9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/42


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2404 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe le haghaidh na suirbhéanna ar lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lena n-aisghairtear Treoir 92/70/CEE ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32(5), an dara fomhír, agus Airteagal 34(1), an dara fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/2031 déantar foráil maidir leis na bunrialacha i ndáil le sláinte plandaí san Aontas.

(2)

Le hAirteagal 32(4), pointe (b), den Rialachán sin bunaítear an oibleagáid ar Bhallstáit torthaí suirbhéanna de 3 bliana roimhe sin ar a laghad a chur san áireamh agus iarratas á dhéanamh acu ar chrios nua faoi chosaint chun a thaispeáint nach bhfuil lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint (“an lotnaid”) sa chríoch lena mbaineann.

(3)

Le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 bunaítear an oibleagáid ar na Ballstáit suirbhéanna bliantúla a dhéanamh ar gach crios faoi chosaint a mhéid a bhaineann leis na lotnaidí agus torthaí na suirbhéanna sin a thuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gach bliain.

(4)

Sna rialacha a bhaineann leis na suirbhéanna a ullmhú, ba cheart ceanglais a áireamh maidir le breithniú a dhéanamh ar bhitheolaíocht na lotnaide agus na bplandaí óstacha lena mbaineann, agus maidir le huainiú an tsuirbhé a bheith oiriúnach chun an lotnaid a bhrath. Tá na gnéithe sin tábhachtach chun ullmhú an tsuirbhé a bheith iomlán agus oiriúnach don suirbhé lena mbaineann.

(5)

In ábhar an tsuirbhé ba cheart tásca ar léarscáileanna, tuairisc ar limistéar an tsuirbhé, scrúduithe, sampláil agus tástáil, spriocphobail, modhanna braite agus tosca riosca a áireamh, chun iomláine, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na suirbhéanna a áirithiú.

(6)

Chomh maith leis sin ba cheart na suirbhéanna a dhéanamh i gcrios maolánach timpeall ar an gcrios faoi chosaint agus a bheith níos déine ná na suirbhéanna sa chrios faoi chosaint, toisc nach bhfuil toirmeasc ar an lotnaid sa chrios maolánach agus nach bhfuil aon bhearta ina choinne infheidhme sa limistéar sin. Tá gá leis sin chun neamhláithreacht na lotnaide sa chrios maolánach a dheimhniú agus chun stádas saor ó lotnaidí an chreasa faoi chosaint a chaomhnú ar bhealach níos fearr. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta is infheidhme chun limistéir atá saor ó lotnaidí a bhunú (2), caighdeáin a úsáidtear dá réir sin chun criosanna faoi chosaint a bhunú de bhun dhlí an Aontais. Ceanglaítear leis na caighdeáin idirnáisiúnta sin criosanna maolánacha a bhunú chun limistéir atá saor ó lotnaidí a bhunú agus a chaomhnú, i gcás nach meastar go bhfuil leithlisiú geografach leordhóthanach chun cosc a chur le lotnaidí a thabhairt isteach sna limistéir sin nó le hathmhíolú na limistéar sin, nó i gcás nach bhfuil aon bhealach eile ann chun gluaiseacht lotnaidí chuig na limistéir sin a chosc.

(7)

Ar na cúiseanna céanna, na suirbhéanna sna bandaí laistigh den chrios faoi chosaint, feadh na teorann leis an gcrios faoi chosaint, ba cheart iad a threisiú i gcomparáid leis na suirbhéanna atá sa chuid eile den chrios faoi chosaint.

(8)

Chun go mbeidh ábhar na suirbhéanna comhsheasmhach, ba cheart teimpléad tuairiscithe a bhunú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (3) bunaíodh formáid agus treoracha na dtuarascálacha bliantúla maidir le torthaí suirbhéanna i limistéir nach eol an lotnaid a bheith iontu. D’fhonn cur chuige comhchuibhithe a bheith ann agus torthaí na suirbhéanna á dtuairisciú laistigh den Aontas, ba cheart formáid chomhchosúil a ghlacadh chun torthaí suirbhéanna a thuairisciú i gcriosanna faoi chosaint, agus gnéithe sonracha na suirbhéanna sin á gcur san áireamh.

(9)

Le Treoir 92/70/CEE ón gCoimisiún (4) leagtar síos freisin rialacha mionsonraithe maidir le suirbhéanna atá le déanamh chun críche criosanna faoi chosaint a aithint. Ós rud é gur glacadh an Treoir faoi ghníomhartha dlíthiúla an Aontais maidir le sláinte plandaí a bhí ann roimhe seo, tá sí imithe i léig anois agus ba cheart í a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

suirbhéanna maidir le crios nua faoi chosaint a bhunú de bhun Airteagal 32(3) nó (6) de Rialachán (AE) 2016/2031; agus

(b)

ullmhú na suirbhéanna bliantúla agus ábhar na suirbhéanna sin de bhun Airteagal 34(1) den Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “crios maolánach” limistéar timpeall ar chrios faoi chosaint chun an dóchúlacht go dtabharfar isteach an lotnaid sa chrios faoi chosaint agus go leathfaidh sí ann a íoslaghdú;

(b)

ciallaíonn “banda laistigh” limistéar laistigh de chrios faoi chosaint, ar leithead atá coibhéiseach le leithead an chreasa mhaolánaigh atá timpeall ar an gcrios faoi chosaint ar an taobh istigh feadh a teorann seachtraí;

(c)

ciallaíonn “suirbhé” suirbhé braite a dhíríonn ar an lotnaid i gcrios faoi chosaint agus, i gcás inarb iomchuí, i gcrios maolánach;

(d)

ciallaíonn “limistéar críochaithe” limistéar a críochaíodh tar éis don lotnaid a bheith aimsithe i gcrios faoi chosaint, mar a thuairiscítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/2031;

(e)

ciallaíonn “suirbhé bunaithe ar staidreamh” suirbhé a dhéantar ar bhonn threoirlínte ginearálta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), treoirlínte do shuirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus atá bunaithe ar riosca (5).

Airteagal 3

Suirbhéanna a ullmhú

1.   Is iad údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, nó daoine eile faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil a ullmhóidh na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 1 (“na suirbhéanna”) i gcomhréir le míreanna 2 go 6.

2.   Is iad seo a leanas na gnéithe a bhainfidh leis na suirbhéanna:

(a)

beidh siad riosca-bhunaithe;

(b)

beidh siad bunaithe ar phrionsabail fhónta eolaíocha agus theicniúla;

(c)

cuirfear san áireamh leo bitheolaíocht na lotnaide agus láithreacht an speicis óstaigh laistigh den chrios faoi chosaint; agus

(d)

déanfar iad ag na tráthanna is oiriúnaí chun an lotnaid a bhrath.

3.   Leathnófar na suirbhéanna chuig crios maolánach timpeall ar an gcrios faoi chosaint.

Beidh na suirbhéanna sna criosanna maolánacha níos déine ná suirbhéanna sa chrios faoi chosaint, le líon níos airde gníomhaíochtaí suirbhéireachta (scrúduithe amhairc, samplaí, gaistí agus tástálacha, i gcás inarb iomchuí).

Is ar bhonn bhitheolaíocht na lotnaide agus a hacmhainn leata fhéideartha a chinnfear leithead an chreasa mhaolánaigh.

Ní bheidh aon suirbhé sa chrios maolánach ag teastáil más rud é, de bharr bhitheolaíocht na lotnaide, easpa plandaí óstacha, shuíomh geografach an chreasa faoi chosaint nó nádúr a leithlisithe spásúil, nach bhfuil aon riosca ann go dtabharfar an lotnaid isteach sa chrios faoi chosaint tríd an leathadh nádúrtha ó na limistéir chomharsanachta.

4.   Mura féidir crios maolánach a bhunú sa chríoch atá in aice leis an gcrios faoi chosaint, déanfar banda laistigh a bhunú ar laistigh den chrios faoi chosaint.

Ní dhéanfar an banda laistigh a bhunú más rud é, de bharr bhitheolaíocht na lotnaide, easpa plandaí óstacha, shuíomh geografach an chreasa faoi chosaint nó nádúr a leithlisithe spásúil, nach bhfuil aon riosca ann go dtabharfar an lotnaid isteach sa chrios faoi chosaint tríd an leathadh nádúrtha ó na limistéir chomharsanachta.

Beidh na suirbhéanna sna bandaí laistigh níos déine ná suirbhéanna sa chuid eile den chrios faoi chosaint, le líon níos airde gníomhaíochtaí suirbhéireachta (scrúduithe amhairc, samplaí, gaistí agus tástálacha, i gcás inarb iomchuí).

5.   I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil suirbhé bunaithe ar staidreamh a dhéanamh, beidh dearadh an tsuirbhé agus an scéim samplála a úsáidfear oiriúnach chun leibhéal íseal plandaí inmhíolaithe ag an lotnaid a shainaithint laistigh den chrios faoi chosaint lena mbaineann agus é sin a dhéanamh le leibhéal leordhóthanach muiníne.

6.   I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil suirbhé bunaithe ar staidreamh a dhéanamh sa chrios maolánach nó sa bhanda istigh, beidh dearadh an tsuirbhé agus an scéim samplála a úsáidfear oiriúnach chun leibhéal íseal láithreachta na lotnaide a shainaithint agus é sin a dhéanamh le leibhéal muiníne níos airde ná sa chrios faoi chosaint féin.

Airteagal 4

Ábhar na suirbhéanna

Is iad na gnéithe seo a leanas a bheidh sna suirbhéanna:

(a)

léarscáil ar a bhfuil teorannú geografach an chreasa faoi chosaint agus, i gcás inarb iomchuí, an chreasa mhaolánaigh nó an bhanda laistigh, ar a sonrófar suíomh na ngníomhaíochtaí suirbhéireachta a rinneadh agus ar a léireofar na pointí suirbhé, na torthaí nó na ráigeanna agus aon limistéar críochaithe a bunaíodh;

(b)

tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

limistéar an tsuirbhé, lena n-áirítear na suíomhanna suirbhéireachta;

(ii)

an t-ábhar plandaí nó an tráchtearra, agus

(iii)

i gcás inarb iomchuí, an crios maolánach nó an banda laistigh;

(c)

liosta na bplandaí óstacha;

(d)

na limistéar riosca a sainaithníodh inar féidir leis an lotnaid a bheith ann;

(e)

faisnéis faoi mhíonna na bliana ina rinneadh an suirbhé;

(f)

san áit arb iomchuí:

(i)

líon na scrúduithe amhairc chun siomptóim nó comharthaí láithreachta na lotnaide a bhrath,

(ii)

líon na samplaí, cineál agus líon na dtástálacha agus na ngaistí a mheallann an lotnaid;

(iii)

aon bheart eile atá is iomchuí chun brath na lotnaide a áirithiú;

(g)

dearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide, lena n-áirítear tuairisc ar na nithe seo a leanas: I gcás suirbhéanna bunaithe ar staidreamh, na toimhdí bunúsacha a bhaineann le

(i)

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta;

(ii)

an modh braite agus íogaireacht an mhodha;

(iii)

aon toisc riosca, lena léirítear leibhéil riosca agus rioscaí gaolmhara comhfhreagracha agus cion na bplandaí óstacha; agus

(iv)

i gcás ina n-aimsítear an lotnaid, na bearta a glacadh nó an tagairt do EUROPHYT-Ráigeanna.

Airteagal 5

Torthaí na suirbhéanna a thuairisciú

Tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis ghinearálta agus torthaí na suirbhéanna le haghaidh gach creasa faoi chosaint agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Úsáidfidh na Ballstáit ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo chun torthaí na suirbhéanna a thuairisciú de bhun an méid seo a leanas:

(a)

Airteagal 32(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/2031; nó

(b)

Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 6

Treoir 92/70/CEE a aisghairm

Aisghairtear Treoir 92/70/CEE.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  CIB 4 Ceanglais maidir le limistéir atá saor ó lotnaidí a bhunú agus CIBF 26 Limistéir atá saor ó lotnaidí a bhunú maidir le cuileanna torthaí (Tephritidae).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir leis an bhformáid agus na treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla i ndáil le torthaí na suirbhéanna agus maidir le formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).

(4)  Treoir 92/70/CEE ón gCoimisiún an 30 Iúil 1992 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh suirbhéanna atá le déanamh chun críocha criosanna faoi chosaint a aithint sa Chomhphobal (IO L 250, 29.8.1992, lch. 37).

(5)  EFSA, Treoirlínte ginearálta maidir le suirbhéanna ar lotnaidí plandaí atá fónta ó thaobh staidrimh de agus bunaithe ar riosca, 8 Meán Fómhair 2020, doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1919.


IARSCRÍBHINN I

Teimpléad le haghaidh torthaí faisnéise ginearálta suirbhéanna

Ballstát

 

Údarás Inniúil

 

Teagmhálaí (ainm iomlán, teideal poist laistigh den údarás inniúil, ainm na heagraíochta, uimhir theileafóin agus cuntas ríomhphoist feidhmiúil)

 

Eagraíochtaí atá rannpháirteach sa suirbhé

 

Saotharlanna atá rannpháirteach sa suirbhé

 

Lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint

 

Ainm/Tuairisc an chreasa faoi chosaint (PZ), mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún

 

Bliain bhunaithe an PZ

 

Bliain/blianta an tsuirbhé.

I gcás iarratas ar PZ nua, léirigh na blianta a chumhdaítear leis an suirbhé.

 

Méid an PZ (ha)

 

Crios maolánach nó banda laistigh a bhunú (Bunaithe/Gan a bheith bunaithe). Tabhair údar i gcás nach bhfuil an crios seo bunaithe.

 

Leithead (m) an chreasa mhaolánaigh nó an bhanda laistigh, más infheidhme

 

Léarscáil de theorainneacha an PZ, lena n-áirítear an crios maolánach nó an banda laistigh, más infheidhme.

Léirigh na pointí suirbhé, na torthaí/na ráigeanna agus, i gcás inarb infheidhme, na limistéir chríochaithe a bunaíodh.

 

An bhfuil an suirbhé bunaithe ar staidreamh (tá/níl)

 

Torthaí/ráigeanna le linn an tsuirbhé dheireanaigh (ar fáil/níl siad ar fáil)

 

Tuairisc ar na torthaí/na ráigeanna (1) agus na gníomhaíochtaí a rinneadh nó tagairt do EUROPHYT-Ráigeanna

 


(1)  Lena n-áirítear tagairt don fhógra nó do na fógraí i ndáil le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 33(3) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).


IARSCRÍBHINN II

Teimpléid le haghaidh torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú nó le haghaidh tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna chun lotnaid choraintín nua na gcriosanna faoi chosaint a iarraidh

CUID A

1.   Teimpléad le haghaidh torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú

Image 1

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar an teimpléad seo isteach le haghaidh lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach le haghaidh na lotnaide céanna.

Le haghaidh colún 1:

Léirigh bliain an tsuirbhé. I gcás tuarascáil suirbhé chun crios faoi chosaint a iarraidh, áirigh na sonraí ó na 3 bliana roimhe sin ar a laghad, agus úsáid á baint as ró ar leith le haghaidh gach bliana.

Le haghaidh colún 2:

Léirigh ainm eolaíoch lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint (mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 nó an t-ainm eolaíoch is inghlactha i gcás nach bhfuil an lotnaid liostaithe go fóill), agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh na lotnaide.

Le haghaidh colún 3:

Léirigh ainm an chreasa faoi chosaint, agus úsáid á baint as rónna ar leith i gcás ina bhfuil níos mó ná crios faoi chosaint amháin ann le haghaidh na lotnaide céanna i gcríoch an Bhallstáit, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún.

Le haghaidh colún 4:

Léirigh an crios: PZ (crios faoi chosaint), BZ (crios maolánach) nó IB (banda laistigh), agus úsáid á baint as rónna éagsúla.

Le haghaidh colún 5:

Léirigh líon na suíomhanna suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann amháin (nó níos mó) de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce agus le haghaidh líon na suirbhéanna a rinneadh:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraoise;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. suíomhanna poiblí; 2.3. limistéar caomhantais; 2.4 plandaí fiáine i limistéir nach limistéir caomhantais iad; 2.5 eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. suíomh príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. suíomh poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid).

Le haghaidh colúin 6, 7 agus 8:

Roghnach.

Le haghaidh colún 6:

Léirigh cé na réimsí riosca a shainaithnítear bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh colún 7:

Léirigh an limistéar iomlán a chumhdaíonn an spriocphobal (ha) sa chrios faoi chosaint.

Le haghaidh colún 8:

Léirigh cion an limistéir a ndearnadh suirbhé air den spriocphobal (limistéar a ndearnadh suirbhé air/limistéar an spriocphobail) mar chéatadán.

Le haghaidh colún 9:

Léirigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, veicteoir, uisce, eile, agus an cás ar leith á shonrú, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá.

Le haghaidh colún 10:

Léirigh an liosta de speicis phlandaí/de ghéinis a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis plandaí.

Le haghaidh colún 11:

Léirigh míonna na bliana ina rinneadh na suirbhéanna.

Le haghaidh colún 12:

Léirigh sonraí an tsuirbhé, agus bitheolaíocht na lotnaide á cur san áireamh. Léirigh le N/B i gcás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme maidir leis an lotnaid lena mbaineann. Bain úsáid as rónna éagsúla (e.g. chun cineálacha éagsúla tástálacha agus líon na dtástálacha sin a thuairisciú).

Le haghaidh colún 13:

Léirigh líon na dtorthaí deimhneacha. D’fhéadfadh an líon sin a bheith éagsúil ó líon na ráigeanna nuair a chuirtear roinnt torthaí deimhneacha san áireamh in aon fhógra amháin faoi ráig amháin.

Le haghaidh colún 14:

Léirigh na fógraí faoi ráigeanna le haghaidh na bliana ina rinneadh an suirbhé. Ní gá uimhir fógra na ráige a chur san áireamh i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 atá i gceist leis an toradh. Sa chás sin, léirigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 15 (“Nótaí”).

Le haghaidh colún 15:

Aon fhaisnéis ábhartha eile a chur san áireamh agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi thorthaí na suirbhéanna ar phlandaí aisiomptómacha lenar bhain torthaí deimhneacha.

CUID B

1.   Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bunaithe ar staidreamh a thuairisciú

Image 2

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar an teimpléad seo isteach le haghaidh lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach le haghaidh na lotnaide céanna.

Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide. Déan achoimre agus tabhair údar maidir leis na nithe seo a leanas:

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta,

an modh braite agus íogaireacht an mhodha,

an toisc riosca nó na tosca riosca, agus léirigh na leibhéil riosca agus na rioscaí gaolmhara comhfhreagracha agus cion dhaonra an phlanda óstaigh.

Le haghaidh colún 1:

Léirigh bliain an tsuirbhé. I gcás tuarascáil suirbhé chun crios faoi chosaint a iarraidh, áirigh na sonraí ó na 3 bliana roimhe sin ar a laghad, agus úsáid á baint as ró ar leith le haghaidh gach bliana.

Le haghaidh colún 2:

Léirigh ainm eolaíoch lotnaid choraintín na gcriosanna faoi chosaint (mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 nó an t-ainm eolaíoch is inghlactha i gcás nach bhfuil an lotnaid liostaithe go fóill), agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh na lotnaide.

Le haghaidh colún 3:

Léirigh ainm an chreasa faoi chosaint, agus úsáid á baint as rónna ar leith i gcás ina bhfuil níos mó ná crios faoi chosaint amháin ann le haghaidh na lotnaide céanna i gcríoch an Bhallstáit, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún.

Le haghaidh colún 4:

Léirigh an crios: PZ (crios faoi chosaint), BZ (crios maolánach) nó IB (banda laistigh), agus úsáid á baint as rónna éagsúla.

Le haghaidh colún 5:

Léirigh uimhir na suíomhanna suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann amháin (nó níos mó) de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce agus le haghaidh líon na suirbhéanna a rinneadh:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraoise;

2.

Faoin aer (eile): 2.1 gairdíní príobháideacha; 2.2 suíomhanna phoiblí; 2.3 limistéar caomhantais; 2.4 plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5 eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1 teach gloine; 3.2 suíomh príobháideach, seachas teach gloine; 3.3 suíomh poiblí, seachas teach gloine; 3.4 eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid).

Le haghaidh colún 6:

Sonraigh míonna na bliana ina rinneadh an suirbhé.

Le haghaidh colún 7:

Léirigh an spriocphobal a roghnaíodh agus liosta de na speiceas óstach agus den limistéar a chumhdaítear dá réir sin á sholáthar. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. De ghnáth, le haghaidh limistéir talmhaíochta, sainítear a mhéid i heicteáir, ach d’fhéadfadh gabháltais, goirt, tithe gloine, etc. a bheith i gceist. Tabhair údar leis an rogha a dhéantar sna toimhdí foluiteacha. Léirigh na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn “aonad cigireachta” plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath. Mura bhfuil limistéar an spriocphobal ar fáil, sonraigh N/B agus cuir san áireamh líon na n-aonad cigireachta atá sa spriocphobal.

Le haghaidh colún 8:

Léirigh na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, léirigh tuairisc agus aonad tomhais na n-aonad sin. Ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” limistéar aonchineálach ina mbeadh na hidirghníomhuithe idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus dálaí aibitheacha agus bitheacha ina gcúis leis an eipidéimeolaíocht chéanna, dá mbeadh an lotnaid i láthair. Is foroinnt den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá aonchineálach, ó thaobh na heipidéimeolaíochta de, le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar daonra iomlán na bplandaí óstacha i réigiún/limistéar/tír a shainmhíniú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh siad a bheith ina réigiúin NUTS (Aicmiú na nAonad Críochach don Staidreamh), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní rós nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a bheith tugtha sna toimhdí foluiteacha maidir le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.

Le haghaidh colún 9:

Léirigh na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear líon na ngníomhaíochtaí i ngach cás, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha maidir le suirbhé ar lotnaidí a bhaineann le gach lotnaid. Léirigh le N/B i gcas nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe ar fáil.

Le haghaidh colún 10:

Léirigh meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna planda ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtuithe. I gcás veicteoirí, is é éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil agus é i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é éifeachtacht sampla ithreach a roghnú ina bhfuil an lotnaid agus an lotnaid i láthair i limistéar an tsuirbhé.

Le haghaidh colún 11:

Ciallaíonn “íogaireacht an mhodha” dóchúlacht an mhodha chun láithreacht lotnaide a bhrath i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht go ndéantar óstach fíordheimhneach a bhrath agus é a dhearbhú mar óstach deimhneach agus nach ndéantar é a aithint go mícheart. Is éard atá ann éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófaí codanna planda ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtuithe) arna iolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arb é is saintréith di na scrúduithe amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh colún 12:

Cuir na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. Léirigh an leibhéal riosca agus an riosca gaolmhar comhfhreagrach agus cion dhaonra an phlanda óstaigh le haghaidh gach toisc riosca.

Le haghaidh cholún B:

Léirigh sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha a bhaineann le gach lotnaid. Léirigh le N/B i gcás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Baineann an fhaisnéis atá le soláthar sna colúin seo leis an bhfaisnéis a áirítear i gcolún 9 “Modhanna braite”.

Le haghaidh colún 18:

Léirigh líon na suíomhanna gaisteoireachta ar eagla nach ionann an líon sin agus an líon a áirítear i gcolún 16 “Líon na ngaistí” (e.g. go n-úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh colún 20:

Léirigh líon na samplaí a fuarthas deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí sin a ndearnadh anailís orthu nach bhfuarthas aon toradh ina leith de bharr tosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte-nár aithníodh, sampla atá sean).

Le haghaidh colún 21:

Léirigh na fógraí faoi ráigeanna le haghaidh na bliana ina rinneadh an suirbhé. Ní gá uimhir fógra na ráige a áireamh i gcas ina gcinneann an t-údarás inniúil gur cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 atá i gceist leis an toradh. Sa chás sin, léirigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 24 (“Nótaí”).

Le haghaidh colún 22:

Léirigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa an Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) Uimh. 31 (“Modheolaíochtaí chun coinsíneachtaí a shampláil”). An leibhéil muiníne maidir le saoirse ó lotnaidí a bhaintear amach, déantar an luach sin a ríomh bunaithe ar na scrúduithe (agus/nó ar na samplaí) a rinneadh i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus leitheadúlacht an dearaidh.

Le haghaidh colún 23:

Léirigh leitheadúlacht an dearaidh bunaithe ar mheastachán réamhshuirbhé ar leitheadúlacht iarbhír dhóchúil na lotnaide sa ghort. Socraítear leitheadúlacht an dearaidh mar sprioc an tsuirbhé agus comhfhreagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca an lotnaid a bheith ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.

Le haghaidh colún 24:

Áirigh aon fhaisnéis ábhartha eile agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi thorthaí na suirbhéanna ar phlandaí aisiomptómacha lenar bhain torthaí deimhneacha.