9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 347/214


P9_TA(2022)0077

Ceallraí agus ceallraí dramhaíola ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2020)0798 – C9-0400/2020 – 2020/0353(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 347/30)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach fuinnimh iad ceallraí agus tá siad ar cheann de na nithe is mó lenar féidir forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht ghlan, fuinneamh glan agus neodracht aeráide a bhaint amach. Meastar go dtiocfaidh méadú gasta ar an éileamh ar cheallraí sna blianta atá amach romhainn, go háirithe ar cheallraí feithiclí leictreacha a úsáideann ceallraí mar fhórsa tarraingthe, rud a fhágann go bhfuil an margadh sin ag éirí níos straitéisí ar an leibhéal domhanda lá i ndiaidh lae. Leanfar den chur chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na teicneolaíochta ceallraí. I bhfianaise tábhacht straitéiseach ceallraí, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí go léir lena mbaineann agus chun leatrom, bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an margadh a sheachaint i ndáil le ceallraí, is gá rialacha a leagan amach ar pharaiméadair inbhuaine, feidhmíocht, sábháilteacht, bailiú, athchúrsáil agus dara húsáid ceallraí, chomh maith le faisnéis faoi cheallraí. Is gá creat rialála comhchuibhithe a chruthú chun déileáil le saolré iomlán ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

(2)

Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach fuinnimh iad ceallraí agus tá siad ar cheann de na nithe is mó lenar féidir forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht ghlas, fuinneamh glan agus neodracht aeráide a bhaint amach. Meastar go dtiocfaidh méadú gasta ar an éileamh ar cheallraí sna blianta atá amach romhainn, go háirithe ar cheallraí feithiclí leictreacha agus córacha iompair éadroma a úsáideann ceallraí mar fhórsa tarraingthe, rud a fhágann go bhfuil an margadh sin ag éirí níos straitéisí ar an leibhéal domhanda lá i ndiaidh lae. Leanfar den chur chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na teicneolaíochta ceallraí. I bhfianaise tábhacht straitéiseach ceallraí, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí go léir lena mbaineann agus chun leatrom, bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an margadh a sheachaint i ndáil le ceallraí, is gá rialacha a leagan amach ar pharaiméadair inbhuaine, feidhmíocht, sábháilteacht, bailiú, athchúrsáil agus dara húsáid ceallraí, chomh maith le faisnéis faoi cheallraí do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha . Is gá creat rialála comhchuibhithe a chruthú chun déileáil le saolré iomlán ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Is gá freisin reachtaíocht an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola ceallraí a thabhairt cothrom le dáta agus bearta a dhéanamh chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí dhrochthionchair ghiniúint agus bhainistiú na dramhaíola a chosc nó a laghdú, trí thionchar úsáide acmhainní a laghdú agus trí éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú. Tá bearta den sórt sin ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar ciorclach agus aeráidneodrach agus chuig comhshaol saor ó thoscainí, agus d’ iomaíochas fadtéarmach agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. Is féidir leo deiseanna eacnamaíocha tábhachtacha a chruthú, sineirgí idir an geilleagar ciorclach agus beartais fuinnimh, aeráide, iompair, tionscail agus taighde a mhéadú, agus an comhshaol a chosaint agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál ceallra agus cill stórais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís laistigh den Aontas, bídís leo féin nó suite i bhfearais nó curtha ar fáil le fearais agus feithiclí leictreacha agus leictreonacha ar bhealach eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo beag beann ar cibé atá nó nach bhfuil ceallra deartha go sonrach do tháirge nó atá nó nach bhfuil sé le húsáid go ginearálta agus gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil sé suite i dtáirge nó curtha ar fáil i dteannta táirge nó ar leithligh ó tháirge a bhfuil sé ceaptha a bheith úsáidte ann.

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál ceallra agus cill stórais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís laistigh den Aontas , beag beann ar táirgeadh san Aontas iad nó ar allmhairíodh iad, bídís leo féin nó suite i bhfearais nó curtha ar fáil le fearais agus feithiclí leictreacha agus leictreonacha ar bhealach eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo beag beann ar cibé atá nó nach bhfuil ceallra deartha go sonrach do tháirge nó atá nó nach bhfuil sé le húsáid go ginearálta agus gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil sé suite i dtáirge nó curtha ar fáil i dteannta táirge nó ar leithligh ó tháirge a bhfuil sé ceaptha a bheith úsáidte ann.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Laistigh de raon feidhme leathan an Rialacháin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí difriúla ceallraí i gcomhréir lena ndearadh agus lena n-úsáid, neamhspleách ar cheimic an cheallra. Maidir le haicmiú ceallraí inaistrithe, ar thaobh amháin, agus le haicmiú ceallraí tionsclaíocha agus gluaisteán ar an taobh eile faoi Threoir 2006/66/CE, ba cheart an t-aicmiú sin a fhorbairt tuilleadh chun gur fearr a léireofar forbairtí nua in úsáid ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí leictreacha agus a thagann faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha i dTreoir 2006/66/CE, ceallraí atá ina gcuid mhór, atá ag fás, den mhargadh iad mar gheall ar fhás tapa úsáid na bhfeithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach. Iomchuí atá sé dá bhrí sin na ceallraí sin a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí bóthair a aicmiú mar chatagóir nua ceallraí feithiclí leictreacha. Aicmítear ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí iompair eile lena n-áirítear iompar iarnróid, d’uisce agus eitlíochta, faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha go fóill faoin Rialachán seo. Cuimsíonn an ceallra tionsclaíoch grúpa leathan ceallraí, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí tionsclaíocha, bonneagar cumarsáide, gníomhaíochtaí talmhaíochta nó le haghaidh fuinneamh leictreach a ghiniúint agus a dháileadh. Anuas ar an liosta neamhchuimsitheach sin de shamplaí, ba cheart breathnú ar aon cheallra nach ceallra inaistrithe é ná ceallra gluaisteán é ná ceallra feithicle leictrí é mar cheallra tionsclaíoch. Breathnaítear ar cheallraí a úsáidtear le haghaidh stóráil fuinnimh i dtimpeallachtaí príobháideacha nó tí mar cheallraí tionsclaíocha chun críocha an Rialacháin seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú go n-aicmeofar gach ceallra a úsáidtear i modhanna éadroma iompair, ar nós rothair leictreacha agus scútar mar cheallraí inaistrithe, is gá an sainmhíniú ar cheallraí inaistrithe a shoiléiriú agus teorainn mheáchain a thabhairt isteach le haghaidh ceallraí den sórt sin.

(12)

Laistigh de raon feidhme leathan an Rialacháin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí difriúla ceallraí i gcomhréir lena ndearadh agus lena n-úsáid, neamhspleách ar cheimic an cheallra. Maidir le haicmiú ceallraí inaistrithe, ar thaobh amháin, agus le haicmiú ceallraí tionsclaíocha agus gluaisteáin ar an taobh eile faoi Threoir 2006/66/CE, ba cheart an t-aicmiú sin a fhorbairt tuilleadh chun gur fearr a léireofar forbairtí nua agus raon difríochta praghsanna margaidh in úsáid ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí leictreacha agus a thagann faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha i dTreoir 2006/66/CE, tá siad ina gcuid mhór den mhargadh, ar cuid é atá ag fás, mar gheall ar fhás tapa úsáid na bhfeithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach. Iomchuí atá sé dá bhrí sin na ceallraí sin a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí bóthair a aicmiú mar chatagóir nua ceallraí feithiclí leictreacha. Aicmítear ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí iompair eile lena n-áirítear iompar iarnróid, d’uisce agus eitlíochta, faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha go fóill faoin Rialachán seo. Ní dhearnadh ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i gcóracha iompair éadroma, amhail r-rothair agus r-scútair, a aicmiú go soiléir mar cheallraí faoi Threoir 2006/66/CE, agus is cuid shuntasach den mhargadh iad mar gheall ar iad a bheith ag dul i méid i soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceallraí sin a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i gcóracha iompair éadroma a aicmiú mar chatagóir nua ceallraí, eadhon ceallraí do chóracha iompair éadroma. Cuimsíonn an ceallra tionsclaíoch grúpa leathan ceallraí, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí tionsclaíocha, bonneagar cumarsáide, gníomhaíochtaí talmhaíochta nó le haghaidh fuinneamh leictreach a ghiniúint agus a dháileadh. Chomh maith leis an liosta neamhchuimsitheach sin de shamplaí, ba cheart a mheas gur ceallraí tionsclaíocha é aon cheallra nach ceallraí inaistrithe ná ceallra gluaisteáin é ná ceallra do chóracha iompair éadroma ná ceallra feithicle leictrí. Breathnaítear ar cheallraí a úsáidtear le haghaidh stóráil fuinnimh i dtimpeallachtaí príobháideacha nó tí mar cheallraí tionsclaíocha chun críocha an Rialacháin seo.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú chun a bhfeidhmíocht, marthanacht agus sábháilteacht a optamú agus chun a lorg comhshaoil a íoslaghdú. Is iomchuí ceanglais shonracha inbhuaine a leagan síos do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus do cheallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh mar is iad na ceallraí sin an chuid den mhargadh ina bhfuiltear ag súil leis an méadú is mó sa mhargadh sna blianta amach romhainn.

(13)

Ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú chun a bhfeidhmíocht, marthanacht agus sábháilteacht a optamú agus chun a lorg comhshaoil a íoslaghdú. Is iomchuí ceanglais shonracha inbhuaine a leagan síos do cheallraí tionsclaíocha , do cheallraí le haghaidh córacha iompair éadroma agus do cheallraí feithiclí leictreacha mar is iad na ceallraí sin an chuid den mhargadh ina bhfuiltear ag dréim leis an méadú is mó sa mhargadh sna blianta amach romhainn.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Ba cheart srian a bheith ar úsáid substaintí guaiseacha i gceallraí chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus chun láithreacht substaintí den sórt sin i ndramhaíl a laghdú. Mar sin, i dteannta na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), is iomchuí srianta a leagan amach do mhearcair agus caidmiam i gcineálacha áirithe ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí a bhfuil díolúine acu faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), ba cheart na ceallraí sin a eisiamh ón toirmeasc caidmiam a bheith iontu.

(15)

Ba cheart srian a bheith ar úsáid substaintí guaiseacha i gceallraí chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus chun láithreacht substaintí den sórt sin i ndramhaíl a laghdú. Mar sin, i dteannta na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), is iomchuí srianta a leagan amach do mhearcair, do chaidmiam agus do luaidhe i gcineálacha áirithe ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí a bhfuil díolúine acu faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), ba cheart na ceallraí sin a eisiamh ón toirmeasc caidmiam a bheith iontu. Ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, measúnú iomlánaíoch sistéamach a dhéanamh ar shubstaintí guaiseacha i gceallraí. Ba cheart don mheasúnú sin díriú go háirithe ar cheimic ceallraí a úsáidtear i gcainníochtaí móra ar an margadh, ar cheimic atá ag forbairt agus atá ag teacht chun cinn agus ar infhaighteacht roghanna oiriúnacha eile ar cheallraí tionsclaíocha agus gluaisteáin luaidhe-aigéadacha agus ar cheallraí tionsclaíocha nicile-caidmiam.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Maidir leis an nós imeachta chun srianta nua a ghlacadh agus srianta reatha a leasú maidir le substaintí guaiseacha i gceallraí, ba cheart an nós imeachta sin a bheith i gcomhréir go huile agus go hiomlán le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cinnteoireacht, comhordú agus bainistiú éifeachtach ghnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin gaolmhara an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”) tascanna sonraithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le substaintí i monaraíocht agus úsáid ceallraí, chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a bheidh a ré caite chomh maith leis an meastóireacht ar na gnéithe socheacnamaíocha agus an anailís ar roghanna malartacha, i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón nGníomhaireacht. Dá réir sin, ba cheart do na Coistí um Measúnú Riosca agus Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta cur i gcrích tascanna áirithe a bhronntar ar an nGníomhaireacht leis an Rialachán seo a éascú.

(17)

Maidir leis an nós imeachta chun srianta nua a ghlacadh agus srianta reatha a leasú maidir le substaintí guaiseacha i gceallraí, ba cheart an nós imeachta sin a chuíchóiriú go hiomlán le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cinnteoireacht, comhordú agus bainistiú éifeachtach ghnéithe gaolmhara teicniúla, eolaíocha agus riaracháin an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh dea-chomhar, comhordú agus malartú faisnéise ann idir na Ballstáit, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”) , an Coimisiún agus páirtithe leasmhara. Ba cheart do na Ballstáit nó an Ghníomhaireacht tascanna sonraithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le substaintí i monaraíocht agus úsáid ceallraí, chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a bheidh a ré caite chomh maith leis an meastóireacht ar na gnéithe socheacnamaíocha agus an anailís ar roghanna malartacha, i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón nGníomhaireacht. Dá réir sin, ba cheart do na Coistí um Measúnú Riosca agus Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta cur i gcrích tascanna áirithe a bhronntar ar an nGníomhaireacht leis an Rialachán seo a éascú.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17 a)

Chun a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo comhleanúnach le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta do shubstaintí guaiseacha agus do cheimiceáin ghuaiseacha, ba cheart don Choimisiún a mheas cibé an bhfuil gá le leasú ar Airteagal 6, ar Airteagal 71 nó ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó ar na forálacha sin go léir. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na forálacha sin a leasú i gcás inarb iomchuí.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ba cheart go laghdófar astaíochtaí carbóin mar gheall ar an imscaradh ollmhór ceallraí lena bhfuiltear ag súil in earnálacha ar nós soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh, ach chun an leas is fearr a bhaint as an bhféidearthacht sin is gá go mbeadh lorg carbóin íseal acu le linn a saolré iomlán. De réir na Rialacha Catagóire de réir an Loirg Comhshaoil Táirge do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha (31), is é an t-athrú aeráide an dara catagóir tionchair is airde do cheallraí tar éis úsáid mianraí agus miotal. Maidir leis an doiciméadacht theicniúil le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, dearbhú maidir le lorg carbóin a bheith ag gabháil leis an doiciméadacht sin , ar cheart dó a bheith sonrach, más gá, don bhaiste monaraíochta . Déantar ceallraí i mbaisceanna, baisceanna a tháirgtear de réir méideanna sonracha laistigh de spriocdhátaí áirithe. Is réamhriachtanas é comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha teicniúla chun lorg carbóin a ríomh le haghaidh na gceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe uile agus na gceallraí feithiclí leictreacha go léir a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is réamhriachtanas é sin le haghaidh ceanglas a thabhairt isteach go n-áireofaí le doiciméadacht theicniúil na gceallraí dearbhú maidir le lorg carbóin, agus ina dhiaidh sin, chun aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin a bhunú ionas gur féidir na ceallraí a bhfuil an lorg carbóin is ísle acu ar an iomlán a shainaithint. Níltear ag súil leis go dtiocfaidh an t-athrú iompraíochta is gá díreach mar gheall ar cheanglais maidir le faisnéis agus lipéadú soiléir faoi lorg carbóin ceallraí, an t-athrú is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Aontais chun na hearnálacha soghluaisteachta agus stórála fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis na cuspóirí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide (32). Tabharfar tairseacha uasta carbóin mar gheall air sin tar éis do mheasúnú tionchair tiomnaithe a bheith déanta chun na luachanna sin a chinneadh. Agus leibhéal thairseach uasta an loirg carbóin á mholadh, tabharfaidh an Coimisiún san áireamh, inter alia, dáileadh coibhneasta luachanna an loirg carbóin i dtaobh ceallraí ar an margadh, méid an dul chun cinn ar lorg carbóin ceallraí arna gcur ar mhargadh an Aontais a laghdú agus cion tairbhe éifeachtach féideartha an bhirt sin i leith chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus neodracht aeráide faoi 2050. Chun trédhearcacht maidir le lorg carbóin na gceallraí a chothú, agus margadh an Aontais a aistriú i dtreo ceallraí lena mbaineann carbón níos ísle, beag beann ar an áit ina ndéantar iad a tháirgeadh, tá bonn cirt le méadú carnach de réir a chéile ar na ceanglais maidir le lorg carbóin. De thoradh na gceanglas sin, áireofar na hastaíochtaí carbóin a sheachnófar i saolré na gceallraí le baint amach chuspóir an Aontais neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Féadfaidh sé go gcumasófar freisin beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ar nós dreasachtaí nó critéar maidir le soláthar poiblí glas, rud a dhéanfaidh táirgeadh ceallraí a bhfuil níos lú tionchair ar an gcomhshaol acu a chothú.

(18)

Ba cheart go laghdófaí astaíochtaí carbóin mar gheall ar an imscaradh ollmhór ceallraí lena bhfuiltear ag súil in earnálacha amhail an tsoghluaisteacht agus an stóráil fuinnimh, ach chun an leas is fearr a bhaint as an bhféidearthacht sin is gá go mbeadh lorg carbóin íseal acu le linn a saolré iomlán. De réir na Rialacha Catagóire de réir an Loirg Comhshaoil Táirge do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha (31), is iad astaíochtaí gás ceaptha teasa lena ngéaraítear an t-athrú aeráide an dara catagóir tionchair is airde do cheallraí tar éis mianadóireachta agus úsáid mianraí agus miotal. Maidir leis an doiciméadacht theicniúil le haghaidh ceallraí tionsclaíocha , ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí feithiclí leictreacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, dearbhú maidir le lorg carbóin a bheith ag gabháil leis an doiciméadacht sin. Is réamhriachtanas é comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha teicniúla chun lorg carbóin a ríomh le haghaidh na gceallraí tionsclaíocha uile, na gceallraí uile do chóracha iompair éadroma agus na gceallraí feithiclí leictreacha uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is réamhriachtanas é sin le haghaidh ceanglas a thabhairt isteach go n-áireofaí le doiciméadacht theicniúil na gceallraí dearbhú maidir le lorg carbóin, agus ina dhiaidh sin, chun aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin a bhunú ionas gur féidir na ceallraí a bhfuil an lorg carbóin is ísle acu ar an iomlán a shainaithint. Níltear ag súil leis go dtiocfaidh an t-athrú iompraíochta is gá díreach mar gheall ar cheanglais maidir le faisnéis agus lipéadú soiléir faoi lorg carbóin ceallraí, an t-athrú is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Aontais chun na hearnálacha soghluaisteachta agus stórála fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis na cuspóirí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide (32).Tabharfar tairseacha uasta carbóin mar gheall air sin tar éis do mheasúnú tionchair tiomnaithe a bheith déanta chun na luachanna sin a chinneadh. Agus leibhéal thairseach uasta an loirg carbóin á mholadh, tabharfaidh an Coimisiún san áireamh, inter alia, dáileadh coibhneasta luachanna an loirg carbóin i dtaobh ceallraí ar an margadh, méid an dul chun cinn ar lorg carbóin ceallraí arna gcur ar mhargadh an Aontais a laghdú agus cion tairbhe éifeachtach féideartha an bhirt sin i leith chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus neodracht aeráide faoi 2050 ar a dhéanaí . Chun trédhearcacht maidir le lorg carbóin na gceallraí a chothú, agus margadh an Aontais a aistriú i dtreo ceallraí lena mbaineann carbón níos ísle, gan beann ar an áit ina ndéantar iad a tháirgeadh, tá bonn cirt le méadú carnach de réir a chéile ar na ceanglais maidir le lorg carbóin. Mar thoradh ar na ceanglais sin, le hastaíochtaí carbóin seachanta i saolré ceallraí, cuirfear le cuspóirí aeráide an Aontais , go háirithe maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí . Féadfaidh sé go gcumasófar freisin beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, amhail dreasachtaí nó critéir maidir le soláthar poiblí glas, rud a dhéanfaidh táirgeadh ceallraí a bhfuil níos lú tionchair ar an gcomhshaol acu a chothú.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18 a)

Ba cheart do na huastairseacha loirg carbóin saolré a bheith slán i bhfad na haimsire agus a fhorbairt de réir a chéile i gcomhréir leis na próisis mhonaraíochta agus táirgthe is fearr atá ar fáil. Dá bhrí sin, agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige lena gcinntear an uastairseach loirg carbóin saolré, ba cheart don Choimisiún Eorpach na próisis mhonaraíochta agus táirgthe is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus a áirithiú go bhfuil na critéir theicniúla arna roghnú comhsheasmhach le cuspóir an Rialacháin seo lena n-áirithítear go ráthóidh ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin agus don chomhshaol.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Faightear substaintí áirithe i gceallraí, ar nós cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile, as acmhainní tearca nach bhfuil ar fáil go héasca san Aontas agus measann an Coimisiún gur amhábhair chriticiúla atá i gcuid acu. Is réimse é seo inar gá don Eoraip a huathriail straitéiseach a fheabhsú agus a hathléimneacht a mhéadú chun í féin a ullmhú ar eagla go gcuirfí isteach ar an soláthar de dheasca géarchéimeanna sláinte nó eile. Má dhéantar an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainne a fhorbairt agus athchúrsáil agus aisghabháil na n-amhábhar sin a mhéadú san am céanna, is fearr mar a éireoidh leis an Eoraip an cuspóir sin a bhaint amach.

(19)

Faightear substaintí áirithe i gceallraí, amhail cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil, as acmhainní tearca nach bhfuil ar fáil go héasca san Aontas agus measann an Coimisiún gur amhábhair chriticiúla atá i gcuid acu. I gcomhréir le Straitéis Thionsclaíoch an Aontais, ní mór don Eoraip a neamhspleáchas straitéiseach a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí a éascú i monarchana a tháirgfidh ceallraí ar scála ollmhór, agus cur lena teacht aniar mar ullmhúchán do shuaitheadh soláthair a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar an tsláinte nó ar ghéarchéimeanna eile. Má dhéantar an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainne a fhorbairt agus athchúrsáil agus aisghabháil na n-amhábhar sin a mhéadú san am céanna, is fearr mar a éireoidh leis an Eoraip an cuspóir sin a bhaint amach. Dá ndéanfaí amhábhair thearca a ionadú le hábhair mhalartacha a bhfuil fáil níos forleithne orthu, lena n-áirítear amhábhair in-athnuaite, rannchuideofaí freisin le feabhas a chur ar tháirgeadh ceallraí agus ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais féin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtacódh an tAontas agus na Ballstáit le tionscnaimh ábhartha taighde agus forbartha.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Chun an riosca maidir le soláthar cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile a chur san áireamh agus chun a n-infhaighteacht a mheasúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na spriocanna don íos-chion cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile atá i láthair in ábhair ghníomhacha i gceallraí a leasú .

(21)

Chun an riosca maidir le soláthar cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile a chur san áireamh agus chun a n-infhaighteacht a mheasúnú, agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, ba cheart don Choimisiún a mheas an iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna don íoschion cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile atá i láthair in ábhair ghníomhacha i gceallraí agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na críche sin .

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

Chun athruithe a chur san áireamh, ar athruithe ar theicneolaíochtaí ceallraí a bhfuil tionchar acu ar na cineálacha ábhar is féidir a aisghabháil iad, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a fhorlíonadh chun tuilleadh amhábhar agus spriocanna faoi seach a chur isteach sa liosta de sciartha íosta d’ábhar athchúrsáilte atá in ábhair ghníomhacha i gceallraí.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cuir chun feidhme na rialacha ar ríomh agus fíorú, in aghaidh samhail cheallra agus baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile a aisghabhtar ó dhramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i gceallraí, agus na rialacha ar na ceanglais maidir le faisnéis don doiciméadacht theicniúil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh an dearbhaithe maidir le hábhair aisghafa atá le soláthar trí bhíthin formáid chomhchuibhithe agus le haghaidh na doiciméadachta teicniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid agus an doiciméadacht theicniúil a leagan síos don dearbhú maidir le hábhair aisghafa .

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Ba cheart ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bheith inmharthanach agus ar ardfheidhmíocht. Is gá, dá bhrí sin, paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leagan amach do cheallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta chomh maith le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha. I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, tá Meitheal UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol ag forbairt ceanglais mharthanachta infheithicle, agus mar sin, ní shocrófar ceanglais mharthanachta bhreise leis an Rialachán seo. Ar an taobh eile, i réimse na gceallraí maidir le stóráil fuinnimh, meastar nach bhfuil na modhanna tomhais atá ann faoi láthair chun feidhmíocht agus marthanacht ceallraí a thástáil beacht ná ionadaíoch a dhóthain le go bhféadfaí íoscheanglais a thabhairt isteach. Ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe leordhóthanacha nó sonraíochtaí coiteanna atá ar fáil a bheith ann in éineacht le tabhairt isteach íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht agus marthanacht na gceallraí sin.

(23)

Ba cheart ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bheith inmharthanach agus ar ardfheidhmíocht. Is gá, dá bhrí sin, paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leagan amach do cheallraí inaistrithe agus chomh maith leis sin do cheallraí tionsclaíocha, do cheallraí do chóracha iompair éadroma agus do cheallraí feithiclí leictreacha. I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, tá Meitheal UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol ag forbairt ceanglais mharthanachta infheithicle, agus mar sin ba cheart an Rialachán seo a bheith comhleanúnach lena chonclúidí . Ar an taobh eile, i réimse na gceallraí maidir le stóráil fuinnimh, meastar nach bhfuil na modhanna tomhais atá ann faoi láthair chun feidhmíocht agus marthanacht ceallraí a thástáil beacht ná ionadaíoch a dhóthain le go bhféadfaí íoscheanglais a thabhairt isteach. Ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe leormhaithe nó sonraíochtaí coiteanna atá ar fáil a bheith ann in éineacht le tabhairt isteach íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht agus marthanacht na gceallraí sin.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Chun an tionchar comhshaoil a bhíonn ag ceallraí le linn a saolré a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leasú agus íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar sin do cheallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta agus do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

(24)

Chun an tionchar comhshaoil a bhíonn ag ceallraí le linn a saolré a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leasú agus íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar sin do cheallraí inaistrithe , do cheallraí do chóracha iompair éadroma agus do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a)

Chun a áirithiú go mbeidh rialacha an Aontais maidir le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha comhleanúnach i ndáil le sonraíochtaí teicniúla Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta agus íosluachanna na bparaiméadar sin le haghaidh ceallraí leictreacha feithiclí a leasú.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Féadfaidh sé go mbeidh úsáid mhí-éifeachtach acmhainní agus fuinnimh ag baint le roinnt ceallraí neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta. Ba cheart ceanglais oibiachtúla maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí den sórt sin a bhunú chun a áirithiú gur lú an méid ceallraí inaistrithe ísealfheidhmíochta neamh-in-athluchtaithe le haghaidh úsáid ghinearálta atá á gcur ar an margadh, go háirithe, i gcás ina léireofaí i measúnú saolré go mbeadh sochair chomhshaoil ann dá n-úsáidfí ceallraí in-athluchtaithe ina n-ionad.

(25)

Féadfaidh sé go mbeidh úsáid mhí-éifeachtach acmhainní agus fuinnimh ag baint le roinnt ceallraí neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta. Mar sin féin, tá ceallraí neamh-in-athluchtaithe fós in úsáid i gcás fearais áirithe . Ba cheart ceanglais oibiachtúla maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí den sórt sin a bhunú chun a áirithiú gur lú an méid ceallraí inaistrithe ísealfheidhmíochta neamh-in-athluchtaithe le haghaidh úsáid ghinearálta atá á gcur ar an margadh . Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, maidir le grúpaí sonracha táirgí a úsáideann ceallraí neamh-in-athluchtaithe , bunaithe ar mheasúnú saolré, i dtaobh an mbeadh tairbhí foriomlána don chomhshaol mar thoradh ar úsáid mhalartach ceallraí in-athluchtaithe agus, dá bhrí sin, i dtaobh ar cheart úsáid ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe le haghaidh úsáid ghinearálta a chéimniú amach de réir a chéile . Ba cheart go bhféadfaí freisin ceanglais an Rialacháin seo a chomhlánú leis na ceanglais a leagtar síos le bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) le haghaidh táirgí áirithe arna gcumhachtú ag ceallraí.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Chun a áirithiú go bhfuil ceallraí inaistrithe a chuirtear isteach i bhfearais faoi réir bailiú iomchuí ar leithligh, cóireáil chuí agus athchúrsáil d’ardcháilíocht a luaithe is ceallraí dramhaíola iad, is gá forálacha a leagan síos lena n-inbhainteacht agus a n-in-athsholáthraitheacht i leith fearais den sórt sin a áirithiú. Ba cheart go bhféadfaí ceallraí caite a athsholáthar freisin chun fad a chur le saolré ionchasach na bhfearas a bhfuil siad mar chuid díobh. Féadfar forálacha ginearálta an Rialacháin seo a chomhlánú le ceanglais a socraíodh le haghaidh táirgí áirithe a chumhachtaítear le ceallraí faoi bhearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (33). I gcás ina leagfar síos ceanglais níos sonraithe le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ar chúiseanna sábháilteachta, maidir le ceallraí a bhaint de tháirgí (e.g. bréagáin), ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha sin.

(26)

Chun a áirithiú go bhfuil ceallraí inaistrithe a chuirtear isteach i bhfearais faoi réir bailiú iomchuí ar leithligh, cóireáil chuí agus athchúrsáil d’ardcháilíocht a luaithe is ceallraí dramhaíola iad, is gá forálacha a leagan síos lena n-inbhainteacht agus a n-in-athsholáthraitheacht i leith na bhfearas sin a áirithiú. Ba cheart rialacha a bhunú freisin maidir le ceallraí do chóracha iompair éadroma . Ba cheart go bhféadfaí ceallraí caite a athsholáthar freisin chun fad a chur le saolré ionchasach na bhfearas a bhfuil siad mar chuid díobh. Féadfar forálacha ginearálta an Rialacháin seo a chomhlánú le ceanglais a socraíodh le haghaidh táirgí áirithe a chumhachtaítear le ceallraí faoi bhearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE. I gcás ina leagfar síos ceanglais níos sonraithe le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ar chúiseanna sábháilteachta, maidir le ceallraí a bhaint de tháirgí (e.g. bréagáin), ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha sin. Ba cheart forálacha a leagan síos freisin chun a áirithiú gur féidir ceallraí tionsclaíocha, ceallraí gluaisteáin agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhaint agus ceallraí nua a chur ina n-ionad, agus cineál éagsúil agus ceanglais shonracha sábháilteachta na gceallraí sin á gcur san áireamh ag an am céanna

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)

Ba cheart go mbeadh ceallraí gluaisteáin, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha inbhainte agus in-athsholáthraithe ag oibreoirí neamhspleácha cáilithe. Ba cheart forálacha a leagan síos chun a áirithiú gur féidir ceallraí den chineál sin a bhaint, a athsholáthar agus a dhíchóimeáil. Tá sé tábhachtach gur féidir measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht ceallraí den sórt sin agus iad deisithe bunaithe ar thástálacha neamhscriosacha atá curtha in oiriúint dóibh. Chun deisiú ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh chun critéir a bhunú maidir le hinbhainteacht, in-athsholáthraitheacht agus díchóimeáil ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha. Chun gur féidir sábháilteacht ceallraí den sórt sin a mheasúnú agus iad deisithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le modhanna tástála neamhscriosaí iomchuí a shainiú.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26b)

Chun dramhaíl a laghdú tuilleadh, ba cheart idir-inoibritheacht ceallraí, idir-inoibritheacht nascóirí agus idir-inoibritheacht luchtairí thar chineálacha táirgí a chur chun cinn i reachtaíocht cur chun feidhme éicidhearthóireachta atá táirgeshonrach, agus sa tionscnamh táirgí inbhuanaithe atá ar na bacáin.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26c)

D’fhéadfadh idir-inoibritheacht luchtóirí laistigh de chatagóirí sonracha ceallraí dramhaíl agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú chun leasa tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile. Ba cheart go bhféadfaí, dá bhrí sin, ceallraí d’fheithiclí leictreacha, do chóracha iompair éadroma agus ceallraí in-athluchtaithe atá ionchorpraithe i gcatagóirí sonracha trealamh leictreach agus leictreonach a athluchtú trí úsáid a bhaint as luchtairí comhchoiteanna a cheadaíonn idir-inoibritheacht laistigh de gach catagóir ceallraí. Ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, dá bhrí sin, forálacha lena gceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi is fearr le caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach do luchtairí coiteanna, ar caighdeáin iad a bheidh infheidhme tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026 maidir leis na catagóirí ceallraí sin. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Is bunriachtanas é ceallraí iontaofa a bheith ann le haghaidh oibríocht agus sábháilteacht cuid mhaith táirgí, fearas agus seirbhísí. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena gcinntítear go n-oibreoidh siad go sábháilte agus go bhféadfar iad a úsáid go sábháilte. Tá an ghné sin ábhartha go háirithe do chórais stórála fuinnimh i gceallraí suite, nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, paraiméadair a bheidh le breithniú i dtástálacha sábháilteachta a leagan síos i leith na gcóras stórála fuinnimh sin.

(27)

Is bunriachtanas é ceallraí iontaofa a bheith ann le haghaidh oibríocht agus sábháilteacht cuid mhaith táirgí, fearas agus seirbhísí. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena gcinntítear go n-oibreoidh siad go sábháilte agus go bhféadfar iad a úsáid go sábháilte , ionas nach ndéanfar dochar ná damáiste do dhaoine ná don chomhshaol ná do mhaoin . Tá an ghné sin ábhartha go háirithe do cheallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh i gceallraí suite, nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, paraiméadair a bheidh le breithniú i dtástálacha sábháilteachta a leagan síos i leith na gceallraí sin agus ba cheart iad a chomhlánú le caighdeáin infheidhme CEN, CENELEC agus IEC .

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Chun faisnéis shoiléir iontaofa thrédhearcach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus faoina bpríomh-shaintréithe, agus faoi cheallraí dramhaíola, chun a chur ar chumas na n-úsáideoirí deiridh cinntí eolacha a dhéanamh nuair a cheannaíonn siad ceallraí agus nuair a dhéanann siad iad a dhiúscairt agus chun é a chur ar chumas oibreoirí dramhaíola ceallraí dramhaíola a chóireáil go cuí, ba cheart lipéad a chur ar cheallraí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena n-áirítear a dtoilleadh agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil in imeacht ama, ba cheart go mbeadh sí ar fáil trí bhíthin cóid QR freisin.

(28)

Chun faisnéis shoiléir iontaofa thrédhearcach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus faoina bpríomh-shaintréithe, agus faoi cheallraí dramhaíola, chun a chur ar chumas na n-úsáideoirí deiridh cinntí eolacha a dhéanamh nuair a cheannaíonn siad ceallraí agus nuair a dhéanann siad iad a dhiúscairt agus chun é a chur ar chumas oibreoirí dramhaíola ceallraí dramhaíola a chóireáil go cuí, ba cheart lipéad a chur ar cheallraí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena n-áirítear a dtoilleadh, a saintréithe táirgthe agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil le himeacht ama, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin trí bhíthin cóid QR ar cheart dóibh cloí le treoirlínte Chaighdeán ISO IEC 18004 . Ba cheart don chód QR atá priontáilte nó greanta ar na ceallraí uile rochtain a thabhairt ar phas táirgthe an cheallra. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar lipéid agus ar chóid QR i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) .

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Tá sé fíor-riachtanach faisnéis faoi fheidhmíocht ceallraí a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh mar thomhaltóirí chun a áirithiú gur maith agus gur tráthúil a chuirtear ar an eolas iad agus go háirithe go bhfuil bonn coiteann acu chun comparáid a dhéanamh idir ceallraí difriúla sula gceannóidís aon cheo. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta agus ceallraí gluaisteáin a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis ar an meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu. Thairis sin, tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tábhachtach chun an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi conas ceallraí dramhaíola a dhiúscairt go cuí.

(29)

Tá sé fíor-riachtanach faisnéis faoi fheidhmíocht ceallraí a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí chun a áirithiú gur maith agus gur tráthúil a chuirtear ar an eolas iad agus go háirithe go bhfuil bonn coiteann acu chun comparáid a dhéanamh idir ceallraí difriúla sula gceannóidís aon cheo. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí inaistrithe , ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí gluaisteáin a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis ar an meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu agus a saolré ionchasach . Thairis sin, tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tábhachtach chun an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi conas ceallraí dramhaíola a dhiúscairt go cuí.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Ba cheart córas bainistithe ceallra a bheith i gceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus i gceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh , córas ina stóráiltear sonraí is gá chun gur féidir leis an úsáideoir deiridh nó le haon tríú páirtí eile ag gníomhú thar a cheann staid sláinte agus saolré ionchasach na gceallraí a chinneadh. Chun athrú cuspóra nó athmhonaraíocht a dhéanamh ar cheallra, soláthrófar rochtain ar an gcóras bainistithe ceallraí don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun luach iarmharach an cheallra a mheas, athúsáid, athrú cuspóra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú agus chun an ceallra a chur ar fáil do chomhiomlánóirí neamhspleácha, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 201/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), comhiomlánóirí a mbíonn stáisiúin chumhachta fhíorúla á n-oibriú acu in eangacha leictreachais. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin anuas ar dhlí an Aontais maidir le cineál formheasa feithiclí, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh teacht as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol faoi rochtain ar shonraí i bhfeithiclí leictreacha.

(30)

Ceallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh i gceallraí suite , ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí feithiclí leictreacha, tá córas bainistithe ceallraí ina stóráiltear sonraí iontu. Ba cheart go n-áireofaí sa chóras bainistithe ceallraí sin faisnéis maidir le staid sláinte, sábháilteachta agus saolré ionchasach na gceallraí ionas go bhféadfaidh an t-úsáideoir deiridh nó aon tríú páirtí eile atá ag gníomhú ar a shon na gnéithe sin a chinneadh tráth ar bith. Chun athúsáid, athrú cuspóra nó athmhonaraíocht cheallra a éascú , ba cheart sonraí inléite amháin ó rochtain ar chóras bainistithe ceallraí a sholáthar don duine a cheannaigh an ceallra nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun luach iarmharach an cheallra a mheas, ullmhú le haghaidh athúsáide, athúsáid, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra , athrú cuspóra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú agus chun an ceallra a chur ar fáil do chomhiomlánóirí neamhspleácha, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir (AE)  2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), comhiomlánóirí a mbíonn stáisiúin chumhachta fhíorúla á n-oibriú acu in eangacha leictreachais, lena n-áirítear na gnéithe is gá lena gcumasaítear seirbhísí ó fheithicil go heangach a oibriú . D’fhonn a nglacadh agus a n-úsáid a éascú san Aontas, ba cheart ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí córacha iompair éadroma a bheith ar fáil, i sonraí fíor-ama inléite amháin a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchta ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra agus toilleadh ceallra. Ba cheart feidhm cumarsáide a bheith ag an gcóras bainistithe ceallra do cheallraí feithiclí leictreacha freisin ionas go bhféadfar feidhmeanna luchtaithe a bheith ann amhail luchtú ó fheithicil go heangach, ó fheithicil go lasta, ó fheithicil go feithicil agus ó fheithicil go banc cumhachta agus ó fheithicil go foirgneamh. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin anuas ar dhlí an Aontais maidir le cineál formheasa feithiclí, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh teacht as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol faoi rochtain ar shonraí i bhfeithiclí leictreacha. Ba cheart a mheas gur tagarmharc iad na sonraíochtaí teicniúla atá bunaithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda UNECE (UNECE GTR), a luaithe is infheidhme i ndlí an Aontais, do na sonraí maidir leis na paraiméadair chun staid sláinte na gceallraí agus saolré ionchasach na gceallraí atá le coinneáil sa chóras bainistithe ceallraí a chinneadh.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Maidir le roinnt ceanglas is sonrach do tháirgí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais maidir le feidhmíocht, marthanacht, athrú cuspóra agus sábháilteacht, ba cheart iad a thomhas trí mhodhanna beachta iontaofa inatáirgthe a úsáid lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríofa a bhfuil aitheantas coitianta dóibh. Chun a áirithiú nach mbeidh aon bacainní ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart caighdeáin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Maidir leis na modhanna agus caighdeáin sin, ba cheart, a mhéid is féidir, go gcuirfí san áireamh leo an úsáid a bhaintear as ceallraí san fhíorshaol, go léireofaí an meánréimse iompraíochta tomhaltóirí iontu agus ba cheart iad a bheith daingean chun teacht timpeall toiliúil agus neamhthoiliúil a sheachaint. A luaithe a ghlactar tagairt do chaighdeán den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cinnfear toimhde na comhréireachta leis na ceanglais tháirge-shonracha sin a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll go léiríonn toradh na modhanna sin go bhfuil na luachanna íosta arna gcinneadh le haghaidh na gceanglas substainteach sin bainte amach. In éagmais caighdeáin fhoilsithe san am a chuirtear na ceanglais tháirge-shonracha i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme agus má chomhlíontar na sonraíochtaí sin, toimhdeofar go bhfuil comhréireacht ann freisin. I gcásanna ina bhfaighfear easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna ag céim níos déanaí, ba cheart don Choimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na sonraíochtaí comhchoiteanna i gceist a leasú nó a aisghairm.

(31)

Maidir le roinnt ceanglas is sonrach do tháirgí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais maidir le feidhmíocht, marthanacht, athrú cuspóra agus sábháilteacht, ba cheart iad a thomhas trí mhodhanna beachta iontaofa inatáirgthe a úsáid lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais , caighdeáin agus ríofa a bhfuil aitheantas coitianta dóibh. Chun a áirithiú nach mbeidh aon bacainní ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart caighdeáin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Maidir leis na modhanna agus caighdeáin sin, ba cheart, a mhéid is féidir, go gcuirfí san áireamh leo an úsáid a bhaintear as ceallraí san fhíorshaol, go léireofaí an meánréimse iompraíochta tomhaltóirí iontu agus ba cheart iad a bheith daingean chun teacht timpeall toiliúil agus neamhthoiliúil a sheachaint. A luaithe a ghlactar tagairt do chaighdeán den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cinnfear toimhde na comhréireachta leis na ceanglais tháirge-shonracha sin a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll go léiríonn toradh na modhanna sin go bhfuil na luachanna íosta arna gcinneadh le haghaidh na gceanglas substainteach sin bainte amach. Chun dúbailt caighdeán a sheachaint, an éifeachtúlacht a uasmhéadú agus an saineolas agus an t-eolas úrscothach is fearr a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún féachaint lena iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, caighdeán a dhréachtú i gcás éagmais chaighdeáin den sórt sin. In éagmais caighdeáin fhoilsithe san am a chuirtear na ceanglais tháirge-shonracha i bhfeidhm, nó i gcás freagra neamhshásúil ón eagraíocht Eorpach ábhartha um chaighdeánú , ba cheart don Choimisiún, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar leo agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha , sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme agus má chomhlíontar na sonraíochtaí sin, toimhdeofar go bhfuil comhréireacht ann freisin. I gcásanna ina bhfaighfear easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna ag céim níos déanaí, ba cheart don Choimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na sonraíochtaí comhchoiteanna i gceist a leasú nó a aisghairm.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a)

Is réamhriachtanas straitéiseach tábhachtach í rannpháirtíocht ghníomhach in obair na gcoistí idirnáisiúnta um chaighdeánú chun teicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo a thabhairt isteach sa mhargadh. I gcásanna áirithe, bhí tearcionadaíocht ag rannpháirtíocht an Aontais sna coistí sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú go gníomhach le hobair cuideachtaí Eorpacha sna coistí idirnáisiúnta sin um chaighdeánú. Sula mbreithneoidh sé glacadh na gcaighdeán le reachtaíocht thánaisteach, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go cúramach ar an obair a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31b)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht ann maidir le caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí comhchoiteanna faoin Rialachán seo agus nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críocha faireachas margaidh, chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus chun athléimneacht a áirithiú i gcás géarchéimeanna domhanda, ar nós phaindéim Covid-19, ba cheart go bhféadfaí faisnéis faoi chomhréireacht le gníomhartha uile an Aontais is infheidhme maidir le ceallraí a chur ar fáil ar líne i bhfoirm dearbhaithe comhréireachta AE amháin.

(32)

Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críocha faireachas margaidh, chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus chun athléimneacht a áirithiú i gcás géarchéimeanna domhanda, amhail paindéim Covid-19, d’fhéadfaí faisnéis faoi chomhréireacht le gníomhartha uile an Aontais is infheidhme maidir le ceallraí a sholáthar ar líne i bhfoirm dearbhaithe comhréireachta AE amháin.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35)

Ní léirítear gnéithe sonracha áirithe ceallraí leis na modúil roghnaithe, áfach, agus mar sin is gá na modúil roghnaithe a chur in oiriúint le haghaidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta. Chun úrnuacht agus castacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh agus chun a áirithiú go bhfuil na ceallraí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leasú trí chéimeanna fíoraithe a chur isteach nó trí mhodúl measúnaithe a athrú, ar bhonn forbairtí ar an margadh ceallraí nó sa luachshlabhra ceallraí.

(35)

Ní léirítear gnéithe sonracha áirithe ceallraí leis na modúil roghnaithe, áfach, agus mar sin is gá na modúil roghnaithe a chur in oiriúint le haghaidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta. Chun úrnuacht agus castacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh agus chun a áirithiú go bhfuil na ceallraí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leasú trí chéimeanna fíoraithe a chur isteach nó trí mhodúl measúnaithe a athrú, ar bhonn forbairtí ar an margadh ceallraí nó sa luachshlabhra ceallraí. Tá gá le nósanna imeachta láidre um measúnú comhréireachta chun a áirithiú go bhfuil comhréireacht le ceanglais inbhuanaithe agus le hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra luacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

De bharr úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú do cheallraí agus chun leibhéal seasmhach cáilíochta a áirithiú maidir le feidhmíocht i measúnuithe comhréireachta ceallraí, is gá ceanglais a leagan síos do na húdaráis a thugann fógra a mbeidh baint acu le measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, le fógra a thabhairt dóibh agus le faireachán a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart a áirithiú go bhfuil an t-údarás a thugann fógra oibiachtúil neamhchlaonta maidir lena ghníomhaíocht. Thairis sin, ba cheart a éileamh ar na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú ach ba cheart, mar sin féin, go bhféadfaidís faisnéis a mhalartú faoi chomhlachtaí dá dtugtar fógra le húdaráis náisiúnta, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht leis an measúnú comhréireachta a áirithiú.

(38)

De bharr úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, feidhmíocht , sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis do cheallraí agus chun leibhéal seasmhach cáilíochta a áirithiú maidir le feidhmíocht i measúnuithe comhréireachta ceallraí, is gá ceanglais a leagan síos do na húdaráis a thugann fógra a mbeidh baint acu le measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, le fógra a thabhairt dóibh agus le faireachán a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart a áirithiú go bhfuil an t-údarás a thugann fógra oibiachtúil neamhchlaonta maidir lena ghníomhaíocht agus go bhfuil líon leordhóthanach ball foirne ann atá inniúil ó thaobh na teicneolaíochta de chun a chúraimí a chur i gcrích . Thairis sin, ba cheart a éileamh ar na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú ach ba cheart, mar sin féin, go bhféadfaidís faisnéis a mhalartú faoi chomhlachtaí dá dtugtar fógra le húdaráis náisiúnta, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht leis an measúnú comhréireachta a áirithiú.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go léir a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta agus uathrialach. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais a leagan síos do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mhian leo fógra a fháil faoi sholáthar gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Ba cheart go leanfaí d’fheidhm a bheith ag na ceanglais sin mar réamhriachtanas chun inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra a chothabháil. Chun uathriail an chomhlachta dá dtugtar fógra a áirithiú, ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra agus ar na baill foirne a fhostaítear ann fanacht neamhspleách ar oibreoirí eacnamaíocha sa luachshlabhra ceallraí agus ar chuideachtaí eile, lena n-áirítear comhlachais ghnó, máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí. Ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra a neamhspleáchas a thaifeadadh agus an doiciméadacht sin a sholáthar don údarás a thugann fógra.

(39)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go léir a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta agus uathrialach. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais a leagan síos do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mhian leo fógra a fháil faoi sholáthar gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Ba cheart go leanfaí d’fheidhm a bheith ag na ceanglais sin mar réamhriachtanas chun inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra a chothabháil. Chun uathriail an chomhlachta dá dtugtar fógra a áirithiú, ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra agus ar na baill foirne a fhostaítear ann fanacht neamhspleách ar oibreoirí eacnamaíocha sa luachshlabhra ceallraí agus ar chuideachtaí eile, lena n-áirítear comhlachais ghnó, máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí. Ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra a neamhspleáchas a thaifeadadh agus an doiciméadacht sin a sholáthar don údarás a thugann fógra. Ba cheart rothlú foirne agus tréimhsí iomchuí “marana” a éileamh freisin.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh baint idir na seirbhísí atá á dtairiscint ag comhlachtaí dá dtugtar fógra i mBallstát le ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóid a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme faoi dhálaí aonfhoirmeacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a thuilleadh.

(42)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh baint idir na seirbhísí atá á dtairiscint ag comhlachtaí dá dtugtar fógra i mBallstát le ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile, don Choimisiún, d’oibritheoirí eacnamaíocha agus do gheallsealbhóirí ábhartha agóid a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Ba cheart don Choimisiún, le linn na n-imeachtaí imscrúdacháin, comhairle a lorg ó shaoráid tástála de chuid an Aontais arna hainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme faoi dhálaí aonfhoirmeacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a thuilleadh.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)

Ar mhaithe leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, an deimhniú agus, ar deireadh, an rochtain ar an margadh a éascú agus ar mhaithe le luas a chur leis na nithe sin, agus i bhfianaise úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú do cheallraí, is ríthábhachtach an rud é go leanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra de rochtain a bheith acu ar gach píosa trealaimh tástála agus gach saoráid tástála a theastaíonn agus go gcuirfidh siad na nósanna imeachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go gcaitear le hoibreoirí eacnamaíocha ar an gcaoi chéanna, is gá do na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm go seasta.

(43)

Ar mhaithe leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, an deimhniú agus, ar deireadh, an rochtain ar an margadh a éascú agus ar mhaithe le luas a chur leis na nithe sin, agus i bhfianaise úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis do cheallraí, is ríthábhachtach an rud é go leanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra de rochtain a bheith acu ar gach píosa trealaimh tástála agus gach saoráid tástála a theastaíonn agus go gcuirfidh siad na nósanna imeachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go gcaitear le hoibreoirí eacnamaíocha ar an gcaoi chéanna, is gá do na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm go seasta.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51)

Chun cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, mar chuid dá sonraí teagmhála, suíomh gréasáin a chur ar fáil, anuas ar a seoladh poist .

(51)

Chun cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, mar chuid dá sonraí teagmhála, uimhir theileafóin, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus seoladh suímh ghréasáin a thabhairt le fios.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, is é sin ceallraí ar ceallraí iontu féin iad- nó ceallraí ar ceallraí laistigh de tháirgí iad, agus go háirithe, gur thug monaróirí na gceallraí sin faoi nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta maidir leis na ceallraí sin. Ba cheart foráil a dhéanamh, mar sin, maidir le hallmhaireoirí, i gcás na gceallraí a chuireann siad ar an margadh agus a chuireann siad i seirbhís, chun a áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus go bhfuil an mharcáil CE ar cheallraí agus an doiciméadacht arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis náisiúnta.

(52)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus dlí ábhartha an Aontais is infheidhme , is é sin ceallraí ar ceallraí iontu féin iad- nó ceallraí ar ceallraí laistigh de tháirgí iad, agus go háirithe, gur thug monaróirí na gceallraí sin faoi nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta maidir leis na ceallraí sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar iniúchadh láidir neamhspleách tríú páirtí ar cheanglais an Rialacháin seo a bhaineann le próiseas táirgthe ceallraí a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, comhlíonadh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin, ábhar athchúrsáilte, chomh maith le cearta an duine agus oibleagáidí díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú go hiomlán. Ba cheart foráil a dhéanamh, mar sin, maidir le hallmhaireoirí, i gcás na gceallraí a chuireann siad ar an margadh agus a chuireann siad i seirbhís, chun a áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus go bhfuil an mharcáil CE ar cheallraí agus an doiciméadacht arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis sin a áirithiú, go háirithe agus rialuithe á ndéanamh acu ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais ó thríú tíortha, go ndéanfar dlí an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach trí ardleibhéal rialaithe éifeachtach agus aonfhoirmeach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53)

Nuair a chuireann allmhaireoir ceallra ar an margadh nó nuair a chuireann sé i seirbhís é, ba cheart dó a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe a chur ar an gceallra, chomh maith leis an seoladh poist. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid an cheallra. Áirítear air sin cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an pacáistiú a oscailt chun an t-ainm agus seoladh a chur ar an gceallra nó ina mbeadh an ceallra róbheag chun an fhaisnéis a ghreamú de .

(53)

Nuair a chuireann allmhaireoir ceallra ar an margadh nó nuair a chuireann sé i seirbhís é, ba cheart dó a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe a chur ar an gceallra, chomh maith leis an seoladh poist , seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin . Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid an cheallra agus é róbheag chun an fhaisnéis sin a ghreamú air . Ba cheart foráil a dhéanamh freisin d’eisceachtaí i gcásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun an t-ainm agus na sonraí teagmhála eile a chur uirthi . Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart don allmhaireoir an fhaisnéis sin a chur ar fáil i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra nó ar bhealach eile atá inrochtana láithreach. I gcás inarb ann do phacáistíocht, ba cheart í a úsáid chun an fhaisnéis sin a chur in iúl .

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 56

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(56)

Ós rud é go bhfuil dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh féin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna tascanna faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus ba cheart dóibh a bheith toilteanach páirt a ghlacadh ar bhealach gníomhach, ag cur na faisnéise uile is gá faoin gceallra lena mbaineann ar fáil do na húdaráis chéanna.

(56)

Ós rud é go bhfuil dáileoirí, allmhaireoirí agus na soláthraithe seirbhíse comhlíonta, lena n-áirítear na margaí , gar don mhargadh féin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna tascanna faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus ba cheart dóibh a bheith toilteanach páirt a ghlacadh ar bhealach gníomhach, ag cur na faisnéise uile is gá faoin gceallra lena mbaineann ar fáil do na húdaráis chéanna.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(57)

Bíonn faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla más féidir inrianaitheacht ceallra a chinntiú ar fad an luachshlabhra ar fad. Le córas éifeachtach inrianaitheachta, cuirtear ar chumas na n-údarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir ceallraí neamh-chomhlíontacha ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh iad nó a chuir i seirbhís iad a aimsiú. Ba cheart go n-éileofaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina n-idirbhearta ceallraí a choinneáil ar feadh tréimhse ama áirithe.

(57)

Bíonn faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla más féidir inrianaitheacht ceallra a áirithiú ar fud an luachshlabhra ar fad , agus soláthraíonn sé trédhearcacht do thomhaltóirí . Le córas éifeachtach inrianaitheachta, cuirtear ar chumas na n-údarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir ceallraí neamh-chomhlíontacha ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh iad nó a chuir i seirbhís iad a aimsiú. Ba cheart go n-éileofaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina n-idirbhearta ceallraí a choinneáil ar feadh tréimhse ama áirithe , lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach .

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59)

Ní sholáthraíonn ach líon beag tíortha na hábhair sin agus, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh caighdeáin ísle rialachais le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta. Baineann mianadóireacht agus mínchóireáil cóbailt agus nicile araon le raon leathan fadhbanna sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear féidearthacht guaise don chomhshaol agus do shláinte an duine. Cé nach mbíonn na hiarmhairtí sóisialta agus comhshaoil i gcás na graifíte nádúrtha chomh dian sin, baineann ardsciar dá mianadóireacht le hoibríochtaí ar mhionscála a dhéantar den chuid is mó ar bhonn neamhfhoirmiúil as a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha sláinte agus comhshaoil eascairt, agus áirítear leosan nach ndéantar mianaigh a dhúnadh ar bhonn rialta agus nach ndéantar athshlánú ina leith, rud a fhágann go ndéantar éiceachórais agus ithreacha a scriosadh. I gcás litiam, is cosúil go gcuirfidh an méadú lena bhfuiltear ag súil ar a úsáid i monaraíocht ceallraí brú breise ar oibríochtaí eastósctha agus mínchóireála, rud a fhágann gur cheart litiam a chur san áireamh le raon feidhme oibleagáidí díchill chuí an tslabhra soláthair . Níor cheart go gcuirfeadh an méadú ollmhór lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ar cheallraí san Aontas le méadú ar rioscaí comhshaoil agus sóisialta den chineál sin.

(59)

Ní sholáthraíonn ach líon beag tíortha na hábhair sin agus, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh caighdeáin ísle rialachais le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta. Baineann mianadóireacht agus mínchóireáil cóbailt , copair, nicile , iarainn agus báicsíte le raon leathan fadhbanna sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear féidearthacht guaise don chomhshaol agus do shláinte an duine. Cé nach mbíonn na hiarmhairtí sóisialta agus comhshaoil i gcás na graifíte nádúrtha chomh dian sin, baineann ardsciar dá mianadóireacht le hoibríochtaí ar mhionscála a dhéantar den chuid is mó ar bhonn neamhfhoirmiúil as a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha sláinte agus comhshaoil eascairt, agus áirítear leosan nach ndéantar mianaigh a dhúnadh ar bhonn rialta agus nach ndéantar athshlánú ina leith, rud a fhágann go ndéantar éiceachórais agus ithreacha a scriosadh. I gcás litiam, is cosúil go gcuirfidh an méadú lena bhfuiltear ag súil ar a úsáid i monaraíocht ceallraí brú breise ar oibríochtaí eastósctha agus mínchóireála, rud a fhágann gur cheart litiam a chur san áireamh le raon feidhme oibleagáidí díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí . Níor cheart go gcuirfeadh an méadú ollmhór lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ar cheallraí san Aontas le méadú ar rioscaí comhshaoil agus sóisialta den sórt sin thar lear .

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 60

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(60)

Breathnaítear ar chuid de na hamhábhair lena mbaineann; cóbalt, litiam agus graifít nádúrtha cuir i gcás mar amhábhair atá ríthábhachtach don Aontas (38) agus is gá iad a fhoinsiú ar bhonn inbhuanaithe má tá éiceachóras ceallraí an Aontais le feidhmiú go cuí.

(60)

Breathnaítear ar chuid de na hamhábhair lena mbaineann, amhail báicsít, cóbalt, litiam agus graifít nádúrtha, mar amhábhair atá ríthábhachtach don Aontas (38) agus is gá iad a fhoinsiú ar bhonn inbhuanaithe má tá éiceachóras ceallraí an Aontais le feidhmiú go cuí.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 62

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62)

San Aontas, is le Rialachán (AE) Uimh.  2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) a tugadh isteach na ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí i dtaca le mianraí agus miotail áirithe. Ní phléitear na mianraí ná na hábhair a úsáidtear i dtáirgeacht ceallraí sa Rialachán sin, áfach.

(62)

Sonraítear i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine a agus i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta gur cheart d’oibreoirí eacnamaíocha dícheall cuí a dhéanamh mar bhealach chun a bhfreagracht chorparáideach a chomhlíonadh maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol. San Aontas, is le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) a tugadh isteach na ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí i dtaca le mianraí agus miotail áirithe. Ní phléitear na mianraí ná na hábhair a úsáidtear i dtáirgeacht ceallraí sa Rialachán sin, áfach.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 63

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(63)

Dá bhrí sin, ag féachaint don fhás easpónantúil lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ceallraí san Aontas, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar mhargadh an Aontais beartas díchill chuí sa slabhra soláthair a bhunú . Ba cheart na ceanglais a leagan síos dá bhrí sin , agus é mar chuspóir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le hamhábhar áirithe a eastóscadh, a phróiseáil agus a thrádáil chun críoch monaraíochta ceallraí.

(63)

Ba cheart an fhreagracht as urraim a thabhairt do chearta an duine, do chearta sóisialta, do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith infheidhme maidir le hoibríochtaí monaríochta uile agus le caidreamh gnó eile de chuid oibreoir eacnamaíoch feadh an luachshlabhra ceallraí. Dá bhrí sin, i bhfianaise an fháis easpónantúil lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ceallraí san Aontas agus ós rud é go mbaineann rioscaí ar leith le heastóscadh, próiseáil agus trádáil amhábhar, ceimiceán agus amhábhar tánaisteach áirithe a úsáidtear i monaraíocht ceallraí agus a tharlaíonn i gcóireáil ceallraí dramhaíola , ba cheart ceanglais áirithe don phróiseas díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí a leagan síos, agus é mar chuspóir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le hamhábhair, ceimiceáin agus amhábhair thánaisteacha áirithe a eastóscadh, a phróiseáil agus a thrádáil chun críoch monaraíochta ceallraí, cóireála ceallraí dramhaíola, an phróisis monaraíochta é féin chomh maith le caidrimh ghnó ghaolmhara eile go léir .

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 64

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(64)

Agus beartas díchill chuí atá bunaithe ar rioscaí á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar phrionsabail díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta mar atá Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (40), na Treoirlínte maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí (41), Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (42), agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach (RBC) (43), ar prionsabail iad ina léirítear comhthuiscint idir rialtais agus páirtithe leasmhara, agus ba cheart é a chur in oiriúint do chomhthéacs sonracha agus d’imthosca sonracha gach oibreora eacnamaíoch. Maidir le heastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianraí nádúrtha a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí, is é atá i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca (44) (“Treoir ECFE um Dhícheall Cuí”), iarracht sheanbhunaithe rialtas agus páirtithe leasmhara dea-chleachtas a bhunú sa réimse sin.

(64)

Agus próiseas díchill chuí rioscabhunaithe á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar chaighdeáin agus prionsabail díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta mar atá i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine , Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (40), na Treoirlínte maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí (41), Dearbhú Trípháirteach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (42), treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach (RBC) (43), ar prionsabail iad ina léirítear comhthuiscint idir rialtais agus geallsealbhóirí, agus ba cheart a chur in oiriúint do chomhthéacs sonrach agus d’imthosca sonracha gach oibreora eacnamaíoch. Maidir le heastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianraí nádúrtha ó limistéir ardriosca a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí, is é atá i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca (44) (“Treoir ECFE um Dhícheall Cuí”) aitheantas idirnáisúnta caighdeáin lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí sonracha a bhaineann le mórsháruithe ar chearta an duine a bhaineann le foinsiú agus trádáil amhábhar áirithe i gcomhthéacs coinbhleachta, agus iarracht sheanbhunaithe rialtas agus páirtithe leasmhara chun dea-chleachtas a bhunú sa réimse sin.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 65

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(65)

Dar le Treoir ECFE um Dhícheall Cuí  (45), is próiseas leanúnach réamhghníomhach agus frithghníomhach é an dícheall cuí trínar féidir le cuideachtaí a áirithiú go n-urramaíonn siad cearta an duine agus nach gcuireann siad le coinbhleacht. (46) Baineann dícheall cuí rioscabhunaithe leis na céimeanna ba cheart do chuideachtaí a ghlacadh chun fíor-rioscaí nó rioscaí féideartha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu d’fhonn tionchair dhíobhálacha a ghabhann lena ngníomhaíochtaí lena gcinntí foinsithe a chosc nó a mhaolú. Is féidir le cuideachta riosca a ghabhann lena gníomhaíochtaí agus lena caidrimh a mheas agus bearta maolaithe rioscaí a ghlacadh i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, moltaí maidir le hiompar freagrach gnó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, uirlisí le taca rialtais, tionscnaimh dheonacha ón earnáil phríobháideach agus beartais agus córais inmheánacha cuideachta. Is ábhar cúnaimh an cur chuige sin chun an cleachtadh díchill chuí a chun in oiriúint ó thaobh scála de do mhéid ghníomhaíochtaí na cuideachta nó dá gcaidrimh maidir le slabhra soláthair.

(65)

De réir chaighdeáin agus phrionsabail NA, EIS agus ECFE, is próiseas leanúnach réamhghníomhach agus frithghníomhach é an dícheall cuí trínar féidir le cuideachtaí a áirithiú go n-urramaíonn siad cearta an duine, an comhshaol agus nach gcuireann siad le coinbhleacht (46). Baineann dícheall cuí rioscabhunaithe leis na céimeanna ba cheart do chuideachtaí a ghlacadh chun tionchar díobhálach a ghabhann lena ngníomhaíochtaí nó lena gcinntí foinsithe a shainaithint, a chosc, a mhaolú, chun deireadh a chur leo agus cuntas a thabhairt ina leith . Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha comhairliúchán eolasach, éifeachtach agus fóinteach a dhéanamh le pobail a ndéantar difear dóibh. Is féidir le cuideachta riosca a ghabhann lena gníomhaíochtaí agus lena caidrimh a mheas agus bearta maolaithe rioscaí a ghlacadh , ina measc faisnéis bhreise a éileamh, caibidlíocht a dhéanamh d’fhonn an cor a cheartú, nó an rannpháirtíocht le soláthróirí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi, i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear faoin méid a leanas; dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, moltaí maidir le hiompar freagrach gnó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, uirlisí le taca rialtais, tionscnaimh dheonacha ón earnáil phríobháideach agus beartais agus córais inmheánacha cuideachta. Is ábhar cúnaimh an cur chuige sin chun an cleachtadh díchill chuí a chur in oiriúint ó thaobh scála de do mhéid ghníomhaíochtaí na cuideachta nó dá gcaidrimh maidir le slabhra soláthair. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí maidir le haon oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear ardáin ar líne, a chuireann ceallraí ar an margadh Eorpach.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 65 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(65a)

Cé gur féidir le scéimeanna díchill chuí san earnáil phríobháideach tacú le hoibreoirí eacnamaíocha ina ndícheall cuí, ba cheart go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha freagrach ar bhonn aonair as na hoibleagáidí díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 65 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(65b)

Ba cheart do na Ballstáit cúnamh teicniúil sonrach a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do chuideachtaí beaga agus meánmhéide, ionas gur féidir leo ceanglais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí a chomhlíonadh.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 66

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(66)

Ba cheart beartais éigeantacha maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a ghlacadh nó a mhodhnú agus ba cheart do dtabharfaí aghaidh ar a laghad ar na catagóirí rioscaí is ábhartha don tsochaí agus don chomhshaol leo. Ba cheart go gcuimseodh sé seo an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar intuartha ar an saol sóisialta ar thaobh amháin, go háirithe maidir le cearta daonna, sláinte agus sábháilteacht an duine, sláinte agus sábháilteacht cheirde agus cearta saothair, agus, ar an taobh eile, ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le húsáid uisce, cosaint ithreach, aerthruailliú agus bithéagsúlacht, lena n-áirítear saol an phobail.

(66)

Ba cheart beartais éigeantacha maidir le dícheall cuí sa luachshlabhra ceallraí a ghlacadh nó a mhodhnú agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar a laghad ar na catagóirí rioscaí is ábhartha don tsochaí agus don chomhshaol leo. Ba cheart go gcuimseodh sé sin an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar intuartha ar an saol sóisialta ar thaobh amháin, go háirithe maidir le cearta daonna, sláinte agus sábháilteacht an duine, sláinte agus sábháilteacht cheirde agus cearta saothair, agus, ar an taobh eile, ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le húsáid uisce, cosaint ithreach, aerthruailliú , athrú aeráide agus bithéagsúlacht, lena n-áirítear saol an phobail.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 67

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(67)

Maidir le catagóirí riosca sóisialta, ba cheart go dtabharfadh beartais díchill chuí aghaidh ar na rioscaí sa slabhra soláthair ceallraí maidir le cosaint ar chearta daonna, lena n-áirítear sláinte an duine, cosaint ar leanaí agus comhionannas inscne, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine (47). Ba cheart go n-áireofar le beartais díchill chuí faisnéis faoin dóigh ar rannchuidigh an t-oibreoir eacnamaíoch le cosc ar sháruithe ar chearta daonna agus faoi na hionstraimí atá i bhfeidhm i struchtúr gnó an oibreora chun éilliú agus breabaireacht a chomhrac. Ba cheart go n-áiritheofaí freisin leis na beartais díchill chuí cur chun feidhme ceart rialacha choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (48) de réir mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Dhearbhú Trípháirteach na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

(67)

Maidir le catagóirí riosca sóisialta, ba cheart go dtabharfadh beartais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí aghaidh ar na rioscaí sa luachshlabhra ceallraí maidir le cosaint ar chearta an duine, lena n-áirítear sláinte an duine, cearta na bpobal dúchasach , cosaint leanaí agus comhionannas inscne, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine (47). Ba cheart go n-áireofar le beartais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí faisnéis faoin dóigh ar rannchuidigh an t-oibreoir eacnamaíoch le cosc ar sháruithe ar chearta daonna agus faoi na hionstraimí atá i bhfeidhm i struchtúr gnó an oibreora chun éilliú agus breabaireacht a chomhrac. Ba cheart go n-áiritheofaí freisin leis na beartais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí cur chun feidhme ceart rialacha choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (48) de réir mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Dhearbhú Trípháirteach na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 68

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(68)

Maidir le catagóirí riosca don chomhshaol, ba cheart go dtabharfadh na beartais díchill chuí aghaidh ar na rioscaí sa slabhra soláthair ceallraí i dtaca le cosaint ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar éagsúlacht bhitheolaíocht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (49), coinbhinsiún ina dtugtar pobail áitiúla san áireamh mar aon le cosaint agus forbairt na bpobal sin.

(68)

Maidir le catagóirí riosca don chomhshaol, ba cheart go dtabharfadh na beartais díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí aghaidh ar na rioscaí sa luachshlabhra ceallraí i dtaca le cosaint ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar éagsúlacht bhitheolaíocht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (49), coinbhinsiún ina dtugtar pobail áitiúla san áireamh mar aon le cosaint agus forbairt na bpobal sin. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an sprioc atá aige an téamh domhanda a theorannú go leibhéal faoi bhun 1.5 céim Celsius, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha, chomh maith le rioscaí comhshaoil a chumhdaítear le coinbhinsiúin idirnáisúnta comhshaoil eile.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 69

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(69)

Na hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra sóláthair maidir le rioscaí sóisialta agus comhshaoil a ghabhann le húsáid amhábhar i monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a mhaolú, ba cheart go rannchuideoidís le Rún 19 Chlár Comhshaoil na NA (UNEP) maidir le Rialachas Acmhainní Mianracha a chur chun feidhme, lena n-aithnítear cion tairbhe tábhachtach na hearnála mianadóireachta le haghaidh Clár 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

(69)

Na hoibleagáidí díchill chuí sa luachshlabhra ceallraí maidir le rioscaí sóisialta agus comhshaoil a ghabhann le húsáid amhábhar i monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a mhaolú, ba cheart go rannchuideoidís le Rún 19 Chlár Comhshaoil na NA (UNEP) maidir le Rialachas Acmhainní Mianracha a chur chun feidhme, lena n-aithnítear cion tairbhe tábhachtach na hearnála mianadóireachta le haghaidh Clár 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 69 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(69a)

Fiú nuair a dhéantar dícheall cuí, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an díobháil sin a leigheas go gníomhach, astu féin nó i gcomhar le gníomhaithe eile. Ba cheart do na hoibreoirí sin a bheith faoi dhliteanas as aon drochthionchar a raibh siadsan nó na heintitis a rialaíonn siad nó ar féidir leo iad a rialú, ina gcúis leis nó ar rannchuidigh siad leis. Ba cheart do dhaoine a ndearnadh dochar dóibh a bheith i dteideal leigheasanna agus ba cheart rochtain ar cheartas a sholáthar dóibh.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 70

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(70)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair sa mhéid agus nach bhfuil forálacha sonracha ann sa Rialachán seo den sórt céanna lena mbaineann an cuspóir nó an éifeacht chéanna ar féidir iad a mhionathrú ag féachaint do leasuithe reachtacha amach anseo.

(70)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais, lena leagtar síos na ceanglais maidir le dícheall cuí, maidir le cuideachtaí de chuid an Aontais agus cuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil sé ar intinn acu ceallraí a chur ar mhargadh an Aontais, chun machaire comhréidh a áirithiú, sa mhéid agus nach bhfuil forálacha sonracha ann sa Rialachán seo den sórt céanna lena mbaineann an cuspóir, nádúr nó an éifeacht chéanna ar féidir iad a oiriúnú ag féachaint do leasuithe reachtacha amach anseo.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 71

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(71)

Chun dul in oiriúint d’fhorbairtí ar an luachshlabhra ceallraí, lena n-áirítear athruithe ar raon feidhme agus ar nádúr na rioscaí comhshaoil agus sóisialta ábhartha, agus do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar cheallraí agus ceimic ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta amhábhar agus na catagóirí rioscaí agus na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a leasú.

(71)

Chun dul in oiriúint d’fhorbairtí ar an luachshlabhra ceallraí, lena n-áirítear athruithe ar raon feidhme agus ar nádúr na rioscaí comhshaoil agus sóisialta ábhartha, agus do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar cheallraí agus ceimic ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta amhábhar agus na catagóirí rioscaí agus na ceanglais maidir le dícheall cuí sa luachshlabhra ceallraí a leasú.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 71 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(71a)

I gcás ina nglacfar reachtaíocht de chuid an Aontais amach anseo lena leagfar síos rialacha ginearálta maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, ba cheart don Choimisiún a mheas an éilítear leis an reachtaíocht nua sin de chuid an Aontais míreanna 2 go dtí 5 d’Airteagal 39 nó Iarscríbhinn X, nó an dá cheann acu, a leasú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na forálacha sin a leasú dá réir sin.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 72

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(72)

Is gá rialacha comhchuibhithe a bheith ann le haghaidh bainistiú dramhaíola chun a áirithiú go bhfuil táirgeoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha céanna ar fud na mBallstát i gcomhthéacs chur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora as ceallraí. Is gá bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a uasmhéadú agus a áirithiú go ndéanfar gach ceallra a bhailítear a athchúrsáil trí phróisis a chomhlíonann na híos-éifeachtúlachtaí athchúrsála comhchoiteanna chun ardleibhéal ábhar a aisghabháil. Sa mheastóireacht ar Threoir 2006/66/CE, fuarthas amach go bhfuil easpa mionsonraí ar a forálacha ar cheann dá heasnaimh, rud a fhágann go bhfuil cur chun feidhme míchothrom ann agus go gcruthaítear bacainní suntasacha ar fheidhmiú margaí athchúrsála agus leibhéil fho-optamacha athchúrsála. Dá dhroim sin, le rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe, ba cheart saobhadh sa mhargadh a sheachaint maidir le ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí na ceanglais a chur chun feidhme go cothrom ar fud an Aontais, ba cheart go mbeadh tuilleadh comhchuibhithe ann ar cháilíocht na seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha agus ba cheart go n-éascófaí na margaí amhábhar tánaisteach.

(72)

Is gá rialacha comhchuibhithe a bheith ann le haghaidh bainistiú dramhaíola chun a áirithiú go bhfuil táirgeoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha céanna ar fud na mBallstát i gcomhthéacs chur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora as ceallraí agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú ar fud an Aontais . Is féidir le freagracht leathnaithe táirgeora rannchuidiú le húsáid fhoriomlán acmhainní a laghdú, go háirithe trí ghiniúint dramhaíola ceallraí agus na drochthionchair a bhaineann le bainistiú dramhaíola ceallraí a laghdú . Is gá bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a uasmhéadú agus a áirithiú chun go ndéanfar gach ceallra a bhailítear a athchúrsáil trí phróisis a chomhlíonann na híos-éifeachtúlachtaí athchúrsála comhchoiteanna chun ardleibhéal ábhar a aisghabháil. Sa mheastóireacht ar Threoir 2006/66/CE, fuarthas amach go bhfuil easpa mionsonraí ar a forálacha ar cheann dá heasnaimh, rud a fhágann go bhfuil cur chun feidhme míchothrom ann agus go gcruthaítear bacainní suntasacha ar fheidhmiú margaí athchúrsála agus leibhéil fho-optamacha athchúrsála. Dá dhroim sin, le rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe, ba cheart saobhadh sa mhargadh a sheachaint maidir le ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí na ceanglais a chur chun feidhme go cothrom ar fud an Aontais, ba cheart go mbeadh tuilleadh comhchuibhithe ann ar cháilíocht na seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha agus ba cheart go n-éascófaí na margaí amhábhar tánaisteach.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 73

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(73)

Tógtar ar na rialacha bainistithe dramhaíola agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50) leis an Rialachán seo, ar cheart iad a chur in oiriúint chun cás sonrach na gceallraí a léiriú. Chun bailiú ceallraí dramhaíola a eagrú ar an mbealach is éifeachtaí, tá sé tábhachtach go ndéantar é gar don áit a ndíoltar na ceallraí i mBallstát, agus gar don úsáideoir deiridh. Féadtar ceallraí dramhaíola a bhailiú freisin, i dteannta le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a bunaíodh ar bhonn Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51) agus in éineacht le Treoir 2000/53/CE. Cé go socraítear rialacha sonracha do cheallraí leis an Rialachán reatha, is gá cur chuige comhleanúnach agus comhlántach a ghlacadh, ag tógáil ar na struchtúir bainistithe dramhaíola atá i bhfeidhm faoi láthair agus á gcomhchuibhiú tuilleadh. Dá réir sin, agus chun freagracht leathnaithe táirgeora a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le bainistiú dramhaíola, ba cheart oibleagáidí a leagan síos maidir leis an mBallstát ina gcuirtear ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

(73)

Tógtar ar na rialacha bainistithe dramhaíola agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50) leis an Rialachán seo, ar cheart iad a chur in oiriúint chun cineál sonrach na dramhaíola ceallraí a léiriú. Chun bailiú ceallraí dramhaíola a eagrú ar an mbealach is éifeachtaí, tá sé tábhachtach go ndéantar é gar don áit a ndíoltar na ceallraí i mBallstát, agus gar don úsáideoir deiridh . Ba cheart go mbaileofaí ceallraí dramhaíola ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile, amhail miotal, páipéar agus cairtchlár, gloine, plaistigh, adhmad, teicstílí agus bithdhramhaíl . Féadtar ceallraí dramhaíola a bhailiú freisin, i dteannta le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus le feithiclí a bhfuil a ré caite, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a bunaíodh ar bhonn Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51) agus Treoir 2000/53/CE. Cé go socraítear rialacha sonracha do cheallraí leis an Rialachán reatha, is gá cur chuige comhleanúnach agus comhlántach a ghlacadh, ag tógáil ar na struchtúir bainistithe dramhaíola atá i bhfeidhm faoi láthair agus iad a chomhchuibhiú tuilleadh. Dá réir sin, agus chun freagracht leathnaithe táirgeora a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le bainistiú dramhaíola, ba cheart oibleagáidí a leagan síos maidir leis an mBallstát ina gcuirtear ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 76

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(76)

Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Dá réir sin, ba cheart do tháirgeoirí na costais a ghabhann le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí go léir a bhailítear a mhaoiniú, chomh maith leis na costais a ghabhann le tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus le faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi cheallraí agus faoi athúsáid agus bainistiú ceallraí dramhaíola. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora maidir le gach cineál soláthair, lena n-áirítear ciandíol. Ba cheart táirgeoirí a bheith in ann na hoibleagáidí sin a fheidhmiú i dteannta a chéile, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart go mbeadh táirgeoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir údarú agus ba cheart dóibh a thaifeadadh go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. I gcás inar gá chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a mhodhnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(76)

Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Ba cheart tacar rialacha a bheith ann lena sainmhínítear oibleagáidí sonracha oibríochtúla agus airgeadais do tháirgeoirí táirgí ina leathnaítear freagracht an táirgeora go dtí céim iarthomhaltais de shaolré táirge. Dá réir sin, ba cheart do tháirgeoirí ar a laghad na costais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 d’Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE a mhaoiniú, lena n-áirítear na costais a ghabhann le bailiú ar leithligh a eagrú, ullmhú d’athrú cuspóra agus athmhonaraíocht, cóireáil, ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola, chomh maith leis na costais a ghabhann le tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus le feachtais feasachta chun úsáideoirí deiridh a spreagadh chun ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ar bhealach iomchuí . Ba cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora maidir le gach cineál soláthair, lena n-áirítear ciandíol agus díolacháin ar líne . Ba cheart táirgeoirí a bheith in ann na hoibleagáidí sin a fheidhmiú i dteannta a chéile, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart go mbeadh táirgeoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir údarú agus ba cheart dóibh a thaifeadadh go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. I gcás inar gá chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a mhodhnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 76 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(76a)

Trí cheanglais freagrachta táirgeora a thabhairt isteach, ba cheart go rannchuideofaí le costais a laghdú agus borradh a chur faoin bhfeidhmíocht, mar aon le cothroime iomaíochta a áirithiú, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus d’fhiontair ríomhthráchtála, agus go seachnófaí bacainní ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart dóibh rannchuidiú freisin le costais deiridh ré a ionchorprú i bpraghsanna táirgí agus dreasachtaí a sholáthar do tháirgeoirí chun cloí le forálacha inbhuanaitheachta agus a dtáirgí á ndearadh acu. Ar an iomlán, ba cheart ceanglais den sórt sin feabhas a chur ar rialachas agus ar thrédhearcacht na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus laghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh coinbhleachtaí leasa chun solais idir eagraíochtaí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí agus oibreoirí dramhaíola a ndéanann siad conradh leo. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nua agus atá ann cheana.

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 77

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(77)

Ba cheart don Rialachán seo freagracht leathnaithe táirgeora as ceallraí a rialú go huileghabhálach agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm maidir le ceallraí ag na rialacha a leagtar síos maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE.

(77)

Ba cheart don Rialachán seo freagracht leathnaithe táirgeora as ceallraí a rialú go huileghabhálach agus ba cheart a mheas, dá bhrí sin, go bhforlíonann sé na rialacha a leagtar síos maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE, ar cheart a thuiscint gur íoscheanglais iad .

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 78

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(78)

Chun a áirithiú go ndéantar athchúrsáil dramhaíola d’ardcháilíocht sna luachshlabhraí ceallraí, chun úsáid amhábhar tánaisteach d’ardcháilíocht a ardú agus chun an comhshaol a chosaint, ba cheart gurb é an riail é go ndéantar líon ard ceallraí dramhaíola a bhailiú agus a athchúrsáil. Is céim bhunúsach ríthábhachtach é ceallraí dramhaíola a bhailiú lena n-athchúrsáil chun an lúb a dhúnadh do na hábhair luachmhara i gceallraí agus chun an luachshlabhra ceallraí a choinneáil laistigh den Aontas mar, agus dá bhrí sin ag éascú rochtain ar an ábhar aisghabháilte a d’fhéadfaí a úsáid arís le táirgí nua a mhonarú.

(78)

Chun a áirithiú go ndéantar athchúrsáil dramhaíola d’ardcháilíocht sna luachshlabhraí ceallraí, chun úsáid amhábhar tánaisteach d’ardcháilíocht a ardú, agus chun an comhshaol a chosaint, ba cheart gurb é an riail é go ndéantar líon ard ceallraí dramhaíola a bhailiú agus a athchúrsáil. Is céim bhunúsach ríthábhachtach é ceallraí dramhaíola a bhailiú lena n-athchúrsáil chun an lúb a dhúnadh do na hábhair luachmhara i gceallraí agus chun an luachshlabhra ceallraí a choinneáil laistigh den Aontas agus chun borradh a chur faoina uathriail straitéiseach san earnáil sin, ag éascú rochtain ar an ábhar aisghabháilte a d’fhéadfaí a úsáid arís le táirgí nua a mhonarú. Ba cheart bearta iomchuí maidir le bailiú, cóireáil agus ullmhú d’athúsáid, ullmhú d’athrú cuspóra agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola a chur san áireamh i bpleananna bainistithe dramhaíola náisiúnta. Ba cheart dá bhrí sin go ndéanfaí pleananna bainistithe dramhaíola na mBallstát a nuashonrú ar bhonn na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 79

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(79)

Ba cheart go mbeadh táirgeoirí ceallraí de gach cineál freagrach as bailiú ceallraí dramhaíola ar leithligh a mhaoiniú agus a eagrú. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí líonra bailithe a bhunú lena gcumhdófaí críocha uile na mBallstát, líonra a bheadh gar don úsáideoir deiridh agus nach ndíreodh ar limistéir agus ar cheallraí a bhfuil an bailiú brabúsach ina leith agus ar na limistéir sin amháin. Ba cheart go n-áireofaí ar an líonra bailithe aon dáileoir, saoráid cóireála údaraithe do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus d’fheithiclí a bhfuil a ré caite, suíomhanna taitneamhachta cathartha agus gníomhaithe eile bunaithe ar a dtoil féin, ar nós údaráis phoiblí agus scoileanna. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna ilchodacha ar leibhéal 2 NUTS (53) ar a laghad a dhéanamh go rialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach agus ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailítear chun méid na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ann a chinneadh.

(79)

Ba cheart go mbeadh táirgeoirí ceallraí de gach cineál freagrach as bailiú ceallraí dramhaíola ar leithligh a mhaoiniú nó a mhaoiniú agus a eagrú. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí líonra aisghabhála agus bailithe a bhunú lena gcumhdófaí críocha uile na mBallstát, líonra a bheadh gar don úsáideoir deiridh agus nach ndíreodh ar limistéir agus ar cheallraí a bhfuil an bailiú brabúsach ina leith agus ar na limistéir sin amháin. Ba cheart go n-áireofaí ar an líonra bailithe aon dáileoir, saoráid cóireála údaraithe do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus d’fheithiclí a bhfuil a ré caite, suíomhanna taitneamhachta cathartha agus gníomhaithe eile bunaithe ar a dtoil féin, ar nós údaráis phoiblí agus scoileanna. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna ilchodacha ar leibhéal 2 NUTS (53) ar a laghad a dhéanamh go rialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach agus ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailítear chun méid na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ann a chinneadh.

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 81

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(81)

Agus an tionchar ar an gcomhshaol agus an caillteanas ábhar de dheasca ceallraí dramhaíola nach mbailítear astu féin á thabhairt san áireamh agus, ina dhiaidh sin, nach ndéantar cóireáil orthu ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol, ba cheart go mbeadh feidhm go fóill ag na spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe, spriocanna a bunaíodh cheana faoi Threoir 2006/66/CE, agus ba cheart iad a ardú de réir a chéile. Is é atá i gceist leis an Rialachán seo go n-áirítear ar cheallraí inaistrithe na ceallraí lena gcumhachtaítear modhanna éadroma iompair. Ós rud é go bhfágann an méadú reatha ar dhíolacháin den chineál seo ceallraí go bhfuil sé deacair an líon acu atá á gcur ar an margadh agus á mbailiú ag deireadh a saolré a ríomh, ba cheart na ceallraí inaistrithe sin a eisiamh ón ráta bailithe reatha le haghaidh ceallraí inaistrithe. Ní an t-eisiamh sin a athbhreithniú in éineacht leis an sprioc bailithe le haghaidh ceallraí dramhaíola inaistrithe, ar féidir leo aghaidh a thabhairt ar na hathruithe ar an modheolaíocht chun an ráta bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe a ríomh. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil mara thaca ag na hathbhreithnithe sin.

(81)

Agus an tionchar ar an gcomhshaol agus an caillteanas ábhar de dheasca ceallraí dramhaíola nach mbailítear ar leithligh á thabhairt san áireamh agus, ina dhiaidh sin, nach ndéantar cóireáil orthu ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol, ba cheart go mbeadh feidhm go fóill ag na spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe, spriocanna a bunaíodh cheana faoi Threoir 2006/66/CE, agus ba cheart iad a ardú de réir a chéile. Chun bailiú a uasmhéadú agus rioscaí sábháilteachta a laghdú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an indéantacht agus ar na tairbhí féideartha a bhaineann le córas aisíoca éarlaise uile-Aontais a bhunú do cheallraí, go háirithe i gcás ceallraí inaistrithe a mbaintear úsáid ghinearálta astu. Níor cheart go gcuirfeadh na córais náisiúnta aisíoca éarlaise cosc ar chórais chomhchuibhithe uile-Aontais a ghlacadh.

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 82 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(82a)

Chun an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta maidir le ríomh agus fíorú na sprice bailithe le haghaidh ceallraí dramhaíola córacha iompair éadroma d’fhonn an chainníocht a bheidh ar fáil lena mbailiú a léiriú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar nó go méadófar leibhéal na huaillmhéine comhshaoil leis an modheolaíocht nua maidir le bailiú ceallraí dramhaíola i gcomparáid leis an modheolaíocht atá ann cheana.

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 82 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(82b)

Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar mhodheolaíocht ríomha a thabhairt isteach chun an sprioc bailithe ar leithligh a ríomh d’fhonn cainníocht na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bheidh ar fáil lena mbailiú a léiriú. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar nó go méadófar leibhéal na huaillmhéine comhshaoil leis an modheolaíocht nua maidir le bailiú ceallraí dramhaíola i gcomparáid leis an modheolaíocht atá ann cheana.

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 84

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(84)

I bhfianaise ord na réiteach dramhaíola de réir mar a bhunaítear le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE lena dtugtar tosaíocht don chosc, ag ullmhú don athúsáid agus athchúrsáil agus i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Threoir 2008/98/CE agus Airteagal 5(3)(f) de Threoir 1999/31/CE (54), níor cheart na ceallraí a bhailítear a loscadh ná a chur i líonadh talún .

(84)

I bhfianaise ord na réiteach dramhaíola de réir mar a bhunaítear le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE lena dtugtar tosaíocht don chosc, ag ullmhú don athúsáid agus athchúrsáil agus i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Threoir 2008/98/CE agus Airteagal 5(3)(f) de Threoir 1999/31/CE (54), níor cheart na ceallraí a bhailítear a bheith faoi réir oibríochtaí aisghabhála fuinnimh nó diúscartha .

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 87

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(87)

Níor cheart go bhféadfaí cóireáil ná athchúrsáil a dhéanamh lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil loingsiú na gceallraí dramhaíola i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58) agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1418/2007 (59) agus ina gcomhlíonann na gníomhaíochtaí cóireála agus athchúrsála na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcineál sin dramhaíola, de réir a n-aicmithe i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún (60), mar a leasaíodh. I gcás ina ndéanfar cóireáil nó athchúrsáil den sórt sin lasmuigh den Aontas, ionas go gcuirfear ábhar na cóireála nó na hathchúrsála sin san áireamh sna héifeachtúlachtaí agus spriocanna athchúrsála, ba cheart an fhreagracht a bheith ar an oibreoir a ndéantar an chóireáil nó an athchúrsáil dá chuntas tuairisc a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi seach ina leith sin agus chun a chruthú go ndéantar an chóireáil faoi dhálaí is comhionann leis na dálaí atá faoin Rialachán seo. Chun na ceanglais a leagan síos d’fhonn a mheas go bhfuil cóireáil den sórt sin coibhéiseach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe a leagan síos ina mbeidh critéir chun coinníollacha coibhéiseacha a mheasúnú.

(87)

Níor cheart go bhféadfaí cóireáil , ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra ná athchúrsáil a dhéanamh lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil loingsiú na gceallraí dramhaíola i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58) agus Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún (59) agus ina gcomhlíonann na gníomhaíochtaí cóireála agus athchúrsála na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcineál sin dramhaíola, de réir a n-aicmithe i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún (60), mar a leasaíodh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh sin, arna leasú, chun ceimic ceallraí uile a léiriú, lena n-áirítear cóid a chur leis do cheallraí dramhaíola ian litiam, chun sórtáil agus tuairisciú ceart ceallraí dramhaíola ian litiam a éascú . I gcás ina ndéanfar cóireáil nó athchúrsáil den sórt sin lasmuigh den Aontas, ionas go gcuirfear ábhar na cóireála nó na hathchúrsála sin san áireamh sna héifeachtúlachtaí agus spriocanna athchúrsála, ba cheart an fhreagracht a bheith ar an oibreoir a ndéantar an chóireáil nó an athchúrsáil dá chuntas tuairisc a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi seach ina leith sin agus chun a chruthú le fianaise dhoiciméadach atá formheasta ag údaráis inniúla na tíre cinn scríbe go ndéantar an chóireáil faoi dhálaí is comhionann leis na dálaí atá faoin Rialachán seo agus faoi cheanglais ábhartha comhshaoil agus chosaint sláinte an duine i reachtaíocht eile de chuid an Aontais . Chun na ceanglais a leagan síos d’fhonn a mheas go bhfuil cóireáil den sórt sin coibhéiseach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe a leagan síos ina mbeidh critéir chun coinníollacha coibhéiseacha a mheasúnú.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 87 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(87a)

I gcás ina ndéantar ceallraí dramhaíola a onnmhairiú ón Aontas lena n-ullmhú d’athúsáid, lena n-ullmhú d’athrú cuspóra, nó lena n-athchúrsáil, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 chun fianaise dhoiciméadach a éileamh chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a fhionnadh. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát in ann comhoibriú le gníomhaithe ábhartha eile, amhail na húdaráis inniúla sa tír cinn scríbe, comhlachtaí deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleácha nó eagraíochtaí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí arna mbunú faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, a d’fhéadfadh seiceálacha fisiceacha agus seiceálacha eile a dhéanamh ar shaoráidí i dtríú tíortha.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 88

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(88)

Féadtar ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nach bhfuil oiriúnach níos mó don fheidhm dá raibh siad monaraithe ar dtús a úsáid ar bhealach eile mar cheallraí suite stórála fuinnimh. Tá margadh dara húsáid ag teacht chun cinn do cheallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha úsáidte agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a shainmhíniú chun athrú cuspóra freagrach ceallraí caite a cheadú, ag cur phrionsabal an réamhchúraim san áireamh agus ag cinntiú sábháilteacht úsáide d’úsáideoirí deiridh san am céanna. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon cheallra úsáidte den sórt sin chun a shláinte a mheas agus an toilleadh atá ar fáil ann a fháil amach ionas go bhféadfaí a oiriúnacht lena úsáid ar bhealach eile seachas don fheidhm dá raibh sé ceaptha ar dtús a chinntiú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun forálacha maidir le staid sláinte ceallraí a mheas a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(88)

Féadtar ceallraí nach bhfuil oiriúnach níos mó don fheidhm dá raibh siad monaraithe ar dtús a úsáid ar bhealach eile mar cheallraí suite stórála fuinnimh. Tá margadh dara húsáid ag teacht chun cinn do cheallraí úsáidte agus chun tacú le cur chun feidhme praiticiúil ord na réiteach dramhaíola, ba cheart, dá bhrí sin, rialacha sonracha a shainmhíniú chun athrú cuspóra freagrach ceallraí úsáidte a cheadú, ag cur phrionsabal an réamhchúraim san áireamh agus ag cinntiú sábháilteacht úsáide d’úsáideoirí deiridh san am céanna. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon cheallra úsáidte den sórt sin chun a shláinte a mheas agus an toilleadh atá ar fáil ann a fháil amach ionas go bhféadfaí a oiriúnacht lena úsáid ar bhealach eile seachas don fheidhm dá raibh sé ceaptha ar dtús a chinntiú. Ba cheart, go hidéalach, cuspóir ceallraí a athrú má mheastar iad a bheith oiriúnach lena n-úsáid ar bhealach eile seachas dá gcuspóir bunaidh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun forálacha maidir le staid sláinte ceallraí a mheas a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 89

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(89)

Ba cheart do tháirgeoirí agus dáileoirí páirt ghníomhach a ghlacadh san fhaisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí a bhailiú ar leithligh, faoi na scéimeanna bailithe atá ar fáil agus faoin ról tábhachtach atá ag úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid agus faisnéis á nochtadh do na húsáideoirí deiridh uile chomh maith le tuairisciú ar cheallraí. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, ar nós lasmuigh, póstaer agus feachtas ar na meáin shóisialta, nó ar bhealach níos nuálaí, ar nós rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR a ghreamaítear den cheallra.

(89)

Ba cheart do tháirgeoirí agus dáileoirí , lena n-áirítear margaí ar líne, páirt ghníomhach a ghlacadh san fhaisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí a bhailiú ar leithligh, faoi na scéimeanna bailithe atá ar fáil agus faoin ról tábhachtach atá ag úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol, go háirithe trí mhíniú a thabhairt maidir leis an mbealach ina bhféadfadh sruthanna dramhaíola níos sábháilte agus níos glaine cuidiú le heaspórtáil dramhaíola chuig tríú tíortha a laghdú agus le córais lúb iata laistigh den Aontas. Ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid agus faisnéis á nochtadh do na húsáideoirí deiridh uile chomh maith le tuairisciú ar cheallraí. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, amhail lasmuigh, póstaeir agus feachtais ar na meáin shóisialta, agus/nó ar bhealach níos nuálaí, amhail rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR a ghreamaítear den cheallra ar bhealach inrochtana agus intuigthe .

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 90

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(90)

Chun gur féidir comhlíonadh agus éifeachtacht na n-oibleagáidí a fhíorú maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí, is gá do na hoibreoirí faoi seach tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla. Maidir le táirgeoirí ceallraí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a bhailíonn ceallraí, ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt gach bliain féilire, i gcás inarb infheidhme, ar na sonraí faoi na ceallraí a díoladh agus na ceallraí dramhaíola a bailíodh. Maidir le cóireáil agus athchúrsáil, ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na hathchúrsálaithe faoi seach na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh.

(90)

Chun gur féidir comhlíonadh agus éifeachtacht na n-oibleagáidí a fhíorú maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí, is gá do na hoibreoirí faoi seach tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla. Maidir le táirgeoirí ceallraí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a bhailíonn ceallraí, ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt gach bliain féilire, i gcás inarb infheidhme, ar na sonraí faoi na ceallraí a díoladh agus na ceallraí dramhaíola a bailíodh. Maidir le cóireáil agus athchúrsáil, ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na hathchúrsálaithe faoi seach na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh oibreoirí bainistithe dramhaíola atá ag déanamh cóireála i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith faoi réir nós imeachta ag táirgeoirí na gceallraí ábhartha nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 95

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(95)

Leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62) na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta ar leas an phobail, ar nós shláinte an duine, sábháilteachta, cosaint maoine agus an chomhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1020 a leasú dá réir.

(95)

Leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62) na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta ar leas an phobail, ar nós shláinte an duine, sábháilteachta, cosaint maoine agus an chomhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo , lena n-áirítear ceallraí a tháirgtear lasmuigh den Aontas agus a thagann isteach ar mhargadh an Aontais . Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1020 a leasú dá réir.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 97

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(97)

Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirfí páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le ceallraí a mbaineann riosca do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin nó don chomhshaol leo. Ba cheart go gceadófaí do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit leis freisin, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i leith ceallraí den sórt sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallraí neamh-chomhlíontacha.

(97)

Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirfí páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le ceallraí a mbaineann riosca do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin nó don chomhshaol leo. Ba cheart go gceadófaí do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit leis freisin, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i leith ceallraí den sórt sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh go pras cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallraí neamh-chomhlíontacha.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 98

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(98)

Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a éileamh ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach bhfuil an ceallra ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ag sárú na rialacha maidir le ceallra a chur ar an margadh nó maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú nó maidir dícheall cuí sa slabhra soláthair.

(98)

Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a éileamh ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach bhfuil an ceallra ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ag sárú na rialacha maidir le ceallra a chur ar an margadh nó maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis nó maidir dícheall cuí sa slabhra soláthair.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 98 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(98a)

Chun éifeachtacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú sa chreat faireachais margaidh arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le ceallraí, chomh maith le comhairle theicniúil neamhspleách agus eolaíoch a sholáthar le linn meastóireachtaí a ndéantar maidir le ceallraí a bhfuil riosca ag baint leo, ba cheart don Choimisiún saoráid tástála Aontais a ainmniú. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí chun cinn comhlíonadh chreat reachtach an Aontais maidir le ceallraí arna bhunú leis an Rialachán sin ar an leibhéal náisiúnta freisin.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 98 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(98b)

Cuirtear bac go minic ar shaorghluaiseacht earraí san Aontas trí bhacainní a shocraítear ar an leibhéal náisiúnta lena gcuirtear srian ar an margadh inmheánach a bhaint amach go hiomlán agus ar na deiseanna do chuideachtaí chun gnó agus forbairt a dhéanamh, go háirithe FBManna, arb ionann iad agus cnámh droma gheilleagar an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as an bhféidearthacht chun comhaontuithe a dhéanamh lena chéile chun nósanna imeachta eadrána a cheadú chun díospóidí a thagann chun cinn maidir le rochtain ar an margadh inmheánach do cheallraí a réiteach go pras.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 99

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(99)

Tá an-tábhacht ag baint le soláthar poiblí maidir leis an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an gcomhshaol a laghdú agus chun aistriú an mhargaidh i dtreo táirgí níos inbhuanaithe a spreagadh. Maidir le húdaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE (63) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64), agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/25/AE, ba cheart dóibh na tionchair chomhshaoil a chur san áireamh ar sholáthar ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí dóibh, chun an margadh a chur chun cinn agus a spreagadh i dtreo soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh a bheidh glan agus tíosach ar fhuinneamh agus chun go gcuirfí le cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus fuinneamh dá réir.

(99)

Tá an-tábhacht ag baint le soláthar poiblí maidir leis an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an gcomhshaol a laghdú agus chun aistriú an mhargaidh i dtreo táirgí níos inbhuanaithe a spreagadh. Maidir le húdaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE (63) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64), agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/25/AE, ba cheart dóibh na tionchair chomhshaoil a chur san áireamh agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí á soláthar agus comhlíonadh éifeachtach na gceanglas sóisialta agus comhshaoil ag oibreoirí eacnamaíocht a áirithiú, chun an margadh a chur chun cinn agus a spreagadh i dtreo soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh a bheidh glan agus tíosach ar fhuinneamh, agus ar an gcaoi sin cur le cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus fuinneamh. Ina theannta sin, trí fheabhas a chur ar rochtain do FBManna ar sholáthar poiblí ar an margadh ceallraí agus trí níos mó geallsealbhóirí áitiúla agus geallsealbhóirí de chuid an Aontais a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann, chuirfí go suntasach leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 105

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(105)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh lena gcinnfí cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallra comhlíontach a mbaineann riosca leis, i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine, sábháilteacht, maoin nó an comhshaol a chosaint, agus a n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(105)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh , gan mhoill, lena gcinnfí cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallra comhlíontach a mbaineann riosca leis, i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine, sábháilteacht, maoin nó an comhshaol a chosaint, agus a n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 106

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(106)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(106)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun forfheidhmiú comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le critéir chomhchuibhithe nó treoir a fhorbairt le haghaidh pionós agus le haghaidh cúitimh i leith damáistí a dhéantar do dhaoine aonair.

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 109 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(109a)

Tá sé tábhachtach go ndéanfar tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh machaire comhréidh ann, tá sé tábhachtach go gcuirfear na teicneolaíochtaí ábhartha uile atá ar fáil san áireamh go cothrom agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ar choinníoll go gceadaítear leis na teicneolaíochtaí sin go gcomhlíonfaidh ceallraí go hiomlán aon cheanglas ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ina theannta sin, níor cheart aon ualach riaracháin iomarcach a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe ar FBManna.

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 110

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(110)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú agus a áirithiú san am céanna go gcomhlíonann ceallraí a chuirtear ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine, sábháilteachta agus maoine agus an chomhshaoil, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

(110)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú agus a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí a chuirtear ar an margadh mar aon leis na hoibríochtaí atá nasctha le ceallraí dramhaíola na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine, sábháilteachta, maoine agus an chomhshaoil, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis is gá a chomhlíonadh sular féidir ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís , chomh maith le ceanglais maidir le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola .

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta chun gur féidir ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís.

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo bearta chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí ghiniúint ceallraí dramhaíola a chosc agus a laghdú agus trí dhrochthionchair giniúna agus bainistithe ceallraí den sórt sin a chosc agus a laghdú, chomh maith le tionchair fhoriomlána úsáid acmhainní a laghdú agus trí éifeachtúlacht na húsáide sin a fheabhsú.

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach ceallra, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, beag beann ar a gcruth, toirt, meáchan, dearadh, comhdhéanamh ábhar, úsáid nó feidhm. Beidh feidhm aige freisin maidir le ceallraí a chuirtear isteach i dtáirgí eile nó a chuirtear le táirgí eile.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach ceallra, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, beag beann ar a gcruth, toirt, meáchan, dearadh, comhdhéanamh ábhar, úsáid nó feidhm. Beidh feidhm aige freisin maidir le ceallraí a chuirtear isteach i dtáirgí eile nó a chuirtear le táirgí eile.

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

Trealamh a cheaptar go sonrach le haghaidh sábháilteacht suiteálacha núicléacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/71/Euratom ón gComhairle  (1a) .

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Cé is moite de Chaibidil VII, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceallraí ar féidir leis an táirgeoir a chruthú gur táirgeadh iad roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

ciallaíonn “ceallra” aon fhoinse fuinnimh leictrigh a ghintear trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh a bhfuil cill phríomhúil neamh-in-athluchtaithe amháin ann nó níos mó nó a bhfuil cill thánaisteach in-athluchtaithe amháin ann nó níos mó nó grúpa díobh;

(1)

ciallaíonn “ceallra” aon fhoinse fuinnimh leictrigh a ghintear trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh a bhfuil cill neamh-in-athluchtaithe nó in-athluchtaithe amháin nó níos mó ann nó grúpaí díobh , amhail pacaí ceallraí agus modúil ceallraí ;

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

ciallaíonn “ceallra a bhfuil stóras inmheánach aige” ceallra nach bhfuil aon fhearas seachtrach greamaithe de chun fuinneamh a stóráil;

scriosta

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

nach bhfuil deartha chun críocha tionsclaíocha; and

nach bhfuil deartha go heisiach lena úsáid go tionsclaíoch; and

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 – fleasc 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

nach ceallra feithiclí leictreacha ná ceallra tionsclaíoch ná ceallra gluaisteán é;

nach ceallra do chóracha iompair éadroma ná ceallra feithiclí leictreacha ná ceallra gluaisteán é;

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

ciallaíonn “ceallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta” ceallraí inaistrithe a bhfuil na formáidí coiteanna seo a leanas acu: 4,5 Volta (3R12), D, C, AA, AAA, AAAA, A23, 9 Volta (PP3);

(8)

ciallaíonn “ceallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta” ceallraí inaistrithe a bhfuil na formáidí coiteanna seo a leanas acu: 4,5 Volta (3R12), ceallra cnapchille, D, C, AA, AAA, AAAA, A23, 9 Volta (PP3);

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

ciallaíonn “córacha iompair éadroma” feithiclí rothacha ag a bhfuil mótar leictreach a bhfuil níos lú ná 750 vata ann, ina suitear taistealaithe nuair a bhíonn an fheithicil ag bogadh agus ar féidir é a chumhachtú leis an mótar leictreach leis féin nó le meascán den mhótar agus de chumhacht an duine ;

(9)

ciallaíonn “ ceallra do chóracha iompair éadroma” aon cheallra a úsáidtear i bhfeithiclí ar féidir é a chumhachtú leis an mótar leictreach leis féin nó le meascán den mhótar agus de chumhacht an duine, lena n-áirítear feithiclí cineálcheadaithe a bhaineann le catagóirí feithiclí a leagtar síos in Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) , agus ag a bhfuil meáchan faoi bhun 25 kg ;

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

ciallaíonn “ceallra gluaisteán” aon cheallra a úsáidtear le haghaidh dúisirí, soilse nó cumhacht adhainte gluaisteán;

(10)

ciallaíonn “ceallra gluaisteán” aon cheallra a úsáidtear go príomha le haghaidh dúisirí, soilse nó cumhacht adhainte nó feidhmeanna tacaíochta eile gluaisteán agus innealra soghluaiste neamhbhóthair;

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” aon cheallra a dearadh go sonrach lena úsáid go tionsclaíoch seachas ceallraí inaistrithe, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán;

(11)

ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” aon cheallra a dearadh go heisiach lena úsáid go tionsclaíoch agus aon cheallra eile, lena n-áirítear ceallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh suite , seachas ceallraí inaistrithe , ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán;

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” aon cheallra a dheartar go sonrach chun fórsa tarraingthe a sholáthar d’fheithiclí hibride agus d’fheithiclí leictreacha le haghaidh iompar de bhóthar ;

(12)

ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” aon cheallra a dheartar go sonrach chun fuinneamh a sholáthar don fhórsa tarraingthe d’fheithicil chatagóir L dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus ag a bhfuil meáchan níos mó ná 25 kg , nó d’fheithicil chatagóirí M, N nó O dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/858 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a);

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

ciallaíonn “córas stórála fuinnimh i gceallraí suite” ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach aige a dheartar go sonrach chun fuinneamh leictreach a stóráil agus a sheachadadh isteach san eangach, gan beann ar an áit ina bhfuil an ceallra á úsáid ná ar an úsáideoir;

(13)

ciallaíonn “ ceallra laistigh de chóras stórála fuinnimh ceallraí suite” ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe a dheartar go sonrach chun fuinneamh leictreach a stóráil agus a sheachadadh nuair a cheanglaítear le heangach leictreach é , gan beann ar an áit ina bhfuil an ceallra á úsáid ná ar an úsáideoir;

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

ciallaíonn “cód QR” barrachód maitríse lena nasctar le faisnéis faoi shamhail cheallra ;

(21)

ciallaíonn “cód QR” cód maitríse meaisín-inléite lena nasctar le faisnéis mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo ;

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

ciallaíonn “córas bainistithe ceallra” fearas leictreach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha an cheallra, lena mbainistítear agus lena stóráiltear na sonraí maidir leis na paraiméadair lena gcinntear staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a leagtar síos in Iarscríbhinn VII agus lena ndéantar cumarsáid idir é agus an fheithicil nó fearas ina bhfuil an ceallra suite;

(22)

ciallaíonn “córas bainistithe ceallra” fearas leictreach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha an cheallra chun tionchar a imirt ar shábháilteacht, feidhmíocht agus ré feidhme an cheallra , lena mbainistítear agus lena stóráiltear na sonraí maidir leis na paraiméadair lena gcinntear staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a leagtar síos in Iarscríbhinn VII agus lena ndéantar cumarsáid idir é agus an fheithicil nó fearas ina bhfuil an ceallra suite;

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)

ciallaíonn “ullmhú d’athrú cuspóra” aon oibríocht lena n-ullmhaítear codanna de cheallra dramhaíola nó ceallra dramhaíola iomlán sa chaoi gur féidir é a úsáid do chuspóir nó d’fheidhm atá difriúil leis an gcuspóir nó an fheidhm dár dearadh ar dtús é;

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 26 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26b)

ciallaíonn “athmhonaraíocht” aon oibríocht díchóimeála, athchóirithe, ionadaithe comhpháirteanna de phacaí ceallraí úsáidte, de mhódúil ceallraí úsáidte agus/nó de chealla ceallraí úsáidte chun ceallra a thabhairt ar ais chuig leibhéal feidhmíochta agus cáilíochta is comhionann leis an gceallra bunaidh, chun na cuspóra bunaidh nó chun cuspóra eile;

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;

(38)

ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

ciallaíonn “ceallra dramhaíola” aon cheallra ar dramhaíl é de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

(39)

ciallaíonn “ceallra dramhaíola” aon cheallra nó aon chill ceallra a chumhdaítear leis an sainmhíniú ar dhramhaíl de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

ciallaíonn “athúsáid” athúsáid dhíreach iomlán nó pháirteach a bhaint as ceallra don fheidhm dá raibh sé deartha ar dtús ;

(40)

ciallaíonn “athúsáid” athúsáid dhíreach iomlán nó pháirteach a bhaint as ceallra nach dramhaíl é don fheidhm chéanna dá raibh sé deartha;

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 41 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)

ciallaíonn “substaint ghuaiseach” aon substaint a chomhlíonann na critéir a bhaineann le haon cheann de na haicmí guaiseacha nó de na catagóirí seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67):

(41)

ciallaíonn “substaint ghuaiseach” aon substaint a chomhlíonann na critéir a bhaineann le haon cheann de na haicmí guaiseacha nó de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67):

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 41 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

aicmí guaise 2.1 go 2.4, 2.6 agus 2.7, aicme ghuaise 2.8 cineálacha A agus B, aicmí guaise 2.9, 2.10, 2.12, aicme ghuaise 2.13 catagóirí 1 agus 2, aicme ghuaise 2.14 catagóirí 1 agus 2, aicme ghuaise 2.15 cineálacha A go F;

scriosta

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 41 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

aicmí guaise 3.1 go 3.6, aicme ghuaise 3.7 éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú gnéasach agus ar an torthúlacht nó ar an bhforbairt, aicme ghuaise 3.8 éifeachtaí seachas éifeachtaí támhshuanacha, aicmí guaise 3.9 agus 3.10;

scriosta

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 41 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

aicme ghuaise 4.1;

scriosta

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

aicme ghuaise 5.1;

scriosta

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

ciallaíonn “dícheall cuí sa slabhra soláthair ” na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe nó ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh, i ndáil lena gcórais bainistithe, bainistiú riosca, fíorú tríú páirtí ag comhlachtaí dá dtugtar fógra agus nochtadh faisnéise d’fhonn rioscaí iarbhír agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le foinsiú, próiseáil agus trádáil na n-amhábhar a theastaíonn le haghaidh monaraíocht ceallraí a shainaithint agus chun dul i ngleic leis na rioscaí sin;

(36)

ciallaíonn “dícheall cuí sa luachshlabhra ceallraí ” na hoibleagáidí atá ar an oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar an margadh , maidir le catagóirí riosca shóisialta agus comhshaoil, i ndáil lena chóras bainistithe, bainistiú riosca, fíorú tríú páirtí ag comhlachtaí dá dtugtar fógra agus nochtadh faisnéise d’fhonn rioscaí iarbhír agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le foinsiú, próiseáil agus trádáil na n-amhábhar, na gceimiceán agus na n-amhábhar tánaisteach a theastaíonn le haghaidh monaraíocht ceallraí agus cóireáil ceallraí dramhaíola, atá nasctha lena oibríochtaí monaraíochta agus atá nasctha le caidrimh ghnó ghaolmhara eile, a shainaithint, a chosc agus chun dul i ngleic leis na rioscaí sin;

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 36 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36 a)

ciallaíonn “caidrimh ghnó” na caidrimh idir gnóthas agus a fhochuideachtaí agus caidrimh tráchtála gnóthais ar feadh a luachshlabhra, lena n-áirítear soláthróirí agus fochonraitheoirí, agus atá nasctha go díreach le hoibríochtaí gnó, táirgí nó seirbhísí an ghnóthais;

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 36 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36b)

ciallaíonn “limistéir ardriosca” limistéir ina bhfuil rialachas agus slándáil lag nó nach bhfuil ann, amhail stáit loicthe, nó limistéir ina bhfuil sáruithe córasacha forleathana ann ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear sáruithe ar chearta an duine;

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí nó bainistiú ceallraí dramhaíola a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cosc, srian nó bac ar cheallraí a chomhlíonann an Rialachán seo a bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís.

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le ceanglais shóisialta nó chomhshaoil maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí nó bainistiú ceallraí dramhaíola a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cosc, srian nó bac ar cheallraí a chomhlíonann an Rialachán seo a bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís.

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí cosúil leo sin, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar cheallraí a thaispeáint, nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir le comhartha infheicthe nach gcomhlíonann na ceallraí sin an Rialachán seo agus nach bhfuil siad ar díol go dtí go dtabharfar chun comhréireachta iad.

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí cosúil leo sin, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar cheallraí a thaispeáint, nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir le comhartha infheicthe nach gcomhlíonann na ceallraí sin an Rialachán seo agus nach féidir iad a chur ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta iad. Le linn léirithe, glacfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha bearta leormhaithe chun sábháilteacht daoine a áirithiú.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí

Ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú, faisnéis agus dícheall cuí i dtaca le ceallraí

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

na ceanglais maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Airteagal 39.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     I gcás ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a chuirfear ar an margadh mar athsholáthar ar cheallraí lochtacha, beidh feidhm ag na ceanglais chéanna maidir leis na ceallraí athsholáthartha i gcomhréir leis an bprionsabal “deisiú de réir mar a táirgeadh”.

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Maidir le haon ghnéithe nach gcumhdaítear le Caibidlí II agus III, ní fhéadfaidh riosca a bheith i gceist le ceallraí do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin ná don chomhshaol.

2.   Maidir le haon ghnéithe nach gcumhdaítear le Caibidlí II agus III agus Airteagal 39 , ní bheidh riosca i gceist le ceallraí do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin ná don chomhshaol.

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála amháin a ainmniú, as measc na n-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’fhonn cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún de bhun mhír 3.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   [Laistigh de 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

3.   Faoi [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit ainm agus seoladh an phointe teagmhála arna ainmniú de bhun mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainm nó ar sheoladh an phointe teagmhála in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Laistigh de 6 mhí ó aon leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó ó theacht i bhfeidhm reachtaíochta de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta do shubstaintí guaiseacha agus do cheimiceáin ghuaiseacha, déanfaidh an Coimisiún measúnú an éilítear le leasú den sórt sin nó leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo leasú a dhéanamh ar an Airteagal seo nó ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó ar an dá cheann acu, agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán seo chun na forálacha sin a leasú dá réir.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b.     Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, athbhreithniú go córasach ar shubstaintí guaiseacha i gceallraí chun rioscaí féideartha do shláinte an duine nó don chomhshaol a shainaithint. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin a mhéid is gá substaint ghuaiseach a úsáid ar mhaithe le sláinte nó le sábháilteacht nó a mhéid atá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí chomh maith le hinfhaighteacht roghanna oiriúnacha eile ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara mhír a ghlacadh.

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Lorg carbóin ag ceallraí feithiclí leictreacha agus ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe

Lorg carbóin ag ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ag ceallraí tionsclaíocha

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , doiciméadacht theicniúil ina mbeidh, le haghaidh gach samhla ceallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, dearbhú maidir le lorg carbóin arna tharraingt suas i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír agus ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

1.   Beidh, in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha, doiciméadacht theicniúil ina mbeidh, le haghaidh gach samhla ceallra agus gach monarchan monaraíochta, dearbhú maidir le lorg carbóin arna tharraingt suas i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír agus ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

faisnéis faoi na hamhábhair a úsáideadh, lena n-áirítear cion an ábhair athchúrsáilte;

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

lorg carbóin iomlán an cheallra arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin;

(d)

lorg carbóin iomlán an cheallra arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus lorg carbóin an cheallra, arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh aon kWh den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn an córas ceallraí thar an ré feidhme a bhfuiltear ag dréim leis ;

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm leis an gceanglas i dtaca le dearbhú maidir le lorg carbóin sa chéad fhomhír ón 1 Iúil 2024 maidir le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe .

Beidh feidhm leis an gceanglas i dtaca le dearbhú maidir le lorg carbóin sa chéad fhomhír ón 1 Iúil 2024 maidir le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha.

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1  Iúil  2023:

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1  Eanáir  2023:

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin iomlán an cheallra dá dtagraítear i bpointe (d) a ríomh , i gcomhréir leis na heilimintí riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(a)

gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear i bpointe (d) a ríomh agus a fhíorú , i gcomhréir leis na heilimintí riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil .

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh lipéad feiceálach a bheidh inléite go soiléir agus doscriosta ar cheallraí feithiclí leictreacha agus ar cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , lena dtabharfar aicme feidhmíochta an loirg carbóin lena mbaineann an ceallra aonair le fios.

Beidh lipéad feiceálach a bheidh inléite go soiléir agus doscriosta ar cheallraí feithiclí leictreacha , ar cheallraí do chóracha iompair éadroma agus ar cheallraí tionsclaíocha lena dtabharfar lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 agus aicme feidhmíochta an loirg carbóin lena mbaineann an ceallra aonair le fios.

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm leis na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta loirg carbóin sa chéad fhomhír ón 1 Eanáir 2026 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe .

Beidh feidhm leis na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta loirg carbóin sa chéad fhomhír ó 1 Iúil 2025 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha.

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig  2024

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir  2024:

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , le haghaidh gach samhla ceallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, doiciméadacht theicniúil lena léireofar go mbaintear amach uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír.

Beidh, in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha a bhfuil fuinneamh ainmniúil níos mó ná 2kWh iontu, le haghaidh gach samhla ceallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, doiciméadacht theicniúil lena léireofar go mbaintear amach uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun an tríú fomhír.

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm leis an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré sa chéad fhomhír ón 1 Iúil 2027 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe .

Beidh feidhm leis an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré sa chéad fhomhír ón 1  Eanáir  2027 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha a bhfuil fuinneamh ainmniúil níos mó ná 2 kWh iontu .

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil  2026 , gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó na gníomhartha tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh.

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil  2025 , gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó na gníomhartha tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh.

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tionscnóidh tabhairt isteach uastairseach charbóin ar feadh na saolré, más gá, athaicmiú ar aicmí feidhmíochta na gceallraí dá dtagraítear i mír 2 ó thaobh a loirg carbóin de.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an loirg carbóin ar feadh na saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil arna dtuairisciú i gcomhréir le mír 1. Tionscnóidh tabhairt isteach uastairsí carbóin ar feadh na saolré, más gá, athaicmiú ar aicmí feidhmíochta na gceallraí dá dtagraítear i mír 2 ó thaobh a loirg carbóin de.

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé na ceanglais san Airteagal seo a leathnú chuig ceallraí inaistrithe, agus ar an gceanglas dá dtagraítear i mír 3 a leathnú chuig ceallraí tionsclaíocha a bhfuil fuinneamh ainmniúil níos lú ná 2kWh acu. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ábhar athchúrsáilte i gceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán

Ábhar athchúrsáilte i gceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ón 1  Eanáir 2027 , beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, ina mbeidh faisnéis faoin méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta.

Ón 1  Iúil 2025 , beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí inaistrithe, cé is moite de cheallraí inaistrithe úsáide ginearálta, le ceallraí do chóracha iompair éadroma , le ceallraí tionsclaíocha, le ceallraí feithiclí leictreacha agus le ceallraí gluaisteán a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, ina mbeidh faisnéis faoin méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta.

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 31 Nollaig  2025 , glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun na méideanna cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna n-aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha sna ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a ríomh agus a fhíorú agus an fhormáid le haghaidh na doiciméadachta teicniúla. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

Faoin 31 Nollaig  2023 , glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

 

(a)

gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí leagan síos na modheolaíochta chun na méideanna cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna n-aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha sna ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a ríomh agus a fhíorú.

 

(b)

gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid agus an doiciméadacht theicniúil don dearbhú maidir le hábhair aisghafa . Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ón 1 Eanáir 2030, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an t-íoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna (h)aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta:

2.   Ón 1 Eanáir 2030, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí inaistrithe, cé is moite de cheallraí inaistrithe úsáide ginearálta, le ceallraí do chóracha iompair éadroma , le ceallraí tionsclaíocha, le ceallraí feithiclí leictreacha agus le ceallraí gluaisteán a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an t-íoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta:

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Ón 1 Eanáir 2035, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an t-íoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna (h)aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta:

3.    Ón 1  Eanáir 2033, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí inaistrithe, cé is moite de cheallraí inaistrithe úsáide ginearálta, le ceallraí do chóracha iompair éadroma , le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an t-íoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta:

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.    I gcás a bhfuil údar leis agus inarb iomchuí mar gheall ar infhaighteacht chóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna (h)aisghabháil as dramhaíl, nó mar gheall ar easpa na nithe sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2027, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73, chun na spriocanna a leagtar síos i míreanna 2 agus mír 3 a leasú .

4.    I ndiaidh na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú , mar gheall ar infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta chóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna haisghabháil as dhramhaíl, nó mar gheall ar easpa na nithe sin, le haghaidh 2030 agus 2035 agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, an iomchuí na spriocanna a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 a athbhreithniú . Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a mhéid a bhaintear na spriocanna sin amach trí dhramhaíl réamhthomhaltais nó trí dhramhaíl iarthomhaltais, agus cibé an bhfuil sé iomchuí teorainn a chur le baint amach na spriocanna do dhramhaíl iarthomhaltais amháin. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás ina bhfuil údar leis de bharr athruithe ar theicneolaíochtaí ceallraí a mbeidh tionchar acu ar chineál na n-ábhar is féidir a aisghabháil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí amhábhair bhreise agus spriocanna breise a chur isteach sna liostaí a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ón 1 Eanáir 2027, comhlíonfaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 2.

1.   Ón 1 Eanáir 2027, comhlíonfaidh ceallraí inaistrithe na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 2.

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 31 Nollaig  2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III ar cheart do cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a bhaint amach.

Faoin I Iúil  2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III ar cheart ceallraí inaistrithe, lena n-áirítear ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, a bhaint amach.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na híosluachanna a leasú agus chun cur tuilleadh le paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht agus ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh agus ar iomaíochas an tionscail. Ní fhorchuirfear aon ualach riaracháin iomarcach ar mhonaróirí na gceallraí agus na bhfearas lena mbaineann.

Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar ceallraí inaistrithe ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú agus le héifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe sin ar shábháilteacht agus ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht agus ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh agus ar iomaíochas an tionscail.

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Faoin 31 Nollaig  2030 , measúnóidh an Coimisiún féidearthacht na mbeart chun deireadh a chur le húsáid ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta de réir a chéile nó úsáid na gceallraí sin a optamú d’fhonn a dtionchar comhshaoil a íoslaghdú bunaithe ar an modheolaíocht um measúnú saolré. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

3.   Faoin 31 Nollaig  2027 , measúnóidh an Coimisiún féidearthacht na mbeart chun deireadh a chur le húsáid ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta de réir a chéile d’fhonn a dtionchar comhshaoil a íoslaghdú bunaithe ar an modheolaíocht um measúnú saolré agus ar roghanna inmharthana eile d’úsáideoirí deiridh . Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh maidir le céimniú amach, ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos, nó araon, i gcás ina mbeidh sé chun tairbhe don chomhshaol .

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí do chóracha iompair éadroma

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], beidh i ndoiciméadacht theicniúil a bheidh in éineacht le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

Ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], beidh i ndoiciméadacht theicniúil a bheidh in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí feithiclí leictreacha, na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Faoin 1 Eanáir 2026, beidh faisnéis maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí tionsclaíocha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí feithiclí leictreacha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil tríd an gcuid sin den chóras um malartú sonraí leictreonacha atá ar fáil go poiblí mar a leagtar amach in Airteagal 64 agus in Iarscríbhinn XIII. Beidh an fhaisnéis maidir le feidhmíocht agus marthanacht na gceallraí sin ar fáil do thomhaltóirí sula gceannóidh siad iad.

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.     Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a leasú, laistigh de 6 mhí tar éis sonraíochtaí teicniúla Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE maidir le Feithiclí Leictreacha agus maidir leis an gComhshaol a ghlacadh d’fhonn chomhleanúnachas pharaiméadair Iarscríbhinn IV agus shonraíochtaí teicniúla UNECE a áirithiú.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ón 1 Eanáir 2026, comhlíonfaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

2.   Ón 1 Eanáir 2026, comhlíonfaidh ceallraí tionsclaíocha , ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí feithiclí leictreacha na híosluachanna le haghaidh an chineáil ceallra ar leith a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV ar cheart do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a bhaint amach.

Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV ar cheart ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha a bhaint amach.

Leasú 159

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar dó an gníomh tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar comhshaoil ar feadh a saolré ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a laghdú agus áiritheoidh sé nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar a n-inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail. Ní fhorchuirfear aon ualach riaracháin iomarcach ar mhonaróirí na gceallraí agus na bhfearas lena mbaineann.

Ar dó an gníomh tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar comhshaoil ar feadh a saolré ag ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí do chóracha iompair éadroma a laghdú agus áiritheoidh sé nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar a n-inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail.

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na híosluachanna feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a leasú, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, chun sineirgí le híosluachanna a d’fhéadfadh teacht as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE maidir le Feithiclí Leictreacha agus maidir leis an gComhshaol a áirithiú, agus chun forluí neamhriachtanach a sheachaint. Ní bheidh leibhéal laghdaithe feidhmíochta agus marthanachta le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha mar thoradh ar na híosluachanna feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leasú.

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe

Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe agus ceallraí do chóracha iompair éadroma

Leasú 162

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh ceallraí inaistrithe a chuirtear i bhfearais éasca le baint amach agus le hathsholáthar ag an úsáideoir deiridh nó ag oibreoirí neamhspleácha i rith shaolré an fhearais má bhíonn saolré ag na ceallraí is giorra ná an fearas, nó ag deireadh shaolré an fhearais ar a dhéanaí.

Faoin 1 Eanáir 2024, déanfar ceallraí inaistrithe a chuirtear i bhfearais agus ceallraí do chóracha iompair éadroma a dhearadh sa chaoi go bhféadfar iad a bhaint amach agus a athsholáthar go héasca agus go sábháilte le huirlisí bunúsacha agus atá ar fáil go coitianta agus gan damáiste a dhéanamh don fhearas ná do na ceallraí. Beidh ceallraí inaistrithe inbhainte agus in-athsholáthraithe ag an úsáideoir deiridh a gus beidh ceallraí do chóracha iompair éadroma inbhainte agus in-athsholáthraithe ag an úsáideoir deiridh nó ag oibreoirí neamhspleácha i rith shaolré an fhearais má bhíonn saolré ag na ceallraí is giorra ná an fearas, nó ag deireadh shaolré an fhearais ar a dhéanaí. Beidh cealla ceallraí le haghaidh córacha iompair éadroma inbhainte agus in-athsholáthraithe ag oibreoirí neamhspleácha.

Leasú 163

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh ceallra éasca le hathsholáthar i gcás gur féidir é a ionadú le ceallra cosúil leis tar éis dó a bheith bainte as fearas, gan difríocht a dhéanamh d’fheidhmiú d’fheidhmíocht an fhearais sin.

Beidh ceallra éasca le hathsholáthar i gcás inar féidir é a ionadú le ceallra comhoiriúnach , tar éis dó a bheith bainte as fearas nó as cóir iompair éadrom , gan difear a dhéanamh d’fheidhmiú, d’fheidhmíocht ná do shábháilteacht an fhearais nó na córa iompair éadroime sin.

Leasú 164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh ceallraí inaistrithe agus ceallraí do chóracha iompair éadroma ar fáil mar pháirteanna spártha den trealaimh a dtugann siad cumhacht dóibh ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis aonad deireanach na samhla a chur ar an margadh, agus praghas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach d’oibreoirí neamhspleácha agus d’úsáideoirí deiridh orthu.

Leasú 165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha treoracha soiléire agus mionsonraithe maidir le baint agus athsholáthar tráth a cheannófar an fearas agus cuirfear ar fáil go buan iad ar líne ar bhealach atá sothuigthe d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear tomhaltóirí, ar a shuíomh gréasáin ar feadh shaolré ionchasach an táirge.

Leasú 166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Ní úsáidfear bogearraí chun difear a dhéanamh d’athsholáthar ceallra inaistrithe ná ceallra do chóracha iompair éadroma ná a bpríomh-chomhpháirteanna le ceallra nó le príomh-chomhpháirteanna comhoiriúnacha eile.

Leasú 167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

i gcás inar gá leanúnachas soláthair cumhachta agus ina mbíonn nasc buan idir an fearas agus an ceallra inaistrithe riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta , feidhmíochta, míochaine nó sláine sonraí; nó

(a)

i gcás inar gá leanúnachas soláthair cumhachta agus ina mbíonn nasc buan idir an fearas agus an ceallra inaistrithe riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta agus inar féidir an monaróir a chruthú nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar an margadh ;

Leasú 168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

i gcás inar gá leanúnachas soláthair cumhachta agus ina mbíonn nasc buan idir an fearas agus an ceallra inaistrithe riachtanach ar chúiseanna leighis agus sláine sonraí agus inar féidir an monaróir a chruthú nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar an margadh;

Leasú 169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

mura bhfeidhmíonn an ceallra ach amháin i gcás ina mbeidh sé curtha ina chuid de struchtúr an fhearais.

(b)

mura bhfeidhmíonn an ceallra ach amháin i gcás ina mbeidh sé curtha ina chuid de struchtúr an fhearais agus ina bhféadfaidh an monaróir a chruthú nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar an margadh .

Leasú 170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe tráth cheannach an fhearais, lena n-áirítear trí lipéadú, maidir le cás ar bith ina bhfuil feidhm ag an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír. Léireoidh an fhaisnéis arna soláthar saolré ionchasach an cheallra.

Leasú 171

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Glacfaidh an Coimisiún treoir chun feidhmiú comhchuibhithe na maoluithe a leagtar amach i mír 2 a éascú.

3.   Glacfaidh an Coimisiún treoir, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo , chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na maoluithe a leagtar amach i mír 2 a éascú.

Leasú 172

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha

 

1.     Beidh ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha inbhainte agus in-athsholáthraithe go héasca, má bhíonn saolré níos giorra ag an gceallra ná ag an bfearas nó ag an bhfeithicil ina úsáidtear é, ag oibreoirí neamhspleácha cáilithe, a bheidh in ann an ceallra a dhíluchtú go sábháilte agus gan an pacáiste ceallraí a dhíchóimeáil roimh ré.

 

2.     Déanfar ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha a dhearadh, lena n-áireofar maidir le heilimintí a nascadh, a cheangal agus a shéalú, ionas go bhféadfar an cás, cealla ceallraí aonair nó príomh-chomhpháirteanna eile a bhaint, a athsholáthar agus a dhíchóimeáil gan dochar a dhéanamh don cheallra.

 

3.     Ní úsáidfear bogearraí chun difear a dhéanamh d’athsholáthar ceallraí tionsclaíocha ná ceallraí feithiclí leictreacha ná a bpríomh-chomhpháirteanna le ceallra comhoiriúnach eile ná príomh-chomhpháirteanna comhoiriúnacha.

 

4.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha sin a leagtar amach san Airteagal seo, trí chritéir a leagan síos maidir le hinbhaint, in-athsholáthar agus díchóimeáil ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, agus an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á chur san áireamh.

Leasú 173

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11b

Sábháilteacht ceallraí deisithe gluaisteán, ceallraí deisithe tionsclaíocha, ceallraí deisithe do chóracha iompair éadroma agus ceallraí deisithe feithiclí leictreacha

1.     Déanfar sábháilteacht ceallraí deisithe gluaisteán, ceallraí deisithe tionsclaíocha, ceallraí deisithe do chóracha iompair éadroma agus ceallraí deisithe feithiclí leictreacha a mheasúnú bunaithe ar thástálacha neamhscriosacha arna n-oiriúnú dóibh.

2.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na modhanna iomchuí tástála a shainiú chun a áirithiú go mbeidh ceallraí deisithe sábháilte.

Leasú 174

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11c

Luchtairí uilíocha

Faoin 1 Eanáir 2024, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi is fearr chun caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach do luchtaire comhchoiteann, ar caighdeáin iad a bheidh infheidhme tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026 maidir le ceallraí in-athluchtaithe a dearadh d’fheithiclí leictreacha, do chóracha iompair éadroma, agus do cheallraí in-athluchtaithe a ionchorpraítear i gcatagóirí sonracha trealamh leictreach agus leictreonach, faoi seach, atá cumhdaithe le Treoir 2012/19/AE.

Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún méid an mhargaidh, an laghdú ar dhramhaíl, agus an infhaighteacht agus laghdú ar chostais do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile san áireamh.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

Beidh measúnú an Choimisiúin gan dochar do ghlacadh aon reachtaíochta lena bhforáiltear do luchtairí comhchoiteanna den sórt sin a thabhairt isteach ar dháta níos luaithe.

Leasú 175

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite

Sábháilteacht ceallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh suite

Leasú 176

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le córais stórála fuinnimh i gceallraí suite lena léireofar go mbíonn siad sábháilte le linn a ngnáthoibríochta agus a ngnáthúsáide, lena n-áirítear fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V, ar cheart modheolaíochtaí tástála úrscothacha a úsáid dóibh.

1.   Beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh suite lena léireofar go mbíonn siad sábháilte le linn a ngnáthoibríochta agus a ngnáthúsáide, lena n-áirítear fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V, a ndéanfar modheolaíochtaí tástála úrscothacha a úsáid ina leith.

Leasú 177

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ón 1 Eanáir 2027 , déanfar ceallraí a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn VI.

1.   Ó … [ 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] , déanfar ceallraí a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn VI agus an fhaisnéis shonrach a éilítear de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .

Leasú 178

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ón 1 Eanáir 2027, déanfar ceallraí inaistrithe agus gluaisteán a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena dtoilleadh agus déanfar ceallraí inaistrithe a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu.

2.   Ón 1 Eanáir 2027, déanfar ceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí gluaisteán a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena dtoilleadh fuinnimh ainmniúil agus déanfar iad a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu agus an saolré ionchasach i dtéarmaí líon timthriallta agus blianta féilire .

Leasú 179

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Ón 1 Eanáir 2023, déanfar ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta a mharcáil le lipéad a léireoidh go bhfuil siad “neamh-in-athluchtaithe”.

Leasú 180

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail níos lú ná 0,5 × 0,5  cm, ní gá don cheallra a bheith marcáilte ach priontálfar siombail ar mhéid 1 × 1 cm ar a laghad ar an bpacáistiú.

I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail níos lú ná 0,47 × 0,47  cm, ní gá don cheallra a bheith marcáilte ach priontálfar siombail ar mhéid 1 × 1 cm ar a laghad ar an bpacáistiú.

Leasú 181

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Ón 1 Iúil 2023, déanfar ceallraí a lipéadú le siombal lena léireofar dathchód comhchuibhithe a bheidh bunaithe ar an gcineál ceallra agus ar a chomhdhéanamh ceimiceach.

Leasú 182

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 15 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(- aa)

ón 1 Eanáir 2025, an fhaisnéis a leagtar síos i gCuid Aa d’Iarscríbhinn VI;

Leasú 183

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

ón 1 Eanáir 2027, maidir le ceallraí inaistrithe agus gluaisteán, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ón 1 Eanáir 2027, maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí gluaisteán, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

Leasú 184

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

ón 1 Eanáir 2023, maidir leis na ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2a;

Leasú 185

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

[ó 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha , an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 39(6);

(e)

ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], maidir le ceallraí uile , an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 39(6);

Leasú 186

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

ón 1  Iúil 2024 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , an dearbhú maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

(f)

ó Iúil 2024 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha, an dearbhú maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

Leasú 187

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)

ón 1 Eanáir 2026 , le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , an dearbhú maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(g)

Ón 1 Iúil 2025 , le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha , ceallraí do chóracha iompair éadroma agus ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras inmheánach acu, aicme feidhmíochta maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

Leasú 188

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)

ón 1 Eanáir 2027, le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe , ceallraí gluaisteán agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh , an méid cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile arna aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha sa cheallra, i gcomhréir le hAirteagal 8;

(h)

ón 1 Iúil 2025, le haghaidh ceallraí inaistrithe, cé is moite de cheallraí inaistrithe úsáide ginearálta, ceallraí do chóracha iompair éadroma , ceallraí tionsclaíocha, ceallraí gluaisteán agus ceallraí feithiclí leictreacha, an méid cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile arna aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha sa cheallra, i gcomhréir le hAirteagal 8;

Leasú 189

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 – pointe j a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ja)

ón 1 Eanáir 2026, maidir le ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, an fhaisnéis a bheidh sa phas ceallra dá dtagraítear in Airteagal 65.

Leasú 190

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Déanfar lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar an gceallra. Murab indéanta sin nó nach mbeidh údar leis sin mar gheall ar chineál nó ar mhéid an cheallra, greamófar lipéid ar an bpacáistiú agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

6.   Déanfar lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar an gceallra. Murab indéanta sin nó nach mbeidh údar leis sin mar gheall ar chineál nó ar mhéid an cheallra, greamófar lipéid ar an bpacáistiú agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra. I gcás athmhonaraíochta nó athrú cuspóra, tabharfar lipéid cothrom le dáta le lipéad nua a léireoidh stádas an cheallra.

 

I gcás ina n-ionchorpraítear ceallraí i bhfearais, déanfar na lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 5 a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar na fearais.

 

Cuirfear rochtain ar fáil leis an gcód QR ar an gcuid a bhfuil rochtain phoiblí uirthi den phas ceallra arna bhunú de bhun Airteagal 65.

Leasú 191

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun foráil a dhéanamh maidir le cineálacha malartacha lipéad cliste in ionad nó sa bhreis ar an gcód QR, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Leasú 192

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig  2025, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

7.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 1 Iúil  2025, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 . I gcás ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta, beidh aicmiú so-aitheanta ar áireamh i lipéadú den sórt sin ar a bhfeidhmíocht agus ar a marthanacht . Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

Leasú 193

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Glacfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2023, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i mír 3a maidir leis an dathchód comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

Leasú 194

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áireofar i gceallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus i gceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh córas bainistithe ceallraí ina gcuimseofar faisnéis ar na paraiméadair chun an staid sláinte agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a mheasúnú agus a chinneadh, de réir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

1.    Maidir le ceallraí laistigh de chórais stórála fuinnimh suite, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí do chóracha iompair éadroma, a bhfuil córas bainistithe ceallraí san áireamh leo , beidh sonraí fíor-ama ina gcóras bainistithe ceallraí ar na paraiméadair chun an staid sláinte , sábháilteacht agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a chinneadh, de réir mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn VII.

Leasú 195

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Soláthrófar rochtain ar na sonraí sa chóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn neamh-idirdhealaitheach don duine dlítheanach nó nádúrtha a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun:

2.   Soláthrófar rochtain atá inléite amháin ar na sonraí sa chóras bainistithe ceallraí, dá dtagraítear i mír 1 , agus i gceallraí inaistrithe a bhfuil córas bainistithe ceallraí san áireamh leo, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach don duine dlítheanach nó nádúrtha a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun:

Leasú 196

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

chun athúsáid an cheallra, athrú cuspóra an cheallra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú;

(b)

chun ullmhú le haghaidh athúsáide athúsáid , ullmhú le haghaidh athrú cuspóra , athrú cuspóra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú;

Leasú 197

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I gcás ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí do chóracha iompair éadroma a bhfuil córas bainistithe ceallra iontu, déanfaidh monaróirí sonraí fíor-ama infheithicle a chur ar fáil dóibh maidir le staid sláinte ceallra, staid luchta ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra agus toilleadh ceallra.

Leasú 198

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Faoin 1 Eanáir 2024, beidh an córas bainistithe ceallra do cheallraí feithicle leictrí deartha ar bhealach le go mbeidh sé in ann cumarsáid a dhéanamh le córais luchtaithe chliste, lena n-áirítear trí fheidhmeanna luchtaithe a bheith ann amhail luchtú ó fheithicil go heangach, ó fheithicil go lasta, ó fheithicil go feithicil agus ó fheithicil go banc cumhachta agus feithicil go foirgneamh.

Leasú 199

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair le haghaidh staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a chinneadh a leagtar síos in Iarscríbhinn VII, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus chun sineirgí a áirithiú leis na paraiméadair a d’fhéadfadh teacht as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE maidir le Feithiclí Leictreacha agus maidir leis an gComhshaol.

Leasú 200

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Chun críocha comhlíontachta agus chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 12, 13 agus 59(5)(a) den Rialachán seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna agus modh iontaofa, cruinn agus inatáirgthe á úsáid, lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil aitheantas coitianta dó, agus ar meastar gur beag neamhchinnteachta a bhaineann lena dtorthaí, lena n-áirítear modhanna a leagtar amach sna doiciméid ar foilsíodh na huimhreacha tagartha chun na críche sin díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

1.   Chun críocha comhlíontachta agus chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10 , 11a , 12, 13 agus 59(5)(a) den Rialachán seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna agus modh iontaofa, cruinn agus inatáirgthe á úsáid, lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil aitheantas coitianta dó, agus ar meastar gur beag neamhchinnteachta a bhaineann lena dtorthaí, lena n-áirítear modhanna a leagtar amach sna doiciméid ar foilsíodh na huimhreacha tagartha chun na críche sin díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leasú 201

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 13 agus 59(5)(a) a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin.

2.   Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 13 agus 59(5)(a) a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó le codanna díobh .

Leasú 202

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 12, 13, 59(5)(a) nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) sna cásanna a leanas:

1.    Féadfaidh an Coimisiún , i gcásanna eisceachtúla, tar éis dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú agus leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 11a, 12, 13, 59(5)(a) nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) sna cásanna a leanas:

Leasú 203

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i gcás ina bhfeiceann an Coimisiún moilleanna míchuí maidir le caighdeáin chomhchuibhithe arna n-iarraidh a ghlacadh, ina measann an Coimisiún nach leordhóthanach caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha; nó

(b)

i gcás ina bhfeiceann an Coimisiún moilleanna míchuí maidir le caighdeáin chomhchuibhithe arna n-iarraidh a ghlacadh, eadhon trí dhul thar na sprioc-amanna a leagadh síos don eagraíocht um chaighdeánú san iarraidh ar chaighdeánú, nó ina measann sé le réasún nach ndéantar na critéir a bhfuil tuairisc orthu san iarraidh ar chaighdeánú a chomhlíonadh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha; nó

Leasú 204

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Tacóidh an Coimisiún go gníomhach le tionscal an Aontais agus neartóidh sé a láithreacht in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú trína bheith mar aidhm aige an comhleanúnachas is mó is féidir a bhaint amach idir caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin Eorpacha, agus trí úsáid ghinearálta caighdeán Eorpach a chur chun cinn lasmuigh den Aontas.

Leasú 205

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó i seirbhís, áiritheoidh an monaróir nó, má bhíonn sé sainordaithe chun é sin a dhéanamh, áiritheoidh a ionadaí údaraithe go ndéanfar measúnú ar chomhréireacht an táirge le ceanglais Chaibidlí II agus III den Rialachán seo.

1.   Sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó i seirbhís, áiritheoidh an monaróir nó, má bhíonn sé sainordaithe chun é sin a dhéanamh, áiritheoidh a ionadaí údaraithe go ndéanfar measúnú ar chomhréireacht an táirge le ceanglais Chaibidlí II agus III agus Airteagal 39 den Rialachán seo.

Leasú 206

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 10, 11, 12 , 13 agus 14 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII.

2.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 11, 13 agus 14 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII.

Leasú 207

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 39 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII.

3.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 , 10, 12 agus 39 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII.

Leasú 208

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Tarraingeofar suas taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar cheallraí i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra a chomhlíonann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 bunaithe, nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

5.   Tarraingeofar suas taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar cheallraí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra a chomhlíonann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 bunaithe, nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

Leasú 209

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 a.     Beidh feidhm ag an Airteagal seo 12 mhí tar éis an dáta a fhoilseoidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Leasú 210

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Luafar sa dearbhú comhréireachta AE gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III.

1.   Luafar sa dearbhú comhréireachta AE gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus Airteagal 39 .

Leasú 211

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Maidir leis an dearbhú comhréireachta AE, beidh an struchtúr modúil ann a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, agus beidh na heilimintí arna sonrú sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII ann agus déanfar é a nuashonrú go leanúnach. Aistreofar an dearbhú go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an ceallra ar a mhargadh nó ina gcuirtear an ceallra i seirbhís.

2.   Maidir leis an dearbhú comhréireachta AE, féadfar é a chomhlíonadh go leictreonaic agus beidh an struchtúr modúil ann a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, agus beidh na heilimintí arna sonrú sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII ann agus déanfar é a nuashonrú go leanúnach. Aistreofar an dearbhú go dtí an teanga nó na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an ceallra a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís.

Leasú 212

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-údarú chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-údarú chun measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Leasú 213

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

5.   Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla agus ar chistiú leordhóthanach chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Leasú 214

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar aon cheangal gnó agus ar an tsamhail cheallra a mheasúnaíonn sé, go háirithe ar mhonaróirí ceallraí agus ar chomhpháirtithe trádála na monaróirí ceallraí, ar infheisteoirí scairsheilbhe i dtaobh mhonarchana na monaróirí ceallraí agus ar chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra agus a gcomhlachais ghnó, a máthairchuideachtaí nó a bhfochuideachtaí.

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar aon cheangal gnó agus ar na ceallraí a mheasúnaíonn sé, go háirithe ar mhonaróirí ceallraí agus ar chomhpháirtithe trádála na monaróirí ceallraí, ar infheisteoirí scairsheilbhe i dtaobh mhonarchana na monaróirí ceallraí agus ar chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra agus a gcomhlachais ghnó, a máthairchuideachtaí nó a bhfochuideachtaí.

Leasú 215

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 6 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta cumasach ar na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta arna lua in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó i ndáil leo, a dhéanamh, cibé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.

Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta cumasach ar na cúraimí uile um measúnú comhréireachta arna lua in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó i ndáil leo, a dhéanamh, cibé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.

Leasú 216

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 6 – fomhír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

foireann ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(a)

foireann ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

Leasú 217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 6 – fomhír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;

(c)

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus cúraimí eile;

Leasú 218

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 6 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh rochtain ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí ar an trealamh tástála uile agus ar na saoráidí tástála uile is gá le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach samhla ceallra ar tugadh fógra dó i ndáil léi.

Beidh rochtain ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí ar an bhfaisnéis uile, ar an trealamh tástála uile agus ar na saoráidí tástála uile is gá le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach samhla ceallra ar tugadh fógra dó i ndáil léi.

Leasú 219

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 7 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus ar reachtaíocht náisiúnta;

(c)

eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus in Airteagal 39 , ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus ar reachtaíocht náisiúnta;

Leasú 220

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 8 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Leasú 221

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 8 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

Leasú 222

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.   Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad ag déanamh na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.

10.   Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad ag déanamh na gcúraimí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.

Leasú 223

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.   Glacfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta páirt sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 37, nó áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcuirfear a phearsanra, a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin arna dtáirgeadh de thoradh obair an ghrúpa comhordaithe sin.

11.   Glacfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta páirt sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 37, nó áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcuirfear a phearsanra, a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin arna dtáirgeadh de thoradh obair an ghrúpa comhordaithe sin.

Leasú 224

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII agus ar an tsamhail cheallra dá maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

2.   Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar an modúl nó na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII agus ar an tsamhail cheallra dá maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

Leasú 225

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó , go háirithe ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag geallsealbhóirí ábhartha eile, maidir le hinniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.

Leasú 226

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

3.    Féadfaidh an Coimisiún comhairle a iarraidh ar shaoráid tástála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 68a agus áiritheoidh sé go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

Leasú 227

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Feidhmeoidh comhlacht dá dtugtar fógra a ghníomhaíochtaí ar bhealach comhréireach, agus ualaí neamhriachtanacha d’oibreoirí eacnamaíocha á seachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an ceallra atá le measúnú, agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.

Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach, agus ualaí neamhriachtanacha d’oibreoirí eacnamaíocha , go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide , á seachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an ceallra atá le measúnú, agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.

Leasú 228

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach i g Caibidlí  II agus III , caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag monaróir, éileoidh sé go ndéanfaidh an monaróir sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i bhfianaise cinneadh deimhnithe eile a bheidh ina chinneadh críochnaitheach, ach amháin mura féidir na heasnaimh a leigheas, agus ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint sa chás sin.

3.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil II nó III nó in Airteagal 39 , na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag monaróir, éileoidh sé go ndéanfaidh an monaróir gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i bhfianaise cinneadh deimhnithe eile a bheidh ina chinneadh críochnaitheach, ach amháin mura féidir na heasnaimh a leigheas, agus ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint sa chás sin.

Leasú 229

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Soláthróidh comhlacht dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na ceallraí céanna.

2.   Soláthróidh comhlacht dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na ceallraí céanna.

Leasú 230

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Malartú taithí

Malartú taithí agus dea-chleachtais

Leasú 231

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí agus dea-chleachtais a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Leasú 232

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 37 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa earnála nó grúpaí comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa earnála nó grúpaí comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Leasú 233

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 38 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Ar cheallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís dóibh, lena n-áirítear chun críocha an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:

1.    I gcás gach ceallra a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chuirtear i seirbhís san Aontas , lena n-áirítear chun críoch an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:

Leasú 234

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 38 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina seachadfar roinnt ceallraí chuig úsáideoir aonair go comhuaineach áfach, féadfaidh cóip aonair den dearbhú comhréireachta AE a bheith in éineacht leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht lena mbaineann.

I gcás ina seachadfar roinnt ceallraí chuig úsáideoir aonair go comhuaineach, áfach, féadfaidh cóip aonair de dhearbhú comhréireachta AE a bheith in éineacht leis an gcoinsíneacht lena mbaineann.

Leasú 235

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 38 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist agus an seoladh gréasáin mar ar féidir dul i dteagmháil leo a lua ar phacáistiú an cheallra. Tabharfar pointe aonair ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir ann le fios leis an seoladh poist. Beidh an fhaisnéis sin i dteanga is éasca d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.

8.   Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an uimhir ghutháin, seoladh poist , seoladh ríomhphoist agus an seoladh gréasáin mar ar féidir dul i dteagmháil leo a lua ar phacáistiú an cheallra. Tabharfar pointe aonair ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir ann le fios leis an seoladh poist. Beidh an fhaisnéis sin i dteanga is éasca d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.

Leasú 236

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 38 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.   Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh monaróirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

11.   Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu le creidiúint go mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh monaróirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach i ndáil leis sin, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoi neamh-chomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

 

(Leasú cothrománach: tá feidhm ag an athrú “i gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu le creidiúint go mbaineann riosca le ceallra” ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar fud an téacs.)

Leasú 237

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Oibleagáid d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh ar an margadh chun beartais um dícheall cuí sa slabhra soláthair a bhunú

Oibleagáid d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh dícheall cuí sa slabhra luacha a chur i gcrích

Leasú 238

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Amhail an [12 mhí tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm] comhlíonfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh ar an margadh na hoibleagáidí díchill cuí sa slabhra soláthair a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo agus coimeádfaidh sé doiciméadacht lena léireofar go gcomhlíonann sé na hoibleagáidí sin faoi seach, lena n-áirítear torthaí an fhíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí dá dtugtar fógra.

1.   Amhail [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] comhlíonfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallraí ar an margadh, na hoibleagáidí díchill cuí sa slabhra luacha a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo agus coimeádfaidh sé doiciméadacht lena léireofar go gcomhlíonann sé na hoibleagáidí sin faoi seach, lena n-áirítear torthaí an fhíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Leasú 239

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

beartas na cuideachta maidir le slabhra soláthair na n-amhábhar a thugtar le fios in Iarscríbhinn X, pointe 1, a ghlacadh, agus a chur in iúl go soiléir do sholáthraithe agus don phobal;

(a)

beartas díchill chuí na cuideachta maidir le slabhra luacha ceallraí, lena n-áirítear maidir le hamhábhair a thugtar le fios i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X, a ghlacadh, agus a chur in iúl go soiléir do sholáthraithe agus don phobal, agus freisin maidir leis na catagóirí rioscaí gaolmhara sóisialta agus comhshaoil a thugtar le fios i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X;

Leasú 240

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

caighdeáin a chur ina bheartas don slabhra soláthair a thiocfaidh leis na caighdeáin a leagtar amach sa samhailbheartas don slabhra soláthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE ;

(b)

caighdeáin a chur ina bheartas don slabhra luacha a thiocfaidh leis na caighdeáin a leagtar amach sna caighdeáin díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta, ar caighdeáin iad a liostaítear i bpointe 3a d’Iarscríbhinn X ;

Leasú 241

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

a chórais bhainistithe inmheánacha faoi seach a cheapadh sa chaoi go dtacóidh siad le dícheall cuí sa slabhra soláthair trína chur de fhreagracht ar ardbhainistíocht formhaoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas díchill chuí sa slabhra soláthair chomh maith le taifid a choimeád de na córais sin ar feadh 5 bliana ar a laghad;

(c)

a chórais bhainistithe inmheánacha faoi seach a cheapadh sa chaoi go dtacóidh siad le dícheall cuí sa slabhra luacha trína chur de fhreagracht ar ardbhainistíocht formhaoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas díchill chuí sa slabhra luacha chomh maith le taifid a choimeád de na córais sin ar feadh 5 bliana ar a laghad;

Leasú 242

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe d – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra soláthair , lena n-áirítear líne chúraim córas inrianaitheachta nó gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair a shainaithint .

(d)

córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra luacha , lena n-áirítear líne chúraim nó córas inrianaitheachta, agus gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra luacha á sainaithint

Leasú 243

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe d – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gheobhaidh córas den sórt sin tacaíocht ó dhoiciméid ina soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

Gheobhaidh córas den sórt sin tacaíocht ó dhoiciméid ina soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad :

Leasú 244

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe d – fomhír 2 – pointe iii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii a)

i gcás ina dtagann an t-amhábhar ó limistéar ardriosca, faisnéis bhreise i gcomhréir leis na moltaí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha, mar a leagtar síos i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí, i gcás inarb ábhartha, amhail an mianach tionscnaimh, suíomhanna ina ndéantar an t-amhábhar a chomhdhlúthú, a thrádáil agus a phróiseáil, agus ina ndéantar cánacha, táillí agus ríchíosanna a íoc;

Leasú 245

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe d – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfar na ceanglais a leagtar amach i bpointe reatha (d) a chur chun feidhme trí bheith rannpháirteach i scéimeanna faoi stiúir an tionscail.

Gan dochar d’fhreagracht aonair oibreoirí eacnamaíocha as a bpróisis díchill chuí, féadfar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (d) reatha a chur chun feidhme le comhoibriú le gníomhaithe eile, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i scéimeanna faoi stiúir an tionscail , ar scéimeanna iad a aithnítear faoin Rialachán seo .

Leasú 246

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

a bheartas don slabhra soláthair a chur ina gcuid de chonarthaí agus de chomhaontuithe le soláthraithe lena n-áirítear a mbearta bainistithe riosca;

(e)

a bheartas don slabhra luacha a chur ina gcuid de chonarthaí agus de chomhaontuithe le soláthraithe lena n-áirítear a mbearta bainistithe riosca;

Leasú 247

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

sásra casaoide a bhunú mar chóras feasachta riosca luathrabhaidh nó sásra den sórt sin a sholáthar trí shocruithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile, nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh, amhail ombudsman, a éascú.

(f)

sásra casaoide a bhunú mar chóras feasachta riosca luathrabhaidh , agus mar shásra feabhsúcháin i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine sásraí den sórt sin a sholáthar trí shocruithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile, nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlacht seachtrach, amhail ombudsman, a éascú. Cuirfear san áireamh sna sásraí sin critéir na sásraí casaoide a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

Leasú 248

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tionchair dhíobhálacha a bhaineann leis na catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, ina shlabhra soláthair ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír 2 de réir chaighdeáin a bheartais don slabhra soláthair;

(a)

an riosca go mbeadh ann do thionchair dhíobhálacha a bhaineann leis na catagóirí riosca , lena n-áirítear na catagóirí a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, ina shlabhra luacha ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír 2, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó a dhéanann tríú páirtithe a sholáthar, de réir chaighdeáin a bheartais don slabhra luacha

Leasú 249

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 1 – pointe d – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

straitéis a chur chun feidhme chun freagairt do na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc a mhaolú tríd an méid seo a leanas:

(b)

straitéis a chur chun feidhme chun freagairt do na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc nó a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu tríd an méid seo a leanas:

Leasú 250

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

torthaí an mheasúnaithe riosca ar an slabhra soláthair a thuairisciú don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin;

(i)

torthaí an mheasúnaithe riosca ar an slabhra luacha a thuairisciú don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin;

Leasú 251

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

bearta maidir le bainistiú riosca a ghlacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE , ag meas a gcumais chun tionchar a imirt, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthraithe ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;

(ii)

bearta bainistithe riosca a ghlacadh i gcomhréir leis na caighdeáin díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta liostaithe i bpointe 3a d’Iarscríbhinn X , agus a gcumas chun tionchar a imirt á chur san áireamh , agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar chaidrimh ghnó ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;

Leasú 252

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii)

an plean bainistithe riosca a chur chun feidhme , faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht iarrachtaí um maolú riosca, tuairisciú ar ais don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin agus a mheas an déileáil a dhéantar le soláthraí a fhionraí nó scor de bheith ag déileáil leis má theipeann ar na hiarrachtaí um maolú riosca, bunaithe ar shocruithe conarthacha ábhartha ar aon dul le pointe  2 thuas ;

(iii)

an plean bainistithe riosca a chur chun feidhme , faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht iarrachtaí um maolú riosca, tuairisciú ar ais don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin agus a mheas an déileáil a dhéantar le caidreamh gnó a fhionraí nó scor de bheith ag déileáil leis má theipeann ar na hiarrachtaí um maolú riosca, bunaithe ar shocruithe conarthacha ábhartha ar aon dul le mír  2 ;

Leasú 253

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Má dhéanann oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 iarrachtaí um maolú riosca a chur i bhfeidhm agus, san am céanna, é ag leanúint de bheith ag trádáil nó an trádáil á cur ar fionraí go sealadach aige, rachaidh sé i gcomhairle le soláthraithe agus leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis rialtais áitiúil agus rialtais láir, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus tríú páirtithe a ndéantar difríocht dóibh, agus comhaontóidh siad ar straitéis um maolú intomhaiste riosca sa phlean bainistithe riosca.

Má théann oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 i mbun iarrachtaí um maolú riosca agus, san am céanna, má leanann sé de bheith ag trádáil nó má chuireann sé an trádáil ar fionraí go sealadach, rachaidh sé i gcomhairle le caidrimh ghnó agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis rialtais áitiúil agus rialtais láir, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus pobail a ndéantar difear dóibh, agus comhaontóidh siad straitéis um maolú intomhaiste riosca sa phlean bainistithe riosca.

Leasú 254

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sainaithneoidh agus measúnóidh oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 dóchúlacht na dtionchar díobhálach sna catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2 ina shlabhra soláthair bunaithe ar thuarascálacha atá ar fáil de thoradh fíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlacht dá dtugtar fógra a bhaineann leis na soláthraithe sa slabhra sin, agus, trí na cleachtais díchill chuí acu a mheasúnú, de réir mar is iomchuí. Beidh na tuarascálacha fíoraithe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4. In éagmais na dtuarascálacha fíoraithe tríú páirtí sin ó sholáthraithe, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 na rioscaí ina slabhra soláthair a shainaithint agus a mheasúnú mar chuid dá gcóras bainistithe riosca féin. Sna cásanna sin, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 fíorú tríú páirtí ar dhícheall cuí a slabhraí soláthair féin trí chomhlacht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4.

Sainaithneoidh agus measúnóidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 dóchúlacht na dtionchar díobhálach sna catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, ina shlabhra luacha. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 na rioscaí ina slabhra luacha a shainaithint agus a mheasúnú mar chuid dá chóras bainistithe riosca féin. Sna cásanna sin, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 fíorú tríú páirtí ar a slabhraí dhíchill chuí féin trí chomhlacht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch úsáid a bhaint freisin as tuarascálacha atá ar fáil de thoradh fíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlacht dá dtugtar fógra a bhaineann leis na caidrimh ghnó sa slabhra sin, agus, trí na cleachtais díchill chuí acu a mheasúnú, de réir mar is iomchuí. Beidh na tuarascálacha fíoraithe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4.

Leasú 255

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córas dliteanais i bhfeidhm acu faoinar féidir, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, oibreoirí eacnamaíocha a chur faoi dhliteanas agus gur féidir leo leigheas a sholáthar maidir le haon díobháil a eascraíonn as iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas arb iad féin, nó gnóthais faoina smacht, a chruthaigh iad nó a rannchuidigh leo trí ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí.

Leasú 256

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Socróidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 go bhfíoróidh comhlacht dá dtugtar fógra a mbeartais díchill chuí maidir leis an slabhra soláthair (“fíorú tríú páirtí”).

4.   Socróidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 go bhfíoróidh comhlacht dá dtugtar fógra a bheartas agus a chleachtais díchill chuí maidir leis an slabhra luacha (“fíorú tríú páirtí”).

Leasú 257

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 4 – fomhír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

áireofar ina raon feidhme na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a gceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a chur chun feidhme i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5;

(a)

áireofar ina raon feidhme na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a gceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha a chur chun feidhme i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5.

Leasú 258

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 4 – fomhír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

beidh mar a chuspóir aige comhréireacht na gcleachtas díchill chuí sa slabhra soláthair ag oibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallraí ar an margadh, a chinneadh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5;

(b)

beidh mar a chuspóir aige comhréireacht na gcleachtas díchill chuí sa slabhra luacha ag oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh a chinneadh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5 , agus chomh maith, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha a dhéanamh ar ghnóthais agus faisnéis a bhailiú ó gheallsealbhóirí;

Leasú 259

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 4 – fomhír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

moltaí a dhéanamh do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh maidir le conas feabhas a chur ar a chleachtais díchill chuí sa slabhra soláthair ;

(c)

moltaí a dhéanamh do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh maidir le conas feabhas a chur ar a chleachtais díchill chuí sa slabhra luacha ;

Leasú 260

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Maidir leis na tuarascálacha d’aon fhíorú tríú páirtí a dhéantar i gcomhréir le mír 4 nó fianaise gur comhlíonadh scéim díchill chuí sa slabhra soláthair arna aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 na tuarascálacha sin ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát arna iarraidh sin dóibh.

5.   Maidir leis na tuarascálacha ar aon fhíorú tríú páirtí a dhéantar i gcomhréir le mír 4 nó fianaise gur comhlíonadh scéim díchill chuí sa slabhra luacha arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72, cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 na tuarascálacha sin ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát arna iarraidh sin dóibh.

Leasú 261

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 6 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis uile a fuair siad agus atá fós acu de bhun a mbeartas díchill chuí sa slabhra soláthair a chur ar fáil dá neas-cheannaitheoirí iartheachtacha, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

6.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis uile a fuair siad agus atá fós acu de bhun a mbeartas díchill chuí sa slabhra luacha a chur ar fáil dá neas-cheannaitheoirí iartheachtacha, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

Leasú 262

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 6 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a mbeartais díchill chuí sa slabhra soláthair a thuairisciú go poiblí agus ar bhonn bliantúil chomh forleathan agus is féidir é, lena n-áirítear ar an idirlíon. Beidh sa tuarascáil sin na bearta a rinne siad chun na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh, lena n-áirítear torthaí a fuarthas maidir le tionchair dhíobhálacha suntasacha ar na catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, agus conas a ndeachthas i ngleic leo, chomh maith le tuarascáil achomair ar an bhfíorú tríú páirtí a rinneadh i gcomhréir le pointe 4, lena n-áirítear ainm an chomhlachta dá dtugtar fógra, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a mbeartais díchill chuí sa slabhra luacha a thuairisciú go poiblí agus ar bhonn bliantúil chomh forleathan agus is féidir é, lena n-áirítear ar an idirlíon , go háirithe, maidir leis na hamhábhair atá i ngach múnla ceallra a chuirtear ar an margadh . Beidh sa tuarascáil sin , ar bhealach intuigthe d’úsáideoirí deiridh lena sainaithnítear go soiléir na ceallraí lena mbaineann, na bearta a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch sin chun na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh, lena n-áirítear torthaí a fuarthas maidir le tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar na catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, agus conas a ndeachthas i ngleic leo, chomh maith le tuarascáil achomair ar an bhfíorú tríú páirtí a rinneadh i gcomhréir le pointe 4, lena n-áirítear ainm an chomhlachta dá dtugtar fógra, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

Leasú 263

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Forbróidh an Coimisiún treoir maidir le feidhmiú na gceanglas díchill chuí atá sainmhínithe i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ag féachaint do na rioscaí sóisialta agus comhshaoil dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, agus ag féachaint go háirithe go mbeadh sí i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, pointe  3.

7.   Forbróidh an Coimisiún treoir maidir le feidhmiú na gceanglas díchill chuí atá sainmhínithe i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ag féachaint do na rioscaí sóisialta agus comhshaoil dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X agus ag féachaint go háirithe go mbeadh sí i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointí 3 agus 3a d’Iarscríbhinn  X.

Leasú 264

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 a.     Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh teicniúil sonrach d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do chuideachtaí beaga agus meánmhéide, chun críoch na ceanglais díchill chuí sa slabhra luacha a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a fháil óna n-ionaid inniúlachta ceallra náisiúnta, arna mbunú de bhun Airteagal 68b, chun an tacaíocht theicniúil sin a sholáthar.

Leasú 265

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7b.     Chun a chur ar chumas na mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 69, is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as seiceálacha iomchuí a dhéanamh.

 

Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí chur chuige riosca-bhunaithe a ghlacadh, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, amhail faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a chuir tríú páirtithe in iúl maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir eacnamaíoch, ar ábhair imní iad a bhfuil bunús tugtha leo.

 

Áireofar cigireachtaí ar an láthair sna seiceálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear ar áitreabh an oibreora eacnamaíoch.

 

Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha gach cúnamh is gá chun na seiceálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

 

Chun soiléireacht tascanna agus comhleanúnachas gníomhaíochta i measc údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, ullmhóidh an Coimisiún treoirlínte ina dtugtar na céimeanna atá le leanúint ag údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag déanamh na seiceálacha ex post dá dtagraítear i sa chéad fhomhír. Déanfar teimpléid doiciméad chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú a chur san áireamh sna treoirlínte sin, de réir mar is cuí.

 

Coimeádfaidh Ballstáit taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus luafar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí seiceálacha den sórt sin, chomh maith le taifid d’aon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 69.

Leasú 266

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 8 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

liosta na n-ionstraimí idirnáisiúnta in Iarscríbhinn X a leasú i gcomhréir leis na forbairtí sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta;

Leasú 267

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 8 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a leagtar amach i míreanna 2 go 4 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821 agus athruithe ar na moltaí maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Iarscríbhinn  I a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE .

(b)

na hoibleagáidí ar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 a leagtar amach i míreanna 2 go 4 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821 agus liosta na n-ionstraimí díchill chuí arna n-aithint go hidirnáisiúntaagus a leagtar amach i bpointe 3a d’Iarscríbhinn X a leasú;

Leasú 268

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 8 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

liosta de limistéir ardriosca a bhunú agus a leasú agus treoirlínte díchill chuí ECFE á gcur san áireamh.

Leasú 269

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 39 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     I gcás ina nglacfar reachtaíocht de chuid an Aontais amach anseo lena leagfar síos rialacha ginearálta maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, measfar go bhfuil na forálacha a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn X comhlántach leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo.

 

Laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm na reachtaíochta de chuid an Aontais amach anseo lena leagfar síos rialacha ginearálta maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, déanfaidh an Coimisiún a mheas an éilítear leis an reachtaíocht nua sin de chuid an Aontais go leasófaí míreanna 2 go dtí 5 den Airteagal seo nó Iarscríbhinn X, nó an dá cheann acu, agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na forálacha sin a leasú dá réir sin.

 

Beidh an gníomh tarmligthe sin gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo nó in Iarscríbhinn X, ar oibleagáidí iad a bhaineann go sonrach le hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh. Maidir le haon oibleagáid díchill chuí bhreise a chuirtear ar oibreoirí eacnamaíocha agus a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, beidh sí de chineál lena n-áiritheofar ar a laghad an leibhéal céanna cosanta dá bhforáiltear sa rialachán seo gan aon ualach riaracháin míchuí a chruthú.

Leasú 270

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

4.   Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Beidh an acmhainn airgeadais agus eagrúcháin iomchuí ag an ionadaí údaraithe chun na cúraimí a shonraítear sa sainordú a chomhlíonadh . Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás inniúil . Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

Leasú 271

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go mbaineann riosca le ceallra, déanfaidh ionadaithe údaraithe na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi sin láithreach.

Leasú 272

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ceallra ar an margadh nó i seirbhís ach ceallra a bheidh i gcomhréir le ceanglais Chaibidlí II agus III

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ceallra ar an margadh nó i seirbhís ach ceallra a bheidh i gcomhréir le ceanglais Chaibidlí II agus III agus Airteagal 39.

Leasú 273

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ní chuirfidh an t-allmhaireoir ar an margadh é ná i seirbhís é go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas chuige sin.

I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus Airteagal 39 , ní chuirfidh an t-allmhaireoir ar an margadh é ná i seirbhís é go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina measann sé nó ina bhfuil cúis aige a chreidiúint go mbaineann riosca le ceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas láithreach ina leith sin.

Leasú 274

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   I gcás ina meastar gurb iomchuí é maidir leis na rioscaí a bhaineann le ceallra, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte an duine agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar cheallraí a dhéantar a mhargú, imscrúdóidh siad iad agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán, maidir le ceallraí neamh-chomhlíontacha agus ceallraí a dhéantar a aisghairm, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.

6.   I gcás ina meastar gurb iomchuí é maidir leis na rioscaí a bhaineann le ceallra, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte an duine , an comhshaoil agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar cheallraí a dhéantar a mhargú, imscrúdóidh siad iad agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán, maidir le ceallraí neamh-chomhlíontacha agus ceallraí a dhéantar a aisghairm, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.

Leasú 275

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh allmhaireoirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

7.   Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus Airteagal 39 , an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu le creidiúint go mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh allmhaireoirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach i ndáil leis sin, ag tabhairt tuairisc, go háirithe, ar neamh-chomhlíonadh agus ar aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

Leasú 276

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

go bhfuil an monaróir, ionadaí údaraithe an mhonaróra, an t-allmhaireoir nó dáileoirí eile cláraithe ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46;

(a)

go bhfuil an táirgeoir cláraithe ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46;

Leasú 277

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás ina measann dáileoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ní chuirfidh an dáileoir an ceallra ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas chuige sin chomh maith leis na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh.

3.   I gcás ina measann dáileoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus in Airteagal 39 , ní chuirfidh an dáileoir an ceallra ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina measann sé nó ina bhfuil cúis aige a chreidiúint go mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas i ndáil leis sin chomh maith leis na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh.

Leasú 278

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cinnteoidh dáileoirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra, atá curtha ar fáil ar an margadh acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh dáileoirí údarás náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamh-chomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

5.   Cinnteoidh dáileoirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra, atá curtha ar fáil ar an margadh acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus Airteagal 39 go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu le creidiúint go mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh dáileoirí údarás náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach i ndáil leis sin, ag tabhairt tuairisc, go háirithe, ar neamh-chomhlíonadh agus ar aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

Leasú 279

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Soláthróidh allmhaireoirí, sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá chun comhréireacht ceallra leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a léiriú i dteanga is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chuir siad ar fáil ar an margadh.

6.   Soláthróidh allmhaireoirí, tar éis iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá don údarás sin chun comhréireacht ceallra leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III agus in Airteagal 39 a léiriú i dteanga is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chuir siad ar fáil ar an margadh.

Leasú 280

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 43 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, le haghaidh na gceallraí a láimhseálann siad, nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pácáistiú, seoladh a chur ar an gceallra nó é a sheoladh, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a chur i mbaol i ndáil leis na ceallraí.

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta , lena n-áirítear margaí ar líne , le haghaidh na gceallraí a láimhseálann siad, nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pacáistiú, seoladh a chur ar an gceallra nó é a sheoladh, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II , III agus VII a chur i mbaol i ndáil leis na ceallraí.

 

Gan dochar d’oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil VI, déanfaidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, sa bhreis ar an gceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 40(4), pointe (d), agus in Airteagal 40(4a).

Leasú 281

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 44 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Measfar gur monaróir allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal  40 sna cásanna seo a leanas

Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal  38 i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na cásanna seo a leanas:

Leasú 282

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 44 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

beidh modhnú déanta ag an allmhaireoir sin nó an dáileoir sin ar cheallra atá curtha ar an margadh nó i seirbhís cheana féin ar bhealach go bhféadfaí difríocht a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo;

(b)

beidh modhnú déanta ag an allmhaireoir sin nó an dáileoir sin ar cheallra atá curtha ar an margadh nó i seirbhís cheana féin ar bhealach go bhféadfaí difríocht a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo;

Leasú 283

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

an cineál ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit, mar atá, ceallraí inaistrithe, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí gluaisteán;

(d)

an cineál ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit, mar atá, ceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha éadroma iompair, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí gluaisteán;

Leasú 284

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

ceimic na gceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit;

Leasú 285

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

faisnéis faoi conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí faoi mar a leagtar amach in Airteagal 47 agus na ceanglais faoi Airteagail 48 agus 49 faoi seach:

(f)

faisnéis faoi conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí faoi mar a leagtar amach in Airteagal 47 agus na ceanglais faoi Airteagail 48 , Airteagal 48a agus 49 faoi seach:

Leasú 286

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – pointe i – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

le haghaidh ceallraí inaistrithe, comhlíonfar ceanglais phointe (f) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(i)

le haghaidh ceallraí inaistrithe agus ceallraí do chóracha iompair éadroma , comhlíonfar ceanglais phointe (f) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

Leasú 287

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – pointe i – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

dearbhú lena léirítear na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar amach in Airteagal 47 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí um bailiú ar leithligh a leagtar amach in Airteagal 48(1) maidir leis an líon ceallraí a sholáthraíonn an táirgeoir agus an córas chun a áirithiú go mbeidh na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa, a chomhlíonadh;

dearbhú lena léirítear na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar amach in Airteagal 47 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí um bailiú ar leithligh a leagtar amach in Airteagal 48(1) agus in Airteagal 48a (1) maidir leis an líon ceallraí a sholáthraíonn an táirgeoir agus an córas chun a áirithiú go mbeidh na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa, a chomhlíonadh;

Leasú 288

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – pointe i – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír , uimhreacha teileafóin agus facs , seoladh idirlín agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí a chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 47(2), lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n-áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, uimhir teileafóin, seoladh idirlín agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí a chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 47(2) agus (4) , lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n-áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

Leasú 289

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – pointe i – fleasc 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

i gcás ina ndéanann an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ionadaíocht ar bhreis agus táirgeoir amháin, tabharfaidh an eagraíocht le fios ar leithligh conas a chomhlíonann gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 47.

Leasú 290

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f – pointe ii – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

i gcás inarb infheidhme, cód náisiúnta céannachta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí ar chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 d’Airteagal 47, lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n-áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, uimhir gutháin, seoladh ríomhphoist agus seoladh idirlín agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí a chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 47(2) agus (4), lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n-áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

Leasú 291

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Beidh táirgeoirí a sholáthraíonn ceallraí trí mhodhanna cianchumarsáide cláraithe sa Bhallstát lena ndíolann siad. I gcás nach bhfuil na táirgeoirí sin cláraithe sa Bhallstát lena bhfuil siad ag díol, clárófar iad trína n-ionadaí údaraithe.

Leasú 292

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 3 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

féadfaidh sé diúltú don chlárú a chuireann an táirgeoir ar fáil, i gcás neamhchomhlíonadh nó comhlíonadh neamhleor na hoibleagáide a leagtar síos i mír 2.

Leasú 293

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Soláthróidh táirgeoirí ceallraí faisnéis do mhargaí ar líne faoina gclárú nó faoina n-ionadaí údaraithe sa Bhallstát lena ndíolann siad.

Leasú 294

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a eagrú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49 agus iompar, cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola ina dhiaidh, lena n-áirítear na bearta sábháilteachta is gá, i gcomhréir le hAirteagal 56;

(a)

na costais ar a laghad a íoc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 d’Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear na costais a bhaineann le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 48 , Airteagal 48a agus Airteagal 49 agus iompar, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra agus athmhonaraíocht, cóireáil, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola ina dhiaidh, agus na bearta sábháilteachta is gá, i gcomhréir le hAirteagal 56;

Leasú 295

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

bailiú ar leithligh ceallraí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na costais a íoc chun suirbhéanna a dhéanamh chun ceallraí a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh go mí-iomchuí a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 48(1);

(c)

bailiú ar leithligh ceallraí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na costais a íoc a bhaineann le bailiú sonraí agus le suirbhéanna a dhéanamh go rialta chun ceallraí a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh go míchuí a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 48(1);

Leasú 296

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

feachtais feasachta agus/nó dreasachtaí eacnamaíocha a chur ar bun, lena n-áirítear iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2008/98/CE chun úsáideoirí deiridh a spreagadh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ar bhealach atá i gcomhréir leis an bhfaisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú a chuirtear ar fáil dóibh i gcomhréir le hAirteagal 60(1);

Leasú 297

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a mhaoiniú.

(e)

na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (da) a mhaoiniú.

Leasú 298

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

beidh an acmhainn eagrúcháin agus airgeadais is gá acu chun na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

(a)

beidh an acmhainn airgeadais nó airgeadais agus eagrúcháin is gá acu chun na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

Leasú 299

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

go modhnaítear iad mar choinníoll íosta de réir chineál an cheallra agus cheimic an cheallra agus, de réir mar is iomchuí, an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh;

(a)

go modhnaítear iad i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 8ú(4) de Threoir 2008/98/CE agus de réir chineál an cheallra agus cheimic an cheallra agus, de réir mar is iomchuí, a in-athluchtaithe atá ceallraí, a marthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh , mar aon leis an bhféidearthacht go bhféadfaí athmhonarú nó athrú cuspóra a dhéanamh orthu, agus a lorg carbóin ;

Leasú 300

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go ndéantar iad a choigeartú chun aon ioncaim ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí as athúsáid agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh;

(b)

go ndéantar iad a choigeartú chun aon ioncaim ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí as athúsáid , athmhonaraíocht, athrú cuspóra agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh;

Leasú 301

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 48(2), Airteagal 49(3), Airteagal 53(1), Airteagal 56(1), agus míreanna 1, 2 agus 3 d’Airteagal 61, ina ndéanann tríú páirtí seachas táirgeoir nó eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíochtaí chun oibleagáidí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1 a chomhlíonadh, ní bheidh na costais a bheidh le hiompar ag táirgeoirí níos mó ná na costais is gá chun na gníomhaíochtaí sin a sholáthar ar bhealach costéifeachtach. Bunófar costais den sórt sin ar bhealach trédhearcach idir na táirgeoirí agus na tríú páirtithe lena mbaineann agus déanfar iad a choigeartú chun aon ioncaim as athúsáid agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh.

5.   I gcás, i gcomhréir le hAirteagail 48(2), 48a(2), 49(3), 53(1), 56(1), agus míreanna 1, 2 agus 3 d’Airteagal 61, ina ndéanann tríú páirtí seachas táirgeoir nó eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíochtaí chun oibleagáidí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1 a chomhlíonadh, ní bheidh na costais a bheidh le hiompar ag táirgeoirí níos mó ná na costais is gá chun na gníomhaíochtaí sin a sholáthar ar bhealach costéifeachtach. Bunófar costais den sórt sin ar bhealach trédhearcach idir na táirgeoirí agus na tríú páirtithe lena mbaineann agus déanfar iad a choigeartú chun aon ioncaim as athúsáid , athmhonaraíocht, athrú cuspóra agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh.

Leasú 302

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 6 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Déanfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iarratas ar údarú ón údarás inniúil. Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léireofar gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht thar a gceann. Fíoróidh an t-údarás inniúil ag eatraimh thráthrialta, cibé acu an leantar nó nach leantar de na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1, 3, 4 agus 5 le haghaidh an údaraithe a chomhlíonadh. Réiteoidh na húdaráis inniúla tuairisc an nóis imeachta um údarú agus na módúlachtaí chun comhlíonadh a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag táirgeoirí chun na críche sin .

6.   Déanfaidh táirgeoir nó eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann iarratas ar údarú ón údarás inniúil. Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léireofar gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí agus go bhfuil na meáin airgeadais nó airgeadais agus eagraíochtúla is gá acu chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht thar a gceann agus go bhfuil siad i gcomhréir le gnóthú na spriocanna maidir le bailiú deighilte ceallraí dramhaíola, leibhéal na hathchúrsála agus éifeachtúlachtaí athchúrsála a leagtar síos sa Rialachán seo . Fíoróidh an t-údarás inniúil ag eatraimh thráthrialta , agus gach trí bliana ar a laghad , cibé acu an leantar nó nach leantar de na coinníollacha le haghaidh an údaraithe a leagtar síos i míreanna 1, 3, 4 agus 5 a chomhlíonadh. Féadfar an t-údarú a chúlghairm mura gcomhlíontar na spriocanna bailithe a leagtar amach in Airteagal 48(4) nó in Airteagal 48a(5) nó má sháraíonn an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí Airteagal 49(1), (2) nó (3) .

Leasú 303

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 6 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an t-údarás inniúil ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis san iarratas ar údarú, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe agus faoi scor buan oibríochtaí.

Cuirfidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann an t-údarás inniúil ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis san iarratas ar údarú, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe agus faoi scor buan oibríochtaí.

Leasú 304

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47– mír 9– pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

ráta bhailiú ar leithligh na gceallraí dramhaíola, an leibhéal athchúrsála agus na héifeachtúlachtaí athchúrsála a baineadh amach bunaithe ar an líon ceallraí a chuir na táirgeoirí ar baill den eagraíocht iad ar fáil ar an margadh sa Bhallstát den chéad uair;

(c)

ráta bhailiú ar leithligh na gceallraí dramhaíola, an leibhéal athchúrsála , na héifeachtúlachtaí athchúrsála agus na leibhéil ábhar aisghabháilte a baineadh amach bunaithe ar an líon ceallraí a chuir na táirgeoirí ar baill den eagraíocht iad ar fáil ar an margadh sa Bhallstát den chéad uair;

Leasú 305

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 9 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

an nós imeachta roghnúcháin d’oibreoirí bainistithe dramhaíola.

Leasú 306

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a.     I gcás ina ndéanann oibreoir athúsáid, athrú cuspóra nó athmhonarú ar cheallra, déanfar an fhreagracht leathnaithe táirgeora don cheallra sin a aistriú ón táirgeoir chuig an oibreoir sin.

Leasú 307

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 ná ag Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE maidir le ceallraí .

13.    Maidir leis na ceanglais i dtaca le freagracht leathnaithe táirgeora agus le híoscheanglais ghinearálta le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora dá bhforáiltear in Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE, measfar gur buncheanglais iad agus forlíonfar iad leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo .

Leasú 308

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, beag beann ar a gcineál, a mbranda nó a dtionscnamh ar chríoch Ballstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin:

1.   Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar go leithleach na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, beag beann ar a gcineál , a gcomhdhéanamh ceimiceach , a mbranda nó a dtionscnamh ar chríoch Ballstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin:

Leasú 309

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bunóidh siad pointí bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;

(a)

bunóidh siad pointí bailithe agus pointí tógála ar ais le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;

Leasú 310

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Ní ghearrfar muirear ar úsáideoirí deiridh, ar cheallraí inaistrithe dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2 dóibh, ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach.

3.    Beidh úsáideoirí deiridh in ann ceallraí inaistrithe dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2 agus ní ghearrfar muirear orthu ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach ná an ceallra a bheith ceannaithe acu ó na táirgeoirí a chuir na pointí bailithe ar bun .

Leasú 311

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Bainfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na spriocanna bailithe seo a leanas ar a laghad amach, agus coinneoidh siad na spriocanna bailithe seo ar bun go marthanach i ndáil le ceallraí inaistrithe dramhaíola, arna ríomh mar chéatadáin de na ceallraí inaistrithe , seachas ceallraí ó chóracha iompair éadroma , arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an táirgeoir féin nó ag na táirgeoirí atá i gceist le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcomhar le chéile:

4.   Bainfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na spriocanna bailithe seo a leanas ar a laghad amach, agus coinneoidh siad na spriocanna bailithe seo ar bun go bliantúil , i ndáil le ceallraí inaistrithe dramhaíola, arna ríomh mar chéatadáin de na ceallraí inaistrithe, arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an táirgeoir féin nó ag na táirgeoirí atá i gceist le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcomhar le chéile:

Leasú 312

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Bainfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na spriocanna bailithe seo a leanas ar a laghad amach, agus coinneoidh siad na spriocanna bailithe seo ar bun go bliantúil, i ndáil le ceallraí inaistrithe dramhaíola úsáide ginearálta, arna ríomh mar chéatadáin de na ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta, arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an táirgeoir féin nó ag na táirgeoirí atá i gceist le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcomhar le chéile:

 

(a)

45 % faoin 31 Nollaig 2023;

(b)

70 % faoin 31 Nollaig 2025;

(c)

80 % faoin 31 Nollaig 2030.

Leasú 313

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 48a

 

Bailiú ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma

 

1.     Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar gach ceallra dramhaíola do chóracha iompair éadroma gan beann ar a gcineál, a gcomhdhéanamh ceimiceach nó a dtionscnamh ar chríoch an Bhallstáit ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

 

2.     Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go dtógfar ar ais, saor in aisce, agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra dramhaíola a bheith ceannaithe aige uatha, na ceallraí dramhaíola uile do chóracha éadroma iompair, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, a mbranda nó a dtionscnamh ar chríoch an Bhallstáit ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, tógfaidh siad ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma ar ais ó úsáideoirí deiridh nó ó phointí tógála ar ais agus pointí bailithe a chuirtear ar fáil i gcomhar le:

 

(a)

dáileoirí ceallraí do chóracha iompair éadroma i gcomhréir le hAirteagal 50(1);

 

(b)

oibreoirí neamhspleácha a dheisíonn córacha iompair éadroma;

 

(c)

údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann i gcomhréir le hAirteagal 53.

 

3.     Cumhdófar críoch iomlán Ballstáit leis na socruithe tógála ar ais arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus áireofar méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma, inrochtaineacht agus gaireacht d’úsáideoirí deiridh. Ní bheidh na socruithe tógála ar ais teoranta do limistéir mar is brabúsaí ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

 

4.     Agus ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma á ndiúscairt acu ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, beidh úsáideoirí deiridh in ann, i ngach cás, aon cheallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma a chur ar ais ag aon phointe bailiúcháin, agus é sin a dhéanamh saor in aisce nó gan oibleagáid a bheith orthu ceallra nua a cheannach.

 

5.     Bainfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na spriocanna bailithe seo a leanas ar a laghad amach, agus coinneoidh siad na spriocanna bailithe seo ar bun go bliantúil i ndáil le ceallraí do chóracha iompair éadroma, arna ríomh mar chéatadáin de na cainníochtaí de cheallraí do chóracha iompair éadroma, arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an táirgeoir féin nó ag na táirgeoirí atá i gceist le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcomhar le chéile:

 

(a)

75 % faoin 31 Nollaig 2025;

 

(b)

85 % faoin 31 Nollaig 2030.

 

Ríomhfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, an ráta bailithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 55(2b).

 

6.     Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.

 

7.     Iarrfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí údarú ón údarás inniúil lena bhfíorófar comhlíontacht na socruithe arna gcur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo. I gcás ina n-iarrfaidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an t-údarú, ainmneofar go soiléir san iarraidh ar údarú na táirgeoirí gníomhacha ar baill iad a bhfuil sí ag déanamh ionadaíocht ar a son.

 

8.     Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go bhfanfaidh na sonraí ina seilbh maidir le faisnéis dhílsithe nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair rúnda. Féadfaidh an t-údarás inniúil coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun na críche sin a bhunú ina údarú.

 

9.     Ní fhéadfar an t-údarú faoi mhír 6 a dheonú ach amháin i gcás ina léireofar, trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go gcomhlíontar ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus go bhfuil na socruithe uile i bhfeidhm ionas go mbeifear in ann an sprioc bailithe dá dtagraítear i mír 5 a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach ar a laghad trí bhíthin na socruithe sin. I gcás ina mbeidh an t-údarú á iarraidh ag eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, gheofar é mar chuid den údarú dá dtagraítear faoi Airteagal 47(6).

 

10.     Déanfaidh an t-údarás inniúil mionsonraí an nós imeachta chun an t-údarú a dheonú a shuíomh faoi mhír 7 chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 56. Áireofar leis sin an ceanglas maidir le tuarascáil ó shaineolaithe neamhspleácha go ndéanfar na socruithe maidir le bailiú faoin Airteagal seo a fhíorú ex-ante ar bhealach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais faoin Airteagal seo. Áireofar tráthchláir leis sin freisin chun na bearta faoi seach a fhíorú agus an cinneadh a bheidh le déanamh ag an údarás inniúil, nach mbeidh níos faide ná 6 seachtaine ón tráth a dhéantar sainchomhad iarratais iomlán a thíolacadh.

 

11.     Fíoróidh an t-údarás inniúil ag eatraimh thráthrialta, agus gach trí bliana ar a laghad, cibé acu a leantar nó nach leantar de na coinníollacha le haghaidh an údaraithe faoi mhír 7 a chomhlíonadh. Féadfar an t-údarú a chúlghairm mura gcomhlíontar an sprioc bailithe a leagtar amach i mír 4 nó má sháraíonn an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a oibleagáidí nó a hoibleagáidí go hábharach faoi mhíreanna 1 go 3.

 

12.     Cuirfidh an táirgeoir nó, i gcás a ceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a cheann, an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach faoi aon athruithe ar na coinníollacha a chumhdaítear leis an iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 7, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe faoi mhír 8, agus faoi scor buan oibríochtaí.

 

13.     Gach 5 bliana déanfaidh na Ballstáit suirbhé ilchodach ar leibhéal 2 NUTS ar a laghad ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú agus ar shruthanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh chun cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola inti agus iontu sin a chinneadh. Déanfar an chéad suirbhé faoin 31 Nollaig 2023. Ar bhonn na faisnéise a gheofar, féadfaidh na húdaráis inniúla a éileamh, agus údarú faoi mhíreanna 7 agus 10 á dheonú nó á athbhreithniú acu, go ndéanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíocht cheartaitheach chun líonra a bpointí bailithe nasctha a mhéadú agus feachtais faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 60(1) i gcomhréir le cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola i ndramhaíl mheasctha chathrach agus i ndramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhraitear sa suirbhé.

Leasú 314

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír – 1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1.     Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar na ceallraí dramhaíola gluaisteán, na ceallraí tionsclaíocha agus na ceallraí feithiclí leictreacha go léir, gan beann ar a gcineál, a gcomhdhéanamh ceimiceach, a mbranda nó a dtionscnamh ar chríoch an Bhallstáit ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

Leasú 315

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tógfaidh táirgeoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, gach ceallra dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha den chineál faoi seach a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin ar ais, saor in aisce agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra a bheith ceannaithe aige uathu. Chun na críche sin glacfaidh siad le ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó phointí bailithe arna soláthar i gcomhar le:

1.   Tógfaidh táirgeoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, gach ceallra dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha den chineál faoi seach a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin ar ais, saor in aisce agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra a bheith ceannaithe aige uathu. Chun na críche sin glacfaidh siad le ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó phointí tógála ar ais agus bailithe arna soláthar i gcomhar le:

Leasú 316

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

oibreoirí neamhspleácha a dhéanann athúsáid, athmhonarú nó athrú cuspóra ar cheallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha;

Leasú 317

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-éilítear ceallraí dramhaíola tionsclaíocha a dhíchóimeáil ag áitreabh úsáideoirí príobháideacha, neamhthráchtála, áireofar le hoibleagáid an táirgeora na ceallraí sin a thógáil ar ais na costais maidir le ceallraí dramhaíola a dhíchóimeáil agus a bhailiú ag áitreabh na n-úsáideoirí sin a íoc.

I gcás ina n-éilítear ceallraí dramhaíola tionsclaíocha a dhíchóimeáil roimh ré ag áitreabh úsáideoirí príobháideacha, neamhthráchtála, áireofar le hoibleagáid an táirgeora , nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, maidir leis na ceallraí sin a thógáil ar ais na costais maidir le ceallraí dramhaíola a dhíchóimeáil agus a bhailiú ag áitreabh na n-úsáideoirí sin a íoc.

Leasú 318

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bonneagar bailithe oiriúnach a sholáthar do na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 1 chun ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a íoc. Beidh na coimeádáin chun na ceallraí sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag an bpointe bailithe leordhóthanach chun foráil a dhéanamh maidir le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha is dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;

(a)

bonneagar bailithe oiriúnach a sholáthar do na pointí tógála ar ais agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 chun ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola gluaisteán leictreach a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí tógála ar ais agus bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a íoc. Beidh na coimeádáin chun na ceallraí sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag an bpointe bailithe leordhóthanach chun foráil a dhéanamh maidir le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha is dócha a bhaileofar trí na pointí tógála ar ais agus bailithe sin;

Leasú 319

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Baileoidh na Ballstáit faisnéis, lena n-áirítear meastacháin a bhfuil bunús leo, ar bhonn bliantúil maidir le cainníochtaí agus catagóirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha a chuirtear ar a margaí, ar faisnéis í a bheidh ar fáil lena bailiú i gcomparáid leis na méideanna a bhailítear trí gach bealach, a ullmhaítear d’athúsáid, a athchúrsáiltear agus a aisghabhtar laistigh den Bhallstát, agus ar cheallraí i bhfeithiclí/i dtáirgí tionsclaíocha a onnmhairítear, de réir meáchain agus ceimice.

Leasú 320

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh gan aon chostas agus gan oibleagáid ceallra nua a cheannach , beag beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach nó a dtionscnamh. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí inaistrithe ag a n-asraon miondíola nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha ag a n-asraon miondíola nó i gcóngaracht an asraoin sin. Tá an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.

1.   Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh gan aon mhuirear nó gan oibleagáid an ceallra a bheith ceannaithe aige ón dáileoir céanna gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach nó a dtionscnamh. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí inaistrithe ag a n-asraon miondíola nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha ag a n-asraon miondíola nó i gcóngaracht an asraoin sin. Tá an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.

Leasú 321

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tabharfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola arna dtógáil ar ais acu ar láimh do na táirgeoirí nó do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bhíonn freagrach as na ceallraí sin a bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49 faoi seach, nó chuig oibreoir bainistithe dramhaíola d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 56.

3.   Tabharfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola arna dtógáil ar ais acu ar láimh do na táirgeoirí nó do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bhíonn freagrach as na ceallraí sin a bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 , 48a agus 49 faoi seach, nó chuig oibreoir bainistithe dramhaíola d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 56. Féadfaidh na Ballstáit srian a chur leis an bhféidearthacht atá ag dáileoirí ceallraí dramhaíola a thabhairt ar láimh, de réir a gcineáil, do tháirgeoirí nó d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil drochthionchar ag na srianta sin ar na córais bailithe agus athchúrsála.

Leasú 322

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Beidh feidhm leis na hoibleagáidí faoin airteagal seo mutatis mutandis d’oibreoirí a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí d’úsáideoirí deiridh. Déanfaidh na hoibreoirí sin foráil maidir le líon leordhóthanach pointí bailithe lena gcumhdófar críoch iomlán Ballstáit agus áireofar méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh, rud lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh ceallraí a thabhairt ar ais.

4.   Beidh feidhm leis na hoibleagáidí faoin airteagal seo mutatis mutandis d’oibreoirí a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí d’úsáideoirí deiridh. Déanfaidh na hoibreoirí sin foráil maidir le líon leordhóthanach pointí bailithe lena gcumhdófar críoch iomlán Ballstáit agus áireofar méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí inaistrithe dramhaíola do chóracha iompair éadroma, na gceallraí inaistrithe dramhaíola gluaisteán, na gceallraí inaistrithe dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí inaistrithe dramhaíola feithiclí leictreacha, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh, rud lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh ceallraí a thabhairt ar ais.

Leasú 323

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás díolacháin le seachadadh, cuirfidh dáileoirí deis ar fáil ceallraí a thógáil ar ais saor in aisce. Nuair a bheidh ceallra á ordú, cuirfear úsáideoir deiridh an cheallra ar an eolas faoi na socruithe a bhaineann leis an gceallra úsáidte a thógáil ar ais.

Leasú 324

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 50a

Scéimeanna aisíoca éarlaise do cheallraí

Faoin 31 Nollaig 2025 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an indéantacht agus ar na tairbhí féideartha a bhaineann le córais aisíoca éarlaise uile-Aontais a bhunú do cheallraí, go háirithe i gcás ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh. Agus córais náisiúnta aisíoca éarlaise le haghaidh ceallraí á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas i leith na mbeart sin. Ní chuirfidh na córais náisiúnta aisíoca éarlaise cosc ar chórais chomhchuibhithe uile-Aontais a ghlacadh.

Leasú 325

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 51 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh ainmnithe arna gcur ar bun nó i gcomhréir leis na socruithe sonracha arna dtabhairt chun críche leis an táirgeoir nó le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49.

2.   Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh ainmnithe arna gcur ar bun nó i gcomhréir leis na socruithe sonracha arna dtabhairt chun críche leis an táirgeoir nó le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcomhréir le hAirteagail 48 , 48a agus 49.

Leasú 326

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 52 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola atá faoi réir Threoir 2000/53/CE agus Threoir 2012/19/AE ceallraí dramhaíola a leanann as cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite agus dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí ábhartha nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2) den Rialachán seo, d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 den Rialachán seo. Coimeádfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola taifid ar na hidirbheartaíochtaí sin.

Tabharfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola atá faoi réir Threoracha 2000/53/CE agus 2012/19/AE ceallraí dramhaíola a leanann as cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite agus dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí ábhartha nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2) den Rialachán seo, d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola údaraithe d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 den Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit srian a chur leis an bhféidearthacht atá ag oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola atá faoi réir Threoir 2000/53/CE nó Threoir 2012/19/AE ceallraí dramhaíola a thabhairt ar láimh, de réir a gcineáil, do tháirgeoirí nó d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoir eile bainistithe dramhaíola. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil drochthionchar ag na srianta sin ar na córais bailithe agus athchúrsála. Coimeádfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola taifid ar na hidirbheartaíochtaí sin.

Leasú 327

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfar ceallraí dramhaíola de thionscnamh úsáideoirí neamhthráchtála príobháideacha a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh arna gcur ar bun ag údaráis bhainistithe dramhaíola phoiblí.

1.   Féadfar ceallraí dramhaíola de thionscnamh úsáideoirí neamhthráchtála príobháideacha a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh arna gcur ar bun ag údaráis bhainistithe dramhaíola poiblí. Agus iad eagraithe le haghaidh cineál ceallra ar leith, ní dhiúltóidh na húdaráis bainistithe dramhaíola poiblí aon cheallraí dramhaíola den chineál sin a thógáil ar ais, lena n-áirítear ceallraí athúsáidte, ceallraí ar athraíodh a gcuspóir agus ceallraí athmhonaraithe.

Leasú 328

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfaidh údaráis bhainistithe dramhaíola phoiblí ceallraí dramhaíola bailithe ar láimh do na táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola d’fhonn na ceallraí dramhaíola sin a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 nó déanfaidh siad a gcóireáil agus a n-athchúrsáil iad féin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56.

2.   Tabharfaidh údaráis bainistithe dramhaíola poiblí ceallraí dramhaíola bailithe ar láimh do na táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola d’fhonn na ceallraí dramhaíola sin a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 nó déanfaidh siad a gcóireáil agus a n-athchúrsáil iad féin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56. Féadfaidh na Ballstáit srian a chur leis an gcumas atá ag údaráis bainistithe dramhaíola poiblí ceallraí dramhaíola a thabhairt ar láimh, de réir a gcineáil, do tháirgeoirí nó d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoir bainistithe dramhaíola, chun a gcóireáil agus a n-athchúrsáil a dhéanamh iad féin. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil drochthionchar ag na srianta sin ar na córais bailithe agus athchúrsála.

Leasú 329

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh pointí bailithe deonacha ceallraí inaistrithe dramhaíola ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí inaistrithe nó do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, lena n-áirítear eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola údaraithe d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56.

Tabharfaidh pointí bailithe deonacha ceallraí inaistrithe dramhaíola ceallraí inaistrithe dramhaíola ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí inaistrithe nó do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, lena n-áirítear eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola údaraithe d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56. Féadfaidh na Ballstáit srian a chur le cumas na bpointí bailithe deonacha do cheallraí inaistrithe dramhaíola maidir leis na ceallraí dramhaíola sin a thabhairt ar láimh do tháirgeoirí nó d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoir bainistithe dramhaíola. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil drochthionchar ag na srianta sin ar na córais bailithe agus athchúrsála.

Leasú 330

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na rátaí bailiúcháin le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola

Na rátaí bailiúcháin le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma

Leasú 331

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

65 % faoin 31 Nollaig 2025;

(b)

70 % faoin 31 Nollaig 2025;

Leasú 332

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

70 % faoin 31 Nollaig 2030.

(c)

80 % faoin 31 Nollaig 2030.

Leasú 333

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Bainfidh na Ballstáit na spriocanna bailithe íosta seo a leanas amach le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola úsáide ginearálta:

 

(a)

45 % faoin 31 Nollaig 2023;

 

(b)

70 % faoin 31 Nollaig 2025;

 

(c)

80 % faoin 31 Nollaig 2030.

Leasú 334

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Bainfidh na Ballstáit na spriocanna bailithe íosta seo a leanas amach i dtaca le ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma:

 

(a)

75 % faoin 31 Nollaig 2025;

 

(b)

85 % faoin 31 Nollaig 2030.

Leasú 335

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh agus fíorú spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí dramhaíola do chóracha iompair éadroma d’fhonn léiriú a thabhairt ar chainníocht na gceallraí dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú.

Leasú 336

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig  2030 , athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i mír 1(c) agus, mar chuid den athbhreithniú sin, measfaidh sé sprioc bhailithe a shocrú haghaidh ceallraí lena gcumhachtaítear córacha iompair éadroma, i bhfianaise na forbartha ar an sciar den mhargadh, mar sprioc ar leithligh nó mar chuid d’athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i mír 1(c) agus in Airteagal 48(4) . Féadfar a mheas leis an athbhreithniú sin freisin an dtabharfar modheolaíocht ríomha isteach chun an ráta bailithe ar leithligh a ríomh d’fhonn an líon ceallraí dramhaíola a bheidh ar fáil lena mbailiú a léiriú. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe agus, más iomchuí, togra reachtach in éineacht léi.

3.   Faoin 31 Nollaig 2024 , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i mír 1(c). San athbhreithniú sin, déanfar breithniú freisin ar mhodheolaíocht ríofa a thabhairt isteach chun an sprioc bailithe ar leithligh a ríomh d’fhonn cainníocht na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bheidh ar fáil lena mbailiú a léiriú. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí.

Leasú 337

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 55 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun an ráta bailithe a leagtar síos in Iarscríbhinn XI le haghaidh ceallraí inaistrithe a ríomh.

scriosta

Leasú 338

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 56 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní chuirfear ceallraí dramhaíola bailithe i láithreáin líonta talún ná ní dhéanfar iad a loscadh.

1.   Ní dhéanfar ceallraí dramhaíola bailithe a dhiúscairt ná ní bheidh siad faoi réir oibríocht aisghabhála fuinnimh.

Leasú 339

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 56 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna dreasachta a chur ar bun d’oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann torthaí níos airde amach ná na tairseacha faoi seach a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII.

Leasú 340

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Rachaidh gach ceallra dramhaíola a bhailítear faoi phróiseas athchúrsála.

1.   Déanfar gach ceallra dramhaíola a bhailítear a ullmhú lena athúsáid, chun athrú cuspóra a dhéanamh air nó beidh sé faoi réir próiseas athchúrsála , seachas ceallraí ina bhfuil mearcair, a dhéanfar a dhiúscairt ar bhealach nach mbaineann aon tionchair dhiúltacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol leis .

Leasú 341

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Chun sórtáil agus tuairisciú cuí ceallraí ian litiam a éascú, déanfaidh an Coimisiún ceallraí dramhaíola ian litiam a áireamh sa liosta dramhaíola dá dtagraítear i gCinneadh 2000/532/CE, de réir mar is iomchuí.

Leasú 342

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil ábhar a ríomh agus a fhíorú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil ábhar a ríomh agus a fhíorú.

Leasú 343

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 73, chun leasú a dhéanamh ar na híosleibhéil d’ábhair aisghabháilte le haghaidh ceallraí dramhaíola a leagtar síos in Iarscríbhinn XII, i gCodanna B agus C, i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola.

5.    Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar dhul chun cinn arna dhéanamh ar éifeachtúlachtaí athchúrsála, agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh air sin agus ar na híosleibhéil d’ábhair aisghabháilte le haghaidh ceallraí dramhaíola a leagtar síos i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII, i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola. Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i dtaca le méadú a dhéanamh ar na híos-éifeachtúlachtaí athchúrsála agus na híosleibhéil ábhar aisghabháilte.

Leasú 344

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 73, chun síneadh a chur leis an liosta ceimicí ceallraí agus ábhar a leagtar síos i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII, i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola.

Leasú 345

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 58 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfar tabhairt faoi chóireáil agus athchúrsáil lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh loingsiú na gceallraí dramhaíola Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007.

1.   Féadfar tabhairt faoi chóireáil , ullmhú le haghaidh athúsáide agus le haghaidh athrú cuspóra agus athchúrsáil lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh loingsiú na gceallraí dramhaíola Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007

Leasú 346

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 58 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ní áireofar ceallraí dramhaíola arna n-onnmhairiú amach as an Aontas i gcomhréir le mír 1 i dtreo oibleagáidí, éifeachtúlachtaí agus spriocanna a leagtar amach in Airteagail 56 agus 57 a chomhlíonadh ach amháin sa chás gur féidir leis an athchúrsálaí nó le sealbhóir eile dramhaíola a bhfuil na ceallraí dramhaíola á n-onnmhairiú acu a chruthú go ndearnadh an chóireáil i ndálaí ar coibhéiseach iad le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Ní áireofar ceallraí dramhaíola arna n-onnmhairiú amach as an Aontas i gcomhréir le mír 1 i dtreo oibleagáidí, éifeachtúlachtaí agus spriocanna a leagtar amach in Airteagail 56 agus 57 a chomhlíonadh ach amháin sa chás gur féidir leis an athchúrsálaí nó le sealbhóir eile dramhaíola a bhfuil na ceallraí dramhaíola á n-onnmhairiú acu ar mhaithe le cóireáil, le hullmhú le haghaidh athúsáide, le hullmhú le haghaidh athrú cuspóra agus le hathchúrsáil, fianaise dhoiciméadach a sholáthar, ar fianaise í a bheidh formheasta ag an údarás cinn scríbe, go ndearnadh an chóireáil i ndálaí ar coibhéiseach iad le ceanglais an Rialacháin seo agus le ceanglais ábhartha chomhshaoil agus cosanta shláinte an duine i reachtaíocht eile an Aontais .

Leasú 347

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 58 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh , i gcomhréir le hAirteagal 73, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a fhorlíonann na rialacha sin i mír 2 den Airteagal seo, trí na critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú a leagan síos.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 73, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a fhorlíonann na rialacha sin i mír 2 den Airteagal seo, trí na critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú a leagan síos tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2023.

Leasú 348

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais a bhaineann le hathrú cuspóra agus athmhonaraíocht ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

Ceanglais a bhaineann le hathrú cuspóra agus athmhonaraíocht ceallraí do chóracha éadroma iompair, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

Leasú 349

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Cumasófar rochtain ar an gcóras bainistithe ceallraí de cheallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus de cheallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, d’oibreoirí neamhspleácha, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna, chun an staid sláinte agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a mheasúnú agus a chinneadh, de réir na bparaiméadar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

1.   Cumasófar rochtain atá inléite amháin ar an gcóras bainistithe ceallraí de cheallraí do chóracha iompair éadroma, agus de cheallraí atá i gcórais stórála fuinnimh ceallraí suite agus de cheallraí feithiclí leictreacha , agus i gceallraí inaistrithe ina bhfuil córas bainistithe ceallraí san áireamh d’oibreoirí neamhspleácha, ar théarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna, chun an staid sláinte agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a mheasúnú agus a chinneadh, de réir na bparaiméadar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

Leasú 350

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Déanfar gach córas stórála fuinnimh ceallraí suite agus gach ceallra feithicle leictrí atá úsáidte a mheasúnú chun a cinneadh cibé atá nó nach bhfuil siad oiriúnacht d’athúsáid, d’athrú cuspóra nó d’athmhonaraíocht. Má léireofar sa mheasúnú go bhfuil na ceallraí sin oiriúnach dá n-athúsáid, déanfar iad a athúsáid. Má léireofar sa mheasúnú nach bhfuil siad oiriúnach dá n-athúsáid, ach go bhfuil siad oiriúnach dá n-úsáid le haghaidh feidhm eile nó dá n-athmhonaraíocht, bainfear úsáid astu le haghaidh feidhm eile nó déanfar athmhonaraíocht orthu.

Leasú 351

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Soláthrófar rochtain leormhaith ar an bhfaisnéis is ábhartha chun ceallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, nó d’fhearais agus d’fheithiclí a bhfuil na ceallraí sin ina gcuid díobh, chomh maith le comhábhair na gceallraí sin, na bhfearas sin nó na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear gnéithe sábháilteachta, a láimhseáil agus a thástáil, ar bhonn téarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna d’oibreoirí neamhspleácha a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta.

2.   Soláthrófar rochtain leormhaith ar an bhfaisnéis is ábhartha chun ceallraí do chóracha éadroma iompair, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, nó d’fhearais agus d’fheithiclí a bhfuil na ceallraí sin ina gcuid díobh, chomh maith le comhábhair na gceallraí sin, na bhfearas sin nó na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear gnéithe sábháilteachta, a láimhseáil agus a thástáil, ar bhonn téarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna d’oibreoirí neamhspleácha atá ag ullmhú chun athrú cuspóra a dhéanamh, d’oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta.

Leasú 352

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go ndéanfar an scrúdúchán, an tástáil feidhmíochta, pacáil agus loingsiú ceallraí agus a gcomhpháirteanna de réir rialú cáilíochta leordhóthanach agus treoracha sábháilteachta.

3.   Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go ndéanfar an scrúdúchán, an tástáil feidhmíochta agus slándála, pacáil agus loingsiú ceallraí agus a gcomhpháirteanna de réir rialú cáilíochta leordhóthanach agus treoracha sábháilteachta.

Leasú 353

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go gcomhlíonfaidh an ceallra a n-athraítear a chuspóir nó an ceallra a ndéantar athmhonaraíocht air an Rialachán seo, na ceanglais táirge ábhartha maidir le cosaint chomhshaoil agus sláinte an duine i reachtaíocht eile agus ceanglais theicniúla dá chuspóir sonrach úsáide nuair a chuirfear ar an margadh é.

4.   Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go gcomhlíonfaidh an ceallra a n-athraítear a chuspóir nó an ceallra a ndéantar athmhonaraíocht air an Rialachán seo, na ceanglais táirge ábhartha maidir le cosaint chomhshaoil agus sláinte an duine i reachtaíocht eile agus ceanglais theicniúla dá chuspóir sonrach úsáide nuair a chuirfear ar an margadh é.

Leasú 354

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh ceallra ar ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air faoi réir ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1), (2) agus (3), Airteagal 10(1) agus (2) agus Airteagal 39(1) i gcás inar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil ceallra ar ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air á chur ar an margadh aige, a léiriú gur cuireadh an ceallra sin, sular ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air, ar an margadh roimh na dátaí ar ar tháinig na hoibleagáidí sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

Ní bheidh ceallra a ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1), (2) agus (3) agus (2) agus Airteagal 39(1) i gcás inar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil ceallra a ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air á chur ar an margadh aige, a léiriú gur cuireadh an ceallra sin, sula ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air, ar an margadh roimh na dátaí ar ar tháinig na hoibleagáidí sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

Leasú 355

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 4 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Maidir le hoibreoirí a chuireann ceallraí a n-athraítear a gcuspóir nó ceallraí a ndéantar athmhonaraíocht orthu ar an margadh, measfar gur táirgeoir nua an cheallra iad agus, ar an gcaoi sin, déanfar iad a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 46 agus beidh freagracht leathnaithe táirgeora orthu i gcomhréir le hAirteagal 47.

Leasú 356

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 59 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra dramhaíola, tar éis dá chuspóir a bheith athraithe nó tar éis d’athmhonaraíocht a bheith déanta air, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:

5.   Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra dramhaíola, tar éis dá chuspóir a bheith athraithe nó tar éis d’athmhonaraíocht a bheith déanta air, léireoidh oibreoirí a bhfuil oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta á ndéanamh acu an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:

Leasú 357

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cuidiú úsáideoirí deiridh chun dramhaíl a chosc, lena n-áirítear trí fhaisnéis ar dhea-chleachtais a bhaineann le ceallraí a úsáid a bhfuil sé d’aidhm leo síneadh a chur lena gcéim úsáide agus leis na féidearthachtaí maidir lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide;

(a)

rannchuidiú úsáideoirí deiridh le cosc dramhaíola, lena n-áirítear trí fhaisnéis ar dhea-chleachtais agus moltaí a bhaineann le ceallraí a úsáid a bhfuil sé d’aidhm leo síneadh a chur lena gcéim úsáide agus leis na féidearthachtaí maidir lena n-athúsáid lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra agus athmhonaraíocht ;

Leasú 358

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

na córais bhailithe ar leithigh, na córais ullmhúcháin le haghaidh athúsáide agus na córais athchúrsála atá ar fáil le haghaidh ceallraí dramhaíola;

(c)

na córais bailithe ar leithligh, na pointí tógála ar ais agus bailithe, na córais ullmhúcháin le haghaidh athúsáide , na córais ullmhúcháin le haghaidh athrú cuspóra, na córais athraithe cuspóra, na córais athmhonaraíochta agus na córais athchúrsála atá ar fáil le haghaidh ceallraí dramhaíola;

Leasú 359

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

tionchar na substaintí i gceallraí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, lena n-áirítear tionchar mar gheall ar dhiúscairt mhí-iomchuí ceallraí dramhaíola cosúil le caitheamh bruscair nó iad a bheith á ndiúscairt mar dhramhaíl chathrach neamhshórtáilte.

(f)

tionchar substaintí , go háirithe substaintí guaiseacha, atá i gceallraí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, lena n-áirítear tionchar mar gheall ar dhiúscairt mhíchuí ceallraí dramhaíola cosúil le caitheamh bruscair nó iad a bheith á ndiúscairt mar dhramhaíl chathrach neamhshórtáilte.

Leasú 360

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i dteanga is éasca do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile a thuiscint, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

(b)

i dteanga is éasca do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile a thuiscint, agus i bhfoirm inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 , de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann;

Leasú 361

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cuirfidh táirgeoirí faisnéis maidir leis na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear bearta sábháilteachta ceirde, is infheidhme maidir le ceallraí dramhaíola a stóráil agus a bhailiú, ar fáil do dháileoirí agus d’oibreoirí dá dtagraítear in Airteagail 50, 52 agus 53 agus d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola eile a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála.

2.   Cuirfidh táirgeoirí faisnéis maidir le comhpháirteanna agus ábhair ceallraí chomh maith le suíomh na substaintí guaiseacha uile i gceallraí, ar fáil do dháileoirí agus d’oibreoirí dá dtagraítear in Airteagail 50, 52 agus 53 agus d’oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála. Cuirfidh táirgeoirí faisnéis ar fáil maidir le bearta sabháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear maidir le sábháilteacht ceirde, a bhfuil feidhm acu maidir le stóráil agus bailiú ceallraí dramhaíola.

Leasú 362

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   A luaithe a sholáthraítear samhail cheallra laistigh de chríoch Ballstáit, cuirfidh táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go leictreonach, faisnéis a bhaineann le samhlacha ceallraí sonracha maidir le cóireáil cheart fhónta a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola ó thaobh an chomhshaoil de, arna iarraidh sin, d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála, a mhéid is gá do na hoibreoirí sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh:

3.   A luaithe a sholáthraítear samhail cheallra laistigh de chríoch Ballstáit, cuirfidh táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go leictreonach, saor in aisce agus arna iarraidh sin dóibh , d’oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála, a mhéid is gá do na hoibreoirí sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, ar faisnéis í a bhaineann le samhlacha ceallraí sonracha maidir le cóireáil a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola atá cuí agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de:

Leasú 363

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

na próisis chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí agus fearais a dhíchóimeáil ar bhealach lena bhféadfar ceallraí atá ina gcuid díobh a bhaint amach;

(a)

na próisis chun a áirithiú go ndéanfar córacha iompair éadroma, feithiclí agus fearais a dhíchóimeáil ar bhealach lena bhféadfar ceallraí atá ina gcuid díobh a bhaint amach;

Leasú 364

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear bearta sábháilteachta ceirde, is infheidhme maidir leis na próisis stórála, iompair, chóireála agus athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola.

(b)

na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear bearta sábháilteachta ceirde agus cosanta dóiteáin , is infheidhme maidir leis na próisis stórála, iompair, chóireála agus athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola.

Leasú 365

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Soláthróidh dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí d’úsáideoirí deiridh ina n-áitreabh miondíola , ar bhealach infheicthe, agus trína margaí ar líne an fhaisnéis a liostaítear i míreanna 1 agus 2, agus faisnéis ar conas a fhéadfaidh na húsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais saor in aisce chuig na pointí bailithe faoi seach arna mbunú ag asraonta miondíola nó thar ceann ardán iltaobhach. Beidh an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir.

4.   Soláthróidh dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí d’úsáideoirí deiridh ina n-áitreabh miondíola agus trína margaí ar líne an fhaisnéis a liostaítear i míreanna 1 agus 2 go buan , ar bhealach atá inrochtana go héasca agus infheicthe go soiléir d’úsáideoirí deiridh an cheallra, agus faisnéis ar conas a fhéadfaidh na húsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais saor in aisce chuig na pointí bailithe faoi seach arna mbunú ag asraonta miondíola nó thar ceann ardán iltaobhach. Beidh an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir.

Leasú 366

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Taispeánfar na costais arna n-íoc ag an táirgeoir faoi Airteagal 47(1)(e) ar leithligh don úsáideoir deiridh ag díolphointe ceallra nua. Ní sháróidh na costais arna lua an meastachán is fearr ar na fíorchostais a tabhaíodh.

5.   Taispeánfar na costais arna n-íoc ag an táirgeoir faoi Airteagal 47(1)(e) ar leithligh don úsáideoir deiridh ag díolphointe ceallra nua. Ní sháróidh na costais arna lua an meastachán is fearr ar na fíorchostais a tabhaíodh agus ní chuirfear isteach iad i gcostas deireanach an cheallra a ghearrtar ar an tomhaltóir ag an bpointe díola .

Leasú 367

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an fhaisnéis seo a leanas de réir cheimic an cheallra , agus na méideanna ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á sonrú :

1.   Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an fhaisnéis seo a leanas de réir cheimic an cheallra:

Leasú 368

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

an líon ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Ballstáit, cé is moite d’aon cheallra inaistrithe úsáide ginearálta, a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

Leasú 369

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola úsáide ginearálta arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 48, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

Leasú 370

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

líon na gceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe a onnmhairítear chuig tríú tíortha le haghaidh cóireála, ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó athchúrsála .

Leasú 371

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachastáirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, ceallraí inaistrithe dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, tuairisceoidh siad donúdarás inniúil maidir le gach bliain féilirean líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice agus an líon ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á shonrú .

I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistithe dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, ceallraí inaistrithe dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, tuairisceoidh siad don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice.

Leasú 372

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí do chóracha iompair éadroma, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an fhaisnéis seo a leanas de réir chomhdhéanamh ceimiceach an cheallra, agus an líon ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á shonrú:

 

(a)

an líon ceallraí do chóracha iompair éadroma arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Ballstáit, cé is moite d’aon cheallraí do chóracha iompair éadroma, a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

 

(b)

an líon ceallraí do chóracha iompair éadroma arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 48a, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 55(2b);

 

(c)

an sprioc bhailithe arna baint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar ceann a mball;

 

(d)

an líon ceallraí bailithe do chóracha iompair éadroma arna seachadadh le haghaidh cóireála agus athchúrsála chuig saoráidí ceadaithe; agus

 

(e)

an líon ceallraí arna seachadadh le haghaidh athúsáide, athrú cuspóra agus athmhonaraíochta.

 

I gcás ina ndéanann oibreoirí bainistithe dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, ceallraí inaistrithe do chóracha iompair éadroma a bhailiú ó dháileoirí nó ó phointí tógála ar ais nó bailithe eile le haghaidh ceallraí do chóracha iompair éadroma, tuairisceoidh siad don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an líon ceallraí do chóracha iompair éadroma arna mbailiú le miondealú de réir a gcomhdhéanaimh ceimicigh agus an líon ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á shonrú.

 

Tuairisceoidh na hoibreoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír don údarás inniúil laistigh de cheithre mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis don ghníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, a bheith glactha, i gcomhréir le hAirteagal 62(5). Bunóidh na húdaráis inniúla an fhormáid agus na nósanna imeachta a dtuairisceofar sonraí chucu i gcomhréir leo.

Leasú 373

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

an líon ceallraí arna seachadadh le haghaidh athúsáide, athrú cuspóra agus athmhonaraíochta;

Leasú 374

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 2 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

líon na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí tionsclaíocha agus na gceallraí feithicle leictrí arna mbailiú a onnmhairítear chuig tríú tíortha le haghaidh cóireála, ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó athchúrsála.

Leasú 375

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

líon na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí tionsclaíocha agus na gceallraí feithicle leictrí arna mbailiú a onnmhairítear chuig tríú tíortha le haghaidh cóireála, ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó athchúrsála.

Leasú 376

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an líon ceallraí dramhaíola a théann faoi phróisis athchúrsála;

(b)

an líon ceallraí dramhaíola a théann faoi phróisis ullmhúcháin le haghaidh athrú cuspóra agus próisis athchúrsála;

Leasú 377

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 62 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhformáid chomhiomlánaithe maidir le gach bliain féilire de réir cineálacha ceallraí agus a gceimice agus, maidir le ceallraí inaistrithe, déanfar ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma a shainaithint ar bhonn deighilte:

Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhformáid chomhiomlánaithe le haghaidh gach bliana féilire de réir cineálacha ceallraí agus a gceimice agus, maidir le ceallraí inaistrithe, déanfar ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma a shainaithint ar bhonn deighilte:

Leasú 378

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 62 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

(b)

an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 , 48a agus 49, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

Leasú 379

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gcóras:

 

(a)

tacú le húdaráis um fhaireachas margaidh agus a gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear forfheidhmiú ag údaráis an Rialacháin sin;

 

(b)

faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le ceallraí arna gcur ar an margadh agus a gceanglais inbhuanaitheachta agus sábháilteachta, chomh maith le bileoga faisnéise maidir le ceallraí;

 

(c)

faisnéis cothrom le dáta maidir le ceallraí a chur ar fáil don Choimisiún agus do mhonaróirí creidiúnaithe, d’oibreoirí dara húsáid agus d’athchúrsálaithe.

Leasú 380

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Beidh an fhaisnéis agus na sonraí sa Chóras maidir le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XIII. Beidh an fhaisnéis sin insórtáilte agus inchuardaithe, lena n-urramófar caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe.

2.   Beidh an fhaisnéis agus na sonraí maidir le ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XIII. Beidh an fhaisnéis sin insórtáilte agus inchuardaithe, lena n-urramófar caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Beidh bunachar sonraí sa chóras freisin a thabharfar cothrom le dáta go rialta do na ceallraí go léir a thagann faoin Rialachán seo.

Leasú 381

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe nó ceallra feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach aige ar an margadh, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go leictreonach i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín agus seirbhísí sonraí á n-úsáid a bheidh idir-inoibritheach agus inrochtana go héasca san fhormáid arna bunú i gcomhréir le mír 5.

3.   Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallra do chóracha iompair éadroma, ceallra tionsclaíoch nó ceallra feithicle leictrí ar an margadh, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go leictreonach i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín agus seirbhísí sonraí á n-úsáid a bheidh idir-inoibritheach agus inrochtana go héasca san fhormáid arna bunú i gcomhréir le mír 5.

Leasú 382

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Ní thiocfaidh an córas in ionad fhreagrachtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh ná ní modhnófar iad leis.

Leasú 383

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a bhunú:

5.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a bhunú :

Leasú 384

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 64 – mír 5 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

scriosta

Leasú 385

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 1 Eanáir 2026, beidh taifead leictreonach (“pas ceallra”) ag gach ceallra tionsclaíoch agus ceallra feithiclí leictreacha a chuirfear ar an margadh nó a chuirfear i seirbhís agus ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh .

1.   Faoin 1 Eanáir 2026, beidh taifead leictreonach (“pas ceallra”) ag gach ceallra tionsclaíoch, ceallra feithicle leictrí agus ceallra do chóracha iompair éadroma a chuirfear ar an margadh nó a chuirfear i seirbhís.

Leasú 386

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Nascfar an pas ceallra leis an bhfaisnéis maidir le bun-saintréithe gach cineáil agus gach samhla ceallra atá stóráilte i bhfoinsí sonraí an Chórais arna bhunú de réir Airteagal 64. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh ceallra tionsclaíoch nó ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh go mbeidh na sonraí a bheidh sa phas ceallra cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

3.    I gcás ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithicle leictrí, beidh an pas ceallra nasctha leis an bhfaisnéis faoi shaintréithe bunúsacha gach cineáil ceallra atá stóráilte i bhfoinsí sonraí an Chórais arna bhunú de bhun Airteagal 64. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh ceallra tionsclaíoch nó ceallra feithicle leictrí ar an margadh go mbeidh na sonraí a bheidh sa phas ceallra cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

Leasú 387

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     I gcás ceallraí do chóracha iompair éadroma, beidh an fhaisnéis a bhfuil cur síos uirthi i bpointí (a) go (d) agus i bpointí (i) agus (j) d’Airteagal 13(5) sa phas ceallra, agus beidh faisnéis cothrom le dáta ann maidir leis an gceallra, a bheidh nascadh le hathruithe ar a stádas.

Leasú 388

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Beidh an pas ceallra inrochtana ar líne, trí chórais leictreonacha a bheidh idir-inoibritheach leis an gCóras arna bhunú de bhun Airteagal 64.

4.   Beidh an pas ceallra inrochtana ar líne, trí chórais leictreonacha a bheidh idir-inoibritheach leis an gCóras arna bhunú de bhun Airteagal 64 , agus tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(5) .

Leasú 389

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Ceadóidh an pas ceallra rochtain ar an bhfaisnéis faoi na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athruithe ar a stádas.

5.   Ceadóidh an pas ceallra rochtain ar an bhfaisnéis faoi na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), chomh maith le rochtain ar fhaisnéis maidir le staid sláinte an cheallra de bhun Airteagal 14, nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athruithe ar a stádas.

Leasú 390

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   I gcás ina mbeidh an t-athrú ar an stádas i ngeall ar ghníomhaíochtaí deisiúcháin nó athraithe cuspóra, aistreofar an fhreagracht as an taifead ceallra sa phas ceallra chuig an oibreoir eacnamaíoch a mheasfar a chuirfidh an ceallra tionsclaíoch an ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh nó a chuirfidh i seirbhís é.

6.   I gcás ina mbeidh an t-athrú ar an stádas i ngeall ar ghníomhaíochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta , aistreofar an fhreagracht as an taifead ceallra sa phas ceallra chuig an oibreoir eacnamaíoch a mheasfar a chuirfidh an ceallra tionsclaíoch, an ceallra feithicle leictrí nó an ceallra do chóracha iompair éadroma ar an margadh nó a chuirfidh i seirbhís é. Déanfar an taifead ar cheallraí ar athraíodh a gcuspóir nó ceallraí athmhonaraithe a nascadh leis an taifead ar an gceallra bunaidh.

Leasú 391

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 7 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha a bhunú maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí atá inrochtana tríd an bpas ceallra a rochtain, a chomhroinnt, a bhainistiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a athúsáid.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na rialacha a bhunú maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí atá inrochtana tríd an bpas ceallra a rochtain, a chomhroinnt, a bhainistiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a athúsáid.

Leasú 392

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 65 – mír 7 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

scriosta

Leasú 393

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 66 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol le ceallra a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an gceallra lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

1.   Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha iomchuí ar cheallraí arna gcur ar fáil ar líne agus as líne ar scála leormhaith, trí bhíthin seiceálacha doiciméadacha agus, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiciúla agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha, lena gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ceallraí a chur chuig saoráid tástála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 68a le haghaidh meastóireacht den sórt sin.

Leasú 394

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 66 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoi … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun go leagfar síos na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh seiceálacha, na critéir chun minicíocht na seiceálacha a chinneadh agus líon na samplaí le seiceáil i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020.

 

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

Leasú 395

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 66 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

2.   Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

Leasú 396

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 66 – mír 5 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

mainneachtain an cheallra na riachtanais a leagtar amach i gCaibidlí II nó III den Rialachán seo a chomhlíonadh

(a)

mainneachtain an cheallra na riachtanais a leagtar amach i gCaibidlí II nó III nó in Airteagal 39 den Rialachán seo a chomhlíonadh

Leasú 397

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 66 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Beidh tomhaltóirí in ann faisnéis faoi cheallraí lena mbaineann riosca do thomhaltóirí a iontráil i roinn ar leithligh Chóras Mearmhalartaithe Faisnéise an Chomhphobail (RAPEX) dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis a fhaightear agus áiritheoidh sé go ndéanfar bearta leantacha, lena n-áirítear tarchur na faisnéise chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha, i gcás inarb iomchuí.

 

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 74(2) chun na módúlachtaí a bhunú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur agus maidir leis an bhfaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha chun bearta leantacha a dhéanamh.

Leasú 398

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 67 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh birt arna ghlacadh ag Ballstát, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme cibé an bhfuil nó nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta.

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag Ballstát, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Tabharfaidh an Coimisiún an mheastóireacht sin chun críche laistigh d’aon mhí amháin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme cibé an bhfuil nó nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta.

Leasú 399

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 68 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 67(1), go gcinneann Ballstát cé go bhfuil ceallra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, go mbaineann riosca leis do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do chosaint maoine nó don chomhshaol, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a ghlacadh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an gceallra lena mbaineann, nuair a chuirtear ar an margadh é, chun an ceallra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, atá i gcomhréir le cineál an riosca sin.

1.   Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 67(1), go gcinneann Ballstát cé go bhfuil ceallra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, go mbaineann riosca leis nó go bhféadfaí a mheas go réasúnta go mbaineann riosca leis do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do chosaint maoine nó don chomhshaol, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an gceallra lena mbaineann, nuair a chuirtear ar an margadh é, chun an ceallra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, atá i gcomhréir le cineál an riosca sin.

Leasú 400

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 68 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí na ceallraí lena mbaineann, tionscnamh agus slabhra soláthair an cheallra, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí na ceallraí lena mbaineann, tionscnamh agus slabhra luacha an cheallra, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

Leasú 401

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 68 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 68a

Saoráid tástála de chuid an Aontais

1.     Faoin … [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh an Coimisiún saoráid tástála de chuid an Aontais a bhfuil speisialtóireacht aici i gceallraí i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.     Feidhmeoidh saoráid tástála an Aontais mar ionad inniúlachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 21(6)(b) de Rialachán (AE) 2019/1020, comhairle neamhspleách theicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún le linn na n-imscrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus le linn na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus Airteagal 68(4) den Rialachán seo;

(b)

tástáil a dhéanamh ar cheallraí arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh chun críoch na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 66(1);

Leasú 402

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 68 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 68b

Saoráidí inniúlachta ceallra náisiúnta

1.     Tiocfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ar chomhaontú leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus saoráidí taighde faoi shaoráid inniúlachta ceallra náisiúnta a bhunú i ngach Ballstát.

2.     Déanfaidh na hionaid inniúlachta ceallra náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir agus comhairle theicniúil a sholáthar maidir le ceanglais an Rialacháin sin. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh geallsealbhóirí eile, amhail eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí deiridh, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na n-ionad inniúlachta ceallra náisiúnta.

3.     I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, áiritheoidh an t-údarás um fhaireachas margaidh agus na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha ann mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na hionaid inniúlachta ceallra náisiúnta agus nach ndéanfaidh siad difear d’oibiachtúlacht, neamhspleáchas ná neamhchlaontacht na bpáirtithe.

Leasú 403

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Gan dochar d’Airteagal 66, i gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfuil ceallra atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 68 ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó gur sháraigh oibreoir eacnamaíoch oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas le neamhchomhlíonadh den sórt sin:

1.   Gan dochar d’Airteagal 66, i gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfuil ceallra atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 68 ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó gur sháraigh oibreoir eacnamaíoch oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann. Chun an cúram sin a éascú, bunóidh na Ballstáit bealaí tuairiscithe a mbeidh rochtain éasca orthu do thomhaltóirí maidir le neamhchomhlíonadh. Áireofar an méid seo a leanas le neamhchomhlíonadh den sórt sin:

Leasú 404

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 1 – pointe k

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k)

níor comhlíonadh na ceanglais a bhaineann leis an mbeartas maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair in Airteagal 39.

(k)

níor comhlíonadh na ceanglais a bhaineann leis an mbeartas maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha in Airteagal 39;

Leasú 405

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 1 – pointe k a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ka)

níor comhlíonadh na ceanglais maidir leis na pasanna ceallra dá dtagraítear in Airteagal 65.

Leasú 406

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a.     Tabharfar cumhachtaí imscrúdaithe d’údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun rialuithe iomchuí a dhéanamh, bídís bunaithe ar riosca nó ar bhonn faisnéis a fhaightear, chun neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

Leasú 407

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.     Oibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i gcomhar chun forfheidhmiú trasteorann an Rialacháin seo a áirithiú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.

Leasú 408

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 69 – mír 3 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3c.     Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile i líonra forfheidhmiúcháin, ag tacú le chéile sa nós imeachta um shárú i gcás díolacháin trasteorann taobh istigh den Aontas.

Leasú 409

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 70 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcás údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, ar sholáthar ceallraí nó táirgí dóibh ina bhfuil ceallraí i gcásanna atá cumhdaithe ag na Treoracha sin, áireoidh siad tionchair chomhshaoil na gceallraí thar a saolré d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar tionchair sin na gceallraí a sholáthrófar chomh híseal agus is féidir.

1.   I gcás údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, ar sholáthar ceallraí nó táirgí dóibh ina bhfuil ceallraí i gcásanna atá cumhdaithe ag na Treoracha sin, tabharfaidh siad tús áite do na ceallraí is oiriúnaí don chomhshaol bunaithe ar a saolré iomlán d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar tionchair sin na gceallraí a sholáthrófar chomh híseal agus is féidir.

Leasú 410

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 71 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Má mheasann Ballstát go gcruthaíonn úsáid substainte i monarú ceallraí, ceallra ina bhfuil substaint den sórt sin nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó ina gcéimeanna saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an chéim dramhaíola, riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol, agus nach bhfuil an riosca sin rialaithe go leordhóthanach agus gur gá dul i ngleic leis, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht a molann sé gur cheart di sainchomhad a ullmhú a chloíonn le ceanglais sainchomhaid srianta. Má léiríonn an sainchomhad sin gur gá gníomhaíocht ar fud an Chomhphobail, thar aon bheart atá i bhfeidhm cheana féin, déanfaidh an Ballstát an sainchomhad a thíolacadh don Ghníomhaireacht chun tús a chur le próiseas na srianta.

Leasú 411

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 71 – mír 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14a.     Taobh istigh de 6 mhí ó aon leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó ó theacht i bhfeidhm reachtaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta do shubstaintí guaiseacha agus do cheimiceáin ghuaiseacha, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé a éilítear nó nach n-éilítear le leasú den sórt sin nó leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo leasú a dhéanamh ar an Airteagal seo agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán seo chun na forálacha sin a leasú dá réir.

Leasú 412

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 72 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Is iad na scéimeanna faoi stiúir an tionscail a chomhlíonann ceanglais Airteagal 39 agus atá fíoraithe ag gníomhaithe tríú páirtí, agus iad sin amháin, is féidir a aithint.

Leasú 413

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 73 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3) , 9(2), 10(3) , 12(2), 17(4), 27(3), 39(8), 55(4), 56(4), 57(6), 58(3) agus 70(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(5a) , 7(1) an tríú fomhír, pointe (a), 7(1), an ceathrú fomhír, 7(2) an ceathrú fomhír, pointe (a), 7(3) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, 8(1) an dara fomhír, pointe (a), 8(4a), 9(2) an dara fomhír , 10(1b) agus (1c), 10(3) an chéad fhomhír, 10(3a) , 11a(4), 11b (2), 13(6a), 14(3) fomhír 1a, 12(2), 17(4), 39(8) agus (8a), 55(2b) , 56(4), 57(4), 57(5a) , 58(3), 64(5), 65(7), 70(3) , 71(14a) agus 76(1b) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó … [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Leasú 414

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 73 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3) , 9(2), 10(3), 12(2), 17(4), 27(3), 39(8) , 55(4) , 56(4), 57(6), 58(3) agus 70(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3.   Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 6(5a) , 7(1) an tríú fomhír, pointe (a), 7(1), an ceathrú fomhír, 7(2) an ceathrú fomhír, pointe (a), 7(3) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, 8(1) an dara fomhír, pointe (a), 8(4a), 9(2) an dara fomhír , 10 (1b) agus (1c), 10(3) an chéad fhomhír, 10(3a) , 11a(4), 11b(2), 13(6a), 14(3) fomhír 1a, 12(2), 17(4), 39(8) agus (8a), 55(2b) , 56(4), 57(4), 57(5a) , 58(3), 64(5), 65(7), 70(3) , 71(14a) agus 76(1b) , féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm uair ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú 415

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 73 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3), 9(2), 10(3), 12(2), 17(4), 27(3), 39(8) , 55(4) , 56(4), 57(6) , 58(3) agus 70(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(2), 6(5a) , 7(1) an tríú fomhír, pointe (a), 7(1), an ceathrú fomhír, 7(2) an ceathrú fomhír, pointe (a), 7(3) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, 8(1) an dara fomhír, pointe (a), 8(4a), 9(2) an dara fomhír , 10(1b) agus (1c), 10(3) an chéad fhomhír, 10(3a) , 11a(4), 11b (2), 13(6a), 14(3) fomhír 1a, 12(2), 17(4), 39(8) agus (8a), 55(2b) , 56(4), 57(4), 57(5a) , 58(3), 64(5), 65(7), 70(3) , 71(14a) agus 76(1b) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú 416

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 75 – mír 1 – pointe 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas , pointe 71, leis an liosta de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais:

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21 den liosta de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais:

Leasú 417

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 76 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoin 1 Eanáir 2023, forbróidh an Coimisiún critéir nó treoir chomhchuibhithe le haghaidh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha agus le haghaidh damáistí a chúiteamh le daoine aonair.

 

Cumhdófar na sáruithe seo a leanas ar a laghad leis na critéir sin:

 

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach i gCaibidil IV agus na bearta a leagtar amach in Airteagail 66 agus 68;

 

falsú a dhéanamh ar thorthaí tástála le haghaidh comhréireachta nó le haghaidh faireachas margaidh;

 

sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh aisghair ceallra nó a chomhpháirteanna nó diúltú nó tarraingt siar dearbhaithe comhréireachta a bheith mar thoradh orthu.

Leasú 418

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 76 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2023, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chritéir a bhunú maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha agus maidir le cúiteamh i leith damáistí arna ndéanamh do dhaoine aonair a chumhdaíonn ar a laghad na sáruithe a liostaítear i mír 1a.

Leasú 419

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

1.   Faoin 31 Nollaig 2030 , agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin , déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol , ar shláinte an duine agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus déanfaidh sé í a thíolacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle .

Leasú 420

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a leagtar amach in Airteagail 39 agus 72;

(c)

ceanglais díchill chuí sa slabhra luacha ceallraí a leagtar amach in Airteagail 39 agus 72;

Leasú 421

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

na bearta maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a shainaithint a leagtar amach in Airteagal 45;

Leasú 422

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

sáruithe ar na pionós mar a leagtar amach in Airteagal 76 agus éifeachtacht, comhréireacht agus athchomhairleacht na bpionós sin;

Leasú 423

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc)

anailís ar thionchar an Rialacháin ar iomaíochas agus infheistíochtaí in earnáil na gceallraí agus ar an ualach riaracháin.

Leasú 424

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 77 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

Leasú 425

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 79 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 .

Beidh feidhm aige ón … [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

Leasú 426

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – tábla – ró 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2a.

Luaidhe

Ní bheidh níos mó ná 0,01  % de luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís cuimsithe i bhfearais nó ná bíodh.

Uimh. CAS 7439-92-1

 

CE Uimh. 231-100-4 agus a chomhdhúile

 

Leasú 427

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 1 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

Ciallaíonn “Rátálacha Cáilíochta Sonraí” measúnú leathchainníochtúil ar na critéir cháilíochta atá ag tacar sonraí bunaithe ar a ionadaíoch atá sé ó thaobh na teicneolaíochta de, ar a ionadaíoch atá sé ó thaobh na geografaíochta de, ar a ionadaíoch atá sé ó thaobh ama de, agus ar an mbeachtas. Measfar gurb í cáilíocht na sonraí cáilíocht an tacair sonraí arna doiciméadú.

Leasú 428

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 2 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tógfaidh na rialacha ríomha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 7 ar na heilimintí riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh siad i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh Tomhais Táirge maidir le Lorg Comhshaoil (80) (PEF) an Choimisiúin agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) (81) agus léireoidh siad na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicneolaíochta/eolaíochta i réimse an mheasúnaithe saolré (82).

Tógfaidh na rialacha ríofa comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 7 ar na heilimintí riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh siad i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh Tomhais Táirge maidir le Lorg Comhshaoil (80) (PEF) an Choimisiúin agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) (81) agus léireoidh siad na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicneolaíochta/eolaíochta i réimse an mheasúnaithe saolré (82). Beidh forbairt agus nuashonrú modhanna PEF agus PEFCRanna ábhartha oscailte agus trédhearcacht agus beidh ionadaíocht leordhóthanach ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an saol acadúil agus ar pháirtithe leasmhara eile i gceist leis.

Leasú 429

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.

Úsáid fuinnimh agus cuntasaíocht

 

Agus déine carbóin an fhuinnimh arna úsáid le linn na gcéimeanna agus na bpróiseas éagsúla saolré ceallraí mar a liostaítear i bpointe 4 á ríomh, úsáidfear meánsonraí astaíochtaí carbóin don tír inar tharla an ghníomhaíocht nó an próiseas sonrach. Ní úsáidfear fachtóirí astaíochtaí níos ísle ach amháin i gcás inar féidir leis an ngníomhaí eacnamaíoch a léiriú go hiontaofa go bhfuil an réigiún inar tharla an ghníomhaíocht shonrach agus a sholáthair an fuinneamh don oibreoir eacnamaíoch nó a bpróisis aonair nó a soláthar fuinnimh níos déine ó thaobh an charbóin de ná meán na tíre. Léireofar an méid sin trí chruthúnas go dtógtar an fuinneamh ón réigiún sin agus nach bhfuil sé chomh dian ó thaobh an charbóin de, nó trí nasc díreach le foinse fuinnimh in-athnuaite nó níos ísle nó trí chonradh lena léirítear nasc ama agus geografach idir an soláthar fuinnimh agus an úsáid a bhaineann an t-oibreoir eacnamaíoch as, nach mór a fhíorú le ráiteas fíorúcháin tríú páirtí.

Leasú 430

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 4 – mír 1 – tábla – ró 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

An t-amhábhar a fháil agus réamhphróiseáil

Áirítear mianadóireacht agus réamhphróiseáil leis seo, suas go dtí monarú ceall ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí (ábhair ghníomhacha, deighilteoir, leictrilít, cásálacha, comhpháirteanna gníomhacha agus éighníomhacha ceallraí), agus comhpháirteanna leictreacha/leictreonacha.


Leasú

An t-amhábhar a fháil agus réamhphróiseáil

Áirítear mianadóireacht agus foinsiú eile ábhartha, réamhphróiseáil agus iompar gach amhábhair agus ábhair ghníomhaigh leis seo, suas go dtí monarú ceall ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí (ábhair ghníomhacha, deighilteoir, leictrilít, cásálacha, comhpháirteanna gníomhacha agus éighníomhacha ceallraí), agus comhpháirteanna leictreacha/leictreonacha.

Leasú 431

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ba cheart an chéim úsáidte a eisiamh ó na ríomhanna don lorg carbóin saolré, mar nach mbíonn sí faoi thionchar díreach monaróirí, seachas má léirítear gur féidir le roghanna a dhéanann monaróirí ceallraí ag céim an dearaidh cuidiú go neamh-dhiomaibhseach leis an tionchar sin.

Ní fhéadfar an chéim úsáidte a eisiaimh ó ríomhanna an loirg carbóin saolré ach amháin i gcás inar féidir le monaróirí a léiriú go hiontaofa nach n-eascraíonn ach rannchuidiú diomaibhseach leis an tionchar sin as roghanna dearaidh .

Leasú 432

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hanóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgeachta ar leith (i.e., ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe). Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí i gcomhar leis na tacair shonraí thánaisteacha a bheidh i gcomhréir leis an Lorg Comhshaoil Táirge ábhartha.

Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hamhábhair, anóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgeachta ar leith (i.e., ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe). Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí i gcomhar leis na tacair sonraí thánaisteacha a bheidh i gcomhréir leis an Lorg Comhshaoil Táirge ábhartha.

Leasú 433

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 – mír 5 – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Amhábhar a fháil agus an chéim réamhphróiseála

Amhábhar a fháil , lena n-áirítear iompar, agus an chéim réamhphróiseála

Leasú 434

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag brath ar dháileadh luachanna dearbhuithe maidir le lorg carbóin na gceallraí a chuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin ar an tsaolré, ar mhaithe le difreáil mhargaidh.

Ag brath ar dháileadh luachanna dearbhuithe maidir le lorg carbóin agus rátaí cáilíochta sonraí na gceallraí a chuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin ar an tsaolré, ar mhaithe le difreáil margaidh.

Leasú 435

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí inaistrithe d'úsáid ghinearálta

Paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí inaistrithe

Leasú 436

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.

Toilleadh ceallraí, an luchtú leictreach atá ceallra in ann a sheachadadh faoi thacar sonrach coinníollacha.

1.

Toilleadh ceallraí, an luchtú leictreach atá ceallra in ann a sheachadadh faoi choinníollacha fíorshaoil .

Leasú 437

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.

Seilfré (feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe), an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta tar éis tréimhse ama shainithe agus coinníollacha sonracha.

3.

Seilfré (feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe), an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta, leis an toilleadh a tomhaiseadh ar dtús mar an tagairt, tar éis tréimhse ama shainithe agus coinníollacha sonracha.

Leasú 438

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha in-athluchtaithe

Ceanglais feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí do chóracha iompair éadroma, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

Leasú 439

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.

Friotaíocht inmheánach (in Ω) agus méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %).

3.

Friotaíocht inmheánach (in Ω), méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %) agus coisceas leictriceimiceach (in Ω).

Leasú 440

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.

Tásc maidir lena saolré ionchais faoi na coinníollacha dar dearadh iad.

5.

Saolré ionchasach faoi na dálaí tagartha dar dearadh iad i dtéarmaí timthriallta agus blianta féilire .

Leasú 441

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.

Féin-díluchtú

Leasú 442

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ciallaíonn “toilleadh ainmniúil” líon iomlán na n-aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi choinníollacha sonracha.

Ciallaíonn “toilleadh ainmniúil” líon iomlán na n-aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi choinníollacha tagartha sonracha.

Leasú 443

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ciallaíonn “meathlú toillte” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh a dhearbhaigh an monaróir.

Ciallaíonn “meathlú toillte” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh.

Leasú 444

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ciallaíonn “cumhacht” an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar i dtréimhse ama ar leith.

Ciallaíonn “cumhacht” an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar i dtréimhse ama ar leith faoi choinníollacha tagartha.

Leasú 445

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ciallaíonn “fritotaíocht inmheánach” mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra, arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n-áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.

Ciallaíonn “fritotaíocht inmheánach” mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra faoi choinníollacha tagartha , arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n-áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.

Leasú 446

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – Cuid A – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ciallaíonn “féin-díluchtú” an laghdú ar an luchtú leictreach stóráilte nuair nach bhfuil leictreoidí an cheallra nasctha, mar shampla i gcás ina stóráiltear an ceallra nó nach n-úsáidtear é ar feadh tréimhse fhada ama, mar shampla 48, 168, 720 uair an chloig, rud a fhágann go laghdaíonn luchtú an cheallra de réir a chéile le himeacht ama.

Leasú 447

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 6 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.

forleathadh teirmeach

6.

Cosaint ar fhorleathadh teirmeach

Leasú 448

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.

Damáiste meicniúil trí bhíthin fórsaí seachtracha (titim agus imbhualadh)

7.

Cosaint ar dhamáiste meicniúil

Déanfaidh na tástálacha sin ionsamhlú ar chás amháin nó ar níos mó ná sin ina ligfí do cheallra titim trí thimpiste nó ina ndéanfaí é a imbhualadh le hualach trom ach go bhfanfadh sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart go mbeadh na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol.

Déanfaidh na tástálacha sin ionsamhlú ar chás amháin nó níos mó ina mbíonn ceallra neamhchosanta de thaisme ar struis mheicniúla agus ina bhfanfadh sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart go mbeadh na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol.

Leasú 449

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.

Tástáil dóiteáin

 

Is é cuspóir na tástála dóiteáin an ceallra a nochtadh do thine agus an baol pléasctha a mheas. Is táscaire sábháilteachta tábhachtach é tomhas an fhuinnimh a sceitear.

Leasú 450

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9b.

Astú gáis – tomhais substaintí guaiseacha

 

D’fhéadfadh méideanna suntasacha d’ábhair a d’fhéadfadh a bheith guaiseach a bheith i gceallraí, mar shampla, leictrilítí an-inadhainte, comhábhair chreimneacha agus thocsaineacha. Má nochtar an ceallra do dhálaí áirithe, d’fhéadfaí sláine an cheallra a chur i mbaol trí gháis ghuaiseacha a sceitheadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach substaintí a sceitear as an gceallra a shainaithint agus a chainníochtú le linn tástálacha a léiríonn mí-úsáid agus drochúsáid.

Leasú 451

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – Cuid A – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.

an dáta ar cuireadh ar an margadh é;

scriosta

Leasú 452

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – Cuid A – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.

meáchan an cheallra

Leasú 453

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – Cuid A – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.

na substaintí guaiseacha sa cheallra seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;

7.

na substaintí guaiseacha sa cheallra thar thiúchan 0,1  % meáchain de réir meáchain seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;

Leasú 454

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – Cuid A – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.

na hamhábhair chriticiúla sa cheallra.

scriosta

Leasú 455

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – Cuid A a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Aa

Faisnéis bhreise faoi cheallraí a bhfaightear rochtain uirthi tríd an gcód QR

 

1.

An dáta ar cuireadh ar an margadh é.

 

2.

Amhábhair chriticiúla atá sa cheallra os cionn thiúchan 0,1  % meáchain de réir meáchain.

 

3.

Faisnéis a bhaineann le tomhaltas an fhuinnimh leictreachais, cineálacha eile fuinnimh agus i gcás inarb ábhartha acmhainní riachtanacha eile le linn úsáide

Leasú 456

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – pointe C – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an cód QR go hiomlán dubh agus sách mór le go mbeifear in ann é a léamh le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, ar nós na léitheoirí a bhíonn comhtháthaithe i ngairis chumarsáide láimhe.

Beidh dath le hardchodarsnacht i gcomparáid lena chúlra ar an gcód QR agus beidh sé mór go leor chun go mbeifear in ann é a léamh go héasca le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, ar nós na léitheoirí a bhíonn comhtháthaithe i ngairis chumarsáide láimhe.

Leasú 457

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VIII – Cuid A – pointe 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 10, 11, 12 , 13 agus 14 a bhaineann leo.

Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 11, 13 agus 14 a bhaineann leo.

Leasú 458

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VIII – Cuid B – pointe 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe móide fíorú faoi mhaoirseacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3, 4, agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 39 is infheidhme.

Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe móide fíorú faoi mhaoirseacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3, 4, agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 , 10, 12 agus 39 is infheidhme.

Leasú 507

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IX – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.

Cuspóir an dearbhaithe (an ceallra a shainaithint, rud lena mbítear in ann é a rianú): tuairisc ar an gceallra.

4.

Cuspóir an dearbhaithe (an ceallra a shainaithint, rud lena mbítear in ann é a rianú , agus ina bhféadfaí, nuair is iomchuí, íomhá an cheallra a bheith san áireamh ann ): tuairisc ar an gceallra.

Leasú 459

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

iarann;

Leasú 460

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 1 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)

copar;

Leasú 461

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 1 – pointe a c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ac)

báicsít;

Leasú 462

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

aer;

(a)

An t-aer , lena n-áirítear truailliú aeir ;

Leasú 463

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

uisce;

(b)

uisce , lena n-áirítear rochtain ar uisce, truailliú agus ídiú fionnuisce, uisce óil, aigéan agus farraigí ;

Leasú 464

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

ithir;

(c)

ithir , lena n-áirítear éilliú ithreach ó dhiúscairt agus cóireáil dramhaíola ;

Leasú 465

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

bithéagsúlacht;

(d)

bithéagsúlacht , lena n-áirítear damáiste don fhiadhúlra, d’fhlóra, do ghnáthóga nádúrtha agus d’éiceachórais ;

Leasú 466

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

an aeráid, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa;

Leasú 467

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear damáiste arb iad cleachtais fuíll mianaigh is cúis leis

Leasú 468

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

saol pobail.

(i)

saol pobail , lena n-áirítear saol na bpobal dúchasach;

Leasú 469

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 2 – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)

rochtain ar fhaisnéis, rannpháirteachas an phobail sa phróiseas cinnteoireachta agus rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil.

Leasú 470

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

Cinneadh an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch COP VIII/28- Treoirlínte deonacha maidir le measúnú tionchair cuimsitheach ar bhithéagsúlacht;

(c)

An Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, lena n-áirítear Cinneadh COP VIII/28- Treoirlínte deonacha maidir le measúnú tionchair cuimsitheach ar bhithéagsúlacht;

Leasú 471

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

Comhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe;

Leasú 472

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cb)

Ocht gCoinbhinsiún bhunúsacha EIS mar a shainítear faoi Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair;

Leasú 473

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe c c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cc)

aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta chomhshaoil eile atá ina gceangal ar an Aontas nó ar a Bhallstáit,

Leasú 474

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ILO maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;

scriosta

Leasú 475

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach; agus

scriosta

Leasú 476

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

OECD Due Diligence Guidance for Responsible Supply Chains of Minerals from Conflict-Affected and High-Risk Areas [Treoir ECFE um Dhícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus i Limistéir Ardriosca].

scriosta

Leasú 477

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta eile um chearta an duine atá ina gceangal ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Leasú 478

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.

Áirítear ar na prionsabail díchill chuí is infheidhme maidir leis na ceanglais díchill chuí a leagtar síos in Airteagal 39 den Rialachán seo:

(a)

Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

(b)

Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta;

(c)

Dearbhú Trípháirteach Prionsabal de chuid EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;

(d)

Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach;

(e)

Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca.

Leasú 479

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XI – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fuarthas trí mheáchan na gceallraí inaistrithe dramhaíola gan ceallraí dramhaíola ó chóracha éadroma iompair san áireamh, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 55, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a dhíolann táirgeoirí díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe d'fhonn iad a dhíol le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na bliana sin agus sa 2 bhliain féilire roimhe sin.

1.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fuarthas trí mheáchan na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 55, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a dhíolann táirgeoirí go díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe d’fhonn iad a dhíol le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na bliana sin agus sa 2 bhliain féilire roimhe sin.

Leasú 480

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XI – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fuarthas trí mheáchan na gceallraí inaistrithe dramhaíola úsáide ginearálta, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 55, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a dhíolann táirgeoirí díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe d’fhonn iad a dhíol le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na bliana sin agus sa 2 bhliain féilire roimhe sin.

Leasú 481

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XI – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an láimhdeachas bliantúil de cheallraí inaistrithe, gan ceallraí dramhaíola ó chóracha éadroma iompair san áireamh, le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit sa bhliain lena mbaineann, agus aon cheallraí inaistrithe a d'imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh á gcur as an áireamh.

2.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit díolacháin bhliantúla de cheallraí inaistrithe, le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit sa bhliain lena mbaineann, agus aon cheallraí inaistrithe a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh á gcur as an áireamh.

Leasú 482

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XI – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.

Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit díolacháin bhliantúla de cheallraí inaistrithe úsáide ginearálta le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit sa bhliain lena mbaineann, agus aon cheallraí inaistrithe a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh á gcur as an áireamh.

Leasú 483

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – Cuid A– pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.

Beidh réamhchúraimí speisialta agus bearta sábháilteachta i bhfeidhm chun ceallraí dramhaíola litiam-bhunaithe a chóireáil a gheobhaidh cosaint ar nochtadh do theas iomarcach, uisce, nó aon bhrú nó damáiste fisiciúil le linn láimhseála, sórtála agus stórála.

4.

Beidh réamhchúraimí speisialta agus bearta sabháilteachta i bhfeidhm le haghaidh cóireáil ceallraí dramhaíola litiam-bhunaithe a gheobhaidh cosaint ar nochtadh do theas iomarcach, uisce nó aon bhrú nó damáiste fisiciúil le linn láimhseála agus sórtála . Déanfar iad a stóráil in áit thirim, ní bheidh siad nochta do theochtaí arda, tine nó solas díreach na gréine, agus sa treoshuíomh ina suiteáiltear iad de ghnáth, i limistéir dhea-aeráilte, le cosaint ó uisce agus ó bháisteach. Clúdófar ceallraí dramhaíola litiam-bhunaithe le mata rubair inslithe ardvoltais freisin. Déanfar stóráil ceallraí dramhaíola litiam-bhunaithe a mharcáil le comhartha rabhaidh agus ní dhéanfar ach na ceallraí sin atá inslithe go leordhóthanach ó ghearrchiorcadadh a stóráil .

Leasú 484

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – Cuid B – pointe 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a)

athchúrsáil 85 % de réir meánmheáchan ceallraí caidmiam nicile;

Leasú 485

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – cuid B – pointe 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

athchúrsáil + 85 % de réir meánmheáchan ceallraí caidmiam nicile;

Leasú 486

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – Cuid B – pointe 2 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

athchúrsáil 70 % de réir meánmheáchan ceallraí dramhaíola eile.

Leasú 487

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – Cuid C – pointe 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

35 % do litiam;

(d)

70  % do litiam;

Leasú 488

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XII – Cuid C – pointe 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

70 % do litiam;

(d)

90  % do litiam;

Leasú 489

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XIII – pointe 1 – pointe r a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ra)

Stádas an cheallra (céad ré, dramhaíl, deisithe, athrú cuspóra, athchúrsáilte).


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0031/2022).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)

(30)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)

(30)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(31)  Product Environmental Footprint – Category Rules for High Specific Energy Rechargeable Batteries for Mobile Applications (An Loirg Chomhshaoil Táirge – na Rialacha Catagóire do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha) https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_Batteries.pdf

(32)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4) agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, atá ar fáil ag https://unfccc.int/resource/docs/convkp/conveng.pdf

(31)  Product Environmental Footprint – Category Rules for High Specific Energy Rechargeable Batteries for Mobile Applications (An Loirg Chomhshaoil Táirge – na Rialacha Catagóire do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha) https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_Batteries.pdf

(32)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4) agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, atá ar fáil ag https://unfccc.int/resource/docs/convkp/conveng.pdf

(1)   Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(33)   Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(1)   Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70) .

(34)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)

(34)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12)

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12)

(38)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athléimneacht na n-amhábhar criticiúil: Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta (COM(2020)0474 final).

(38)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athléimneacht na nAmhábhar Criticiúil: Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta (COM(2020)0474 final).

(39)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1)

(39)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1)

(40)   Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe , atá ar fáil ag https://www.unglobalcompact.org/what-is-gc/mission/principles

(41)  Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí, atá ar fáil ag https://www.lifecycleinitiative.org/wp-content/uploads/2012/12/2009%20-%20Guidelines%20for%20sLCA%20-%20EN.pdf

(42)   An Dearbhú Trípháirteach Prionsabal maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta , atá ar fáil ag https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_emp/---emp_ent/---multi/documents/publication/wcms_094386.pdf

(43)  ECFE (2018), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach, atá ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/OECD-Due-Diligence-Guidance-for-Responsible-Business-Conduct.pdf

(44)  ECFE (2016), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca: An Tríú hEagrán, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/9789264252479-en.

(40)  Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Cúrsaí Gnó agus Cearta an Duine, atá ar fáil ag https://www.ohchr.org/sites/default/files/documents/publications/guidingprinciplesbusinesshr_en.pdf

(41)  Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí, atá ar fáil ag https://www.lifecycleinitiative.org/wp-content/uploads/2012/12/2009%20-%20Guidelines%20for%20sLCA%20-%20EN.pdf

(42)   Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, atá ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/guidelines/

(43)  ECFE (2018), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach, atá ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/due-diligence-guidance-for-responsible-business-conduct.htm

(44)  ECFE (2016), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca: An Tríú hEagrán, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/9789264252479-en.

(45)   Leathanach 15 de Threoir ECFE um Dhícheall Cuí.

(46)  ECFE (2011), Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, ECFE, Páras; ECFE (2006), Uirlis Feasachta Riosca ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta i gCriosanna Rialachais Laig, ECFE, Páras; agus, Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat “Cosaint, Meas agus Leigheas” na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme (Tuarascáil ó Ionadaí Speisialta an Ard-Rúnaí maidir le Ceist na gCeart Daonna, Corparáidí Trasnáisiúnta agus Fiontair Ghnó eile, John Ruggie, A/HRC/17/31, 21 Márta 2011).

(46)  ECFE (2011), Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, ECFE, Páras; ECFE (2006), Uirlis Feasachta Riosca ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta i gCriosanna Rialachais Laig, ECFE, Páras; agus, Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat “Cosaint, Meas agus Leigheas” na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme (Tuarascáil ó Ionadaí Speisialta an Ard-Rúnaí maidir le Ceist na gCeart Daonna, Corparáidí Trasnáisiúnta agus Fiontair Ghnó eile, John Ruggie, A/HRC/17/31, 21 Márta 2011).

(47)  Lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún maidir le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh ban a dhíothú, an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh agus an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

(48)  Is iad seo a leanas ocht gcoinbhinsiún bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1. An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), 2. An Coinbhinsiún i dtaca leis an gceart eagrúcháin agus leis an gcómhargáil, 3. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach, 1930 (Uimh. 29) (agus Prótacal 2014 lena mbaineann), 4. an Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105), 5. An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), 6. an Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182), 7. An Coinbhinsiún maidir le luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), 8. An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíochta agus Slí Bheatha, 1958 (Uimh. 111)

(47)  Lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a dhíothú, an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh, an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach .

(48)  Is iad seo a leanas na hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha 1. An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), 2. An Coinbhinsiún i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98), 3. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach, 1930 (Uimh. 29) (agus Prótacal 2014 lena mbaineann), 4. an Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105), 5. An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), 6. an Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182), 7. An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), 8. An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, 1958 (Uimh. 111)

(49)  Faoi mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/convention/text/ agus, go háirithe, Cinneadh COP VIII/28 ‘Treoirlínte Deonacha maidir le Measúnú Tionchair Lena gCuimsítear Bithéagsúlacht, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/decision/cop/?id=11042 .

(49)  Faoi mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/convention/text/ agus, go háirithe, Cinneadh COP VIII/28 ‘Treoirlínte Deonacha maidir le Measúnú Tionchair Lena gCuimsítear Bithéagsúlacht, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/decision/cop/?id=11042 .

(50)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(51)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(50)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(51)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(53)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(53)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(54)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(54)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(58)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(59)  Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena hathghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 316, 4.12.2007, lch. 6).

(60)  2000/532/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).

(58)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(59)  Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena hathghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 316, 4.12.2007, lch. 6).

(60)  2000/532/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach, IO L 226, 6.9.2000, lch. 3.

(62)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1)

(62)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1)

(63)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)

(64)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)

(63)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)

(64)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)

(1a)   Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(1a)   Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(1a)   Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(67)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1)

(67)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1)

(80)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013H0179&from=EN

(81)  https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_guidance_v6.3.pdf

(82)  See https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/dev_methods.htm

(80)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013H0179&from=EN

(81)  https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_guidance_v6.3.pdf

(82)  See https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/dev_methods.htm