An Bhruiséil,27.6.2016

COM(2016) 418 final

2016/0193(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistiú airgeadais i gcomhair Ballstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

I ngeall ar an ngéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch, tá brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta agus na beartais is gá do chomhdhlúthú fioscach á saothrú ag na Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach don infheistíocht i bhfás agus i bpoist a áirithiú go ndéanfaí na cláir a fhaigheann tacaíocht ó Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) a chur chun feidhme go rianúil.

Is minic a bhíonn cur chun feidhme na gclár dúshlánach, de thoradh na bhfadhbanna leachtachta atá ann de dheasca comhdhlúthú fioscach. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás na mBallstát sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe.

Lena áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin de chláir CSIE a chur chun feidhme ar an talamh agus cistí a dháileadh ar thionscadail, ceadaítear don Choimisiún, le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 1 , íocaíochtaí ardaithe ('breisiú') a dhéanamh ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2016 leis na tíortha sin a bhí ag tairbhiú de chúnamh airgeadais tar éis an 21 Nollaig 2013.

Bhí cúig thír incháilithe don fhoráil maidir le breisiú sa tréimhse thuasluaite, eadhon, an Chipir, an Ghréig, Éire, an Phortaingéil agus an Rómáin.

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 120 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, gurb é 85 %, in ionad an ráta 50 % is infheidhme maidir leis na réigiún atá níos forbartha, an tuasráta cómhaoinithe a bheidh ann, ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017, ar leibhéal gach tosaíochta i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir 2 . Tugadh an ráta eisceachtúil cómhaoinithe sin don Chipir mar gheall ar staid leochaileach an gheilleagair sa tír sin. Cabhraíonn sé le bearna a shárú idir tréimhse ina bhfuil riachtanais mhóra maidir le hinfheistíocht phoiblí ar lámh amháin, agus iarrachtaí leanúnacha maidir le comhdhlúthú fioscach ar an lámh eile, tríd an spás fioscach is gá a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistiú faoin mbeartas comhtháthaithe.

Le hAirteagal 24(3) agus le hAirteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dá fhoráil airgeadais sin agus, más gá, togra reachtach a dhéanamh, roimh an 30 Meitheamh 2016 ag féachaint le síneadh féideartha a chur leo.

Leis an togra reatha, cheadófaí don Choimisiún leanúint d'íocaíochtaí ardaithe a dhéanamh le haon Bhallstát a bheadh ag tairbhiú de chúnamh airgeadais tar éis an 30 Meitheamh 2016 i leith na tréimhse a mbeidh sé faoin sásra tacaíochta sin, gan an leithdháileadh foriomlán ó CSIE a mhodhnú sa tréimhse 2014-2020. Thairis sin, leis an togra, cheadófaí don Chipir an tuasráta cómhaoinithe 85% a chur i bhfeidhm maidir leis an gCipir go dtí tráth dúnta an chláir.

Leis na bearta sin, sholáthrófaí acmhainní breise airgeadais nó an tsolúbthacht bhuiséadach ba ghá lena néascófaí cur chun feidhme chláir CSIE ar an talamh.

Comhthéacs ginearálta agus forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an togra

Le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, foráiltear go bhféadfar, arna iarraidh sin ag Ballstát a raibh deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige, .i. na tíortha sin a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe tar éis an 21 Nollaig 2013, íocaíochtaí eatramhacha a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe nó maidir le gach beart do CETFT agus CEMI, ar choinníoll go dtíolacfaidh an Ballstát iarratas comhfhreagrach. Tá feidhm ag an bhforáil seo faoi láthair go dtí an 30 Meitheamh 2016.

Foráiltear le hAirteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 gurb é 85 %, in ionad an ráta 50 % is infheidhme maidir leis na réigiún atá níos forbartha, an tuasráta cómhaoinithe a bheidh ann, ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017, ar leibhéal gach tosaíochta i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, sainítear na comhrialacha is infheidhme maidir le Cistí SIE. Ar bhonn phrionsabal na bainistíochta comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tá forálacha sa Rialachán seo maidir leis an bpróiseas cláreagraithe chomh maith le socruithe chun bainistiú clár (lena náirítear bainistiú airgeadais), faireachán, rialú airgeadais agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail.

Le hAirteagal 24(3) agus Airteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dá fhoráil airgeadais thuasluaite agus, más gá, togra reachtach a dhéanamh, roimh an 30 Meitheamh 2016 ag féachaint le síneadh féideartha a chur leo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta a mhéid a thugtar tacaíocht mhéadaithe leis, trí CSIE, do Bhallstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, ar de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais iad freisin. Sa chomhthéacs sin, is gá sásra sealadach a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena gceadófar don Choimisiún Eorpach an aisíocaíocht a ardú ar bhonn an chaiteachais dheimhnithe faoi CSIE agus ráta cómhaoinithe níos airde a chur ar fáil i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta:

Tá síneadh na tréimhse a mbeidh na híocaíochtaí eatramhacha ardaithe dlite lena linn comhréireach, i ndáil leis an ngéarchéim mharthanach eacnamaíoch agus na hiarrachtaí eile a rinneadh chun cabhrú leis na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí buiséadacha acu agus a thairbhíonn de chúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe.

Tá an síneadh ar chur i bhfeidhm an ráta ardaithe chómhaoinithe don Chipir comhréireach, i ndáil le staid leochaileach an gheilleagair sa Chipir. Cabhróidh sé le bearna a shárú idir tréimhse ina bhfuil riachtanais mhóra maidir le hinfheistíocht phoiblí sa Chipir ar an lámh amháin, agus iarrachtaí leanúnacha maidir le comhdhlúthú fioscach ar an lámh eile, tríd an spás fioscach is gá a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an rialachán reatha.

Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann agus measann sé, i bhfianaise na taithí a fuarthas go dtí seo, gur gá modhnuithe ar an Rialachán Ginearálta a mholadh.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh aon mheastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Ní raibh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha ann

Bailiú agus úsáid saineolais

Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

Measúnú tionchair

Leis an togra, cheadófaí don Choimisiún íocaíochtaí le Ballstát a bheadh faoi chlár coigeartaithe a bhreisiú tar éis an 30 Meitheamh 2016. Chlúdófaí an tréimhse suas go dtí an 30 Meitheamh den bhliain i ndiaidh na bliana féilire a stadfadh an Ballstát ag fáil cúnamh airgeadais. Tá an cur chuige seo ag teacht le bliain chuntasaíochta na gCistí SIE, a chumhdaíonn an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Chuirfí síneadh leis an tréimhse incháilitheachta suas go 18 mí ar a mhéid.

Is éard a bheidh sa ardú sin, méid a ríomhfar trí bhreisiú deich bpointe céatadáin a chur i bhfeidhm ar na rátaí cómhaoinithe a bheidh infheidhme maidir le tosaíochtaí (faoi CFRE, CSE agus an Ciste Chomhtháthaithe) nó bearta (faoi CETFT agus CEMI) na gclár, le haghaidh an chaiteachais dheimhnithe arna thíolacadh le linn na tréimhse a bheidh i gceist, go dtí go sroichfear uasteorainn na níocaíochtaí.

Thairis sin, leis an togra, cheadófaí don Chipir an tuasráta eisceachtúil cómhaoinithe 85 % le haghaidh CFRE agus CSE sa Chipir a shíneadh go dtí tráth dúnta an chláir.

Ní athrófar an leithdháileadh airgeadais iomlán don tréimhse ó na Cistí ar na tíortha agus na cláir a bheidh i gceist.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh é seo atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní imreofar aon tionchar ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú beartaithe ar na méideanna uasta de chistiú CSIE dá bhforáiltear sna cláir oibríochtúla do chlárthréimhse 2014-2020.

I gcás leithreasuithe íocaíochta a bhaineann le síneadh a chur leis an bhforáil maidir le breisiú de réir Airteagal 24, d'fhéadfadh aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann a bheith i gceist de bharr an togra. D'fhéadfadh sé go gcaithfí ardú sealadach a dhéanamh ar leithreasuithe íocaíochta, chun na leithreasuithe breise íocaíochta a dhéanamh don togra seo, rud a chúiteofaí le híocaíochtaí níos ísle i ndeireadh shaolré chláir 2014-2020. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus d'íocaíochtaí, a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013, chun an modhnú atá á bheartú a dhéanamh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar. Is féidir córais seachadta reatha CSIE a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra seo.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ós rud é go raibh an Ghréig, an Chipir, Éire, an Rómáin agus an Phortaingéil faoi chlár coigeartaithe tar éis an 21 Nollaig 2013, mar a shainmhínítear é in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, bhí cúig thír incháilithe le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha breisithe 10% arna dtíolacadh roimh an 30 Meitheamh 2016. Tá na cláir cúnaimh airgeadais don Chipir, d'Éirinn, don Phortaingéil agus don Rómáin dulta in éag ó shin. Ciallaíonn sé sin gurb í an Ghréig an taon tír a bheidh faoi chlár coigeartaithe ar an 30 Meitheamh 2016.

Ní cosúil gur gá athbhreithniú a dhéanamh arís ar an incháilitheacht don bhreisiú sa tréimhse 2014-2020 ós rud é go dteastaíonn cinnteacht faoi thráthúlacht agus faoi leibhéal na níocaíochtaí AE ó na tíortha atá faoi réir cláir choigeartaithe.

Ós rud é gur shínigh an Chipir clár coigeartaithe leis an Aontas i Márta 2013, foráiltear le hAirteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 go mbeidh ráta eisceachtúil cómhaoinithe 85 % ann do na cláir oibríochtúla go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017.

D'fhág an Chipir a clár coigeartaithe i ndeireadh mhí an Mhárta 2016. Mar sin féin, tá staid eacnamaíoch na Cipire fós leochaileach mar a léiríonn an ráta spadánta fáis atá ann, infheistíocht atá ag meath, ráta ard dífhostaíochta agus earnáil airgeadais atá faoi strus.

Chun an brú ar an mbuiséad náisiúnta a mhaolú agus dlús a chur faoi infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo, moltar an ráta cómhaoinithe 85% a shíneadh chuig na cláir oibríochtúla go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir, go dtí tráth dúnta na gclár.

2016/0193 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistiú airgeadais i gcomhair Ballstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 go bhfuil an Coimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar ardú ar íocaíochtaí eatramhacha ó CSIE de réir méid a fhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír maidir le gach tosaíocht/beart do na Ballstáit a bhí faoi chlár coigeartaithe tar éis an 21 Nollaig 2013 agus d'iarr tairbhiú den bheart sin suas go dtí an 30 Meitheamh 2016, mar a fhoráiltear san fhoráil sin, agus go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil 5 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina dtabharfar measúnú, agus, más gá, togra reachtach ina leith sin roimh an 30 Meitheamh 2016.

(2)Bhí cúig cinn de Bhallstáit incháilithe le haghaidh íocaíocht ardaithe faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, eadhon, an Rómáin, Éire, an Phortaingéil, an Chipir agus an Ghréig. Rinne an Rómáin, Éire, an Phortaingéil agus an Chipir a gcláir coigeartaithe eacnamaíoch a thabhairt chun críche. Níl ann ach an Ghréig atá fós faoi chlár coigeartaithe agus a bheidh ag tairbhiú de chúnamh airgeadais gaolmhar go dtí an tríú ráithe de 2018. Ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra fós le sárú ag an nGréig i ndáil lena cobhsaíocht airgeadais, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí ardaithe a chur i bhfeidhm lena linn i gcás Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha acu.

(3)Ba cheart, áfach, go dtiocfadh deireadh leis an bhféidearthacht maidir le híocaíocht ardaithe ar an 30 Meitheamh den bhliain i ndiaidh na bliana féilire a stadfaidh an Ballstát ar leith ag fáil cúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe.

(4)Le hAirteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt atá leis an ráta uasta cómhaoinithe 85 % a choinneáil ar leibhéal gach tosaíochta le haghaidh na gclár oibríochtúil go léir a mbeidh tacaíocht á fáil acu ó CFRE agus CSE sa Chipir tar éis an 30 Meitheamh 2017, agus togra reachtach a thíolacadh, más gá, roimh an 30 Meitheamh 2016.

(5)D'fhág an Chipir a clár coigeartaithe i Márta 2016. Mar sin féin, tá staid eacnamaíoch na Cipire fós leochaileach mar a léiríonn an ráta íseal fáis atá ann, infheistíocht atá ag meath, dífhostaíocht ard agus earnáil airgeadais atá faoi strus. Chun an brú ar an mbuiséad náisiúnta a mhaolú agus dlús a chur faoi infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo, ba cheart an ráta cómhaoinithe 85 % do na cláir oibríochtúla go léir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CSE sa Chipir a shíneadh go dtí tráth dúnta an chláir.

(6)D'fhonn go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

"Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstát a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige

1. Arna iarraidh sin ag Ballstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe nó maidir le gach beart i gcás CETFT agus CEMI.

Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 21 Nollaig 2013, beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100 %, maidir lena iarratais ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2016:

(a) i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann iasacht ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;

(b) i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 atá coinníollach ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme;

(c) i gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann faoi réir coinníoll maidir le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír, tar éis an 30 Meitheamh 2016, beidh feidhm ag an ráta ardaithe maidir lena iarratais ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh den bhliain i ndiaidh na bliana féilire ar tháinig deireadh leis an gcúnamh airgeadais gaolmhar.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cláir faoi Rialachán CCE.

2. D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht Aontais trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an caiteachas poiblí nó uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE le haghaidh gach ceann de na tosaíochtaí i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, nó le haghaidh gach ceann de na bearta i gcás CETFT agus CEMI, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár, cibé acu is ísle.

2.Leasaítear Airteagal 120(3) mar a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí dúnadh an chláir, ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach tosaíochta i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir sa Chipir níos airde ná 85 %.

Article 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistiú airgeadais i gcomhair Ballstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

2.CREAT ABM/ABB

Réimsí beartais lena mbaineann agus Gníomhaíochtaí gaolmhara:

Beartas Réigiúnach; Gníomhaíocht ABB 13.03

Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta; Gníomhaíocht ABB 04.02

An Ciste Comhtháthaithe, ABB 13.04

Forbairt Tuaithe, gníomhaíocht ABB 05.04

Iascach, Gníomhaíocht ABB 11.06

3.LÍNTE BUISÉID

3.1.Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (seanlínte B.A.)):

Cuirfear an beart nua atá beartaithe chun feidhme de réir na línte buiséid seo a leanas:

13.036000 Réigiúin bheagfhorbartha (CFRE)

13.036100 Réigiúin trasdula (CFRE)

13.036200 Réigiúin níos forbartha (CFRE)

13.036300 Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra (CFRE)

13.046000 An Ciste Comhtháthaithe

04.026000 Réigiúin bheagfhorbartha (CSE)

04.026100 Réigiúin trasdula (CSE)

04.026200 Réigiúin níos forbartha (CSE)

04.026400 Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (CSE)

05.046001 Forbairt tuaithe (CFRE)

11.066000 Iascach agus Dobharshaothrú (CEMI)

3.2.Fad an bhirt agus an tionchair airgeadais:

3.3.    Saintréithe buiséadacha:

Líne buiséid

Cineál caiteachais

Nua

Ranníocaíocht CSTE

Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí

Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais

13.031600

Neamhéigeantach

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Uimh 1b

13.031800

Neamhéigeantach

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Uimh 1b

04.0217

Neamhéigeantach

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Uimh 1b

13.04.02

Neamhéigeantach

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Uimh 1b

04.0219

Neamhéigeantach

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Uimh 1b

4.ACHOIMRE AR ACMHAINNÍ

4.1.Acmhainní Airgeadais

4.1.1.Achoimre ar na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasuithe íocaíochta (LÍ)

Léirítear sna táblaí seo a leanas an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe sna blianta 2016-2020. Ós rud é nach bhfuil aon acmhainní nua airgeadais beartaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, níor cuireadh aon fhigiúirí isteach sna táblaí ach cuireadh n.b. (neamhbhainteach) isteach. Dá bhrí sin, luíonn an togra leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2014-2020.

I gcás íocaíochtaí, féadfaidh aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann a bheith ann de thoradh an togra.

I gcás íocaíochtaí, féadfaidh aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann a bheith ann de thoradh an togra. Bunaithe ar an réamhaisnéis íocaíochta ó na Ballstáit a ndearna an Coimisiún athbhreithniú uirthi agus bunaithe ar na leithreasuithe íocaíochta atá ar áireamh i mBuiséad 2016 agus i nDréacht-Bhuiséad 2017, meastar gur gá tuairim is EUR 544 mhilliún i leithreasuithe íocaíochta. Ciallóidh na leithreasuithe breise íocaíochta le haghaidh an togra seo go gcaithfear na leithreasuithe íocaíochta a ardú in 2016 agus in 2017, rud a chúiteofar roimh dheireadh shaolré an chláir. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus d'íocaíochtaí, a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013, chun an modhnú atá á bheartú a dhéanamh.

Ós rud é gur iarr an Ballstát tairbhiú den bheart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2016 agus in 2017 ar an ngá atá le creidmheas íocaíochta breise agus molfaidh sé, más gá, na bearta riachtanacha don Údarás Buiséadach.

Níor ríomhadh aon mheastachán do na blianta ó 2018 ar aghaidh agus chuirfí aon iarmhairtí san áireamh i nós imeachta buiséid na mblianta lena mbaineann.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais

Uimh. na coda

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n+5 agus níos déanaí

Iomlán

Caiteachas oibríochtúil 6  

Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO)

8.1

a

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Leithreasuithe Íocaíochta (LÍ)

b

+252

+292

n.b.

n.b.

n.b.

-544

0.

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha 7

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN)

8.2.4

c

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair Oibleagáidí

a+c

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Leithreasuithe Íocaíochta

b+c

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

0,000

Caiteachas riaracháin nach náirítear sa mhéid tagartha 8

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN)

8.2.5

d

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach náirítear sa mhéid tagartha (LN)

8.2.6

e

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála

IOMLÁN LO agus costas na nacmhainní daonna san áireamh

a+c+d+e

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

IOMLÁN LÍ agus costas na nacmhainní daonna san áireamh

b+c+d+e

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Sonraí an Chómhaoinithe

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n+5 agus níos déanaí

Iomlán

……………………

f

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

IOMLÁN LO lena náirítear cómhaoiniú

a+c+d+e+f

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

4.1.2.Comhoiriúnacht don Chlárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais ag gabháil leis an togra seo.

   D'fhéadfadh sé gur ghá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a chur i bhfeidhm i ngeall ar an togra 9 (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3.Tionchar airgeadais ar Ioncam

   Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliúin (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh an mbeart [Bliain n-1]

Staid tar éis an bhirt

Líne buiséid

Ioncam

[Bliain n]

[n+1]

[n+2]

[n+3]

[n+4]

[n+5] 10

a) Ioncam mar ghlanfhigiúr

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

b) Athrú ar ioncam

Δ

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

(Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá éifeacht ar níos mó ná líne buiséid amháin.)

4.2.Acmhainní daonna FTE (lena náirítear oifigigh, foireann shealadach agus foireann sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais bhliantúla

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n+5 agus níos déanaí

Líon iomlán na nacmhainní daonna

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

5.SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1.An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag méadú an bhrú ar acmhainní airgeadais náisiúnta na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin is tábhachtach an uirlis é a áirithiú go gcuirfear cláir CSIE chun feidhme go rianúil chun cistí a instealladh sa gheilleagar. Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit seo de chláir CSIE a chur chun feidhme agus cistí a leithdháileadh ar thionscadail, ceadaítear leis an togra don Choimisiún íocaíochtaí leis na Ballstáit a ardú fad a beidh siad ag tairbhiú de chúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe.

5.2.An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

De bharr an togra, beifear in ann leanúint de na cláir a chur chun feidhme, airgead a instealladh sa gheilleagar agus an tualach ar chaiteachas poiblí a laghdú ag an am céanna.

5.3.Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs chreat ABM

Is é an cuspóir atá ann cuidiú leis na Ballstáit sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim airgeadais le go bhféadfaidh siad leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, agus ar an dóigh sin cistí a chur isteach sa gheilleagar.

5.4.Modhanna cur chun feidhme (táscach)

Sonraigh thíos an modh/na modhanna a roghnaíodh chun an beart a chur chun feidhme.

Leis na Ballstáit

6.FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

6.1.Córas Faireacháin

Ní theastaíonn sé, ós rud é go dtagann sé faoin gcóras faireacháin a bunaíodh do na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

6.2.Meastóireacht

6.2.1.Meastóireacht ex ante

N/B

6.2.2.Bearta arna nglacadh tar éis meastóireacht idirmheánach/ex post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

N/B

6.2.3.Téarmaí agus minicíocht na meastóireachta sa todhchaí

N/B

7.BEARTA FRITH-CHALAOISE

N.B.

8.SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1.Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

(Ba cheart ceannteidil na gcuspóirí, na mbeart agus na naschur a sholáthar)

Saghas aschuir

Meánchostas

Bliain n

Bliain n + 1

Bliain n + +2

Bliain n + +3

Bliain n + +4

Bliain n + 5 agus níos déanaí

IOMLÁN

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 1 Leanúint ar aghaidh ag cur na gclár oibríochtúil chun feidhme

0,000

0,000

0,000

COSTAS IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

8.2.Caiteachas Riaracháin

8.2.1.Líon agus saghas acmhainní daonna

Saghsanna post

Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an beart a bhainistiú ag baint úsáid as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE)

Bliain n

Bliain n + 1

Bliain n + +2

Bliain n + +3

Bliain n + +4

Bliain n + +5

Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01)

A*/AD

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

B*, C*/AST

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Foireann arna maoiniú faoi Airt. XX 01 02

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Foireann eile arna maoiniú faoi Airt. XX 01 04/05

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

IOMLÁN

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

8.2.2.Tuairisc ar na cúraimí a thagann as an mbeart

N/B

8.2.3.Foinsí na nacmhainní daonna (reachtúla)

(Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse)

   Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

   Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

   Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

   Poist a ath-imlonnófar ag baint úsáid as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistíochta (ath-imlonnú inmheánach)

   Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4.Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid

(uimhir agus ceannteideal)

Bliain n

Bliain n + 1

Bliain n + +2

Bliain n + +3

Bliain n + +4

Bliain n + +5

agus níos déanaí

IOMLÁN

1    Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena náirítear costais a bhaineann le foireann)

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

- intra muros 

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

- extra muros

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Cúnamh Teicniúil agus riaracháin iomlán

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

8.2.5.Costas airgeadais na nacmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach náirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna

Bliain n

Bliain n + 1

Bliain n + +2

Bliain n + +3

Bliain n + +4

Bliain n + +5

agus níos déanaí

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.)

(sonraigh an líne buiséid)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH náirítear sa mhéid tagartha)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Ríomh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha

n.b.

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airt. XX 01 02

Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí

n.b.

8.2.6.Caiteachas eile riaracháin nach náirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n

Bliain n + 1

Bliain n + +2

Bliain n + +3

Bliain n + +4

Bliain n + +5

agus níos déanaí

IOMLÁN

XX 01 02 11 01 – Misin

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

XX 01 02 11 03 – Coistí

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

2    Caiteachas Iomlán Eile Bainistíochta (XX 01 02 11)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

3    Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH náirítear sa mhéid tagartha)

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

n.b.

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach náirítear sa mhéid thagartha

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, Lch. 320.
(2) Féach Airteagal 120(3)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Tá an Chipir aicmithe mar réigiún níos forbartha do chlárthréimhse 2014-2020. Féach: Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 ina leagtar amach liosta de na réigiúin a bheidh incháilithe do chistiú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus de na Ballstáit a bheidh incháilithe do chistiú ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 (ar tugadh fógra ina leith faoi C(2014) 974), IO L 50, 20.2.2014, Lch. 22.
(3) IO C , , Lch. .
(4) IO C , , Lch. .
(5) COM (2016) 414 final
(6) Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann
(7) Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.
(8) Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagal xx 01 04 nó Airteagal xx 01 05.
(9) Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.
(10) Ba cheart colúin bhreise a chur leis an tábla más gá i.e. má théann tréimhse an bhirt thar 6 bliana