28.10.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C 382/1


GLAO AR THOGRAÍ — EACEA/31/2014

An Clár Erasmus+, Príomhghníomhaíocht 3 — Tacaíocht d'Athchóiriú Beartas

Comhar na Sochaí Sibhialta i réimse an Oideachais agus na hOiliúna agus na hÓige

(2014/C 382/01)

RÉAMHRÁ

Is den bhunriachtanas é an comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige chun meon leathan úinéireachta a chruthú i dtaca le straitéisí agus beartais foghlama ar feadh an tsaoil, agus chun tuairimí agus ábhair chúraim na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh ar gach leibhéal. Baineann tábhacht leis ó thaobh feasacht a spreagadh i ndáil leis an straitéis An Eoraip 2020 maidir le fás agus le poist, leis an gCreat Straitéise le haghaidh comhar Eorpach maidir le hOideachas agus le hOiliúint (ET2020), le cláir oibre beartais ar leith ar nós phróiseas Bologna san Ardoideachas nó phróiseas Brugge-Chóbanhávan i nGairmoideachas agus gairmoiliúint, chomh maith le Straitéis Óige AE. Tá sé ríthábhachtach i ndáil le rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara a chinntiú maidir le cur chun feidhme athchóirithe beartais sna tíortha éagsúla, d'fhonn a rannpháirtíocht sa Chlár Erasmus+ agus i gCláir Eorpacha eile a chur chun cinn agus d'fhonn torthaí beartais agus cláir agus an dea-chleachtas a scaipeadh trína líonraí fairsinge ballraíochta.

Faoina chuimsiú sin, cuirfear cistiú ar fáil trí bhíthin an Ghlao seo ar Thograí tríd an dá Bheart seo a leanas:

1.

Comhar na Sochaí Sibhialta i réimse an Oideachais agus na hOiliúna (Beart 1)

2.

Comhar na Sochaí Sibhialta i réimse na hÓige (Beart 2)

Tabhair do d'aire, le do thoil, nach gceadaítear d'eagraíocht ach aon iarratas amháin a chur isteach faoin Ghlao seo ar thograí, le haghaidh Bheart 1 nó le haghaidh Bheart 2. Ní féidir iarratas a chur isteach ar an dá cheann.

COMHGHNÉITHE A BHAINEANN LEIS AN DÁ BHEART

1.   Cuspóirí ginearálta

Is é is cuspóir don Ghlao seo tacaíocht struchtúrtha, dá ngairtear deontas oibriúcháin, a chur ar fáil d'eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha (ENREanna) agus do líonraí ar fud an AE atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna nó i réimse na hóige, agus atá ag saothrú ar mhaithe le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

cur le feasacht na bpáirtithe leasmhara ar chláir oibre beartais Eorpacha i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, go háirithe An Eoraip 2020, Oideachas agus Oiliúint 2020, cláir oibre beartais shonracha ar nós phróiseas Bologna nó phróiseas Brugge-Chóbanhávan, chomh maith le Straitéis Óige AE;

cur le tiomantas na bpáirtithe leasmhara agus leis an gcomhar le húdaráis phoiblí ar mhaithe le cur chun feidhme na mbeartas agus na n-athchóirithe i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, amhail cur chun feidhme na moltaí is sonrach do thír áirithe, a eisíodh faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh;

breis rannpháirtíochta a bheith ag páirtithe leasmhara i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige;

breis rannpháirtíochta a bheith ag páirtithe leasmhara maidir le scaipeadh gníomhaíochtaí agus gníomhartha agus torthaí na gClár agus scaipeadh an dea-chleachtais i measc a gcuid ball agus níos forleithne ná sin.

Ba cheart na cuspóirí sin a bheidh leabaithe go soiléir i bpleananna oibre, gníomhaíochtaí agus spriocanna inghnóthaithe na n-eagraíochtaí is iarratasóirí.

2.   Incháilitheacht

2.1.   Iarratasóirí incháilithe

Tá an Glao seo oscailte do dhá chatagóir comhlachta:

—   Catagóir 1: eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha i réimse an oideachais agus na hoiliúna nó i réimse na hóige;

—   Catagóir 2: líonraí ar fud an AE i réimse an oideachais agus na hoiliúna nó i réimse na hóige.

Ní fhéadfaidh eagraíocht ach aon iarratas amháin a chur isteach, le haghaidh chatagóir 1 nó le haghaidh chatagóir 2.

Chun a bheith incháilithe, ní mór d'iarratasóir:

a bheith ina eagraíocht neamhrialtasach;

a bheith ina eagraíocht neamhbhrabúis;

Féach ar na sainmhínithe mionsonraithe ar an dá chatagóir iarratasóirí incháilithe atá curtha ar fáil faoi gach Beart.

Níl Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ ná eagraíochtaí a bhfuil mórchuid a mball ina nGníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ (2/3 nó níos mó) incháilithe faoin nGlao seo.

2.2.   Tíortha incháilithe

Tá iarratais ó eintitis dhlíthiúla a bunaíodh i gceann de na tíortha seo a leanas incháilithe:

Ballstáit de chuid AE: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ostair, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir;

Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá ina gcuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE): an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin;

Maidir le tíortha is iarrthóirí a bhfuil straitéis réamhaontachais bunaithe ina leith, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos sna comhaontuithe réime a rinneadh leis na tíortha sin ag féachaint do rannpháirtíocht a bheith acu i gCláir de chuid AE: Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus an Tuirc.

3.   Socruithe cistiúcháin

Faoin nglao reatha ar thograí, tugtar an deis iarratas a dhéanamh orthu seo a leanas:

Comhaontuithe Réime Comhpháirtíochta (le haghaidh Bheart 1 agus Bheart 2), agus

Deontais Oibriúcháin Bhliantúla (Beart 2 — an Óige amháin). Sa chás seo, ní fhéadfaidh eagraíocht ach aon iarratas amháin a chur isteach, le haghaidh Comhaontú Réime Comhpháirtíochta nó le haghaidh Deontas Oibriúcháin Bliantúil.

3.1.   Comhaontú Réime Comhpháirtíochta

Clúdaíonn Comhaontuithe Réime Comhpháirtíochta comhar fadtéarmach ar leibhéal na hEorpa. Faoin gcineál comhaontaithe sin, cuirtear comhpháirtíocht ar bhonn foirmiúil ar feadh trí bliana.

Ní mór go n-áireofaí iad seo a leanas le hiarratais le haghaidh Comhaontú Réime Comhpháirtíochta:

clár oibre mionsonraithe 12 mhí (clár oibre bliantúil) don bhliain 2015 mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun an deontas a ríomh (féach ar na Treoirlínte d'Iarratasóirí, cuid 11.2);

plean gníomhaíochta trí bliana a chlúdaíonn an tréimhse 2015-17.

Ba chóir go leagfaí amach sa phlean gníomhaíochta straitéis lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuil súil leo agus spriocanna inghnóthaithe don tréimhse 2015-17, ar bhonn domhanda agus maidir le gach ceann de na trí bliana, chomh maith leis na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme d'fhonn a ráthú go mbainfear amach iad.

Ní mór go mbeadh an clár oibre bliantúil bunaithe ar an bplean gníomhaíochta atá leagtha amach don tréimhse 2015-17 agus beidh sé ina bhunús do bhronnadh deontais oibriúcháin bhliantúil ar leith maidir le gach ceann de na trí bliana buiséid lena mbaineann. Ba chóir an chomhsheasmhacht agus an chomhlántacht idir na gnéithe ilbhliantúla agus na gnéithe bliantúla den chlár a léiriú go soiléir.

3.2.   Deontas Oibriúcháin Bliantúil (nach mbaineann ach le Beart 2 — an Óige)

Dírítear na Deontais Oibriúcháin Bhliantúla ar chomhar ghearrthéarmach ar leibhéal na hEorpa.

Ní mór go n-áireofaí le hiarratais ar Dheontais Oibriúcháin Bhliantúla clár oibre mionsonraithe 12 mhí (clár oibre bliantúil) don bhliain 2015 mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun an deontas a ríomh.

4.   Na critéir dámhachtana

Déanfar cáilíocht na n-iarratas incháilithe a mheas de réir na gcritéar seo a leanas (1):

Ábharthacht (30 pointe ar a mhéad);

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an phlean oibre (20 pointe ar a mhéad);

Próifíl, líon na rannpháirtithe agus na dtíortha atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí (20 pointe ar a mhéad);

Tionchar, scaipeadh agus inbhuanaitheacht (30 pointe ar a mhéad).

Ionas go mbreithneofaí iad i gcomhair cistithe, ní mór go mbainfeadh tograí amach scór

60 pointe san iomlán ar a laghad agus

ar a laghad leath den líon uasta pointí i ngach ceann de na critéir dámhachtana a luaitear thuas (15 phointe i gcomhair na gcritéar “Ábharthacht” agus “Tionchar, scaipeadh agus inbhuanaitheacht”, 10 bpointe i gcomhair na gcritéar “Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an phlean oibre” agus “Próifíl, líon na rannpháirtithe agus na dtíortha atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí”).

5.   An buiséad

Tá an Glao seo ar thograí dírithe ar eagraíochtaí a roghnú lena ndéanfar comhaontuithe um dheontas oibriúcháin bliantúil a chlúdóidh an bhliain bhuiséid 2015.

Is ionann an buiséad iomlán arna leithdháileadh sa bhliain 2015 don ghlao reatha (Beart 1 agus Beart 2) agus EUR 6 300 000.

Coinníonn an Ghníomhaireacht an ceart aici féin gan na cistí ar fad a bhfuil fáil orthu a leithdháileadh.

6.   Iarratais a sheoladh isteach

Ní mór iarratais a dhéanamh trí fhoirm iarratais ar líne um dheontais (ríomhfhoirm).

Tá an ríomhfhoirm ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ag an seoladh Idirlín seo a leanas:

http://eacea.ec.europa.eu/erasmus-plus/funding/eacea312014-civil-society-cooperation_en

agus ní mór í a chomhlánú i gceann de theangacha oifigiúla AE.

Ní mór an ríomhfhoirm chomhlánaithe a chur isteach ar líne faoin 17/12/2014, 12.00 (meán lae, am na Bruiséile) agus ní mór go n-áireofaí léi an iarscríbhinn ábhartha (2):

Dearbhú ar bhriathar

Ní mór iarscríbhinní breise éigeantacha (3) a chur ar an ríomhphost chuig an nGníomhaireacht roimh an spriocdháta céanna.

7.   Faisnéis bhreise

Ní mór d'iarratasóirí na forálacha a chomhlíonadh atá sna Treoracha d'Iarratasóirí — Glao ar thograí EACEA/31/2014, atá ar fáil ar an Idirlíon ag an seoladh seo a leanas:

http://eacea.ec.europa.eu/erasmus-plus/funding/eacea312014-civil-society-cooperation_en

GNÉITHE SONRACHA

BEART 1

Comhar na Sochaí Sibhialta: Oideachas agus Oiliúint

1.   Cuspóirí sonracha

Is é a bhfuiltear ag súil leis ó na heagraíochtaí atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna ná straitéisí agus gníomhaíochtaí atá nuálach, spriocdhírithe agus cruthaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach athchóirithe agus gníomhartha sna réimsí seo a leanas:

Feabhas agus nuálaíocht a chur chun cinn, trí chineálacha cur chuige foghlama foirmiúla, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla agus soláthar inniúlachtaí bunúsacha agus trasnaí, atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir, lena n-áirítear teangacha, inniúlachtaí digiteacha agus fiontraíochta; ardú feasachta ar chineálacha cur chuige oideachais nuálacha, mar shampla Acmhainní Oideachais Oscailte agus Cúrsaí Oscailte Ollmhóra Ar Líne (MOOCanna); timpeallachtaí foghlama oscailte agus comhpháirtíochtaí páirtithe leasmhara trasearnála a chruthú;

Dul i ngleic le bac na n-ísealscileanna trí éascú a dhéanamh ar infheistíocht éifeachtach, inbhuanaithe san oideachas agus san oiliúint; anailísí agus díospóireachtaí a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach chun iniúchadh nó forbairt a dhéanamh ar chineálacha cur chuige cistiúcháin nuálacha; leibhéil ghnóthachtála a ardú agus rátaí luathfhágála a íoslaghdú; feabhas a chur ar tharraingteacht timpeallachtaí foghlama, aistrithe agus bealaí foghlama solúbtha nó malartacha a éascú; forbairt a dhéanamh ar Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint ardchaighdeáin a mbeadh foghlaim obair-bhunaithe, cúrsaí oiliúna nó printíseachtaí i gceist leo, beartais a ailíniú le straitéisí forbartha geilleagracha; cosáin cháilíochta nua i réimsí fáis féideartha nó i réimsí ina bhfuil ganntanas inniúlachta; feabhas a chur ar chomhdheiseanna um rochtain ar oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin, lena n-áirítear d'fhoghlaimeoirí a bhfuil cúlraí faoi mhíbhuntáiste acu; cineálacha cur chuige treorach agus comhairliúcháin nuálacha a chur chun cinn;

Tacú le glúin nua oideachasóirí trí fheabhas a chur ar an bpróifíl ghairmiúil atá ag múinteoirí, oiliúnóirí, oideachasóirí múinteoirí agus ceannairí scoile, trí fheabhas a chur ar roghnú, earcaíocht agus coinneáil, oideachas tosaigh éifeachtach, tacaíocht luathghairme, foghlaim agus forbairt ghairmiúil ar feadh ré na gairme, aiseolas oideolaíoch agus dreasachtaí; piarfhoghlaim agus pobail foghlama a spreagadh; feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus anailísí ar oideachas agus oiliúint;

Inniúlachtaí agus a luach a aithint trí uirlisí Eorpacha le haghaidh trédhearcachta agus trí aitheantas a thabhairt don réamhfhoghlaim — lena n-áirítear torthaí foghlama neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla — agus don taithí; inniúlachtaí níos fearr agus níos ábhartha a sholáthar do dhaoine i ngach aoisghrúpa tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear nuashonrú a dhéanamh ar inniúlachtaí na ndaoine fásta ar bheagán oiliúna agus na hinniúlachtaí sin a fheabhsú; cúrsaí a dhearadh, a sheachadadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus aird ar inniúlacht agus réamh-mheastacháin fáis agus sonraí fostaíochta; conairí foghlama idirdhisciplíneacha a fhorbairt.

Ba chóir go léireofaí go soiléir sa phlean oibre cumas agus acmhainneacht na heagraíochta chun tionchar nithiúil a bheith aici in dhá cheann de na réimsí sin ar a laghad.

2.   Comhlachtaí is iarratasóirí

Is eagraíochtaí atá de réir na sainmhínithe thíos, agus iadsan amháin, a mheasfar a bheith incháilithe faoi Bheart 1:

Catagóir 1: Eagraíocht neamhrialtasach Eorpach (ENRE)

I gcomhthéacs Bheart 1, ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh maidir le hENREanna:

Tá siad gníomhach i gcur chun feidhme an Chreata Straitéise le haghaidh comhar Eorpach maidir le hOideachas agus le hOiliúint (ET2020), in ar a laghad ceann amháin de na hearnálacha seo a leanas — oideachas agus cúram luath-óige, oideachas scoile, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint, foghlaim aosach — nó in eochair-réimse trasearnála amháin ar a laghad amhail TFC, teangacha, oideachas fiontraíochta, etc.

Déanann siad ionadaíocht ar mhórghrúpa páirtithe leasmhara amháin ar a laghad, amhail mic léinn, múinteoirí/oiliúnóirí/ceannairí scoile, soláthraithe foghlama, tuismitheoirí, etc.

Feidhmíonn siad trí struchtúr a bhfuil aitheantas foirmiúil aige, atá comhdhéanta (a) de chomhlacht/rúnaíocht Eorpach (an t-iarratasóir) atá bunaithe faoin dlí le dhá bhliain anuas ar a laghad i dTír Incháilithe ar an dáta a gcuirtear an t-iarratas isteach agus (b) d'eagraíochtaí/brainsí náisiúnta (4) in 12 Thír Incháilithe ar a laghad a bhfuil nasc reachtúil acu leis an gcomhlacht/rúnaíocht Eorpach.

Tá siad neamhspleách ar údaráis phoiblí, ar pháirtithe polaitiúla agus ar eagraíochtaí tráchtála.

Tá ball foirne amháin ar a laghad acu a fhaigheann tuarastal (coibhéis lánaimseartha).

Catagóir 2: Líonra ar fud an AE (líonra foirmiúil)

I gcomhthéacs Bheart 1, is ionann líonra ar fud an AE agus scátheagraíocht d'eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha (ENREanna mar a shainmhínítear iad i gcatagóir 1). Is é an ghné shainiúil a bhaineann le líonra ar fud an AE den sórt sin go bhfuil a bhaill féin ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha ar an leibhéal Eorpach. Ar an gcaoi sin, déanann scátheagraíocht Eorpach ionadaíocht ar líon an-mhór páirtithe leasmhara Eorpacha agus clúdaítear raon leathan réimsí beartais fúithi. Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis an scátheagraíocht:

Tá sí comhdhéanta de ENREanna atá uathrialach de réir dlí mar a shainmhínítear i gcatagóir 1 agus tá sí gníomhach i gcur chun feidhme an Chreata Straitéise le haghaidh comhar Eorpach maidir le hOideachas agus le hOiliúint (ET 2020);

Comhlíonann sí na trí riachtanas seo a leanas:

(a)

Déanann sí ionadaíocht ar níos mó ná grúpa páirtithe leasmhara ionadaíochta amháin — mar shampla: foghlaimeoirí (ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna), gairm na múinteoireachta (lena n-áirítear múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile), tuismitheoirí, etc. —

agus

(b)

tá sí gníomhach i ngach ceann de na hearnálacha seo a leanas:

oideachas agus cúram luath-óige

oideachas scoile

ardoideachas

gairmoideachas agus gairmoiliúint

foghlaim aosach

agus

(c)

tá sí gníomhach i níos mó ná mór-réimse trasearnála amháin (amhail oideachas TFC, foghlaim teanga, oideachas fiontraíochta, etc.) ina bhfuil grúpa páirtithe leasmhara ionadaíocha amháin mar a gcuirtear síos air thuas, nó níos mó ná grúpa amháin den sórt sin, páirteach.

Tá sí bunaithe ar bhonn foirmiúil, i.e. tá pearsantacht dhlítheanach aici agus tá sí cláraithe ó thaobh dlí de le dhá bhliain anuas ar a laghad i dtír Incháilithe ar an dáta a gcuirtear an t-iarratas isteach (ní mór d'iarratasóirí cóip d'airteagail chomhlachais agus teastas oifigiúil clárúcháin eagraíocht an iarratasóra a chur isteach);

Tá ar a laghad 20 balleagraíocht (ENREanna mar a shainmhínítear iad i gcatagóir 1) inti;

Tá sí neamhspleách ar údaráis phoiblí, ar pháirtithe polaitiúla agus ar eagraíochtaí tráchtála;

Tá ball foirne amháin ar a laghad aici a fhaigheann tuarastal (coibhéis lánaimseartha).

3.   Gníomhaíochtaí

Ní mór nasc díreach a bheith ag gníomhaíochtaí incháilithe le cuspóirí ginearálta agus le sainchuspóirí an Ghlao reatha agus ní mór iad a bheith mionsonraithe i gclár oibre bliantúil.

Seo a leanas liosta táscach, neamh-uileghabhálach:

gníomhaíochtaí lena n-éascaítear rochtain agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme thosaíochtaí beartais AE i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

malartuithe eispéiris agus dea-chleachtais; líonrú agus comhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara eile;

tógáil acmhainne do na balleagraíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí piarfhoghlaim, oiliúna, comhairle, treorach agus traenála chun feabhas a chur ar éifeachtacht na ngníomhartha beartais;

tionscnaimh agus imeachtaí chun forbairt a dhéanamh ar chomhaltas an ENRE/líonra ar fud an AE;

staidéir théamacha agus staidéir is sonrach do thír áirithe, anailísí, suirbhéanna agus tuarascálacha maidir le tosaíochtaí oideachais agus oiliúna AE, go háirithe faoi chuimsiú na straitéise An Eoraip 2020 (Seimeastar Eorpach, Moltaí is Sonrach do Thír áirithe) agus faoi chuimsiú an chreata straitéise ET 2020;

gníomhaíochtaí (seimineáir, ceardlanna, feachtais, cruinnithe, díospóireachtaí poiblí, comhairliúcháin, etc.) um ardú feasachta, gníomhaíochtaí faisnéise, agus gníomhaíochtaí lena ndéantar scaipeadh agus cur chun cinn ar thosaíochtaí beartais AE i réimse an oideachais agus na hoiliúna agus ar ionstraimí cistiúcháin AE (cláir Eorpacha — go háirithe Erasmus+, Cistí Struchtúrtha agus Cistí Infheistíochta na hEorpa) chun tacú leis na tosaíochtaí sin. Tugtar spreagadh do ghníomhaíochtaí lena mbunaítear sineirgí idir Erasmus+ agus foinsí cistiúcháin eile de chuid AE nó foinsí cistiúcháin náisiúnta nó réigiúnacha.

tionscadail chomhoibrithe chun cur le tionchar beartais ar spriocghrúpaí agus/nó ar chórais;

Is féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ar leibhéal Eorpach, trasteorann, náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal áitiúil

4.   An buiséad

Is é EUR 2 500 000 buiséad iomlán AE in 2015 chun cómhaoiniú a dhéanamh ar chomhar na sochaí sibhialta i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

Mar léiriú:

Dáilfear tuairim is 90 % den bhuiséad atá ar fáil sa snáithe Oideachais agus Oiliúna ar chomhlachtaí (ENREanna) faoi chatagóir 1;

Dáilfear tuairim is 10 % den bhuiséad atá ar fáil sa snáithe Oideachais agus Oiliúna ar líonraí ENREanna faoi chatagóir 2.

Is é uasmhéid an deontais oibriúcháin bhliantúil in 2015 faoi Chomhaontú Réime Comhpháirtíochta trí bliana:

 

Catagóir 1: Eagraíocht neamhrialtasach Eorpach (ENRE)

EUR 125 000

 

Catagóir 2: Líonraí ar fud an AE

EUR 200 000

BEART 2

Comhar na Sochaí Sibhialta: An Óige

1.   Cuspóirí sonracha

Is é a bhfuiltear ag súil leis ó na heagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige a dtacófar leo faoin nGlao seo ná gníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar na cuspóirí seo a leanas:

infhostaitheacht daoine óga a chur chun cinn, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a chothaíonn forbairt inniúlachtaí agus scileanna trí oideachas neamhfhoirmiúil;

cumasú daoine óga sa tsochaí a chothú, agus a gcuid rannpháirtíochta sna próisis chinnteoireachta a chothú;

páirt a ghlacadh i bhforbairt phearsanta, forbairt shochoideachasúil agus forbairt ghairmiúil daoine óga san Eoraip;

páirt a ghlacadh i bhforbairt na hoibre óige ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil;

páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi agus san fhorbairt ar bheartais maidir le saincheisteanna beartais a bhfuil tionchar acu ar dhaoine óga agus ar eagraíochtaí óige ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil;

cur chun cinn a dhéanamh ar fhoghlaim idirchultúrtha, ar mheas ar an éagsúlacht agus ar luachanna na dlúthpháirtíochta, comhdheiseanna agus cearta an duine i measc daoine óga san Eoraip;

cuimsiú daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu sa tsochaí a chur chun cinn.

2.   Comhlachtaí is iarratasóirí

I gcomhthéacs chomhar na sochaí sibhialta i réimse na hóige, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

 

Catagóir 1: Ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh maidir le heagraíocht neamhrialtasach Eorpach (ENRE):

feidhmíonn sí trí struchtúr a bhfuil aitheantas foirmiúil aige, atá comhdhéanta (a) de chomhlacht/rúnaíocht Eorpach (an t-iarratasóir) atá bunaithe faoin dlí le bliain amháin anuas ar a laghad i dTír Incháilithe ar an dáta a gcuirtear an t-iarratas isteach agus (b) d'eagraíochtaí/brainsí náisiúnta (4) in 12 Thír Incháilithe ar a laghad a bhfuil nasc reachtúil acu leis an gcomhlacht/rúnaíocht Eorpach;

bíonn sí gníomhach i réimse na hóige agus bíonn sí i mbun gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun feidhme na réimsí gnímh atá i Straitéis Óige AE;

cothaíonn sí rannpháirtíocht daoine óga i mbainistiú agus i rialachas na heagraíochta.

 

Catagóir 2: Ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh maidir le líonra ar fud an AE (líonra neamhfhoirmiúil):

tá sé comhdhéanta d'eagraíochtaí neamhbhrabúis atá uathrialaitheach de réir dlí, atá gníomhach i réimse na hóige agus a chuireann ar bun gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun feidhme na réimsí gnímh atá i Straitéis Óige AE;

feidhmíonn sé trí struchtúr a bhfuil aitheantas foirmiúil aige, atá comhdhéanta (a) de chomhlacht atá bunaithe faoin dlí le bliain amháin anuas ar a laghad ar an dáta a gcuirtear an t-iarratas isteach i dTír Incháilithe ag a bhfuil feidhmeanna um chomhordú an líonra agus um thacaíocht dó ar leibhéal Eorpach (an t-iarratasóir) agus (b) d'eagraíochtaí eile atá bunaithe in 12 Thír Incháilithe ar a laghad;

cothaíonn sé rannpháirtíocht daoine óga i mbainistiú agus i rialachas an líonra.

3.   Gníomhaíochtaí

Ní mór do na comhlachtaí is iarratasóirí plean oibre comhsheasmhach a chur i láthair ina ndéanfar comhtháthú ar ghníomhaíochtaí neamhbhrabúis a bhfuil daoine óga i gceannas orthu agus atá oiriúnach chun cuspóirí an Ghlao a shaothrú.

Go háirithe:

foghlaim neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil agus cláir ghníomhaíochta atá dírithe ar dhaoine óga agus ar oibrithe óige;

gníomhaíochtaí ar mhaithe le forbairt cháilíochtúil na hoibre óige;

gníomhaíochtaí ar mhaithe le forbairt agus cur chun cinn uirlisí aitheantais agus trédhearcachta i réimse na hóige;

seimineáir, cruinnithe, ceardlanna, comhairliúcháin, díospóireachtaí daoine óga ar bheartais óige agus/nó ar ghnóthaí Eorpacha;

comhairliúcháin le daoine óga a bheidh ag cur leis an gComhphlé Stuchtúrtha i réimse na hóige;

gníomhaíochtaí ar mhaithe le cur chun cinn a dhéanamh ar rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa saol daonlathach;

gníomhaíochtaí ar mhaithe le foghlaim agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn san Eoraip;

gníomhaíochtaí agus uirlisí meáin agus cumarsáide a bhaineann le cúrsaí óige agus Eorpacha.

4.   An buiséad

Is é EUR 3 800 000 buiséad iomlán AE chun cómhaoiniú a dhéanamh ar chomhar na sochaí sibhialta i réimse na hóige.

Mar léiriú:

dáilfear tuairim is 70 % den bhuiséad atá ar fáil sa snáithe óige ar chomhlachtaí (ENREanna) faoi chatagóir 1 atá dírithe ar an óige amháin;

dáilfear tuairim is 10 % den bhuiséad atá ar fáil sa snáithe óige ar chomhlachtaí (ENREanna) faoi chatagóir 1 a bhfuil raon feidhme níos leithne acu, ach a bhfuil rannóg acu atá dírithe ar an óige amháin;

dáilfear tuairim is 20 % den bhuiséad atá ar fáil sa snáithe óige ar chomhlachtaí (líonraí ar fud an AE) faoi chatagóir 2 atá dírithe ar an óige amháin.

Is é uasmhéid an deontais oibriúcháin bhliantúil:

 

Catagóir 1: Eagraíocht neamhrialtasach Eorpach (ENRE)

EUR 50 000 i gcomhair na n-iarratas le haghaidh Comhaontuithe Réime Comhpháirtíochta

EUR 35 000 i gcomhair na n-iarratas le haghaidh Deontais Oibriúcháin Bhliantúla

 

Catagóir 2: Líonraí ar fud an AE

EUR 50 000 i gcomhair na n-iarratas le haghaidh Comhaontuithe Réime Comhpháirtíochta

EUR 35 000 i gcomhair na n-iarratas le haghaidh Deontais Oibriúcháin Bhliantúla


(1)  Chun tuilleadh eolais a fháil ar na critéir dámhachtana, féach ar Chuid 9 de na Treoirlínte d'Iarratasóirí.

(2)  Ní mór aon dhoiciméad riaracháin eile a éilítear sna Treoirlínte d'Iarratasóirí a sheoladh ar an ríomhphost chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir faoin 17/12/2014, 12.00 (meán lae, am na Bruiséile) ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Beart 1: EACEA-CIVIL-EDU@ec.europa.eu — Beart 2: EACEA-YOUTH@ec.europa.eu.

(3)  Chun tuilleadh eolais a fháil ar na hiarscríbhinní le cur isteach, féach ar Chuid 14 de na Treoirlínte d'Iarratasóirí

(4)  Ní mór don ENRE cruthúnas a sholáthar go bhfuil naisc reachtúla leis an gcomhlacht/rúnaíocht Eorpach ag gach eagraíocht/brainse náisiúnta.