10.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/56


CINNEADH (AE) 2021/1939 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú, Eacuadór, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór den pháirt eile (“an Comhaontú”), shínigh an tAontas é an 26 Meitheamh 2012 i gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle (1) a mhéid a bhaineann leis an gColóim agus Peiriú, agus an 11 Samhain 2016 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle (2) a mhéid a bhaineann le hEacuadór. An Comhaontú, de bhun Airteagal 330(3) de, tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Márta 2013 idir an tAontas agus Peiriú, ón 1 Lúnasa 2013 idir an tAontas agus an Cholóim, agus ón 1 Eanáir 2017 idir an tAontas agus Eacuadór.

(2)

De bhun Airteagal 13(2), pointe (g)(iii), den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil na rialacha tionscnaimh sonracha a mhodhnú maidir leis na rialacha tionscnaimh sonracha a bhunaítear in Iarscríbhinn II (A bhaineann le Sainmhíniú an Choincheapa “Tairgí Tionscaimh” agus Modhanna Comhair Riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú.

(3)

Tá an Coiste um Thrádáil le Cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, a mheastar go nglacfar an Cinneadh é roimh dheireadh 2021, maidir le hAguisín 2 (Liosta den oibriú nó den phróiseáil atá le déanamh ar ábhair neamhthionscnaimh le gur féidir stádas tionscnaimh a fháil don táirge monaraithe), maidir le hAguisín 2A (Foscríbhinn a ghabhann leis an liosta den oibriú nó den phróiseáil atá le déanamh ar ábhair neamhthionscnaimh le gur féidir stádas tionscnaimh a fháil don táirge monaraithe) agus maidir le hAguisín 5 (Táirgí a bhfuil feidhm ag fomhír (b) den Dearbhú ón Aontas Eorpach maidir le hAirteagal 5 i dtaca le táirgí tionscnaimh ón gColóim, Eacuadór, Peiriú maidir leo) d’Iarscríbhinn II. Tá na hAguisíní sin bunaithe ar Chóras Comhchuibhithe (CC) 2007. Tá na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha atá sna hAguisíní sin le hailíniú leis an CC nuashonraithe mar is infheidhme ó 2017. D’áireofaí in ailíniú den sórt sin na hathruithe a tugadh isteach le CC 2012, agus CC 2017, maidir le rialacha táirgeshonracha in Aguisíní 2, 2A agus 5. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, agus líon na leasuithe is gá a dhéanamh ar na hAguisíní á chur san áireamh, is gá na hAguisíní ina n-iomláine a ionadú.

(4)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil i ndáil le modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a bhunú, is iomchuí é a shuíomh, óir beidh na cinntí ón gCoiste um Thrádáil a ghlacfar ina gceangal ar an Aontas.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile (“an Comhaontú”) a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil maidir leis na modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)  Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 maidir leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 354, 21.12.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle an 11 Samhain 2016 maidir leis an bPrótacal maidir le hAontachas leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun Aontachas Eacuadór a chur san áireamh, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 356, 24.12.2016, lch. 1).

(3)  Féach doiciméad ST 11373/21.