Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha /* COIM/2011/0860 leagan deireanach - 2011/0417 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
I gcomparáid le
lárionaid ardteicneolaíochta agus nuálaíochta atá in iomaíocht leis, go
háirithe na Stáit Aontaithe, tá tionscal caipitil fiontair na hEorpa ilroinnte
agus scaipthe. Fágann an ilroinnt agus an scaipeadh sin go mbíonn drogall,
drogall a bhfuil tábhacht staidrimh ag baint leis, ar infheisteoirí infheistiú
a dhéanamh i gciste caipitil fiontair: Tá córais ar leith ag roinnt Ballstát do
na cistí seo, córais a bhfuil rialacha ag gabháil leo maidir le comhdhéanamh
punainne, teicnící infheistíochta agus spriocanna infheistíochta. Níl córais ar
leith den chineál sin ag formhór na mBallstát, áfach, agus is é an chaoi a
ndéanann siad rialacha ginearálta a bhaineann le dlí na gcuideachtaí agus
oibleagáidí i leith réamheolairí a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí
gach bainisteora ciste ar mian leis 'láithrithe príobháideacha' caipitil
fiontair a thairiscint ar dhlínse na mBallstát sin. De thoradh na
hilroinnte rialála, is deacair agus is costasach d'infheisteoirí 'caipitil
fiontair' ionchasacha amhail daoine saibhre, cistí pinsin nó cuideachtaí
árachais cuid dá n‑infheistíochtaí a chur i dtreo caipitil fiontair. Ina
theannta sin, cuireann an ilroinnt rialála bac le cistí caipitil fiontair
speisialaithe méideanna móra caipitil a thiomsú thar sáile. Tá dlúthbhaint ag
an bhfadhb sin le ceist eile, i.e. leordhóthanacht na gcistí a thiomnaíonn an
Eoraip do thionscail nuathionscanta nuálaíocha. Le linn na tréimhse 2003–2010
thiomnaigh na Stáit Aontaithe tuairim is EUR 131 billiún do chistí
caipitil fiontair, os a choinne sin níor thiomsaigh cistí caipitil fiontair
Eorpacha ach EUR 28 billiún le linn na tréimhse céanna. I láthair na
huaire is fearr le hinfheisteoirí ionchasacha cothromas príobháideach thar
chistí caipitil fiontair. Le linn na tréimhse tagartha 2003–2010, EUR 64
billiún an méid bhí sna cistí a tiomsaíodh do chaipitil fiontair, as iomlán
EUR 437 billiún a infheistíodh i gcothromas príobháideach go ginearálta,
i.e. gan ach 14.6 % ag caipitil fiontair agus 85.4 % ag cothromas
príobháideach. Gach bliain le linn na tréimhse tagartha sin, ba mhó i bhfad an
t-airgead a thiomsaigh cothromas príobháideach ná an t-airgead a thiomsaigh
caipiteal fiontair. A fhad a mhairfidh
an claonadh sin i leith cothromais phríobháidigh (earnáil a infheistíonn i
gcuideachtaí aibí agus a eagraíonn ceannaigh thar barr amach le giaráil), ní
chuirfear cistí atá ar fáil chuig airgeadais cothromais le haghaidh fiontar síl
agus fiontar nuathionscanta atá ag staid ina bhfuil a bhforás corparáideach
idir dhá cheann na meá. An easpa acmhainní airgeadais a thiomnaítear do
chaipiteal fiontair, sin is cúis dhíreach leis an meánchiste caipitil fiontair
Eorpach a bheith níos lú ná an mhéid optamach. Tá méid an
mheánchiste caipitil fiontair Eorpaigh go mór faoi bhun mhéid optamach an
chineáil seo ionstraime cistiúcháin. EUR 130 milliún de shócmhainní arna
mbainistiú a thiomsaíonn an méanchiste caipitil fiontair Meiriceánach; EUR 60
milliún an méid a thiomsaíonn meánchiste Eorpach den chineál céanna. Dá bhrí sin, tá
ról imeallach ag caipiteal fiontair faoi láthair i maoiniú fiontair bheaga agus
mhéanmhéide (FBManna). Ar iasachtaí bainc go príomha a bhraitheann FBManna, óir
iasachtaí bainc atá in 80 % dá maoiniú; os a choinne sin ní sholáthraíonn
speisialtóirí i gcaipiteal fiontair ach 2 % dá maoiniú. Is é 14 % an
figiúr comhfhreagrach sna Stáit Aontaithe. Díol mór spéis na
figiúirí sin go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go raibh ar go leor
FBManna rátaí níos airde úis a íoc ar iasachtaí bainc ó thosaigh an ghéarchéim
airgeadais in 2008–2009[1]. Ina theannta sin, de
dheasca ghéarchéim airgeadais 2008–2009 tá laghdú mór tagtha ar na línte
creidmheasa a thugann bainc do FBManna agus ar na síntí a chuireann na bainc
leis na línte sin, rud a fhágann go bhfuil géarghá ag FMBanna le foinsí eile
maoiniúcháin[2]. In ainneoin sin, de
cheal acmhainní caipitil leordhóthanacha, ní rabhthas in ann caipiteal fiontair
a úsáid chun an gá sin a shásamh. In éagmais earnáil
caipitil fiontair atá éifeachtúil, níl a oiread cumas tráchtála ag lucht
nuálaíochta ná ag fiontair nuálaíocha san Eoraip agus a d'fhéadfadh a bheith
acu, rud a bhfuil drochthionchar aige ar iomaíochas domhanda na hEorpa. Is
féidir é sin a fheiceáil ach comparáid a dhéanamh idir an tábhacht choibhéiseach
atá ag infheistíochtaí caipitil fiontair mar uirlis infheistíochta (arna
shloinneadh ina chéatadán den OTI) i margadh sárnualaíoch amhail margadh Stáit
Aontaithe Mheiriceá (0.14 %) agus san Eoraip (0.03 % ar an meán). Comhdhearbhaítear an anailís sin le scrúdú ar
an bpunann ginearálta de chistí caipitil fiontair a bhainistíonn bainisteoir
ciste ar leith. De réir na figiúirí is déanaí atá le fáil ón European
Private Equity and Venture Capital Association (EVCA) (an Cumann Eorpach um
Chothromas Príobháideach agus Caipiteal Fiontair), bainistíonn 98 % de
bhainisteoirí cistí caipitil fiontair Eorpacha punanna cistí atá faoi bhun na
tairsí EUR 500 milliún atá leagtha síos sa Treoir maidir le
Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha[3]. Tá sé sár-riachtanach, dá bhrí sin, dul i
ngleic leis na fadhbanna sin agus tacú le fiontraithe Eorpacha. Cuspóir de
chuid na straitéise 'Eoraip 2020'[4] is ea margadh caipitil
fiontair lán de bhrí a bhaint amach, agus d'iarr Comhairle Eorpach Fheabhra
2011 go gcuirfí deireadh leis na constaicí atá fanta le caipiteal fiontair
trasteorann. Chuige sin, thug an Coimisiún Eorpach gealltanas sa Ghníomh um an
Margadh Aonair[5] go bhféachfadh sé chuige,
faoin mbliain 2012, go bhféadfadh cistí caipitil fiontair caipiteal a caipiteal
a thiomsú agus infheistiú gan srian ar fud an AE, beag beann ar an mBallstát
ina bhfuil na cistí sin bunaithe. Tá ceapadh creata nua do chistí caipitil
fiontair ina phríomhthosaíocht sa phlean gníomhaíochta do FBManna [an tagairt
le cur isteach], plean arb é is aidhm leis fás FBManna a chothú trí bhíthin an
rochtain atá acu ar mhaoiniú a fheabhsú. Ina cheann sin, sa teachtaireacht ón
gCoimisiún dar teideal 'Treochlár um chobhsaíocht agus fás', arna ghlacadh an
12 Deireadh Fómhair 2011, dúradh go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar
chaipiteal fiontair a éascú d'fhonn fás a chothú san AE, agus is i ngeall air
sin a iarradh sa teachtaireacht sin na tograí ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle a ghlacadh go mear[6]. Téann an Rialachán atá beartaithe i ngleic
leis na fadhbanna sin. Tógfaidh sé isteach ceanglais aonfhoirmeacha maidir le
bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a fheidhmíonn faoin ainmniú 'Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach'. Tógfaidh sé isteach ceanglais maidir leis an
bpunann infheistíochta, maidir le teicnící infheistíochta agus maidir leis na
gnóthais incháilithe a bhféadfaidh ciste caipitil fiontair incháilithe aimsiú
orthu. Tógfaidh sé isteach, leis, rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na
catagóirí infheisteoirí a fhéadfaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha
aimsiú orthu agus maidir le heagrú inmheánach na mbainisteoirí a mhargaíonn na
cistí cáilitheacha sin. Ós rud é go mbeidh bainisteoirí gnóthas
comhinfheistíochta a fheidhmíonn faoin ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach'
faoi réir rialacha comhionanna ar leith ar fud an AE, tairbheoidh rachaidh
coinníollacha aonfhoirmeacha maidir clárú agus pas uile-Eorpach a bheith ann
chun sochair dóibh, rud a bheidh ina chuidiú cothrom iomaíochta a chur i
bhfeidhm do rannpháirtí uile an mhargaidh caipitil fiontair. Féadann rialacha aonfhoirmeacha maidir le
cistí caipitil fiontair a bheith ina spreagadh mór le forbairt a dhéanamh ar
réimsí eile de rialáil infheistíochtaí caipitil fiontair. I gcreataí stuamachta
maidir le cuideachtaí árachais (Sócmhainneacht II) agus bainc (an Rialachán
agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil) caitear le hinfheistíochtaí
caipitil fiontair mar a bheadh oibríochtaí ardriosca ann chun críocha ceanglais
chaipitil a ríomh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na gceanglas
sin, d'fhonn a fháil amach an gá iad a athrú sa mheántéarma nó san fhadtéarma.
B'fhusa, b'fhéidir, an measúnú sin a dhéanamh ach creat uile-Eorpach do chistí
caipitil fiontair go rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le comhdhéanamh
punann agus coinníollacha oibríochtúla, mar atá beartaithe sa Rialachán seo. Cuireadh rud eile i dtábhacht sa phlean
gníomhaíochta do FBManna, is é sin go mbeadh sainmhíniú comónta ar chiste
caipitil fiontair ina chéadchéim fhónta le dul i mbun plé níos mionsonraithe
leis na Ballstáit féachaint na fadbhanna cánach a d'fhéadfadh bac a chur le
hinfheistiú trasteorann a réiteach. In 2012 críochnóidh an Coimisiún an scrúdú
ar na bacainní cánach atá le hinfheistiú trasteorann i bhfiontar caipitil
féachaint réitigh a mholadh in 2013 a bheidh de chuspóir acu deireadh a chur
leis na bacainní sin, agus san am céanna, seachaint cánach agus imghabháil
cánach a chosc. Cé go bhfuil na réitigh sin neamhspleách ar an Rialachán seo,
tá siad ina gcomhlánú tábhachtach air, agus tá siad ag teastáil chun margadh
lánfheidhmeach a chur ar bun do chaipiteal fiontair agus do FMBanna laistigh
den AE. D'áiritheodh sé sin sruthanna leordhóthanacha caipitil do chistí
caipitil fiontair, agus sa deireadh thiar thall, do na gnóthais phunainne
cháilitheacha ina n-infheistíonn na cistí. Tá an Rialachán atá beartaithe ina chomhlánú
ar an Rialachán atá beartaithe maidir le cistí Eorpacha um fhiontraíocht
shóisialta. Is éard is aidhm don dá thogra cuspóirí éagsúla a bhaint amach,
agus má ghlactar an dá cheann acu, comhairfidh siad lena chéile agus iad
neamhspleách lena chéile sa dlí.
2.
TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA
MEASÚNUITHE TIONCHAIR
2.1.
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara
Cuireadh tús leis an obair ar chaipiteal
fiontair siar in 1998 tráth a d'aithin an Coimisiún ina Theachtaireacht 'Plean
Gníomhaíochta maidir le Caipiteal Riosca' an tábhacht a bhaineann le margadh
caipitil dea-fheidhmeach[7], agus caipiteal fiontair
ina chuid bhunúsach de sin[8]. Ó shin i leith tá
tuilleadh fianaise bailithe ag an gCoimisiún ó cheardlanna speisialta, ó
chomhairliúcháin agus ó ghrúpaí saineolaithe, chun aghaidh a thabhairt ar na
bacainní dlí, cánach agus rialála atá ag cur coisc ar dhea-fheidhmiú na margaí
caipitil fiontair. An 15 Meitheamh 2011 sheol seirbhísí
an Choimisiúin comhairliúchán poiblí[9] maidir le príomheilimintí
de chreata féideartha Eorpach do chistí caipitil fiontair; dúnadh an comhairliúchán
an 10 Lúnasa 2011. Fuarthas 48 aighneacht agus is féidir iad a cheadú
ar an suíomh gréasáin seo:
http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2011/venture_capital_en.htm.
2.2.
Measúnú tionchair
I gcomhréir lena bheartas 'Rialáil Níos Fearr',
rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais. Tá raon leathan
roghanna ann: ·
Pas caipitil fiontair nua a thabhairt isteach faoi Threoir 2011/61/CE;
·
Tairseacha Threoir 2011/61/CE a ísliú nó
deireadh a chur leo; ·
Rialacha speisialta a chruthú le haghaidh caipitil
fiontair mar chuid d'fhorálacha cur chun feidhme Threoir 2011/61/CE
('leibhéal 2); ·
Pas caipitil fiontair a chruthú a bheadh ina
ionstraim dlí neamhspleách; ·
Líonra riaracháin a chruthú chun aitheantas
frithpháirteach rialacha náisiúnta maidir le caipiteal fiontar nó 'láithrithe
príobháideacha' a athneartú. Rinneadh anailís ar na roghanna sin ní amháin
i bhfianaise chuspóirí ginearálta an tionscnaimh seo, eadhon FBManna Eorpacha a
dhéanamh níos iomaíche sa mhargadh domhanda, ach i bhfianaise a spriocanna
sonracha agus oibríochtúla freisin: (i) sainmhíniú Eorpach ar 'chiste caipitil
fiontair' a bhunú; (ii) córas Eorpach a chruthú a chuirfeadh chun cinn tiomsú
airgid trasteorann na gcistí sin; (iii) cur chuige comónta a cheapadh maidir
leis na cistí sin a rialú, lena n-áirítear líonra a chruthú ar mhaithe le
comhoibriú rialála agus maoirsiú á dhéanamh orthu. Rinneadh anailís ar thionchair na roghanna
éagsúla freisin, lena n-áirítear a gcostais agus a mbuntáistí a fhad a
bhaineann le bainisteoirí cistí caipitil fiontair, FMBanna, an tsochaí, an
geilleagar ina iomláine, an comhshaol, agus an domhan mór. Thángthas ar an
gconclúid san anailís sin gurbh é rud ab fhearr a chruthú pas caipitil fiontair
a bheadh ina ionstraim dlí neamhspleách. Meastar go rachaidh rogha na
tosaíochta ar sochar do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair sa mhéid is go
gcuirfidh sé feabhas ar na dálaí ina n-oibríonn siad san AE agus go mbeidh mar
thoradh air sin comhlíonadh agus laghdú ar chostais riaracháin agus deiseanna
nua tiomsaithe airgid a theacht chun cinn. Tuilleadh deiseanna gnó agus
tuilleadh maoiniú a bheidh dírithe ar FMBanna nua agus nuálaíocha a thiocfaidh
as sin, rud a chothóidh iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh agus a chuirfidh
borradh faoi. Ní mór na barúlacha a chuir Bord an
Mheasúnaithe Tionchair uaidh an 11 Samhain a chur san áireamh. Go háirithe, is fearrde an anailís ar na fadhbanna an míniú ar a mhéid
atá ilroinnt na rialacha san AE ina chúis leis na leibhéil ísle de thiomsú
caipitil trasteorann. Is soiléire an nasc idir na roghanna
agus na fadbhanna arna sainaithint agus is mine an anailís a rinneadh ar
thionchar na roghanna sin. Ar deireadh, tá soiléiriú déanta ar na socruithe
maidir le faireachán agus comhlíonadh.
3.
EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
3.1.
Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den
CFAE toisc gurb é sin an bunús dlí is iomchuí sa réimse seo. Is éard is
príomhaidhm an togra feabhas a chur ar iontaofacht agus ar dheimhnitheacht
dhlíthiúil gníomhaíochtaí margaíochta a dhéanann oibreoirí a úsáideann an t‑ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontar Eorpach'. D'fhonn an aidhm sin a bhaint amach, tá á
dtabhairt isteach ag an togra caighdeáin aonfhoirmeacha maidir le comhdhéanamh
punainne 'Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha', na hionstraimí infheistíochta a
fhéadfaidh na cistí sin a úsáid, agus na spriocanna infheistíochta atá
incháilithe do mhaoiniú ó na cistí comhinfheistíochta a úsáideann an t-ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontar Eorpach'. Tá á dtabhairt isteach ag an togra, leis,
rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na catagóirí infheisteoirí a mheastar a
bheith incháilithe infheistiú i 'gCistí Caipitil Fiontar Eorpach'. Meastar gur
Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí le rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt
isteach a bheadh infheidhme maidir le rannpháirtithe uile an mhargaidh, is é
sin infheisteoirí caipitil fiontair, cistí caipitil fiontair agus na
cuideachtaí a n-aimsíonn na cistí sin orthu. Meastar gur Rialachán, arís, an
ionstraim dlí is iomchuí le rialacha aonfhoirmeacha a cheapadh maidir le cé is
féidir bheith ina infheisteoir caipitil, maidir le cé is féidir an t‑ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid, agus maidir leis na cineálacha
gnóthais is féidir maoiniú a fháil ó na cistí cáilitheacha sin. Ar deireadh,
meastar gur Rialachán an ionstraim is iomchuí dlí lena áirithiú go mbeidh gach
rannpháirtí faoi réir ceanglas aonfhoirmeach maidir le glacadh le 'Cistí
Caipitil Fiontair Eorpacha', lena straitéisí infheistíochta agus lena n-uirlisí
infheistíochta.
3.2.
Coimhdeacht agus comhréireacht
Is éard is aidhm bhunúsach an togra cúinsí
margaíochta iontaofa, sábháilte agus cobhsaí ó thaobh dlí de a chruthú do
mhargú cistí caipitil fiontair Eorpacha. Maidir le cinneadh buntréithe ciste
caipitil fiontair Eorpaigh, i dtéarmaí comhdhéanamh punainne, uirlisí agus
spriocanna infheistíochta, agus grúpaí d'infheisteoirí incháilithe, ní féidir é
a fhágáil faoi na Ballstáit óir is é toradh a bheadh air sin na critéir sin a
bheith á gcur i bhfeidhm go míréireach ar fud an AE. Dá bhrí sin, ba cheart
sainmhínithe agus ceanglais oibríochtúla aonfhoirmeacha bheith ina gcuid dhílis
de chur ar bun tacair chomhrialacha maidir leis an margadh Eorpach do chistí
caipitil fiontair an AE agus maidir le bainisteoirí na gcistí sin. Ina theannta
sin, na bainisteoirí cistí comhinfheistíochta a oibríonn sa mhargadh seo agus a
úsáideann an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach', caithfidh siad go
léir bheith faoi réir na gceanglas céanna maidir le heagrú agus maidir le gnó a
dhéanamh. A fhad a bhaineann le clárú agus maoirsiú bhainisteoirí
'Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha', is éard is aidhm don togra cothromaíocht a
bhaint amach idir an gá le maoirsiú éifeachtach ar chistí caipitil fiontair,
leas na n-údarás náisiúnta inniúil ina bhfuil sainchónaí na gcistí sin nó ina
dtairgtear iad do chatagóirí incháilithe infheisteoirí agus ról comhordúcháin
an ÚEUM. D'fhonn próiseas rianúil maoirseachta a chruthú, déanfaidh údarás
inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí bhainisteoir an 'Chiste Caipitil
Fiontair Eorpaigh' na doiciméid chlárúcháin atá curtha isteach ag an
mbainisteoir is iarratasóir a fhíorú, agus, tar éis dó a mheas an leor an
ráthaíocht atá tugtha ag an iarratasóir maidir lena chumas ceanglais an
Rialacháin seo a chomhlíonadh, cláróidh sé an t-iarratasóir. Agus é ag déanamh
maoirsiú ar an mbainisteoir cláraithe, comhoibreoidh an t-údarás inniúil a
chláraigh an bainisteoir le húdaráis inniúla na mBallstát sin ina margaítear an
ciste cáilitheach. Beidh bunachar sonraí lárnach ag an ÚEUM ina mbeidh liosta
de na bainisteoirí cláraithe go léir atá cáilithe an t-ainmniú 'Ciste Caipitil
Fiontair Eorpach' a úsáid. Maidir le comhréireacht, tá cothromaíocht sa
togra idir leas an phobail, is é sin forbairt margaí caipitil fiontair atá níos
leachtaí a chur chun cinn, agus cost-éifeachtúlach na mbeart atá beartaithe. Sa mhéid is go bhfuil foráil déanta sa togra maidir le córas simplí
clárúcháin tá lánaird tugtha ar an ngá atá le cothromú a bheith ann idir
sábháilteacht agus iontaofacht úsáid an ainmnithe 'Ciste Caipitil Fiontair
Eorpaigh' ar thaobh, agus ar an taobh eile, feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh
caipitil fiontair agus an costas atá ar gheallsealbhóirí.
3.3.
Comhlíonadh Airteagal 290 agus Airteagal 291
den CFAE
An 23 Meán fómhair 2009, ghlac an
Coimisiún tograí le haghaidh Rialachán lenar bunaíodh an ÚBE, an UAPGE agus an
ÚEUM. I dtaca leis sin is mian leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne na
Ráitis maidir le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 de Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a rinne sé agus é ag glacadh na Rialachán lenar
bunaíodh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha: “Maidir leis an bpróiseas chun
glacadh le caighdeáin rialála, leagann an Coimisiún béim ar nádúr uathúil
earnáil na seirbhísí airgeadais, rud a thagann as struchtúr Lamfalussy agus rud
ar tugadh aitheantas sainráite dó i nDearbhú 39 i gConradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tá móramhras ar an gCoimisiún i dtaobh na
srianta ar a ról agus é ag glacadh gníomhartha tarmligthe agus beart cur chun
feidhme a bheith ag teacht le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”.
3.4.
Cur i láthair an togra
Airteagal 1 – Raon Feidhme Déanann Airteagal 1 teorainneacha
an Rialacháin atá beartaithe a shainiú. Cuirtear i bhfios go soiléir san Airteagal
seo gur do bhainisteoirí cistí a chomhlíonann tacar aonfhoirmeach de chritéir
cháilíochta is infheidhme maidir le margú a gcistí caipitil fiontair ar fud an
Aontais, agus dóibhsean amháin, atá an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair
Eorpach'. Ar an dóigh sin cuireann sé béim ar an gcuspóir an coincheap 'ciste
caipitil fiontair incháilitheach' a shainiú go haonfhoirmeach, agus, trína
bhíthin sin, margú rianúil na gcistí sin ar fud an Aontais a áirithiú. Airteagal 2 - Raon feidhme Sonraítear in Airteagal 2 go bhfuil
feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta
arna sainiú in Airteagal 3(b) den Rialachán seo, ar chuntar go bhfuil na
bainisteoirí sin bunaithe san Aontas agus go bhfuil siad cláraithe le húdarás
inniúil a Bhallstáit bhaile i gcomhréir le Treoir 2011/61/CE agus go
mbainistíonn siad punanna de chistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfuil
na sócmhainní iontu atá á mbainistiú níos mó tairseach EUR 500 milliún. Airteagal 3 – Sainmhínithe Tá in Airteagal 3 na sainmhínithe
riachtanacha lena sainítear raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe.
Sainítear coincheapa bunúsacha amhail an ciste caipitil fiontair cáilitheach,
na huirlisí infheistíochta cáilitheacha spriocanna infheistíochta cáilitheacha.
Go bunúsach, is éard is aidhm do na sainmhínithe sin teorann shoiléir a
tharraingt idir ciste caipitil fiontair cáilitheach agus cistí infheistíochta
eile nach bhfuil a straitéisí infheistíochta chomh speisialaithe céanna, mar
shampla cothromas príobháideach. I gcomhréir leis
an gcuspóir sainiú beacht a dhéanamh ar na cistí cáilitheacha a dtairbheoidh
bainisteoir ciste caipitil de chearta an Rialacháin seo ina leith, tá coinníoll
in Airteagal 3 mír (a) gurb éard a bheidh i gciste caipitil
fiontair cáilitheach ciste a thiomnaíonn ar a laghad 70 % dá ranníocaíochtaí
caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal tiomanta neamhghlaoite
d'infheistíochtaí in FMBanna a eisíonn ionstraimí cothromais nó
cuasachothromais go díreach don infheisteoir caipitil fiontair ('spriocanna
infheistíochta'). Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach mór costais oibríochtúla
atá le muirear ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach, arna chomhaontú sin
leis na hinfheisteoirí, nach mór iad a íoc as an 30 % de ranníocaíochtaí
caipitil tiomnaithe atá fanta. Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go gcaithfidh
an ciste caipitil fiontair na hionstraimí a fháil go díreach ón FBM eisiúna.
Cosaint nach féidir déanamh dá huireasa is ea an fháil dhíreach sin ó tharla
gurb é is aidhm léi dealú a dhéanamh idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha
agus an chatagóir mhór de chistí cothromais phríobháidigh (a thrádálann urrúis
eisithe ar mhargaí tánaisteacha). Tá breis sainmhínithe in Airteagal 3 is
gá chun an Rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme. Airteagal 4 – Úsáid an ainmnithe
'Ciste Caipitil Fiontair Eorpaigh' Tá in Airteagal 4 an prionsabal
ríthábhachtach gurb iad na cistí a chomhlíonann na critéir aonfhoirmeacha a
leagtar síos leis an Rialachán seo, agus iad sin amháin, atá i dteideal an t‑ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontair' a úsáid chun cistí caipitil fiontair a mhargú ar fud
an Aontais. Airteagal 5 – Comhdhéanamh punainne Tá in Airteagal 5 foráil
mhionsonrach maidir leis an gcineál comhdhéanaimh phunainne a bheidh ag Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach. Ina leith sin, tá rialacha
aonfhoirmeacha in Airteagal 5 maidir le spriocanna infheistíochta cistí
caipitil fiontair incháilitheacha, maidir le hurilisí infheistíochta
incháilitheacha, agus maidir leis na teorainneacha ar an méid is féidir le
ciste caipitil fiontair a nochtadh a mhéadú. D'fhonn solúbthacht
áirithe a thabhairt do chistí caipitil fiontair cáilitheacha i dtaca le
hinfheistíocht agus bainistiú leachtachta, cheadófaí trádáil thánaisteach suas
go tairseach nach mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus
dá n-infheistíochtaí caipitil neamhghlaoite. Airteagal 6 – Infheisteoirí
incháilitheacha Tá in Airteagal 6 forálacha
mionsonraithe maidir leis na hinfheisteoirí atá i dteideal infheistiú i gcistí
caipitil fiontair incháilitheacha. De réir an Airteagail seo, ní fhéadfar na
cistí cáilitheacha a mhargú ach do na hinfheisteoirí sin atá aitheanta mar
infheisteoirí gairmiúla i dTreoir 2004/39/CE. Níl sé ceadmhach margú
d'infheisteoirí eile (e.g daoine aonair rachmasacha) ach amháin má thiomnaíonn
siad ranníocaíocht EUR 100 000 ar a laghad don chiste agus má chloíonn an
bainisteoir ciste le nósanna imeachta áirithe sa chaoi is go bhfuil an
bainisteoir deimhin a dhóthain go bhfuil na hinfheisteoirí sin in ann cinntí
infheistíochta a dhéanamh leo féin agus go dtuigeann siad na rioscaí atá i dtreis.
Airteagal 7 – Rialacha iompraíochta
agus seachaint coinbhleachtaí leasa Tá in Airteagal 7 prionsabail
ghinearálta maidir le hiompraíocht an bhainisteora ciste caipitil fiontair, go
háirithe agus é i mbun a chuid gníomhaíochtaí agus é ag plé le hinfheisteoirí. Airteagal 8 – Coinbhleachtaí leasa Tá in Airteagal 8 rialacha maidir
le conas ba cheart don bhainisteoir ciste caipitil fiontair coinbhleachtaí
leasa a láimhdeachas. Cuireann na rialacha seo ceangal ar an mbainisteoir na
socruithe eagraíochtúla agus riaracháin is gá a dhéanamh d'fhonn a áirithiú go
láimhseálfar coinbhleachtaí leasa mar is ceart. Airteagal 9 – Ceanglais eile
eagraíochtúla Ceanglaíonn Airteagal 9 go mbeidh
i dtólamh ag bainisteoirí cistí caipitil fiontair acmhainní daonna agus teicniúla
leordhóthanacha agus a oiread cistí dílse is gá chun cistí caipitil fiontair
cáilitheacha a bhainistiú mar is ceart. Airteagal 10 – Luacháil Baineann Airteagal 10 le luacháil
sócmhainní ciste caipitil fiontair cháilithigh. Ba cheart rialacha ina leith
sin a leagan síos i ndoiciméid reachtúla gach ciste caipitil fiontair
cháilithigh. Airteagal 11 – Tuarascálacha Bliantúla Tá in Airteagal 11 rialacha maidir
leis na tuarascálacha bliantúla ba cheart do bhainisteoirí cistí caipitil
fiontair a thabhairt ar láimh i leith na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha
a bhainistíonn siad. Beidh cur síos sa tuarascáil ar chomdhéanamh phunanna an
chiste agus ar ghníomhaíochtaí na bliana a chuaigh thart. Airteagal 12 – Faisnéis a nochtadh
d'infheisteoirí Tá in Airteagal 12 na
príomhcheanglais maidir le nochtadh atá ar bhainisteoirí ciste caipitil
fiontair i dtaca le cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Go háirithe, leagann
na ceanglais sin amach oibleagáidí réamhchonarthacha maidir le nochtadh i dtaca
le straitéis agus spriocanna infheistíochta an chiste cháilithigh, na
hionstraimí infheistíochta a úsáidtear, faisnéis maidir le costais agus muirir
ghaolmhara, agus próifíl riosca/luacha saothair na hinfheistíochta atá an ciste
cáilitheach a thairiscint. Ina theannta sin tá faisnéis maidir leis an gcaoi a
dhéantar luach saothair bhainisteoir an chiste caipitil fiontair a ríomh. Airteagal 13 – Maoirsiú D'fhonn a áirithiú go bhféadfaidh údarás
inniúil an Bhallstáit bhaile maoirsiú a dhéanamh ar a mhéid atá an bainisteoir
ciste caipitil fiontair ag comhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeacha atá leagtha
amach sa Rialachán seo, cuirfidh an bainisteoir ciste caipitil fiontair in iúl
don údarás inniúil má tá rún atá aige cistí caipitil fiontair a mhargú faoin
ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach'. Soláthróidh an bainisteoir gach
faisnéis is gá, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na socruithe arna ndéanamh
le bheith i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus maidir leis na cistí atá rún
aige a mhargú. Nuair atá an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an fhaisnéis is gá
go leor soláthraithe agus go bhfuil na socruithe oiriúnach chun na ceanglais
atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, cláróidh sé an bainisteoir
ciste caipitil fiontair. Beidh an clárú bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus
ligfidh sé don bhainisteoir ciste caipitil fiontair cistí caipitil fiontair
cháilitheacha a mhargú faoin ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a
mhargú. Airteagal 14 – Faisnéis maidir le
cistí caipitil fiontair cáilitheacha a thabhairt cothrom le dáta Tá in Airteagal 14 rialacháin
maidir leis na cásanna inar gá faisnéis arna soláthar d'údarás inniúil an
Bhallstáit bhaile a thabhairt cothrom le dáta. Airteagal 15 – Fógraí trasteorann Tá in Airteagal 15 cur síos ar an
bpróiseas fógraí trasteorann idir na húdaráis maoirseachta inniúla, próiseas a
gcuirtear tús leis ar chlárú do bhainisteoir ciste caipitil fiontair. Airteagal 16 – Bunachar sonraí an ÚEUM Cuireann Airteagal 16 de chúram ar
an ÚEUM bunachar sonraí lárnach a choinneáil ina liostófar gach ciste caipitil
fiontair cáilitheach atá cláraithe ar fud an Aontais. Airteagal 17 – Na húdaráis inniúla
maoirsiú a dhéanamh Tá coinníoll in Airteagal 17 gurb
é údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a dhéanfaidh maoirsiú ar cheanglais an Rialacháin
seo. Airteagal 18 – Cumhachtaí maoirseachta Tá sonraithe in Airteagal 18
liosta de na cumhachtaí maoirseachta a bheidh ar fáil do na húdaráis inniúla
d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir aonfhoirmeacha dá bhforáiltear sa
Rialachán seo. Airteagal 19 – Smachtbhannaí Tá in Airteagal 19 forálacha
maidir le smachtbhannaí d'fhonn a áirithiú go bhforfheidhmeofar i gceart
ceanglais an Rialacháin seo. Airteagal 20
– Sárú ar phríomhfhorálacha Tá sonraithe in Airteagal 20 gurb
é smachtbhanna ba cheart a chur i bhfeidhm as sáruithe ar phríomhfhorálacha an
Rialacháin seo, e.g. na forálacha maidir le comhdhéanamh punainne,
infheisteoirí incháilithe, agus úsáid an ainmnithe 'Ciste Caipitil Fiontair
Eorpach', toirmeasc a chur ar úsáid an ainmnithe agus an bainisteoir ciste
caipitil fiontair a bhaint den chlár. Airteagal 21 – Comhar maoirseachta Tá in Airteagal 21 rialacha maidir
leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhaile agus sna Ballstáit óstacha agus
an ÚEUM faisnéis maidir le maoirsiú a mhalartú lena chéile. Airteagal 22 – Rúndacht ghairmiúil Tá in Airteagal 22 forálacha
maidir leis an leibhéal rúndachta gairmiúla ar cheart feidhm a bheith aige
maidir le gach údarás náisiúnta agus maidir leis an ÚEUM. Airteagal 23 – Coinníollacha maidir le
cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún Tá leagtha amach in Airteagal 23
na coinníollacha faoina dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. Airteagal 24 - Athbhreithniú Tá in Airteagal 24 clásail maidir
leis an athbhreithniú ar an Rialachán atá beartaithe agus maidir le haon
mholtaí a d'fhéadfadh a bheith ag an gCoimisiún é a athrú.
4.
IMPLEACHT BHUISÉADACH
Níl aon impleachtaí buiséadacha ann. 2011/0417 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[10], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[11], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[12], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Is gnách gurb é atá i gcaipiteal fiontair soláthar
maoiniúcháin do ghnóthais beaga atá ag dul i gceann an tsaoil chorparádaigh
agus a bhfuil móracmhainn fáis agus méadaíochta iontu. Ina theannta sin,
cuireann caipiteal fiontair ar fáil do na gnóthais sin saineolas agus eolas,
teagmhálacha gnó, cothromas branda agus comhairle straitéiseach. Trí bhíthin
maoiniú agus comhairle a sholáthar do na gnóthais sin, déanann cistí caipitil
fiontair fás eacnamaíoch a spreagadh, cruthú post a éascú, gnóthais nuálacha a
threisiú, an t-infheistiú a dhéanann siad i dtaighde agus forbairt a mhéadú,
agus fiontraíocht, nuálaíocht agus iomaíochas san Aontas a chothú. (2)
Is gá creat coiteann a leagan síos maidir leis na
rialacha i leith an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid, go
háirithe i dtaca le comhdhéanamh phunann na gcistí a oibrítear faoin ainmniú
sin, spriocanna infheistíochta incháilithe na gcistí sin, na huirlisí
infheistíochta a fhéadfaidh siad a úsáid agus na catagóirí infheisteoirí atá
incháilithe infheistiú a dhéanamh sna cistí sin, trí bhíthin rialacha
aonfhoirmeacha a leagan síos ag leibhéal an Aontais. In éagmais creata choitinn
den sórt sin, bheadh an baol ann go ndéanfadh na Ballstáit bearta ar an
leibhéal náisiúnta nach mbeadh ag teacht lena chéile agus go mbeadh iarmhairt
dhiúltach dhíreach aige sin ar dhea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
agus go mbeadh sé ina chonstaic roimhe, toisc go mbeadh cistí caipitil fiontair
a bheadh ó n-oibriú ar fud an Aontais faoi réir rialacha éagsúla i mBallstáit
éagsúla. Ina theannta sin, d'fhéadfadh leibhéil éagsúla cosanta tomhaltóirí
agus mearbhall maidir leis an infheistíocht atá i gceist le 'Ciste Caipitil
Fiontair Eorpach' a theacht as ceanglais dhifriúla maidir le comhdhéanamh
punann, spriocanna infheistíochta, agus infheisteoirí incháilithe. Ba cheart,
leis, go mbeadh infheisteoirí in ann an infheistíocht atá i gceist le cistí
caipitil fiontair éagsúla a chur i gcomparáid. Is gá deireadh a chur leis na
mórbhacainní atá roimh chistí caipitil fiontair tiomsú airgid trasteorann a
dhéanamh, saobhadh iomaíochta idir na cistí sin a sheachaint, agus cosc a chur
ar bhacainní agus saobhadh den sórt sin a theacht chun cinn an athuair. Dá bhrí
sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an
bunús dlí iomchuí, arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. (3)
Is gá Rialachán Eorpach a ghlacadh lena mbunófar
rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le Cistí Caipitil Fiontair
Eorpacha agus lena bhforchuirfear oibleagáidí comhfhreagracha ar bhainisteoirí
na gcistí sin i ngach Ballstát ar mian leis caipiteal a thiomsú ar fud an
Aontais trí bhíthin an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid. Ba
cheart go n-áiritheodh na ceanglais sin go mbeidh muinín ag infheisteoirí a
bheadh ag iarraidh infheistiú i gcistí caipitil fiontair. (4)
Ach na ceanglais cháilíochta maidir le húsáid an
ainmnithe 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a shainiú, d'fhéadfaí a áirithiú go
mbeidh na ceanglais sin infheidhme go díreach maidir le bainisteoirí gnóthas
comhinfheistíochta a chruinníonn cistí trí úsáid a bhaint as an ainmniú sin. D'áiritheodh
sé sin coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le húsáid an ainmnithe sin trí chosc
a chur ar cheanglais dhifriúla náisiúnta de thoradh an Threoir a thrasuí.
D'fhágfadh an Rialachán seo go mbeadh ar bhainisteoirí gnóthas
comhinfheistíochta a úsáideann an t-ainmniú sin na rialacha céanna a leanúint
ar fud an Aontais, rud a mhéadódh muinín infheisteoirí a bheadh ag iarraidh
infheistiú i gcistí caipitil fiontair. Ina theannta sin laghdódh Rialachán an
chastacht rialála atá ann agus na costais a bhíonn ar bhainisteoirí toisc go
gcaithfidh siad rialacha difriúla náisiúnta maidir le cistí caipitil fiontar a
chomhlíonadh, go háirithe i gcás na mbainisteoirí sin ar mian leo caipitil a
thiomsú ar bhonn trasteorann. Bheadh Rialachán ina chuidiú saobhadh iomaíochta
a dhíchur freisin. (5)
D'fhonn an caidreamh idir an Rialachán seo agus na
rialacha maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí a
shoiléiriú, is gá a bhunú nár cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach
maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, seachas gnóthas le haghaidh
comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe i gcomhréir le hAirteagal 1 de Threoir 2009/65/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le
comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais
le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna)[13]
atá bunaithe san Aontas agus atá cláraithe leis an údarás inniúil ina mBallstát
baile i gcomhréir le Treoir 2011/61/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí
Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE
agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) 1095/2010[14]. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith aige
ach maidir le bainisteoirí a bhainistíonn punanna de chistí caipitil fiontair
cáilitheacha nach bhfuil iomlán na sócmhainní iontu atá á mbainistiú os cionn
thairseach EUR 500 milliún. Chun ríomh na tairsí sin a chur i bhfeidhm, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil le ríomh na tairsí sin a shonrú. Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú
aige, ba cheart don Choimisiún, d'fhonn a áirithiú go mbeidh na rialacha maidir
le gnóthais infheistíochta comhsheasmhach, bearta a ghlac sé i gcomhréir le pointe (a)
d'Airteagal 3(6) de Threoir 2011/61/CE a chur san áireamh. (6)
I gcás nach mian le bainisteoirí gnóthas
comhinfheistíochta an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid, níor
cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo. Sna cásanna sin, ba cheart go
leanfadh d'fheidhm a bheith ag na rialacha náisiúnta agus ag rialacha
ginearálta an Aontais atá ann cheana. (7)
Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo
rialacha aonfhoirmeacha maidir le céard is cistí caipitil fiontair cáilitheacha
ann, go háirithe maidir leis na gnóthais punainne inar féidir cistí caipitil
fiontair cáilitheacha a infheistiú agus na hionstraimí infheistíochta atá le
húsáid. Tá gá leis sin chun líne teorann shoiléir a tharraingt idir ciste caipitil
fiontair cáilitheach agus cistí infheistíochta malartacha nach bhfuil a
straitéisí infheistíochta chomh speisialaithe céanna, mar shampla cothromas
príobháideach. (8)
D'fhonn an sprioc a bhaint amach na gnóthais
chomhinfheistíochta a chumhdóidh an Rialachán seo a shainiú go soiléir agus
d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad dírithe ar chaipiteal a sholáthar do
ghnóthais bheaga atá ag dul i gceann an tsaoil chorparáidigh, ba cheart an
t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a theorannú do na cistí sin a bhfuil
ar a laghad 70 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá
chaipiteal tiomanta neamhghlaoite tiomnaithe d'infheistíochtaí i ngnóthais den
sórt sin i bhfoirm ionstraimí cothromais nó cuasachothromais. (9)
D'fhonn cosaint shár-riachtanach a chur ar bun a
dhéanann dealú idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha faoin Rialachán seo
agus an chatagóir ghinearálta de chistí infheistíochta malartacha lena
dtrádáiltear urrúis eisithe ar mhargaí tánaisteacha, is gá cistí caipitil
fiontair cáilitheacha a theorannú d'infheistíochtaí in ionstraimí arna n‑eisiúint
go díreach, agus dóibh sin amháin. (10)
D'fhonn solúbthacht áirithe a thabhairt do
bhainisteoirí cistí caipitil fiontair i dtaca le hinfheistiú agus bainistiú
leachtachta a gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, ba cheart trádáil
thánaisteach a bheith ceadmhach suas go tairseach nach mó ná 30 % dá
ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá n-infheistíochtaí caipitil
neamhghlaoite. Níor cheart sealúchas gearrthéarmach d'airgead tirim ná de
choibhéisí airgid a chur san áireamh agus an teorainn sin á ríomh. (11)
D'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-ainmniú 'Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach' iontaofa so-aitheanta ag infheisteoirí ar fud an
Aontais, ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo nár ceart ach bainisteoirí
cistí caipitil fiontair a chomhlíonann na critéir maidir le cáilíocht
aonfhoirmeach arna leagan amach sa Rialachán seo a bheith incháilithe an t‑ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid agus cistí caipitil fiontair
cáilitheacha a margú ar fud an Aontais. (12)
D'fhonn a chinntiú go mbeidh próifíl leithleach
inaitheanta ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha a oireann dá gcuspóir, ba
cheart rialacha aonfhoirmeacha a bheith ann maidir le comhdhéanamh na punainne
agus maidir leis na teicnící infheistíochta atá ceadaithe i gcás na gcistí
cáilitheacha sin. (13)
D'fhonn a áirithiú nach mbeidh cistí caipitil
fiontair cáilitheacha ina chúis le teacht chun cinn rioscaí sistéamacha agus
d'fhonn a áirithiú go ndíreofar gníomhaíochtaí infheistíochta na gcistí sin ar
thacaíocht a thabhairt do gnólachtaí cáilitheacha sa phunann, níor cheart
iasacht ná giaráil ar leibhéal an chiste a bheith ceadmhach. Mar sin féin,
ionas go bhféadfaidh an ciste riachtanais leachtacha urghnácha a chumhdach a
d'fhéadfadh teacht chun cinn idir an glao ar chaipiteal tiomanta ó
infheisteoirí agus an caipiteal a fháil iarbhír ina chuntais, ba cheart go
mbeadh sé ceadmhach iasachtaí ghearrthéarmach a fháil. (14)
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cistí caipitil
fiontair cáilitheacha a mhargú d'infheisteoirí ag a bhfuil an t-eolas, an
saineolas agus an acmhainn is gá chun na rioscaí a bhaineann leis na cistí seo
a ghlacadh, agus d'fhonn muinín agus trusta infheisteoirí i gcistí caipitil
fiontair cáilitheacha a choinneáil a ghabháil, ba cheart cosaintí sonracha áirithe
a leagan síos. Dá bhrí sin, níor cheart cistí caipitil fiontair cáilitheacha a
mhargú ach d'infheisteoirí ar cliaint ghairmiúla iad nó ar féidir caitheamh leo
mar chliaint ghairmiúla faoi Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí ionstraimí
airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE
ón gComhairle, agus Treoir 2002/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle[15].
Áirítear sa chatagóir sin bainisteoirí cistí caipitil fiontair a infheistíonn i
gcistí caipitil fiontair. Mar sin féin, d'fhonn bonn infheisteoirí atá leathan
a dhóthain bheith ann chun infheistíocht a dhéanamh i gcistí caipitil fiontair
tá sé inmhianaithe rochtain a bheith ag infheisteoirí áirithe eile ar chistí
caipitil fiontair cáilitheacha, lena n-áirítear daoine aonair a bhfuil
glanfhiúchais ard acu. I gcás na n-infheisteoirí eile sin, áfach, ba cheart
cosaintí sonracha a leagan síos d'fhonn a áirithiú nach ndéanfar cistí caipitil
fiontair a mhargú ach d'infheisteoirí a bhfuil an phróifíl is gá acu na
hinfheistíochtaí sin a dhéanamh. Ní áirítear ar na cosaintí sin margaíocht a
dhéanamh trí phleananna coigiltis tréimhsiúla. (15)
D'fhonn a áirithiú nach n-úsáidfidh ach
bainisteoirí cistí caipitil a chomhlíonann critéir cháilíochta aonfhoirmeacha
maidir lena iompraíocht ar an margadh an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair
Eorpach', ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo rialacha maidir le hiompar
gnó agus maidir leis an gcaidreamh idir an bainisteoir ciste caipitil fiontair
agus a infheisteoirí. Ar an gcúis chéanna ba cheart coinníollacha
aonfhoirmeacha a leagan síos sa Rialachán seo i dtaca le coinbhleachtaí leasa a
bheith á láimhseáil ag na bainisteoirí sin. Ba cheart go gcuirfeadh na rialacha
sin ceangal ar an mbainisteoir na socruithe eagraíochtúla agus riaracháin is gá
a dhéanamh d'fhonn a áirithiú go láimhseálfar coinbhleachtaí leasa mar is
ceart. (16)
D'fhonn iontaofacht an ainmnithe 'Ciste Caipitil Fiontair
Eorpach' a áirithiú, ba cheart critéir cáilíochta bheith sa Rialachán seo
freisin maidir le heagrú an bhainisteora ciste caipitil fiontair. Dá bhrí sin,
ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha
chomhréireacha maidir leis an ngá acmhainní leordhóthanacha daonna agus
teicniúla, mar aon le cistí dílse chun dea-bhainistiú a dhéanamh ar chistí
caipitil, a choimeád ar fáil seasta. (17)
Is gá a áirithiú, chun críocha infheisteoirí a
chosaint, go ndéanfar meastóireacht cheart ar shócmhainní cistí caipitil
fiontair cáilitheacha. Ar an ábhar sin ba cheart rialacha maidir le luacháil
sócmhainní bheith i ndoiciméid reachtúla cistí caipitil fiontair cáilitheacha.
Ba cheart go n-áiritheodh sé sin iontaofacht agus trédhearcacht na luachála. (18)
D'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na bainisteoirí
cistí caipitil a úsáideann an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach', go
ndéanfaidh siad léiriú leordhóthanach ar a gcuid gníomhaíochtaí, ba cheart
rialacha aonfhoirmeacha maidir le tuarascálacha bliantúla a bhunú. (19)
Is gá, chun críocha iontaofacht an ainmnithe 'Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach', in aigne na n‑infheisteoirí, nach n-úsáidfidh
ach bainisteoirí cistí caipitil fiontair a bhfuil a mbeartas infheistíochta
agus a spriocanna infheistíochta go hiomlán trédhearcach. Ba cheart a leagan
amach sa Rialachán seo dá bhrí sin, rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais
maidir le nochtadh nach mór don bhainisteoir cistí caipitil fiontair a
chomhlíonadh i leith a infheisteoirí. Go háirithe, ba cheart oibleagáidí
réamhchonarthacha maidir le nochtadh a bheith ann i dtaca le straitéis
infheistíochta agus spriocanna na gcistí caipitil infheistíochta cáilitheacha,
na hionstraimí infheistíochta a úsáidtear, faisnéis maidir le costais agus
maidir le muirir ghaolmhara, agus próifíl riosca/luaíochta na hinfheistíochta
atá an ciste cáilitheach a thairiscint. D'fhonn ardleibhéal trédhearcachta a
áirithiú, ba cheart faisnéis maidir leis an gcaoi a ríomhtar luach saothair
bhainisteoir an chiste caipitil fiontair a bheith ar áireamh sna ceanglais sin
maidir le nochtadh freisin. (20)
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht
éifeachtach ar cheanglais aonfhoirmeacha an Rialacháin seo, déanfaidh údarás
inniúil an Bhallstáit bhaile maoirseacht ar an gcaoi a bhfuil bainisteoir an chiste
caipitil ag comhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach atá leagtha amach sa
Rialachán seo. Chuige sin, an bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh
ar mian leis a gcistí cáilitheacha a mhargú faoin ainmniú 'Ciste Caipitil
Fiontair Eorpach', ba cheart dó a Bhallstát baile a chur ar an eolas maidir
lena bhfuil beartaithe aige. Ba cheart don údarás inniúil an bainisteoir ciste
caipitil fiontair a chlárú má tá gach faisnéis is gá soláthraithe agus má tá
socruithe oiriúnacha ar bun chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Ba
cheart an clárú sin bheith bailí ar fud an Aontais. (21)
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht
éifeachtach ar chomhlíonadh na gcritéar aonfhoirmeach atá leagtha amach sa
Rialachán seo, ba cheart rialacha bheith sa Rialachán seo maidir leis na cúinsí
inar gá an fhaisnéis a sholáthraítear don údarás inniúil sa Bhallstát baile a
thabhairt cothrom le dáta. (22)
Chun maoirseacht éifeachtach ar cheanglais an
Rialacháin seo a dhéanamh, ba cheart nós imeachta a leagan síos ann maidir leis
na húdaráis inniúla maoirseachta fógraí trasteorann a thabhairt dá chéile, nós
imeachta a gcuirfí tús leis ar chlárú don bhainisteoir ciste caipitil fiontair
ina Bhallstát baile. (23)
D'fhonn coinníollacha trédhearcacha a áirithiú do
mhargú cistí caipitil cáilitheacha ar fud an Aontais, ba cheart a chur de
chúram ar an Údarás Eorpach Urrús agus Margaí (ÚEUM) bunachar sonraí lárnach a
chothabháil ina liostófaí gach ciste caipitil fiontair cáilitheach atá
cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. (24)
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht
éifeachtach ar na critéir aonfhoirmeacha atá bunaithe sa Rialachán seo, ba
cheart a leagan síos ann liosta de na cumhachtaí maoirseachta a bheidh ag an
údarás inniúil. (25)
D'fhonn forfheidhmiú ceart a áirithiú, ba cheart
smachtbhannaí bheith sa Rialachán seo as na forálacha ríthábhachtacha dá chuid
a shárú, mar atá na rialacha maidir le comhdhéanamh punann, maidir le cosaintí
a bhaineann le céannacht infheisteoirí cáilitheacha, agus maidir leis an ainmniú
'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' gan a bheith á úsáid ach ag bainisteoirí
cistí caipitil fiontair. Ba cheart a bhunú gurb é toradh atá ar shárú na
bhforálacha ríthábhachtacha sin toirmeasc ar a chur úsáid an ainmnithe agus an
bainisteoir ciste caipitil fiontair a bhaint den chlár. (26)
Ba cheart faisnéis maoirseachta a mhalartú idir na
húdaráis inniúla sna Ballstáit bhaile agus sna Ballstáit óstacha agus an ÚEUM. (27)
Chun comhar rialála éifeachtach a bhaint amach idir
na heintitis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh
na gcritéar aonfhoirmeach atá leagtha amach sa Rialachán seo, is gá ardleibhéal
rúndachta gairmiúla a chur i bhfeidhm maidir le gach údarás náisiúnta rialála
ábhartha agus maidir leis an ÚEUM. (28)
Ba cheart go n-áiritheodh caighdeáin theicniúla maidir
le seirbhísí airgeadais comhchuibhiú comhsheasmhach agus ardleibhéal
maoirseachta ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é an ÚEUM a bhfuil
saineolas an-speisialaithe aige, b’éifeachtúil agus b’iomchuí ullmhú
dréachtchaighdeán rialála agus cur chun feidhme, nach mbeadh roghanna beartais
ag baint leo, a chur de chúram ar an ÚEUM, lena gcur faoi bhráid an
Choimisiúin. (29)
Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún
caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh.
1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010
lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí)
a lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh
2009/77/CE ón gCoimisiún[16]. Ba cheart dréachtú
caighdeán teicniúil cur chun feidhme maidir le formáid agus modh an nós
imeachta fógra dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur de chúram ar an ÚEUM. (30)
D'fhonn na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán
seo a shonrú, ba cheart a tharmligean chuig an gCoimisiún an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fhad a bhaineann leis na modhanna atá le húsáid
chun an tairseach dá dtagraítear sa Rialachán seo a ríomh agus faireachán a
dhéanamh uirthi, agus a fhad a bhaineann le sonrú a dhéanamh ar na cineálacha
coinbhleachtaí leasa a chaithfidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair a
sheachaint agus na bearta atá le déanamh chuige sin. Tá sé ríthábhachtach go
ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre
ullmhúcháin, comhairliúchán le saineolaithe san áireamh. (31)
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar
doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (32)
Ceithre bliana ar a mhéad tar éis an dáta a bheidh
feidhm leis, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d'fhonn an
forás atá tagtha ar an margadh caipitil fiontair a chur san áireamh. Ar bhonn
an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle agus, más iomchuí, ba cheart
athruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht. (33)
Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha
agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear i gCairt an Aontais Eorpaigh
um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí an saol
príobháideach agus saol an teaghlaigh (Airteagal 7) agus an tsaoirse chun
gnó a dhéanamh (Airteagal 16). (34)
Le Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a
chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht
sonraí den sórt sin[17], déantar rialú ar an
bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an
Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údarás inniúil na mBallstát, na húdaráis
neamhspleácha phoiblí arna n-ainmniú ag na Ballstáit go háirithe. Le Rialachán
(AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an
bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an AE agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[18], déantar rialú
ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an ÚEUM laistigh de chreat an
Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint
Sonraí. (35)
Ba cheart an Rialachán seo bheith gan dochar do
chur i bhfeidhm rialacha státchabhair maidir le cistí caipitil fiontair
cáilitheacha. (36)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin
seo, eadhon coinníollacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm
maidir le margú cistí caipitil fiontair cáilitheacha, a bhaint amach go
leordhóthanach. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir
le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
arna leagan amach san Airteagal sin, foráiltear sa Rialachán seo maidir le
córas simplí clárúcháin do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair; ar an dóigh
sin tá lánairde tugtha ar an ngá atá le cothromaíocht idir, sa chéad chás de,
sábháilteacht agus iontaofacht an ainmnithe 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach',
agus os a choinne sin, oibriú éifeachtach an mhargaidh cistí caipitil fiontair
agus an costas a chuireann sé ar gheallsealbhóirí an mhargaidh sin. Ní théann
an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Leagann an Rialachán seo síos coinníollacha aonfhoirmeacha
do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an t-ainmniú 'Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid mar aon leis na coinníollacha maidir le
gnóthais chomhinfheistíochta a mhargú faoin ainmniú sin san Aontas, ag
rannchuidiú, ar an dóigh sin, le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leagann sé síos freisin rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí caipitil
fiontair cáilitheacha a mhargú d'infheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais,
maidir le comhdhéanamh punann cistí caipitil fiontair cáilitheacha, maidir leis
na hionstraimí agus na teicnící infheistíochta incháilitheacha atá le húsáid ag
na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le heagrú, iompraíocht agus
trédhearcacht bainisteoirí cistí caipitil fiontair a mhargaíonn cistí caipitil
fiontair cáilitheacha ar fud an Aontais. Airteagal 2 1.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le
bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna sainiú i bpointe (b) d'Airteagal 3
atá bunaithe san Aontas agus atá faoi réir clárú le húdaráis inniúla a mBallstáit
bhaile i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/CE,
ar chuntar go mbainistíonn na bainisteoirí sin punanna de chistí caipitil
fiontair cáilitheacha nach bhfuil na sócmhainní iontu atá á mbainistiú níos mó
ná tairseach EUR 500 milliún, nó i gcás Ballstát nach é an Euro a
n-airgeadra oifigiúil, a chomhluach sin san airgeadra náisiúnta ar dháta teacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. 2.
Agus an tairseach dá dtagraítear i mír 1 á
ríomh acu, ní bheidh ar bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a bhainistíonn
cistí seachas cistí caipitil fiontair cáilitheacha na sócmhainní atá á
mbainistiú sna cistí eile sin a chomhiomlánú. 3.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, gníomhartha ina
sonrófar na modhanna chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal
seo a ríomh agus na modhanna chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an
gcomhlíonadh sin. Airteagal 3 Chun críocha an
Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a)
ciallaíonn 'ciste caipitil fiontair cáilitheach'
gnóthas comhinfheistíochta a infheistíonn ar a laghad 70 % dá
ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal tiomanta neamhghlaoite
i sócmhainní a cháilíonn mar infheistíochtaí; (b)
ciallaíonn 'gnóthas comhinfheistíochta' gnóthas a
thiomsaíonn caipitil ó roinnt infheisteoirí d'fhonn é a infheistiú i gcomhréir
le beartas sainithe infheistíochta ar mhaithe leis na hinfheisteoirí sin, agus
nach bhfuil údarú ag teastáil lena aghaidh de bhun Airteagal 5 de Threoir 2009/65/CE; (c)
ciallaíonn 'infheistíochtaí cáilitheacha'
ionstraimí cothromais nó ionstraim cuasachothromais: (i) arna n-eisiúint ag punann cháilitheach
agus arna bhfáil go díreach ag an gciste caipitil fiontair ón ngnóthas punainne
cáilitheach, nó (ii) arna n-éisiúnt ag gnóthas punainne
cáilitheach mar mhalairt ar urrúis chothromais arna n‑eisiúint ag an ngnóthas
punainne cáilitheach, nó (iii) arna n-eisiúint ag gnóthas ar
fochuideachta faoi úinéireacht tromlaigh a ghnóthas punainn agus a fhaigheann an
ciste caipitil fiontair cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim cothromais arna
heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach; (d)
ciallaíonn 'gnóthas punainne cáilitheach' gnóthas
nach bhfuil liostaithe, tráth a dhéanann an ciste caipitil fiontair cáilitheach
infheistíocht, ar mhargadh rialáilte arna shainiú i bpointe (14) d'Airteagal 4(1)
de Threoir 2004/39/CE agus a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe aige
agus a bhfuil láimhdeachas bliaintúil nach mó ná EUR 50 milliún nó clár
comhordaithe nach mó ná EUR 43 milliún aige agus nach gnóthas
comhinfheistíochta é féin. (e)
ciallaíonn 'cothromas' leas úinéireachta i
ngnóthas, i bhfoirm scaireanna nó i bhfoirm cineál eile rannpháirteachais i
gcaipiteal an ghnóthais phunainne cháilithigh, arna n-eisiúint do na hinfheisteoirí; (f)
ciallaíonn 'cuasacothromas' aon ionstraim a bhfuil
a fháltas bunaithe den chuid is mó ar bhrabúis nó caillteanais an ghnóthais
phunainne cháilithigh agus atá neamhurraithe i gcás mainneachtana; (g)
ciallaíonn 'margú' aonaid nó scaireanna de chiste
caipitil fiontair a bhainistíonn bainisteoir ciste caipitil fiontair a
thairiscint go díreach nó go hindíreach d'infheisteoirí a bhfuil sainchónaí
orthu nó oifig chláraithe acu san Aontas, nó iad a láithriú go díreach nó go
hindíreach leo, ar thionscnamh an bhainisteora sin nó thar a cheann; (h)
ciallaíonn 'caipiteal tiomnaithe' aon tiomantas a
chuireann ceangal ar dhuine leas sa chiste caipitil fiontair a cheannach nó
ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis an gciste caipitil fiontair; (i)
ciallaíonn 'bainisteoir ciste caipitil fiontair'
duine dlítheanach arb é a ghnó rialta ar a laghad ciste caipitil fiontair
amháin a bhainistiú; (j)
ciallaíonn 'Ballstát Baile' an Ballstát ina bhfuil
an bainisteoir ciste caipitil fiontair bunaithe nó ina bhfuil a oifig
chláraithe aige; (k)
ciallaíonn 'Ballstát óstach' an Ballstát, seachas
an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir ciste caipitil fiontair cistí
caipitil fiontair a mhargú i gcomhréir leis an Rialachán seo; (l)
ciallaíonn 'údarás inniúil' an t-údarás inniúil a
ainmníonn an Ballstát baile, le bearta dlí nó bearta rialála, chun bainisteoirí
gnóthas comhinfheistíochta dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 2 a
chlárú. CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID AN AINMNITHE 'CISTE CAIPITIL FIONTAIR EORPACH' Airteagal 4 Bainisteoirí cistí caipitil fiontair a
chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sa Chaibidil seo, beidh siad i
dteideal an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid chun cistí
caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas. Airteagal 5 1.
Agus é ag fáil sócmhainní seachas infheistíochtaí
cáilitheacha, áiritheoidh an bainisteoir ciste caipitil fiontair nach ndéanfar
níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána ná de chaipiteal
tiomanta neamhghlaoite an chiste a úsáid chun sócmhainní seachas ionstraimí
cáilitheacha a fháil; ní chuirfear san áireamh sealúchas gearrthéarmach
d'airgead tirim ná de choibhéisí airgid agus an teorainn sin á ríomh. 2.
Ní dhéanfaidh bainisteoir an chiste caipitil
fiontair iasachtaí a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint, ná ráthaíochtaí a
thabhairt, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, ná ní úsáidfidh
sé, ar leibhéal an chiste caipitil fiontair cháilithigh, aon mhodh a mhéadóidh
ar a nochta atá an ciste, is cuma cé acu a dhéanfar sin trí airgead nó urrúis a
thógáil ar iasacht, suíomhanna díorthach a ghlacadh nó trí aon mhodh eile. 3.
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach
i mír 2 maidir le hiasachtaí a fháil go ceann téarma neamh‑inathnuaite
nach faide ná 120 lá féilire chun leachtacht a sholáthar idir glao ar
chaipiteal tiomnaithe ó infheisteoirí agus an caipiteal sin a fháil. Airteagal 6 Ní dhéanfaidh bainisteoirí cistí caipitil
fiontair aonaid agus scaireanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a
mhargú ach d'infheisteoirí a mheastar bheith ina gcliaint ghairmiúla i
gcomhréir le Roinn I d'Iarscríbhinn II de Threoir 2004/39/CE nó
d'infheisteoirí a fhéadfar, ar iarratas, caitheamh leo mar a bheadh cliaint
ghairmiúla ann i gcomhréir le Roinn I d'Iarscríbhinn II de Threoir 2004/39/CE,
nó d'infheisteoirí eile sna cásanna seo a leanas: (a)
tugann na hinfheisteoirí sin gealltanas ar a laghad
EUR 100 000 a infheistiú; (b)
deir na hinfheisteoirí eile sin i scríbhinn, i
ndoiciméad ar leith ón gconradh atá le tabhairt i gcrích maidir leis an
ngealltanas infheistíocht a dhéanamh, go bhfuil siad ar an eolas maidir leis na
rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas nó maidir leis an infheistíocht atá
beartaithe; (c)
déanann an bainisteoir cistí caipitil fiontair
measúnú ar shaineolas, taithí agus eolas an infheisteora, gan talamh slán a
dhéanamh de gurb ionann an t-eolas atá ag an infheisteoir agus an t-eolas atá
ag na daoine atá liostaithe i Roinn I d'Iarscríbhinn II de Threoir 2004/39/CE; (d)
tá bainisteoir an chiste caipitil fiontair deimhin
a dhóthain, i bhfianaise chineál an ghealltanais nó na hinfheistíochta atá
beartaithe, go bhfuil an t-infheisteoir in ann a gcuid cinntí infheistíochta
féin a dhéanamh agus na rioscaí atá i gceist a thuiscint agus go bhfuil
gealltanas den chineál atá i dtrácht oiriúnach don infheisteoir sin; (e)
dearbhaíonn an bainisteoir ciste caipitil fiontair
i scríbhinn go bhfuil an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) déanta aige
agus go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (d)
comhlíonta. Airteagal 7 Maidir leis na cistí caipitil fiontair a bhainistíonn
siad, déanfaidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair an méid seo a leanas: (a)
a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh leis an scil,
leis an gcúram agus leis an dúthracht is iomchuí; (b)
beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i
bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais a bhféadfaí a bheith ag súil leis go
réasúnach go ndéanfaidís difear do leasanna infheisteoirí agus do na gnóthais
phunainne cháilitheacha; (c)
a gcuid gnó a dhéanamh sa tslí is go ndéanfar leas
an chiste caipitil fiontair cháilithigh atá siad a bhainistiú agus leas na
ndaoine a d'infheistigh iontu, agus iontaofacht an mhargaidh, a chur chun cinn; (d)
ardleibhéal de dhícheall cuí a dhéanamh agus na
hinfheistíochtaí sna gnóthais phunainne cháilitheacha á roghnú agus faireachán
leanúnach á dhéanamh orthu; (e)
beidh eolas agus tuiscint leordhóthanach acu ar na
gnóthais phunainne cháilitheacha a ndéanann siad infheistíocht iontu. Airteagal 8 1.
Sainaithneoidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair
coinbhleachtaí leasa agus seachnóidh siad iad, agus i gcás nach féidir iad a
sheachaint, bainisteoidh siad iad agus déanfaidh siad faireachán orthu agus, i
gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad iad d'fhonn a áirithiú nach ndéanfar dochar
do leas na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ná dóibh siúd a d'infheistigh
iontu, agus d'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na cistí caipitil
fiontair a bhainistíonn siad; 2.
Go háirithe, sainaithneoidh an bainisteoir ciste
caipitil fiontair coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn idir: (a)
bainisteoirí cistí caipitil fiontair, na daoine sin
a dhéanann i ndáiríre gnó an bhainisteora ciste caipitil fiontair, fostuithe nó
aon duine a rialaíonn go díreach nó go hindíreach an bainisteoir ciste caipitil
fiontair nó atá á rialú go díreach nó go hindíreach aige, agus an ciste
caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn na bainisteoirí cistí caipitil
fiontair nó iad siúd a d'infheistigh sna cistí caipitil fiontair cáilitheacha
sin; (b)
an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na
hinfheisteoirí sa chiste caipitil fiontair cáilitheach sin, agus ciste caipitil
fiontair cáilitheach eile a bhainistíonn an bainisteoir ciste caipitil fiontair
céanna nó na hinfheisteoirí sa chiste caipitil fiontair cáilitheach eile. 3.
Déanfaidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair
socruithe riaracháin éifeachtacha a choinneáil ar bhun agus a chur i bhfeidhm
d'fhonn na ceanglais atá leagtha amach i mír 1 agus i mír 2 a
chomhlíonadh. 4.
Déanfar nochtadh coinbhleachtaí leasa dá
dtagraítear i mír 1 a chur in iúl i gcás nach leor na socruithe
eagraíochtúla atá déanta ag an mbainisteoir cistí caipitil fiontair chun
coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus faireachán a
dhéanamh orthu, nach leor iad d'fhonn a áirithiú, le muinín réasúnach, go
gcoscfar an baol go ndéanfar díobháil do leas infheisteoirí. Déanfaidh
bainisteoirí cistí caipitil fiontair cineál ginearálta nó cúiseanna na
gcoinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir d'infheisteoirí roimh dóibh gnó a
dhéanamh thar a gceann. 5.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 á sonrú na nithe seo a
leanas: (a)
na cineálacha coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i
mír 2 den Airteagal seo; (b)
na bearta atá bainisteoirí cistí caipitil fiontair
ceaptha a dhéanamh, i dtaca le struchtúir agus nósanna imeachta eagraíochtúla
agus riaracháin d'fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhainistiú, a nochtadh
agus faireachán a dhéanamh orthu. Airteagal 9 Beidh cistí leordhóthanacha ag bainisteoirí
cistí caipitil fiontair agus úsáidfidh siad acmhainní daonna agus teicniúla atá
leordhóthanach iomchuí de réir mar is gá chun na cistí caipitil fiontair
cáilitheacha a bhainistiú. Airteagal 10 Déanfar rialacha maidir le luacháil sócmhainní
a leagan síos i ndoiciméid reachtúla an chiste caipitil fiontair cháilithigh. Airteagal 11 1.
Déanfaidh an bainisteoir ciste caipitil fiontair
tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit bhaile do
gach ciste caipitil fiontair cáilitheach atá á bhainistiú, tráth nach déanaí sé
mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Beidh tuairisc sa tuarascáil ar
chomdhéanamh phunanna an chiste caipitil fiontar cháilithigh agus ar
ghníomhaíochtaí na bliana a chuaigh thart. Beidh cuntais airgeadais iniúchta an
chiste caipitil fiontar cháilithigh ann freisin. Ullmhófar é i gcomhréir le
caighdeáin tuairiscithe atá ann cheana agus leis na téarmaí a chomhaontaigh an
bainisteoir ciste caipitil fiontair agus na hinfheisteoirí. Déanfaidh an
bainisteoir ciste caipitil fiontair an tuarascáil a chur ar fáil
d'infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí cistí caipitil
fiontair agus infheisteoirí teacht ar chomhaontú eatarthu féin breis nochta a
dhéanamh. 2.
I gcás ina bhfuil ceangal ar an mbainisteoir ciste
caipitil fiontair tuarascáil airgeadais bhliantúil a phoibliú i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19] i dtaca leis an
gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an t‑eolas dá dtagraítear i
mír 1 den Airteagal seo a sholáthar ar leith nó ina chuid bhreise den
tuarascáil airgeadais bhliantúil. Airteagal 12 1.
Déanfaidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair a
gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas i leith na nithe seo a leanas ar a
laghad roimh do na hinfheisteoirí sin cinneadh infheistíochta a dhéanamh: (a)
céannacht an bhainisteora ciste caipitil fiontair
agus céannacht aon tsoláthróra seirbhíse a dhéanann an bainisteoir ciste
caipitil fiontair conradh leis i dtaca le bainistiú a dhéanamh ar an gciste
caipitil fiontair, agus tuairisc ar a gcuid dualgas; (b)
tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar
chuspóirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh, lena n-áirítear tuairisc ar
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach agus ar na sócmhainní eile inar
féidir an ciste caipitil fiontair infheistiú, na teicnící is féidir a úsáid,
agus ar aon srianta infheistíochta infheidhme. (c)
tuairisc ar phróifíl riosca an chiste caipitil
fiontair cháilithigh agus ar aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a
d'fhéadfadh an ciste infheistiú iontu nó leis na teicnící infheistíochta a
d'fhéadfaí a úsáid; (d)
tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste
chaipitil fiontair cháilithigh agus ar an modheolaíocht praghsála a úsáidtear
chun na sócmhainní a luacháil, lena n‑áirítear na modhanna a úsáidtear
chun na gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil; (e)
tuairisc ar an gcaoi a ndéantar luach saothair
bhainisteoir an chiste caipitil fiontair a ríomh; (f)
tuairisc ar gach táille, muirear agus speansas agus
ar na híosmhéideanna díobh sin a íocann na hinfheisteoirí go díreach nó go
hindíreach; (g)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, feidhmíocht stairiúil
an chiste caipitil fiontair cháilithigh; (h)
tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh
an ciste caipitil fiontair cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas
infheistíochta, nó an dá rud, a athrú. 2.
I gcás ina bhfuil ceangal ar an gciste caipitil
fiontair cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20] nó i gcomhréir
leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach,
féadfar an t‑eolas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a
sholáthar ar leith nó ina chuid bhreise den réamheolaire. CAIBIDIL III
MAOIRSEACHT, COMHAR RIARACHÁIN Airteagal 13 1.
Bainisteoirí cistí caipitil fiontair a bhfuil sé
beartaithe acu an t-ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' a úsáid chun a
gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a úsáid, cuirfidh siad sin in iúl
d'údarás inniúil a mBallstáit bhaile agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a
leanas: (a)
céannacht an duine a dhéanann i ndáiríre cistí
caipitil fiontair cháilitheacha a bhainistiú; (b)
céannacht na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha
a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus straitéisí infheistíochta
na gcistí sin; (c)
faisnéis maidir leis na socruithe a rinneadh chun
ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh; (d)
liosta de na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe ag an
mbainisteoir ciste caipitil fiontair gach ciste caipitil fiontair cáilitheach a
mhargú iontu. 2.
Ní chláróidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an
bainisteoir ciste caipitil fiontair mura a bhfuil sé sásta: (a)
go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1
iomlán: (b)
go bhfuil na socruithe arna gcur in iúl i gcomhréir
le pointe (c) de mhír 1 oiriúnach d'fhonn ceanglais Chaibidil II a
chomhlíonadh. 3.
Beidh an clárú bailí i gcríoch iomlán an Aontais
agus ligfidh sé do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair cistí caipitil
fiontair cháilitheacha a mhargú faoin ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach'
ar fud an Aontais. Airteagal 14 Déanfaidh an bainisteoir ciste caipitil
fiontair údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bhfuil sé beartaithe aige margú
a dhéanamh ann a chur ar an eolas: (a)
maidir le haon chiste caipitil fiontair cáilitheach
nua atá ann; (b)
maidir le ciste caipitil fiontair cáilitheach atá
ann cheana i mBallstát agus nár luadh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d)
d'Airteagal 13(1). Airteagal 15 1.
A luaithe a chláróidh bainisteoir ciste caipitil
fiontair, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile é sin a chur in iúl do
na Ballstáit atá luaite i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 13 (1)
agus don tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí (ÚEUM). 2.
An Ballstát óstach atá luaite i gcomhréir le pointe (d)
d'Airteagal 13(1), ní fhorchuirfidh sé ar an mbainisteoir ciste caipitil
fiontair atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 aon cheanglais ná
nósanna imeachta riaracháin i dtaca lena gcistí caipitil fiontair cáilitheacha
a mhargú, ná ní cheanglóidh siad aon fhormheas ina leith an mhargaithe sin sula
rachfar ina bhun. 3.
D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do
chur chun feidhme an Airteagail seo, ullmhóidh an ÚEUM dréacht-chaighdeáin
theicniúla chur chun feidhme chun formáid an fhógra a chinneadh. 4.
Cuirfidh an ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla
cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [an dáta le cur isteach]. 5.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh
i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 16 Coinneoidh an ÚEUM ar bun bunachar sonraí
lárnach a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an idirlíon, bunachar ina
liostófar gach bainisteoir ciste caipitil fiontair atá cláraithe san Aontas i
gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 17 Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile
maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Rialachán seo. Airteagal 18 Beidh ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis
an dlí náisiúnta, gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá chun a
bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Beidh sé de chumhacht acu go háirithe: (a)
rochtain a iarraidh ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm
ar bith, agus cóip den doiciméad sin a ghlacadh nó a thógáil; (b)
ceangal a chur ar an mbainisteoir ciste caipitil
fiontair faisnéis a sholáthar gan mhoill; (c)
ceangal a chur ar aon duine a bhaineann le
gníomhaíochtaí an bhainisteora ciste caipitil fiontair nó le gníomhaíochtaí an
chiste caipitil fiontair cháilithigh faisnéis a sholáthar; (d)
cigireachtaí réamhfhógartha nó gan a bheith
réamhfhógartha ar an láthair a dhéanamh; (e)
ordú a eisiúint d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh
bainisteoir ciste caipitil fiontair ceanglais an Rialacháin seo agus nach
iompróidh sé féin arís ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar an
Rialachán seo. Airteagal 19 1.
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis
na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar
fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a
áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Na bearta agus na smachtbhannaí dá
bhforáilfear, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2.
Faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo] tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don ÚEUM
maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad mhír. Tabharfaidh siad fógra
don Choimisiún agus don ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu. Airteagal 20 1.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile na
bearta oiriúnacha dá dtagraítear i mír 2 i gcás nach ndéanann bainisteoir
ciste caipitil fiontair na nithe seo a leanas: (a)
na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le
comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5; (b)
an ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú
d'infheisteoirí incháilithe, de shárú ar Airteagal 6; (c)
clárú le húdarás inniúil a Bhallstáit bhaile, de
shárú ar cheanglais Airteagal 13. 2.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh
údarás inniúil an Bhallstáit bhaile na bearta seo a leanas, de réir mar is
iomchuí: (a)
toirmeasc a chur ar úsáid an ainmnithe 'Ciste
Caipitil Fiontair Eorpach' i gcás margú chiste caipitil fiontair cáilitheach
amháin nó níos mó de chuid an bhainisteora ciste caipitil fiontair. (b)
an bainisteoir ciste caipitil fiontair a bhaint den
chlár. 3.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile
údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh atá luaite i gcomhréir le pointe (d)
d'Airteagal 13 (1) a chur ar an eolas maidir le baint an bhainisteora
ciste caipitil fiontair den chlár dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. 4.
Maidir leis an gceart ciste caipitil fiontair
amháin nó níos mó a mhargú faoin ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' san
Aontas, éagfaidh sé le héifeacht láithreach amhail ó dháta theacht i bhfeidhm
chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír
2. Airteagal 21 1.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus an ÚEUM le
chéile aon uair is gá chun críocha a gcuid dualgas féin a dhéanamh faoin
Rialachán seo. 2.
Malartóidh siad gach faisnéis agus doiciméad is gá
chun sáruithe ar an Rialacháin seo a aithint agus a leigheas. Airteagal 22 1.
Gach duine a oibríonn nó a d'oibrigh do na húdaráis
inniúla nó don ÚEUM, mar aon le hiniúchóir agus saineolaithe faoi Threoir na
n-údarás inniúil, tá siad faoi réir cheanglas na hoibleagáide maidir le
rúndacht ghairmiúil. Aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin agus iad i
mbun a gcuid dualgas, ní sceithfidh siad í d'aon duine ná d'aon údarás, seachas
i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomláin ionas nach bhféadfar aon bhainisteoir
ciste caipitil fiontair ná ciste caipitil fiontair cáilitheach ar leith a
aithint, gan dochar do chásanna a chumhdaíonn an dlí coiriúil ná d'imeachtaí
dlí arna dtionscnamh faoin Rialacháin seo. 2.
Ní chuirfear aon bhac ar údaráis inniúla na
mBallstát ná ar an ÚEUM faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo
ná le dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bainisteoirí cistí
caipitil fiontair agus cistí caipitil fiontair cáilitheacha. 3.
I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla agus an ÚEUM
faisnéis rúnda i gcomhréir le mír 2, ní fhéadfaidh siad í a úsáid ach nuair atá
siad i mbun a gcuid dualgas agus chun críocha imeachtaí riaracháin agus
breithiúnacha. CAIBIDIL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 23 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal
seo. 2.
Is go ceann tréimhse ceithre bliana tar éis dáta
teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a dhéanfar an tarmligean cumhachta dá
dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 2 agus i mír 5 d'Airteagal 8 a
thabhairt don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le
tarmligean na cumhachta a ullmhú tráth nach déanaí ná sé mhí roimh
dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Beidh sé intuigthe go ndéanfar
tréimhsí comhfhaid a chur leis an tarmligean cumhachta, ach amháin má chuireann
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne sin trí mhí roimh dheireadh
gach tréimhse. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an
chumhacht dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 2 agus i mír 5 d'Airteagal 8
a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh cúlghairme deireadh a chur le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón
lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó
ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de
bhun mhír 3 d'Airteagal 2 ná mhír 5 d'Airteagal 8 i bhfeidhm ach
amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne
laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse
sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl
nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin
ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 24 1.
Ceithre bliana ar a laghad tar éis dáta teacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an
Rialachán seo. Mar chuid den athbhreithniú sin déanfar suirbhé ginearálta ar
fheidhmiú rialacha an Rialacháin seo agus ar an taithí a fuarthas á gcur i
bhfeidhm, lena n-áirítear: (c)
an méid úsáide a bhain bainisteoirí cistí caipitil
fiontair as an ainmniú 'Ciste Caipitil Fiontair Eorpach' sna Ballstáit éagsúla,
ar bhonn intíre nó trasteorann; (d)
raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear an tairseach
EUR 500 milliún. 2.
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚEUM cuirfidh
an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle agus, más gá, beidh togra reachtach ag gabháil léi. Airteagal 25 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm leis amhail ón 22 Iúil 2013, ach amháin i gcás mhír 3
d'Airteagal 2 agus mhír 5 d'Airteagal 8; beidh feidhm acu sin amhail
ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] De réir an tsuirbhé is déanaí ón
mBanc Ceannais Eorpach dúirt os cionn 50 % de na FBManna sa limistéar Euro
a bhí sa sampla a tógadh gur tháinig méadú ar na rátaí úis a mhuirearaigh na
bainc agus go ndeachaigh na coinníollacha creidmheas i ndéine a chuireann na
bainc i bhfeidhm maidir le hiasachtaí a thabhairt do FBManna. [2] Sa suirbhé deireanach a eisíodh
(09/2010–02/2011), arna dhéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach agus arna
mhionsaothrú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpaigh, maidir leis an rochtain atá
ag FMBanna ar mhaoiniú i limistéar an Euro, dúirt timpeall is 15 % de
FMBanna gurbh é "rochtain ar mhaoiniú" an fhadhb ba mhó a bhí ag
déanamh ciotaí dóibh, rud a bhí mar an gcéanna sna suirbhéanna a rinneadh
roimhe sin. http://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/other/accesstofinancesmallmediumsizedenterprises201104en.pdf?b704f6b228e071bea9507d7569412805 [3] Foinse: Meastacháin 2011 an European Private Equity and Venture Capital
Association (EVCA). [4] http://ec.europa.eu/europe2020/index_en.htm, (an 3
Márta 2010); tá an rud céanna de chuspóir freisin ag an tionscnamh 'Aontas
Nuálaíochta', http://ec.europa.eu/research/innovation-union/index_en.cfm?pg=keydocs
(an 6 Deireadh Fómhair 2010). [5] http://ec.europa.eu/internal_market/smact/docs/20110413-communication_en.pdf
(an 13 Aibreán 2011). [6] http://ec.europa.eu/commission_2010-2014/president/news/speeches-statements/pdf/20111012communication_roadmap_en.pdf [7] Clúdaíonn caipiteal riosca trí
chineál maoinithe: (i) infheistiú
neamfhoirmiúil a dhéanann 'infheisteoirí tráthúla' (business angels);
(ii) caipiteal fiontair; (iii) stocmhargaí arb iad FBManna agus comhlachtaí
ardfháis a speisialtacht. [8] Tuarascáil deiridh 2003 an Phlean
Gníomhaíochta maidir le Caipiteal Riosca: http://ec.europa.eu/internal_market/securities/riskcapital/index_en.htm. [9] http://ec.europa.eu/internal_market/investment/venture_capital_en.htm [10] IO C , , lch. . [11] IO C ... lch. . [12] IO C , , lch. . [13] IO L 302, 17.11.2009, lch. 32. [14] IO L 174, 1.7.2007, lch. 1. [15] IO L 145, 30.4.2004, lch.1. [16] IO L 331, 15.12.2010, lch. 84. [17] IO L 281, 23.11.1995 lch. 31. [18] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [19] IO L 390, 31.12.2004, lch. 38. [20] IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.