AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.11.2016
COM(2016) 862 final
2016/0377(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 410}
{SWD(2016) 411}
{SWD(2016) 412}
{SWD(2016) 413}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é cuspóir an Rialacháin atá á bheartú a áirithiú go ndéanfaidh gach Ballstát uirlisí iomchuí a chur i bhfeidhm chun géarchéimeanna leictreachais a chosc agus a bhainistiú, agus ullmhú faoina gcoinne. Fiú agus na margaí agus na córais ag feidhmiú go maith, ní féidir an baol atá ann go dtarlódh géarchéim leictreachais ar chúiseanna éagsúla (e.g. adhaimsir, ionsuithe mailíseacha lena n-áirítear cibear-ionsaithe, ganntanas breosla) a chur as an áireamh. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil na córais leictreachais comhtháite le chéile, nuair a tharlaíonn géarchéimeanna is minic a bhíonn tionchar trasteorann acu. Féadann cúinsí áirithe (e.g. tréimhse fhuar fhada nó tonn teasa) cur as do roinnt Ballstát ag aon am amháin agus fiú nuair is go háitiúil a thosaíonn an teagmhas, is féidir leis leitheadú go mear thar theorainneacha.
Faoi láthair, tá nósanna an-difriúla ag na Ballstáit maidir le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, agus ullmhú faoina gcoinne. Is iondúil gur ar an gcomhthéacs náisiúnta amháin a bhíonn na rialacha agus na cleachtais náisiúnta dírithe, agus go dtugtar neamhaird ar a dtiteann amach taobh thall den teorainn. Tá léirithe sa mheasúnú ar na creata dlí náisiúnta agus ar an cleachtais reatha náisiúnta ar fud na hEorpa:
(a)gur difriúil na rioscaí a ndéanann na Ballstáit measúnú orthu;
(b)gur difriúil na bearta a dhéanann na Ballstáit chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, agus gur ag pointí éagsúla a dhéantar na bearta sin a thionscnamh;
(c)gur difriúil na róil agus na freagrachtaí atá ann; agus
(d)nach ann do thuiscint choiteann ar cad is géarchéim ann.
Ina theannta sin, tá an chomhroinnt faisnéise agus an trédhearcacht an-srianta fad is a bhaineann le hullmhúchán na mBallstát faoi choinne géarchéimeanna agus conas a láimhseálann siad iad. Mar shampla, nuair a thugann siad faoi deara go bhféadfadh a gcórais leictreachais a bheith faoi strus suntasach sna míonna le teacht, is minic a ghníomhaíonn na Ballstáit in éineacht lena n-oibreoirí córais tarchurtha leictreachais féin gan oibreoirí eile a chur ar an eolas.
Bearna rialála is cúis leis an gcor sin. Ní leagtar síos sa chreat dlí atá ag an Aontas Eorpach i láthair na huaire (Treoir 2005/89/CE agus Treoir 2009/72/CE) ach cuspóirí ginearálta maidir le cinnteacht an tsoláthair, agus fágtar faoi na Ballstáit a Chinneadh conas iad a bhaint amach. Go háirithe, cé go ligeann na rialacha do na Ballstáit 'bearta coimirce' a dhéanamh, ní leagtar amach iontu conas ba cheart do na Ballstáit ullmhú do ghéarchéimeanna ná conas ba cheart dóibh iad a bhainistiú.
An reachtaíocht atá ann faoi láthair, ní léiriú í a thuilleadh ar fhírinne an mhargaidh leictreachais idirnasctha atá ann inniu, go bhfuil ag méadú ar an dóchúlacht go gcuirfidh géarchéimeanna as do roinnt Ballstát ag aon am amháin.
Is féidir na fadhbanna a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo a achoimriú mar a leanas:
(1)
is náisiúnta, agus náisiúnta amháin, an fócas atá fós ag na pleananna géarchéime agus na gníomhartha géarchéime atá ann;
(2)
ní leor an chomhroinnt faisnéise ná an trédhearcacht; agus
(3)
ní ann do chur chuige comhchoiteann maidir le rioscaí a shainaithint agus a mheasúnú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Comhlánú é an Rialachán atá beartaithe ar fhorálacha an Tríú Pacáiste, atá á athbhreithniú ag an am céanna. Is é is aidhm don Tríú Pacáiste athbhreithnithe feidhmiú an mhargaidh inmheánach leictreachais a fheabhsú, inter alia trí tuilleadh solúbthachta a cheadú agus trí theorainn a chur le scóip na bhfóirdheontas i gcomhair leordhóthanacht giniúna, lena n-áirítear trí mheasúnú comhordaithe Eorpach ar leordhóthanacht fhadtéarmach acmhainní. Beidh sé d'aidhm aige freisin cinnteacht fheidhmiú an chórais a fheabhsú le comhar níos fearr idir oibreoirí córais tarchurtha ar an leibhéal réigiúnach trí lárionad oibríochta réigiúnacha a chruthú.
Leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe an méid ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus an comhar ba cheart dóibh a dhéanamh le chéile chuige sin. Déantar sin, go háirithe, trí mhodhanna comhchoiteanna a chur ar fáil chun rioscaí a mheasúnú, trí tuilleadh inchomparáideachta agus trédhearcachta a thabhairt isteach san ullmhúchán agus le linn géarchéimeanna, agus trína áirithiú go ndéanfar, fiú le linn géarchéimeanna, leictreachas a sheachadadh chuig an áit is géire a dhíth. Ina theannta sin, cuirtear creat ar fáil leis le haghaidh faireachán níos córasaí ar shaincheisteanna cinnteachta soláthair trí bhíthin an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Cuireann sé leis an Tríú Pacáiste athbhreithnithe trína áirithiú go dtabharfar tosaíocht, fiú le linn géarchéimeanna, do bhearta margadhbhunaithe agus gur féidir leis na margaí feidhmiú a fhad is féidir.
Gabhfaidh an Rialachán atá beartaithe ionad Threoir 2005/89/CE (an Treoir maidir le cinnteacht an tsoláthair), Treoir a leag amach creat fairsing cuspóirí a bhí le baint amach ag na Ballstáit i réimse na cinnteachta soláthair, ach nach raibh mórán luacha oibríoctúil ag baint léi. Dá bhrí sin, déanfar an Treoir a aisghairm, mar aon le roinnt forálacha den Tríú Pacáiste mar atá sé faoi láthair a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe Airteagal 4 (ina gceanglaítear ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chinnteacht an tsoláthair le tuarascálacha náisiúnta) agus Airteagal 42 (ina gceadaítear do na Ballstáit 'bearta coimirce' a dhéanamh i gcás géarchéim thobann in earnáil an leictreachais) den Treoir maidir le leictreachas.
Sna cóid líonra agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 leagadh amach prionsabail chomhchuibhithe don phleanáil oibríochtúil agus do sceidealú na bpróiseas is gá chun teacht roimh deacrachtaí fíorama i dtaobh na cinnteachta oibríochta. Comhlanú é an dréacht-Rialachán ar na rialacha teicniúla don toisc go gcuireann sé sásraí riaracháin agus polaitiúla ar fáil chun cuidiú leis na húdaráis náisiúnta géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú i gcomhar le chéile, gan cur isteach gan chall ar an margadh ná ar chúraimí na n-oibreoirí córais tarchurtha.
Go háirithe, forbairt is ea an Rialachán atá beartaithe ar na treoirlínte oibríochta córais agus ar an gcód líonra maidir le héigeandálaí agus athbhunú, lena gcuirtear rialacha teicniúla ar fáil d'oibreoirí córais tarchurtha maidir le conas cinnteacht an chórais a áirithiú, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna. Ba cheart, a bhuí leis na rialacha sin, oibreoirí córais tarchurtha a bheith in ann déileáil go héifeachtach leis an gcuid is mó de theagmhais, ach ní ráthú iad na rialacha sin iontu féin go bhfuil na Ballstáit ullamh mar is cuí faoi choinne géarchéimeanna mórscála ná gur féidir leo iad a bhainistiú, go háirithe géarchéimeanna de shórt a leitheadaíonn thar theorainneacha agus nach mór, go minic, cinntí a mbaineann íogaireacht pholaitiúil leo a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt orthu (e.g. maidir leis an soláthar a bhriseadh).
Tá an Rialachán atá beartaithe ag teacht leis an reachtaíocht atá ann cheana i réimse na cibearshlándála agus an bhonneagair ríthábhachtaigh. Maidir leis an gcibearshlándáil, leagtar síos rialacha ginearálta i d
Treoir (AE) 2016/1148
(an Treoir maidir leis an gCibearshlándáil), agus déanfar, mar thosaíocht, rialacha sonracha maidir leis an gCibearshlándáil a fhorbairt trí chód líonra dá bhforáiltear sa Rialachán athbhreithnithe maidir le leictreachas, agus cuirfear san áireamh sna rialacha sin na rioscaí nua a eascraíonn ó dhigitiú na gcóras fuinnimh. Comhlánú é an Rialachán atá beartaithe ar an Treoir maidir leis an gCibearshlándáil toisc go n‑áiritheoidh sé go ndéanfar cibeartheagmhais a shainaithint go cuí mar rioscaí, agus go mbeidh na bearta a dhéanfar chun déileáil leo léirithe go cuí sna pleananna riosca-ullmhachta. Ina theannta sin, is comhlánú é an Rialachán atá beartaithe ar Threoir 2008/114/CE, lena leagtar síos nós imeachta coiteann maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint, e.g. bonneagair agus saoráidí le haghaidh giniúint agus tarchur, agus maidir leis na bonneagair ríthábhachtacha sin a chosaint ar ionsaithe sceimhlitheoireachta agus ar rioscaí fisiceacha eile. Tá fócas níos fairsinge ag an Rialachán atá beartaithe ar conas buanseasmhacht an chórais leictreachais ina iomláine a chinntiú agus conas géarchéimeanna a bhainistiú nuair a thiocfaidh siad chun cinn.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá sé d'aidhm ag an Rialachán atá beartaithe príomhchuspóirí an Aontais Fuinnimh a chur chun feidhme, mar a shainítear iad sa Chreatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide.
Tá an Rialachán atá beartaithe ag teacht leis an gcuspóir atá ag an Aontas an Comhphobal Fuinnimh a neartú. Ós rud é go bhféadfadh géarchéim leictreachais leitheadú thar theorainneacha an Aontais agus cur isteach ar thíortha den Chomhphobal Fuinnimh freisin, ba cheart don Aontas dlúthchomhar a dhéanamh le Comhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus géarchéimeanna leictreachais á gcosc agus á mbainistiú, agus an t-ullmhúchán faoina gcoinne á dhéanamh, chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtúil ar ghéarchéimeanna ar mhórchríoch na hEorpa.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Sa Rialachán atá beartaithe moltar bearta chun géarchéimeanna leictreachais san Aontas Eorpach a chosc agus a bhainistiú agus chun ullmhú faoina gcoinne. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an Rialacháin.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Aithnítear in Airteagal 194 CFAE go dteastaíonn méid áirithe comhordúcháin, trédhearcachta agus comhair ó thaobh bheartais na mBallstát maidir le cinnteacht an tsoláthair chun feidhmiú an mhargaidh agus cinnteacht an tsoláthair san Aontas a áirithiú.
Tá an gá le gníomhaíocht ón Aontas bunaithe ar fhianaise ní hamháin gur bearta fo-optamacha a bhíonn mar thoradh ar chur chuige ar an leibhéal náisiúnta, ach go deimhin gur measaide iarmhairtí na géarchéime a leithéid sin de chur chuige. Ina theannta sin, is minic nach teoranta ag críocha náisiúnta a bhíonn géarchéimeanna sa dóigh go gcuireann siad as, go díreach nó go hindíreach, do roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, níor cheart an ghníomhaíocht a dhéanfaidh na Ballstáit, ó thaobh ullmhachta agus maolú de, a Chinneadh ar an leibhéal náisiúnta amháin, toisc go bhféadfaí tionchar a imirt ar chinnteacht an tsoláthair i mBallstát comharsanachta agus/nó ar na bearta a bheadh ar fáil don Bhallstát sin le dul i ngleic le haon ghanntanas leictreachais.
De thoradh an mhéadaithe ar a idirnasctha atá margaí leictreachais an Aontais, ní mór na bearta i dtaobh chinnteacht an tsoláthair a bheith comhordaithe. D'uireasa an chomhordaithe sin, is dóchúil go gcuirfidh bearta a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta amháin cinnteacht an tsoláthair i bpriacail i mBallstáit eile nó ar leibhéal an Aontais. Tá sé léirithe ag rudaí a thit amach cheana, amhail an tréimhse fhuar fhada in 2012 gur sár-riachtanach an ghníomhaíocht chomhordaithe agus an dlúthpháirtíocht chun a áirithiú go gcuirfear leictreachas ar fáil san áit is géire a dhíth. Is féidir leis an mbeart a dhéanfaidh tír amháin riosca lándorchaithe a spreagadh sna tíortha in aice léi (mar shampla, leis an gCinneadh a rinne tír amháin go haontaobhach toirmeasc a chur ar onnmhairiú imríodh mórthionchar díobhálach ar earnálacha leictreachais agus gáis tíortha eile). Ar an lámh eile, d'fhéadfaí raon réiteach níos fairsinge a bheith ar fáil ach comhordú a bheith ann idir na Ballstáit.
Níor baineadh leas iomlán go fóill as an bpoitéinseal atá ann bearta a dhéanamh níos éifeachtúla agus a gcostas a laghdú le comhordú réigiúnach, agus tá tomhaltóirí an Aontais thíos leis sin.
•Comhréireacht
Tá an Rialachán atá beartaithe ceaptha chun leibhéal iomchuí ullmhachta a bhaint amach ar fud na hEorpa, muinín agus comhar a fheabhsú idir na Ballstáit, agus an tionchar ar na custaiméirí a mhaolú má tharlaíonn géarchéim. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, leagtar síos ann rialacha coiteanna agus prionsabail choiteanna nach mór a urramú, chomh maith le sásraí le haghaidh an chomhair trasteorann. .
Níl sé i gceist leis an togra seo, áfach, comhchuibhiú iomlán a dhéanamh agus gach beart a fhorordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Tá gá leis an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit chun dul i ngleic leis na heasnaimh atá ar an gcóras atá ann faoi láthair, ina mbaineann an comhar deonach leis na hoibreoirí córais tarchurtha amháin, agus chun gur féidir fadhbanna a réiteach ar an leibhéal réigiúnacha.
•An rogha ionstraime
Fuarthas amach sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le cinnteacht an tsoláthair leictreachais (an príomhghníomh dlí sa réimse seo) gur tharla de thoradh an chur chun feidhme a rinne na Ballstáit ar phrionsabail a leagadh síos ar leibhéal an Aontais gurbh ann do mheascán de rialacha náisiúnta agus de chleachtais náisiúnta nach raibh ar aon dul le chéile ar fud an Aontais.
Is oiriúnaí an ionstraim é an Rialachán chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme comhleanúnach trédhearcach ar bhearta atá ceaptha géarchéimeanna leictreachais a chosc, a bhainistiú agus ullmhú faoina gcoinne.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir maidir le cinnteacht an tsoláthair le scrúdú ar a feidhmíocht os coinne cúig cinn de chritéir: ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlachta, comhleanúnachas agus breisluach AE. Léirítear torthaí na meastóireachta i sainiú na faidhbe sa mheasúnú tionchair. Is féidir an achoimre seo a leanas a thabhairt ar na príomhchonclúidí:
–bhí an Treoir neamhéifeachtach maidir lena cuspóirí, go háirithe an cuspóir cur le feabhsú chinnteacht an tsoláthair san Eoraip. Tá reachtaíocht is déanaí curtha in ionad cuid d'fhorálacha na Treorach (go háirithe an Tríú Pacáiste agus Rialachán TEN-E); ar an lámh eile, tá bearnaí rialála ann i gcónaí, go háirithe maidir le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú;
–ní ábhartha a thuilleadh an idirghabháil a dhéanfaí faoin Treoir, óir níl a forálacha i gcomhréir a thuilleadh leis na dúshláin atá romhainn sa lá atá inniu ann maidir le cinnteacht an tsoláthair. Toisc go bhfuil ag méadú ar a idirnasctha atá na córais leictreachais, ní féidir a mheas a thuilleadh gur leor aon chur chuige atá go hiomlán náisiúnta; agus
–ba bheag breisluach a thug an Treoir, óir leagadh creat ginearálta síos inti, ach tríd is tríd fágadh faoi na Ballstáit é a gcaighdeáin féin a leagan síos i ndáil le cinnteacht an tsoláthair.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Fuarthas 75 freagra ar chomhairliúchán poiblí maidir le riosca-ullmhacht i réimse chinnteacht an tsoláthair leictreachais (an 15 Iúil go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2015). Inter alia, is ó údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta (an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh), comhlachtaí Eorpacha (an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E)) agus formhór na ngeallsealbhóirí ábhartha (cuideachtaí agus comhlachais) a fuarthas na freagraí. Ba é b'aidhm leis an gcomhairliúchán sin tuairimí na ngeallsealbhóirí a fháil, go háirithe maidir leis an dóigh ar cheart do na Ballstáit ullmhú agus comhar a dhéanamh le chéile, d'fhonn rioscaí do chinnteacht an tsoláthair a shainaithint agus a bhainistiú. Tá achoimre thíos ar phríomhthorthaí an chomhairliúcháin agus ar na freagraí a fuarthas, agus tá sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin freisin. Léirítear na tuairimí éagsúla sa mheasúnú tionchair.
Léirigh an comhairliúchán gur mheas formhór na bhfreagróirí (cuideachtaí, comhlachais agus rialtais) nach leor an creat dlí atá ann faoi láthair (an Treoir maidir le cinnteacht an tsoláthair) chun dul i ngleic leis an idirspleáchas in margadh leictreachais Eorpach atá comhtháite.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Is ar bhonn cnuasach mór ábhair (féach na tagairtí fonóta sa mheasúnú tionchair) a ullmhaíodh an Rialachán atá beartaithe agus an measúnú tionchair a ghabhann leis. Rinneadh athbhreithniú, le haghaidh an mheasúnaithe tionchair go speisialta, ar na rialacha agus ar an cleachtais atá ar fáil sna Ballstáit i láthair na huaire i ndáil le riosca-ullmhacht i réimse chinnteacht an tsoláthair leictreachais.
Le linn phróiseas a dhréachtaithe, pléadh gnéithe éagsúla den togra seo leis na Ballstáit agus leis an geallsealbhóirí ábhartha ag an bhFóram Eorpach um Rialáil Leictreachais (3‑4 Márta 2016) agus ag an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais (16 Samhain 2015 agus 3 Bealtaine 2016).
•Measúnú tionchair
Tacaíodh sa mheasúnú tionchair leis na bearta uile atá molta.
Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh an 4 Samhain 2016.
Rinneadh scagadh ar cheithre rogha beartais sa mheasúnú tionchair:
0+
cur chun feidhme/forfheidhmiú a fheabhsú (cur chuige neamhrialála);
1.
na Ballstáit rialacha íosta a chur chun feidhme;
2.
na Ballstáit rialacha íosta a chur chun feidhme, móide comhar réigiúnach; agus
3.
comhchuibhiú iomlán agus cinnteoireacht ar an leibhéal réigiúnach
Rogha 0+, níor glacadh an rogha seo óir níorbh fhiú an cur chun feidhme agus an forfheidhmiú a fheabhsú toisc nach leagtar síos sa chreat reachtach mar atá sé faoi láthair ach prionsabail ghinearálta agus fágtar rogha fhairsing ag na Ballstáit maidir leis na prionsabail sin a chur chun feidhme.
Rogha 1, is é is aidhm don rogha seo an inchomparáideacht agus an trédhearcacht idir na Ballstáit a mhéadú i réimse na riosca-ullmhachta, ach ní fhreastalaítear inti ar an ngá an comhar trasteorann a fheabhsú.
Rogha 2, tugtar aghaidh sa rogha seo ar go leor de na heasnaimh atá ar rogha 1, agus cuirtear réitigh níos éifeachtaí ar fáil. Go háirithe, tá pleananna a bheadh comhordaithe go réigiúnach ina gcuid den rogha seo. Áiritheoidh na pleananna sin go sainaithneofar rioscaí ar an leibhéal réigiúnacha agus go nglacfar bearta comhsheasmhacha chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú.
Rogha 3, bheadh go leor sáiteoireachta i gceist leis an rogha seo mar chur chuige óir is é is cuspóir di aghaidh a thabhairt ar na rioscaí féideartha trí na prionsabail a chomhchuibhiú ina n‑iomláine agus trí réitigh shonracha a leagan síos.
Is í rogha 2 rogha na tosaíochta.
Cuireadh na héifeachtaí seo a leanas san áireamh agus rogha 2 á scrúdú:
1.
Tionchair eacnamaíocha
Léiríonn an anailís gur fearr a bheidh an ullmhacht do ghéarchéimeanna de thoradh rogha 2, agus é sin ar chostas níos lú a bhuí leis an gcomhar réigiúnach feabhsaithe. Is léir ó na torthaí ar ionsamhlúcháin go mbíonn dea-chomhtháthú na margaí agus an comhar réigiúnach le linn tréimhsí adhaimsire, go mbíonn siad ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na huaireanta nuair a chuirtear an córas faoi strus (uaireanta ardéilimh) agus chun an dóchúlacht go mbrisfear an soláthar leictreachais a íoslaghdú.
Rud is tábhachtaí, le cur chuige atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, tugtar neamhaird ar an gcion is féidir le tíortha comharsanachta a dhéanamh le linn géarchéime, ach le cur chuige réigiúnach is fearr an úsáid a bhaintear as gléasraí cumhachta agus is dealraithí go seachnófar cailleadh lóid. Déantar an cailleadh lóid sin a thomhas leis an táscaire cinnteachta soláthair ar a dtugtar 'fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh' (EENS), is é sin an leictreachas nár seachadadh chuig na tomhaltóirí de dheasca lándorchú agus é sloinnte mar chéatadán den éileamh bliantúil. Nuair a dhéantar comhar idir na Ballstáit, tagann laghdú suntasach ar an gcéatadán den leictreachas nach seachadtar (laghdaítear EENS ón luach 0.36% i gcás an neamhchomhair go dtí an luach 0.02% nuair a dhéantar comhar réigiúnach).
A bhuí le comhar feabhsaithe, laghdófaí costas foriomlán an chórais agus bheadh tionchar dearfach aige sin ar na praghsanna a d'íocfadh na tomhaltóirí. Ní hamhlaidh a bheadh d'uireasa comhar maidir le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú. Bheadh costais bharúlacha suntasacha ann de dheasca na heaspa sin. Léiríodh i staidéar a rinne le déanaí go mbeadh buntáistí suntasacha ag baint le comhtháthú mhargadh leictreachais na hEorpa (EUR 12.5‑40 billiún sa tréimhse go dtí 2030). Laghdófaí an tsuim sin EUR 3‑7.5 billiún dá mbeadh na Ballstáit 'ar a chonlán féin' agus cuspóirí chinnteacht an tsoláthair leictreachais á saothrú acu.
2.
Cé dóibh a dhéanfadh sé difear agus conas?
Beidh tionchar dearfach ag rogha 2 ar an tsochaí i gcoitinne agus go háirithe ar thomhaltóirí leictreachais, óir cuidiú is ea í le géarchéimeanna a chosc agus le gearradh neamhriachtanach agus neamhréireach seirbhíse a sheachaint. Is éifeachtaí fós a bheidh cosc agus bainistiú géarchéimeanna toisc go mbeidh ceangal ar na Ballstáit comhar éifeachtach a dhéanamh agus toisc go gcuirfear uirlisí ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar chinnteacht an tsoláthair trí bhíthin an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais.
Beidh tionchar dearfach ag na bearta ar lucht gnó freisin, óir beidh i bhfad níos mó trédhearcachta agus inchomparáideachta ann maidir le conas a ullmhaíonn na Ballstáit do ghéarchéimeanna agus maidir leis an mbainistiú atá beartaithe acu i gcásanna géarchéime. Méadóidh sin ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh infheisteoirí, lucht ginte cumhachta agus lucht malartaithe cumhachta, agus ina theannta sin, le haghaidh oibreoirí córais tarchurtha nuair a bheidh géarchéimeanna gearrthéarmacha á mbainistiú acu.
Ar na geallsealbhóirí is mó a dhéanfar difear dóibh beidh na húdaráis inniúla (e.g. ranna rialtais, údaráis náisiúnta rialála) toisc go mbeidh siad ina ngníomhaithe a mbeidh sé de chúram orthu na pleananna riosca-ullmhachta a leagan amach (féach thíos an measúnú ar an tionchar ar údaráis phoiblí).
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Thiocfadh leis an togra an t-ualach riaracháin a mhéadú, ach méadú teoranta a bheadh ann. Go sonrach, beidh ar na húdaráis náisiúnta cuid dá bplean riosca-ullmhachta a réamh-chomhaontú ar an leibhéal réigiúnach. Mar sin féin, léiríonn an taithí gur indéanta go teicniúil agus go dlíthiúil cur chuige réigiúnach maidir le measúnú riosca agus riosca-ullmhachta, agus go mbaineann na tomhaltóirí agus an geilleagar ina iomláine tairbhe mhór as a leithéid de chur chuige. Ós lárionaid réigiúnacha comhordaithe, idir oibreoirí córais tarchurtha, a d'ullmhódh na codanna réigiúnacha de na pleananna, bheadh teorainn leis an ualach breise foriomlán ar riaracháin na mBallstát agus is follas go gcúiteodh sochair phraiticiúla an chomhair an t-ualach breise sin.
Le tuilleadh comhair réigiúnaigh beidh na Ballstáit in ann sineirgíochtaí a chruthú, foghlaim óna chéile agus cleachtais nua a cheapadh go comhpháirteach. Le himeacht ama, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an ualach riaracháin dá bharr sin.
Cuirfidh na gníomhaithe ar an leibhéal Eorpach, an Coimisiún agus ENTSO-E mar shampla, Treoir ar fáil agus éascóidh siad próiseas an ullmhúcháin do rioscaí agus an bhainistithe. Laghdóidh sin an tionchar riaracháin ar na Ballstáit freisin.
Ní chruthófar aon chomhlacht nua agus déanfar simpliú ar na hoibleagáidí atá ann cheana. Mar shampla, comhlacht atá ann cheana agus a thagann le chéile go tráthrialta is ea an Grúpa Comhordaithe Leictreachais; táthar ag iarraidh an Grúpa sin a dhéanamh níos éifeachtaí trí sainchúram a thabhairt dó. Thairis sin, laghdófar na hoibleagáidí náisiúnta maidir le tuairisc a thabhairt (e.g. aisghairfear an oibleagáid in Airteagal 4 den Treoir maidir le leictreachas) agus is trí na tuarascálacha agus na hoibleagáidí tuairisc a thabhairt atá ann cheana (e.g. an tuarascáil bhliantúil de chuid ACER ina ndéantar faireachán ar na margaí inmheánacha leictreachais agus gáis) a thabharfar tuairisc ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl d'impleacht bhuiséadach ag an togra seo ach a mhéid a bhaineann le hacmhainní na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER). Tá tuairisc ar an impleacht sin sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra comhthreomhar ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán lena mbunaítear ACER.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na mbeart atá sa Rialachán seo ag na Ballstáit. Más gá, cuirfidh sé cuidiú ar fáil dóibh na hathruithe is gá a dhéanamh ar a reachtaíocht náisiúnta agus reáchtálfaidh sé ceardlanna leis an Ballstáit uile (e.g. tríd an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais) nó cruinnithe déthaobhacha maidir le pleananna riosca-ullmhachta a dhréachtú. Más gá, leanfaidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonfadh aon Bhallstát a dhualgas dlí an Aontais a chur chun feidhme
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar bhonn leanúnach ar chinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach i gcomhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá sa Rialachán athbhreithnithe na heilimintí seo a leanas:
1.Rialacha coiteanna maidir le cosc géarchéimeanna agus uirlisí chun comhar trasteorann a áirithiú:
·Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú le bheith i gceannas ar na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh, go háirithe an plean riosca-ullmhachta a dhréachtú;
·Ní mór do na Ballstáit pleananna riosca-ullmhachta a tharraingt suas, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, chun uas-ullmhacht do ghéarchéimeanna leictreachais a áirithiú agus chun bainistiú éifeachtach ar na géarchéimeanna sin a áirithiú má thagann ann dóibh. Ba cheart na pleananna a fhorbairt ar bhonn cásanna géarchéime leictreachais a shainaithníonn ENTSO-E agus na Ballstáit, faoi seach, agus ba cheart go leagfaí amach iontu na bearta a phleanáiltear nó a dhéantar chun na cásanna sin a chosc nó a mhaolú.
·Sula nglacfaidh sé plean, ba cheart don údarás inniúil dréacht de a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil eile sa réigiún agus faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachas mar chomhairliúchán. Tar éis an chomhairliúcháin, ba cheart an plean deiridh a chur chuig an gCoimisiún, a phoibliú agus a thabhairt chun dáta gach trí bliana, ach amháin má fhágann na cúinsí gur gá é a thabhairt chun dáta níos minice;
·Is ceart dhá chuid a bheith sna pleananna ina leagtar amach na bearta náisiúnta agus na bearta comhordaithe a comhaontaíodh i measc na mBallstát i ngach réigiún. Is ceart go gcuirfí san áireamh iontu saintréithe gach Ballstáit agus go leagfaí amach go soiléir róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil.
·Ba cheart na bearta ar fad atá sna pleananna a bheith trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach, infhíoraithe agus leagtha amach go soiléir. Níor cheart dóibh cinnteacht an tsoláthair leictreachais i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine a chur i mbaol; agus
·Ba cheart bearta a bheith ar áireamh sna pleananna lena n-áiritheofar go ndéanfar géarchéimeanna comhuaineacha a chosc agus a bhainistiú go cuí. Ní mór iad a chomhaontú go réigiúnach agus ní mór an méid seo a leanas ar a laghad a bheith iontu:
(a)ainmniú bainisteora géarchéime réigiúnaigh nó foirne géarchéime réigiúnaí;
(b)sásra don chomhroinnt, don mhalartú eolais agus don chomhar laistigh de réigiún;
(c)bearta chun tionchar géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear géarchéim chomhuaineach (e.g. pleananna lódsceite réigiúnacha nó socruithe eile le haghaidh cúnamh frithpháirteach);
(d)aon scéimeanna cúitithe costais a bhaineann leis na socruithe cúnaimh; agus
(e)nósanna imeachta chun tástálacha bliantúla a dhéanamh ar na pleananna.
2.Géarchéimeanna leictreachais a bhainistiú:
·Leagtar síos leis an Rialachán seo nach mór do na Ballstáit na Ballstáit chomharsanachta agus an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill má tharlaíonn géarchéim leictreachais. Ina theannta sin, ba cheart dóibh faisnéis a thabhairt maidir leis na cúiseanna atá leis an ngéarchéim, leis na bearta atá déanta agus atá pleanáilte chun an ghéarchéim a mhaolú, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile;
·Ní mór do na Ballstáit an Coimisiún agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais a chur ar an eolas má tá acu faisnéis shonrach, thromchúiseach agus iontaofa go bhfuil an baol ann go dtarlóidh teagmhas ar dócha go dtiocfaidh dá bharr meathlú suntasach ar an soláthar leictreachais;
·Ní mór do na Ballstáit comhar a dhéanamh de mheon dlúthpháirtíochta chun ullmhú do ghéarchéimeanna leictreachais agus chun iad a bhainistiú, d'fhonn a áirithiú go seachadfar leictreachas, ar cúiteamh, chuig an áit is géire a dhíth; agus
·Má tharlaíonn géarchéim leictreachais, ní mór do bhearta na mBallstát a bheith go hiomlán i gcomhréir le rialacha an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Ní fhéadfar bearta neamhmhargaidh a úsáid ach amháin mura mbíonn an dara rogha ann, agus caithfidh siad a bheith riachtanach, comhréireach, neamhidirdhealaitheach agus sealadach.
3.Táscairí chinnteacht an tsoláthair agus measúnuithe riosca:
·Leagtar síos sa togra nach mór do ENTSO-E modheolaíocht a fhorbairt chun cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint ar an leibhéal réigiúnach, agus na rioscaí seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:
(a)guaiseacha nádúrtha idir annamh agus ainscianta;
(b)guaiseacha taismeacha nach gcuimsítear faoi chritéar slándála N-1;
(c)guaiseacha iarmhartacha, amhail ganntanas breosla; agus
(d)ionsaithe mailíseacha;
·Agus an plean riosca-ullmhachta á ullmhú, ba cheart do ENTSO-E agus do na Ballstáit an mhodheolaíocht sin a úsáid chun na cásanna géarchéime is ábhartha a shainaithint; agus
·Ba cheart do ENTSO-E modheolaíocht a fhorbairt chun an leordhóthanacht ghearrthéarmach a mheasúnú, is é sin réamhaisnéisí maidir leis an leordhóthanacht shéasúrach chomh maith leis an leordhóthanacht giniúna don tseachtain dár gcionn agus an leordhóthanacht giniúna ionlae. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht sin faofa ag ACER, is ceart do na Ballstáit agus ENTSO-E í a úsáid ina measúnuithe gearrthéarmacha. Comhlánú é an measúnú leordhóthanachta gearrthéarmaí ar an measúnú leordhóthanachta fadtéarmaí atá molta sa Rialachán athbhreithnithe maidir le leictreachais, ina n-áirithítear measúnú comhordaithe Eorpach ar leordhóthanacht chun an gá atá le sásraí acmhainneachta a mheas.
4.Meastóireacht agus faireachán:
·Chun an trédhearcacht a áirithiú d’aithle géarchéim leictreachais, ba cheart do na Ballstáit atá thíos leis an ngéarchéim meastóireacht ex post a dhéanamh ar an ngéarchéim gona hiarmhairtí.
·Cuimsítear sa togra faireachán córasach, tríd an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais, ar chinnteacht an tsoláthair leictreachais san Aontas Eorpach.
2016/0377 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá athrú ó bhonn ag teacht ar earnáil an leictreachais san Aontas, agus ar shaintréithe an athraithe sin tá margaí níos díláraithe ina bhfuil níos mó gníomhaithe, córais atá idirnasctha ar bhealach is fearr agus cion níos mó de fhuinneamh in-athnuaite. Dá bharr sin, is é is aidhm ag Treoir xxx / Rialachán xxx [Tagairt don Treoir agus don Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas] feabhas a chur ar an gcreat dlí lena rialaítear margadh inmheánach an leictreachais san Aontas, ionas go n-áiritheofar go bhfeidhmeoidh na margaí agus na líonraí ar bhealach optamach, ar mhaithe le gnólachtaí agus tomhaltóirí.
(2)Margaí agus córais a fheidhmíonn go maith, sin an ráthú is fearr ar chinnteacht an tsoláthair Fiú agus na margaí agus na córais ag feidhmiú go maith, áfach, ní féidir an baol a chur as an áireamh go dtarlódh géarchéim leictreachais de dheasca adhaimsire, ionsuithe mailíseacha nó ganntanas breosla. Is minic tionchar ag géarchéim a sháraíonn na teorainneacha náisiúnta. Fiú nuair is teagmhas áitiúil atá i gceist ar dtús, is féidir a éifeachtaí leitheadú go mear thar theorainneacha. Féadann anchúinsí áirithe, amhail tréimhse fhuar, tonn teasa nó cibear-ionsaí, cur as do réigiúin ina n-iomláine ag aon am amháin.
(3)Toisc margaí agus córais an leictreachais a bheith idirnasctha, ní féidir breathnú ar chosc agus bainistiú géarchéimeanna mar chúram atá go hiomlán náisiúnta. Tá gá le creat coiteann rialacha agus nósanna imeachta comhordaithe chun a áirithiú go gcomhoibreoidh na Ballstáit agus gníomhaithe eile go héifeachtach thar theorainneacha de mheon trédhearcachta agus dlúthpháirtíochta.
(4)Leagtar amach i dTreoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na bearta riachtanacha ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun cinnteacht an tsoláthair leictreachais i gcoitinne a áirithiú. Tá reachtaíocht is déanaí curtha in ionad na mórchoda d'fhorálacha na Treorach sin, go háirithe maidir leis an gcaoi ar cheart margaí a eagrú chun a áirithiú go bhfuil leordhóthain acmhainne le fáil, maidir leis an gcaoi ar cheart d'oibreoirí córais tarchurtha comhoibriú chun cobhsaíocht chórais a ráthú agus maidir leis an ngá a áirithiú go bhfuil bonneagar iomchuí faoi réir. Is ar shaincheist na ngéarchéimeanna in earnáil an leictreachais a chosc agus a bhainistiú atá an Rialachán seo dírithe.
(5)Comhdhéanann na treoirlínte oibríochta córais agus an cód líonra maidir le héigeandálaí agus athbhunú sraith rialacha mionsonraithe lena rialaítear an chaoi ar cheart d'oibreoirí córais tarchurtha agus do ghníomhaithe ábhartha eile gníomhú agus comhoibriú chun cinnteacht an chórais a áirithiú. Ba cheart go n-áiritheodh na rialacha teicniúla sin go ndéileálfaí go héifeachtach ar an leibhéal oibríochta le formhór na dteagmhas leictreachais. Tá an Rialachán seo dírithe ar ghéarchéimeanna leictreachais a bhféadfadh scála agus tionchar ní ba mhó a bheith ag baint leo. Leagtar amach ann an méid ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun géarchéimeanna dá leithéidí a chosc agus na bearta ab fhéidir leo a dhéanamh sa chás nár leor na rialacha oibríochta córais, astu féin, a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart cloí go hiomlán leis na rialacha oibríochta córais, fiú le linn géarchéimeanna.
(6)Sa Rialachán seo, leagtar amach creat coiteann rialacha maidir le conas géarchéimeanna leictreachais a chosc, a bhainistiú agus conas ullmhú faoina gcoinne, tugtar isteach níos mó trédhearcachta i gcéim an ullmhúcháin agus linn na géarchéime leictreachais, agus áirithítear go ndéanfar, fiú le linn géarchéimeanna, leictreachas a sheachadadh chuig an áit is géire a dhíth. Éilíonn sé ar na Ballstáit comhoibriú ar an leibhéal réigiúnach, de mheon dlúthpháirtíochta. Leagtar amach ann freisin creat le haghaidh faireachán éifeachtach ar chinnteacht an tsoláthair san Eoraip trí bhíthin an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Ba cheart breis ullmhachta do rioscaí, ar chostas is lú, a beith mar thoradh air sin. Ina theannta sin, ba cheart an margadh inmheánach a neartú leis, tríd an trust agus an mhuinín i measc na mBallstát a fheabhsú agus trí chosc a chur ar idirghabhálacha mí-oiriúnacha stáit le linn géarchéimeanna, go háirithe lena sheachaint go gcuirfí srianta míchuí le sreabhadh trasteorann.
(7)Cuirtear rialacha ginearálta ar fáil sa
Treoir maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise
(an Treoir maidir leis an gCibearshlándáil), agus déanfar rialacha sonracha maidir leis an gCibearshlándáil a fhorbairt trí chód líonra dá bhforáiltear i [an Rialachán maidir le leictreachas atá beartaithe]. Comhlánú é an Rialachán seo ar an Treoir maidir leis an gCibearshlándáil toisc go n-áiritheoidh sé go ndéanfar cibeartheagmhais a shainaithint go cuí mar rioscaí, agus go mbeidh na bearta a dhéanfar chun déileáil leo léirithe go cuí sna pleananna ullmhachta do rioscaí.
(8)Leagtar síos i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle próiseas arb é is aidhm leis feabhas a chur ar chinnteacht bonneagair ainmnithe ríthábhachtaigh Eorpaigh, lena n‑áirítear codanna áirithe den bhonneagar leictreachais, san Aontas. Cuidíonn Treoir 2008/114/CE agus an Rialachán seo, i dteannta a chéile, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith chinnteacht fuinnimh an Aontais.
(9)I dTreoir Uimh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta leagtar amach ceanglais ar na Ballstáit measúnuithe riosca a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal fonáisiúnta iomchuí gach trí bliana, agus an phleanáil maidir le bainistiú rioscaí tubaiste a fhorbairt agus a bheachtú. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sa Rialachán seo le haghaidh cosc ar rioscaí, ullmhacht do rioscaí agus pleanáil do rioscaí, ba cheart iad a bheith comhleanúnach leis na measúnuithe riosca níos leithne ar ilghuaiseacha a cheanglaítear faoi Threoir Uimh. 1313/2013/AE.
(10)Chun cosc ar ghéarchéimeanna leictreachais, malartú faisnéise fúthu agus meastóireacht ex post orthu a éascú, ba cheart do na Ballstáit aon údarás inniúil amháin a ainmniú ina phointe teagmhála. Féadfaidh an t-eintiteas sin a bheith ann cheana féin nó bheith nua.
(11)Ar mhaithe le cur chuige coiteann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna is gá, thar aon ní eile, go n-úsáidfidh na Ballstáit na modhanna agus na sainmhínithe céanna chun na rioscaí a shainaithint a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair leictreachais agus go mbeidh siad in ann comparáid éifeachtach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht sa réimse sin i dtaca lena gcomharsana. Sainaithnítear sa Rialachán dhá tháscaire le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chinnteacht an tsoláthair leictreachais san Aontas: 'fuinneamh a rabhthas ag leis ach nár seachadadh' (EENS), arna shloinneadh in GWh/bliain, agus 'ionchas caillte lóid' (LOLE), arna shloinneadh in uaireanta/bliain. Cuid is ea na táscairí sin den mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, measúnú a rinne an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) de bhun [Airteagal 19 den Rialachán maidir le leictreachas atá beartaithe]. Déanfaidh an Grúpa Comhordaithe Leictreachais faireachán tráthrialta ar chinnteacht an tsoláthair bunaithe ar thorthaí na dtáscairí sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (an 'Ghníomhaireacht') na táscairí sin a úsáid freisin agus tuairisc á tabhairt aici ar fheidhmíocht na mBallstát i réimse na cinnteachta soláthair ina tuarascálacha bliantúla faireacháin ar mhargaí leictreachais, de bhun [Airteagal 16 de Rialachán ACER atá beartaithe].
(12)Chun a áirithiú gur comhleanúnach na measúnuithe riosca a chothóidh muinín i measc na mBallstát le linn géarchéime, tá gá le cur chuige comhchoiteann maidir le cásanna riosca a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart do ENTSO-E modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt maidir le sainaithint riosca, agus é sin i gcomhar leis an nGníomhaireacht; ENTSO-E a mholfaidh an mhodheolaíocht agus an Ghníomhaireacht a fhaomhfaidh í.
(13)Ar bhonn na modheolaíochta comónta seo, is ceart do ENTSO-E cásanna géarchéime réigiúnacha a ullmhú agus a nuashonrú agus na rioscaí is ábhartha, lena n-áirítear adhaimsir, tubaistí nádúrtha, ganntanas breosla nó ionsaithe mailíseach, a shainaithint i gcás gach réigiúin. Agus meas á dhéanamh ar chás géarchéime – abair ganntanas gáis – is ceart riosca ar nós shuaitheadh an tsoláthair gháis a mheasúnú bunaithe ar na cásanna suaite bonneagair a d’fhorbair an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis de bhun Airteagal 6.6 den Rialachán maidir le Cinnteacht an tSoláthair Gáis [an Rialachán atá beartaithe maidir le Cinnteacht an tSoláthair Gáis]. Is ceart do na Ballstáit na cásanna géarchéime náisiúnta a bhunú agus a nuashonrú ar an mbonn seo, i bprionsabal, gach trí bliana. Is ceart go mbeadh na teagmhais sin ina mbunús leis na pleananna riosca-ullmhachta. Agus rioscaí ar an leibhéal náisiúnta á sainaithint acu, is ceart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh freisin ar aon riosca féideartha is léir dóibh féin i dtaca le húinéireacht an bhonneagair sin is ábhartha do chinnteacht an tsoláthair, agus na bearta féideartha a glacadh, má glacadh a leithéidí, chun dul i ngleic le rioscaí den chineál sin (amhail dlíthe ginearálta nó earnáil-sonracha chun infheistíochtaí a scagadh, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.), mar aon leis an gcúis, dar leo, a bhfuil gá leis na bearta sin.
(14)Is le cur chuige réigiúnach maidir le riosca-theagmhais a shainaithint agus bearta coisctheacha agus maolúcháin a fhorbairt is féidir iarrachtaí a chomhordú, comhordú a dtiocfaidh tairbhí móra de i dtéarmaí éifeachtacht na mbeart agus barrfheabhas a bhaint as acmhainní. Ina theannta sin, i gcás géarchéim leictreachais chomhuaineach, áiritheofar freagairt chomhsheasmhach ach chur chuige comhordaithe agus comhaontaithe a bheith ann roimh ré, agus maolófar an baol go mbeidh éifeachtaí diúltacha trasteorann ar na Ballstáit chomharsanachta ag aon bheart nár glacadh ach ar bhonn náisiúnta. Éilítear, dá réir sin, leis an Rialachán seo, an comhar i measc na mBallstát ar an leibhéal réigiúnach.
(15)Mar a dúradh sa [Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas], is ceart go ndéanfadh na láraonaid oibríochta réigiúnacha measúnú rialta ar na rioscaí ábhartha ós iad atá freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar theagmhais dá leithéidí. Chun a áirithiú go gcuireann siad a gcúraimí i gcrích go héifeachtach agus go ngníomhaíonn siad go dlúth leis na húdaráis ábhartha náisiúnta d’fhonn teagmhais mhórscála a chosc agus a mhaolú, ba cheart don chomhar réigiúnach is dlite de bhun an Rialacháin seo cur leis na struchtúir chomhoibre réigiúnacha a úsáidtear ar an leibhéal teicniúil, mar atá na Ballstáit sin a roinneann an lárionad oibríochta réigiúnach céanna.
(16)Leagtar síos sa [Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas] go n-úsáidfear modheolaíocht chomónta don mheasúnú meán- agus fadtéarmach Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní (ó 10 mbliana chun cinn go haon bhliain amháin chun cinn) d’fhonn a áirithiú gur ar bhonn trédhearcach agus comhaontaithe a dhéanfaidh na Ballstáit Cinneadh maidir le riachtanais fhéideartha infheistíochta. Ní hionann cuspóir don mheasúnú sin agus do na measúnuithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach a úsáidtear chun fadhbanna féideartha a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath in achar ama gearr, mar atá réamhaisnéisí séasúracha (sé mhí chun cinn) agus measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn agus ar an leordhóthanacht ionlae. Maidir le measúnuithe gearrthéarmacha, teastaíonn cur chuige comónta i ndáil leis an gcaoi a ndéantar fadhbanna a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath. Tá faoi ENTSO-E réamhaisnéis gheimhridh agus samhraidh a eisiúint chun na Ballstáit agus oibreoirí córais tarchurtha a chur ar a n-airdeall maidir le rioscaí (a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair) ab fhéidir dóibh tarlú sna sé mhí dár gcionn. Mar fheabhas ar na réamhaisnéisí sin, is ceart iad a bhunú ar mhodheolaíocht dhóchúlaíoch chomónta arna moladh ag ENTSO-E agus arna formheas ag an nGníomhaireacht. Chun treise a chur leis an gcur chuige réigiúnach maidir le measúnú riosca, is ceart go mbeadh ar chumas ENTSO-E tarmligean a dhéanamh chuig na lárionaid oibríochta réigiúnacha ar chúraimí a bhaineann leis na réamhaisnéisí séasúracha.
(17)Is ceart gurb í an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na réamhaisnéisí séasúracha a ullmhú a chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus na lárionaid oibríochta réigiúnacha i bhfeidhm agus aon chineál measúnachta gearrthéarmach eile ar siúl acu, mar atá na réamhaisnéisí maidir le leordhóthanacht giniúna don tseachtain dár gcionn agus don leordhóthanacht ionlae dá bhforáiltear sa Rialachán ón gCoimisiún lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais.
(18)Chun a áirithiú go mbeidh ann cur chuige comónta maidir le cosc agus bainistiú géarchéime, is ceart don údarás inniúil i ngach Ballstát, ar dhul i gcomhairle dóibh leis na geallsealbhóirí, plean riosca-ullmhachta a ullmhú. Is ceart bearta atá éifeachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach a leagan amach sna pleananna sin chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna géarchéime ar fad a sainaithníodh. Is ceart go dtiocfadh de na pleananna sin an trédhearcacht, go háirithe i dtaca leis na dálaí inar féidir bearta neamh-mhargaidh a ghlacadh mar mhaolú ar chásanna géarchéime. Is ceart go mbeadh gach beart neamh-mhargaidh atá á bheartú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(19)Is ceart dhá chuid a bheith sna pleananna sin, ina leagtar amach na bearta náisiúnta agus na bearta réigiúnacha a comhaontaíodh i measc Bhallstáit an réigiúin. Is den riachtanas go mbeadh bearta réigiúnacha ann go mór mór má tharlaíonn géarchéim chomhuaineach óir áiritheofar freagairt chomhsheasmhach agus maolú ar an mbaol go dtarlóidh éifeachtaí diúltacha trasteorann ach cur chuige comhordaithe agus comhaontaithe a bheith ann roimh ré. Is ceart go gcuirfí san áireamh sna pleananna saintréithe an Bhallstáit agus go leagfaí amach go soiléir róil agus freagrachtaí na n‑údarás inniúil. Is ceart go gcuirfí san áireamh go hiomlán sna bearta náisiúnta na bearta réigiúnacha a comhaontaíodh agus go mbainfí lánbhuntáiste as na deiseanna a eascraíonn as an gcomhar réigiúnach. Is ceart do na pleananna a bheith teicniúil agus oibríochtúil ó nádúr ar an ábhar gurb é is feidhm dóibh cosc a chur ar ghéarchéim nó ar fhorbairt géarchéime leictreachais agus a tionchar a mhaolú.
(20)Is ceart na pleananna a nuashonrú go rialta. Chun a áirithiú go bhfanann na pleananna éifeachtach agus cothrom le dáta, is ceart do na húdaráis inniúla i ngach réigiún cleachtaí bliantúla a eagrú i gcomhar leis na lárionaid oibríochta réigiúnacha chun oiriúnacht na bpleananna a thástáil.
(21)Is ceart do na teimpléid ullmhú na bpleananna agus an comhairliúchán leis na Ballstáit eile sa réigiún ábhartha agus leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais a éascú. Is ceart go n-áiritheodh an comhairliúchán laistigh den réigiún agus leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais nach bhfágann aon bheart dá nglactar i mBallstát nó i réigiún ar leith cinnteacht an tsoláthair i mBallstát nó i réigiún eile i mbaol.
(22)Is den riachtanas go ndéanfaí faisnéis a mhalartú le linn géarchéime chun an ghníomhaíocht chomhordaithe agus cúnamh spriocdhírithe a áirithiú. Dá bhrí sin, leagtar síos leis an Rialachán seo nach mór do na Ballstáit na Ballstáit chomharsanachta agus an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill má tharlaíonn géarchéim leictreachais. Ina theannta sin, is ceart dóibh faisnéis a thabhairt maidir leis na cúiseanna atá leis an ngéarchéim, leis na bearta a glacadh chun an ghéarchéim a mhaolú, agus leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile. I gcás ina mbíonn níos mó i gceist leis an gcúnamh sin ná cinnteacht an tsoláthair leictreachais, is é an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an creat dlíthiúil a mbeidh feidhm aige.
(23)Is den tábhacht go n-éascófaí an chumarsáid agus an fheasacht idir na Ballstáit aon uair a bheidh acu faisnéis shonrach, thromchúiseach agus iontaofa go bhfuil an baol ann go dtarlóidh teagmhas ar dócha go dtiocfaidh dá bharr meathlú suntasach ar an soláthar leictreachais. Ina leithéid de chás, is ceart do na Ballstáit an Coimisiún agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais a chur ar an eolas gan mhoill, agus faisnéis a thabhairt, go háirithe faoi chúis an mheathlaithe, faoi na bearta atá á bpleanáil chun an ghéarchéim leictreachais a chosc agus faoin ngá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile.
(24)I gcás ina dtarlaíonn géarchéim leictreachais, is ceart do na Ballstáit cuidiú le chéile de mheon dlúthpháirtíochta agus a áirithiú go seachadtar leictreachas san áit sin is géire a dhíth. Is ceart an comhar seo a bheith bunaithe ar na bearta réamhaontaithe a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta. Agus comhaontú á dhéanamh maidir leis an gcomhar sin, is ceart do na Ballstáit tosca sóisialta agus eacnamaíocha a thabhairt san áireamh, lena n-áirítear sábháilteacht na saoránach, agus an chomhréireacht. Moltar dóibh an dea-chleachtas a roinnt le chéile agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais a úsáid mar phléfhóram chun na roghanna atá ar fáil i dtaca le socruithe comhair agus dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear sásraí cúitimh, a shainaithint. Féadfaidh an Coimisiún ullmhú na mbeart comhordaithe réigiúnach sna réigiúin atá i gceist a éascú.
(25)Leis an Rialachán seo, is ceart go mbeadh gnóthais agus custaiméirí leictreachais – le linn géarchéim leictreachais – in ann brath ar shásraí an mhargaidh faoi mar a leagtar síos iad sa [Treoir atá beartaithe maidir le leictreachas agus sa Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas] a fhad is féidir sin. Is ceart cloí leis na rialacha lena rialaítear an margadh inmheánach agus na rialacha oibríochta córais, fiú le linn géarchéime. Is éard a chiallaíonn an méid sin nach ceart bearta neamh-mhargaidh, amhail díscor éilimh éigeantach nó soláthar breise atá lasmuigh de ghnáthfheidhmíocht an mhargaidh, a úsáid ach mar rogha na péice, tráth nach leor feasta féidearthachtaí uile an mhargaidh. Dá bhrí sin, ní ceadmhach díscor éilimh éigeantach a thabhairt isteach nó go mbeifear tar éis triail a bhaint as gach féidearthacht dá mbaineann le díscor soláthair aontaitheach. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh gach beart neamh-mhargaidh a ghlactar riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach.
(26)Chun an trédhearcacht a áirithiú d’aithle géarchéim leictreachais, is ceart do na Ballstáit atá thíos leis an ngéarchéim meastóireacht ex post a dhéanamh ar an ngéarchéim gona hiarmhairtí, agus an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann a bheith páirteach sa mheastóireacht sin. Is ceart go gcuirfí san áireamh sa mheastóireacht a dhéanfar, inter alia, éifeachtúlacht, comhréireacht, agus costas eacnamaíoch na mbeart a glacadh. Is ceart go gcuimseofaí freisin cúinsí trasteorann amhail tionchar na mbeart ar Bhallstáit eile agus leibhéal an chúnaimh a fuarthas uatha.
(27)De bhíthin na gceanglas trédhearcachta, is ceart go n-áiritheofaí go gcloíonn gach beart a ghlactar chun cásanna géarchéime a chosc nó a bhainistiú le rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus go luíonn siad le prionsabail an chomhair agus na dlúthpháirtíochta is bun leis an Aontas Eorpach.
(28)Sa bhliain 2012, cruthaíodh an Grúpa Comhordaithe Leictreachais mar fhóram trína bhféadfaí faisnéis a mhalartú agus lena bhféadfaí an comhar a chur chun cinn i measc na mBallstát, go háirithe i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Leis an Rialachán seo, déantar a ról a threisiú. Is ceart dó cúraimí sonracha a dhéanamh, go háirithe i dtaca le hullmhú na bpleananna riosca-ullmhachta, agus ról tábhachtach a bheith aige i dtaca le faireachán ar fheidhmíocht na mBallstát a mhéid a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair leictreachais agus le forbairt an dea-chleachtais ar an mbonn sin.
(29)D’fhéadfadh sé go ngabhfadh géarchéim thar teorainn amach a fhad le tíortha de chuid an Chomhphobail Fuinnimh, atá lasmuigh den Aontas. Chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtúil nuair is ar teorainn (idir Ballstáit an Aontais agus na Páirtithe Conarthacha) a tharlaíonn an ghéarchéim, is ceart don Aontas dlúthchomhar a dhéanamh le Comhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus géarchéim leictreachais á cosc agus á bainistiú, agus é ag ullmhú faoina coinne.
(30)I dtaca leis an riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais, ba cheart – ar mhaithe le freagairt thapa ón Aontas ar chúinsí athraitheacha – an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar theimpléid le haghaidh pleananna riosca-ullmhachta. Is den tábhacht, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, is ceart dó a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, in éineacht, go pras, agus ar an dóigh iomchuí.
(31)Na Ballstáit a ghníomhaíonn leo féin, ní féidir leo cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go sásúil, eadhon an riosca-ullmhacht is éifeachtaí agus is éifeachtúla a áirithiú don Aontas. I bhfianaise scála nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(32)Ba cheart Treoir 2005/89/CE a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le comhar na mBallstát i dtaca le géarchéimeanna leictreachais a chosc agus a bhainistiú, agus ullmhú faoina gcoinne, de mheon dlúthpháirtíochta agus trédhearcachta agus ag féachaint go hiomlán do na riachtanais a bhíonn ag margadh iomaíoch inmheánach leictreachais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
5.Chun críche an Rialacháin seo, is iad na sainmhínithe atá in Airteagal 2 den Treoir maidir le leictreachas [an Treoir atá beartaithe maidir le leictreachas] agus in Airteagal 2 den Rialachán maidir le leictreachas [an Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas] is infheidhme.
6.Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘cinnteacht an tsoláthair leictreachais’ an acmhainn atá ag córas leictreachais soláthar leictreachais a ráthú gan bhriseadh do thomhaltóirí de réir leibhéal feidhmíochta arna shainiú go soiléir;
(b)ciallaíonn ‘géarchéim leictreachais’ staid ina bhfuil ganntanas suntasach leictreachais nó nach féidir leictreachas a sheachadadh chuig na tomhaltóirí deiridh, bíodh an staid sin ann nó ar tí a bheith ann;
(c)ciallaíonn ‘géarchéim chomhuaineach’ géarchéim leictreachais a chuireann as do níos mó na Ballstát amháin in éineacht;
(d)ciallaíonn ‘bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime’ duine, nó grúpa daoine, nó institiúid dar cúram gníomhú mar phointe teagmhála, agus a dhéanann comhordú ar an sreabhadh faisnéise le linn géarchéime;
(e)ciallaíonn ‘beart neamh-mhargaidh’ aon bheart a dhírítear ar an soláthar nó ar an éileamh agus nach gcloíonn le rialacha an mhargaidh nó le comhaontuithe tráchtála d’fhonn géarchéim leictreachais a mhaolú;
(f)ciallaíonn ‘réigiún’ grúpa Ballstát a bhfuil an lárionad oibríochta réigiúnach céanna acu a cruthaíodh de bhun Airteagal 33 den Rialachán maidir le leictreachas [an Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas].
Airteagal 3
An t-údarás inniúil
1.A luaithe is féidir, agus faoin [OPOCE to insert exact date: trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo ] ar a dhéanaí, ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta rialtais nó rialála ina údarás inniúil aige féin a mbeidh de chúram air na tascanna sin a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh. Comhoibreoidh údaráis inniúla lena chéile chun críocha an Rialacháin seo.
2.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir le hainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a luaithe a ainmneofar é.
Caibidil II
Measúnú riosca
Airteagal 4
Measúnuithe ar chinnteacht an tsoláthair
Áiritheoidh gach Ballstát go measúnaítear gach riosca dá mbaineann le cinnteacht an tsoláthair leictreachais i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus in Airteagal 18 den Rialachán maidir le leictreachas [an Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas]. Chuige sin, comhoibreoidh siad le ENTSO-E agus leis na lárionaid oibríochta réigiúnacha.
Airteagal 5
Modheolaíochtaí lena sainaithneofar cás géarchéime leictreachais ar leibhéal réigiúnach
1.Faoi [OPOCE to insert exact date: dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo], cuirfidh ENTSO-E faoi bhráid na Gníomhaireachta moladh le haghaidh modheolaíocht lena sainaithneofar na cásanna géarchéime leictreachais sin is ábhartha i gcomhthéacs réigiúnach.
2.Ar bhonn na rioscaí seo a leanas, ar a laghad, a shainaithneofar na cásanna géarchéime sin:
(a)guaiseacha nádúrtha idir annamh is ainscianta;
(b)guaiseacha taismeacha nach gcuimsítear faoi chritéir shlándála N-1;
(c)guaiseacha iarmhartacha lena n-áirítear ganntanas breosla;
(d)ionsaithe mailíseacha.
3.Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mhodheolaíocht a mholfar:
(a)gach imthosca ábhartha náisiúnta agus réigiúnach a chur san áireamh;
(b)idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí lastall de theorainn;
(c)cleachtaí ar chásanna géarchéime comhuaineacha;
(d)rangú ar rioscaí de réir tionchair agus dóchúlachta.
I gcomhthéacs rioscaí a shainaithint de bhun mhír 2(c), agus meas á dhéanamh ar an mbaol atá ann go suaithfí an soláthar gáis, is iad na cásanna suaite a bhaineann le soláthar agus bonneagar an gháis, a d’fhorbair an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis de bhun Airteagal 6.6 den Rialachán maidir le Cinnteacht an tSoláthair Gáis [ an Rialachán atá beartaithe maidir le Cinnteacht an tSoláthair Gáis], a úsáidfidh ENTSO-E.
4.Sula dtíolacfar an mhodheolaíocht atá á moladh, rachaidh ENTSO-E i mbun comhairliúcháin lena mbeidh baint ar a laghad ag na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal agus ar thomhaltóirí, ag oibreoirí an chórais dáileacháin, ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta eile. Cuirfidh ENTSO-E san áireamh go cuí torthaí an chomhairliúcháin sin.
5.Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis di an mhodheolaíocht atá á moladh a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht a bhfuil á mholadh a fhormheas nó a leasú. Más leasú a dhéanfar, rachaidh sí i gcomhairle le ENTSO-E sula nglaca sí an leagan leasaithe agus foilseoidh sí sin ar a suíomh gréasáin féin.
6.Déanfaidh ENTSO-E nuashonrú agus feabhsú ar an modheolaíocht go rialta i gcomhréir le mír 1 go mír 5. Ach bonn cirt a bheith leis an iarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí a leithéid de nuashonrú agus d’fheabhsú. Tráth nach déanaí ná sé mhí ó thráth déanta na hiarrata, déanfaidh ENTSO-E dréacht de na hathruithe atá á moladh a thíolacadh don Ghníomhaireacht. Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis di an dréacht sin a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht na hathruithe a leasú nó a fhormheas agus an dréacht a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin féin.
Airteagal 6
Cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint ar leibhéal réigiúnach
1.Faoi [OPOCE to insert exact date: deich mí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo ] agus arna bhunú ar an modheolaíocht a glacadh de bhun Airteagal 5, déanfaidh ENTSO-E na cásanna géarchéime leictreachais is ábhartha dá mbaineann le gach réigiún a shainaithint. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann le sainaithint na gcásanna géarchéime réigiúnacha sin a tharmligean chuig na lárionaid oibríochta réigiúnacha.
2.Déanfaidh ENTSO-E na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a sainaithníodh a thíolacadh don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais ionas go bhféadfaidh an Grúpa iad a mheas.
3.Déanfaidh ENTSO-E nuashonrú orthu gach trí bliana murab é go n-éilíonn dálaí na linne go ndéanfaí amhlaidh tráth is minice ná sin.
Airteagal 7
Cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint ar leibhéal náisiúnta
1.Faoi [OPOCE to insert exact date: deich mí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo ], sainaithneoidh na Ballstáit na cásanna géarchéime leictreachais is ábhartha dá mbaineann leis an leibhéal náisiúnta.
2.Is ar bhonn na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), den chuid is lú, a shainaithneofar na cásanna géarchéime sin, agus iad i gcomhréir leis na cásanna géarchéime réigiúnacha arna sainaithint de bhun Airteagal 6. Déanfaidh ENTSO-E nuashonrú ar na cásanna géarchéime gach trí bliana murab é go n-éilíonn dálaí na linne go ndéanfaí amhlaidh tráth is minice ná sin.
3.Faoi [OPOCE to insert exact date: deich mí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo], cuirfidh na Ballstáit an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon riosca féideartha is léir dóibh féin i dtaca le húinéireacht an bhonneagair sin is ábhartha do chinnteacht an tsoláthair, agus faoi aon bheart a glacadh chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú, mar aon le heolas faoin gcúis a meastar na bearta sin a bheith riachtanach agus comhréireach.
Airteagal 8
Modheolaíocht do mheasúnaithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach
1.Faoi [OPOCE to insert exact date: dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo], cuirfidh ENTSO-E faoi bhráid na Gníomhaireachta togra maidir le modheolaíocht lena measúnófar an leordhóthanacht ghearrthéarmach, eadhon an leordhóthanacht shéasúrach agus an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn agus an leordhóthanachta ionlae, ina gcuimseofar an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)neamhchinnteacht na n-aschur, mar atá – a dhóchúla go dtarlódh briseadh san acmhainn tarchurtha, a dhóchúla go dtarlódh briseadh gan choinne sna gléasraí cumhachta, adhaimsir, inathraitheacht an éilimh agus inathraitheacht an táirgthe as foinsí in-athnuaite fuinnimh;
(b)a dhóchúla go dtarlódh cás géarchéime;
(c)a dhóchúla go dtarlódh cás géarchéime comhuaineach;
Beidh cur chuige dóchúlaíoch ina chuid den mhodheolaíocht sin agus cuirfear san áireamh inti an comhthéacs réigiúnach agus comhthéacs an Aontais, lena n-áirítear tíortha nach baill den Aontas iad ach atá suite i limistéir shioncronacha den Aontas.
2.Sula dtíolacfar an mhodheolaíocht atá á moladh, rachaidh ENTSO-E i mbun comhairliúcháin. Den chuid is lú, beidh baint ag na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal agus ar thomhaltóirí, ag oibreoirí an chórais dáileacháin, ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta eile leis an gcomhairliúchán sin. Cuirfidh ENTSO-E san áireamh go cuí torthaí an chomhairliúcháin sin.
3.Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis di an mhodheolaíocht atá á moladh a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht a bhfuil á mholadh a fhormheas nó a leasú. Más leasú a dhéanfar, rachaidh sí i gcomhairle le ENTSO-E sula nglaca sí an leagan leasaithe agus foilseoidh sí sin ar a suíomh gréasáin féin.
4.Déanfaidh ENTSO-E nuashonrú agus feabhsú ar an modheolaíocht go rialta i gcomhréir le mír 1 go mír 3. Ach bonn cirt a bheith leis an iarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí a leithéid de nuashonrú agus d’fheabhsú. Tráth nach déanaí ná sé mhí ó thráth déanta na hiarrata, déanfaidh ENTSO-E dréacht de na hathruithe atá á moladh a thíolacadh don Ghníomhaireacht. Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis di an dréacht sin a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht na hathruithe a leasú nó a fhormheas agus an dréacht a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin féin.
Airteagal 9
Measúnuithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach
1.Ní foláir do gach measúnú dá ndéanfar ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach a bheith de réir na modheolaíochta sin a forbraíodh de bhun Airteagal 8.
2.Déanfaidh ENTSO-E réamhaisnéisí leordhóthanachta séasúracha de réir na modheolaíochta a forbaraíodh de bhun Airteagal 8. Gach bliain, faoin 1 Nollaig ar a dhéanaí, foilseoidh sé na torthaí a bhaineann le réamhaisnéis an gheimhridh. Ní foláir dó réamhaisnéis an tsamhraidh a foilsiú faoin 1 Meitheamh gach bliain. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann leis na réamhaisnéisí sin a tharmligean chuig na lárionaid oibríochta réigiúnacha. Cuirfidh sé na réamhaisnéisí sin i láthair an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais ionas go bhféadfaidh siadsan, más iomchuí, moltaí a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na dtuartha.
3.Déanfaidh na lárionaid oibríochta réigiúnacha measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn agus an leordhóthanacht ionlae i dtaca lena réigiún féin ar bhonn na modheolaíochta a glacadh de bhun Airteagal 8.
Caibidil III
Pleananna riosca-ullmhachta
Airteagal 10
Pleananna riosca-ullmhachta a bhunú
1.Ar bhonn na gcásanna géarchéime réigiúnacha agus náisiúnta arna sainaithint de bhun Airteagal 6 agus 7, ní foláir d’údarás inniúil gach Ballstáit plean riosca-ullmhachta a bhunú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na gnóthais leictreachais agus gáis, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh agus custaiméirí tionsclaíocha, agus leis an údarás náisiúnta rialála (i gcás nach é an t-údarás inniúil freisin é).
2.Beidh bearta náisiúnta agus réigiúnacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 11 agus 12, ina gcuid den phlean sin. Gan dochar d’Airteagal 15, gach beart a phleanáiltear nó a ghlactar chun cásanna géarchéime leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne, beidh sé i gcomhréir iomlán leis na rialacha lena rialáiltear margadh inmheánach an leictreachais gona chóras oibríochta. Ní foláir do shainmhíniú na mbeart sin a bheith soiléir, agus dóibh féin a bheith trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.
3.Ní foláir an plean a fhorbairt i gcomhréir leis an teimpléad atá san Iarscríbhinn. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an teimpléad sin a leasú.
4.Sula nglaca sé plean, cuirfidh an t-údarás inniúil dréacht de faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstáit eile an réigiúin ábhartha agus faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachas go dté siad i gcomhairle le chéile ina thaobh.
5.Tráth nach déanaí ná trí mhí ó thíolacadh an dréachtphlean, athbhreithneoidh údaráis inniúla Bhallstáit eile an réigiúin agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais an dréachtphlean agus déanfaidh siad moltaí ina thaobh más mian leo sin.
6.Tráth nach déanaí ná sé mhí ó thíolacadh an phlean, déanfaidh an Ballstát ábhartha an plean a ghlacadh, agus cuirfidh sé san áireamh go cuí torthaí an chomhairliúcháin maille leis na moltaí a rinne údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Déanfaidh sé an plean a glacadh a thíolacadh don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais gan mhoill.
7.Cuirfidh na Ballstáit na pleananna ar fáil go poiblí, arna áirithiú dóibh nach sárófar an rúndacht a bhaineann le faisnéis íogair, go háirithe faisnéis faoi bhearta a bhaineann le hionsaithe mailíseacha a chosc agus a mhaolú.
8.Déanfaidh na Ballstáit an chéad phlean a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi [cuireadh OPOCE isteach an dáta ceart anseo: dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo] ar a dhéanaí. Déanfaidh ENTSO-E nuashonrú orthu gach trí bliana murab é go n-éilíonn dálaí na linne go ndéanfaí amhlaidh tráth is minice ná sin.
Airteagal 11
Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta i dtaca le bearta náisiúnta
1.Leagfar amach i ngach plean gach beart a pleanáladh nó a glacadh chun cásanna géarchéime leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne arna shainaithint sin de bhun Airteagail 6 agus 7. Ba chóir dó ar a laghad:
(a)achoimre a bheith ann de na cásanna géarchéime leictreachais a sainíodh do na Ballstáit agus réigiún ábhartha, i gcomhréir leis an nós imeachta atá in Airteagail 6 agus 7;
(b)róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil a bhunú;
(c)cur síos a thabhairt ar na bearta darb aidhm na rioscaí arna sainaithint de bhun Airteagail 6 agus 7 a chosc agus ullmhú faoina gcoinne;
(d)bainisteoir náisiúnta géarchéime nó foireann náisiúnta ghéarchéime a bhunú agus a gcuid cúraimí a shainiú;
(e)nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú a leanfar le linn gach cás géarchéime leictreachais, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;
(f)rannchuidiú na mbeart margadh-bhunaithe a shainaithint agus cásanna géarchéime leictreachais á mbainistiú;
(g)bearta féideartha neamh-mhargaidh a shainaithint a chuirfear i bhfeidhm le linn cásanna géarchéime leictreachais, agus an tsiocair, na dálaí agus an nós imeachta lena gcur i bhfeidhm a shainiú, mar aon lena chur in iúl cé mar a chomhlíonann na bearta sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15;
(h)plean mionsonraithe don lódsceitheadh a chur ar fáil lena n-áirítear sonraí faoin am a sceithfear an lód, faoi na dálaí ina sceithfear, faoi luachanna an lóid agus faoin té chuig a sceithfear. Sonrófar sa phlean catagóirí na n-úsáideoirí leictreachais sin dá dtabharfar cosaint speisialta ar dhíscor, mar aon le bonn cirt leis an gcosaint sin, go háirithe i dtaca leis an tsábháilteacht phoiblí agus leis an tslándáil phearsanta;
(i)cur síos ar na sásraí atá in úsáid chun an pobal a chur ar an eolas maidir le géarchéim leictreachais.
2.Cuirfear san áireamh go hiomlán i ngach beart náisiúnta na bearta réigiúnacha a comhaontaíodh de réir Airteagal 12 agus ní chuirfidh siad cinnteacht sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais ina iomláine i gcontúirt.
Airteagal 12
Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta i dtaca le bearta comhordaithe réigiúnacha
1.Anuas ar na bearta a liostaítear in Airteagal 11, beidh i bplean gach Ballstáit bearta réigiúnacha chun a áirithiú go ndéanfar géarchéimeanna a dtéann a n-iarmhairt thar teorainn amach a chosc agus a bhainistiú i gceart. Ní foláir na bearta sin a chomhaontú leis an réigiún ábhartha agus an méid seo a leanas ar a laghad a bheith iontu:
(a)ainmniú bainisteora géarchéime réigiúnaigh nó foirne géarchéime réigiúnaí;
(b)sásra don chomhroinnt, don mhalartú eolais agus don chomhar laistigh den réigiún;
(c)bearta chun tionchar géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear géarchéim chomhuaineach. Áireofar leo sin pleananna lódsceite réigiúnacha agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais i dtaca leis an gcúnamh frithpháirteach chun a áirithiú gur féidir leictreachas a sheachadadh ar an modh is fearr chucu siúd is géire atá ina dhíth. Leagfar amach sna socruithe sin, inter alia, sainmhíniú ar an méid a bheidh ina shiocair leis an gcúnamh sin, foirmle ríofa nó méid an ríofa, an páirtí is íocóir agus an páirtí is faighteoir, agus na rialacha eadrána;
(d)nósanna imeachta chun tástálacha bliantúla a dhéanamh ar na pleananna.
2.Ní foláir na bearta réigiúnacha atá le cur sa phlean a chomhaontú i measc údaráis inniúla na mBallstát sa réigiún ábhartha. Tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis an spriocdháta faoi nach mór an plean a ghlacadh nó a nuashonrú, cuirfidh na húdaráis inniúla tuarascáil maidir lenar comhaontaíodh ar fáil don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Más rud é nach raibh na húdaráis inniúla lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas i dtaobh chúis an easaontais. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht áisitheoireacht a dhéanamh, i gcomhairle le ENTSO-E, ionas gur féidir an comhaontú a chríochnú.
3.I gcomhar leis na lárionaid oibríochta réigiúnacha agus i rannpháirt leis na geallsealbhóirí ábhartha, déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach réigiún cleachtaí géarchéime gach bliain, go háirithe tástáil ar na sásraí cumarsáide dá dtagraítear faoi phointe (b) i mír 1.
Caibidil IV
Géarchéimeanna leictreachais a bhainistiú
Airteagal 13
Luathrabhadh agus fógra géarchéime
1.I gcás inar dócha – de bhun faisnéis shonrach, thromchúiseach agus iontaofa arna léiriú ag réamhaisnéis shéasúrach leordhóthanachta nó ag foinse eile – go bhfuil an baol ann go dtarlóidh teagmhas ar dócha go dtiocfadh dá bharr meathlú suntasach ar an soláthar leictreachais i gceann de na Ballstáit, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin luathrabhadh ina thaobh gan aon ró-mhoill don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát faisnéis maidir le cúis an mheathlaithe, leis na bearta a glacadh nó atá pleanáilte chun an ghéarchéim leictreachais a chosc, agus leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile. Áireofar leis an eolas sin iarmhairtí féideartha na mbeart ar mhargadh inmheánach an leictreachais, agus ar na Ballstáit eile freisin.
2.I gcás ina dtarlaíonn géarchéim leictreachais, fógróidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go bhfuil sé ina ghéarchéim agus cuirfidh sé ar an eolas gan aon ró-mhoill údaráis inniúla na mBallstát comharsanach agus an Coimisiún. Ní foláir don Bhallstát iad a chur ar an eolas faoi chúis fógartha na géarchéime, faoi na bearta a glacadh agus atá pleanáilte chun an ghéarchéim a mhaolú, agus faoin ngá a d’fhéadfadh a bheith ag an mBallstát le cúnamh ó Bhallstáit eile.
3.I gcás ina gcinntear nach leor ar tugadh d’fhaisnéis, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann faisnéis le cois a chur ar fáil.
4.I gcás ina n-eisíonn údarás inniúil luathrabhadh nó ina bhfógraíonn sé géarchéim leictreachais, ní foláir na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean riosca-ullmhachta a leanúint a lánoiread is féidir.
Airteagal 14
Comhar agus cúnamh
1.Ní foláir do na Ballstáit comhar a dhéanamh le chéile de mheon dlúthpháirtíochta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc agus a bhainistiú, d'fhonn a áirithiú go seachadfar leictreachas chucu siúd is géire atá ina dhíth agus aird á tabhairt ar chosaint na sábháilteachta poiblí agus na slándála pearsanta.
2.Nuair is gá sin agus nuair is féidir sin, tairgfidh na Ballstáit cúnamh dá chéile ar mhaithe le géarchéim leictreachais a chosc nó a mhaolú. Cúiteofar leo an cúnamh sin.
Airteagal 15
Aird ar rialacha an mhargaidh
1.Ní foláir do gach beart a ghlactar chun cásanna géarchéime leictreachais a chosc nó a mhaolú a bheith i gcomhréir leis na rialacha lena rialáiltear margadh inmheánach an leictreachais gona chóras oibríochta.
2.Féadfar bearta neamh-mhargaidh a chur i ngníomh tráth géarchéime agus tráth nach leor feasta féidearthachtaí uile an mhargaidh. Ní foláir dóibh gan saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíochas ná ar fheidhmiú éifeachtach mhargadh an leictreachais. Ní foláir dóibh a bheith riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach.
3.Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt – lena n-áirítear ciorrú na hacmhainne traslimistéir sin atáthar tar éis a leithdháileadh cheana féin, teorannú soláthair acmhainne traslimistéir i dtaca le hacmhainn leithdháileacháin, nó teorannú soláthair sceideal – ach amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 14(2) den Rialachán maidir le leictreachas [an Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas] agus sna rialacha arna nglacadh chun sonrú na forála sin.
Caibidil V
Meastóireacht agus faireachán
Airteagal 16
Meastóireacht ex post
1.A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé seachtaine ó fhógairt na géarchéime leictreachais, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, i gcomhairle lena n-údarás náisiúnta rialála féin (i gcás nach é an t-údarás inniúil freisin é), tuarascáil mheastóireachta a thíolacadh don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais agus don Choimisiún.
2.Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:
(a)cur síos ar an teagmhas ba shiocair leis an ngéarchéim;
(b)cur síos ar na bearta coisctheacha, ullmhúcháin agus maolúcháin a glacadh mar aon le measúnú ar a gcomhréireacht agus a n-éifeachtacht;
(c)measúnú ar thionchar trasteorann na mbeart a glacadh;
(d)cur síos ar an gcúnamh a tugadh do Bhallstáit chomharsanacha agus do thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach nó ar an gcúnamh a fuarthas uatha;
(e)tionchar eacnamaíoch na géarchéime leictreachais agus tionchar na mbeart ar earnáil an leictreachais, go háirithe líon na dtoirteanna leictreachais nár seachadadh agus leibhéal an díscoir éilimh de láimh (lena n-áirítear comparáid idir leibhéal an díscoir éilimh aontaithigh agus an díscoir éilimh éigeantaigh);
(f)aon fheabhsuithe ab fhéidir nó ab áil a chur ar an bplean riosca-ullmhachta;
3.I gcás ina gcinntear nach leor ar tugadh d’fhaisnéis sa tuarascáil, féadfaidh an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann faisnéis le cois a chur ar fáil.
4.Cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann torthaí na meastóireachta faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachas.
Airteagal 17
Faireachán an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachas
1.I dteannta chur i gcrích na sainchúraimí eile a leagfar air de bhun an Rialacháin seo, ní foláir don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais plé agus athbhreithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
(a)torthaí an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana don leictreachas a d’ullmhaigh ENTSO-E;
(b)comhleanúnachas na bpleananna riosca-ullmhachta a ghlac na Ballstáit de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10;
(c)torthaí na measúnuithe Eorpacha um leordhóthanacht acmhainní a d’ullmhaigh ENTSO-E dá dtagraítear in Airteagal 19 (3) den Rialachán maidir le leictreachas [an Rialachán atá beartaithe maidir le leictreachas];
(d)feidhmíocht na mBallstát i dtaca le cinnteacht an tsoláthair arna thabhairt san áireamh na táscairí a ríomhadh sa mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, eadhon an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh (EENS) agus an t-ionchas caillte lóid (LOLE);
(e)torthaí na réamhaisnéisí séasúracha sin dá dtagraítear in Airteagal 9;
(f)an fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit de réir Airteagal 7 (3);
(g)torthaí na dtuarascálacha meastóireachta ex post, dá dtagraítear in Airteagal 16.
2.Féadfaidh an Grúpa Comhordaithe Leictreachais moltaí a bhaineann leis na nithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do na Ballstáit; ní foláir do na Ballstáit lena mbaineann aird ar leith a thabhairt ar na moltaí sin.
Caibidil VI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 18
Comhar le Comhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh
Iarrtar ar na Ballstáit agus ar Chomhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh dul i ndlúthchomhar le chéile maidir le cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint agus le pleananna riosca-ullmhachta a bhunú ionas nach nglacfar aon bheart a chuirfeadh cinnteacht an tsoláthair chuig na Ballstáit, na Comhpháirtithe Conarthacha, nó chuig an Aontas i mbaol. Chuige sin, féadfaidh Comhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh a bheith rannpháirteach sa Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais, ar cuireadh an Choimisiúin, maidir le gach ní is ábhar buartha dóibh.
Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón [cuireadh OPOCE isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa Chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.Sula nglaca sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, an 13 Aibreán 2016.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid déanta ina choinne ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 20
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2005/89/CE.
Airteagal 21
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán