24.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 145/14


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/805 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a shonrú is infheidhme maidir le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 48l(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 48l de Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar ESMA muirear a ghearradh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus riarthóirí tagarmharcanna tríú tír, táillí a bhaineann le hiarratais ar údarú de bhun Airteagal 34 agus ar aitheantas faoi Airteagal 32 den Rialachán sin agus táillí bliantúla a bhaineann lena chúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán sin i ndáil le tagarmharcanna criticiúla agus riarthóirí tagarmharcanna tríú tír aitheanta. Ceanglaítear le hAirteagal 48l(2) de Rialachán (AE) 2016/1011 go mbeidh táillí den sórt sin comhréireach le láimhdeachas an riarthóra tagarmharcanna lena mbaineann agus go gcumhdófar leo na costais uile arna dtabhú ag ESMA maidir le húdarú nó aitheantas agus feidhmiú a chúraimí i ndáil le riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus riarthóirí tagarmharcanna tríú tír i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(2)

Ba cheart táillí a ghearrfar as gníomhaíochtaí ESMA i ndáil le riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus tagarmharcanna tríú tír a shocrú ar leibhéal lena seachnófaí carnadh suntasach easnaimh nó barrachais. I gcás ina mbíonn barrachas nó easnamh suntasach arís is arís eile ann, ba cheart leibhéal na dtáillí a athbhreithniú.

(3)

Ba cheart táillí a bhaineann le hiarratais ar údarú (“táillí údarúcháin”) agus aitheantas (“táillí aitheantais”) a ghearradh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus ar riarthóirí tagarmharcanna tríú tír chun costais ESMA a chumhdach i ndáil le hiarratais ar údarú agus ar aitheantas a phróiseáil, lena n-áirítear costais chun a fhíorú go bhfuil iarratais comhlánaithe, faisnéis bhreise a iarraidh, cinntí agus costais a dhréachtú a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar thábhacht shistéamach tagarmharcanna criticiúla chomh maith le comhlíonadh riarthóirí tagarmharcanna tríú tír.

(4)

Ós rud é go bhfuil an measúnú ar iarratais chomh dian céanna ó thaobh acmhainní de, is cuma más riarthóirí móra nó riarthóirí beaga a chuireann isteach iad, ba cheart táille aitheantais cnapshuime a bheith sa táille aitheantais agus an táille sin mar an gcéanna le haghaidh gach riarthóir tríú tír.

(5)

Ar bhonn an ualaigh oibre a bhfuil coinne leis agus an chostais lena mbainfidh le haghaidh ESMA, le bheith cumhdaithe go hiomlán leis an táille aitheantais aonuaire, ba cheart an costas a bhaineann le hiarratas ar aitheantas a mheasúnú a shocrú ag EUR 40 000.

(6)

Tá tagarmharcanna criticiúla faoi réir grinnscrúdú níos déine faoi Rialachán (AE) 2016/1011, agus ní mór dá riarthóirí ceanglais eagraíochtúla níos déine a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, tá ualach oibre níos mó ag ESMA leis an bpróiseas údarúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart an táille údarúcháin do riarthóir tagarmharcanna criticiúla a bheith i bhfad níos airde ná an táille chun iarratas ar aitheantas a mheasúnú.

(7)

D’fhonn cáilíocht agus iomláine na n-iarratas a fhaightear a chur chun cinn agus i gcomhréir le cur chuige ESMA maidir le clárú na n-eintiteas a ndéanann sé maoirseacht orthu, ba cheart an táille aitheantais a bheith dlite tráth a chuirtear isteach an t-iarratas.

(8)

Tá táillí bliantúla le gearradh freisin ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus ar thagarmharcanna aitheanta tríú tír chun costais ESMA a chumhdach i dtaca lena chúraimí a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le maoirseacht leanúnach ar riarthóirí den sórt sin. I gcás tagarmharcanna tríú tír, ba cheart leis na táillí sin cur chun feidhme agus cothabháil socruithe comhair le húdaráis tríú tír mar aon leis an bhfaireachán ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha a chumhdach. I gcás tagarmharcanna criticiúla, ba cheart na speansais a thabhóidh ESMA a bheith cumhdaithe ag na táillí freisin, is iad sin na speansais i ndáil leis an maoirseacht ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 48l agus i dTeideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011 ag na riarthóirí sin, comhlíonadh inchomparáide san áireamh, i gcás ina ndeonaítear sin.

(9)

Braitheann an costas a bhaineann le maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar thagarmharc criticiúil ar cibé acu a cheanglaíonn sé nó nach gceanglaíonn sé ar ESMA coláiste maoirseoirí a bhunú i leith an tagarmhairc sin agus a bheith ina chathaoirleach ar an gcoláiste sin, arb ionann ceanglas mar sin agus ualach oibre breise nach beag. Mar thoradh air sin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir an dá chás maidir le táillí maoirseachta a bhunú. I gcodarsnacht leis sin, laistigh de chatagóir na dtagarmharcanna criticiúla, níor cheart é a bheith riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir na táillí maoirseachta i gcomhréir le láimhdeachas bliantúil an riarthóra, ós rud é, de réir sainmhínithe, go mbíonn tionchar sistéamach san Aontas ag tagarmharcanna criticiúla.

(10)

Is cinneadh é cur isteach ar aitheantas san Aontas a ghlacann riarthóirí tagarmharcanna tríú tír ar fhoras tráchtála, toisc go mbeifí ag súil go nginfí ioncam agus a dtagarmharcanna á gcur ar fáil san Aontas. Dá bhrí sin, i gcás riarthóirí tagarmharcanna aitheanta tríú tír, ba cheart táillí maoirseachta a mhodhnú mar fheidhm den ioncam a dhíorthaíonn siad as úsáid na dtagarmharcanna sin san Aontas. I gcásanna nach nginfear aon ioncam, ba cheart íostáille mhaoirseachta a shocrú ag EUR 20 000.

(11)

Chun iarratais a dhéantar arís agus arís eile, nó iarratais gan bhunús, a dhíspreagadh, níor cheart táillí aitheantais agus táillí údarúcháin a aisíoc i gcás ina dtarraingíonn iarratasóir a iarratas siar. Ós rud é gurb ionann an obair riaracháin a cheanglaítear i gcás iarratais ar aitheantas nó ar údarú a dhiúltaítear agus an obair riaracháin a cheanglaítear i gcás iarratais a nglactar leis, níor cheart táillí aitheantais agus táillí údarúcháin a aisíoc má dhiúltaítear údarú nó aitheantas a thabhairt.

(12)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is féidir tagarmharcanna tríú tír a úsáid san Aontas gan é a bheith de cheangal ar na riarthóirí ábhartha coibhéis, aitheantas ná formhuiniú a lorg le linn idirthréimhse atá sínithe go dtí 2023. Le linn na hidirthréimhse sin, is córas é an t-aitheantas san Aontas ina ndéanann riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha rogha a bheith páirteach, rud a léiríonn go mbeidh a dtagarmharcanna fós ar fáil lena n-úsáid san Aontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse sin, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha maidir le táillí aitheantais agus maoirseachta ach amháin i dtaca le riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tíortha a rinne iarratas ar aitheantas dá dheoin féin roimh dhul in éag na hidirthréimhse a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/168 agus i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha nó ESMA aitheantas.

(13)

Chun cur i bhfeidhm rianúil na gcumhachtaí maoirseachta a thugtar do ESMA a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le táillí is féidir le ESMA a ghearradh ar na riarthóirí tagarmharcanna sin i ndáil le húdarú, aitheantas agus maoirseacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘tagarmharc criticiúil’ tagarmharc criticiúil de bhun airteagal 20(1), pointí (a) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/1011;

(2)

ciallaíonn ‘tagarmharc tríú tír’ tagarmharc a bhfuil an riarthóir lena mbaineann lonnaithe lasmuigh den Aontas.

Airteagal 3

Táillí aitheantais agus táillí údarúcháin

1.   Riarthóir tagarmharcanna atá bunaithe i dtríú tír agus a dhéanann iarratas ar aitheantas de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/1011, íocfaidh sé táille aitheantais EUR 40 000.

2.   Riarthóir tagarmharcanna criticiúla a bhfuil feidhm aige maidir le húdarú i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011, íocfaidh sé táille iarratais EUR 250 000.

3.   Íocfar an táille údarúcháin agus an táille aitheantais tráth a chuirfear isteach an t-iarratas, tar éis nóta dochair ESMA a fháil.

4.   I gcás na n-iarratas a gheobhaidh údaráis inniúla náisiúnta tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2021 agus a aistreofar chuig ESMA, íocfar na táillí aitheantais ag tús 2022.

5.   Ní aisíocfar táillí aitheantais agus táillí údarúcháin.

Airteagal 4

Táillí maoirseachta bliantúla

1.   Íocfaidh riarthóir tagarmhairc chriticiúil amháin nó níos mó táille bhliantúil maoirseachta:

(a)

EUR 250 000, i gcásanna inar gá do ESMA cathaoirleacht a dhéanamh ar choláiste maoirseoirí de bhun airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/1011;

(b)

EUR 200 000, i gcásanna nach gá do ESMA cathaoirleacht a dhéanamh ar choláiste maoirseoirí de bhun airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/1011.

2.   Déanfaidh riarthóir tagarmharcanna atá bunaithe i dtríú tír atá aitheanta ag ESMA táille bhliantúil maoirseachta a íoc, táille a ríomhfar mar seo a leanas:

(a)

bhliantúil iomlán do riarthóirí tríú tír aitheanta, arna coigeartú leis an gcomhéifeacht láimhdeachais;is é a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil i gcás bliain ar leith (n) an táille

(b)

(n) lúide na táillí maoirseachta bliantúla a bheidh le híoc ag riarthóirí tagarmharcanna criticiúla le ESMA don bhliain (n); beidh an táille bhliantúil iomlán do riarthóirí tríú tír aitheanta i gcás bhliain (n) comhionann le buiséad maoirseachta ESMA i Rialachán (AE) 1011/2016 don bhliain

(c)

láimhdeachas is infheidhme sa láimhdeachas comhiomlán arna ghiniúint ag gach riarthóir tríú tír aitheanta i gcás gach riarthóra tríú tír, is é a bheidh sa chomhéifeacht láimhdeachais a sciar den

Image 1

(d)

riarthóirí tríú tír aitheanta, lena n-áirítear i gcás nuair is ionann láimhdeachas an riarthóra tríú tír aitheanta agus nialas. is é EUR 20 000 an íostáille mhaoirseachta bhliantúil a bheidh ann le haghaidh

3.   Íocfaidh riarthóirí tagarmharcanna a dtáillí maoirseachta bliantúla ábhartha le ESMA an 31 Márta den bhliain féilire ina mbeidh siad dlite ar a dhéanaí. Mura bhfuil faisnéis i leith na mblianta féilire roimhe sin ar fáil, déanfar na táillí a ríomh ar bhonn na faisnéise is déanaí a bheidh ar fáil maidir le táillí bliantúla. Ní aisíocfar na táillíbliantúla a íoctar.

Airteagal 5

Táillí maoirseachta bliantúla sa bhliain aitheantais nó údarúcháin

De mhaolú ar Airteagal 4, ríomhfar an táille maoirseachta sa chéad bhliain le haghaidh riarthóirí tríú tír aitheanta agus le haghaidh riarthóirí údaraithe tagarmharcanna criticiúla, ag tagairt don bhliain inar aithníodh nó inar údaraíodh iad, déanfar í a ríomh tríd an táille maoirseachta a laghdú, is é sin trína coigeartú leis an gcomhéifeacht seo a leanas:

Image 2

Íocfar an táille maoirseachta don chéad bhliain tar éis don riarthóir fógra a fháil ó ESMA gur éirigh lena iarratas, íocfar í laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna nóta dochair ábhartha ESMA.

De mhaolú air sin, i gcás ina n-údaraítear riarthóir tagarmharcanna le linn mhí na Nollag, ní íocfaidh sé táille maoirseachta na chéad bhliana.

Airteagal 6

An láimhdeachas is infheidhme

Is é a bheidh i láimhdeachas riarthóra tagarmharcanna tríú tír aitheanta a ioncam arna fhabhrú i dtaca le úsáid tagarmharcanna ag eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas le linn na bliana airgeadais is déanaí atá curtha i gcrích ag an riarthóir tagarmharcanna.

Déanfaidh riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta figiúirí iniúchta a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, figiúirí iniúchta lena ndeimhnítear an t-ioncam arna fhabhrú i dtaca le húsáid a thagarmharcanna san Aontas. Deimhneofar na figiúirí trí iniúchadh seachtrach agus cuirfear faoi bhráid ESMA iad ar mhodh leictreonach roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain. Má aithnítear riarthóir tríú tír tar éis an 30 Meán Fómhair de bhliain féilire, soláthróidh sé na figiúirí láithreach tar éis aitheantas a fháil agus faoi dheireadh bhliain féilire an aitheantais. Déanfar na doiciméid ina bhfuil figiúirí iniúchta a sholáthar i dteanga a úsáidtear in earnáil na seirbhísí airgeadais.

Má dhéantar an t-ioncam a thuairiscítear a shloinneadh in airgeadra seachas euro, déanfaidh ESMA iad a chomhshó go méid in euro agus úsáidfear an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam. Chun na críche sin, úsáidfear ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Cuirfidh riarthóirí tríú tír arna n-aithint roimh an 1 Eanáir 2022 a láimhdeachas don bhliain 2020 in iúl do ESMA faoin 31 Eanáir 2022.

Airteagal 7

Módúlachtaí ginearálta íocaíochta

1.   Beidh gach táille iníoctha in euro.

2.   Tabhófar pionós laethúil atá comhionann le 0,1 % den mhéid dlite ar aon íocaíocht dhéanach.

Airteagal 8

Táil lí iarratais agus údarúcháin a íoc

1.   Na táillí ar iarratas, ar údarú nó ar shíneadh údarúcháin, beidh siad dlite nuair a dhéanfaidh an riarthóir tagarmharcanna iarratas agus íocfar iad go hiomlán laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna shonrasc ESMA.

2.   Ní aisíocfaidh ESMA táillí le riarthóir tagarmharcanna a chinneann a iarratas ar údarú a tharraingt siar.

Airteagal 9

Táillí maoirseachta bliantúla a íoc

1.   Íocfar an táille maoirseachta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 maidir le bliain airgeadais le ESMA roimh an 31 Márta den bhliain féilire a bhfuil siad dlite ina leith. Déanfar na táillí a ríomh ar bhonn na faisnéise is déanaí a bheidh ar fáil maidir le táillí bliantúla.

2.   Ní aisíocfaidh ESMA táillí maoirseachta bliantúla.

3.   Seolfaidh ESMA an sonrasc chuig an riarthóir tagarmharcanna 30 lá ar a laghad sula mbeidh an íocaíocht dlite.

Airteagal 10

Aisíocaíocht na n-údarás inniúil náisiúnta

1.   I gcás ina ndéanfaidh ESMA cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla náisiúnta, is é ESMA amháin a ghearrfaidh an táille aitheantais agus na táillí maoirseachta bliantúla ar riarthóirí tríú tír agus ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla.

2.   Aisíocfaidh ESMA le húdarás inniúil náisiúnta as na costais iarbhír arna dtabhú de thoradh obair a rinneadh de bhun Rialachán (AE) 1011/2016, le méid a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Is é ESMA agus an t-údarás inniúil a chomhaontaíonn an méid sula ndéantar na cúraimí a tharmligean;

(b)

tá an méid sin níos ísle ná méid iomlán na dtáillí maoirseachta a d’íoc na riarthóirí ábhartha tagarmharcanna le ESMA.

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir le riarthóirí tagarmharcanna criticiúla ná tagarmharcanna tríú tír atá údaraithe nó aitheanta cheana féin ag údaráis inniúla náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 12(1) i gcás ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm tar éis an tríú mí de 2022, beidh na táillí maoirseachta bliantúla i leith 2022 is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna faoi mhaoirseacht ESMA iníoctha laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna shonrasc ESMA.

3.   Chun na táillí maoirseachta bliantúla is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna faoi mhaoirseacht ESMA don bhliain 2022 a ríomh in Airteagal 4(2), déanfar an láimhdeachas is infheidhme, de mhaolú ar Airteagal 4(2)(a)-(d), a bhunú go sealadach ar ioncam arna ghiniúint in 2021. Nuair a bheidh fáil ar na cuntais iniúchta le linn 2021 déanfaidh na riarthóirí tagarmharcanna iad a chur faoi bhráid ESMA gan mhoill. Déanfaidh ESMA na táillí maoirseachta bliantúla le linn na bliana 2021 a athríomh ar bhonn na gcuntas iniúchta agus cuirfidh sé sonrasc deiridh, don difríocht, faoi bhráid gach riarthóra tagarmharcanna.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus beidh feidhm aige an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 6).