Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le leithdháileadh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu i ndáil le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh /* COM/2012/0449 final - 2012/0217 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN I gcomhthéacs a haontachais leis an Eagraíocht
Dhomhanda Trádála (EDT), tá sé aontaithe ag Cónaidhm na Rúise a rátaí
maidir le dleacht onnmhairiúcháin ar tháirgí adhmaid amh atá i bhfeidhm faoi
láthair a laghdú. I gcás cineálacha áirithe adhmaid, is iad sin roinnt speiceas
adhmaid bhuaircínigh (i.e. sprús agus péine), tá sé aontaithe ag an Rúis cuótaí
rátaí taraife a oscailt le haghaidh onnmhairithe na dtáirgí sin agus scair
chuóta shonrach a leithdháileadh ar an Aontas Eorpach (AE). Déanfar na rátaí
dleachta onnmhairiúcháin laistigh de na rátaí cuótaí taraife a chur i bhfeidhm
ar leibhéal a bheidh laghdaithe go mór (i.e. 13 % ar sprús agus 15 %
ar phéine, i gcodarsnacht le ráta 25 % atá ann faoi láthair maidir le
dleacht onnmhairiúcháin aschuóta neamhcheangailte, ach ní bheidh sé níos lú ná
15 €/m³). Tá na ceangaltais shonracha sin de chuid Chónaidhm na Rúise
áirithe ina Sceideal Lámhaltas EDT mar Iarscríbhinn a ghabhann le Cuid V
den Sceideal. Faoi chomhaontú déthaobhach i bhfoirm Malartú
Litreacha (dá ngairtear an "Comhaontú" anseo feasta) bunaíodh
forálacha ginearálta maidir leis na scaireanna cuóta sonracha arna
leithdháileadh ar an AE a chur chun feidhme. Faoin gComhaontú go háirithe,
foráiltear gur faoi bhainistiú an AE a bheidh cainníochtaí scair an AE de na
cuótaí rátaí taraife, agus go n‑eiseoidh Cónaidhm na Rúise ceadúnais
onnmhairiúcháin bunaithe ar an doiciméadacht allmhairiúcháin chuí arna
heisiúint ag an AE. Foráiltear sa Chomhaontú freisin go gceapfaidh
an AE agus Cónaidhm na Rúise rialacha mionsonraithe teicniúla maidir le bainistiú
na gcuótaí rátaí taraife faoin tráth a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm. Tá
na rialacha mionsonraithe teicniúla sin i bprótacal, arna gcaibidliú idir an AE
agus Rialtas Chónaidhm na Rúise (dá ngairtear an 'Prótacal' anseo feasta).
Bunaítear leis an bPrótacal sin na rialacha maidir leis na cuótaí rátaí taraife
onnmhairiúcháin agus na honnmhairithe a bhainistiú laistigh de na cuótaí sin,
lena n‑áirítear forálacha maidir le comhar údaráis inniúla an Aontais
Eorpaigh agus Rialtas Chónaidhm na Rúise atá riachtanach chun oibriú
leordhóthanach an chórais a áirithiú. Tá leas mór ag an AE sna cuótaí rátaí taraife
lena gcuirtear buntáistí suntasacha ar fáil i gcás onnmhairithe adhmaid ón
Rúis, toisc go mbíonn na dleachtanna inchuóta laghdaithe go suntasach i gcomparáid
leis na dleachtanna aschuóta (neamhcheangailte). D'fhulaing tionscail fhoraoise
agus úsáideoirí iartheachtacha san AE ar nós thionscail an pháipéir, na tógála
agus an troscáin de dheasca méaduithe ar dhleachtanna onnmhairiúcháin adhmaid a
chuir Cónaidhm na Rúise i bhfeidhm go comhleanúnach ó 2007. Tá fonn ar
oibreoirí eacnamaíocha san AE anois rochtain a fháil ar na hamhábhair sin faoi
dhálaí atá feabhsaithe go suntasach, agus is ar mhaithe leosan é go bunúsach
gur socraíodh na cuótaí rátaí taraife. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an chórais
bhainistíochta a áirithiú, dá bhforáiltear sa Chomhaontú agus sa Phrótacal
tráth aontachais Chónaidhm na Rúise leis an EDT, cuirfear an Comhaontú agus an
Prótacal araon i bhfeidhm go sealadach ó dháta aontachais Chónaidhm na Rúise
leis an EDT. Le hAirteagal 3 de Chinneadh 2012/105/AE ón gComhairle
an 14 Nollaig 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh,
agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe agus an Phrótacail, daingnítear
cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe agus an Phrótacail araon go dtí go
dtabharfar na nósanna imeachta maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe
chun críche. Ba cheart é a thabhairt de chumhacht don
Choimisiún na forálacha is gá a ghlacadh maidir le bainistiú chainníochtaí na
gcuótaí rátaí taraife arna leithdháileadh ar onnmhairithe chun an AE trí
bhíthin gnímh cur chun feidhme.
Le hAirteagal 4 de Chinneadh 2012/105/AE ón
gComhairle an 14 Nollaig 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais
Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe agus an Phrótacail,
tugadh údarás don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an
modh ina leithdháiltear údaruithe cuóta de bhun Airteagal 5, mír 2,
den Phrótacal, agus aon fhorálacha eile is gá le haghaidh bhainistiú
chainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife ag an Aontas Eorpach arna leithdháileadh
ar onnmhairithe chun an Aontais Eorpaigh. Ar an mbonn sin, faoi Rialachán Cur
Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2012
bunaíodh na rialacha cur chun feidhme sealadacha is gá chun a chur ar chumas an
AE bainistiú iomlán oibríochtúil a dhéanamh ar a scair de na cuótaí rátaí
taraife an tráth a ghlacfaidh Cónaidhm na Rúise ballraíocht san EDT. Scoirfidh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún d'fheidhm a
bheith aige, áfach, ar an dáta a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an
Phrótacail (cf. Airteagal 20(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012
ón gCoimisiún). Dá bhrí sin, ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún,
trí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna ghlacadh faoin
ngnáthnós imeachta reachtach, na forálacha cur chun feidhme deifnídeacha is gá
a ghlacadh. I gCaibidil 7 de Rialachán Cur Chun
Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún bunaíodh forálacha a bhaineann
le céimeanna áirithe ullmhúcháin is gá a thógáil gan mhoill tar éis teacht i
bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme shealadaigh chun a chur ar chumas an AE
bainistiú oibríochtúil réidh a dhéanamh ar a scair de na cuótaí rátaí taraife
faoin tráth a ghlacfaidh Cónaidhm na Rúise ballraíocht san EDT. Tá na bearta
ullmhúcháin sin riachtanach chun na huasmhéideanna allmhairiúcháin (ar a
dtugtar "uasteorainneacha") a ríomh do na cuideachtaí sin ar féidir
leo stádas allmhaireora "thraidisiúnta" a áitiú le linn na chéad trí
thréimhse cuóta i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail
(cf. Airteagal 5(4) den Phrótacal). Ba cheart, dá bhrí sin, go gcoimeádfaí
éifeachtaí dlíthiúla na mbeart ullmhúcháin a glacadh faoi Rialachán Cur Chun
Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún, faoin rialachán cur chun
feidhme nua atá le glacadh ag an gCoimisiún chun deimhneacht dhlíthiúil agus
leanúnachas a áirithiú d'oibreoirí eacnamaíocha. 2012/0217 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le leithdháileadh cuótaí rátaí taraife
a bhfuil feidhm acu i ndáil le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun
an Aontais Eorpaigh TÁ
PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207
de, Ag féachaint don
togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an
dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh
i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[1], De bharr an méid
seo a leanas: (1) I
bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le hallmhairithe adhmaid amh
don Aontas Eorpach agus i bhfianaise thábhacht Chónaidhm na Rúise don Aontas
mar sholáthraí adhmaid amh, tá gealltanais caibidlithe ag an gCoimisiún le
Cónaidhm na Rúise go ndéanfaidh Cónaidhm na Rúise na dleachtanna
onnmhairiúcháin a chuireann sí i bhfeidhm faoi láthair ar adhmad amh a laghdú
nó a dhíchur. (2) Sna
gealltanais sin, a bheidh mar chuid de Sceideal Lamháltas na hEagraíochta
Domhanda Trádála (EDT) i dtaca le Cónaidhm na Rúise tráth a haontachais
leis an EDT, tá cuótaí rátaí taraife le haghaidh allmhairiú cineálacha
sonraithe adhmaid bhuaircínigh, agus leithdháileadh sciar díobh sin le haghaidh
allmhairithe chun an Aontais. (3) I
gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le haontachas Chónaidhm na Rúise leis an
EDT, tá Comhaontú caibidlithe ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, le
Cónaidhm na Rúise, i bhfoirm Malartú Litreacha maidir le riaradh na gcuótaí
rátaí taraife sin a bhfuil feidhm acu i ndáil le honnmhairithe adhmaid
bhuaircínigh áirithe ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais[2] (dá ngairtear "an
Comhaontú" anseo feasta). (4) De
réir mar a fhoráiltear sa Chomhaontú, tá rialacha mionsonraithe teicniúla caibidlithe
ag an Aontas agus ag Cónaidhm na Rúise maidir le bainistiú cuótaí rátaí taraife
atá i gcomhaontú i bhfoirm prótacail a caibidlíodh idir an tAontas agus Rialtas
Chónaidhm na Rúise[3]
(dá ngairtear "an Prótacal" anseo feasta). (5) An
14 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/105/AE[4] lenar údaraíodh an Comhaontú
agus an Prótacal a shíniú agus iad a chur i bhfeidhm go sealadach ó dháta
aontachais Chónaidhm na Rúise leis an EDT. Síníodh an Comhaontú agus an
Prótacal an 16 Nollaig 2011. (6) I
gcomhréir le coinníollacha an Chomhaontaithe, déanfaidh an tAontas bainistiú ar
an scair de na cuótaí rátaí taraife a leithdháileadh air trína nósanna imeachta
inmheánacha. Le Cinneadh 2012/105/AE leagtar síos go nglacfaidh an
Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis an modh ina leithdháiltear
údaruithe cuóta de bhun an Phrótacail, agus aon fhorálacha eile is gá ionas gur
féidir leis an Aontas bainistiú a dhéanamh ar chainníochtaí na gcuótaí taraife
arna leithdháileadh ar onnmhairithe chun an Aontais. Le Rialachán Cur Chun
Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2012
maidir le leithdháileadh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu maidir le
honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh[5], bunaíodh na rialacha cur chun
feidhme sealadacha is gá d'fhonn a chur ar chumas an Aontais bainistiú iomlán
oibríochtúil a dhéanamh ar a scair de na cuótaí rátaí taraife faoin tráth a
ghlacfaidh Cónaidhm na Rúise ballraíocht san EDT. Scoirfidh an Rialachán sin
d'fheidhm a bheith aige nuair a thabharfar an Comhaontú agus an Prótacal i
gcrích agus nuair a thiocfaidh siad i bhfeidhm. (7) Chun
dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Comhaontú agus an Prótacal a chur
chun feidhme tar éis a dteacht i bhfeidhm ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme
a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir
le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[6]. (8) Ba
cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a
ghlacadh lena leagtar amach rialacha maidir leis an modh ina leithdháiltear
údaruithe cuóta agus aon fhorálacha eile is gá ionas gur féidir leis an Aontas
bainistiú a dhéanamh ar chainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife arna
leithdháileadh ar onnmhairithe chun an Aontais tráth chur chun feidhme an
Chomhaontaithe agus an Phrótacail, ós rud é gur gníomhartha iad sin a bhaineann
leis an gcomhbheartas tráchtála agus, dá bhrí sin, a thagann faoi phointe (iv)
d'Airteagal 2(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (9) Chun
deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú d'oibreoirí eacnamaíocha ba
cheart éifeachtaí dlíthiúla na mbeart ullmhúcháin a glacadh cheana féin faoi
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 a choimeád sna gníomhartha
cur chun feidhme nua atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo, amhail is gur glacadh
na bearta ullmhúcháin sin faoin bhforáil chomhfhreagrach sna gníomhartha cur
chun feidhme nua sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 1. I gcur chun feidhme an
Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le riaradh
cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó
Chónaidhm na Rúise chun an Aontais agus maidir leis an bPrótacal i ndáil le
rialacha mionsonraithe teicniúla de bhun an Chomhaontaithe sin, glacfaidh an
Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis an modh ina leithdháiltear
údaruithe cuóta de bhun mhír 2 d'Airteagal 5 den Phrótacal, agus aon
fhorálacha eile is gá ionas gur féidir leis an Aontas bainistiú a dhéanamh ar
chainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife arna leithdháileadh ar onnmhairithe chun
an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2. 2. Faoi na gníomhartha cur chun
feidhme dá dtagraítear i mír 1 coimeádfar éifeachtaí dlíthiúla na mbeart ullmhúcháin
a glacadh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012. Airteagal 2 Tabharfaidh an Coiste um Adhmad a bunaíodh
faoi Airteagal 5 de Chinneadh 2012/105/AE cúnamh don Choimisiún.
Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Féadfaidh an Coiste um Adhmad aon ábhar a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm
an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar
iarratas ó Bhallstát. I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal
seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a
fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus
infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an
[XXX] agus Cinneadh ón gComhairle an [XXX]. [2] IO L 57, 29.2.2012,
lch. 3. [3] IO L 57, 29.2.2012, lch. 5. [4] IO L 57, 29.2.2012,
lch. 1. [5] IO L 152, 13.6.2012,
lch. 28. [6] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13.