15.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1216 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Iúil 2022

lena maolaítear i leith na bliana 2022 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha áirithe ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 18(1), an dara fomhír, de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 7, Airteagal 11(3) agus Airteagal 14(1), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt uirthi, thángthas ar dheacrachtaí riaracháin sna Ballstáit ar fad maidir le pleanáil agus forghníomhú an líon seiceálacha tráthúla ar an láthair is gá. Bheadh an baol ann go gcuirfeadh na deacrachtaí sin moill ar fheidhmiú na seiceálacha agus ar íocaíocht na cabhrach a leanann astu. An tráth céanna, tá feirmeoirí neamhchosanta ar an suaitheadh eacnamaíoch a tharla i ngeall ar an bpaindéim agus bíonn deacrachtaí airgeadais agus fadhbanna maidir le sreabhadh airgid acu.

(2)

I bhfianaise chineál na gcúinsí sin nach bhfacthas a leithéid riamh, ghlac an Coimisiún Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 (4) agus (AE) 2021/725 (5) ón gCoimisiún chun na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú ar Rialacháin Cur Chun Feidhme éagsúla is infheidhme i réimse an chomhbheartais talmhaíochta a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha áirithe ar an láthair i dtéarmaí uainiú agus líon na seiceálacha sin. I bhfianaise shíneadh na ndeacrachtaí toisc gur lean paindéim COVID-19 in 2022, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta comhchosúla sa bhliain 2022.

(3)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (6) leagtar síos rialacha maidir, inter alia, le huainiú na seiceálacha ar an láthair agus rátaí rialaithe seiceálacha áirithe ar an láthair laistigh den chóras comhtháite, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le scéimeanna cabhrach d’ainmhithe. Ina theannta sin, tá rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair sa Rialachán sin a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, na gealltanais agus na hoibleagáidí eile i leith iarratais ar chabhair do bheostoc agus éilimh ar íocaíocht faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe, rátaí rialaithe le haghaidh bearta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir ná le hainmhithe, agus íosrátaí rialaithe a bhaineann le tras-chomhlíonadh.

(4)

Le hAirteagal 24(4), Airteagal 48(5), Airteagal 49(1), Airteagal 52(1), Airteagal 60(2) agus Airteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, leagtar síos rialacha áirithe atá an t-údarás inniúil le comhlíonadh chun seiceálacha riaracháin nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh. I bhfianaise na n-imthosca a tharla i ngeall ar phaindéim COVID-19, is iomchuí feidhmiú na seiceálacha sin a spreagadh le cianbhraiteacht agus le húsáid teicneolaíochtaí nua amhail córais aerárthaí gan foireann, grianghraif gheochlibeáilte, glacadóirí córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) mar aon le Breis-Seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus Galileo, sonraí arna gceapadh ag satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus agus fianaise dhoiciméadach ábhartha eile atá le húsáid chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh critéar incháilitheachta, gealltanas nó oibleagáidí eile le haghaidh na scéime cabhrach nó an bhirt tacaíochta lena mbaineann, mar aon le comhlíonadh na gceanglas agus na gcaighdeán ábhartha le haghaidh tras-chomhlíonta.

(5)

In Airteagal 26(4) agus Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, tá rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta uile, na gealltanais agus na ceanglais eile agus go gcumhdaítear na hainmhithe ar fad ar cuireadh isteach iarratais ar chabhair nó éilimh ar íocaíocht ina leith faoi na scéimeanna cabhrach d’ainmhithe nó faoi na bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe atá le seiceáil. I bhfianaise na staide atá ann faoi láthair, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha sin ar an láthair a dhéanamh mar a cheanglaítear leis na forálacha sin agus nach bhfuil an fhianaise mhalartach ar fáil, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil go fóill.

(6)

Maidir le roinnt oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i ndáil le tras-chomhlíonadh agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i ndáil le scéimeanna cabhrach agus bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe, braitheann siad ar thréimhsí ama sonracha difreáilte dá gcomhlíonadh agus mar iarmhairt air sin ceanglaítear leo na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh de na creataí sin. Na bearta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, déanann siad difear d’indéantacht na seiceálacha ar an láthair is gá a dhéanamh go cruinn agus laistigh den teorainn ama a chomhfhreagraíonn do na hoibleagáidí sin. Ní fhéadfar roinnt cineálacha seiceálacha a dhéanamh le húsáid nuatheicneolaíochta, a thagann in ionad na gcuairteanna ar an bhfeirm. Dá bhrí sin, is gá, i dtaca le seiceálacha áirithe a bheidh le déanamh in 2022, maolú ar Airteagail 30 go 33, Airteagal 40a, Airteagail 50 agus 52 agus Airteagal 68(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus íosráta na seiceálacha ar an láthair a laghdú i gcomparáid leis na gnáthrátaí rialaithe maidir le scéimeanna agus bearta tacaíochta a bhaineann le limistéir agus le hainmhithe, bearta forbartha tuaithe seachas iad sin faoin gcóras comhtháite riaracháin, agus rialaithe agus oibleagáidí tras-chomhlíonta, faoi seach.

(7)

Chun éifeacht choisctheach na seiceálacha a choinneáil ar bun, ní mór an oibleagáid dá bhforáiltear faoi Airteagal 35, Airteagal 50(5) agus Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 chun na rátaí rialaithe a mhéadú i ngeall ar neamh-chomhlíonadh mór a braitheadh le linn na seiceálacha a rinneadh an bhliain roimhe sin a choinneáil ar bun le haghaidh na bliana éilimh 2022. Ba cheart gá a bheith le méadú ar leibhéal na seiceálacha ar an láthair le haghaidh na bliana 2022 mar gheall ar chásanna móra neamh-chomhlíonta a aimsíodh le linn na seiceálacha ar an láthair in 2021. Dá bhrí sin, na Ballstáit atá faoi oibleagáid, trí chur i bhfeidhm Airteagal 35 nó Airteagal 50(5) nó Airteagal 68(4) den Rialachán sin, an ráta rialaithe sa bhliain éilimh 2022 a mhéadú agus a chinneann na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh na méaduithe sin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(8)

Foráiltear i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 (8) agus (AE) Uimh. 181/2014 (9) ón gCoimisiún maidir le rátaí rialaithe chun seiceálacha a dhéanamh ar bhearta sonracha le haghaidh na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus sna hoileáin Aeigéacha is lú. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 a dhéanann difear freisin do na réigiúin is forimeallaí den Aontas agus do na hoileáin Aeigéacha is lú, is iomchuí maolú ar na Rialacháin sin trí shíneadh a chur leis an bhféidearthacht teicneolaíochtaí nua a úsáid mar fhoinsí malartacha fianaise i ndáil le seiceálacha agus rátaí rialaithe na seiceálacha ar an láthair a oiriúnú le haghaidh na bliana 2022. Mar sin féin, chun éifeacht choisctheach seiceálacha faoi Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 agus (AE) Uimh. 181/2014 a choinneáil ar bun, ba cheart an oibleagáid an ráta rialaithe a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, na Ballstáit atá faoi oibleagáid, trí chur i bhfeidhm Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, an ráta rialaithe sa bhliain éilimh 2022 a mhéadú agus a chinneann na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh na méaduithe sin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na rátaí laghdaithe rialaithe sin.

(9)

Foráiltear in Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (10) go seiceálfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin seiceálacha ar an láthair, critéir aitheantais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, níor cheart feidhm a bheith ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais sa bhliain 2022.

(10)

Le hAirteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, socraítear an sampla le haghaidh seiceálacha bliantúla ar an láthair ag 30 % ar a laghad den chabhair iomlán a ndearnadh iarratas uirthi. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh dá bhrí sin céatadán níos ísle de na seiceálacha sin a dhéanamh sa bhliain 2022.

(11)

Foráiltear le hAirteagal 27(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go mbeidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí a chumhdaítear leis an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin faoi réir cuairt amháin ar a laghad chun a fhíorú go gcuirtear i gcrích iad. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a bheith faoi réir ceanglais maidir le minicíocht cuairteanna ar ghabháltais aonair de chuid eagraíochtaí táirgeoirí sa bhliain 2022.

(12)

Foráiltear le hAirteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go gcumhdóidh seiceálacha an chéad leibhéil ar oibríochtaí tarraingthe siar 100 % de líon na dtáirgí a tharraingeofar siar ón margadh, cé is moite de tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a leithdháileadh saor in aisce, dá bhféadfadh na Ballstáit de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin céatadán níos lú, ach nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith, a sheiceáil. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2022 céatadán níos lú a sheiceáil, ach céatadán nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith freisin le haghaidh gach táirge eile a tharraingítear siar, gan beann ar an gceann scríbe a bhí beartaithe dóibh.

(13)

Foráiltear in Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go mbeidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil a léireoidh 5 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2022 samplaí a úsáid ina léireofar 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2020.

(14)

De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, leanfaidh sé de bheith deacair ar bhonn ábhartha ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in 2022 le haghaidh iarratais bhliantúla ar chabhair, seiceálacha ar an gcéad agus ar an dara leibhéal ar oibríochtaí tarraingthe siar agus seiceálacha glasbhuainte agus neamhbhuainte mar a leagtar amach in Airteagal 27(2) agus (7), Airteagal 29(2), Airteagal 30(3) agus Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit seiceálacha atá coibhéiseach le seiceálacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

(15)

De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, leanfaidh sé de bheith deacair ar bhonn ábhartha ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair córasacha agus sampla-bhunaithe a dhéanamh in 2022 maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Airteagail 45 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (12), mar a tugadh isteach cheana le haghaidh na mblianta airgeadais 2020 agus 2021, i leith na bliana airgeadais 2022 freisin chun deis a thabhairt do na Ballstáit rialuithe atá coibhéiseach le seiceálacha córasacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, agus a ráthú go ndéanfar rialacha na reachtaíochta a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú sula ndéanfar íocaíochtaí.

(16)

Beidh sé deacair ar bhonn ábhartha freisin ar na Ballstáit seiceálacha córasacha ar an láthair a dhéanamh i leith na bliana airgeadais 2022, laistigh den sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le haghaidh oibríochtaí glasbhuainte a fuair tacaíocht faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ba cheart dá bhrí sin maolú a thabhairt isteach chun cur i gcrích na seiceálacha a chur ar athlá go dtí an 15 Meán Fómhair 2022.

(17)

Le hAirteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (13) socraítear an líon samplaí d’fhíonchaora úra a thógfar ó fhíonghoirt le linn na tréimhse nuair a bhuainfear an gabháltas talún i gceist chun banc sonraí anailíseach de na sonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (14) a bhunú. I gcásanna ina leanann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 de chosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit maolú ar an íoslíon samplaí.

(18)

Foráiltear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 go ndéanfaidh na Ballstáit seiceálacha bliantúla ar an láthair ar 5 % ar a laghad de na saothróirí fíniúna go léir a shainaithnítear i gclár na bhfíonghort. Ós rud é go bhfágann na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 go bhfuil sé fós deacair go hábhartha seiceálacha den sórt sin a dhéanamh i roinnt Ballstát ina dtáirgtear fíon, ba cheart an céatadán sin a laghdú le haghaidh na bliana 2022. Ar an gcúis chéanna, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit na seiceálacha córasacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (c), den Rialachán sin a chur ar fionraí go sealadach sa bhliain 2022, seiceálacha atá le déanamh i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach gcuimsítear in aon chomhad saothróra fíniúna.

(19)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún (15) maidir le cláir oibre chun tacú le hearnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird, tá rialacha maidir leis na seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le maoiniú ón Aontas a dheonú. D’fhéadfadh deacrachtaí eascairt as na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 ó thaobh na seiceálacha sin a dhéanamh mar a éilítear le hAirteagal 6 den Rialachán sin. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí sheiceálacha malartacha a cheadú in ionad na seiceálacha ar an láthair sa bhliain féilire 2022.

(20)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún (16) maidir le cabhair in earnáil na beachaireachta, tá rialacha maidir leis an bhfaireachán agus na seiceálacha i ndáil le cur chun feidhme ceart na gclár náisiúnta beachaireachta, leis an gcaiteachas iarbhír arna thabhú agus le líon ceart na gcoirceog a thuairiscíonn na beachairí. De réir Airteagal 8(3) den Rialachán sin, tá na Ballstáit le háirithiú go mbeidh 5 % ar a laghad de na hiarratasóirí ar chabhair faoi réir seiceálacha ar an láthair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag baint leis an líon seiceálacha ar an láthair is gá a dhéanamh chun an tairseach sin a chomhlíonadh de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí mhaolú ar an gceanglas sin a cheadú. Níor cheart méadú ar an riosca maidir le híocaíochtaí míchuí a bheith ann mar thoradh ar mhaolú den sórt sin, áfach. Dá bhrí sin, ba cheart a oiread agus is féidir rialuithe malartacha a chur in ionad aon ísliú a dhéantar ar líon na seiceálacha ar an láthair.

(21)

I ngeall ar na roghanna solúbthachta a tairgeadh do na Ballstáit le 2 bhliain anuas maidir leis an méadú ar na rátaí rialaithe, tá sé tábhachtach an riail bhunaidh a athbhunú, riail a bhfuil éifeacht nach beag dhíspreagthach aici, agus soiléiriú a dhéanamh ar an mbliain ar cheart a chur san áireamh chun an méadú ar an ráta rialaithe a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35, Airteagal 50(5) agus Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. I bhfianaise na n-athruithe a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit ina nósanna imeachta rialaithe tar éis neamh-chomhlíonadh a bhrath, ní mheastar gurb iomchuí sásraí ceartaitheacha a bhaineann le neamh-chomhlíonadh a tháinig chun cinn le linn na rialuithe a bhaineann leis an mbliain éilimh 2019 a chur i bhfeidhm agus ba cheart an bhliain is déanaí a chur san áireamh. Dá bhrí sin, is gá Airteagail 3, 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 a leasú.

(22)

Na maoluithe ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart dóibh é a chur ar a gcumas do na Ballstáit moill sna bearta rialaithe agus i bpróiseáil na n-iarratas ar chabhair a sheachaint, agus moill ar íocaíochtaí le tairbhithe le haghaidh na bliana 2022 a sheachaint dá réir sin. Tá sé ríthábhachtach, áfach, nach gcuireann na maoluithe sin bac ar bhainistíocht fhónta airgeadais agus ar an gceanglas maidir le leibhéal leordhóthanach dearbhaithe. Dá réir sin, tá na Ballstáit a bhainfidh úsáid as na maoluithe sin freagrach as na bearta uile is gá a ghlacadh lena áirithiú go seachnaítear ró-íocaíochtaí agus go ndéantar aisghabháil méideanna neamhdhlite a thionscnamh. Thairis sin, ba cheart úsáid na maoluithe sin a bheith cumhdaithe ag an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mblianta airgeadais 2022 agus 2023.

(23)

Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, ar bearta iad is gá le go n-eagróidh na Ballstáit feachtais rialaithe, agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 á n-urramú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus feidhm chúlghabhálach a bheith aige chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na modhnuithe atá beartaithe a chur chun feidhme ó thús na bhfeachtas rialaithe ar leith: ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidlí I agus II agus i gCaibidil III, Ranna 3 agus 4, ón 1 Eanáir 2022, ag comhfhreagairt don bhliain éilimh sa chóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin nó don bhliain féilire le haghaidh bearta tacaíochta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir agus nach mbaineann le hainmhithe agus le haghaidh bearta in earnáil an fhíona; ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidil III, Ranna 1 agus 2, ón 16 Deireadh Fómhair 2021, ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais, agus ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2021, ag comhfhreagairt don bhliain bheachadóireachta.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha, ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

MAOLUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) Uimh. 809/2014

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 24(4), Airteagal 48(5), Airteagal 49(1), Airteagal 52(1), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ionas go ndéanfar seiceálacha i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 faoi seach, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na cigireachtaí fisiceacha a bheidh le déanamh faoin Rialachán sin a ionadú go hiomlán, go háirithe cuairteanna allamuigh agus seiceálacha ar an láthair, trí úsáid a bhaint as léirmhíniú grianghraif ar orta-íomhánna satailíte nó aeir nó as teicneolaíochtaí nua amhail grianghraif gheochlibeáilte nó fianaise ábhartha eile lena n-áirítear fianaise dhoiciméadach a chuireann an tairbhí ar fáil ar iarraidh ón údarás inniúil, lena bhféadfaí a cheadú go dtiocfaí ar chonclúidí deifnídeacha chun sástacht an údaráis inniúil.

Mura féidir na cuairteanna ar an oibríocht a dtugtar tacaíocht di nó ar an suíomh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 48(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a ionadú le fianaise dhoiciméadach ábhartha, déanfaidh na Ballstáit na cuairteanna sin tar éis na híocaíochta deiridh.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 26(4) agus Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, i gcás ina dtarlaíonn sé de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 nach bhfuil na Ballstáit in ann seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a éilítear leis na forálacha sin, agus nach féidir leis na modhanna malartacha lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua an fhianaise is gá a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 faoi seach tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil fós.

Airteagal 3

1.   I gcás ina dtarlaíonn sé de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain éilimh 2022 ná sa bhliain féilire 2022 faoi seach, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 30 go 33, Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), Airteagal 40a(2), pointe (b), Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, Airteagal 52(2), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na rialacha a leagtar amach i míreanna 2 go 10 faoi seach den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   De mhaolú ar Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:

(a)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar scéim na híocaíochta bunúsaí nó ar an scéim íocaíochta aonair limistéir;

(b)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht athdháilte;

(c)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh limistéir lena mbaineann srianta nádúrtha;

(d)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh feirmeoirí óga;

(e)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar íocaíochtaí a bhaineann le limistéar faoi thacaíocht chúpláilte dheonach;

(f)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga;

(g)

10 % de na limistéir arna ndearbhú um tháirgeadh cnáibe;

(h)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht bharrshonrach le haghaidh cadáis.

Na Ballstáit a bhfuil cinneadh déanta acu cheana na rátaí rialaithe a laghdú le haghaidh scéimeanna áirithe go dtí 3 % i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh siad na céatadáin a leagtar amach le haghaidh na scéimeanna sin sa mhír seo a laghdú a thuilleadh go dtí 1 %. Na Ballstáit a bhfuil córas formheasta roimh ré acu chun cnáib a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 36(6) den Rialachán sin, ní dhéanfaidh siad an ráta rialaithe a laghdú a thuilleadh faoi bhun an 10 %.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:

(a)

3 % de na tairbhithe go léir is gá chun na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol a urramú;

(b)

1 %:

(i)

de na tairbhithe go léir a cháilíonn don íocaíocht ghlasaithe atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí maidir le héagsúlú barr agus maidir leis an gceantar ina ndírítear ar an éiceolaíocht mar nach mbaineann siad amach na tairseacha dá dtagraítear in Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus nach mbaineann na hoibleagáidí leo dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán sin;

(ii)

nó, sna blianta nach mbíonn feidhm ag Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (17) i mBallstát, de na tairbhithe a cháilíonn don íocaíocht ghlasaithe atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí maidir le héagsúlú barr agus maidir leis an gceantar ina ndírítear ar an éiceolaíocht araon mar nach mbaineann siad amach na tairseacha dá dtagraítear in Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus nach mbaineann an oibleagáid leo dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Rialachán sin;

(c)

3 % de na tairbhithe go léir a gceanglaítear orthu na ceanglais ghlasaithe a urramú agus a úsáideann na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha um dheimhniú comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 43(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

Cumhdóidh an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), an tráth céanna, 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir ag a bhfuil limistéir atá cumhdaithe le féaraigh bhuana atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de i limistéir a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (18) nó Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus limistéir íogaire eile dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

4.   De mhaolú ar Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:

(a)

3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar bhearta forbartha tuaithe;

(b)

3 % de na comhfheirmeacha go léir a gcuirtear éileamh comhchoiteann isteach ina leith.

Maidir leis an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), le haghaidh na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), déanfar an ráta rialaithe 3 % a bhaint amach ar leibhéal an bhirt aonair.

5.   De mhaolú ar Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar scéimeanna cabhrach d’ainmhithe ina gcumhdaítear 3 % d’ainmhithe ar a laghad.

6.   De mhaolú ar Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), an chéad abairt, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar na seiceálacha ábhartha a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, na gealltanais agus na hoibleagáidí eile le haghaidh 3 % ar a laghad de na tairbhithe lena mbaineann.

7.   De mhaolú ar Airteagal 40a(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar fíoruithe an chion teitrihidreacannaibionóil i gcnáib i gcás 10 % ar a laghad den limistéar.

8.   De mhaolú ar Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, agus Airteagal 60(2), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain féilire 2022 is é 3 % ar a laghad a bheidh sa ráta seiceálacha.

9.   De mhaolú ar Airteagal 52(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain féilire 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, i gcás seiceálacha ex post, 0,6 % ar a laghad.

10.   De mhaolú ar Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh san íosráta rialaithe le haghaidh tras-chomhlíonta 0,5 %.

CAIBIDIL II

MAOLUITHE AR NA BEARTA SONRACHA I bhFABHAR NA RÉIGIÚN IS FORIMEALLAÍ DEN AONTAS AGUS NA nOILEÁN AEIGÉACH IS LÚ

ROINN 1

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014

Airteagal 4

1.   De mhaolú ar Airteagal 16(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha fisiceacha a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann maidir le hallmhairiú, tabhairt isteach, onnmhairiú agus seoladh táirgí talmhaíochta, is é a bheidh i gceist iontu sampla ionadaíoch 3 % ar a laghad de na ceadúnais agus na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014.

3.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Ar bhonn anailís riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair a shampláil. Is é a bheidh sa sampla freisin 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.

5.   De mhaolú ar Airteagal 16(2) agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na réigiún is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin le haghaidh na bliana 2022, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:

(a)

úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme ceart na mbeart á fhíorú;

(b)

na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tar éis na híocaíochta deiridh.

ROINN 2

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014

Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, in ann seiceálacha fisiceacha a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, sa bhliain 2022 féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin Aeigéacha is lú ar thabhairt isteach táirgí talmhaíochta, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo ina mbeidh 3 % ar a laghad de na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014. Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin Aeigéacha is lú ar an onnmhairiú nó ar an seoladh dá bhforáiltear i Roinn 3 den Rialachán sin, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo de 3 % ar a laghad de na hoibríochtaí, bunaithe ar na próifílí riosca arna mbunú ag an nGréig.

3.   De mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2022 féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí shampláil a dhéanamh, maidir le gach gníomhaíocht, ar 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair. Is é a bheidh sa sampla freisin 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.

5.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na n-oileán Áigéach is lú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin le haghaidh na bliana 2022, féadfaidh an Ghréig a chinneadh:

(a)

úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme ceart na mbeart á fhíorú;

(b)

na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tar éis na híocaíochta deiridh.

CAIBIDIL III

MAOLUITHE AR RIALACHA LENA gCUIRTEAR COMHEAGRAÍOCHT NA MARGAÍ CHUN FEIDHME

ROINN 1

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892

Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ní bheidh feidhm ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais le haghaidh na bliana 2022.

2.   De mhaolú ar Airteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 bainfidh na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin le sampla arb é a bheidh ann 10 % ar a laghad den chabhair iomlán ar a ndearnadh iarratas le haghaidh na bliana 2021.

3.   De mhaolú ar Airteagal 27(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, maidir leis an riail go mbeidh gníomhaíochtaí ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí a chumhdaítear leis an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin faoi réir cuairt amháin ar a laghad ar an áit ina gcuirtear an ghníomhaíocht chun feidhme chun a fhíorú gur cuireadh an ghníomhaíocht i gcrích, ní bheidh feidhm aici i gcás na seiceálacha ar an láthair a dhéanfar sa bhliain 2022.

4.   De mhaolú ar Airteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit seiceáil a dhéanamh, maidir le gach táirge a tharraingítear siar, gan beann ar an gceann scríbe atá beartaithe dóibh, ar chéatadán níos lú ná an céatadán sin a leagtar síos san fhoráil sin, ar choinníoll nach lú ná 10 % é de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith.

5.   De mhaolú ar Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 beidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil arb é a bheidh ann 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2021.

6.   De mhaolú ar Airteagal 27(2) agus (7), Airteagal 29(2), Airteagal 30(3) agus Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, le linn na bliana 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

ROINN 2

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150

Airteagal 7

1.   De mhaolú ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfar cineálacha eile rialuithe a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, lena ráthaítear go ndéantar na rialacha a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar na seiceálacha sin ar oibríochtaí glasbhuainte faoin 15 Meán Fómhair 2022.

ROINN 3

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274

Airteagal 8

1.   De mhaolú ar Airteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit le linn thréimhse an fhómhair fíonchaor sa bhliain 2022 fíonchaora úra a bhailiú agus a phróiseáil a mhéad is gá le haghaidh líon na samplaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an líon samplaí sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain 2022 i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfaidh na Ballstáit na seiceálacha sin ar 3 % ar a laghad de na saothróirí fíniúna go léir a shainaithnítear i gclár na bhfíonghort.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, féadfaidh na Ballstáit sa bhliain 2022 seiceálacha córasacha ar an láthair a chur ar fionraí go sealadach i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear in aon chomhad saothróra fíniúna, i gcásanna ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh.

ROINN 4

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014

Airteagal 9

De mhaolú ar Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in am trátha sa bhliain féilire 2022, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha ar an láthair a ionadú i bpáirt nó go hiomlán le seiceálacha riaracháin nó trí úsáid a bhaint as fianaise ábhartha, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, físchomhráite nó fianaise eile i bhformáid leictreonach.

ROINN 5

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368

Airteagal 10

De mhaolú ar Airteagal 8(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368, le linn na bliana beachadóireachta 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh imeacht ón tairseach 5 % maidir le seiceálacha ar an láthair ar iarratasóirí ar chabhair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta ar choinníoll go ndéanann siad na seiceálacha ar an láthair a bhí beartaithe a ionadú le seiceálacha malartacha trí ghrianghraif a iarraidh, trí fhíschomhráite nó trí aon mhodh eile a d’fhéadfadh a bheith ina thacaíocht agus cur chun feidhme ceart na mbeart a áirítear sa chlár beachadóireachta á fhíorú.

CAIBIDIL IV

LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/725

Airteagal 11

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   De mhaolú ar Airteagal 50(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain féilire 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

“13.   De mhaolú ar Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar rátaí rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021.”;

2.

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo.”;

3.

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh an Ghréig a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo.”.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 12

I gcás na mBallstát a chuireann na forálacha faoi Chaibidlí I, II agus III i bhfeidhm, áireofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tarraingt suas de bhun Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcás na mblianta airgeadais 2022 agus 2023 deimhniú gur cuireadh cosc ar ró-íocaíochtaí le tairbhithe agus gur tionscnaíodh aisghabháil méideanna neamhdhlite bunaithe ar fhíorú na faisnéise go léir is gá.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II, Caibidil III, Ranna 3 agus 4, agus Caibidil IV ón 1 Eanáir 2022.

Beidh feidhm ag Caibidil III, Ranna 1 agus 2, ón 16 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  IO L 78, 20.3.2013, lch. 23.

(3)  IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) 2017/39, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1240 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 119, 17.4.2020, lch. 3).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2021 lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 155, 5.5.2021, lch. 8).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lch. 13).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna hoileáin Aeigéacha is lú (IO L 63, 4.3.2014, lch. 53).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha, agus le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm i leith cláir oibre chun tacú le hearnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird (IO L 168, 7.6.2014, lch. 95).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachadóireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 9).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).

(18)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(19)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).