solúbtha ilfhoinsí a chruthú d’fhonn anailís spásúil/ama spriocdhírithe a sholáthar;

▼M2

 staidreamh a chur chun feidhme maidir le húsáid talún agus clúdach talún; agus

 sonraí staidrimh a chomhordú i gcomhair réigiún, cathracha agus tíopeolaíochtaí críche.

▼B

Staidreamh comhshaoil a sholáthar chun tacú le próiseas ceaptha beartais an Aontais.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 Sraith príomhstaidrimh chomhshaoil maidir le hacmhainní, amhail dramhaíl agus athchúrsáil, uisce, fosuithe amhábhar, seirbhísí éiceachórais agus bithéagsúlacht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnacha más féidir, agus sraith príomhstaidrimh a bhaineann le hathrú aeráide chun tacú le gníomhaíochtaí maolaithe agus oiriúnaithe agus beartais ar gach leibhéal ábhartha ón leibhéal áitiúil go leibhéal an Aontais.

Staidreamh fuinnimh agus iompair a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais.

▼M2

I gcomhréir le tosaíocht ón gCoimisiún a bhaineann leis an “Aontas Fuinnimh Eorpach”, agus a mhéid is mó is féidir a bhunófar ar shonraí láithreacha, díreofar go sonrach ar staidreamh a bhaineann le tomhaltas fuinnimh, le héifeachtúlacht fuinnimh, le cineálacha in-athnuaite fuinnimh, le spleáchas fuinnimh agus le slándáil an tsoláthair agus an geilleagar ciorclach. Ina theannta sin, beidh ar staidreamh fuinnimh tacú le creat 2030 um an aeráid agus fuinneamh, arb é an aidhm atá leis geilleagar agus córas fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos iomaíche, níos daingne agus níos inbhuanaithe.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí staidreamh a tháirgeadh agus a scaipeadh faoi na nithe seo a leanas:

 fuinneamh in-athnuaite;

 spáráil fuinnimh/éifeachtúlacht fuinnimh; agus

 sábháilteacht iompair, soghluaisteacht phaisinéirí, tomhas tráchta ar bhóithre agus iompar lasta idirmhódúil; agus

▼M2

 spleáchas fuinnimh agus slándáil an tsoláthair.

▼B

▼M2

Staidreamh talmhaíochta, iascaigh agus foraoiseachta a sholáthar chun na comhbheartais talmhaíochta agus iascaigh a fhorbairt agus chun faireachán a dhéanamh orthu, staidreamh lena léireofar príomhchuspóirí straitéiseacha de chuid an Aontais a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomh maith le forbairt tuaithe trí ghníomhaíochtaí rialta a dhéanamh a bhaineann le staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann le staidreamh talmhaíochta a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le REFIT, ar hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí.

▼B

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 bailiú na sonraí talmhaíochta a athbhreithniú agus a shimpliú i gcomhréir leis an athbhreithniú ar an gcomhbheartas talmhaíochta tar éis 2013;

 bailiú sonraí talmhaíochta a athcheapadh, go háirithe chun na críche cáilíocht a fheabhsú agus amlíne na sonraí a sholáthar;

 an córas bainistithe sonraí maidir le húsáid/cumhdach talún a athbhreithniú go cuimsitheach agus córas nua ar an mbonn sin a mhionsaothrú agus a chur chun feidhme;

 an córas bailithe sonraí maidir le táscairí comhsheasmhacha comhshaol talmhaíochta a chur chun feidhme, bunaithe ar shonraí atá ann cheana nuair is féidir;

 miondealuithe iomchuí de réir réigiúin a sholáthar; agus

 sraith príomhshonraí foraoiseachta as Cuntasaíocht Chomhtháite Comhshaoil agus Eacnamaíoch don Fhoraoiseacht a chur chun feidhme agus a scaipeadh, amhail an t-achar foraoisí, méid agus luach an adhmaid coille agus cuntais eacnamaíochta don fhoraoiseacht agus don lománaíocht;

▼M2

 ullmhú agus cur chun feidhme an daonáirimh talmhaíochta atá sceidealta do 2020; agus

 comhbhonn dlíthiúil a chur i bhfeidhm i gcomhair staidrimh a bhaineann leis an talmhaíocht agus chun comh-bhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh.

▼B

II.    STAIDREAMH EORPACH A THÁIRGEADH

▼M2

Tá roinnt dúshlán ag bagairt ar CSE faoi láthair. Tá ag méadú ar na hionchais maidir le raon feidhme, cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh Eorpaigh. Tá réaltacht chasta anois ann i dtaca leis an domhandú, ar réaltacht í nach mór í a ghabháil le staidreamh oifigiúil agus a chruthaíonn dúshláin ó thaobh na modheolaíochta de. Baineann acmhainneacht leis an bhfáil a bhíonn ag síormhéadú ar shonraí ó sholáthraithe príobháideacha agus poiblí maidir le tráthúlacht agus ábharthacht an staidrimh oifigiúil a fheabhsú agus leis an ualach freagartha a laghdú. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus srianta ar acmhainní ag bagairt ag an am céanna, déanfaidh an Córas Staidrimh Eorpach cur chun feidhme de réir a chéile ar spriocanna straitéiseacha atá sainithe i bhFís 2020 CSE, agus forbairt á déanamh ar chur chuige iomlánaíoch chun gnóthachain cháilíochta agus éifeachtúlachta a shroicheadh:

 páirt réamhghníomhach a ghlacadh in idirphlé rialta le húsáideoirí chun tuiscint níos doimhne a fháil ar a riachtanais, agus aitheantas á thabhairt dó go bhfuil riachtanais dhifriúla, ar gá aghaidh a thabhairt orthu go ceart, ag grúpaí úsáideoirí difriúla;

 táirgí agus seirbhísí ardcháilíochta a chur ar fáil agus cur chuige cáilíochta a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht, eagrú agus rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh;

 táirgí agus seirbhísí staidrimh a bhunú ar shuirbhéanna traidisiúnta agus ar fhoinsí eile, lena n-áirítear sonraí riaracháin, sonraí geospásúla agus, nuair is féidir, mórshonraí;

 Chun rochtain a fháil ar fhoinsí nua sonraí, modhanna a chruthú agus teicneolaíocht oiriúnach a aimsiú d'fhonn úsáid a bhaint as na foinsí sin sonraí chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar shlí iontaofa;

 éifeachtúlacht an táirgthe staidrimh a fheabhsú trí chomhroinnt faisnéise, eispéireas agus modheolaíochtaí a dhianú a thuilleadh agus trí uirlisí, sonraí, seirbhísí agus acmhainní a chomhroinnt i gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh bonn cirt faoi. Beidh an comhar bunaithe ar chaighdeáin chomhaontaithe agus ar chomhghnéithe de bhonneagar teicneolaíochta agus staidrimh;

 straitéis scaipthe agus chumarsáide a chur chun feidhme i gcás staidreamh Eorpach, ar straitéis í atá solúbtha go leor chun oiriúnú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena dtugtar treoir i ré na réabhlóide sonraí agus atá ina colún iontaofa den daonlathas.

▼B

1.    Bainistíocht cáilíochta sa cse

Cuspóir 1.1

Córas bainistíochta cáilíochta i CSE arna bhunú ar Chód Cleachtais a chur chun feidhme.

Comhroinnt dea-chleachtas a neartú i gcur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus a áirithiú go ndíríonn an tuairisciú cáilíochta ar riachtanais dhifriúla úsáideoirí.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

▼M2

 sásra nua dearbhaithe cáilíochta a thabhairt isteach atá comhtháite, éifeachtach agus oiriúnach don fheidhm agus atá bunaithe ar an gCód Cleachtais agus ar Chreat Dearbhú Cáilíochta CSE;

 measúnú ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais;

▼B

 creata dearbhaithe cáilíochta CSE agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a ailíniú;

 freastail ar riachtanais úsáideoirí maidir le tuairisciú ardcháilíochta; agus

 tuarascálacha cáilíochta i réimsí éagsúla staidrimh ar leibhéal an Aontais a chaighdeánú.

2.    Tosaíochtaí a shocrú agus simpliú

Tá dúshlán mór roimh CSE: conas staidreamh Eorpach ardcháilíochta a sholáthar chun na riachtanais mhéadaitheacha do staidreamh a chomhlíonadh i gcomhthéacs buiséad Ballstát atá laghdaithe go suntasach agus beartais fáis nialasaigh d’acmhainní daonna ag an gCoimisiún agus sna Ballstáit, a dhéanfaidh, do chomhlachtaí áirithe, laghdú iarbhír ina n-acmhainní daonna. I bhfianaise na srianta seo ar acmhainní ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta, tá sé tábhachtach bearta socraithe tosaíochtaí agus simpliúcháin a neartú, rud a éilíonn tiomantas chomhpháirtithe uile CSE. Tugadh isteach meicníocht socraithe tosaíochtaí mar chuid chomhtháite d’ullmhú na gclár oibre bliantúil agus cuirfear chun feidhme í ar feadh ré an chláir. Is éard atá i gceist leis seo, as measc rudaí eile, athbhreithniú bliantúil ar na ceanglais staidrimh atá ann cheana, a ghlacfaidh a phointe imeachta i dtionscnaimh a mholfaidh an Coimisiún chun laghdú a dhéanamh ar cheanglais staidrimh a thugann aird ar leasanna úsáideoirí, táirgeoirí agus freagróirí. Ba cheart an próiseas a shaothrú i ndlúthchomhar le húsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh.

Cuspóir 2.1

Sásra socraithe tosaíochtaí do CSE a chur chun feidhme chun na ceanglais tuairiscithe a shimpliú agus chun coigeartú do riachtanais nua le staidreamh agus srianta na dtáirgeoirí agus an t-ualach freagartha agus riachtanais úsáideoirí á gcur san áireamh.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 tosaíochtaí agus dáileadh acmhainní i gcomhréir leis na tosaíochta sin a shainmhíniú;

 tosaíochtaí do CSE arna sainmhíniú mar chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9;

 torthaí comhairliúchán le húsáideoirí agus táirgeoirí sa chlár oibre bliantúil a chur san áireamh; agus

 réimsí staidrimh atá le simpliú agus bailiú sonraí atá le laghdú/scor díobh a chur i bhfios d’úsáideoirí.

3.    Staidreamh ilchuspóireach agus gnóthachain éifeachtúlachta sa táirgeadh

Cuspóir 3.1

Ailtireacht ghnó CSE a chur ar bun de réir a chéile lenar féidir staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhealach níos comhtháite agus costais arna nginiúint sa CSE trí chur chun feidhme a chur san áireamh; modhanna táirgthe staidrimh agus meiteashonraí a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú; cur le comhtháthú cothrománach (ar fud na réimsí staidrimh) agus ingearach (ar fud chomhpháirtithe CSE) na bpróiseas táirgthe staidrimh sa CSE i leith phrionsabal na coimhdeachta; ilfhoinsí sonraí a úsáid agus a chomhtháthú; staidreamh ilchuspóireach a sholáthar. Tabharfar aird ar leith ar shaincheisteanna rúndachta a bheidh ann le húsáid mhéadaithe, athúsáid agus malartú micreashonraí agus taifid riaracháin.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 úsáid níos mó a bhaint as sonraí iomchuí riaracháin sna réimsí staidrimh uile;

 foinsí nua sonraí le haghaidh staidrimh Eorpaigh a aithint agus a úsáid;

 rannpháirteachas méadaithe an Choimisiúin (Eurostat), agus údaráis staidrimh náisiúnta i gceapadh na dtaifead riaracháin;

 úsáid níos forleithne a bhaint as comhoiriúnú staidrimh agus teicníochtaí nasctha sonraí chun an tairiscint staidrimh Eorpaigh a mhéadú;

 úsáid an chur chuige Eorpach maidir le staidreamh do fhreagairt thapa beartais i gcásanna sonracha agus cuí-réasúnaithe a úsáid;

 modhanna táirgthe staidrimh Eorpaigh a chomhtháthú níos mó trí ghníomhaíochtaí comhordaithe CSE;

 coincheapa staidrimh a chomhchuibhiú tuilleadh ar fud na réimsí staidrimh;

 bonneagar tagartha TF solúbtha agus caighdeáin theicniúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht, comhroinnt sonraí agus meiteashonraí, agus samhaltú sonraí a fheabhsú;

 uirlisí TF caighdeánacha a úsáid ar fud na bpróiseas gnó staidrimh;

 caighdeáin mhodheolaíocha a fhorbairt chun úsáid agus infhaighteacht a mhéadú do mhodheolaíochtaí comhchuibhithe (lena n-áirítear nósanna measctha cur chuige maidir le bailiú sonraí) agus meiteashonraí comhchuibhithe;

 ról na gclár gnó staidrimh a neartú mar ionad ina gcothabháiltear na haonaid staidrimh don staidreamh uile a bhaineann le gnó agus ina n-úsáidtear é mar fhoinse do na cuntais náisiúnta; agus

 soláthar meiteashonraí a fheabhsú, eadhon faisnéis chúlra maidir le conas a bhailítear sonraí, cáilíocht na sonraí agus conas sonraí a dhéanamh níos intuigthe d’úsáideoirí.

Cuspóir 3.2

Dea-fheidhmiú agus comhleanúnachas CSE a áirithiú trí chomhar agus cumarsáid éifeachtach.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 tacaíocht éifeachtach agus éifeachtúil do chomhpháirtíocht sa CSE;

 próisis maidir le comhroinnt ualaigh agus oibre laistigh de CSE a shainmhíniú agus a chur chun feidhme; agus

 líonraí comhoibríochta a fhorbairt tuilleadh agus a dhéanamh oibríochtúil.

4.    Scaipeadh agus cumarsáid

Cuspóir 4.1

▼M2

Ba cheart go mbeadh saoránaigh Eorpacha ábalta tarraingt go héasca agus gan constaicí ar staidreamh Eorpach chun cumasú dóibh na sonraí sin a úsáid dá n-oideachas agus dá gcinnteoireacht. Cuirfear an cuspóir sin chun feidhme trí úsáideoir-chairdiúlacht an staidrimh Eorpaigh a fheabhsú agus trí rochtain ar shonraí a éascú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar aisghabhálacht éasca agus ar chomhshó sonraí staidrimh d'úsáid phraiticiúil, lena n-áirítear trí ghraif agus léarscáileanna. Ba cheart go mbainfeadh níos mó saoránach leas as staidreamh Eorpach chun cur go héifeachtach le feabhsú scaipeadh faisnéise staidrimh ar fud an tsochaí.

▼B

CSE a bheith ina chéad fhoinse sonraí maidir le staidreamh Eorpach do na húsáideoirí uile agus, go háirithe, do lucht cinnteoireachta poiblí agus príobháideach, trí sheirbhís faisnéise staidrimh ardcháilíochta, arna bunú ar phrionsabail na rochtana saoire agus éasca ar staidreamh Eorpach, a sholáthar.

An t-agallamh idir úsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh a threisiú agus a leathnú chun riachtanais na n-úsáideoirí maidir le staidreamh ardcháilíochta a chomhlíonadh. Tá rannpháirteachas luath úsáideoirí i bhforbairtí nua fíor-riachtanach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht CSE a fheabhsú.

Raon na dtáirgí scaipthe a leathnú agus a chuíchóiriú chun riachtanais na n-úsáideoirí a úsáideann teicneolaíochtaí nua a chomhlíonadh.

Bonneagar cost-éifeachtúil, comhtháite agus slán a bhunú laistigh de CSE chun rochtain a fháil ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 CSE a aithint mar an chéad phointe tagartha d’úsáideoirí staidrimh Eorpaigh;

 bonneagar slán comhtháite a bheith curtha ar bun chun rochtain a fháil ar mhicreashonraí an Aontais;

 córas a bheith curtha ar bun chun díriú ar iarrataí na n-úsáideoirí ar rochtain láithreach ar fhaisnéis staidrimh agus ar chomhairle chun í a léirmhíniú;

 táirgí scaipthe a bheith coigeartaithe do riachtanais na n-úsáideoirí a úsáideann teicneolaíochtaí nua;

 líon méadaithe aschur staidrimh maidir le saincheisteanna trasearnálacha;

 úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí nua cumarsáide agus scaipthe (mar shampla, bunaithe ar SDMX);

 tairiscint mhéadaithe tacar micreashonraí chun críocha taighde staidrimh i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlí náisiúnta maidir le rúndacht sonraí; agus

 tacair sonraí a ullmhú chun úsáid sonraí staidrimh chun críocha oideachais agus taighde a éascú; agus

▼M2

 riachtanais sonraí reatha agus todhchaíocha a shainaithint chun táirgí agus seirbhísí atá ilchuspóireach agus oiriúnaithe i gcomhair úsáideoirí deiridh a chur ar fáil.

▼B

5.    Oiliúint, nuálaíocht agus taighde

Cuspóir 5.1

Riachtanais foghlama agus forbartha sa CSE a shásamh bunaithe ar chomhcheangal cúrsaí oiliúna agus deiseanna foghlama agus forbartha.

An comhar idir comhaltaí CSE a fheabhsú ar mhaithe le haistriú eolais agus dea-chleachtais agus cur chuige nuálacha coiteanna a chomhroinnt agus a chur chun feidhme sa táirgeadh staidrimh.

Gníomhaíochtaí, rannpháirteachas agus rannchuidiú na bpobal taighde a eagrú chun na slabhraí táirgthe staidrimh agus cáilíocht na faisnéise staidrimh oifigiúla a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 iarchéim (e.g. Máistreacht sa Staidreamh Oifigiúil) a fhorbairt;

 cláir oiliúna a thairiscint a dhíríonn ar riachtanais na n-úsáideoirí agus saoránaigh eile;

 cur i bhfeidhm níos leithne ar thorthaí tionscnamh taighde i dtáirgeadh staidrimh agus i scaipeadh staidrimh;

▼M2

 riachtanais a anailísiú i gcomhair scileanna nua a bhaineann le heolaíocht sonraí agus a chomhtháthú isteach i gcláir oiliúna;

▼B

 CSE a aithint mar phointe tagartha do phobail taighde staidrimh;

 rannpháirteachas leathan na bpobal taighde i ngníomhaíochtaí taighde sa staidreamh oifigiúil; agus

 uirlisí leormhaithe a chur ar bun ar mhaithe le malartú cleachtas agus cur chun feidhme réiteach coiteann sa CSE.

III.    COMHPHÁIRTÍOCHT

1.    Comhpháirtíocht laistigh de cse agus lasmuigh de

De réir mheon na comhpháirtíochta, is iad na húdaráis náisiúnta staidrimh agus an Coimisiún (Eurostat) atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Cuspóir 1.1

An creat rialachais CSE feabhsaithe a chur chun feidhme.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme trí chur chun feidhme an athbhreithnithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus cur chun feidhme Chinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le Eurostat ( 6 );

Cuspóir 1.2

Ról comhordúcháin an Choimisiúin (Eurostat) mar Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 an Coimisiún (Eurostat) a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh uile an Choimisiúin maidir le gnéithe staidrimh ag céim luath; agus

 agallaimh rialta le geallsealbhóirí ar leibhéal ardbhainistíochta.

Cuspóir 1.3

An comhar le CEBC agus leis na heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa táirgeadh sonraí chun críoch staidrimh agus riaracháin a neartú trí chomhthionscadail agus forbairtí comhordaithe. Comhsheasmhacht idir caighdeáin an Aontais agus idirnáisiúnta a áirithiú.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 creat coiteann cáilíochta do CSE agus do CEBC a chur chun feidhme;

 an Coimisiún (Eurostat) a bheith rannpháirteach go méadaitheach i ngrúpaí comhairleacha idirnáisiúnta;

 modhanna nua comhair a shainmhíniú agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar forbairtí staidrimh a chomhordú i gceart idir eagraíochtaí idirnáisiúnta agus go ndéanfar an obair a leithdháileadh go héifeachtúil; agus

 Córas na gCuntas Náisiúnta nua de chuid na Náisiún Aontaithe, CSE, Córas Cuntas Comhshaoil agus Eacnamaíoch de chuid na Náisiún Aontaithe, Cuntais Eacnamaíocha Eorpacha an Chomhshaoil, agus lámhleabhair um Chomhardú Íocaíochtaí a chur chun feidhme.

Cuspóir 1.4

Gníomhaíochtaí comhairleacha staidrimh agus cúnaimh staidrimh a chur chun cinn i dtíortha lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le tosaíochtaí beartas eachtrach an Aontas agus béim ar leith ar mhéadú agus ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

 ceannaireacht CSE a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta;

 sonraí críocha bheartas eachtrach an Aontais a sholáthar;

 tacaíocht do sheirbhísí de chuid an Choimisiúin chun beartais forbartha agus comhair idirnáisiúnta a chur chun feidhme, ina gcaidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus in ábhair leasa choitinn maidir le staidreamh le réigiúin nó le tríú tíortha;

 sonraí staidrimh ábhartha chun tacú leis an bpróiseas méadaithe agus leis na caibidlíochtaí a scaipeadh;

▼M2

 feasacht shaoránaigh Eorpacha a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann le staidreamh oifigiúil agus le cur in iúl an staidrimh sin do gach geallsealbhóir tríd an Lá Eorpach um Staidreamh a cheiliúradh an 20 Deireadh Fómhair gach bliain;

 sonraí ábhartha staidrimh a scaipeadh chun tacú le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus leis na Comhaontuithe Comhlachais faoi seach;

 luachanna agus tionscnaimh Eorpacha a chur chun cinn, amhail an Cód Cleachtais, Creat Dearbhaithe Cáilíochta CSE, agus cineálacha cur chuige maidir le caighdeánú agus comhchuibhiú i leith tríú tíortha agus réigiún;

▼B

 iarrataí ar mhaoluithe ó Bhallstáit nua as a dtiocfadh neamhfháil sonraí a íoslaghdú;

 comhaontuithe agus Meabhráin Chomhthuisceana a bhunú le tríú tíortha;

 cláir um chomhar teicniúil a dhearadh agus a chur chun feidhme;

 cúnamh teicniúil a dhíriú ar chomhchuibhiú agus seachadadh sonraí; agus

 gníomhaíochtaí comhair agus comhordaithe a fheabhsú i measc chomhaltaí CSE.



( 1 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 3 ) IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.

( 4 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 70.

( 5 ) IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.

( 6 ) IO L 251, 18.9.2012, lch. 49.