14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 179/48


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1451 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus an fhaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit chun cláir éigeantacha agus roghnacha dhíothaithe a fhormheas agus a thuairisciú agus in iarratais ar stádas saor ó ghalar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 23, 35 agus 40 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó daoine, lena n-áirítear forálacha maidir le fógra a thabhairt agus tuairisciú i leith galair, cláir faireachais an Aontais, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar.

(2)

Forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) agus leagtar síos ann rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ainmhithe atá ag teacht chun cinn.

(3)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach san Aontas na forálacha maidir le fógra a thabhairt agus tuairisciú i leith galair, maidir le cláir faireachais an Aontais, maidir le cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le faisnéis, formáidí agus ceanglais nós imeachta le haghaidh na gclár faireachais, na gclár díothaithe agus maidir le stádas saor ó ghalar i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (3).

(4)

Maidir leis an taithí a fuarthas trí fhaisnéis a chur isteach maidir le toradh na gclár díothaithe formheasta, agus maidir le hiarratais ar stádas saor ó ghalar sa tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, agus go háirithe i bhfianaise na sonraí atá ar fáil cheana féin sa Chóras Faisnéise Galar Ainmhithe ríomhairithe (ADIS) dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/429, léirítear nach bhfuil gnéithe áirithe den fhaisnéis a éilíonn an Rialachán Cur Chun Feidhme sin riachtanach don Choimisiún faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar stádas saor ó ghalar. Níor cheart gá a bheith leis na heilimintí sin, chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir.

(5)

Tá an fhaisnéis atá le cur ar fáil maidir le torthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe le fáil san ADIS. Ba cheart na dréachtchláir dhíothaithe a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas a chur isteach go leictreonach freisin tríd an ADIS, chun an comhleanúnachas a áirithiú.

(6)

Thairis sin, léiríodh tríd an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, gur gá forálacha áirithe d’Iarscríbhinn V, VI agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis a shoiléiriú, chun a áirithiú gur léir go bhféadfaidh feidhm a bheith ag raon feidhme críochach cláir dhíothaithe fhormheasta maidir le hainmhithe uisceacha, agus ag formheas an stádais saor ó ghalar i gcás na n-ainmhithe sin, ar leibhéal an Bhallstáit, ar leibhéal an chreasa nó na deighleoige. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir.

(7)

Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le roinnt maoluithe atá ábhartha chun clár díothaithe a thíolacadh le haghaidh galar de chatagóir B nó de chatagóir C d’ainmhithe uisceacha i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. Faoi láthair, ní dhéantar tagairt ach do mhaolú amháin den sórt sin san Iarscríbhinn sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú chun a áirithiú go ndéanfar tagairt do na maoluithe ábhartha uile i Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Tuairisciú ón Aontas ar thorthaí bliantúla chur chun feidhme na gclár formheasta díothaithe

1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ar thorthaí chur chun feidhme a gclár díothaithe formheasta leanúnach.

2.   Sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh gach bliana, lena gcumhdófar an bhliain féilire roimhe sin, beidh an fhaisnéis a shonraítear in:

(a)

Roinn 1 d’Iarscríbhinn V le haghaidh cláir dhíothaithe le haghaidh galair de chatagóir B agus C d’ainmhithe talún atá bunaithe ar stádas saor ó ghalar a dheonú ar leibhéal na mbunaíochtaí;

(b)

Roinn 2 d’Iarscríbhinn V le haghaidh cláir dhíothaithe i gcás ionfhabhtú le víreas an chonfaidh (RABV);

(c)

Roinn 3 d’Iarscríbhinn V le haghaidh cláir dhíothaithe i gcás ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (ionfhabhtú le BTV);

(d)

Roinn 4 d’Iarscríbhinn V le haghaidh cláir dhíothaithe i ndáil le galair de chatagóir B agus C a bhaineann le hainmhithe uiscí.

3.   Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh go leictreonach tríd an ADIS.’;

(2)

Ii Airteagal 8, scriostar mír (2);

(3)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh i mír 1:

‘Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas:’;

(b)

cuirtear mír 3 seo a leanas isteach:

‘3.   Déanfar na cláir dhíothaithe dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh go leictreonach tríd an ADIS’;

(4).

In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh i mír 1:

‘Agus iarratas á dhéanamh ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún ar aitheantas don stádas saor ó ghalar i gcomhréir le Ranna 1 agus 2 de Chaibidil 4 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, cé is moite den fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe sin i dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, déanfaidh siad an fhaisnéis ábhartha a áireamh ina n-iarratais, faisnéis a shonraítear in:’;

(5).

Leasaítear Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn V:

(a)

i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Faisnéis faoi na bunaíochtaí agus na hainmhithe lena mbaineann atá suite sa chríoch i gcomhréir le pointe 5, de réir creasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den phobal ainmhithe a bhfuiltear ag díriú air, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (*1) an 31 Nollaig;

(b)

an líon ainmhithe den phobal ainmhithe a bhfuiltear ag díriú air a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig;

(c)

an líon bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu, le vacsaíniú nó gan vacsaíniú acu, más ábhartha, as an líon bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig;

(d)

an líon ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh a bheith ionfhabhtaithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).’;"

(b)

i Roinn 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Faisnéis faoi na bunaíochtaí dobharshaothraithe agus na hainmhithe lena mbaineann atá suite sa chríoch dá dtagraítear i bpointe 5 de réir Ballstáit, creasa nó deighleoige:

(a)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe ina gcoimeádtar ainmhithe den phobal ainmhithe a bhfuiltear ag díriú air agus, i gcás inarb ábhartha, pointí samplála i bpobail fhiáine, atá ar áireamh sa chlár díothaithe an 31 Nollaig;

(b)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, as an líon bunaíochtaí nó pointí samplála dá dtagraítear i bpointe (a), nach bhfuil ionfhabhtaithe an 31 Nollaig;

(c)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, le cás/cásanna deimhnithe as an líon bunaíochtaí nó pointí samplála dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig;

(d)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe ionfhabhtaithe agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála ionfhabhtaithe nua i bpobail fhiáine, a bhfuil cás/cásanna deimhnithe acu as an líon bunaíochtaí nó an líon pointí samplála dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig.’

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Faisnéis a bheidh le háireamh in iarratais ar aitheantas do stádas saor ó ghalar na mBallstát nó na gcriosanna a mhéid a bhaineann le galair ainmhithe talún agus uisceacha agus in iarratais ar aitheantas do stádas saor ó ghalar na ndeighleog a mhéid a bhaineann le galair ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 11’;

(b)

leasaítear Roinn 6 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 go 7:

‘1.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a mhéid a bhaineann le bó-ainmhithe ar coimeád de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a bhfuil an stádas saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis gan vacsaíniú acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a ndearnadh tástáil orthu le tástáil séireolaíochta le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon cásanna forlao ó bhó-ainmhithe ar coimeád a bhféadfadh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a bheith ina chúis leo agus a ndearnadh imscrúdú orthu gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

dáta an cháis ionfhabhtaithe deiridh a deimhníodh le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe ar coimeád;

(i)

dáta an vacsaínithe deiridh i gcoinne ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis le haghaidh bó-ainmhithe ar coimeád;

2.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a mhéid a bhaineann le hainmhithe den chineál caorach agus gabhair ar coimeád, de réir creasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach nó gabhair, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon ainmhithe den chineál caorach agus gabhair a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach nó gabhair a bhfuil an stádas saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis gan vacsaíniú acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon ainmhithe den chineál caorach agus gabhair a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach nó gabhair a ndearnadh tástáil orthu le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon cásanna forlao ó ainmhithe den chineál caorach nó gabhair a bhféadfadh ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a bheith ina chúis leo a ndearnadh imscrúdú orthu gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

dáta an cháis deiridh ionfhabhtaithe le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a deimhníodh in ainmhithe den chineál caorach nó gabhair ar coimeád;

(i)

dáta an vacsaínithe deiridh i gcoinne ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis d’ainmhithe den chineál caorach nó gabhair ar coimeád;

3.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le MTBC de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a bhfuil an stádas saor ó ionfhabhtú le MTBC acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a tástáladh le haghaidh MTBC gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon bó-ainmhithe a maraíodh, ar ainmhithe iad a léirigh loit ionfhabhtaithe amhrasta le MTBC agus a ndearnadh imscrúdú orthu gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh go bhfuil siad ionfhabhtaithe le MTBC gach bliain le 3 bliana anuas;

4.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh liúcóis bhólachta eansótach (LBE) de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a bhfuil an stádas saor ó LBE acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe a tástáladh le haghaidh LBE gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon samplaí ó bhó-ainmhithe maraithe atá os cionn 24 mí d’aois le siadaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar LBE a bhí faoi réir scrúdú saotharlainne chun láithreacht LBE a dhearbhú nó a chur as an áireamh gach bliana le 3 bliana anuas;

(h)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh go bhfuil siad ionfhabhtaithe le LBE gach bliain le 3 bliana anuas;

5.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh IBR/IPV, de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí a bhfuil an stádas saor ó LBE acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí a tástáladh le haghaidh IBR/IPV gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh go bhfuil siad ionfhabhtaithe le IBR/IPV gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

dáta an toirmisc ar vacsaíniú i gcoinne IBR/IPV i ndáil le bó-ainmhithe ar coimeád;

6.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le ADV de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál mucúil, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon ainmhithe den chineál mucúil a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí a bhfuil an stádas saor ó ionfhabhtú le ADV acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon ainmhithe den chineál mucúil a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí ina ndearnadh faireachas chun aon fhianaise chliniciúil, víreolaíoch nó shéareolaíoch ar ionfhabhtú le ADV a fháil gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon ainmhithe den chineál mucúil a tástáladh sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh go bhfuil siad ionfhabhtaithe le ADV gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

dáta an toirmisc ar vacsaíniú i gcoinne ADV d’ainmhithe den chineál mucúil ar coimeád;

7.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh BVD de réir an chreasa, má tá níos mó ná crios amháin san áireamh i raon feidhme críochach an chláir:

(a)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe, gan bunaíochtaí a thagann faoin maolú a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(b)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(c)

an líon bunaíochtaí a bhfuil an stádas saor ó BVD acu lena n-áirítear bunaíochtaí a bhfuil stádas saor ó ghalar ar fionraí acu amhail an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(d)

an líon bó-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) an 31 Nollaig gach bliain le 3 bliana anuas;

(e)

an líon bunaíochtaí a tástáladh le haghaidh BVD gach bliain le 3 bliana anuas;

(f)

an líon bunaíochtaí a bhfuil amhras fúthu tar éis na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) gach bliain le 3 bliana anuas;

(g)

an líon bunaíochtaí a deimhníodh go bhfuil siad ionfhabhtaithe le BVD gach bliain le 3 bliana anuas;

(h)

dáta an toirmisc ar vacsaíniú i gcoinne BVD i gcás bó-ainmhithe ar coimeád;’;

(ii)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 10:

‘10.

i gcás cláir dhíothaithe le haghaidh galair de chatagóir B agus C d’ainmhithe uisceacha, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach bliana den chlár, de réir Ballstáit, de réir an chreasa nó de réir na deighleoige, de réir mar is ábhartha don raon feidhme críochach:

(a)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus, i gcás inarb ábhartha, agus an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe ina gcoimeádtar ainmhithe den phobal ainmhithe a bhfuiltear ag díriú air agus an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, atá ar áireamh sa chlár díothaithe, chomh maith le léarscáileanna a thaispeánann suíomh bunaíochtaí agus pointí samplála i bpobail fhiáine;

(b)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, as an líon bunaíochtaí nó pointí samplála dá dtagraítear i bpointe (a), nach bhfuil ionfhabhtaithe;

(c)

an líon cuairteanna sláinte ainmhithe in aghaidh na mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus, i gcás inarb ábhartha, bunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe;

(d)

an líon samplálacha in aghaidh na mbunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe formheasta agus, i gcás inarb ábhartha, agus an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, chomh maith le sonraí faoi speicis, torthaí samplála (dearfach nó diúltach) agus teochtaí uisce tráth na samplála;

(e)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe ionfhabhtaithe agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, a bhfuil cás/cásanna deimhnithe acu as an líon bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig;

(f)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe ionfhabhtaithe nua agus, i gcás inarb ábhartha, an líon pointí samplála i bpobail fhiáine, a bhfuil cás/cásanna deimhnithe acu as an líon bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) an 31 Nollaig.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

‘9.

Bhain spriocanna idirmheánacha an chláir díothaithe leis na critéir a bhaineann go sonrach le galair chun stádas saor ó ghalar a fháil, lena n-áirítear ar a laghad:

(a)

an laghdú bliantúil a bhfuil coinne leis ar an líon bunaíochtaí ionfhabhtaithe;

(b)

an méadú bliantúil a bhfuil coinne leis ar an líon bunaíochtaí saor ó ghalar.’;

(b)

in Alt 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5.

Tuairisc ar an staid eipidéimeolaíoch sa Bhallstát, sa chrios nó sa deighleog, de réir mar is ábhartha do raon feidhme críochach an chláir, lena n-áirítear:

(a)

an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus an líon bunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe ina gcoimeádtar ainmhithe den phobal ainmhithe a bhfuiltear ag díriú air, de réir chineál an táirgthe agus de réir stádas sláinte;

(b)

speicis liostaithe a choimeádtar sna bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear i bpointe (a) de réir an stádais sláinte;

(c)

léarscáileanna a thaispeánann:

(i)

suíomh geografach na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus na ndobharcheantar ábhartha; agus

(ii)

dáileadh geografach na gcásanna ionfhabhtaithe a bhfuil an galar ábhartha de chatagóir B nó C orthu ar feadh tréimhse a chumhdaíonn na 5 bliana seo caite ar a laghad;

(d)

faisnéis a mhéid a bhaineann leis an staid eipidéimeolaíoch in ainmhithe uiscí fiáine, i gcás inarb ábhartha.

6.

Tuairisc ar straitéis rialaithe galar an chláir díothaithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena n-áirítear ar a laghad:

(a)

na scéimeanna samplála agus na modhanna diagnóiseacha atá le húsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

cuairteanna sláinte agus sampláil i mbunaíochtaí dobharshaothraithe;

(ii)

faireachas spriocdhírithe ar phobail fhiáine, i gcás inarb ábhartha;

(b)

bearta rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm i gcás cás a deimhníodh;

(c)

na bearta bithshlándála agus maolaithe riosca atá le cur chun feidhme;

(d)

scéimeanna vacsaínithe, i gcás inarb ábhartha;

(e)

na bearta atá le cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hainmhithe uisceacha fiáine agus líon agus suíomh geografach na bpointí samplála i gcás inarb ábhartha;

(f)

na maoluithe atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 47(4), le hAirteagal 51(2) nó le hAirteagal 53 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i gcás inarb ábhartha;

(g)

bearta comhordaithe le Ballstáit eile nó le tríú tíortha, i gcás inarb ábhartha.’.


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).’;’