An Bhruiséil,24.7.2020

COM(2020) 281 final

2020/0155(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le Réamheolaire téarnaimh an Aontais agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun cuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID
x001e
19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2020) 120 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Tá Ballstáit an Aontais buailte go dona ag an ngéarchéim eacnamaíoch atá ag eascairt as paindéim COVID‑19. Mar gheall air sin, ní mór freagairt go tapa chun tacaíocht a sholáthar do rannpháirtithe sna margaí caipitil. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020, dar teideal ‘Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID‑19’ 1 , leag an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar gach leibhéal, leachtacht earnáil airgeadais an Aontais a áirithiú agus cúlú eacnamaíochta atá ag bagairt a chomhrac. Thairis sin, an 27 Bealtaine 2020, sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú le haghaidh na Chéad Ghlúine Eile’ 2 , chuir an Coimisiún príomhionstraimí i láthair a thacóidh leis an bplean téarnaimh don Eoraip, lena n‑áirítear bearta arb é is aidhm dóibh an geilleagar a dhúiseacht agus cabhair a thabhairt don infheistíocht phríobháideach. Cuireadh i bhfios go láidir sa Teachtaireacht gur dúshlán leanúnach do chuideachtaí a bheidh sa leachtacht agus sa rochtain ar mhaoiniú.

Is é is cuspóir do na hathruithe spriocdhírithe ar an gcóras réamheolairí mar a leagtar amach é sa Rialachán Réamheolairí 3 é a chur ar chumas do chuideachtaí rochtain a fháil ar chistiú nua a luaithe is féidir chun cuidiú leis an téarnamh eacnamaíoch ó phaindéim COVID‑19. Go háirithe, is é is aidhm dó cuidiú le cuideachtaí gnáthscaireanna a bhailiú ionas gur féidir leo ciondálacha inbhuanaithe fiachais ar ghnáthscaireanna a thabhairt ar ais agus a bheith níos athléimní.

Is doiciméad riachtanach faoin dlí é réamheolaire a chuireann faisnéis i láthair maidir le cuideachta agus maidir leis na hurrúis a thairgeann na cuideachtaí sin don phobal nó atá siad ag féachaint le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Ba cheart an fhaisnéis seo bonn a thabhairt ar ar féidir le hinfheisteoirí a chinneadh an ndéanfaidh siad infheistiú in urrúis arna n‑eisiúint ag an gcuideachta sin. Is féidir go bhfeidhmeoidh an costas a bhaineann le réamheolaire a dhréachtú mar dhíspreagadh i gcás eisitheoirí in anás airgeadais atá ag féachaint le cistí nua a bhailiú, go háirithe gnáthscaireanna. Mar gheall ar an méid atá tarlaithe de bharr phaindéim COVID‑19, tá sé ríthábhachtach a áirithiú, i gcás eisitheoirí atá liostaithe cheana féin, nach bhfeidhmíonn an réamheolaire mar bhacainn ar chaipiteal a bhailiú ar na margaí poiblí.

Is é is aidhm don togra seo an nós imeachta a shimpliú i gcás eisitheoirí chun caipiteal a bhailiú go tapa de bharr na práinne eacnamaíche a eascraíonn as paindéim COVID‑19. Baineann na leasuithe sin ar an Rialachán Réamheolaire le cineál nua réamheolaire gairid a chruthú (“réamheolaire Téarnaimh an Aontais”) mar aon le leasuithe spriocdhírithe chun an brú ar idirghabhálaithe airgeadais a scaoileadh (fógra maidir le forlíontaí agus eisiúintí neamhchothromais ó institiúidí creidmheasa).

1.1.1.Réamheolaire téarnaimh an Aontais

Is é is cuspóir do réamheolaire Téarnaimh an Aontais rialacha nochta simplithe a sholáthar atá saincheaptha dá riachtanais shonracha i ndiaidh na géarchéime agus an réamheolaire á choinneáil mar ionstraim ábhartha chun infheisteoirí féideartha a chur ar an eolas. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair i ndiaidh na géarchéime, tá sé ríthábhachtach laghdú a dhéanamh ar bhacainní rialála a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d’athchaipitliú na gcuideachtaí agus é a chur ar a gcumas d'eisitheoirí teacht i dtír ar mhargaí poiblí go luath sa téarnamh.

Is é is aidhm do réamheolaire Téarnaimh an Aontais díriú ar fhaisnéis riachtanach agus ní bheadh sé ar fáil ach le haghaidh eisiúintí tánaisteacha scaireanna. Ar choinníoll go bhfuil scaireanna ag eisitheoirí a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar Mhargadh Fáis FBM go leanúnach ar feadh ar a laghad 18 mí, meastar, leis an nochtadh laghdaithe, go laghdófar an costas a bhaineann le réamheolaire a dhréachtú agus gur fusa a bheidh sé an doiciméad a thuiscint. Thairis sin, le réamheolaire Téarnaimh an Aontais, ba cheart an grinnscrúdú ag údaráis inniúla náisiúnta a bheith níos éifeachtúla. Sa mhéid sin, faoi chóras réamheolaire téarnaimh an Aontais atá beartaithe, tá sé i gceist formheas an réamheolaire a ghiorrú go dtí cúig lá oibre chun gur féidir le heisitheoirí deiseanna a thapú go mear chun caipiteal a bhailiú. Leis an gcineál nua sin réamheolaire, thairbheofaí de phas aonair an Aontais de réamheolairí formheasta le haghaidh tairiscintí trasteorann agus ceadanna isteach chun trádála.

Tá sé d'aidhm ag réamheolaire Téarnaimh an Aontais a bheith (i) éasca a tháirgeadh le haghaidh cuideachtaí atá ag féachaint le caipiteal a bhailiú ar mhargaí caipitil, (ii) éasca a thuiscint le haghaidh infheisteoirí atá ag féachaint lena maoiniú agus (iii) éasca a ghrinnscrúdú agus a fhormheas le haghaidh údaráis inniúla náisiúnta.

Is é is aidhm do réamheolaire Téarnaimh an Aontais cuidiú leis an athchaipitliú le linn na tréimhse téarnaimh. Tá sé ceaptha, dá bhrí sin, mar chóras sealadach a rachaidh in éag 18 mí tar éis dháta chur chun feidhme an Rialacháin seo. Mar chuid d'athbhreithniú Rialacháin an Réamheolaire, ba cheart a mheas freisin an gcomhlíonann réamheolaire Téarnaimh an Aontais a chuspóirí. Chun cuidiú leis an measúnú níor mhór, leis an togra seo, go ndéanfadh sásra stórála láraithe ESMA, a bhailíonn sonraí réamheolaire ó údaráis inniúla náisiúnta, sonraí a bhailiú freisin maidir le réamheolaire Téarnaimh an Aontais. Leis an gcoigeartú imeallach sin ar chóras stórála láraithe ÚEUM, ní mheastar go mbeidh acmhainní breise ag teastáil ó fhoireann ESMA. Níor cheart costais bhreise shuntasacha a thabhú leis sin.

1.1.2.Leasuithe chun brú a laghdú ar idirghabhálaithe airgeadais

Forlíontaí

Tá sé de cheangal ar eisitheoir forlíonadh leis an réamheolaire a fhoilsiú maidir le haon fhachtóir nua thábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte i ndáil leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire agus lena bhféadfaí difear a dhéanamh do mheasúnú na n‑urrús agus a thagann chun cinn nó a thugtar faoi deara sa tréimhse idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh thréimhse na tairisceana, nó an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh. Nuair a fhoilsítear forlíonadh, tionscnaítear ceart aistarraingthe le haghaidh na n‑infheisteoirí atá le feidhmiú laistigh de dhá lá oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh. Mar chuid dá ndualgas chun infheisteoirí a chosaint, ní mór d’idirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil le hinfheisteoirí chun iad a chur ar an eolas gur foilsíodh forlíonadh an lá a fhoilsítear an forlíonadh. Tá deacrachtaí cruthaithe do na hidirghabhálaithe airgeadais ag an sprioc-am sin agus ag raon leathan cáilíochtaí na “n‑infheisteoirí”.

Chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus acmhainní a sholáthar le haghaidh na n‑idirghabhálaithe airgeadais, soiléirítear leis an togra na hoibleagáidí atá ar na hidirghabhálaithe airgeadais a mhéid a bhaineann le forlíontaí. Níor cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais ach na hinfheisteoirí sin a rinne urrúis a cheannach agus a shuibscríobh tríothu a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhfoilseofaí forlíonadh, ar choinníoll gur comhaontaíodh an ceannach nó an suibscríobh idir an tráth a formheasadh an réamheolaire agus dúnadh na tréimhse tairisceana nó an tráth a cuireadh tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh. Tar éis forlíonadh a fhoilsiú, ní mór don idirghabhálaí airgeadais gan dul i dteagmháil ach leis na hinfheisteoirí atá ag tairbhiú de cheart aistarraingthe. Cuirtear síneadh leis an togra leis an spriocdháta le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun dul i dteagmháil le hinfheisteoirí go dtí lá amháin oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh. Chun ardleibhéal cosanta a choinneáil i dtaca le hinfheisteoirí, cuirtear síneadh leis an tréimhse ar lena linn a d’fhéadfadh infheisteoirí ceart aistarraingthe a fheidhmiú ó dhá lá oibre go dtí trí lá oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh.

Ós rud é go réiteofaí na deacrachtaí sin leis an leasú spriocdhírithe agus go soláthrófaí acmhainní d’idirghabhálaithe airgeadais leis agus, san am céanna, go n‑áiritheofaí ardleibhéal cosanta i dtaca le hinfheisteoirí, ní chuirfí teorainn ama leis na leasuithe sin.

Urrúis neamhchothromais arna n‑eisiúint ag institiúidí creidmheasa

Maidir le tairiscint ar urrúis neamhchothromais arna n‑eisiúint go leanúnach nó arís agus arís eile ag institiúid chreidmheasa, níl sí, faoi choinníollacha áirithe, faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a fhoilsiú más lú ná EUR 75 milliún in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa an chomaoin iomlán thar thréimhse 12 mhí. Bhí institiúidí creidmheasa gníomhach sa téarnamh chun tacú le cuideachtaí a raibh maoiniú ag teastáil uathu agus measfar go mbeidh siad ina gcolún bunúsach den téarnamh. Chun cuidiú leis na hinstitiúidí creidmheasa trína dhéanamh níos fusa dóibh breis maoinithe a bheith acu agus spás anála a thabhairt dóibh chun tacú lena gcliaint san fhíorgheilleagar, tá sé molta ag an gCoimisiún méadú spriocdhírithe ar an tairseach ó EUR 75 milliún go dtí EUR 150 milliún. Tá sé d'aidhm aige tacú le maoiniú na n‑institiúidí creidmheasa i gcéim an téarnaimh tríd an tairseach díolúine ó réamheolaire a mhéadú le haghaidh cineál áirithe tairiscintí ar urrúis. Ós rud é go bhfuil an beart sin nasctha go díreach le céim téarnaimh phaindéim COVID‑19, ba cheart é a bheith ar fáil ar feadh tréimhse teoranta ama 18 mí.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Agus bearta urghnácha á leagan síos chun an tionchar atá ag paindéim COVID‑19 a mhaolú, tá an togra seo i gcomhréir go fóill le cuspóirí uileghabhálacha an Rialacháin Réamheolaire chun tiomsuithe airgid a chothú trí mhargaí caipitil, cosaint infheisteoirí a áirithiú, agus coineasú maoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá an togra seo comhlántach leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos sa Treoir um Thrédhearcacht 4 le haghaidh margaí rialáilte, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 5 ón gCoimisiún, margaí fáis FBManna, agus Rialachán maidir le Drochúsáid Margaidh 6   le haghaidh an dá ionad trádála.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra reachtach seo maidir le leasuithe ar Rialachán Réamheolaire ina chuid de thacar beart chun téarnamh eacnamaíochta a éascú i ndiaidh phaindéim COVID‑19, lena n‑áirítear freisin togra reachtach lena leasaítear MiFID II 7 agus togra reachtach lena leasaítear an creat maidir le hurrúsú, lena n‑áirítear an Rialachán Urrúsúcháin 8 agus an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil 9 .

Ina theannta sin, tá sé d'aidhm ag an togra reachtach seo cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil a chomhlánú chun foinsí margadhbhunaithe maoinithe a éagsúlú le haghaidh na gcuideachtaí. Trína é a dhéanamh níos éasca le haghaidh cuideachtaí liostaithe san Aontas scaireanna a eisiúint, bheadh an tionscnamh seo ina chuidiú chun cruinniú caipitil le cuideachtaí a éascú. I dtaca leis sin, bheadh an togra seo i gcomhréir le moladh Fóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil, 10 . arna fhoilsiú an 10 Meitheamh 2020 inar leagadh béim ar an ngá le rialacha liostaithe a mhaolú, ina ndéantar tagairt freisin do Rialachán an Réamheolaire. Mar chuid de na bearta chun maolú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID‑19 ar an bhfíorgheilleagar agus ar mhargaí airgeadais, tá sé d'aidhm ag an tionscnamh seo freisin costais rialála a laghdú le haghaidh eisitheoirí liostaithe ar mhargaí rialáilte agus ar mhargaí fáis FBManna araon. Go háirithe, leis an tsolúbthacht a thugtar d'eisitheoirí ar mhargaí Fáis FBManna, baintear tuilleadh tairbhe as cuspóirí Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 a glacadh le déanaí, lena leagtar síos bearta a bhfuil sé d'aidhm acu úsáid an ionaid trádála sin a chur chun cinn. Thairis sin, ní mór an tionscnamh seo a bheith comhsheasmhach le haon togra breise atá beartaithe ag an gCoimisiún a fhorbairt i réimsí éagsúla beartais chun tionchar phaindéim COVID‑19 ar mhargaí caipitil a mhaolú, lena n‑áirítear na príomhionstraimí lena dtacaítear leis an téarnamh a chuirtear i láthair i dTeachtaireacht an Choimisiúin dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú le haghaidh na Chéad Ghlúine Eile’ an 27 Bealtaine 2020.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é atá mar bhunús dlí an Rialacháin Réamheolaire Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena dtugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a dhéanamh a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh aonair mar chuspóir acu. Níl ach reachtóir an Aontais atá in ann leasú a dhéanamh ar na Rialacháin sin, trína raon feidhme a laghdú ar bhonn sealadach san áireamh, sa chás seo ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh.

2.2.Coimhdeacht

Faoi Airteagal 4 den CFAE, ní mór gníomh an Aontais chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a bhreithmheas i bhfianaise phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir phrionsabal na coimhdeachta, níor cheart gníomh a ghlacadh ar leibhéal an Aontais ach amháin sa chás nach féidir leis na Ballstáit leo féin cuspóirí an ghnímh atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin go dtugtar údarás do ghníomh ar leibhéal an Aontais.

Is as cur chun feidhme an Rialacháin Réamheolaire a eascraíonn na ceanglais maidir le nochtadh i gcás tairiscintí ar urrúis nó cead trádála ar mhargadh rialáilte. Tá feidhm dhlíthiúil cheangailteach ag an rialachán Eorpach sin ar fud na mBallstát go léir. Is ar éigean a thugtar aon solúbthacht leo do na Ballstáit na rialacha a chur in oiriúint do na coinníollacha áitiúla. Ní féidir na fadhbanna a chruthaítear leis na forálacha sin a réiteach go héifeachtach ach le leasuithe reachtacha ar an leibhéal Eorpach 12 . Ní fhéadfaí an cuspóir atá i gceist a bhaint amach ar bhealach leordhóthanach agus éifeachtach leis na roghanna malartacha atá ar fáil .i.e. gníomh neamhreachtach ar leibhéal an Aontais toisc nach bhféadfaí forálacha na Rialachán a leasú lena leithéid.

Is uirlis riachtanach é réamheolaire comhchuibhithe an Aontais nach féidir margaí caipitil ar fud an Aontais a chomhtháthú dá huireasa. A luaithe atá réamheolaire formheasta ag údarás inniúil, féadfaidh an t‑eisitheoir pas a iarraidh chun an réamheolaire sin a úsáid i mBallstát eile den Aontas. Ní bheadh aon fhormheas breise ná aon nós imeachta riaracháin breise a bhaineann leis an réamheolaire de dhíth sa Bhallstát "óstach" sin. Tá feidhmiú an phas sin bunaithe ar an toimhde go ndéantar comhchuibhiú ar inneachar íosta an réamheolaire ar leibhéal an Aontais faoi na rialacha is infheidhme maidir le réamheolairí. Toisc go bhfuil gné Eorpach ag baint leis an bpas dá bharr sin, ní féidir feabhsuithe a dhéanamh ach ar leibhéal an Aontais. Leis na roghanna eile atá ann, amhail gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát, chruthófaí bacainn ar thrádáil agus ní fhéadfaí an cuspóir a bhaint amach arb é atá ann bonn comhchuibhithe a leagan síos do nós imeachta an phas, ní fhéadfaí sin a bhaint amach ar dhóigh leordhóthanach agus éifeachtach.

Leis na leasuithe beartaithe ar an Rialachán Réamheolaire, thabharfaí comhartha soiléir ar fud an Aontais gur féidir leis an gcóras réamheolairí dul in oiriúint in imthosca eisceachtúla. Trí laghdú a dhéanamh ar na hualaí spriocdhírithe arna sainaithint sa Rialachán Réamheolaire agus trí na réamheolairí a dhéanamh níos inrochtana d'eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid scaireanna chun trádála cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, is féidir cuidiú leis na linnte caipitil uile-Eorpacha atá ar fáil do na heisitheoirí sin a dhoimhniú. Is é a bheadh i gceist leis sin córas sainiúil réamheolairí a cheapadh a mbeadh a inneachar agus a fhormáid oiriúnach d'eisitheoirí agus d'infheisteoirí araon faoi choinníollacha dochta. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach leo féin toisc gurbh fhéidir gur machaire nach bhfuil chomh réidh sin a thiocfadh as le haghaidh eisitheoirí agus infheisteoirí araon agus go bhféadfaí arbatráiste rialála agus bacainní ar thrádáil trasteorann a chruthú leis. Is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

2.3.Comhréireacht

Ní dhéantar ach leasuithe teicniúla leis an togra seo ar an Rialachán Réamheolaire chun dul i ngleic go mear le hiarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID‑19. Leis na bearta atá beartaithe chun na ceanglais maidir leis an réamheolaire a laghdú, urramaítear prionsabal na comhréireachta. Tá siad leordhóthanach chun na cuspóirí a bhaint amach agus ní théitear thar a bhfuil riachtanach leo agus tá teorainn ama le cuid de na bearta.

Eisitheoirí

Laghdaítear leis an togra na ceanglais maidir le nochtadh an réamheolaire le haghaidh eisitheoirí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ar choinníoll gur ligeadh isteach a gcuid scaireanna chun trádála cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh ar a laghad 18 mí, tairbheoidh eisitheoirí atá ag féachaint le caipiteal a bhailiú de na rialacha maidir le nochtadh laghdaithe i réamheolaire téarnaimh an Aontais. Is é a bheadh mar thoradh ar an gcóras nochta laghdaithe sin laghdú i gcostais chomhlíonta toisc gur i bhfad níos giorra a bheadh réamheolaire Téarnaimh an Aontais agus gur saoire a bheadh sé lena tháirgeadh. Thairis sin, thairbheodh na heisitheoirí sin d'fhormheastaí réamheolairí níos tapúla, rud a chuirfeadh ar a gcumas dóibh deiseanna cistithe a thapú ar bhealach níos éifeachtaí. Ionas nach rachfar thar a bhfuil riachtanach, beidh teorainn ama le réamheolaire Téarnaimh an Aontais agus beartaítear é, dá bhrí sin, mar chóras sealadach a rachaidh in éag 18 mí ón uair a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm.

Infheisteoirí

Tá réamheolaire Téarnaimh an Aontais i gcomhréir freisin le prionsabal na comhréireachta maidir le hinfheisteoirí féideartha. Bheadh réamheolaire Téarnaimh an Aontais níos soléite leis an líon laghdaithe leathanach atá ann agus leis an mbéim atá ann ar fhaisnéis riachtanach eile, agus, an tráth céanna, dá ndíreofaí é ar an gcás sonrach ina bhfuil cuntas teiste ag an eisitheoir agus, dá bhrí sin, faisnéis foilsithe aige cheana féin sa mhargadh.

Idirghabhálaithe airgeadais

Thairbheodh idirghabhálaithe airgeadais de leasuithe spriocdhírithe lena ndéanfaí soiléiriú ar a gceanglais maidir le forlíontaí agus lena gcuideofaí leo an ceann is fearr a fháil ar dheacrachtaí a bhí acu maidir le teacht ar infheisteoirí nuair a fhoilsítear forlíonadh agus ardleibhéal cosanta i dtaca le hinfheisteoirí á choinneáil ar bun. Toisc go réiteofaí deacrachtaí leis na leasuithe spriocdhírithe ar fhorlíontaí, ní bheadh teorainn ama leis na leasuithe sin.

Maidir le hinstitiúidí creidmheasa, a bhí gníomhach sa téarnamh chun tacú le cuideachtaí, thairbheoidís freisin de laghdú spriocdhírithe leis an togra chun an tairseach díolúine ón réamheolaire a mhéadú ó EUR 75 milliún go dtí EUR 150 milliún le haghaidh tairiscintí ar urrúis neamhchothromais arna n‑eisiúint go leanúnach nó arís agus arís eile. Toisc gurb é an aidhm atá ag an mbeart sin cuidiú le hinstitiúidí creidmheasa atá le bheith ina gcolún bunúsach de chéim an téarnaimh, bheadh teorainn ama 18 mí leis.

Údaráis inniúla náisiúnta

Ina theannta sin, ba cheart d'údaráis inniúla náisiúnta tairbhiú de na simpliúcháin bheartaithe ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais: agus níos lú faisnéise acu le nochtadh agus le grinnscrúdú i réamheolaire Téarnaimh an Aontais, laghdófaí a n‑ualach oibre agus is fusa a bheadh a nós imeachta formheasa.

2.4.An rogha ionstraime

Tá sé d'aidhm ag na leasuithe reachtacha atá beartaithe, go háirithe, laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin agus ar na costais chomhlíonta atá ag eisitheoirí agus a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin Réamheolaire. Chuige sin, déanfar forálacha reatha an Rialacháin Réamheolaire a leasú leis na bearta reachtacha. Is é Airteagal 114(1) CFAE is bunús dlí leis an Réamheolaire Rialacháin. Dá bhrí sin beidh an bunús dlí céanna ag baint le haon rialachán leasaitheach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Measúnú tionchair

I bhfianaise a phráinní atá na bearta atá le déanamh chun cuidiú leis an téarnamh i ndiaidh na géarchéime ar na margaí airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar mar thoradh ar phaindéim COVID‑19, cuireadh anailís costais is tairbhe a cuimsíodh sa Doiciméad Inmheánach Oibre lena dtacaítear leis an bPacáiste Téarnaimh le haghaidh na Margaí Caipitil in ionad an mheasúnaithe tionchair.

Tá sé d'aidhm ag an gcóras nochta simplithe a bhaineann le réamheolaire Téarnaimh an Aontais costais chomhlíonta le haghaidh eisitheoirí a laghdú go suntasach agus tá sé dírithe ar fhaisnéis riachtanach le haghaidh infheisteoirí. Ina theannta sin, ba cheart ualach oibre na n‑údarás inniúil náisiúnta a laghdú leis mar ba lú an méid faisnéise nach mór a ghrinnscrúdú. San am céanna, is tapúla a bheadh an nós imeachta formheasa. Ina theannta sin, thairbheodh idirghabhálaithe airgeadais de na leasuithe spriocdhírithe ar fhorlíontaí agus den mhéadú ar thairseach an réamheolaire díolúine le haghaidh eisiúintí na n‑urrús neamhchothromais.

3.2.Cearta bunúsacha

I dtaca lena bhfuil ábhartha dá bhfuil á bheartú anseo a mhéid a bhaineann leis na forálacha arna leagan síos sa togra seo, tagann i gceist cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8), an tsaoirse chun gnó a dhéanamh (Airt. 16) agus cosaint tomhaltóirí (Airt. 38) i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ceadaítear teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin faoi Airteagal 52 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás na reachtaíochta a bhaineann le réamheolairí, an cuspóir leasa ghinearálta a fhágann go bhfuil údar le teorainneacha áirithe a chur le cearta bunúsacha, is é cuspóir sláine an mhargaidh a áirithiú. A mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, is gá faisnéis áirithe a nochtadh sa réamheolaire chun a áirithiú go mbeidh ar chumas infheisteoirí a ngnó a dhéanamh le dícheall cuí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní mheastar go mbeidh tionchar ag an tionscnamh seo ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar thionchar an Rialacháin nua i gcomhar le hÚEUM agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla maidir le réamheolairí arna bhformheas san Aontas, tuarascálacha a mbeidh sé de chumhacht ag ÚEUM a chur i dtoll a chéile gach bliain. Is é a bheadh ag teastáil leis go ndéanfadh sásra stórála láraithe ÚEUM, a bhíonn ag bailiú sonraí réamheolairí ó údaráis inniúla náisiúnta, sonraí a bhailiú freisin ó réamheolaire Téarnaimh an Aontais.

Déanfar measúnú ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais. Go háirithe, ar na paraiméadair thábhachtacha chun baint amach cuspóirí sonraithe réamheolaire téarnaimh an Aontais, beidh na nithe seo a leanas:

(a)líon réamheolairí téarnaimh an Aontais arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid an lín sin;

(b)an costas a bhaineann le réamheolaire téarnaimh an Aontais a ullmhú agus a fhormheas i gcomparáid leis na costais atá ann faoi láthair le haghaidh réamheolaire eisiúna tánaisteach mar aon le léiriú ar na coigiltí suntasacha a dhéantar.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta táscairí agus is féidir é a shíneadh chun faireachán ar thionchair bhreise a chur san áireamh.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán Réamheolaire réamheolaire Téarnaimh an Aontais a chruthú mar chineál nua réamheolaire mar aon le leasuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais.

In Airteagal 1 den togra seo, pléitear le leasuithe ar an Rialachán Réamheolaire.

In Airteagal 1(1) den togra seo, pléitear le hurrúis neamhchothromais arna n‑eisiúint ag institiúidí creidmheasa go leanúnach nó arís is arís eile.(Airteagal 1(4)(j) den Rialachán Réamheolaire).

Tairiscint ar urrúis neamhchothromais arna n‑eisiúint ag institiúid chreidmheasa go leanúnach nó arís is arís eile, níl sí, faoi choinníollacha áirithe, faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a fhoilsiú más lú ná EUR 75 milliún atá an chomaoin iomlán in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa, arna ríomh thar thréimhse 12 mí. Thairis sin, foráiltear leis an gcóras atá ann faoi láthair nár cheart na hurrúis a bheith fo-ordaithe, in‑chomhshóite nó inmhalartaithe agus nár cheart an é a thabhairt de cheart leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus níl siad nasctha le hionstraimí díorthacha. Tá institiúidí creidmheasa gníomhach le tamall anuas sa téarnamh chun tacú le cuideachtaí a raibh maoiniú ag teastáil uathu agus táthar ag súil go mbeidh siad ina gcolún bunúsach de chéim an téarnaimh. Chun cuidiú le hinstitiúidí creidmheasa trína dhéanamh níos fusa dóibh tuilleadh maoinithe a bheith acu agus spás anála a thabhairt dóibh chun cuidiú lena gcliaint san fhíorgheilleagar, tá méadú spriocdhírithe ar an tairseach beartaithe ó EUR 75 milliún go dtí EUR 150 milliún. Leis an leasú spriocdhírithe sin, thairbheodh institiúidí creidmheasa de laghdú atá sainithe go cúng a chuideodh leo teacht ar thairiscintí ar urrúis neamhchothromais gan réamheolaire i gcéim an téarnaimh a fhoilsiú tar éis na géarchéime a eascraíonn as paindéim COVID‑19. Toisc go bhfuil an beart sin teoranta do chéim an téarnaimh, bheadh sé ar fáil dá bhrí sin le haghaidh tréimhse ama teoranta 18 mí.

In Airteagail 1(2) agus 1(3) den togra seo, pléitear le coigeartuithe teicniúla ar an tástáil ábharthachta (Airteagal 6 den Rialachán Réamheolaire agus achoimre (Airteagal 7 den Rialachán Réamheolaire) i dtaca le córas réamheolaire Téarnaimh an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1(4) den togra seo.

Le hAirteagal 1(4) den togra seo, cruthaítear córas nua le haghaidh réamheolaire téarnaimh an Aontais (Airteagal 14a den Rialachán Réamheolaire).

Raon feidhme réamheolaire Téarnaimh an Aontais

De réir Airteagal 1(4) den togra seo, ní bheadh réamheolaire Téarnaimh an Aontais ar fáil ach d'eisitheoirí a ligeadh isteach a gcuid scaireanna cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar Mhargadh Fáis FBManna ar feadh 18 mí ar a laghad. Ba cheart an fhaisnéis rialáilte a bheith nochta leis an bpobal de bhun Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 594/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2017/565. Ní bheadh réamheolaire Téarnaimh an Aontais oiriúnach le haghaidh tairiscintí poiblí i gcás nach bhfuil aon chuntas teiste ag eisitheoirí féideartha ar mhargaí airgeadais. Chun an cóimheas fiachais/cothromais a laghdú le haghaidh cuideachtaí atá go mór i bhfiacha de bharr phaindéim COVID‑19, ní fhéadfaí an réamheolaire gearrfhoirme a úsáid ach le haghaidh eisiúintí scaireanna.

Ábhar réamheolaire Téarnaimh an Aontais agus é a fhormheas

De réir Airteagal 1(4) den togra seo, dírítear i réamheolaire Téarnaimh an Aontais ar fhaisnéis riachtanach. Mar eisceacht ar Airteagal 6 den Rialachán Réamheolaire, tá príomhábhair sainaitheanta mar eilimintí atá le nochtadh ag eisitheoirí agus tá siad liostaithe in Iarscríbhinn Va a ghabhann leis an Rialachán Réamheolaire. Ghiorrófaí réamheolaire Téarnaimh an Aontais go dtí 30 leathanach ar a mhéad. Mar bheart comhardúcháin, áfach, cheadófaí corprú faisnéise atá ar fáil cheana mar thagairt sa mhargadh mar a shainmhínítear é in Airteagal 19 den Rialachán Réamheolaire agus ní thabharfaí an fhaisnéis sin san áireamh sa mhéid thuasluaite atá 30 leathanach ar fhad ar a mhéad. Bheadh achoimre ghairid dhá leathanach ar fáil freisin.

Tá nós imeachta formheasa mear ann cheana féin sa Rialachán Réamheolaire. Bunaithe air sin, thairbheodh réamheolaire Téarnaimh an Aontais den fhormheas mear sin nach nglacfaidh níos mó ná cúig lá oibre.

In Airteagail 1(5), 1(6), agus 1(10) den togra seo, pléitear faoi seach le coigeartú teicniúil ar an tréimhse ama chun an réamheolaire a ghrinnscrúdú agus a fhormheas (Airteagal 20 den Rialachán Réamheolaire), sásra stórála (Airteagal 21(6) den Rialachán Réamheolaire) agus liosta na n‑earraí atá le nochtadh (Iarscríbhinn Va den Rialachán Réamheolaire nua) maidir le córas Téarnaimh Réamheolaire an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1(4) den togra.

Faoi Airteagail 1(8) agus 1(9) den togra seo, ba cheart réamheolaire Téarnaimh an Aontais dul in éag tar éis thréimhse chur i bhfeidhm 18 mí (Airteagal 47a den Rialachán Réamheolaire). I dtaca leis an measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíontar na cuspóirí atá á saothrú ag an Rialachán seo i réamheolaire Téarnaimh an Aontais nó nach gcomhlíontar, ba cheart é a bheith mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán Réamheolaire (Airteagal 48 den Rialachán Réamheolaire).

In Airteagal 1(7) den togra seo, pléitear le forlíontaí (Airteagal 23 den Rialachán Réamheolaire). 

Faoin gcóras atá ann faoi láthair, ní mór d'eisitheoirí forlíonadh leis an réamheolaire a fhoilsiú i gcás gach fachtóir nua a bhaineann leis an bhfaisnéis atá san áireamh sa réamheolaire agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar na hurrúis agus a thagann chun cinn nó a thugtar faoi deara idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh na tréimhse tairisceana nó an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh. Nuair a fhoilsítear forlíonadh, tionscnaítear ceart aistarraingthe le haghaidh infheisteoirí atá le feidhmiú laistigh de dhá lá oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh. Mar chuid dá ndualgas chun infheisteoirí a chosaint, ní mór d'idirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil le hinfheisteoirí chun iad a chur ar an eolas gur foilsíodh forlíonadh an lá a fhoilsítear an forlíonadh. Leis an sprioc-am sin, mar aon le cáilíocht leathan na “n‑infheisteoirí”, tá deacrachtaí cruthaithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais.

Chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus chun acmhainní a sholáthar le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais, tá leasuithe spriocdhírithe leagtha amach sa togra atá ann faoi láthair. Baineann an chéad leasú leis an raon feidhme. Soiléirítear leis nár cheart d’idirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil ach le hinfheisteoirí a rinne urrúis a shuibscríobh agus a cheannach tríothu idir tráth fhormheasta an réamheolaire agus dúnadh na tréimhse tairisceana nó an tráth a chuirtear tús le trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh agus nár cheart d’idirghabhálaithe airgeadais ach na hinfheisteoirí sin a chur ar an eolas.

Ar an dara dul síos, cuirtear síneadh leis an togra ar idirghabhálaithe airgeadais chun dul i dteagmháil le hinfheisteoirí a rinne urrúis a shuibscríobh agus a cheannach tríothu agus a thairbhíonn de cheart aistarraingthe laistigh de lá amháin oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh. Chun ardleibhéal cosanta a choinneáil i dtaca le hinfheisteoirí, cuirtear síneadh leis an tréimhse ar lena linn a d'fhéadfadh infheisteoirí ceart aistarraingthe a fheidhmiú ó dhá lá oibre go dtí trí lá oibre ón uair a fhoilsítear an forlíonadh.

Ós rud é go réiteofaí na deacrachtaí sin leis na leasuithe spriocdhírithe agus go soláthrófaí acmhainní d'idirghabhálaithe airgeadais leis agus, san am céanna, go gcoinneofaí cosaint níos fearr i dtaca le hinfheisteoirí, ní chuirfí teorainn ama leis na leasuithe sin.

In Airteagal 2 den togra, pléitear lena theacht i bhfeidhm.

2020/0155 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le Réamheolaire téarnaimh an Aontais agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun cuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID‑19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá paindéim COVID19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste na Réigiún, ón 27 Márta 2020 dar teideal ‘Seo uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú le haghaidh na Chéad Ghlúine Eile’ 13 , chuir an Coimisiún i bhfáth gur dúshlán leanúnach a bheidh sa leachtacht agus sa rochtain ar mhaoiniú sna míonna atá ag teacht. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don iarracht téarnaimh ón suaitheadh eacnamaíoch arb í paindéim COVID19 ba chúis léi.trí leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar chuid den reachtaíocht airgeadais atá ann cheana. Glactar an pacáiste beart faoin lipéad “Pacáiste Téarnaimh na Margaí Caipitil.

(2)Le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 14 leagtar síos ceanglais maidir le dréachtú, údarú agus dáileadh an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun trádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Mar chuid de na bearta chun cuidiú le heisitheoirí teacht aniar ón suaitheadh eacnamaíoch a eascraíonn as paindéim COVID19, ní mór leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an réamheolaire. Leis na leasuithe sin, ba cheart é a bheith ar a chumas d'idirghabhálaithe a gcostais a laghdú agus acmhainní a sholáthar le haghaidh na céime téarnaimh sa tréimhse díreach i ndiaidh na paindéime.

(3)Bhí institiúidí creidmheasa gníomhach le linn an téarnaimh chun tacú le cuideachtaí a raibh maoiniú ag teastáil uathu agus meastar go mbeidh siad ina gcolún bunúsach den téarnamh. Le Rialachán (AE) 2017/2019, beidh institiúidí creidmheasa i dteideal díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás tairisceana ar urrúis áirithe neamhchothromais arna neisiúint go leanúnach nó arís is arís eile suas le méid comhiomlánaithe EUR 75 milliún i dtréimhse 12 mhí. Ba cheart an tairseach díolúine sin a mhéadú le haghaidh tréimhse teoranta ama chun tiomsú airgid a chothú le haghaidh institiúidí creidmheasa agus chun spás anála a thabhairt dóibh chun tacú lena gcliaint san fhíorgheilleagar. Ós rud é go bhfuil an beart sin teoranta do chéim an téarnaimh, ba cheart é a bheith ar fáil, dá bhrí sin, le haghaidh tréimhse ama teoranta 18 mí.

(4)Chun dul i ngleic go mear le tionchar eacnamaíoch tromchúiseach phaindéim COVID19, tá sé tábhachtach bearta a thabhairt isteach chun infheistíochtaí san fhíorgheilleagar a éascú, cabhrú le cuideachtaí san Aontas a athchaipitliú go tapa agus é a chur ar a gcumas d'eisitheoirí leas a bhaint as margaí poiblí go luath sa phróiseas téarnaimh. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is iomchuí réamheolaire nua gearrfhoirme a chruthú (‘réamheolaire Téarnaimh an Aontais’) atá éasca a tháirgeadh le haghaidh eisitheoirí, atá éasca a thuiscint le haghaidh infheisteoirí ar mian leo iad a mhaoiniú agus atá éasca a ghrinnscrúdú agus a údarú le haghaidh údaráis inniúla.

(5)Maidir le cuideachtaí a bhfuil scaireanna arna ligean isteach chun trádála acu ar mhargadh rialáilte nó chun trádála ar mhargadh Fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad roimh an tairiscint ar scaireanna nó an cead isteach chun trádála, ba cheart ceanglais nochta leanúnacha faoi de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , an Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 nó ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún 17 . Dá bhrí sin, beidh mórán den ábhar atá ag teastáil i réamheolaire ar fáil go poiblí cheana féin agus beidh infheisteoirí ag trádáil ar bhonn na faisnéise sin. Dá dheasca sin, níor cheart réamheolaire Téarnaimh an Aontais a úsáid ach le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus níor cheart é a bheith dírithe ach ar fhaisnéis riachtanach atá de dhíth ar infheisteoirí chun cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh.

(6)Chun go mbeidh sé ina uirlis éifeachtúil le haghaidh eisitheoirí, ba cheart Réamheolaire téarnaimh an Aontais a bheith ina dhoiciméad aonair de mhéid teoranta, corprú de réir tagairtí a cheadú, agus tairbhiú den phas le haghaidh tairiscintí uile-Eorpacha ar urrúis don pobal nó do cheadanna isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.

(7)Ba cheart achoimre gearrfhoirme a bheith san áireamh i réamheolaire Téarnaimh an Aontais mar fhoinse faisnéise le haghaidh infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola. Ba cheart an achoimre a bheith ina cuid fhéinchuimsitheach de Réamheolaire téarnaimh an Aontais agus a bheith dírithe ar fhaisnéis bhunriachtanach le go mbeidh infheisteoirí in ann a chinneadh cé na hurrúis atá á dtairiscint nó atá á ligean isteach chun a dtrádála le staidéar a dhéanamh orthu tuilleadh trí réamheolaire Téarnaimh an Aontais ina iomláine a athbhreithniú chun a gcinneadh a dhéanamh.

(8)Chun sonraí a bhailiú a thacaíonn le measúnú ar chóras réamheolaire Téarnaimh an Aontais, ba cheart réamheolaire téarnaimh an Aontais a chur san áireamh i sásra stórála ESMA. Chun an teorainn a chur leis an ualach riaracháin maidir leis an sásra sin a athrú, d'fhéadfadh réamheolaire Téarnaimh an Aontais na sonraí céanna a úsáid agus na sonraí a shainítear le haghaidh an réamheolaire eisiúintí tánaisteacha arna leagan amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129, ar choinníoll go mbeidh siad difreáilte go soiléir i gcónaí.

(9)Ba cheart Réamheolaire téarnaimh an Aontais comhlánú a dhéanamh ar chineálacha eile réamheolairí arna leagan síos i Rialachán (AE) 2017/1129 i bhfianaise cineálacha éagsúla urrús, eisitheoirí, tairiscintí agus ceadanna isteach. Ach amháin má luaitear a mhalairt go sonrach, dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint leis na tagairtí uile do ‘réamheolaire’ faoi Rialachán (AE) 2017/1129 gur ag tagairt do gach cineál réamheolaire atá siad, lena náirítear réamheolaire Téarnaimh an Aontais arna leagan síos sa Rialachán.

(10)Le Rialachán (AE) 2017/1129, ceanglaítear ar idirghabhálaithe airgeadais infheisteoirí a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú agus, faoi choinníollacha áirithe, dul i dteagmháil le hinfheisteoirí an lá céanna a fhoilsítear forlíonadh. Is féidir go mbeadh deacrachtaí le raon feidhme na ninfheisteoirí chun teagmháil a dhéanamh leo mar aon leis an sprioc-am chun dul i dteagmháil leo. Chun faoiseamh agus acmhainní a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais agus san am céanna, ardleibhéal cosanta a choinneáil ar bun i dtaca le hinfheisteoirí, ba cheart córas níos comhréirí a leagan síos. Leis an gcóras sin, ba cheart a shainiú cé na hinfheisteoirí ar cheart d’idirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil leo nuair a fhoilsítear forlíonadh agus síneadh a chur leis an sprioc-am chun dul i dteagmháil leis na hinfheisteoirí sin.

(11)Ós rud é go bhfuil réamheolaire Téarnaimh an Aontais teoranta do chéim an téarnaimh, ba cheart córas an réamheolaire sin dul i éag 18 mí tar éis dháta chur i fheidhm an Rialacháin seo. Chun leanúnachas réamheolairí Téarnaimh an Aontais a áirithiú, ba cheart na réamheolairí arna núdarú sula dtéann an córas in éag tairbhiú d’fhoráil mharthanachta.

(12)Ba cheart don Choimisiún, roimh an 21 Iúil 2022 tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Ba cheart a chorprú i measúnú an athbhreithnithe sin an amhlaidh gurb iomchuí an córas nochta le haghaidh réamheolairí Téarnaimh an Aontais chun na cuspóirí arna saothrú ag an Rialachán a chomhlíonadh.

(13)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1129 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Rialachán (AE) 2017/1129

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1(4), cuirtear isteach an pointe (k) seo a leanas:

“(k)Ó [dáta chur i bhfeidhm an Rialachán seo] go dtí [18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] urrúis neamhchothromais a eisíonn institiúid creidmheasa ar bhonn leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí an chomaoin chomhiomlán san Aontas maidir leis na hurrúis arna dtairgeadh, ar choinníoll go gcomhlíonann na hurrúis sin na coinníollacha seo a leanas go léir:

(i)nach bhfuil siad fo-ordaithe, inchomhshóite ná inmhalartaithe; agus

(ii)nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach.”;

(2)sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

"1.gan dochar d'Airteagail 14(2), 14a(2) agus 18(1), beidh an fhaisnéis riachtanach sa réamheolaire atá ábhartha d'infheisteoir chun measúnú feasach a dhéanamh maidir leis an méid a leanas:”;

(3)in Airteagal 7, cuirtear mír 12a leis:

“12a.De mhaolú ar mhíreanna 3 go dtí 12, i réamheolaire Téarnaimh an Aontais arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a áireofar achoimre i gcomhréir leis an mír sin.

Doiciméad gearr beacht a bheidh in achoimre réamheolaire Téarnaimh an Aontais nach mbeidh níos mó ná dhá thaobh de leathanaigh A4 ann agus é clóite.

Ní bheidh crostagairtí do chodanna eile den réamheolaire san achoimre ná ní chorprófar faisnéis de réir tagairtí ann agus beidh sé mar seo a leanas:

(a)cuirfear i láthair é agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh méide de;

(b)scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca, go háirithe, i bhfriotal soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus sothuigthe d'infheisteoirí.

(c)Beidh na ceithre roinn seo a leanas ann:

(i)réamhrá, ina bhfuil rabhadh mar a shainítear i mír 5 den Alt;

(ii)faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(iii)faisnéis bhunriachtanach faoi na hurrúis;

(iv)faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó iad araon.”;

(4)cuirtear isteach Airteagal 14a seo a leanas :

"Airteagal 14a
réamheolaire Téarnaimh an Aontais

1.Féadfaidh na heisitheoirí seo a leanas réamheolaire Téarnaimh an Aontais a dhréachtú faoi chóras simplithe a leagtar amach san Airteagal seo i gcás go ndéantar tairiscint ar scaireanna don phobal nó go ligtear isteach scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)eisitheoirí ar ligeadh scaireanna dá gcuid isteach chun a dtrádála go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin ar mhargadh rialáilte agus a eisíonn scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a eisíodh cheana;

(b)eisitheoirí a ndearnadh a gcuid scaireanna a thrádáil cheana ar mhargadh Fáis FBManna go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin, ar choinníoll gur foilsíodh réamheolaire chun na scaireanna sin a thairiscint, agus a eisíonn scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a eisíodh cheana.

2.De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus gan dochar d'Airteagal 18(1), beidh i réamheolaire Téarnaimh an Aontais an fhaisnéis ábhartha laghdaithe atá riachtanach le go mbeidh infheisteoirí in ann an méid a leanas a thuiscint:

(a)ionchais an eisitheora agus na hathruithe móra a tháinig ar staid airgeadais an eisitheora ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí, más ann dóibh;

(b)an fhaisnéis riachtanach maidir leis na scaireanna, na cúiseanna leis an eisiúint agus an tionchar atá aici ar struchtúr caipitil foriomlán an eisitheora, agus úsáid na bhfáltas.

Déanfar an fhaisnéis atá i réamheolaire Téarnaimh an Aontais a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta feasach a dhéanamh. Ina theannta sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil san áireamh an amhlaidh a nocht an t‑eisitheoir an fhaisnéis rialáilte don phobal de bhun Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/565 ón gCoimisiún.

Doiciméad aonair a bheidh i réamheolaire Téarnaimh an Aontais ina mbeidh an t‑íosmhéid faisnéise a leagtar síos in Iarscríbhinn Va. Beidh fad uasta 30 leathán leathanaigh A4 aige nuair a chuirtear i gcló é agus cuirfear i láthair é agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh méide de.

Ní chuirfear san áireamh faisnéis arna corprú de réir tagairtí i gcomhréir le hAirteagal 19 a mhéid a bhaineann le fad uasta de 30 leathán leathaigh A4 dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Is féidir go gcinnfidh eisitheoirí an t‑ord ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn Va leagtha amach i réamheolaire Téarnaimh an Aontais.”;

(5)in Airteagal 20, cuirtear mír 6a leis:

"6 a.De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4, maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 4, laghdófar iad go dtí cúig lá oibre le haghaidh réamheolaire Téarnaimh an Aontais arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a. Cuirfidh an teisitheoir an túdarás inniúil ar an eolas cúig lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an tiarratas ar fhormheas a chur isteach.”;

(6)in Airteagal 21, cuirtear mír 5a leis:

"5a.Is i sásra stórála dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a aicmeofar réamheolaire Téarnaimh an Aontais arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a. Na sonraí a úsáidtear le haghaidh aicmiú na réamheolairí arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfar iad a úsáid le haghaidh aicmiú réamheolairí Téarnaimh an Aontais arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a, ar choinníoll go ndéanfar an dá chineál réamheolairí a dhifreáil sa sásra stórála sin.”;

(7)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"2.I gcás ina mbaineann an réamheolaire le tairiscint ar urrúis don phobal, beidh sé de cheart ag infheisteoirí a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh a nglacadh a tharraingt siar, laistigh de dhá lá oibre tar éis an forlíonadh a fhoilsiú, ar choinníoll gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó roimh sheachadadh na nurrús, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an teisitheoir nó an tairgeoir an tréimhse sin a fhadú. Luafar san fhorlíonadh dáta deiridh an chirt chun tarraingt siar.”;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

"3.Nuair a dhéanann infheisteoirí urrúis a cheannach nó a shuibscríobh trí idirghabhálaí airgeadais, idir tráth formheasta na nurrús sin agus dúnadh na tréimhse tairisceana nó an tráth a chuirtear tús le trádáil ar an margadh rialáilte, cibé acu is túisce a tharlóidh, cuirfidh an tidirghabhálaí airgeadais sin na hidirghabhálaithe sin ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhfoilseofaí forlíonadh, an áit agus an tráth a d'fhoilseofaí é agus go dtabharfaí an tidirghabhálaí airgeadais cúnamh i dtaca le feidhmiú a gcirt maidir le glacadh a tharraingt siar.

I gcás ina bhfuil an ceart chun tarraingt siar dá dtagraítear in mír 2 ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, rachaidh an t‑idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leis na hinfheisteoirí sin laistigh de lá oibre amháin tar éis fhoilsiú an fhorlíonta.”;

(8)cuirtear isteach an tAirteagal 47a seo a leanas:

"Airteagal 47a
Teorainn ama ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais

Rachaidh an córas a leagtar amach in Airteagal 14a in éag ar [18 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Réamheolairí Téarnaimh an Aontais arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal14a agus arna bhformheas idir [dáta chur i bhfeidhm an Rialachán seo] agus [18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin], leanfaidh siad de bheith á rialú i gcomhréir leis an Airteagal sin go dtí deireadh a dtréimhse bailíochta nó go dtí go mbeidh dhá mhí déag caite dá éis [18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce a tharlóidh.”

(9)in Airteagal 48, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Measúnófar sa tuarascáil, inter alia, an iomchuí go fóill, i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann leo, achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagal 14, 14a agus Airteagal 15 agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil, go háirithe:

(a)an líon réamheolairí Fáis de chuid an Aontais atá ag eintitis i ngach ceann de na ceithre chatagóir dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 15(1) agus anailís ar éabhlóid an lín sin agus ar na treochtaí ó thaobh rogha ionaid trádála na daoine atá i dteideal réamheolaire Fáis an Aontais a úsáid;

(b)anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach naimsítear, a bhuí le réamheolaire Fáis an Aontais, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;

(c)líon na réamheolairí Téarnaimh de chuid an Aontais arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid an lín sin;

(d)an costas a bhaineann le réamheolaire Téarnaimh de chuid an Aontais a fhormheas i gcomparáid leis na costais atá ann faoi láthair le haghaidh réamheolaire, mar aon le léiriú ar na coigiltí airgeadais foriomlána a rinneadh;

(e)anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach naimsítear, a bhuí le réamheolairí téarnaimh an Aontais, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an tualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;”;

(10)déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn Va.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID‑19, COM(2020) 112 final an 13.03.2020.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig coiste eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa agus chuig coiste na réigiún: Deisiú agus Ullmhú le haghaidh na Chéad Ghlúine, COM52020) 456 final an 27.5.2020.
(3)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(4)    Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(5)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(7)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(8)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1060/2009 agus Uimh 648/2012.
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
(10)     https://ec.europa.eu/info/files/200610-cmu-high‑level-forum-final-report_en  
(11)    Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn (IO L 320, 11 12 2019, lch.1).
(12)    Cás Vodafone C-58/08: ‘ Sa chás ina bhfuil gníomh bunaithe ar Airteagal 95 CE tar éis aon bhacainn ar thrádáil a bhaint sa limistéar ar a ndéanann sé comhchuibhiú, ní féidir an fhéidearthacht a cheilt ar reachtas an Chomhphobail an gníomh sin a chur in oiriúint d'athrú ar imthosca nó d'fhorbairt eolais ag féachaint don chúram atá air na leasanna ginearálta arna n‑aithint ag an gConradh a chosaint’
(13)    COM/2020/456 críochnaitheach, 27.5.2020.
(14)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(16)    Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(17)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).

An Bhruiséil,24.7.2020

COM(2020) 281 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le Réamheolaire téarnaimh an Aontais agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun cuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID‑19

{SWD(2020) 120 final}


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN Va

AN tÍOSMHÉAD FAISNÉISE ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I RÉAMHEOLAIRE TÉARNAIMH AN AONTAIS

I.Ainm an eisitheora, an Ballstát corpraithe, nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora

Is é is cuspóir don chuideachta atá ag eisiúint scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (‘LEI’) atá aici, an Ballstát corpraithe atá aici agus an suíomh gréasáin inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis a aimsiú maidir le hoibríochtaí gnó na cuideachta, na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, na príomh-mhargaí ar a mbíonn sí ag dul san iomaíocht agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a chorpraítear trí thagairt.

II.Ráiteas freagrachta

Is é is cuspóir do na daoine atá freagrach as dréachtú réamheolaire Téarnaimh an Aontais a shainaithint agus dearbhú a chur san áireamh uathu ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá brí.

I gcás inarb infheidhme, beidh faisnéis sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/ foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(a) ainm;

(b) seoladh gnó;

(c) cáilíochtaí; agus

(d) leas ábhartha (más ann dó) i gcás an eisitheora.

Luafar sa ráiteas sin an t-údarás inniúil a thug formheas do réamheolaire Téarnaimh an Aontais, sonrófar nach formhuiniú an eisitheora é an formheas sin agus sonrófar gur dréachtaíodh réamheolaire Téarnaimh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 14a.

III.Fachtóirí priacail

An cuspóir atá ann tuairisc a thabhairt ar na priacail is ábhartha a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus na scaireanna.

IV.Ráitis airgeadais

Ní mór ráitis airgeadais (bhliantúla nó leathbhliantúla) a fhoilsiú lena gcumhdaítear an tréimhse 12 mhí sular tugadh formheas do réamheolaire Téarnaimh an Aontais. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní theastóidh ach na ráitis bhliantúla i gcás ina n-iardhátaíonn siad na ráitis airgeadais leathbhliantúla.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ullmhófar an tuarascáil iniúchóireachta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha réamheolaire Téarnaimh an Aontais, an dtugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh i réamheolaire Téarnaimh an Aontais:

(a)ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(b)míniú ar aon imeacht suntasach ó Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta;

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, cuirfear san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó cuirfear san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear faisnéis pro forma san áireamh freisin.

V.Faisnéis treochtaí

An cuspóir atá ann tuairisc a chur san áireamh den mhéid seo a leanas:

(a)na treochtaí is suntasaí atá ann le déanaí sa táirgeadh, sa díolachán agus san fhardal, agus na costais agus na praghsanna díola ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí go dtí dáta réamheolaire Téarnaimh an Aontais;

(b)faisnéis maidir le haon treocht aitheanta, éiginnteacht, éileamh, gealltanas nó teagmhas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbeidh éifeacht ábhartha acu ar ionchais an eisitheora le haghaidh na bliana airgeadais atá ann faoi láthair, ar a laghad.

VI.Praghas na tairisceana deiridh agus líon na scaireanna, lena n-áirítear gealltanas daingean ó scairshealbhóirí os cionn 5 % agus ainmneacha na bhfrithgheallaithe.

Is é is cuspóir dó an fhaisnéis shonrach a leagan amach maidir le comaoin thairiscint na scaireanna agus faisnéis a chur i láthair i dtaca le gealltanais dhaingne ó scairshealbhóirí móra chun suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint agus de na comhaontuithe frithgheallta.

VII.Cá háit agus cathain na scaireanna a shuibscríobh

   An cuspóir atá ann an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (‘ISIN’) agus faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na scaireanna arna dtairiscint don phobal a sholáthar agus faisnéis maidir le cá háit ar féidir na scaireanna a shuibscríobh mar aon leis an tréimhse ama, lena n-áirítear aon leasú féideartha, ar lena linn a bheidh an tairiscint ar oscailt agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na scaireanna nua.

VIII. Na cúiseanna atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

An cuspóir atá ann faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochtaí na n-úsáidí sin.

I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, luafaidh siad líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil. Ina theannta sin, tabharfar sonraí i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha ar ghnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt.

X.Ráiteas caipitil oibre

Is é is cuspóir dó faisnéis a sholáthar i dtaobh an leordhóthanach an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura bhfuil sé leordhóthanach, faisnéis i dtaobh an rúin atá ag an eisitheoir an caipiteal oibre breise atá ag teastáil a sholáthar.

XI.Coinbhleachtaí leasa

Is é is cuspóir dó faisnéis a sholáthar maidir le haon choinbhleacht leasa a bhaineann leis an eisiúint.

XII.Scairshealbhóireacht tar éis na heisiúna

Is é is cuspóir dó faisnéis a sholáthar maidir leis an rannpháirtíocht i scairchaipiteal agus cearta vótála tar éis an mhéadaithe ar chaipiteal a eascraíonn as an tairiscint don phobal.”.

(1)    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).