24.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/14


CINNEADH (CBES) 2021/509 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 41(2), 42(4) agus 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhfuil tacaithe leis ag an gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir phointe (c) d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), saothraíonn Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES), ar dlúthchuid de an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), inter alia, an cuspóir an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe (NA) (“Canairt NA”).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2016 i ndáil leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (EUGS), dúirt an Chomhairle gurb ionann EUGS agus creat an Aontais don pháirteachas seachtrach aontaithe freagrach le páirtithe eile ar mhaithe le luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an tslándáil, an daonlathas, an rathúnas agus ord domhanda riailbhunaithe, lena n-áirítear cearta an duine agus an smacht reachta. Dúradh sna Conclúidí sin chomh maith go ndéanfar an fhís pholaitiúil a leagtar amach in EUGS a aistriú go pras ina tionscnaimh beartais nithiúil agus ina gníomhaíocht nithiúil, a bheidh dírithe ar chúig thosaíocht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shainaithnítear in EUGS: an tslándáil agus an chosaint a neartú; infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na stát agus na sochaithe lastoir agus laisteas den Aontas; cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna; oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo; agus rialachas domhanda bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gcur chuige comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, a shainaithnítear in EUGS mar chreat faoinar féidir leis an Aontas rannpháirt níos comhleanúnaí agus níos iomláine a bheith aige i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, d’athdhearbhaigh an Chomhairle na naisc idir an fhorbairt inbhuanaithe, an ghníomhaíocht dhaonnúil, cosc na coinbhleachta, agus cothú na síochána.

(4)

Ba cheart gníomhaíocht an Aontais faoi CBES a bheith comhsheasmhach le beartais agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe creat straitéiseach an Aontais chun tacú le hathchóiriú na hearnála slándála, an cur chuige comhtháite maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha (AES), agus cur chuige straitéiseach an Aontais maidir le mná, síocháin agus slándáil (MSS) (“Cur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil”) chomh maith le rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart dlí an Aontais a chomhlíonadh leis an ngníomhaíocht sin freisin, go háirithe maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES (1). Ní dhéanfar dochar, le gníomhaíocht den sórt sin, do chineál sonrach bheartas slándála agus cosanta na mBallstát. Ba cheart do ghníomhaíocht an Aontais lán-urraim a thabhairt d’oibleagáidí an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe maidir le dlí idirnáisiúnta chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2019 maidir le slándáil agus cosaint i gcomhthéacs straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle i dtreis a thábhachtaí atá saincheisteanna comhshaoil agus an t-athrú aeráide don tslándáil agus don chosaint, d’aithin sí ábharthacht an athraithe aeráide do mhisin agus d’oibríochtaí CBSC agus dúirt gur dhíol sásaimh di an íogaireacht aeráide mhéadaithe atá ag gabháil le gníomhaíochtaí sin an Aontais a bhaineann le cosc coinbhleachtaí agus slándáil inbhuanaithe.

(6)

Chun críocha CBES, seolann an tAontas oibríochtaí a mbíonn impleachtaí míleata nó cosanta leo agus soláthraíonn sé cúnamh do thríú stáit, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun a n-acmhainneachtaí siúd a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta a fheabhsú chun an tsíocháin agus an tslándáil a áirithiú nó chun tacú le gnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána atá faoina stiúir.

(7)

Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2016 agus an 6 Márta 2017 maidir le straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta, meabhraíodh don Chomhairle a riachtanaí atá sé go sásófaí gach riachtanas maidir le tacú a thuilleadh le tíortha comhpháirtíochta agus iad ag iarraidh géarchéim a chosc agus a bhainistiú ar a gconlán féin, lena n-áirítear i gcomhthéacs misean agus oibríochtaí de chuid CBSC, a bhfuil cúraimí oiliúna, comhairle agus/nó meantóireachta i gceist iontu in earnáil na slándála.

(8)

Ina theannta sin, sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2016 maidir le SSR, meabhraíodh don Chomhairle na huaillmhianta nua a léirítear in EUGS , chomh maith leis an aidhm a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 a chur chun feidhme. Anuas air sin, d’fhormhuinigh sí an Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal “Gnéithe de chreat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála”, agus dúirt sí gur príomhuirlis í athchóiriú na hearnála slándála chun coinbhleachtaí a chosc trí aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann, agus chun géarchéimeanna a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach, agus sa chobhsú iarchoinbhleachta, sa chothú síochána agus sa chothú stáit trí institiúidí cuntasacha slándála a bhunú arís agus seirbhísí éifeachtacha slándála a bhunú arís don phobal, lena soláthrófar timpeallacht le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus le haghaidh na síochána.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 10 Nollaig 2018 maidir le MSS, dúirt an Chomhairle gur dhíol sásaimh di cur chuige straitéiseach an Aontais maidir le MSS d’athdhearbhaigh an Chomhairle freisin go dtabharfar éifeacht do Chlár Oibre MSS i ngníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais agus dá réir sin gur gné thábhachtach é den chur chuige comhtháite maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha.

(10)

De réir Airteagal 41(2) den CAE, aon chaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as cur chun feidhme CBES, déantar é a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, cé is moite de chaiteachas a eascraíonn as oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus i gcásanna ina gcinneann an Chomhairle – ag gníomhú di d’aon toil – a mhalairt.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Saoráid Eorpach Síochána de chuid an Aontais (an “tSaoráid”)a bhunú chun costais choiteanna na n-oibríochtaí míleata agus na misean faoi CBSC a mhaoiniú, mar aon leis an gcaiteachas oibríochtúil, i gcásanna inar chinn an Chomhairle caiteachas oibríochtúil den sórt sin a mhuirearú ar na Ballstáit na ngníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a fheabhsú agus caiteachas na tacaíochta a thugtar do ghnéithe míleata d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir eagraíochta réigiúnaí nó idirnáisiúnta nó faoi stiúir tríú Stáit. Ní mhaoineofar leis an tSaoráid acmhainneachtaí a chistítear faoi bhuiséad an Aontais. Chun aon oibríocht faoin tSaoráid a mhaoiniú, ní mór go nglacfadh an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú di d’aon toil, gníomh dlí bunúsach lena mbunaítear gníomhaíocht den sórt sin.

(12)

I bhfianaise na saintréithe a bhíonn ag oibríochtaí agus misin mhíleata de chuid an Aontais, bíonn bainistiú airgeadais na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríochtaí agus le misin den sórt sin faoin tSaoráid faoi réir socruithe agus rialacha riaracháin nach ionann agus na cinn sin a bhaineann le bearta cúnaimh. Áiritheoidh an tSaoráid go mbeidh comhleanúnachas leis an socruithe a dhéantar faoi Chinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (2) .

(13)

Thug an Chomhairle dá haire, sna conclúidí uaithi an 19 Samhain 2018 maidir leis an tslándáil agus an chosaint i gcomhthéacs Straitéis Dhomhanda an Aontais, go bhféadfaí, leis an tSaoráid , fothú acmhainneachta chomhpháirtithe an Aontais a mhaoiniú i ndáil le cúrsaí míleata nó cosanta chun cuspóirí CBES a shaothrú, cé gur chuir sí i bhfios go láidir gur gá lánúsáid a bhaint as a bhfuil ar fáil faoi bhuiséad an Aontais ina leith sin.

(14)

Sa Chinneadh seo, leagtar amach nósanna imeachta agus ceanglais chun bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnuithe ar íogaireacht, riosca agus tionchar coinbhleachta, bearta maolaitheacha, agus rialuithe agus coimircí dochta agus measúnú ar chomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil. Aon bhearta cúnaimh a bhaineann le hítimí atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (3) a onnmhairiú nó a aistriú, urramóidh na bearta sin na prionsabail a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES.

(15)

Ba cheart don Aontas féachaint le tionchar a ghníomhaíochta seachtraí a optamú trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht idir an tSaoráid agus ionstraimí maoinithe seachtracha an Aontais a chistítear faoi bhuiséad an Aontais, go háirithe faoin Rialachán lena bhunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, agus beartais eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha. Ba cheart don Chomhairle comhleanúnachas éifeachtach a áirithiú ar gach leibhéal, agus ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála treoshuíomhanna straitéiseacha a sholáthar le haghaidh oibríochtaí míleata agus bearta cúnaimh an Aontais a bheidh le cistiú faoin tSaoráid, go háirithe chun comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht CBES, lena n-áirítear CBSC, a áirithiú.

(16)

Aithníonn an Chomhairle an tábhacht straitéiseach leanúnach a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht síochána agus slándála idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, faoi straitéis chomhpháirteach AE-an Afraic, go háirithe an creat don chomhar a bunaíodh faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic agus ról ceannaireachta an Aontais Afracaigh maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chaomhnú ar ilchríoch na hAfraice. Tá an Chomhairle fós tiomanta acmhainní an Aontais Afracaigh a fhorbairt sa réimse seo, cúnamh a sholáthar i dtaca le hoibríochtaí tacaíochta síochána arna stiúradh ag an Afraic agus chun an Struchtúr Afracach um Shíocháin agus um Shlándáil a neartú i dtreo a lánoibríochtaithe, i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana an 23 Bealtaine 2018 maidir leis an tsíocháin, an tslándáil agus an rialachas, mar aon leis na sásraí comhair atá ann cheana féin a chothú, go háirithe cur chuige comhtháite bunaithe ar chomhpháirtíocht, ar chomhairliúchán agus ar chomhordú straitéiseach feabhsaithe.

(17)

Ar aon dul le EUGS, ba cheart don tSaoráid rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus leis an tsíocháin agus athléimneacht na dtíortha comhpháirtíochta a neartú. Ba cheart do ghníomhaíochtaí a chisteofar faoin tSaoráid aghaidh a thabhairt ar riachtanais fothaithe acmhainneachta chomhpháirtithe an Aontais, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais.

(18)

Dá bhrí sin, beidh raon feidhme geografach domhanda ag an tSaoráid. Laistigh den raon feidhme sin, áiritheofar leis an tSaoráid, ar bhealach éifeachtach, leanúnachas iomlán leis an tacaíocht agus leis na gealltanais a thugann an tAontas don Afraic, tabharfaidh sé tacaíocht do chomharsanacht an Aontais Eorpaigh agus, tabharfaidh sé aghaidh ar réigiúin eile. Cuirfidh an tSaoráid feabhas ar chumas an Aontais cosc a chur le géarchéimeanna agus coinbhleachtaí agus freagairt go mear orthu, go príomha ach ní go heisiach, sna réimsí sin ina bhfuil na bagairtí slándála is práinní agus is criticiúla don Aontas. Is é is aidhm don tSaoráid cumas tíortha comhpháirtíochta cosc a chur le géarchéimeanna agus freagairt orthu a neartú, agus rannchuidiú lena dtéarnamh, chun cur ar a gcumas a bpobail a chosaint ar bhealach níos fearr, agus lena chois sin, tacú le heagraíochtaí réigiúnacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart an tSaoráid a úsáid mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais, agus an leas is fearr a bhaint as sineirgí le gníomhaíochtaí agus bearta tacaíochta eile de chuid an Aontais agus na mBallstát, go háirithe tionscadail shibhialtacha de chuid CBSC agus tionscadail faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

(19)

I gconclúidí an 17 go 21 Iúil 2020 uaithi dúirt an Chomhairle Eorpach go mbunófar Saoráid Síochána Eorpach mar ionstraim sheachbhuiséid chun gníomhaíochtaí i réimse na slándála agus cosanta a mhaoiniú, ar gníomhaíochtaí iad a bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh ina leith, in ionad na Saoráide reatha um Shíocháin san Afraic agus in ionad shásra Athena. EUR 5 000 milliún, i bpraghasanna 2018, an uasteorainn airgeadais don tSaoráid don tréimhse 2021-2027 agus maoineofar í mar mhír sheachbhuiséid lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) trí rannchuidithe ó na Ballstáit bunaithe ar eochair dháilte ollioncam indiúscartha náisiúnta (OIN).

(20)

De réir an dara fomhír d’Airteagal 41(2) CAE, i gcásanna nach ndéantar caiteachas oibríochtúil na ngníomhaíochtaí sin faoi CBES a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, déantar é a mhuirearú ar na Ballstáit i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d’aon toil. Foráiltear leis an bhforáil sin freisin nach mbeidh d’oibleagáid ar Ballstát a staon ón vótáil ar Chinneadh ón gComhairle maidir le hoibríocht agus a rinne dearbhú foirmiúil faoin dara mír d’Airteagal 31(1) CAE rannchuidiú le maoiniú na hoibríochta sin.

(21)

Chinn an Chomhairle, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 41(2) CAE, ag eascairt as gealltanas roghnach a thug na Ballstáit dá ndeoin féin agus aird á tabhairt ar cháilíocht shonrach an bheartais slándála agus cosanta atá ag Ballstáit áirithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 42(2) CAE (“an cinneadh ón gComhairle”, i gcás inar staon Ballstát ar an mbonn sin ó bheart cúnaimh a ghlacadh, agus go ndearna sé dearbhú foirmiúil faoin an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE mar go gceadaítear leis an mbeart trealamh míleata nó ardáin mhíleata atá ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt a sholáthar, nach rannchuideoidh an Ballstát sin le costais an bhirt. Ina ionad sin, agus an gealltanas roghnach tosaigh a thug sé dá dheoin féin á mheabhrú dó féin aige, rannchuideoidh an Ballstát sin méid breise le bearta cúnaimh seachas iad siúd a bhaineann le trealamh nó ardáin den sórt sin.

(22)

Áiritheofar leis an méid breise a bheidh le rannchuidiú ag Ballstát a staonann ó bheart cúnaimh a ghlacadh lena bhforáiltear do sholáthar trealaimh mhíleata nó ardán a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt, go mbeidh rannchuidiú foriomlán an Bhallstáit sin le bearta cúnaimh i gcomhréir lena sciar den OIN i gcomhiomlán OIN de chuid na mBallstát. Ní dhéanfaidh na rannchuidithe breise sin difear do mhéid na rannchuidithe atá dlite ó na Ballstáit eile do na bearta lena ndéantar na rannchuidithe breise sin. Dá bhrí sin, tiocfaidh laghdú ar sciar na gcostas a bhaineann le bearta cúnaimh a bhaineann le soláthar trealaimh mhíleata nó ardán míleata atá ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt mar thoradh ar staonadh den sórt sin, i gcomparáid le sciar chostais na mbeart cúnaimh eile arna gcistiú ag an tSaoráid. Mar thoradh ar an staonadh, laghdófar na leithreasuithe a d’fhéadfadh a bheith ar fáil le haghaidh bearta cúnaimh maidir le soláthar trealaimh nó ardán den sórt sin.

(23)

Níor cheart don chinneadh sin ón gComhairle bac a chur ar bhainistíocht fhónta airgeadais na Saoráide ná ar a héifeachtacht.

(24)

Is cinneadh eisceachtúil agus sui generis é an cinneadh sin ón gComhairle, a eascraíonn as gealltanas roghnach arna tabhairt ag na Ballstáit dá ndeoin féin, agus ní dochar é do ghinearáltacht an dara fomhír d’Airteagal 31(1), CAE agus do theideal Ballstáit dearbhú foirmiúil a dhéanamh i gcomhréir le téarmaí na forála sin, lena bhforáiltear, gcás den sórt sin, nach bhfuil sé de bheith d’oibleagáid ar an mBallstát sin an cinneadh a chur i bhfeidhm, ach go nglacfaidh an Ballstát lena mbaineann leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CFAE ina theannta sin go bhfuil an Ballstát i gceist, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, chun staonadh ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus go n-urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh.

(25)

Ba cheart an Cinneadh seo a athbhreithniú gach 3 bliana nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 26(1), Airteagal 42 agus Airteagail 43 go 46 CAE, i ndréachtú ná i gcur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena ngabhann impleachtaí cosanta agus ní rannchuidíonn sí le maoiniú na gcinntí ná na ngníomhaíochtaí sin.

(27)

I gcomhréir le hAirteagal 41(1) CAE , ba cheart an caiteachas riaracháin do na hinstitiúidí a eascraíonn as cur chun feidhme na Saoráide a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

(28)

Ba cheart dá bhrí sin Cinneadh (CBES) 2015/528 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR

CAIBIDIL 1

Bunú, raon feidhme, sainmhínithe agus cuspóirí

Airteagal 1

Bunú agus raon feidhme

1.   Leis seo, bunaítear Saoráid Eorpach Síochána (“an tSaoráid”) lena maoineoidh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála(CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le pointe(c ) d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), i gcásanna nach ndéantar, de bhun Airteagal 41(2) CAE, an caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

2.   Úsáidfear an tSaoráid chun na nithe seo a mhaoiniú:

(a)

na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh faoi Airteagail 42(4) agus 43(2) CAE a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus nach féidir, dá réir sin, de réir Airteagal 41(2) CAE, a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais;

(b)

bearta cúnaimh arb é atá iontu gníomhaíochtaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 28 CAE, i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle d’aon toil, de bhun Airteagal 41(2) CAE, go ndéanfar an caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as na bearta sin a mhuirearú ar na Ballstáit.

Is iad na bearta cúnaimh faoi phointe (b):

(i)

gníomhaíochtaí chun na hacmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú;

(ii)

tacaíocht a thabhairt do ghnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána atá faoi stiúir eagraíochta réigiúnaí nó idirnáisiúnta nó faoi stiúir tríú Stáit.

3.   Bunaítear leis an gCinneadh seo freisin creat chun na bearta cúnaimh, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar bearta iad a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 56 agus a leanfaidh na tosaíochtaí agus na treoshuíomhanna straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 2

Uasteorainn airgeadais

1.   EUR 5 692 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san uasteorainn airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide don tréimhse 2021-2027.

2.   Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh an miondealú ar an uasteorainn airgeadais in aghaidh na bliana.

Airteagal 3

Inniúlacht dhlíthiúil agus díolúine ó chánacha indíreacha agus ó dhleachtanna custaim

1.   Beidh inniúlacht dhlíthiúil ag an tSaoráid, go sonrach, chun cuntais bhainc a choinneáil, chun sócmhainní, soláthairtí agus seirbhísí a shealbhú, a choinneáil nó a dhiúscairt, chun foireann a fhostú, chun conarthaí, comhaontuithe agus socruithe riaracháin a dhéanamh, chun a dliteanais a chomhlíonadh agus chun bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá, chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme. Ní bheidh sé de chuspóir ná d’éifeacht ag an tSaoráid brabús a dhéanamh.

2.   I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, déanfaidh na Ballstáit, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a dhíolmhú, a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tSaoráid, le haghaidh a húsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear forálacha den sórt sin chun feidhme, áfach, ar bhealaigh a mbeidh d’éifeacht acu iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh. Chomh maith leis sin, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, beidh allmhairí earraí a dhéanann an tSaoráid isteach san Aontas díolmhaithe ó gach dleacht chustaim.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críoch an Chinnidh seo:

(a)

ciallaíonn “oibríocht” oibríocht nó misean de chuid an Aontais arna bunú nó arna bhunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), i gcomhréir le hAirteagal 42 CAE, a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aici, lena n-áirítear cásanna ina gcuirtear an cur chun feidhme de chúram ar ghrúpa Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 44 CAE;

(b)

ciallaíonn “ceannasaí oibríochta” an Ceannasaí Oibríochta de chuid an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear i gCoincheap an Aontais Eorpaigh le haghaidh Ceannas agus Rialú Míleata, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Stiúrthóir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta;

(c)

ciallaíonn “beart cúnaimh” gníomhaíocht de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2). D’fhéadfadh tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha a bheith i gceist leis an gcúnamh a chuirfear ar fáil. Féadfaidh gníomhaíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm birt shonraigh nó cláir ghinearálta le haghaidh tacaíochta a mbeidh fócas ar leith geografach nó téamach ag roinnt leis;

(d)

ciallaíonn “na Ballstáit is rannchuiditheoirí” na Ballstáit a rannchuidíonn le maoiniú oibríochta nó beart cúnaimh atá le cistiú faoin tSaoráid;

(e)

ciallaíonn “gníomhaí cur chun feidhme” gníomhaí a gcuirtear de chúram air nó uirthi beart cúnaimh nó cuid de bheart cúnaimh a chur chun feidhme agus a thugann comhaontú i gcrích leis an tSaoráid chun na críche sin;

(f)

ciallaíonn “tairbhí” tríú stát nó eagraíocht réigiúnach nó idirnáisiúnta dá dtugtar tacaíocht le beart cúnaimh.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht i gcinntí maidir le hoibríochtaí agus bearta cúnaimh a mhaoiniú, agus rannchuidiú le maoiniú oibríochtaí agus beart cúnaimh

1.   Faoi réir mhíreanna 2, 3 agus 4, beidh na Ballstáit rannpháirteach i gcinntí agus rannchuideoidh siad le maoiniú oibríochtaí agus beart cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.

2.   I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 41(2) CAE, aon Bhallstát a staon ón vótáil ar Chinneadh ón gComhairle maidir le hoibríocht agus a rinne dearbhú foirmiúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE, ní bheidh sé d’oibleagáid air rannchuidiú le maoiniú na hoibríochta sin.

3.   I gcásanna inar staon Ballstát le linn vóta agus ina ndearna sé dearbhú foirmiúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE a mhéid a bhaineann le beart cúnaimh a cheadaítear le beart soláthar trealaimh mhíleata nó ardán míleata a ceapadh chun fórsa marfach a thabhairt, ní rannchuideoidh an Ballstát sin le costais an bhirt chúnaimh sin. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát sin rannchuidiú breise le bearta cúnaimh seachas iad siúd a bhaineann le trealamh nó ardáin den chineál sin a sholáthar.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i gcinntí maidir le hoibríochtaí a bhfuil impleachtaí cosanta acu, ar cinntí iad a ghlac an Chomhairle de bhun Airteagail 42 go 44 CAE agus ní rannchuidíonn sí le maoiniú na n-oibríochtaí sin.

5.   Glacfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí páirt i gcinntí an Choiste um an tSaoráid dá dtagraítear in Airteagal 11 maidir le hábhair a bhaineann leis an oibríocht sin nó leis an mbeart cúnaimh sin.

Airteagal 6

Tionscnamh le haghaidh oibríochtaí agus bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid

Is ar bhonn tograí nó tionscnaimh arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagail 42(4) nó 30(1) CAE a ghlacfar cinntí lena mbunófar oibríochtaí agus bearta cúnaimh faoi seach arna gcistiú faoin tSaoráid.

Airteagal 7

An bunús dlí maidir le hoibríochtaí agus bearta cúnaimh an Aontais a mhaoiniú faoin tSaoráid

1.   Chun oibríocht nó beart cúnaimh a mhaoiniú faoin tSaoráid, ní mór bunghníomh dlí a ghlacadh roimh ré i bhfoirm cinnidh ón gComhairle lena mbunófar an oibríocht faoi Airteagail 42(4) agus 43(2) CAE nó an beart cúnaimh faoi Airteagal 28 CAE. Mar eisceacht, ní bheidh bunghníomh dlí riachtanach chun costais choiteanna a mhaoiniú le linn chéim ullmhúcháin oibríochta nó don chaiteachas is gá chun oibríocht a fhoirceannadh, dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus (3) faoi seach den Chinneadh seo. Sa tslí chéanna, ní bheidh gníomh bunúsach dlí riachtanach i gcás ina mbeidh cistiú údaraithe ag an gComhairle do bhearta ullmhúcháin le haghaidh beart cúnaimh nó do bhearta práinneacha go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le beart cúnaimh, de bhun Airteagail 57(2) agus 58, faoi seach den Chinneadh seo.

2.   Leagfar síos, leis na bunghníomhartha dlí faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1, na cuspóirí, an raon feidhme, an ré agus na coinníollacha maidir le cur chun feidhme na hoibríochta nó an bhirt chúnaimh lena mbaineann agus áireofar iontu an méid tagartha le haghaidh na n-acmhainní airgeadais a bheidh le cistiú faoin tSaoráid.

Airteagal 8

Comhsheasmhacht ghníomhaíocht an Aontais

1.   I gcomhréir le hAirteagal 26(2) CAE, áiritheoidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) go mbeidh comhchuibheas idir gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid agus gníomhaíochtaí eile i réimse CBES. I gcomhréir le hAirteagal 21(3) CAE, áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le cúnamh ón Ardionadaí, go mbeidh comhchuibheas idir gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid agus bearta faoi ionstraimí i réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar aon lena bheartais eile, agus comhoibreoidh siad chuige sin.

2.   I gcomhréir le hAirteagail 18(4) agus 27(1) CAE, rannchuideoidh an tArdionadaí le comhchuibheas agus leis an gcomhordú is gá a áirithiú i gcur chun feidhme an Chinnidh seo, gan dochar do na socruithe le haghaidh bhainistiú airgeadais na Saoráide mar a leagtar amach i gCaibidil 2 den Chinneadh seo.

3.   Na riarthóirí agus na gníomhaithe eile atá freagrach as maoiniú oibríochtaí agus bearta cúnaimh faoin tSaoráid a bhainistiú, comhoibreoidh agus comhordóidh siad le chéile d’fhonn feidhmiú éifeachtach na Saoráide a áirithiú.

Airteagal 9

Tosaíochtaí agus treoshuíomhanna straitéiseacha

1.   Leanfaidh oibríochtaí agus bearta cúnaimh na tosaíochtaí straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, lena n-áirítear ina gcuid conclúidí ábhartha, maidir le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais faoi CBES.

2.   Faoi chuimsiú na dtosaíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, soláthróidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) treoshuíomh straitéiseach le haghaidh oibríochtaí agus bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid d’fhonn an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú. Chuige sin, beidh díospóireacht aige faoi dhó sa bhliain. Ó thaobh bearta cúnaimh de, beidh na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 56 mar bhonn ag an CPS agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuarascálacha arna gcur ar fáil ag an Ardionadaí i gcomhréir le hAirteagal 63.

3.   Bunóidh an Chomhairle modheolaíocht riosca agus coimircí maidir le bearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid agus déanfaidh an CPS í a athbhreithniú go rialta.

4.   Soláthrófar leis an dtreoshuíomh straitéiseach, dá dtagraítear i mír 2, fócas téamach agus geografach araon, agus an staid idirnáisiúnta, na conclúidí ábhartha ón gComhairle, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoi na hionstraimí airgeadais is infheidhme, agus tuarascálacha ábhartha ón Ardionadaí, ó na riarthóirí agus ó cheannasaithe na hoibríochta á gcur san áireamh, d’fhonn éifeachtacht agus comhchuibheas a bhaint amach lena rannchuideofar le cuspóirí an Aontais a bhaint amach trí oibríochtaí agus trí bhearta cúnaimh a bheidh le cistiú faoin tSaoráid.

5.   Áireofar sa mhodheolaíocht riosca agus coimircí dá dtagraítear i mír 3 gnéithe féideartha maolaithe agus tionlacain, socruithe le haghaidh faireacháin agus meastóireachta agus rialuithe agus coimircí, lena n-áirítear le haghaidh bearta cúnaimh a bhaineann le nithe ar Liosta Míleata Coiteann an Aontais.

CAIBIDIL 2

Struchtúr eagrúcháin na Saoráide

Airteagal 10

Comhlachtaí bainistíochta agus an fhoireann

1.   Faoi údarás agus stiúradh an Choiste um an tSaoráid dá dtagraítear in Airteagal 11, is iad seo a leanas a bhainisteoidh an tSaoráid:

(a)

riarthóir um oibríochtaí;

(b)

an ceannasaí oibríochta ar gach oibríocht, i ndáil leis an oibríocht faoina cheannas nó faoina ceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó aon chuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme mar a fhoráiltear in Airteagal 60;

(c)

riarthóir um bearta cúnaimh; agus

(d)

oifigeach cuntasaíochta oibríochtaí agus oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh.

2.   Bainfidh an tSaoráid, a mhéid is féidir, leas as institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Rachaidh sí, go príomha, i muinín struchtúir riaracháin agus fhoireann reatha institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus na foirne sin arna dtabhairt ar iasacht ag na Ballstáit, arna iarraidh sin don riarthóir faoi seach.

3.   Soláthróidh Ardrúnaí na Comhairle an riarthóir um oibríochtaí agus an t-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí mar aon leis an bhfoireann agus leis na hacmhainní riaracháin is gá dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích.

4.   Beidh an tArdionadaí freagrach as cur chun feidhme cinntí ón gComhairle lena mbunaítear bearta cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 27(1) CAE a áirithiú.

5.   Chun críoch chur chun feidhme airgeadais na mbeart cúnaimh, cé is moite de bheart cúnaimh nó aon chuid de arna chur chun feidhme ag oibríocht, tabharfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh agus an t-oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh cúnamh don Ardionadaí. Feidhmeoidh an tArdionadaí an fhreagracht sin le tacaíocht ón roinn sin de chuid an Choimisiúin, dá dtagraítear in Airteagal 9(6) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (4), agus ó sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, de réir mar is gá.

Airteagal 11

An Coiste um an tSaoráid

1.   Bunaítear Coiste um an tSaoráid (“an Coiste”) atá comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát .

2.   Beidh Cathaoirleach an Choiste ina ionadaí don Bhallstát sin a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aige. Comórfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Choiste agus beidh sé nó sí i gceannas ar na cruinnithe sin.

3.   Feidhmeoidh an Coiste a chuid inniúlachtaí de bhun an Chinnidh seo. Gníomhóidh sé de réir na rialacha vótála a leagtar amach i mír 14.

4.   Glacfaidh an Coiste buiséad bliantúil na Saoráide agus na buiséid leasaitheacha, ag cur san áireamh an méid tagartha le haghaidh gach oibríocht agus gach beart cúnaimh.

5.   Formheasfaidh an Coiste na cuntais bhliantúla agus déanfaidh sé urscaoileadh orthu do na riarthóirí agus do gach ceannasaí oibríochta maidir leis na hábhair a bhfuil siad freagrach astu faoi seach.

6.   Ar thogra comhpháirteach ó na riarthóirí, glacfaidh an Coiste na rialacha seo a leanas maidir le cur chun feidhme an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid, ar rialacha iad lena bhforlíontar na rialacha a leagtar amach sa Chinneadh seo.

(a)

beidh na rialacha cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí míleata cosúil, i dtéarmaí solúbthachta, leis na rialacha airgeadais a raibh feidhm acu maidir leis an sásra chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (“sásra Athena”) a riar;

(b)

beidh na rialacha cur chun feidhme maidir le bearta cúnaimh comhchuí leis an leibhéal céanna bainistíochta fónta airgeadais, trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe agus ráthóidh siad an leibhéal céanna bainistíochta fónta airgeadais, trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe leo siúd a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tabharfaidh na rialacha sin údar sainráite do na cásanna ina bhfuil sé riachtanach imeacht ó rialacha Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun solúbthacht spriocdhírithe a cheadú, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag an oifigeach cuntasaíochta de bhun phointe (d) d’Airteagal 13(4) na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta don earnáil phoiblí.

Scrúdóidh an Coiste, i ndlúthchomhar leis na riarthóirí, na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) atá beartaithe, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na rialacha cur chun feidhme prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus an neamh-idirdhealaithe agus go n-urramófar cearta bunúsacha.

7.   Ar thogra ón gCathaoirleach le tacaíocht ó na riarthóirí, glacfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta.

8.   Agus maoiniú oibríochta nó birt chúnaimh á phlé ag an gCoiste:

(a)

beidh an Coiste comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát is rannchuiditheoir;

(b)

féadfaidh ionadaí ó Bhallstát nach rannchuidíonn leis an oibríocht nó leis an mbeart cúnaimh freastal ar imeachtaí an Choiste a bhaineann le hoibríocht den sórt sin nó leis an mbeart cúnaimh sin, gan páirt a ghlacadh ina chuid vótaí;

(c)

glacfaidh gach ceannasaí oibríochta nó ionadaí an duine sin páirt in imeachtaí an Choiste i ndáil leis an oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil leis an mbeart cúnaimh nó aon chuid de arna chur chun feidhme ag an oibríocht, gan páirt a ghlacadh ina chuid vótaí;

(d)

iarrfar ar ionadaithe na dtríú Stát is rannchuiditheoirí agus ar na rannchuiditheoirí deonacha a bheith rannpháirteach in imeachtaí an Choiste nuair a bhaineann an plé go díreach lena rannchuidiú airgeadais siúd, gan páirt a ghlacadh ina chuid vótaí ná gan a bheith i láthair lena linn.

(e)

féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe gníomhaithe ábhartha eile, go háirithe gníomhaithe cur chun feidhme, páirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste maidir leis an mbeart cúnaimh a chuireann siadsan chun feidhme go hiomlán nó go páirteach, gan aon pháirt a ghlacadh sa vótáil.

9.   Soláthróidh an riarthóir um oibríochtaí an rúnaíocht don Choiste maidir le hábhair a bhaineann le hoibríochtaí agus leis na bearta cúnaimh arna gcur chun feidhme ag oibríochtaí, agus soláthróidh an riarthóir um bearta cúnaimh an rúnaíocht don Choiste maidir le hábhair a bhaineann le bearta cúnaimh. Glacfaidh gach riarthóir páirt i gcruinnithe an Choiste agus tarraingeoidh sé nó sí suas miontuairiscí na gcruinnithe maidir leis na nithe sin a bhaineann lena fhreagrachtaí féin. Féadfaidh na riarthóirí freastal ar na cruinnithe i ndáil le míreanna eile. Ní ghlacfaidh na riarthóirí páirt i vótaí an Choiste.

10.   Tabharfar cuireadh d’ionadaithe ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ón gCoimisiún freastal ar chruinnithe an Choiste gan aon pháirt a ghlacadh ina chuid vótaí.

11.   Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) freastal ar chruinnithe an Choiste chun nithe a bhaineann le limistéar gníomhaíochta GEC a phlé; gan aon pháirt a ghlacadh ina chuid vótaí, ná a bheith i láthair lena linn.

12.   Glacfaidh oifigigh chuntasaíochta na Saoráide páirt, de réir mar is gá, in imeachtaí an Choiste maidir leis na nithe a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach, gan páirt a ghlacadh ina chuid vótaí.

13.   Má iarrann Ballstát, riarthóir nó ceannasaí oibríochta amhlaidh, comórfaidh an Uachtaránacht an Coiste, laistigh de 15 lá, ar a dhéanaí.

14.   Agus comhdhéanamh an Choiste, mar a shainmhínítear i míreanna 1 agus 8 á chur san áireamh, gníomhóidh an Coiste d’aon toil na gcomhaltaí. Gníomhóidh sé, áfach, trí thromlach simplí na gcomhaltaí i ndáil le cúrsaí nós imeachta, mar shampla agus an clár oibre agus na miontuairiscí á bhformheas agus rialacha nós imeachta á nglacadh acu.

15.   Beidh cinntí an Choiste ceangailteach.

16.   I gcás ábhar práinne, féadfar cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn i gcomhréir le rialacha a bheidh le cinneadh ag an gCoiste, ar thionscnamh ón gCathaoirleach, mura n-iarrfaidh comhalta den Choiste cruinniú den Choiste.

17.   De réir mar is iomchuí, cuirfidh na riarthóirí, na ceannasaigh oibríochta, agus na hoifigigh chuntasaíochta an Coiste ar an eolas faoi ábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach. Go sonrach, tabharfaidh an riarthóir faoi seach eolas leordhóthanach don Choiste i gcás éileamh nó díospóid a bhfuil baint ag an tSaoráid leis.

18.   Maidir leis na buiséid agus na gníomhartha eile arna nglacadh ag an gCoiste, is é an Cathaoirleach a shíneoidh iad mar aon leis an riarthóir a mbaineann na hábhair sin lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí.

19.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú laistigh den Choiste i ndáil le mír áirithe, féadfaidh an Coiste a chinneadh an tsaincheist a chur faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 12

Riarthóirí

1.   Tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ceapfaidh Ardrúnaí na Comhairle riarthóir um oibríochtaí agus leas-riarthóir amháin um oibríochtaí, ar a laghad, ar feadh tréimhse 3 bliana.

2.   Tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ceapfaidh an tArdionadaí riarthóir um bearta cúnaimh ar feadh tréimhse 3 bliana.

3.   Is thar ceann na Saoráide a thabharfaidh na riarthóirí faoina gcuid dualgas.

4.   Is faoi fhreagracht an riarthóra um oibríochtaí a bheidh teidil shonracha an bhuiséid a bhaineann le bearta cúnaimh nó aon chuid díobh arna gcur chun feidhme ag oibríocht.

5.   Beidh gach riarthóir ina ionadaí dlíthiúil ar an tSaoráid i ndáil leis na hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí faoi seach, lena n-áirítear imeachtaí breithiúnacha agus réiteach díospóidí.

6.   Maidir le gach riarthóir:

(a)

is é nó is í a tharraingeoidh suas teidil na ndréachtbhuiséad bliantúil agus na mbuiséad leasaitheach a bhfuil sé nó sí freagrach astu agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choiste iad. Maidir leis an roinn “caiteachas” le haghaidh oibríochta agus le haghaidh aon bheart cúnaimh nó aon chuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme, dréachtófar é sa dréachtbhuiséad bliantúil agus sna dréachtbhuiséid leasaitheacha ar bhonn togra ón gceannasaí oibríochta i gceist;

(b)

is é nó is í a chuirfidh chun feidhme na buiséid bhliantúla agus na buiséid leasaitheacha faoi seach atá faoina fhreagracht nó a freagracht faoi seach agus tuairisceoidh siad ina leith tar éis don Choiste iad a ghlacadh;

(c)

is é nó is í a bheidh ina (h)oifigeach údarúcháin faoi seach d’ioncam agus do chaiteachas na Saoráide, cé is moite de chaiteachas arna thabhú ag céim ghníomhach na n-oibríochtaí. Féadfaidh na riarthóirí na cumhachtaí mar oifigigh údarúcháin a tharmligean de réir mar is gá;

(d)

ó thaobh ioncaim de, cuirfidh siad chun feidhme na socruithe airgeadais a rinneadh le tríú páirtithe i dtaca le maoiniú na n-oibríochtaí agus na mbeart cúnaimh faoi seach.

7.   Áiritheoidh gach riarthóir, i dtaca leis na hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí faoi seach, comhlíonadh na rialacha a bhunaítear leis an gCinneadh seo agus cur chun feidhme chinntí an Choiste. Chun na críche sin, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh na treoracha riachtanacha a eisiúint do ghníomhaithe cur chun feidhme, lena n-áirítear le haghaidh bearta práinneacha.

8.   Údarófar do gach riarthóir, do nithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, aon bhearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an gCinneadh seo agus leis na rialacha arna mbunú ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6), agus a mheasfaidh sé nó sí a bheith riachtanach chun an caiteachas a mhaoinítear faoin tSaoráid a chur chun feidhme. Cuirfidh sé nó sí an Coiste ar an eolas faoi sin.

9.   Comhordóidh gach riarthóir, do nithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, an obair maidir le hábhair airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí agus le bearta cúnaimh. Is é nó í a bheidh ina phointe nó ina pointe teagmhála leis na córais riaracháin náisiúnta agus, de réir mar is iomchuí, leis na heagrais idirnáisiúnta maidir leis na ceisteanna sin.

10.   Áiritheoidh gach riarthóir, do nithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, go leanfar dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna, i gcás inar gá.

11.   Beidh gach riarthóir freagrach don Choiste do nithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí,

Airteagal 13

Oifigigh chuntasaíochta

1.   Ceapfaidh Ardrúnaí na Comhairle an t-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí agus leas-oifigeach cuntasaíochta amháin um oibríochtaí, ar a laghad, ar feadh tréimhse 3 bliana.

2.   Ceapfaidh an tArdionadaí an t-oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh ar feadh tréimhse 3 bliana.

3.   Is thar ceann na Saoráide a thabharfaidh oifigigh chuntasaíochta na Saoráide faoina gcuid dualgas.

4.   Déanfaidh gach oifigeach cuntasaíochta, maidir le nithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí féin:

(a)

na híocaíochtaí a chur chun feidhme, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a aisghabháil, mar is ceart;

(b)

na cuntais bhliantúla a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Choiste lena bhformheas;

(c)

na cuntais a choinneáil;

(d)

na rialacha agus na cleachtais chuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos;

(e)

na córais chuntasaíochta le haghaidh ioncaim a leagan síos, a bhailíochtú agus a fhaireachán agus, i gcás inarb iomchuí, na córais arna leagan síos ag oifigeach údarúcháin ábhartha a bhailíochtú agus a fhaireachán chun faisnéis chuntasaíochta a sholáthar nó chun údar a thabhairt dóibh, faisnéis a fuarthas a sheiceáil agus bearta ceartaitheacha a iarraidh nuair a mheastar gur gá sin;

(f)

doiciméid tacaíochta a choinneáil;

(g)

beidh sé freagrach as bainistiú cistí.

5.   Le haghaidh na gceanglas bainistithe cistí, osclóidh gach oifigeach cuntasaíochta cuntas bainc amháin nó níos mó in ainm na Saoráide nó déanfaidh sé socruithe a chur i bhfearas chun cuntais den sórt sin a oscailt. Is é nó í a bheidh freagrach freisin as cuntais den sórt sin a dhúnadh, nó socruithe a chur i bhfearas chun iad a dhúnadh. Féadfaidh na hoifigigh chuntasaíochta cúraimí áirithe a tharmligean don fho-fhoireann.

6.   Cuirfidh na riarthóirí agus gach ceannasaí oibríochta an fhaisnéis go léir is gá ar fáil don oifigeach cuntasaíochta faoi seach, maidir le cuntais a thabhairt ar aird a bheidh ina léiriú cruinn ar staid airgeadais agus ar chur chun feidhme an bhuiséid. Iadsan a dheimhneoidh iontaofacht na faisnéise sin.

7.   Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach don Choiste.

Airteagal 14

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir leis na riarthóirí, maidir leis na hoifigigh chuntasaíochta agus maidir leis an bhfoireann

1.   Beidh feidhmeanna an riarthóra nó an leas-riarthóra, de láimh amháin, agus feidhmeanna an oifigigh cuntasaíochta nó an leas-oifigigh cuntasaíochta, den láimh eile, comheisiach lena chéile.

2.   Is faoi údarás an riarthóra um oibríochtaí a ghníomhóidh an leas-riarthóir um oibríochtaí. Is faoi údarás an oifigigh cuntasaíochta um oibríochtaí a ghníomhóidh an leas-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí.

3.   Cuirfear an leas-riarthóir um oibríochtaí in ionad an riarthóra um oibríochtaí nuair a bhíonn an riarthóir as láthair. Cuirfear an leas-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí in ionad an oifigigh cuntasaíochta um oibríochtaí nuair a bhíonn an t-oifigeach cuntasaíochta as láthair.

4.   Agus iad ag tabhairt faoi fheidhmeanna ar son na Saoráide, leanfaidh oifigigh agus baill foirne eile de chuid an Aontais de bheith faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom CECG) 259/68 ón gComhairle (6) (“na Rialacháin Foirne”).

5.   Maidir leis na baill foirne a chuirtear ar fáil don tSaoráid ó na Ballstáit, beidh siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht chuig an institiúid de chuid an Aontais atá i gceannas ar a mbainistíocht riaracháin, agus faoi réir na bhforálacha arna gcomhaontú ag a gcórais riaracháin náisiúnta agus ag an institiúid de chuid an Aontais nó ag an riarthóir faoi seach thar ceann na Saoráide.

6.   Maidir leis na baill foirne sin a chuirtear ar fáil don tSaoráid nó atá fostaithe ag an tSaoráid, ní foláir dóibh imréiteach rochtana a fháil roimh ré ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar a laghad, chuig leibhéal “SECRET UE/EU SECRET” nó imréiteach coibhéiseach ó Bhallstát.

Airteagal 15

Ceannasaithe Oibríochta

1.   Déanfaidh gach ceannasaí oibríochta a dhualgais nó a dualgais a chomhall thar ceann na Saoráide i ndáil le maoiniú chostais choiteanna na hoibríochta ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil le maoiniú aon bhirt cúnaimh nó aon chuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme.

2.   I ndáil leis an oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó aon chuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme, déanfaidh gach ceannasaí oibríochta an méid a leanas:

(a)

a chuid nó a cuid tograí a sheoladh chuig an riarthóir um oibríochtaí le haghaidh na roinne “caiteachas” de na dréachtbhuiséid;

(b)

mar oifigeach údarúcháin:

(i)

na leithreasuithe a chur chun feidhme a bhaineann leis na costais choiteanna, an caiteachas ar na costais a sheasann an náisiún dá dtagraítear in Airteagal 48, agus leithreasuithe a chur chun feidhme a bhaineann leis na bearta cúnaimh nó leis na codanna díobh a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme; a údarás nó a húdarás a chur i bhfeidhm ar aon duine a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme na leithreasuithe sin, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú; féadfaidh sé nó sí conarthaí a dhámhachtain agus conarthaí a dhéanamh thar ceann na Saoráide; agus cuntais bhainc a oscailt don oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas, lena n-áirítear le haghaidh bearta cúnaimh nó codanna díobh a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme;

(ii)

na leithreasuithe a chur chun feidhme a bhaineann leis an gcaiteachas ar an oibríocht sin faoina cheannas nó faoina ceannas arna chistiú le rannchuidithe deonacha; údarás a chur i bhfeidhm ar dhuine ar bith a ghlacann páirt i gcur chun feidhme na leithreasuithe sin, ar bhonn na bhforálacha ábhartha sa chomhaontú riaracháin ad hoc leis an rannchuiditheoir; féadfaidh sé nó sí conarthaí a dhámhachtain agus a dhéanamh thar ceann an rannchuiditeora; cuntas bainc amháin a oscailt do gach rannchuidiú.

3.   Údarófar do gach ceannasaí oibríochta aon bhearta a ghlacadh, lena gcomhlíontar an Cinneadh seo agus na rialacha arna mbunú ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6), a mheasann an ceannasaí a bheith riachtanach chun an caiteachas arna mhaoiniú faoin tSaoráid a chur chun feidhme, i ndáil leis an oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó cuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme. Cuirfidh sé nó sí an riarthóir um oibríochtaí agus an Coiste ar an eolas faoin méid sin.

4.   Coinneoidh gach ceannasaí oibríochta cuntas ar na cistí a fhaightear ón tSaoráid, ar chaiteachas a gheall sé nó sí agus ar na híocaíochtaí a rinneadh agus an t-ioncam a fuarthas, chomh maith le fardal na maoine sochorraithe arna maoiniú le buiséad na Saoráide agus a úsáideadh i ndáil leis an oibríocht ar a bhfuil sé nó sí i gceannas agus i ndáil le haon bheart cúnaimh nó cuid de a fhéadfaidh an oibríocht a chur chun feidhme. Beidh na cuntais seo ar fáil don oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí chun críche cigireachta nuair a iarrtar iad.

5.   Seachas in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a fhormheasfaidh an riarthóir agus an t-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí, úsáidfidh gach ceannasaí oibríochta an córas cuntasaíochta agus bainistíochta sócmhainní arna sholáthar ag an tSaoráid.

Airteagal 16

Dliteanas

1.   I gcás mí-iompair nó faillí arna déanamh ag pearsanra atá ag gníomhú thar ceann na Saoráide i bhfeidhmiú a gcúraimí faoin gCinneadh seo, rialófar dliteanas araíonachta fhoireann an Aontais le Rialacháin Foirne, agus rialófar dliteanas araíonachta na foirne arna tabhairt ar iasacht nó arna cur ar fáil don tSaoráid ag Ballstát leis na rialacha agus na socruithe ábhartha náisiúnta. Gan dochar do Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm aige maidir le foireann an Aontais, rialófar dliteanas coiriúil pearsanra atá ag gníomhú thar ceann na Saoráide leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste, dá thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát is rannchuiditheoir nó ó thríú páirtí is rannchuiditheoir, cinneadh a dhéanamh caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne phearsanra den sórt sin. Beidh dliteanas sibhialta fhoireann an Aontais teoranta do dhamáistí a tharla de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil le linn chomhlíonadh a ndualgas nó i ndáil le comhlíonadh a ndualgas agus rialófar é leis na Rialacháin Foirne agus na rialacha cur chun feidhme is infheidhme maidir leo.

2.   I gcás ar bith, ní fhéadfaidh Ballstát is rannchuiditheoir nó tríú páirtí is rannchuiditheoir an tAontas, Ardrúnaí na Comhairle, an tArdionadaí nó an Coimisiún a chur faoi dhliteanas mar thoradh ar a gcuid dualgas a bheith á gcomhlíonadh ag na riarthóirí, ag na hoifigí cuntasaíochta nó ag an bhfoireann arna sannadh don tSaoráid nó ar iasacht chuici.

3.   Aon dliteanas conarthach a eascraíonn as conarthaí arna dtabhairt i gcrích thar ceann na Saoráide, cumhdóidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí nó tríú páirtithe is rannchuiditheoirí é trí bhíthin na Saoráide i gcás inarb infheidhme. Rialófar é leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh a bheidh i gceist.

4.   Maidir le dliteanas neamhchonarthach i leith damáiste arbh iad ceanncheathrú oibríochta, ceanncheathrú fórsa nó ceanncheathrú comhchodanna ba chúis leis nó arbh í a bhfoireann i gcomhlíonadh a ndualgas ba chúis leis, chomh maith le dliteanas neamhchonarthach i leith damáiste a rinneadh le linn cur chun feidhme birt cúnaimh, cumhdóidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí agus na tríú tíortha is rannchuiditheoirí an damáiste sin trí bhíthin na Saoráide i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

5.   I gcás ar bith ní fhéadfaidh Ballstát is rannchuiditheoir nó tríú páirtí is rannchuiditheoir an tAontas nó na Ballstáit a chur faoi dhliteanas maidir le conarthaí a tugadh i gcrích faoi chuimsiú cur chun feidhme buiséid nó maidir le damáiste arbh í oibríocht nó a foireann agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu ba chúis leis.

6.   Ní dochar an tAirteagal seo d’aon socruithe maidir le díolúine ó dhlínse a bheith ag pearsanra oibríochta faoi chomhaontú maidir le stádas fórsaí nó maidir le stádas misin arna thabhairt i gcrích leis an Stát óstach nó faoin gComhaontú de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le stádas fórsaí (7).

TEIDEAL II

BUISÉAD

CAIBIDIL 3

Prionsabail agus struchtúr, buiséid leasaitheacha, aistrithe agus tabhairt anonn leithreasuithe

Airteagal 17

Prionsabail bhuiséadacha

1.   Is é an buiséad, arna tharraingt suas in euro, an gníomh lena leagtar síos agus lena n-údaraítear do gach bliain airgeadais an t-ioncam agus an caiteachas ar fad arna riar ag an tSaoráid.

2.   Údaraítear na leithreasuithe arna n-iontráil sa bhuiséad ar feadh fad bliana airgeadais, a thosaíonn an 1 Eanáir agus a chríochnaíonn an 31 Nollaig den bhliain chéanna. Áireofar leo leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

3.   Údarófar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna n-iontráil sa bhuiséad laistigh de theorainn na n-uasteorainneacha airgeadais bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ar a shon sin, ar choinníoll go n-urramaítear an uasteorainn fhoriomlán dá dtagraítear in Airteagal 2(1), féadfaidh an Coiste, i gcás inar gá nó in imthosca eisceachtúla, buiséad bliantúil nó leasaitheach atá suas le 15 % níos mó ná an uasteorainn airgeadais bhliantúil faoi seach a ghlacadh. Sa chás sin, féadfaidh an tArdionadaí togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a choigeartú, agus aon chuid de na huasteorainneacha do na blianta roimhe sin nár úsáideadh á cur san áireamh i dtús.

4.   Beidh ioncam agus caiteachas an bhuiséid ar cothrom.

5.   Beidh an caiteachas go léir nasctha le hoibríocht shonrach nó le beart cúnaimh ach amháin i gcás inar gá le haghaidh na gcostas a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III.

6.   Ní féidir ioncam ná caiteachas ar bith a chur chun feidhme seachas trína leithdháileadh chuig teideal sa bhuiséad agus laistigh de theorainn na leithreasuithe a iontráiltear ansin, seachas de bhun Airteagal 51 (2) agus (6) agus Airteagal 58.

Airteagal 18

An buiséad bliantúil

1.   Is éard a bheidh sa bhuiséad bliantúil leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta arna rangú ina dteidil a fhoroinnfear ina gcaibidlí agus ina n-airteagail.

2.   Gach bliain, mar ullmhúchán don dréachtbhuiséad don chéad bhliain airgeadais eile, tarraingeoidh gach riarthóir suas na teidil a bhfuil sé nó sí freagrach astu de bhun Airteagail 12(1) agus (2), ar bhonn na riachtanas measta, laistigh de theorainn na huasteorann airgeadais bliantúla comhfhreagraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cabhróidh ceannasaithe oibríochta leis an riarthóir um oibríochtaí.

3.   Áireofar leis an dréachtbhuiséad an méid seo a leanas:

(a)

na leithreasuithe a mheastar a bheith riachtanach chun an méid a leanas a chumhdach:

na costais choiteanna le haghaidh oibríochtaí atá ar bun nó atá beartaithe;

costas na mbeart cúnaimh atá bunaithe nó atá le formheas ag an gComhairle;

(b)

cuid ghinearálta chun an caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar oibríochtaí a chumhdach, dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus III, nach bhfuil nasctha le hoibríocht ar leith;

(c)

cuid ghinearálta chun an caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar bhearta cúnaimh, dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus II, nach bhfuil nasctha le beart cúnaimh ar leith;

(d)

réamhaisnéis ar an ioncam is gá chun an caiteachas a chumhdach.

4.   Tiomnófar teideal sonrach do gach oibríocht nó beart cúnaimh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 agus do gach ceann de na codanna ginearálta le haghaidh caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar oibríochtaí agus ar bhearta cúnaimh. I gcás inar oibríocht a chuireann cuid de bheart cúnaimh chun feidhme, tiomnófar teideal sonrach don chuid sin den bheart, faoi fhreagracht an riarthóra um oibríochtaí, agus beidh sé ar leithligh ó theideal chostais choiteanna na hoibríochta.

5.   Déanfar caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin is coiteann d’oibríochtaí agus do bhearta cúnaimh araon a shannadh do gach cuid ghinearálta de réir na gcéatadán atá sna teidil le haghaidh oibríochtaí agus sna teidil le haghaidh bearta cúnaimh i mbuiséad bliantúil tosaigh na Saoráide arna ghlacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(4).

6.   D’fhéadfaí caibidil dar teideal “leithreasuithe sealadacha” a áireamh le gach teideal. Iontrálfar na leithreasuithe sin i gcás ina mbeidh éiginnteacht ann, ar bhonn forais thromchúiseacha, faoin méid leithreasuithe is gá nó faoin raon feidhme chun na leithreasuithe arna n-iontráil a chur chun feidhme.

7.   Is éard a bheidh san ioncam, arna fhoroinnt de réir teidil:

(a)

rannchuidithe is iníoctha ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí, agus i gcás inarb iomchuí, ag tríú Stáit is rannchuiditheoirí;

(b)

ioncam ilghnéitheach, lena n-áirítear:

olltoradh buiséid ón mbliain airgeadais roimhe sin mar a chinn an Coiste é;

ús a fuarthas agus ioncam ó dhíolacháin;

aisghabhálacha cistí nár caitheadh le linn cur chun feidhme.

8.   Molfaidh an riarthóir an dréachtbhuiséad bliantúil don Choiste faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Glacfaidh an Coiste an dréachtbhuiséad faoin 30 Samhain. Tabharfaidh na riarthóirí fógra do na Ballstáit agus do na tríú Stáit is rannchuiditheoirí maidir leis an mbuiséad a luaithe a ghlacfar é.

Airteagal 19

Buiséid leasaitheacha

1.   Déanfaidh an riarthóir um oibríochtaí nó an riarthóir um bearta cúnaimh buiséad leasaitheach a mholadh don Choiste sna cásanna seo a leanas:

(a)

ina gcinnfidh an Chomhairle oibríocht nua nó beart cúnaimh nua agus dá bhrí sin nach mór teideal nua a chruthú le haghaidh na hoibríochta sin nó an bhirt sin sa bhuiséad;

(b)

inar gá olltoradh an bhuiséid le haghaidh bliain airgeadais ar formheasadh na cuntais ina leith i gcomhréir le Airteagal 43(6) a iontráil i mbuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin;

(c)

nach bhfreagraíonn, de bharr imthosca dosheachanta, eisceachtúla nó gan choinne, na leithreasuithe arna n-iontráil sna teidil le haghaidh oibríochtaí nó sna teidil le haghaidh bearta cúnaimh do riachtanais na hoibríochta comhfhreagraí nó an bhirt cúnaimh chomhfhreagraigh.

2.   An dréachtbhuiséad leasaitheach a eascraíonn as oibríocht nó beart cúnaimh a bhunú nó as síneadh a chur leis an oibríocht sin nó leis an mbeart sin, cuirfear faoi bhráid an Choiste é laistigh de 4 mhí tar éis don Chomhairle an méid tagartha a fhormheas, ach amháin má chinneann an Coiste síneadh a chur leis an spriocdháta sin.

3.   Le haon bhuiséad leasaitheach arna mholadh ag riarthóir, déanfar, a mhéid is féidir, aon mhéadú ar leithreasuithe a fhritháireamh trí laghduithe i dteidil eile a bhfuil an riarthóir sin freagrach astu.

4.   Tarraingeofar suas, molfar, formheasfar agus glacfar an dréachtbhuiséad leasaitheach, agus tabharfar fógra ina leith i gcomhréir leis an nós imeachta céanna sa bhuiséad bliantúil. Pléifidh an Coiste an buiséad leasaitheach agus glacfaidh sé é, agus an phráinn a bhaineann leis á cur san áireamh.

Airteagal 20

Aistrithe leithreasuithe

1.   Féadfaidh gach riarthóir leithreasuithe a aistriú laistigh de theidil an bhuiséid a bhfuil sé nó sí freagrach as. Gníomhóidh an riarthóir um oibríochtaí ar bhonn moladh ón gceannasaí oibríochta lena mbaineann, cé is moite de na teidil arb eisean nó arb ise an t-oifigeach údarúcháin ina leith. Cuirfidh an riarthóir lena mbaineann an Coiste ar an eolas maidir lena rún, a mhéid is féidir agus práinn na staide á cur san áireamh, seachtain amháin roimh ré ar a laghad.

2.   Mar sin féin, agus faoi réir Airteagal 51(5), beidh formheas ón gComhairle ag teastáil roimh ré i gcás inar mó an t-aistriú beartaithe idir caibidlí ná 10 % i dteidil a bhfuil baint acu le hoibríochtaí, agus 20 % i gcás teidil a bhaineann le bearta cúnaimh, de na leithreasuithe a iontráladh sa chaibidil óna dtarraingítear na leithreasuithe, de réir mar atá le feiceáil sa bhuiséad a glacadh don bhliain airgeadais ar an dáta a dhéantar an moladh maidir leis an aistriú sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir le haistrithe laistigh de theideal le haghaidh beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta.

3.   Beidh gá le formheas roimh ré ón gCoiste chun leithreasuithe a aistriú idir teidil laistigh den chuid den bhuiséad le haghaidh oibríochtaí nó bearta cúnaimh faoi seach. Ní fhéadfar leithreasuithe a aistriú idir teidil ach amháin i gcás ina rannchuideoidh na Ballstáit chéanna leis an teideal tionscnaimh agus leis an teideal cinn scríbe. I gcásanna inar oibríocht a chuireann i gcrích cuid de chur chun feidhme birt cúnaimh mar a fhoráiltear in Airteagal 60(1), ní bheidh formheas ón gCoiste ag teastáil roimh ré chun na leithreasuithe is gá a aistriú idir an teideal le haghaidh an bhirt cúnaimh agus an teideal a bhaineann leis an gcuid sin den bheart cúnaimh a chuirfidh an oibríocht chun feidhme.

4.   Ní fhéadfar leithreasuithe a aistriú idir teideal le haghaidh oibríochtaí agus teideal le haghaidh bearta cúnaimh.

Airteagal 21

Leithreasuithe a thabhairt anonn

1.   Leithreasuithe nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais ar iontráladh iad lena haghaidh agus nár tugadh anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile, cuirfear ar ceal iad, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh faoin 31 Márta gach bliain, maidir le moltaí ó gach riarthóir faoi seach leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, nach bhfuil gealltanas tugtha ina leith faoi dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin, a thabhairt anonn, agus más gá leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha, agus sa chás sin féadfar iad a ghealladh agus a íoc suas go dtí an 31 Nollaig.

3.   Cuirfidh na riarthóirí a moltaí faoi seach faoi bhráid an Choiste faoin 1 Márta gach bliain.

4.   Mar sin féin, féadfar leithreasuithe a thabhairt anonn le cinneadh ón riarthóir freagrach, sna cásanna seo a leanas:

(a)

leithreasuithe íocaíochta, i gcás ina mbeidh gá leo chun gealltanais atá ann cheana a chumhdach;

(b)

leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i dteidil le haghaidh bearta cúnaimh ar tugadh chun críche faoin 31 Nollaig den bhliain roimhe sin formhór na gcéimeanna ullmhúcháin den nós imeachta gealltanais ina leith, atá le sonrú sna rialacha maidir le cur chun feidhme de bhun Airteagal 11(6). Féadfar na leithreasuithe sin a ghealladh ansin suas go dtí an 31 Márta;

(c)

leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta a bhfuil gá leo nuair a bheifear tar éis cinneadh ón gComhairle le haghaidh beart cúnaimh nua a ghlacadh sa ráithe dheiridh den bhliain airgeadais roimhe sin.

Cuirfidh gach riarthóir an Coiste ar an eolas faoina chinntí maidir le tabhairt anonn faoin 1 Márta gach bliain.

5.   Tabharfaidh gach ceannasaí oibríochta cúnamh don riarthóir um oibríochtaí agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme aige.

Airteagal 22

Gealltanais scoilte

Féadfar gealltanais bhuiséadacha ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 23

Aisghabháil cistí

Déanfar aon aisghabháil a áireamh mar ioncam sa teideal céanna as ar gineadh í. I gcás nach ann a thuilleadh don teideal sin, déanfar an aisghabháil a áireamh sa chuid ghinearálta a bhfuil an riarthóir sin freagrach aisti.

Airteagal 24

Cur chun feidhme luath

Ach a nglacfar an buiséad bliantúil, féadfar leas a bhaint as leithreasuithe chun gealltanais agus íocaíochtaí a chumhdach a mhéid is gá go hoibríochtúil trí bhíthin cur chun feidhme luath.

CAIBIDIL 4

Rannchuidithe

Airteagal 25

Luath-réamhaisnéis

1.   Tíolacfaidh na riarthóirí na nithe seo a leanas faoin 30 Meitheamh den bhliain n:

(a)

réamhaisnéis ar an dara glao ar rannchuidithe don bhliain n;

(b)

réamhaisnéis ar an uasteorainn le haghaidh íocaíochtaí don bhliain n + 1 chun oibríochtaí agus bearta cúnaimh sa todhchaí nó oibríochtaí agus bearta cúnaimh a bheidh ag leathnú agus nach gcumhdaítear leis an dréachtbhuiséad a chur san áireamh;

(c)

meastachán táscach do mhéid bliantúil na rannchuidithe don bhliain n+ 1, n + 2, n + 3 agus n + 4 i gcomhréir leis na riachtanais mheasta;

(d)

réamhaisnéis nó méid an chéad ghlao ar rannchuidithe don bhliain n+1.

2.   Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir le huasteorainn na n-íocaíochtaí don bhliain n + 1 faoin 31 Iúil den bhliain n.

3.   Cuirfidh na riarthóirí na nithe seo a leanas faoi bhráid an Choiste, faoin 30 Meán Fómhair don bhliain n:

(a)

réamhaisnéis ar mhéid bliantúil na rannchuidithe le haghaidh theidil uile an dréachtbhuiséid;

(b)

réamhaisnéis ar mhéid na chéad ghlao ar rannchuidithe don bhliain n + 1;

(c)

meastachán táscach athbhreithnithe bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le méideanna bliantúla na rannchuidithe do na blianta n + 2, n + 3 agus n + 4.

Airteagal 26

Rannchuidithe a chinneadh

1.   Rannchuidithe is iníoctha i gcaitheamh bliana le haghaidh teideal áirithe den bhuiséad, beidh siad comhionann leis na leithreasuithe íocaíochta a iontráladh sa teideal sin, i ndiaidh an t-ioncam a iontráladh sa teideal céanna a asbhaint.

2.   Cumhdófar na leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach oibríochta nó gach birt cúnaimh le rannchuidithe ó na Ballstáit is rannchuiditheoirí leis an oibríocht nó leis an mbeart cúnaimh sin.

3.   Na leithreasuithe íocaíochta sa chuid ghinearálta den bhuiséad le haghaidh caiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 18(3), cumhdófar iad le rannchuidithe ó na Ballstáit seachas an Danmhairg.

4.   Na leithreasuithe íocaíochta sa chuid ghinearálta den bhuiséad don chaiteachas tacaíochta agus ullmhúcháin ar bhearta cúnaimh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(3), cumhdófar iad le rannchuidithe ó na Ballstáit.

5.   Cinnfear miondealú na rannchuidithe idir na Ballstáit is rannchuiditheoirí i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41(2) CAE agus i gcomhréir le Cinneadh 2014/335/AE ón gComhairle, Euratom (8), nó le Cinneadh ar bith eile ón gComhairle a chuirfear ina ionad sin.

6.   Is iad na sonraí sin a leagtar amach sa cholún “Acmhainní dílse OIN-bhunaithe” sa tábla “Achoimre ar mhaoiniú an bhuiséid ghinearálta de réir chineál na hacmhainne dílse agus de réir Ballstáit” arna chur i gceangal leis an mbuiséad ginearálta is déanaí a ghlac an tAontas na sonraí a úsáidfear le haghaidh ríomh na rannchuidithe. Beidh an rannchuidiú ó gach Ballstát óna mbíonn rannchuidiú dlite comhréireach le cion ollioncam náisiúnta (OIN) an Bhallstáit sin i gcomhiomlán OIN de chuid na mBallstát óna mbíonn rannchuidiú dlite.

7.   I gcás, de bhun Airteagal 5(3), ina staonfaidh Ballstát ó bheart cúnaimh a ghlacadh agus nach rannchuidíonn sé leis an mbeart sin, rannchuideoidh sé méid breise le bearta cúnaimh seachas na bearta sin a bhaineann le soláthar trealaimh mhíleata nó ardán míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh. Áiritheofar leis an méid breise sin go mbeidh rannchuidiú foriomlán an Bhallstáit sin le bearta cúnaimh i gcomhréir lena sciar den ollioncam náisiúnta (OIN). Ní dhéanfaidh na rannchuidithe breise sin difear do mhéid na rannchuidithe atá dlite ó na Ballstáit eile do na bearta lena ndéantar na rannchuidithe breise sin.

8.   Ní rachaidh rannchuidithe na mBallstát in aon bhliain thar a sciar faoi seach den uasteorainn íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin maidir le rannchuidithe breise de bhun mhír 7 den Airteagal seo a éiríonn as staonadh ó bhearta cúnaimh i mblianta roimhe sin.

Airteagal 27

Rannchuidithe tar éis staonadh

1.   Féadfaidh Ballstát a chuir in iúl go bhfuil sé ar intinn aige staonadh ó ghlacadh birt chúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) bearta cúnaimh eile a shainaithint a ndéanfaidh sé rannchuidiú breise leo. Féadfaidh sé bearta atá ann cheana nó bearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shainaithint ar thíolaic nó ar fhormheas an Chomhairle nóta coincheapa ina leith, nó féadfaidh sé bearta nua eile a iarraidh chun na críche sin.

2.   Mura sainaithneoidh nó mura n-iarrfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 bearta cúnaimh eile den sórt sin laistigh de 6 mhí, sonróidh an tArdionadaí nó na Ballstáit eile na bearta a ndéanfar na rannchuidithe breise leo.

3.   Tar éis dó riachtanais na mbeart eile cúnaimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a mheasúnú, agus aird chuí á tabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus ar na cuspóirí agus ar na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 56, tíolacfaidh an tArdionadaí tograí don Chomhairle de réir mar is gá lena nglacadh.

4.   Coinneoidh riarthóir na mbeart cúnaimh taifead de na rannchuidithe breise atá dlite ó na Ballstáit agus a staonann ó bheart cúnaimh de bhun Airteagal 5(3).

5.   Urramófar le cur chun feidhme an Airteagail seo prionsabail an chlársceidealaithe bunaithe ar riachtanais agus bhainistiú fónta airgeadais na Saoráide agus caomhnófar a héifeachtacht, i gcomhchuibheas leis na Conarthaí.

Airteagal 28

Maoiniú luath

1.   Beidh córas íostaiscí ag an tSaoráid chun maoiniú luath a chur ar fáil d’oibríochtaí mearfhreagartha de chuid an Aontais agus do bhearta práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 58, i gcás nach mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil agus nach bhféadfaí, leis an ngnáthnós imeachta chun rannchuidithe a bhailiú, freastal ar na riachtanais in am trátha. Bainisteoidh gach riarthóir faoi seach na híostaiscí le haghaidh oibríochtaí mearfhreagartha agus le haghaidh bearta práinneacha.

2.   Tar éis moltaí a fháil ón riarthóir, déanfaidh an Coiste méid na n-íostaiscí a chinneadh, agus a athbhreithniú de réir mar is gá.

3.   Chun na híostaiscí a luathmhaoiniú, déanfaidh na Ballstáit ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

rannchuidithe a íoc leis an tSaoráid roimh ré; nó

(b)

nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh oibríocht mhearfhreagartha a sheoladh, ar oibríocht í sin lena rannchuidíonn siad, nó nuair a fhormheasfaidh sí beart práinneach, agus nuair is gá dul i muinín na híostaisce, rannchuidithe a íoc laistigh de 5 lá tar éis sheoladh an ghlao, ar leibhéal mhéid tagartha na hoibríochta mhearfhreagartha nó chostas údaraithe an bhirt phráinnigh, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.

Airteagal 29

Rannchuidithe a bhailiú

1.   Is in euro a dhéanfar rannchuidithe leis an tSaoráid.

2.   Seolfaidh gach riarthóir glaonna ar rannchuidithe le haghaidh na leithreasuithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó a freagrachtaí faoi seach le litir chuig na riaracháin náisiúnta inniúla ar cuireadh a mionsonraí in iúl dó nó di.

3.   I gcás inar oibríocht a chuireann cuid de bheart cúnaimh chun feidhme, seolfaidh an riarthóir um oibríochtaí an glao ar rannchuidithe chuig an údarás náisiúnta inniúil. I gcás inar eisigh an riarthóir um bearta cúnaimh cheana féin an glao ar rannchuidithe don bheart cúnaimh sula ndearna an Chomhairle cinneadh gur oibríocht a chuirfidh an beart nó cuid de chun feidhme, aistreoidh sé nó sí na cistí is gá don chur chun feidhme chuig an riarthóir.

4.   Seolfar na glaonna ar rannchuidithe sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina nglacfaidh an Coiste buiséad i leith bliain airgeadais. Cumhdófar leis an gcéad ghlao ar rannchuidithe na riachtanais íocaíochta do na chéad 8 mí. Cumhdófar leis an dara glao ar rannchuidithe fuílleach iarmhéid na rannchuidithe, agus iarmhéid na bliana roimhe sin á chur san áireamh i gcás inar chinn an Coiste an t-iarmhéid sin a iontráil sa bhuiséad reatha;

(b)

i gcás ina nglacfar buiséad leasaitheach mar a fhoráiltear dó in Airteagal 19 agus nach leor na glaonna ar rannchuidithe atá beartaithe don bhliain chun freastal in am trátha ar na riachtanais íocaíochta;

(c)

i gcás ina mbeidh rannchuidithe leis na híostaiscí agus a n-athshlánú de dhíth mar a fhoráiltear dó in Airteagal 28 (3) agus i míreanna 9 agus 10 den Airteagal sin.

5.   Glaofaidh an riarthóir um oibríochtaí agus an riarthóir um bearta cúnaimh ar rannchuidithe ó na Ballstáit is rannchuiditheoirí nuair a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear oibríocht nó beart cúnaimh, a mhéid nach leor na cistí atá ar fáil le haghaidh oibríochtaí nó bearta cúnaimh faoi seach chun méid na n-íocaíochtaí arna údarú ag an gComhairle a mhaoiniú, bunaithe ar an méid tagartha sa chinneadh sin;

6.   Aon ús a fabhrófar ar na rannchuidithe arna n-íoc ag na Ballstáit de réir phointe (a) d’Airteagal 28(3), cuirfear san áireamh é agus a rannchuidithe á ríomh i ngnáthghlaonna ar rannchuidithe ina dhiaidh sin.

7.   In aon ghlao ar rannchuidithe déanfar miondealú ar na méaduithe agus ar na laghduithe i rannchuidithe in aghaidh an teidil sa bhuiséad.

8.   Gan dochar d’fhorálacha eile an Chinnidh seo, íocfar na rannchuidithe laistigh de 30 lá tar éis sheoladh an ghlao ábhartha ar rannchuidithe, cé is moite den chéad ghlao ar rannchuidithe do bhuiséad bliana airgeadais nua, ina mbeidh spriocdháta le haghaidh íocaíochta 40 lá tar éis sheoladh an ghlao ábhartha ar rannchuidithe.

9.   Déanfar aon chuid a úsáidtear de na réamh-rannchuidithe leis na híostaiscí a athshlánú trí rannchuidiú na mBallstát ábhartha a mhéadú sa chéad ghnáthghlao eile ar rannchuidithe, mura rud é go mbeidh a rannchuidiú athshlánaithe acu roimhe sin. Má tá gá le dul i muinín na híostaisce agus mura bhfuil a rannchuidiú athshlánaithe ag na Ballstáit lena mbaineann idir an dá linn, íocfaidh siad an méid is gá, más ann, laistigh de 5 lá, de bhun phointe (b) d’Airteagal 28 (3).

10.   Féadfaidh aon Bhallstát a dhéanann rannchuidiú roimh ré le híostaisce údarú a thabhairt don riarthóir freagrach suas le 75 % den rannchuidiú sin a úsáid chun a rannchuidiú le hoibríocht nó beart cúnaimh a chumhdach. Sa chás sin, athshlánóidh an Ballstát lena mbaineann an rannchuidiú a íocadh roimh ré laistigh de 90 lá tar éis don riarthóir freagrach glao a sheoladh.

11.   Ach a gcuirfear an dréachtbhuiséad faoi bhráid an Choiste, féadfaidh gach riarthóir luathghlao a eisiúint ar rannchuidithe le leithreasuithe a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí roimh dheireadh na bliana airgeadais reatha do Bhallstáit a bhfuil nósanna imeachta buiséadacha agus airgeadais acu nach gceadaíonn dóibh a rannchuidiú a íoc laistigh de na spriocdhátaí a leagtar síos, mar íocaíocht ar chuntas ar na rannchuidithe le haghaidh bhuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

12.   Íocfaidh gach Ballstát is rannchuiditheoir agus gach tríú Stát na muirir bhainc i ndáil lena rannchuidiú féin a íoc.

13.   Tabharfaidh na riarthóirí admháil fála i leith na rannchuidithe a d’iarr siad.

14.   I gcás ina mbeidh aisíocaíochtaí dlite, agus nach féidir iad a dhéanamh go hiomlán trí asbhaint ó na rannchuidithe atá dlite don tSaoráid, aisíocfar leis na Ballstáit lena mbaineann iad laistigh de 30 lá.

Airteagal 30

Bainistiú arna dhéanamh ag an tSaoráid ar rannchuidithe deonacha airgeadais

1.   I gcomhréir le forálacha ábhartha an chreata dlí lena rialaítear oibríocht nó beart cúnaimh, agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála glacadh leis, féadfaidh an Coiste a údarú go gcuirfear de chúram ar an tSaoráid bainistiú riaracháin rannchuidithe dheonaigh airgeadais ó Bhallstát nó ó thríú páirtí. Féadfar rannchuidiú deonach airgeadais den sórt sin a chur in áirithe do thionscadal ar leith chun tacú leis an oibríocht nó leis an mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar na costais riaracháin a bhaineann le bainistiú an rannchuidithe dheonaigh a chumhdach go díreach leis an rannchuidiú deonach féin, mura gcinnfidh an Coiste a mhalairt.

3.   Ar fhormheas a fháil ón gCoiste, déanfaidh an riarthóir cuí na socruithe riaracháin is gá a thabhairt i gcrích, leis an mBallstát nó an tríú páirtí lena mbaineann, lena sainítear cuspóir an rannchuidithe dheonaigh, na costais a chumhdófar léi agus bainistiú an rannchuidithe dheonaigh.

4.   Ní fhéadfar aon rannchuidiú deonach a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a soláthraíodh don tSaoráid í, mar a leagtar amach sa socrú riaracháin leis an mBallstát nó leis an tríú páirtí lena mbaineann.

5.   Áiritheoidh an riarthóir lena mbaineann go gcomhlíonann bainistiú rannchuidithe deonacha na socruithe riaracháin ábhartha. Soláthróidh an riarthóir do gach rannchuiditheoir, go díreach nó tríd an gceannasaí oibríochta i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistiú an rannchuidithe dheonaigh mar a comhaontaíodh sa socrú riaracháin is infheidhme.

Airteagal 31

Ús ar íocaíocht dhéanach

1.   Mura ndéanfaidh Ballstát nó tríú páirtí íocaíocht leis an tSaoráid faoin dáta dlite, muirearófar ús ar íocaíocht dhéanach ag ráta atá comhionann le príomhráta athmhaoiniúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh le méadú 3,5 pointe céatadáin.

2.   Ní ghearrfar ús ar bith nuair a bhíonn an íocaíocht níos lú ná 30 lá déanach. Gearrfar ús ar thréimhse iomlán na moille nuair a bhíonn an íocaíocht níos mó ná 30 lá déanach.

CAIBIDIL 5

Cur chun feidhme

Airteagal 32

Na prionsabail

1.   Bainfear leas as leithreasuithe na Saoráide i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, eadhon prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

2.   Beidh oifigigh údarúcháin freagrach as ioncam agus caiteachas na Saoráide a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht.

D’fhonn caiteachas a chur chun feidhme:

(a)

déanfaidh na hoifigigh údarúcháin gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, lena n-áirítear trí chonarthaí a shíniú thar ceann na Saoráide,

(b)

déanfaidh siad caiteachas a bhailíochtú, íocaíochtaí a údarú agus

(c)

na céimeanna is gá maidir le cur chun feidhme na leithreasuithe a ghlacadh ar láimh.

3.   Féadfaidh oifigeach údarúcháin a chuid nó a cuid dualgas a tharmligean le cinneadh lena gcinntear an méid seo a leanas:

(a)

na baill foirne ar leibhéal iomchuí a gheobhaidh an tarmligean úd;

(b)

méid na gcumhachtaí a thabharfar; agus

(c)

an raon feidhme do thoscaireachtaí chun a gcuid cumhachtaí a fho-tharmligean.

4.   Áiritheofar cur chun feidhme na leithreasuithe i gcomhréir leis an bprionsabal go mbeidh dualgais an oifigigh údarúcháin leithscartha ó dhualgais an oifigigh cuntasaíochta. Beidh dualgais an oifigigh údarúcháin agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta comheisiach ar a chéile.

Airteagal 33

Modhanna cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an ceannasaí oibríochta maoiniú na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríocht chun feidhme thar ceann na Saoráide nuair atá sé nó sí in oifig, nó déanfaidh an riarthóir um oibríochtaí é, ina cháil nó ina cáil mar oifigeach údarúcháin.

2.   Féadfar beart cúnaimh a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Sa chás ina gcuirtear beart cúnaimh chun feidhme trí bhainistíocht indíreach, féadfaidh an Chomhairle na gníomhaithe cur chun feidhme a ainmniú as ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(a)

Aireachtaí nó ranna rialtais na mBallstát nó a gcomhlachtaí agus a ngníomhaireachtaí eile dlí phoiblí nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go dtugtar ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh;

(b)

eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht réigiúnach, nó a gcomhlachtaí agus a ngníomhaireachtaí;

(c)

tríú Stát nó a chomhlachtaí agus a ghníomhaireachtaí dlí phoiblí, ar choinníoll nach sáraíonn an tríú Stát sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a mBallstát agus go n-urramaíonn sé an dlí idirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabal an dea-chaidrimh idir comharsanachta leis na Ballstáit;

(d)

Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu.

3.   I gcásanna eisceachtúla, féadfar eintitis nach dtagann faoi na catagóirí atá liostaithe thuas a ainmniú mar ghníomhaithe cur chun feidhme, tar éis don riarthóir daingniú a fháil i gcomhréir le mír 5, ar choinníoll go gcuirfear an beart cúnamh chun feidhme i gcomhchuibheas le pointe (c) de mhír 2.

4.   Féadfaidh an tairbhí nó na comhlachtaí atá ainmnithe ag an tairbhí bearta cúnaimh a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach freisin. Sa chás sin, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le gníomhaithe cur chun feidhme sa Chinneadh seo maidir le tairbhithe nó comhlachtaí den sórt sin mar ghníomhaithe cur chun feidhme.

5.   Gan dochar d’Airteagal 56 (3) agus d’Airteagal 66(8), tabharfaidh an riarthóir comhairle, ag céim ullmhúcháin an bhirt cúnaimh, maidir le hacmhainneacht na ngníomhaithe féideartha cur chun feidhme, an beart cúnaimh, nó codanna de, a chur chun feidhme i gcomhréir le Caibidil 9a agus i gcás inarb ábhartha, maidir le hacmhainneacht faighteora deontais arna dhámhachtain gan glao ar thograí chun an deontas a chur chun feidhme. Ainmneoidh an Chomhairle gníomhaí cur chun feidhme nó faighteoir deontais, tar éis don riarthóir daingniú a fháil go bhfuil an acmhainneacht sin ag an ngníomhaí cur chun feidhme nó ag an bhfaighteoir deontais. Mura féidir an acmhainneacht sin a dhaingniú, cuirfidh an riarthóir aon bhealaí eile chun an beart a chur chun feidhme in iúl don Chomhairle. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an riarthóir an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar theorainneacha sonracha ar acmhainneacht na ngníomhaithe féideartha cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 66 (6).

6.   Féadfaidh oibríocht bearta cúnaimh a chur chun feidhme freisin go hiomlán nó go páirteach de réir mar a chinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 60, go háirithe d’fhonn cúnamh comhtháite a sholáthar, lena n-áirítear oiliúint mhíleata, comhairle, tacaíocht ábharach a chur ar fáil agus faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann an tairbhí aisti.

7.   Ballstát, institiúid de chuid an Aontais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht réigiúnach nó gníomhaí eile a gcuirtear de chúram air cur chun feidhme caiteachais oibríochta arna maoiniú faoin tSaoráid, cuirfidh sé i bhfeidhm na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme a chaiteachais féin. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh gníomhaí cur chun feidhme birt cúnaimh na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme a chaiteachais féin a chur i bhfeidhm faoi réir an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 66. I gcás dibhéirseachtaí substainteacha idir na rialacha sin, de pháirt amháin agus forálacha an Chinnidh seo ar thaobh amháin agus na rialacha arna nglacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6), ar an dtaobh eile, beidh tosaíocht ag an dá cheann dheireanacha sin. Chuige sin, féadfaidh an riarthóir freagrach na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh chun cosaint leordhóthanach leasanna airgeadais na Saoráide a ráthú.

Airteagal 34

Cuntais bhainc

1.   Aon chuntas bainc a bheidh ag an tSaoráid, osclófar é in institiúid iontaofa lena ceannoifig i mBallstát agus cuntas reatha nó gearrthéarma in euro a bheidh ann.

2.   Mar sin féin, i gcás inar gá sin de bharr na n-imthosca agus tar éis formheas a fháil ón riarthóir lena mbaineann, féadfar cuntais a oscailt in institiúidí airgeadais ag a bhfuil ceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach agus in airgeadraí seachas an euro.

3.   Ní féidir aon chuntas bainc de chuid na Saoráide a rótharraingt.

4.   Íocfar rannchuidithe na mBallstát isteach i gcuntais bhainc thiomnaithe. Úsáidfear na rannchuidithe sin chun an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

na réamhíocaíochtaí riachtanacha le ceannasaithe oibríochta chun caiteachas a bhaineann le costais choiteanna oibríochtaí a chur chun feidhme agus chun na híocaíochtaí riachtanacha a íoc le costas na mbeart cúnaimh nó aon chuid díobh ar oibríochtaí a chuireann chun feidhme iad; agus

(b)

na híocaíochtaí riachtanacha le gníomhaithe cur chun feidhme agus le soláthróirí is gá le haghaidh bearta cúnaimh.

5.   Na rannchuidithe de bhun costais a sheasann an náisiún agus de bhun rannchuidithe deonacha, íocfar iad isteach i gcuntais bhainc thiomnaithe. Úsáidfear iad chun an caiteachas a chur chun feidhme ar cuireadh a riar de chúram ar an tSaoráid.

Airteagal 35

Soláthar

1.   I gcás soláthar arna chur chun feidhme faoin tSaoráid go díreach nó trí oibríocht, is trí chonarthaí a thabharfar i gcrích thar ceann na Saoráide a dhéanfar an soláthar sin a bheidh le maoiniú nó le réamh-mhaoiniú tríd an tSaoráid chun soláthar sócmhainní sochorraithe nó dochorraithe a fháil, ach praghas a íoc, trí cheannach, léas, fáil ar cíos nó fruilcheannach, leis an rogha iad a cheannach nó gan, chomh maith le soláthar seirbhísí nó cur i gcrích oibreacha.

2.   Beidh na nósanna imeachta soláthair dírithe, trí iomaíocht chothrom oscailte, ar an soláthar is éifeachtúla a áirithiú a bheidh ag teacht le riachtanais na n-oibríochtaí nó na mbeart cúnaimh.

3.   Áireofar sna rialacha arna nglacadh ag an gCoiste um an tSaoráid de bhun Airteagal 11(6) maidir le cur chun feidhme caiteachais arna mhaoiniú tríd an tSaoráid, forálacha lena mbunófar nósanna imeachta don soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 36

Deontais

1.   Féadfar bearta cúnaimh a chur chun feidhme trí dheontais arna ndámhachtain le glao ar thograí nó gan glao ar thograí.

2.   Áireofar sna rialacha arna nglacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6) maidir le cur chun feidhme an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid forálacha maidir le deontais a dhámhachtain agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear sna cásanna cuí-réasúnaithe inar féidir deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí. Áiritheofar leis na forálacha sin go ndéanfaidh an riarthóir maoirseacht dhian le linn chur chun feidhme na ndeontas agus cuirfear san áireamh leo go háirithe na rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an riarthóir i gcásanna bainistíochta dírí.

Airteagal 37

Socruithe riaracháin chun soláthar nó tacaíocht fhrithpháirteach sa todhchaí a éascú

1.   Féadfaidh an tSaoráid socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit, le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith le tríú Stáit, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí réigiúnacha agus lena ngníomhaireachtaí chun soláthar sa todhchaí nó gnéithe airgeadais na tacaíochta frithpháirtí a éascú, nó an dá rud, ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir.

2.   Maidir leis na socruithe riaracháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)

beidh siad faoi réir comhairliúchán roimh ré arna dhéanamh ag an gCoiste má thugtar i gcrích iad leis na Ballstáit, le hinstitiúidí de chuid an Aontais, nó le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid Ballstáit nó de chuid an Aontais;

(b)

cuirfear faoi bhráid an Choiste iad lena bhformheas roimh ré má thugtar i gcrích iad le tríú Stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí réigiúnacha.

3.   Is é an riarthóir freagrach, nó de réir mar is iomchuí, an ceannasaí oibríochta lena mbaineann, ag feidhmiú thar ceann na Saoráide, agus údaráis riaracháin inniúla na bpáirtithe eile dá dtagraítear i mír 1, a shíneoidh na socruithe riaracháin dá dtagraítear i mír 1.

4.   Féadfar creatchonarthaí a thabhairt i gcrích chun soláthar a éascú ar an mbealach is costéifeachtaí. Cuirfear creatchonarthaí faoi bhráid an Choiste lena bhformheas sula síneoidh an riarthóir freagrach iad. Féadfaidh na Ballstáit agus ceannasaithe oibríochta úsáid a bhaint as creatchonarthaí más mian leo. Má thugann an tSaoráid creatchonarthaí i gcrích, ní bheidh sé sin ina oibleagáid ar aon Bhallstát nach bhfuil ina pháirtí ann earraí agus seirbhísí a fháil ar bhonn na gconarthaí sin.

CAIBIDIL 6

Tuarascálacha airgeadais, cuntais agus iniúchadh

Airteagal 38

Tuarascálacha airgeadais rialta don Choiste

Gach 3 mhí, le tacaíocht ón oifigeach cuntasaíochta freagrach agus ó na ceannasaithe oibríochta, cuirfidh gach riarthóir tuarascáil faoi bhráid an Choiste ar chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a thagann faoina fhreagracht nó faoina freagracht ó thús na bliana airgeadais, mar aon le tuarascáil sreabhaidh airgid agus tuarascáil ar an íostaisce chomhfhreagrach.

Airteagal 39

Cuntais

1.   Coimeádfaidh gach oifigeach cuntasaíochta na cuntais ar na rannchuidithe a iarrfar agus na haistrithe cistí a thagann faoina fhreagracht nó faoina freagracht. Tarraingeoidh an t-oifigeach cuntasaíochta suas freisin na cuntais i leith an chaiteachais agus an ioncaim arna gcur chun feidhme faoi fhreagracht dhíreach an riarthóra lena mbaineann.

2.   Agus tacaíocht ó cheannasaithe oibríochta aige nó aici, tarraingeoidh an t-oifigeach cuntasaíochta d’oibríochtaí suas na cuntais bhliantúla le haghaidh oibríochtaí agus le haghaidh na mbeart cúnaimh nó aon chuid díobh arb é oibríochtaí a chuireann chun feidhme iad. Tarraingeoidh an t-oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh suas na cuntais bhliantúla le haghaidh bearta cúnaimh le tacaíocht ó ghníomhaithe cur chun feidhme.

Airteagal 40

Rialacha ginearálta is infheidhme maidir le rialuithe

1.   Déanfaidh an tSaoráid, trí bhíthin a hionadaithe nó trí bhíthin na gcomhlachtaí rialaithe nó iniúchóireachta is féidir léi a ainmniú, seiceálacha ar an láthair ar na hoibríochtaí agus ar na gníomhaithe cur chun feidhme, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar mar is cuí na rialacha arna mbunú leis an gCinneadh seo agus le cinntí an Choiste agus go gcomhlíonfar na forálacha sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na gníomhaithe cur chun feidhme.

2.   Na daoine atá freagrach as ioncam agus caiteachas na Saoráide a iniúchadh, beidh imréiteach faighte acu, sula gcomhlíonfaidh siad a gcúram, maidir le rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe suas chuig leibhéal “SECRET UE/EU SECRET” nó imréiteach coibhéiseach ó Bhallstát nó ó ECAT, de réir mar is iomchuí. Áiritheoidh na daoine sin go n-urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus go gcosnóidh siad na sonraí a bhfaighidh siad eolas orthu le linn a gcúraim iniúchóireachta, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí sin.

3.   Na daoine atá freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas na Saoráide, beidh rochtain acu gan mhoill agus gan fógra a thabhairt roimh ré ar na doiciméid agus inneachar na dtacaíochtaí sonraí uile a bhaineann leis an ioncam agus an caiteachas sin, agus ar an áitreabh ina gcoimeádtar na doiciméid agus na tacaíochtaí sin. Féadfaidh siad cóipeanna díobh a dhéanamh. Na daoine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas na Saoráide, tabharfaidh siad an cúnamh is gá do na riarthóirí agus do na daoine atá freagrach as iniúchadh an ioncaim agus an chaiteachais sin agus a gcúram á chomhlíonadh acu.

4.   Má bhraitear neamhrialtachtaí a mbaineann caillteanas airgeadais leo, glacfaidh an tSaoráid na bearta is gá leis an oibríocht, leis an ngníomhaí cur chun feidhme nó leis an soláthróir lena mbaineann chun aisghabháil nó aisíoc na méideanna lena mbaineann a áirithiú.

Airteagal 41

Iniúchóireacht inmheánach ar an tSaoráid

1.   Ar mholadh ón riarthóir um oibríochtaí agus tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ainmneoidh Ardrúnaí na Comhairle iniúchóir inmheánach agus ar a laghad leas-iniúchóir inmheánach amháin d’oibríochtaí. Ar mholadh ón riarthóir um bearta cúnaimh agus tar éis dó an Coiste a chur ar an eolas, ainmneoidh an tArdionadaí iniúchóir inmheánach um bearta cúnaimh.

2.   Ceapfar na hiniúchóirí inmheánacha ar feadh tréimhse 4 bliana, a bheidh inathnuaite go ceann tréimhse iomlán nach rachaidh thar 8 mbliana. Ní mór na cáilíochtaí gairmiúla éigeantacha agus ráthaíochtaí leordhóthanacha eile maidir le slándáil agus neamhspleáchas a bheith ag na hiniúchóirí inmheánacha. Ní fhéadfaidh na hiniúchóirí inmheánacha a bheith ina n-oifigigh údarúcháin nó ina n-oifigigh chuntasaíochta agus ní fhéadfaidh siad páirt a ghlacadh in ullmhú na ráiteas airgeadais a bhaineann leis an tSaoráid.

3.   Tuairisceoidh gach iniúchóir inmheánach don riarthóir atá freagrach maidir le bheith ag plé le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha a thabhairt faoi cháilíocht na gcóras bainistíochta agus rialaithe, agus trí mholtaí a thabhairt chun an bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn. Beidh na hiniúchóirí inmheánacha freagrach go háirithe as measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht na gcóras bainistíochta inmheánaí agus as feidhmiú na ranna ábhartha agus beartais á gcur chun feidhme agus cuspóirí á ngnóthú trí thagairt do na rioscaí a bhaineann leo.

4.   Comhlíonfaidh na hiniúchóirí inmheánacha a gcuid dualgas do na hábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí faoi seach maidir le gach roinn a bhfuil baint aici le bailiú ioncam na Saoráide nó le cur chun feidhme a cuid caiteachais.

5.   Déanfaidh gach iniúchóir inmheánach iniúchadh amháin nó níos mó le linn na bliana airgeadais de réir mar is iomchuí agus tuairisceoidh sé nó sí don riarthóir atá freagrach. Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach atá freagrach na ceannasaithe oibríochta, agus i gcás inarb iomchuí na gníomhaithe cur chun feidhme, ar an eolas maidir lena chuid nó lena cuid torthaí agus moltaí. Áiritheoidh gach riarthóir, do na hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, lena n-áirítear trí na treoracha is gá a eisiúint do cheannasaithe oibríochta agus do ghníomhaithe, go ndéanfar beart de réir na moltaí a thug sé nó sí mar thoradh ar na hiniúchtaí.

6.   Gach bliain, cuirfidh gach riarthóir tuarascáil faoi bhráid an Choiste ar an obair a rinneadh ar an iniúchadh inmheánach maidir le hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó a freagrachtaí, ina léireofar líon agus cineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh, na barúlacha a tugadh, na moltaí a rinneadh agus na bearta leantacha i ndáil leis na moltaí sin.

7.   Cuirfear imeachtaí agus tuarascálacha na n-iniúchóirí inmheánacha ar fáil do Choláiste na nIniúchóirí bunaithe de bhun Airteagail 42, i dteannta na ndoiciméad tacaíochta uile lena mbaineann.

Airteagal 42

Iniúchóireacht sheachtrach ar an tSaoráid

1.   Bunófar Coláiste Iniúchóirí. Déanfaidh an Coláiste Iniúchóirí iniúchadh ar an ioncam agus ar an gcaiteachas a eascróidh as cur chun feidhme an Chinnidh seo de bhun Airteagal 1(2), mar aon le cuntais bhliantúla na n-oibríochtaí agus na mbeart cúnaimh.

2.   Cinnfidh an Coiste líon na n-iniúchóirí is gá agus ceapfaidh sé comhaltaí an Choláiste Iniúchóirí ar feadh tréimhse suas le 3 bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin, as measc na n-iarrthóirí arna moladh ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coiste Speisialta sainordú comhalta a shíneadh suas le 6 mhí. Caithfidh na hiarrthóirí a bheith ina gcomhaltaí den chomhlacht iniúchóireachta náisiúnta is airde de chuid cheann de na Ballstáit, nó a bheith molta ag an gcomhlacht úd, agus ní mór ráthaíochtaí leordhóthanacha a bheith ag gabháil leo ó thaobh slándála agus neamhspleáchais.

3.   Féadfaidh an Coiste cúntóirí a cheapadh do chomhaltaí an Choláiste Iniúchóirí arna iarraidh sin don Choláiste Iniúchóirí. Ní mór ráthaíochtaí leordhóthanacha ó thaobh slándála agus neamhspleáchais a bheith ag gabháil leis na cúntóirí sin. Arna iarraidh sin don Choláiste Iniúchóirí, féadfaidh an Coiste a fhormheas go bhféadfaidh an Coláiste Iniúchóirí dul ar iontaoibh na tacaíochta seachtraí cáilithe chun iniúchadh a dhéanamh ar an tSaoráid.

4.   I rith na bliana airgeadais agus ex post freisin, seiceálfaidh an Coláiste Iniúchóirí trí bhíthin rialuithe ar an láthair maille le rialuithe ar na doiciméid tacaíochta, go gcuirtear chun feidhme an caiteachas arna mhaoiniú nó arna réamh-mhaoiniú trí bhíthin na Saoráide agus an Cinneadh seo agus na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 12(6), mar aon le reachtaíocht is infheidhme, idir reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí, á gcomhlíonadh aige, agus i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, eadhon prionsabail na barainneachta, na héifeachtachta agus na héifeachtúlachta, agus gur leor iad na rialuithe inmheánacha.

5.   I gcás chomhaltaí an Choláiste Iniúchóirí agus a gcúntóirí, leanfaidh a gcomhlacht iniúchóireachta tionscnaimh dá bpá a íoc leo; is í an tSaoráid a íocfaidh speansais a misin i gcomhréir leis na rialacha atá le glacadh ag an gCoiste, mar aon le costas na tacaíochta seachtraí cáilithe.

6.   Le linn a dtéarma oifige, déanfaidh comhaltaí an Choláiste Iniúchóirí agus a gcúntóirí an méid a leanas:

(a)

ní iarrfaidh ná ní bhfaighidh siad treoracha seachas treoracha ón gCoiste; laistigh dá shainordú, beidh Coláiste na nIniúchóirí agus a chomhaltaí go hiomlán neamhspleách agus is iad amháin a bheidh freagrach as stiúradh a n-iniúchta sheachtraigh;

(b)

ní thuairisceoidh siad faoina gcúraimí ach amháin chuig an gCoiste.

7.   Toghfaidh Coláiste na nIniúchóirí a chathaoirleach as a chomhaltaí féin gach bliain, nó cuirfidh sé síneadh le téarma oifige an Chathaoirligh reatha. Glacfaidh Coláiste na nIniúchóirí na rialacha is infheidhme maidir le hiniúchtaí arna gcur i gcrích ag a gcuid comhaltaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Formheasfaidh sé na tuarascálacha iniúchóireachta arna dtarraingt suas ag a gcomhaltaí féin sula gcuirtear faoi bhráid an riarthóra agus an Choiste iad.

8.   Féadfaidh na riarthóirí nó daoine arna gceapadh ag ceachtar de na riarthóirí sin, iniúchadh a dhéanamh aon tráth ar an gcaiteachas a mhaoinítear tríd an tSaoráid. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste, ar bhonn moladh ó cheachtar de na riarthóirí nó ó Bhallstát, iniúchóirí seachtracha breise a cheapadh aon tráth, ar bhonn ad hoc, agus is é an Coiste a chinnfidh a gcúraimí agus a gcoinníollacha seirbhíse siúd.

Airteagal 43

Cuntais bhliantúla agus olltoradh buiséid a thíolacadh

1.   Déanfaidh gach oifigeach cuntasaíochta ón tSaoráid, le cúnamh ón riarthóir atá freagrach, dréachtchuntais bhliantúla na Saoráide do na hábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí a bhunú agus a sholáthar do Choláiste na nIniúchóirí faoin 15 Bealtaine tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Úsáidfidh an t-oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí na cuntais arna soláthar ag na ceannasaithe oibríochtaí, lena n-áirítear cuntais na mbeart cúnaimh nó cuntais aon choda díobh a chuir an oibríocht chun feidhme. Úsáidfidh an t-oifigeach cuntasaíochta um bearta cúnaimh na cuntais arna soláthar ag na gníomhaithe cur chun feidhme. Faoin dáta céanna, soláthróidh gach oifigeach cuntasaíochta don Choiste barrachas buiséid na bliana airgeadais le haghaidh gach teideal sa bhuiséad a bhfuil sé nó sí freagrach as. Soláthróidh gach riarthóir don Choiste tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí do na hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí faoi seach.

2.   Ar bhonn na hoibre iniúchóireachta arna déanamh, lena n-áirítear an tacaíocht sheachtrach cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 42(3), soláthróidh Coláiste na nIniúchóirí a cuid nó a chuid torthaí iniúchóireachta maidir lena gcuntais faoi seach do gach oifigeach cuntasaíochta agus do gach ceannasaí oibríochta faoin 15 Iúil.

3.   Tarchuirfidh gach oifigeach cuntasaíochta, le cúnamh ón riarthóir atá freagrach, cuntais bhliantúla iniúchta deiridh na Saoráide do na hábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí nó lena freagrachtaí, chuig an gCoiste faoin 30 Meán Fómhair.

4.   Soláthróidh Coláiste na nIniúchóirí a thuarascáil iniúchóireachta, lena n-áirítear an tuairim iniúchóireachta, faoin 30 Meán Fómhair, tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Scrúdóidh an Coiste an tuarascáil iniúchóireachta, an tuairim iniúchóireachta agus na cuntais bhliantúla d’fhonn urscaoileadh a dheonú do gach riarthóir agus do gach ceannasaí oibríochta.

5.   Coinneofar doiciméid tacaíochta do chuntais bhliantúla na Saoráide, ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta ar deonaíodh an t-urscaoileadh comhfhreagrach. Nuair a chuirfear deireadh leis an oibríocht, áiritheoidh ceannasaí na hoibríochta go dtarchuirfear na doiciméid tacaíochta ar fad, lena n-áirítear doiciméid maidir le cur chun feidhme aon bhirt chúnaimh nó aon chuid de a chuir an oibríocht chun feidhme, chuig an riarthóir le haghaidh oibríochtaí.

6.   An t-olltoradh buiséid do bhliain airgeadais dá formheasadh na cuntais, cinnfidh an Coiste é a iontráil sa bhuiséad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin mar ioncam nó mar chaiteachas, ag brath ar na himthosca. Féadfaidh an Coiste a chinneadh, áfach, sula bhformheasfar na cuntais mar sin, meastachán den olltoradh buiséid a iontráil, ach an tuairim iniúchóireachta a bheith faighte aige ó Choláiste na nIniúchóirí. Tíolacfaidh an riarthóir atá freagrach na buiséid leasaitheacha is gá agus aird á tabhairt ar thabhairt anonn cistí.

7.   Mura féidir aisíocaíocht a dhéanamh go hiomlán trí asbhaint ó na rannchuidithe atá dlite don tSaoráid, aisíocfar iarmhéid olltoradh an bhuiséid leis na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le heochair OIN de chuid na bliana aisíocaíochta.

TEIDEAL III

NA RIALACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hOIBRÍOCHTAÍ

CAIBIDIL 7

Costais choiteanna agus costais a sheasann an náisiún

Airteagal 44

Costais chomhpháirteacha agus tréimhsí incháilitheachta a shainmhíniú

1.   Íocfaidh an tSaoráid na costais choiteanna a liostaítear in Iarscríbhinn III le linn na céime ullmhúcháin d’oibríocht, a mhairfidh ó fhormheas choincheap an bhainistithe géarchéime go dtí go gceapfar an ceannasaí oibríochta. In imthosca ar leith, tar éis dul i gcomhairle leis an CPS, féadfaidh an Coiste síneadh ama a chur leis an tréimhse a n-íocfaidh an tSaoráid na costais sin lena linn.

2.   Le linn na céime gníomhaí d’oibríocht, a mhairfidh ón dáta a cheapfar an ceannasaí oibríochta go dtí an lá a scoirfidh an cheanncheathrú oibríochta dá gníomhaíocht, íocfaidh an tSaoráid na costais seo a leanas mar chostais choiteanna:

(a)

na costais choiteanna a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV;

(b)

na costais choiteanna a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV, má chinneann an Chomhairle amhlaidh;

(c

) na costais choiteanna a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn IV, i gcás ina n-iarrann an ceannasaí oibríochta amhlaidh agus má fhormheasann an Coiste é.

3.   Áireofar freisin le costais choiteanna le haghaidh oibríochta an caiteachas is gá chun í a fhoirceannadh, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V.

4.   Foirceannfar oibríocht an Aontais nuair a bheidh an trealamh agus an bonneagar arna gcómhaoiniú le haghaidh na hoibríochta sin ina gceann scríbe deiridh agus nuair a fhormheasfar cuntais na hoibríochta.

5.   Beidh na costais choiteanna teoranta do chostais incriminteacha, eadhon costais nach costais iad a sheasfadh, in aon chás, Ballstát is rannchuiditheoir amháin nó níos mó, nó tríú Stáit, institiúid de chuid an Aontais nó eagraíocht idirnáisiúnta, neamhspleách ar eagraíocht oibríochta de chuid an Aontais.

6.   Féadfaidh an Comhairle a chinneadh i gcinntí lena mbunaítear nó lena gcuirtear síneadh le hoibríochtaí go gcaithfear le costais incriminteacha áirithe, sa bhreis ar na costais a cháilíonn mar chostais choiteanna an tráth sin, mar chostais choiteanna i leith oibríocht áirithe.

7.   Sa bhreis ar a chumhacht faoi phointe (b) de mhír 2, féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, i bhfianaise na n-imthosca ar leith, go gcaithfear le costais incriminteacha áirithe sa bhreis orthu sin a liostaítear in Iarscríbhinní II go V mar chostais choiteanna i leith oibríocht áirithe.

Airteagal 45

Freachnaimh

1.   Maoineofar costais choiteanna le haghaidh fhreachnaimh an Aontais trí bhíthin na Saoráide de réir na rialacha agus na nósanna imeachta atá comhchosúil leo sin le haghaidh na n-oibríochtaí lena rannchuidíonn na Ballstáit uile seachas an Danmhairg.

2.   Beidh na costais choiteanna freachnaimh sin comhdhéanta, ar an gcéad dúl síos, de chostais incriminteacha i ndáil le ceanncheathrú in-imscartha nó ceanncheathrú bhuan agus, ar an dara dul síos, de chostais incriminteacha arna dtabhú ag an Aontas a théann ar iontaoibh shócmhainní coiteanna agus acmhainní ECAT nuair a chuirtear ar fáil le haghaidh freachnaimh iad.

3.   Ní áireofar le costais choiteanna freachnaimh na costais a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

fáltais chaipitiúla, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le foirgnimh, bonneagar agus trealamh;

(b)

céim phleanála agus réamhullmhúcháin na bhfreachnamh, mura bhformheasfaidh an Coiste iad;

(c)

iompar, beairic agus lóistín le haghaidh fórsaí.

Airteagal 46

Méid tagartha le haghaidh oibríochta

Aon chinneadh ón gComhairle lena gcinnfear oibríocht a bhunú nó a shíneadh, beidh méid tagartha i leith chostais choiteanna na hoibríochta sin ann. Déanfaidh an riarthóir oibríochtaí, le tacaíocht go háirithe ó Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, agus an ceannasaí oibríochta má tá sé nó sí in oifig, meastóireacht ar an méid a mheastar a bheith riachtanach chun costais choiteanna na hoibríochta a chumhdach le haghaidh na tréimhse atá beartaithe. Tarchuirfidh an riarthóir oibríochtaí an méid atá beartaithe d’Uachtaránacht na Comhairle lena scrúdú ag comhlacht ullmhúcháin na Comhairle atá freagrach as an dréachtchinneadh a scrúdú. Tabharfar cuireadh do chomhaltaí an Choiste chuig pléití an chomhlachta sin maidir leis an méid tagartha.

Airteagal 47

Aisíocaíocht an réamh-mhaoinithe

1.   Ballstát, tríú Stát, nó de réir mar is iomchuí, eagraíocht idirnáisiúnta arna húdarú ag an gComhairle chun cuid de na costais choiteanna le haghaidh oibríochta a réamh-mhaoiniú, féadfaidh siad aisíocaíocht a fháil ón tSaoráid ach iarratas a dhéanamh a mbeidh na doiciméid tacaíochta riachtanacha ag gabháil leis agus a dhíreofar chuig an riarthóir um oibríochtaí tráth nach déanaí ná 2 mhí, ar a dhéanaí, tar éis dháta críochnaithe na hoibríochta lena mbaineann.

2.   Ní féidir iarratas ar bith ar aisíocaíocht a shásamh murar fhormheas an ceannasaí oibríochta, má tá sé nó sí fós in oifig, agus an riarthóir um oibríochtaí é.

3.   Má fhormheasfar iarratas ar aisíocaíocht arna thíolacadh ag Ballstát is rannchuiditheoir nó tríú Stát, féadfar é a asbhaint ón gcéad ghlao eile ar rannchuidithe a dhíríonn an riarthóir um oibríochtaí chuig an Stát sin.

4.   Mura mbítear ag súil le glao ar bith ar rannchuidithe nuair a fhormheastar an t-iarratas, nó dá sáródh an t-iarratas formheasta ar aisíocaíocht an rannchuidiú a bhfuil súil léi, déanfaidh an riarthóir um oibríochtaí íocaíocht den mhéid a bheidh le haisíoc laistigh de 30 lá, ag cur san áireamh sreabhadh airgid na Saoráide agus an méid is gá chun costais choiteanna na hoibríochta lena mbaineann a mhaoiniú.

5.   Beidh aisíocaíocht dlite i gcomhréir leis an gCinneadh seo fiú amháin má chuirtear an oibríocht atá beartaithe ar ceal.

6.   Áireofar leis an aisíocaíocht an t-ús a thuilltear ar an méid a chuirtear ar fáil tríd an réamh-mhaoiniú.

Airteagal 48

Bainistiú arna dhéanamh ag an tSaoráid ar chaiteachas nach n-áirítear sna costais choiteanna (costais a sheasann an náisiún)

1.   Féadfaidh an Coiste, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí, le cúnamh ón gceannasaí oibríochta, nó ó Bhallstát, a chinneadh go gcuirfear bainistiú riaracháin caiteachais áirithe i ndáil le hoibríocht (“costais a sheasann an náisiún”) de chúram ar an tSaoráid cé go leanfaidh sé de bheith mar fhreagracht ar an mBallstát lena mbaineann sí.

2.   Féadfaidh an Coiste, ina chinneadh, a údarú don cheannasaí oibríochta conarthaí a dhéanamh thar ceann na mBallstát a thugann pearsanra nó sócmhainní d’oibríocht, agus i gcás inarb iomchuí, thar ceann tríú páirtithe, le haghaidh na seirbhísí agus na soláthairtí a fháil a bheidh le maoiniú mar chostais a sheasann an náisiún.

3.   Déanfaidh an Coiste, ina chinneadh, na socruithe maidir le bainistiú na gcostas a sheasann an náisiún, lena n-áirítear a réamh-mhaoiniú agus i gcás inarb iomchuí fad údarú an cheannasaí oibríochta.

4.   Maidir leis na costais a sheasann an náisiún agus a chuirtear de chúram ar an tSaoráid agus a bhíonn arna dtabhú ag gach Ballstát agus, i gcás inarb iomchuí, ag tríú páirtithe, coinneoidh an tSaoráid cuntais orthu sin. Gach mí, seolfaidh an riarthóir um oibríochtaí ráiteas chuig gach Ballstát agus i gcás inarb iomchuí, chuig na tríú páirtithe sin, faoin gcaiteachas a thabhaigh siad nó a thabhaigh a gcuid foirne le linn na míosa roimhe sin, agus glaofaidh sé ar na cistí is gá chun íoc as an gcaiteachas sin. Íocfaidh na Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí, na tríú páirtithe sin, na cistí riachtanacha leis an tSaoráid laistigh de 30 lá tar éis sheoladh an ghlao ar chistí.

Airteagal 49

Bainistíocht na Saoráide ar réamh-mhaoiniú agus ar chaiteachas nach n-áirítear le costais choiteanna chun imscaradh tosaigh na bhfórsaí chuig oibríocht a éascú

1.   De réir mar is gá faoi imthosca oibríochtúla sonracha, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí, le cúnamh ón gceannasaí oibríochta, nó ó Bhallstát, féadfaidh an Coiste a chinneadh go gcuirfear réamh-mhaoiniú agus bainistiú riaracháin caiteachais áirithe i ndáil le hoibríocht de chúram ar an tSaoráid, cé go leanfaidh siad de bheith mar fhreagracht ar an mBallstát lena mbaineann sí, chun imscaradh tosaigh na bhfórsaí d’oibríocht a éascú, sula ndaingneofar na Ballstáit a thabharfaidh pearsanra nó sócmhainní don oibríocht.

2.   Déanfar bainistiú na gcostas sin leis na modhanna agus na hacmhainní reatha, agus cuirfear uasteorainn leis an eisíocaíocht tosaigh ag 20 % den mhéid tagartha. Sa chás sin, tabharfaidh an Coiste achoimre ina chinneadh ar na socruithe maidir le réamh-mhaoiniú agus aisíoc na méideanna réamh-mhaoinithe a dhéanfaidh Ballstáit agus tríú páirtithe a thabharfaidh pearsanra nó sócmhainní don oibríocht.

Airteagal 50

Costais choiteanna arna dtabhú san ullmhúchán le haghaidh oibríochtaí, nó sa bhreis orthu, nó nach bhfuil nasctha go díreach le hoibríocht ar leith

Comhlíonfaidh an riarthóir um oibríochtaí dualgais an oifigigh údarúcháin maidir le caiteachas lena gcumhdaítear na costais choiteanna arna dtabhú le linn na céime ullmhúcháin, agus tar éis dheireadh chéim ghníomhach na n-oibríochtaí, mar aon leis na costais choiteanna nach féidir a nascadh go díreach le hoibríocht ar leith.

Airteagal 51

Costais choiteanna le linn céim ghníomhach oibríochta

1.   Comhlíonfaidh an ceannasaí oibríochta dualgais oifigigh údarúcháin maidir le caiteachas lena gcumhdaítear na costais choiteanna arna dtabhú le linn céim ghníomhach na hoibríochta atá faoina cheannas nó faoina ceannas.

2.   De mhaolú ar Airteagal 17(6), má ghlacann an Chomhairle méid tagartha beidh sé de cheart ag an riarthóir um oibríochtaí agus ag an gceannasaí oibríochta, an dá cheann ina réimsí inniúlachta féin, speansais le haghaidh na hoibríochta lena mbaineann a ghealladh agus a íoc, suas le 30 % den mhéid tagartha, ach amháin má chinneann an Chomhairle céatadán éagsúil.

3.   Féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí nó ón gceannasaí oibríochta, agus an riachtanas agus an phráinn oibríochtúil á gcur san áireamh, go bhféadfar caiteachas breise a ghealladh, agus a íoc, de réir mar is iomchuí. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin a thuilleadh tar éis ghlacadh an bhuiséid le haghaidh na hoibríochta lena mbaineann.

4.   Le linn na tréimhse roimh ghlacadh an bhuiséid le haghaidh oibríochta, tuairisceoidh an riarthóir um oibríochtaí agus an ceannasaí oibríochta nó a ionadaí nó a hionadaí don Choiste gach mí, an dá cheann acu ag tuairisciú faoi na hábhair a bhaineann leis nó léi féin, maidir leis na costais atá incháilithe mar chostais choiteanna le haghaidh na hoibríochta sin. Féadfaidh an Coiste, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí, ón gceannasaí oibríochta nó ó Bhallstát, treoracha a eisiúint maidir le cur chun feidhme an chaiteachais le linn na tréimhse sin.

5.   Le linn na 3 mhí tar éis sheoladh na hoibríochta, agus má chinneann an ceannasaí oibríochtaí gur gá sin chun an oibríocht a reáchtáil mar is ceart, féadfaidh sé nó sí leithreasuithe a aistriú idir airteagail agus idir caibidlí sa teideal atá tiomnaithe don oibríocht. Cuirfidh sé nó sí an riarthóir um oibríochtaí agus an Coiste ar an eolas faoi sin.

6.   De mhaolú ar Airteagal 17(6), i gcás beatha an phearsanra a bhaineann le hoibríocht de chuid an Aontais a bheith i ngarbhaol báis, féadfaidh ceannasaí oibríochta na hoibríochta sin an caiteachas is gá a chur chun feidhme chun beatha an phearsanra sin a thabhairt slán, sa bhreis ar na leithreasuithe a iontráladh sa bhuiséad. Cuirfidh sé nó sí an riarthóir um oibríochtaí agus an Coiste ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir. I gcás den sórt sin, molfaidh an riarthóir um oibríochtaí, in idirchaidreamh leis an gceannasaí oibríochta, na haistrithe is gá a dhéanamh chun caiteachas den sórt sin gan choinne a mhaoiniú. Mura féidir cistiú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh an chaiteachais sin trí bhíthin aistrithe, molfaidh an riarthóir um oibríochtaí buiséad leasaitheach.

CAIBIDIL 8

Bainistiú cistí agus sócmhainní

Airteagal 52

Ceann scríbe deiridh an trealaimh agus an bhonneagair arna gcómhaoiniú

1.   Formheasfaidh an Coiste, ar mholadh ón riarthóir um oibríochtaí, ráta dímheasta don trealamh agus do na sócmhainní eile le haghaidh gach oibríochta. De réir mar is gá faoi imthosca oibríochtúla, agus ar fhormheas a fháil ón gCoiste, féadfaidh an ceannasaí oibríochta ráta dímheasta éagsúil a chur i bhfeidhm.

2.   D’fhonn oibríocht a fhoirceannadh, molfaidh an ceannasaí oibríochta don Choiste ceann scríbe don trealamh agus don bhonneagar arna gcómhaoiniú le haghaidh na hoibríochta sin.

3.   Bainisteoidh an riarthóir um oibríochtaí an trealamh agus an bonneagar a bheidh fágtha tar éis dheireadh na céime gníomhaí den oibríocht, d’fhonn ceann scríbe deiridh a aimsiú dóibh más gá.

4.   Formheasfaidh an Coiste ceann scríbe deiridh an trealaimh agus an bhonneagair arna gcómhaoiniú, agus riachtanais oibríochtúla agus critéir airgeadais á gcur san áireamh. Féadfaidh an ceann scríbe deiridh a bheith mar a leanas:

(a)

féadfar bonneagar a dhíol nó a aistriú tríd an tSaoráid chuig an tír óstach, Ballstát nó tríú páirtí;

(b)

féadfar trealamh a dhíol tríd an tSaoráid le Ballstát, leis an tír óstach nó le tríú páirtí, nó féadfaidh an tSaoráid, Ballstát nó tríú páirtí é a stóráil agus a chothabháil, le haghaidh a úsáide in oibríocht ina dhiaidh sin.

5.   Nuair a dhíolfar an trealamh agus an bonneagar, is ar a margadhluach a dhíolfar iad, nó nuair nach féidir margadhluach a chinneadh, díolfar iad ar phraghas cóir agus réasúnta, agus na coinníollacha áitiúla sonracha á gcur san áireamh.

6.   Is i gcomhréir leis na rialacha slándála ábhartha i bhfeidhm a dhíolfar leis an tír óstach nó le tríú páirtí iad nó a aistreofar chucu iad.

7.   Nuair a chinnfear go gcoinneoidh an tSaoráid an trealamh arna chómhaoiniú le haghaidh oibríochta, féadfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí cúiteamh airgeadais a iarraidh ó na Ballstáit eile seachas an Danmhairg. Glacfaidh an Coiste, na cinntí iomchuí, gan rannpháirtíocht na Danmhairge, ar bhonn moladh ón riarthóir um oibríochtaí.

Airteagal 53

Síniú comhpháirteach íocaíochtaí

Aon íocaíocht as cistí arna riar ag an tSaoráid le haghaidh oibríochtaí, nó le haghaidh bearta cúnaimh nó le haghaidh aon chuid díobh arb é an oibríocht a chuireann chun feidhme iad, teastóidh síniú comhpháirteach lena haghaidh ó oifigeach údarúcháin agus, ina theannta sin, ón oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí nó ó oifigeach cuntasaíochta in oibríocht.

Airteagal 54

Cuntasaíocht

1.   Coinneoidh gach ceannasaí oibríochta cuntas ar aistrithe cistí a gheofar ón tSaoráid, ar chaiteachas a gheall sé nó sí agus ar na híocaíochtaí a rinneadh agus an t-ioncam a fuarthas, chomh maith le fardal den mhaoin shochorraithe arna maoiniú le buiséad na Saoráide agus a úsáideadh le haghaidh na hoibríochta faoina cheannas nó faoina ceannas.

2.   Cuirfidh gach ceannasaí oibríochta na cuntais agus an fardal dá dtagraítear i mír 1ar fáil don oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí. Go háirithe, cuirfidh gach ceannasaí oibríochta gach faisnéis is gá chun na cuntais bhliantúla do na costais choiteanna agus na costais a sheasann na náisiúin agus bearta cúnaimh nó aon chuid díobh arb é an oibríocht a chuir chun feidhme iad, chomh maith leis an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí, a bhunú, ar fáil don oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí faoin 31 Márta tar éis dheireadh na bliana airgeadais, nó laistigh de 4 mhí tar éis dheireadh na hoibríochta a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi, cibé acu is luaithe.

3.   Leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir leis na cuntais agus fardail oibríochtaí a bhunú agus a sholáthar sa chinneadh ón gCoiste lena mbunaítear rialacha maidir le cur chun feidhme caiteachais arna mhaoiniú trí bhíthin na Saoráide de bhun Airteagal 11(6) agus sna treoirlínte cuntasaíochta agus na rialacha arna mbunú ag an oifigeach cuntasaíochta um oibríochtaí.

Airteagal 55

Iniúchóireacht

Tabharfaidh gach ceannasaí oibríochta rochtain iomlán ar an oibríocht a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi don riarthóir um oibríochtaí agus do na hiniúchóirí atá ag gníomhú don tSaoráid, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh, faisnéis agus sonraí.

TEIDEAL IV

NA RIALACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE BEARTA CÚNAIMH

CAIBIDIL 9

Cuspóirí, prionsabail agus nósanna imeachta chun bearta cúnaimh a ghlacadh

Airteagal 56

Cuspóirí agus prionsabail

1.   Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na mbeart cúnaimh:

(a)

na hacmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta agus athléimneacht tríú stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú;

(b)

rannchuidiú go pras agus go héifeachtach le freagairt mhíleata tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta i staid ghéarchéime;

(c)

rannchuidiú go héifeachtach agus go héifeachtúil le coinbhleachtaí a chosc, leis an gcobhsú agus le comhdhlúthú na síochána, lena n-áirítear i gcomhthéacs oibríochtaí le cúraimí oiliúna, comhairle agus meantóireachta in earnáil na slándála, agus i gcásanna eile réamhchoinbhleachta nó iarchoinbhleachta;

(d)

tacú le comhar, i réimse na slándála agus na cosanta, idir an tAontas agus tríú Stát nó eagraíocht réigiúnach nó idirnáisiúnta.

2.   Beidh na prionsabail seo a leanas mar bhonn taca leis na bearta cúnaimh:

(a)

ní mór dóibh a bheith i gcomhchuibheas le beartais agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais arb é is aidhm dóibh an tsíocháin a chothú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú;

(b)

caithfear dlí an Aontais agus beartais agus straitéis an Aontais a chomhlíonadh leo, go háirithe Creat Straitéiseach an Aontais chun tacú le hathchóiriú na hearnála slándála agus an cur chuige comhtháite maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, agus caithfear na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh leo freisin;

(c)

ní foláir dóibh lán-urraim a thabhairt d’oibleagáidí an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(d)

ní fhéadfaidh siad dochar a dhéanamh do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta Ballstáit agus ní fhéadfaidh siad leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a shárú.

3.   Aon bhearta cúnaimh a bhaineann le hítimí atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais a onnmhairiú nó a aistriú, urramóidh siad na prionsabail a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus ní dochar iad don nós imeachta a bheidh le leanúint ag na Ballstáit i ndáil leis an onnmhairiú nó leis an aistriú sin i gcomhréir leis an gComhsheasamh sin, lena n-áirítear maidir le measúnú. Ina theannta sin, ní dhéanfaidh na bearta cúnaimh sin difear do lánrogha na mBallstát maidir le beartas i ndáil le trealamh míleata a aistriú laistigh den Aontas agus a onnmhairiú.

4.   Beidh measúnú arna dhéanamh ón Ardionadaí, lena n-áirítear anailís ar íogaireacht agus comhthéacs coinbhleachta, measúnú ar riosca agus ar thionchar, ag gabháil le moltaí maidir le bearta cúnaimh, agus áireofar leo coimircí iomchuí, rialuithe, eilimintí maolaithe agus tionlacain agus socruithe maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, de bhun Airteagal 10a(3) agus na bprionsabal dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Chun an éifeachtacht agus an comhleanúnachas is gá a áirithiú, ba cheart, leis an anailís agus an measúnú sin, i gcás inarb infheidhme, tógáil ar an taithí atá faighte ag gníomhaithe an Aontais Eorpaigh ar an talamh. Cumhdófar na hábhair dá dtagraítear sa mhír seo freisin sna tuarascálacha rialta ón Ardionadaí chuig an gCoiste Polaitiúil agus Slándála maidir le bearta cúnaimh a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 63.

Airteagal 57

An chéim ullmhúcháin

1.   Féadfaidh an tArdionadaí nó Ballstát nóta coincheapa a chur faoi bhráid na Comhairle ina leagfar amach beart cúnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh, agus áireofar ann a raon feidhme, a fhad, na cineálacha gníomhaíochtaí agus na gníomhaithe ionchasacha cur chun feidhme, agus beidh réamhanailís ar íogaireacht na coinbhleachta, ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí mar aon le breithnithe tosaigh do mheasúnú tionchair ag gabháil leis, chomh maith le coimircí agus bearta maolaitheacha, a fhorbrófar a thuilleadh sa togra dá dtagraítear in Airteagal 59.

2.   Agus nóta coincheapa á fhormheas ag an gComhairle, féadfaidh sí bearta a údarú a bheidh le cistiú faoin tSaoráid chun an beart cúnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh a ullmhú.

3.   I gcás ina gcumhdaítear le beart cúnaimh féideartha soláthar trealaimh mhíleata, nó ardán, a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt, mar a thagraítear dó in Airteagal 5(3), áireofar sa nóta coincheapa costas measta tosaigh an bhirt. Ballstát a bhfuil rún aige staonadh ón mbeart a ghlacadh agus dearbhú foirmiúil a dhéanamh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE, ba cheart dó an rún sin a léiriú trí theachtaireacht i scríbhinn a sheoladh chuig an gComhairle in am trátha tar éis an nóta coincheapa a thíolacadh. Féadfar a áireamh sa teachtaireacht sin freisin léiriú ar bhearta cúnaimh eile lenar mian leis rannchuidiú ina ionad sin.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Chinneadh 2010/427/AE, rachaidh SEGS i gcomhairle le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus nótaí coincheapa agus na tograí ina dhiaidh sin ón Ardionadaí le haghaidh bearta cúnaimh á n-ullmhú aige chun an comhchuibheas is gá i mbeartais an Aontais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 58

Bearta práinneacha

1.   I gcás ina gceanglófar sin de bharr phráinn an cháis, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le beart cúnaimh, féadfaidh an Chomhairle na bearta práinneacha is gá a fhormheas a bheidh le cistiú faoin tSaoráid, agus aird á tabhairt ar an modheolaíocht riosca agus coimircí arna bunú de réir Airteagal 9 (3). Féadfar bearta práinneacha agus an costas a mheastar a bheidh orthu a shainaithint sa nóta coincheapa lena ndéanfar beart cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a leagan amach nó sa togra chun beart cúnaimh a bhunú de bhun Airteagal 57 agus Airteagal 59(1) faoi seach.

2.   Ní áireofar sna bearta práinneacha aon soláthar trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

3.   De mhaolú ar Airteagal 17(6), má fhormheasann an Chomhairle bearta práinneacha, beidh an riarthóir um bearta cúnaimh i dteideal speansais a ghealladh agus a íoc i leith an bhirt phráinnigh lena mbaineann suas go dtí an costas a údaraíodh.

Airteagal 59

Bearta Cúnaimh

1.   Glacfaidh an Chomhairle cinntí lena mbunófar bearta cúnaimh ar thogra mar a thagraítear dó in Airteagal 6, tar éis iarraidh a fháil ó thairbhí ionchasach.

2.   Le gach cinneadh ón gComhairle lena mbunófar beart cúnaimh, sonrófar a thairbhí, a chuspóirí, a raon feidhme, a fhad, cineál an chúnaimh atá le soláthar, agus méid tagartha airgeadais chun costais mheasta a chur chun feidhme a chumhdach. Ainmneoidh sé, i gcás inarb infheidhme, na gníomhaithe cur chun feidhme nó faighteoirí aon deontas arna ndámhachtain gan glao ar thograí de bhun Airteagal 36. Leagfar amach ann na rialuithe agus na ráthaíochtaí a éileofar ón tairbhí nó, i gcás inarb infheidhme, ó na gníomhaithe cur chun feidhme, mar aon leis na forálacha is gá maidir le faireachán agus meastóireacht, i gcomhréir leis an modheolaíocht riosca agus coimircí arna bunú de bhun Airteagal 9(3). Áireofar ann freisin forálacha maidir le fionraí agus foirceannadh an bhirt, i gcomhréir le hAirteagal 64.

3.   Beidh bearta cúnaimh i bhfoirm beart sonrach nó clár ginearálta le haghaidh tacaíochta a mbeidh fócas geografach nó téamach ar leith ag roinnt leis. Sonrófar i gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear clár ginearálta raon feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gclár sin. Féadfaidh bearta cúnaimh a bheith ilbhliantúil.

4.   Leis na hacmhainní faoi bhearta cúnaimh, féadfar leithdháiltí a áireamh atá riachtanach don mhéid seo a leanas: obair leantach, faireachán, meastóireacht, iniúchadh, cumarsáid agus infheictheacht.

5.   Le bearta cúnaimh maidir le soláthar trealaimh mhíleata nó ardán arna gceapadh chun fórsa marfach a thabhairt, dá dtagraítear in Airteagal 5(3), ní áireofar iontu ítimí nó cineálacha tacaíochta eile. Ní úsáidfear aon bheart cúnaimh chun aon ítimí a sholáthar a bheadh ar neamhréir le dlí an Aontais nó le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais nó na mBallstát uile.

6.   Ní áireofar ar bhearta cúnaimh atá i bhfoirm clár ginearálta soláthar an trealaimh nó na n-ardán dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

7.   Is tar éis iarraidh ón tairbhí a thabharfar aon tacaíocht d’aon ghníomhaíocht faoi chlár ginearálta, agus beidh gá le scrúdú agus formheas ina leith roimh ré ón CPS i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an clár ginearálta.

Airteagal 60

Beart cúnaimh a bheith á chur chun feidhme ag oibríocht

1.   Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go gcuirfidh oibríocht beart cúnaimh sonrach chun feidhme go hiomlán nó i bpáirt, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 49(2) á gcomhlíonadh aici. I gcás cur chun feidhme páirteach, léireofar leis an gcinneadh sin na gníomhaíochtaí sonracha a chuirfidh an oibríocht chun feidhme agus an méid airgid lena mbaineann.

2.   I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoi mar a thagraítear dó i mír 1, cinnfidh sí na leasuithe is gá ar shainordú na hoibríochta lena mbaineann.

Airteagal 61

Conarthaí a dhéanfar leis na gníomhaithe cur chun feidhme

1.   Áiritheoidh an riarthóir um bearta cúnaimh go gcuirfear i gcrích na measúnuithe is gá maidir le hacmhainneacht na ngníomhaithe cur chun feidhme, go háirithe maidir le bainistiú airgeadais, ar acmhainneacht í dá dtagraítear in Airteagal66. Baineann na measúnuithe sin le cur chun feidhme caiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid i gcomhréir le hAirteagal 67, agus le bainistiú na sócmhainní arna maoiniú faoin tSaoráid i gcomhréir le hAirteagal 68.

2.   Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh de cheangal ar ghníomhaithe cur chun feidhme na doiciméid is gá a sholáthar, lena n-áirítear tuarascálacha cur chun feidhme, cuntais, dearbhuithe bainistíochta agus achoimrí ar thuarascálacha iniúchóireachta.

3.   Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste ar an eolas faoi thoradh na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na conarthaí a bheidh le tabhairt i gcrích leis na gníomhaithe cur chun feidhme. Féadfaidh aon chomhalta den Choiste tuilleadh faisnéise a iarraidh maidir leis na measúnachtaí agus na conarthaí sin.

4.   Déanfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó thar ceann na Saoráide, na conarthaí a thabhairt i gcrích le gníomhaithe cur chun feidhme.

Airteagal 62

Socruithe le tairbhithe

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis na tairbhithe chun comhlíonadh na gceanglas agus na gcoinníollacha arna mbunú ag an gComhairle i ndáil le bearta cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagail 56 agus 59, a áirithiú, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme maidir le bainistiú agus úsáid sócmhainní a mhaoinítear faoin tSaoráid, agus na rialuithe is gá maidir le sócmhainní.

2.   Sna socruithe a dhéanfar i gcomhréir le mír 1, áireofar forálacha, i gcomhréir le téarmaí an bhirt cúnaimh nó le haon chinneadh ábhartha ón gComhairle nó ón gCoiste, lena n-áirítear maidir le coimircí, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

úsáid chuí éifeachtúil sócmhainní chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(b)

cothabháil leordhóthanach na sócmhainní chun a n-inúsáidteacht agus a n-infhaighteacht oibríochtúil thar a saolré a áirithiú;

(c)

nach gcaillfear na sócmhainní ná nach n-aistreofar na sócmhainní chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin ag deireadh a saolré nó tráth a rachaidh an beart cúnaimh in éag nó tráth a bhfoirceannfar é;

(d)

comhlíonadh aon cheanglas eile arna mbunú ag an gComhairle.

3.   Tabharfaidh an tArdionadaí fógra don Chomhairle faoi na socruithe dá dtagraítear i mír 1 go tráthúil.

4.   Ní dochar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 d’aon choinníollacha breise a fhéadfaidh Ballstát a fhorchur agus ceadúnas onnmhairiúcháin á sheachadadh aige i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES.

5.   I gcás bearta cúnaimh a bheadh i bhfoirm clár ginearálta, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh comhaontú maoiniúcháin, bunaithe ar an gclár sin, a thabhairt i gcrích leis an tairbhí. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste ar an eolas faoi na comhaontuithe sin a bheidh le tabhairt i gcrích. Féadfaidh aon chomhalta den Choiste tuilleadh faisnéise a iarraidh faoi na comhaontuithe.

Airteagal 63

Tuairisciú agus obair leantach

Soláthróidh an tArdionadaí tuarascáil ar chur chun feidhme beart cúnaimh do CPS dhá uair sa bhliain nó nuair a iarrfaidh an CPS amhlaidh. Cumhdófar sna tuarascálacha sin na gnéithe polaitiúla, oibríochtúla agus airgeadais den bheart cúnaimh. Áireofar iontu meastóireacht ar a thionchar agus ar bhainistiú agus úsáid sócmhainní, mar aon le nuashonruithe ar íogaireachta agus chomhthéacs an choinbhleachta agus ar an measúnú riosca agus tionchair.

Airteagal 64

Bearta cúnaimh a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh

1.   Áireofar i ngach cinneadh ón gComhairle le haghaidh beart cúnaimh na forálacha seo a leanas i ndáil le fionraí agus foirceannadh an bhirt, gan dochar d’inniúlachtaí údaráis na mBallstát a mhéid a bhaineann le fionraí ceadúnas onnmhairiúcháin i gcás ina n-éilítear ceadúnas den sórt sin:

(a)

féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme birt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Ardionadaí sna cásanna seo a leanas:

(i)

má tá a oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag an tairbhí, go háirithe cearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, nó mura mbeidh na gealltanais a tugadh faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 62 á gcomhlíonadh aige;

(ii)

má cuireadh an conradh le gníomhaí cur chun feidhme ar fionraí nó má foirceannadh é tar éis sárú ar a oibleagáidí faoin gconradh;

(iii)

mura gceadófar a thuilleadh, leis an staid sa tír nó sa limistéar lena mbaineann, an beart a chur chun feidhme agus é á áirithiú go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha ag gabháil leis;

(iv)

mura bhfreastalóidh saothrú an bhirt ar a chuspóirí a thuilleadh nó mura mbeidh an saothrú sin chun leasa an Aontais a thuilleadh;

(b)

i gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh an tArdionadaí cur chun feidhme birt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 65

Conarthaí le gníomhaithe cur chun feidhme a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh

Féadfaidh an riarthóir conradh arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 61 a fhionraí nó a fhoirceannadh, má tá a oibleagáidí conarthacha á sárú ag an ngníomhaí cur chun feidhme. Cuirfidh an riarthóir an Coiste ar an eolas láithreach tar éis dó nó di conradh a chur ar fionraí. Cuirfidh an riarthóir an Coiste ar an eolas in am trátha sula bhfoirceannfaidh sé nó sí an conradh. Go dtí go bhfoirceannfar conradh, féadfaidh aon chomhalta den Choiste tuilleadh faisnéise agus plé a iarraidh sa Choiste maidir leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfoirceannadh don bheart cúnaimh lena mbaineann.

CAIBIDIL 10

Rialuithe ar chaiteachas agus ar shócmhainní a mhaoinítear faoin tSaoráid agus a chuirtear de chúram ar ghníomhaithe cur chun feidhme

Airteagal 66

Measúnú ar acmhainneacht na ngníomhaithe cur chun feidhme an caiteachas a mhaoinítear faoin tSaoráid a chur chun feidhme

1.   I gcás ina gcuirtear cur chun feidhme an chaiteachais de chúram ar ghníomhaithe cur chun feidhme, fíoróidh an riarthóir go dtugann siad leibhéal cosanta ar leasanna airgeadais na Saoráide atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugtar nuair a chuireann an tSaoráid a caiteachas chun feidhme go díreach.

2.   Chun na críche sin, sula síneofar na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 61, déanfaidh an riarthóir measúnú chun a áirithiú go dtugtar, le córais, rialacha agus nósanna imeachta na ngníomhaithe cur chun feidhme, cinnteacht réasúnta go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach sna conarthaí sin i gcomhréir le hAirteagail 67 agus 68.

3.   Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar bhealach comhréireach agus aird chuí á tabhairt ar na rioscaí airgeadais atá i gceist.

4.   Na gníomhaithe cur chun feidhme a ndearna an riarthóir measúnú orthu i gcomhréir le mír 2, cuirfidh siad in iúl don riarthóir gan mhoill é má dhéantar aon athruithe substaintiúla ar a rialacha, a gcórais nó a nósanna imeachta.

5.   Má fuair gníomhaí cur chun feidhme measúnú dearfach de bhun mhír 2, féadfaidh sé na rialacha is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir lena chaiteachas féin a chur chun feidhme.

6.   I gcás nach ndéanfaidh na gníomhaithe cur chun feidhme ceanglais an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh ach go páirteach, glacfaidh an riarthóir na bearta ceartaitheacha iomchuí lena n-áiritheofar cosaint leasanna na Saoráide. Déanfar na bearta a shonrú sna conarthaí ábhartha faoi Airteagal 61.

7.   Féadfaidh an tSaoráid brath go hiomlán nó go páirteach ar mheasúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag eintitis eile i gcás inarb infheidhme, a mhéid a mheasfaidh an riarthóir go gcomhlíonann na measúnuithe sin na ceanglais a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6). Chun na críche sin, cuirfidh an tSaoráid aithint caighdeán a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta nó dea-chleachtais idirnáisiúnta chun cinn.

8.   Ní dhéanfaidh an riarthóir measúnú ar aireachtaí nó ranna rialtais na mBallstát i gcás ina n-ainmneofar iad mar ghníomhaithe cur chun feidhme. Féadfaidh an riarthóir a chinneadh gan measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais;

(b)

comhlachtaí agus gníomhaireachtaí dlí phoiblí eile de chuid na mBallstát;

(c)

tríú Stáit nó na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí dlí phoiblí atá ainmnithe acu.

9.   I gcás, i gcomhréir le mír 8, nach ndéanfar measúnú, déanfaidh an riarthóir na bearta uile is gá chun bainistíocht fhónta airgeadais na Saoráide a áirithiú lena n-áirítear cosaint leordhóthanach ar a leasanna airgeadais. Féadfaidh an riarthóir rialuithe iomchuí a chur i bhfeidhm agus a áirithiú go leanfar rialacha agus nósanna imeachta airgeadais agus cuntasaíochta atá coibhéiseach le rialacha agus nósanna imeachta airgeadais agus cuntasaíochta na Saoráide.

10.   Cuirfidh an riarthóir torthaí an mheasúnaithe in iúl don Choiste chun go ndéanfaidh an Coiste breithniú ar chéimeanna eile a d’fhéadfaí a thabhairt. Mura féidir an acmhainneacht an caiteachas faoin tSaoráid a chur chun feidhme a dheimhniú, cuirfidh an riarthóir aon bhealaí eile chun an beart a chur chun feidhme in iúl. I gcás inarb iomchuí, tá an riarthóir chun an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar theorainneacha sonracha ar acmhainneacht na ngníomhaithe féideartha cur chun feidhme a bhreithniú, i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 67

Forálacha caighdeánacha i gconarthaí le gníomhaithe cur chun feidhme

1.   Maidir leis na conarthaí a thabharfar i gcrích le gníomhaithe cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 61 le haghaidh caiteachas a mhaoinítear faoin tSaoráid a chur chun feidhme, urramófar leo na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 56 (1) agus (2) agus na ceanglais in Airteagal 59. Áireofar sna conarthaí sin socruithe mionsonraithe lena n-áiritheofar cosaint leasanna na Saoráide, eadhon go ndíreofar an cur chun feidhme ar éifeachtúlacht oibríochtúil maidir le cuspóirí an bhirt cúnaimh a bhaint amach agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, eadhon prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh de cheangal ar ghníomhaithe cur chun feidhme a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonfaidh fochonraitheoirí na cuspóirí agus na prionsabail sin chomh maith leo siúd a luaitear i bpointe (c) d’Airteagal 33 (2).

2.   Ina theannta sin, áireofar i gconarthaí arna dtabhairt I gcrích le gníomhaithe cur chun feidhme i gcrích forálacha go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go soláthrófar sócmhainní a mhaoinítear le cistí arna soláthar ag an tSaoráid, más ann dóibh, i gcomhréir leis an dlí Eorpach is infheidhme maidir le soláthar poiblí, nó le rialacha a mheastar a bheith coibhéiseach leo siúd a ghlac an Coiste de bhun Airteagal 11(6) maidir le soláthar díreach á dhéanamh ag an tSaoráid;

(b)

go n-úsáidfear córas cuntasaíochta a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c)

go n-úsáidfear córas rialaithe inmheánach atá éifeachtach agus éifeachtúil, chomh maith le beartais agus bearta, atá bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr agus lena gcumasaítear go háirithe dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid a áirithiú agus neamhrialtachtaí, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

go ndéanfaidh seirbhís iniúchóireachta iniúchtaí seachtracha neamhspleácha i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid agus gur seirbhís iniúchóireachta í atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar an eintiteas nó ar na daoine a chuireann an beart cúnaimh chun feidhme;

(e)

go gcuirfear tuarascálacha airgeadais rialta ar fáil don tSaoráid maidir leis an gcaoi a gcuirtear na bearta cúnaimh chun feidhme, agus go dtabharfar fógra di gan mhoill faoi chásanna inar braitheadh calaois agus neamhrialtachtaí a bhaineann leis an tSaoráid agus faoi na bearta coisctheacha nó ceartaitheacha a rinneadh, lena n-áirítear méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil nó a aisíoc;

(f)

go n-aisghabhfaidh an tSaoráid aon mhéid a íocadh go mícheart;

(g)

go ndéanfar na cuntais don chaiteachas arna mhaoiniú faoin tSaoráid, a rinneadh le linn na tréimhse tagartha iomchuí, a sholáthar don tSaoráid, go tráthúil, mar aon le dearbhú bainistíochta go bhfuil, i dtuairim na ndaoine atá i gceannas ar bhainistíocht na gcistí, an fhaisnéis curtha i láthair i gceart, go bhfuil sí iomlán agus cruinn, gur úsáideadh an caiteachas chun na críche a bhí beartaithe dó, agus go dtugann na córais rialaithe atá ann na ráthaíochtaí is gá maidir leis sin, agus tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách, arna dréachtú i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh idirnáisiúnta leo;

(h)

go dtabharfaidh an gníomhaí cur chun feidhme don tSaoráid, do na hiniúchóirí arna n-ainmniú aici agus do Choláiste na nIniúchóirí an ceart agus an cúnamh ar fad is gá chun na seiceálacha riachtanacha ar an láthair a dhéanamh agus chun rochtain a bheith acu gan mhoill agus gan fógra a thabhairt roimh ré ar na doiciméid agus na sonraí a bhaineann leis an gcaiteachas arna mhaoiniú faoin tSaoráid, agus ar an áitreabh ina gcoimeádtar na doiciméid agus na sonraí sin;

(i)

go gcomhlíonfar aon socrú, aon choinníoll, aon teorannú, nó aon fhoráil mhaolaitheach atá sa chinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an beart cúnaimh, nó i gcomhréir leis an gcinneadh;

(j)

gurb ar an ngníomhaí cur chun feidhme a bheidh dliteanas i ndáil leis an gconradh a bheith á chur cur chun feidhme aige;

(k)

go gcuirfear oibleagáidí na Saoráide faoin gconradh ar fionraí má chuirtear an beart cúnaimh ar fionraí i gcomhréir le Airteagal 64(1), agus go bhfoirceannfar na hoibleagáidí sin má fhoirceannann an Chomhairle an beart cúnaimh.

Airteagal 68

Forálacha breise i gconarthaí le gníomhaithe cur chun feidhme maidir le sócmhainní a mhaoinítear faoin tSaoráid a bhainistiú agus maidir le fochonraitheoireacht

1.   I gcás ina gcuirfear sócmhainní amhail bonneagar, trealamh nó soláthairtí a mhaoinítear faoin tSaoráid, nó soláthar na sócmhainní sin, de chúram ar ghníomhaí cur chun feidhme, saineofar, sna conarthaí a bheidh le tabhairt i gcrích leis an riarthóir thar ceann na Saoráide i gcomhréir le hAirteagail 61 agus 68, na coinníollacha chun a áirithiú go mbainisteofar na sócmhainní sin mar a leanas:

(a)

d’fhonn cuspóirí an bhirt chúnaimh a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil tráthúil;

(b)

i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa bheart cúnaimh lena n-áirítear aon srian nó aon teorainn ar a n-úsáid, a ndíol nó a n-aistriú agus aon fhorálacha maolaitheacha eile;

(c)

agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 56 (1), (2) agus (3) á n-urramú agus i gcomhréir le hAirteagal 59.

2.   Áireofar sna conarthaí dá dtagraítear i mír 1 go háirithe forálacha chun an méid seo a leanas a áirithiú i dtaobh na sócmhainní:

(a)

go seachadfar iad go héifeachtach don tairbhí i gcomhréir leis an mbeart cúnaimh;

(b)

go gcoimeádfar iad i gcónaí faoi rialú an ghníomhaí cur chun feidhme go dtí go gcuirfear ar fáil don tairbhí iad.

3.   Áireofar sna conarthaí dá dtagraítear i mír 1 forálacha go ndéanfaidh na gníomhaithe cur chun feidhme an méid seo a leanas:

(a)

tuarascálacha rialta a sholáthar don tSaoráid maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a cuireadh de chúram orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fardail de na sócmhainní arna maoiniú ag an tSaoráid agus faisnéis faoi sholáthróirí agus fochonraitheoirí;

(b)

an ceart agus an cúnamh riachtanach ar fad a thabhairt don tSaoráid nó do na daoine a ainmneoidh sí chun na seiceálacha riachtanacha ar an láthair a dhéanamh.

4.   Áireofar forálacha maidir le conraitheoireacht ag gníomhaithe cur chun feidhme sna rialacha cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11(6) chun a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht fochonraitheoirí i gcur chun feidhme na mbeart cúnaimh i gcomhchuibheas leis an gCinneadh seo, lena n-áirítear na prionsabail a luaitear in Airteagal 56 (2) agus pointe (c) d’Airteagal 33(2).

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL 11

Forálacha ilghnéitheacha

Airteagal 69

Rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe a chosaint

Beidh feidhm ag na rialacha atá i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (9) nó in aon chinneadh eile ón gComhairle a fhéadfar a chur ina ionad maidir le faisnéis rúnaicmithe a bhaineann leis an tSaoráid.

Airteagal 70

Sonraí pearsanta a chosaint

Tabharfaidh an tSaoráid cosaint do dhaoine aonair maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), gan dochar d’Airteagal 4(2) den Rialachán sin. Chun na críche sin, glacfaidh an Coiste na rialacha cur chun feidhme is gá ar bhonn togra ón Ardionadaí.

Airteagal 71

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

Déanfaidh an Coiste, ar thogra ón Ardionadaí, rialacha a ghlacadh de réir mar is gá maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh na Saoráide, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 72

Cumarsáid, faisnéis, infheictheacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí, de réir mar is gá, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid, a gníomhaíochtaí agus a torthaí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste. Féadfaidh an tSaoráid na gníomhaíochtaí sin a chistiú go heisceachtúil i gcásanna ina gcinnfidh an Coiste amhlaidh.

2.   Féadfar iarraidh ar fhaighteoirí tacaíochta faoin tSaoráid aitheantas a thabhairt d’fhoinse na tacaíochta agus infheictheacht an Aontais a áirithiú go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn acu, trí fhaisnéis spriocdhírithe chomhleanúnach éifeachtach chomhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

Airteagal 73

Bearta idirthréimhseacha

1.   Eagróidh an tArdionadaí, i dteannta Ardrúnaí na Comhairle agus an Coimisiún, de réir mar is gá, aistriú rianúil ón sásra Athena ón gComhairle agus aistriú rianúil ón tSaoráid um Shíocháin san Afraic arna bunú le Rialachán (AE) 2015/322 (12), faoi seach. Cuirfear an Coiste ar an eolas faoi na socruithe sin.

2.   Maidir leis an méid suas le EUR 113 000 000 dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/1422 ón gComhairle (13), nó aon chuid di, a athshlánú, agus a ndéanfar conradh ina leith faoin 30 Meitheamh 2021, an lá sin san áireamh, ní bheidh sé ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a chistítear faoin tSaoráid in 2021 ná ina dhiaidh sin.

3.   Beidh na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le caiteachas arna mhaoiniú tríd an sásra Athena infheidhme maidir le cur chun feidhme an chaiteachais le haghaidh oibríochtaí a mhaoinítear tríd an tSaoráid go dtí an dáta a thiocfaidh na rialacha atá le glacadh ag an gCoiste de bhun Airteagal 11 (6) i bhfeidhm.

4.   Beidh feidhm ag na ceapacháin arna ndéanamh faoi Chinneadh (CBES) 2015/528 maidir le riarthóir, oifigeach cuntasaíochta agus iniúchóir inmheánach an sásra Athena agus a n-ionadaithe, chomh maith le iniúchóirí seachtracha shásra Athena, maidir leis na poist choibhéiseacha faoin gCinneadh seo go dtí go ndéanfar ceapacháin nua.

5.   Beidh feidhm ag Gníomh 12-0392 an 29 Bealtaine 2012 ó Choiste Speisialta Athena, lena n-áirítear an tuairisc ar na costais incriminteacha infheidhme maidir le himscaradh buíonta catha de chuid an Aontais, chun críche an Cinneadh seo a chur chun feidhme go dtí go gcuirfear cinneadh ón gCoiste nó ón gComhairle i ndáil leis an ábhar céanna in ionad an Ghnímh sin.

6.   Maidir le cinntí Choiste Speisialta Athena, go háirithe na cinntí sin a bhaineann le hincháilitheacht shonrach do mhaoiniú i gcoitinne le costais incriminteacha de réir Airteagal 15(7) nó Iarscríbhinn III Cuid C de Chinneadh (CBES) 2015/528/ agus na cinntí a bhaineann le maoluithe ar nósanna soláthair de réir chuid II de na rialacha airgeadais infheidhme maidir le caiteachas a mhaoinítear trí shásra Athena, chomh maith le cinntí riarthóir shásra Athena maidir le maoluithe den chineál sin, beidh feidhm acu chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme go dtí go gcuirfear cinntí ón gCoiste nó ón riarthóir le haghaidh oibríochtaí a bhaineann leis na hábhair chéanna in ionad na gcinntí sin.

7.   Maidir le hoibríochtaí, an buiséad a d’fhormheas Coiste Speisialta Athena do 2021 a bheidh mar bhuiséad tosaigh na Saoráide do 2021.

8.   Maoineoidh an tSaoráid oibríochtaí agus bearta cúnaimh ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle, ar bhonn cás ar chás, go mbeidh dáta éagsúil i gceist.

CAIBIDIL 12

Aisghairm, athbhreithniú agus teacht i bhfeidhm

Airteagal 74

Sásra Athena a aisghairm

1.   Aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 leis seo. Tuigfear, le gach tagairt do Chinneadh (CBES) 2015/528 nó d’aon cheann d’fhorálacha an chinnidh sin, i ngníomhartha ón gComhairle agus i mbearta eile a bhaineann le hoibríochtaí, go bhfuiltear ag tagairt don Chinneadh seo nó d’fhorálacha coibhéiseacha an chinnidh seo.

Mar sin féin, leanfaidh forálacha Chinneadh (CBES) 2015/528 d’fheidhm a bheith acu maidir le cur chun feidhme an chaiteachais d’oibríochtaí a gealladh go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus maidir le cuntasaíocht, fardal, iniúchadh agus tíolacadh gaolmhar na gcuntas, agus dliteanas, go dtí go ndeonófar urscaoileadh do riarthóir shásra Athena agus do na ceannasaithe oibríochta don chaiteachas sin.

2.   Measfar na conarthaí, creatchonarthaí agus na socruithe riaracháin a rinne sásra Athena a bheith tugtha i gcrích ag an tSaoráid, agus glacfaidh an tSaoráid cearta agus oibleagáidí shásra Athena faoi. Aistreofar úinéireacht sócmhainní agus cuntas bainc de chuid shásra Athena chuig an tSaoráid, agus glacfaidh an tSaoráid ar láimh gach éileamh agus dliteanas de chuid shásra Athena.

Airteagal 75

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gCinneadh seo gach 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

2.   Le linn gach athbhreithnithe, féadfar a iarraidh ar gach saineolaí a bhaineann leis na himeachtaí, lena n-áirítear saineolaithe sa Choiste agus i gcomhlachtaí bainistithe na Saoráide, rannchuidiú leis na pléití.

Airteagal 76

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(2)  Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra chun maoiniú na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lena ngabhann impleachtaí míleata nó cosanta (Athena) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lch. 39).

(3)  IO C 95, 12.3.2019, lch. 1.

(4)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 1296/2013, (AE) 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE), Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1)

(6)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(7)  Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le stádas foirne míleata agus sibhialtacha do thabhairt ar iasacht d’institúidí an Aontas Eorpaigh, leis an gceanceathrú agus fórsaí gur bhféadfar cur ar fáil don Aontas Eorpach i gcomhthéacs na tascaí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ullmhú agus a fhorghníomhú, lena n-áirítear freachnaimh, agus leis na foirne míleata agus sibhialtacha a cuireadh ar láimh an Aontais Eorpaigh chun gníomhú sa chomhthéacs (EU SOFA) (IO C 321, 31.12.2003, lch. 6).

(8)  Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).

(9)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch.1).

(13)  Cinneadh (AE) 2020/1422 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2020 maidir leithdháileadh na gcistí a saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun an tSaoráid um Shíocháin san Afraic (IO L 329, 9.10.2020, lch. 4).


IARSCRÍBHINN I

UASTEORAINNEACHA AIRGEADAIS BLIANTÚLA

Údarófar na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha na méideanna seo a leanas, gan dochar d’Airteagal 17(3) agus faoi réir Airteagal 73(2):

Praghsanna reatha, i milliúin euro

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

420

540

720

900

980

1 000

1 132


IARSCRÍBHINN II

COSTAIS ILGHNÉITHEACHA ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID

(is cuma cé acu atá nó nach bhfuil baint dhíreach acu le hoibríocht nó le beart cúnaimh)

A mhéid is féidir, ba cheart leithreasuithe a bhaineann leis na costais seo a leanas a iontráil sna teidil sa bhuiséad le haghaidh na hoibríochta nó an bhirt cúnaimh is mó lena mbaineann siad:

1.

caiteachas misean arna thabhú ag an gceannasaí oibríochta, ag gníomhaí cur chun feidhme, nó ag gníomhaí ábhartha eile, mar aon lena bhfoireann chun freastal ar an gCoiste le haghaidh pléití a bhaineann le hoibríocht nó le beart cúnaimh nó arna iarraidh sin don Choiste;

2.

slánaíochtaí ar dhamáistí agus costais ag éirí as éilimh agus caingne dlí a bheidh le híoc tríd an tSaoráid;

3.

costais de bhun cinneadh ar bith chun ábhar a stóráil a fuarthas go comhpháirteach le haghaidh oibríochta nó beart cúnaimh;

4.

costais bhaincéireachta;

5.

costais a bhaineann le forbairt agus cothabháil córas TF don chuntasaíocht agus do bhainistiú acmhainní na Saoráide;

6.

costais a bhaineann leis na socruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37;

7.

caiteachas ar fhoireann ar conradh a oibríonn don tSaoráid agus tacaíocht riaracháin sa cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí.

8.

faireachán agus meastóireacht;

9.

costais iniúchóireachta;

10.

i gcásanna eisceachtúla: cumarsáid, faisnéis, infheictheacht.


IARSCRÍBHINN III

COSTAIS ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID A BHAINEANN LE CÉIM ULLMHÚCHÁIN OIBRÍOCHTA NÓ BIRT CÚNAIMH

Costais incriminteacha is gá do mhisin agus ullmhúcháin taiscéalaíocha (go háirithe misin aimsithe fíoras agus taiscéalaíochta) arna ndéanamh ag pearsanra míleata agus sibhialta ag féachaint d’oibríocht shonrach de chuid an Aontais: taisteal, lóistín, uirlisí cumarsáide oibríochtúla a úsáid, agus pearsanra sibhialta áitiúil amhail ateangairí agus tiománaithe a earcú chun an misean a chur i gcrích.

Seirbhísí leighis: costas aslonnuithe leighis éigeandála (Medevac) daoine a bheidh ag glacadh páirt i misin thaiscéalaíocha agus ullmhúcháin arna ndéanamh ag pearsanra míleata agus sibhialta ag féachaint d’oibríocht ar leith de chuid an Aontais, i gcás nach féidir cóir leighis a thabhairt ar láthair na n-oibríochtaí.

Costais incriminteacha is gá le haghaidh bearta ullmhúcháin, arna n-údarú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 57, do bheart cúnaimh.


IARSCRÍBHINN IV

CUID A

COSTAIS CHOITEANNA DE CHUID AN AONTAIS I nDÁIL LE CÉIM GHNÍOMHACH OIBRÍOCHTAÍ ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID I gCÓNAÍ

1.   Costais incriminteacha le haghaidh cheanncheathrúna na n-oibríochtaí faoi cheannas an Aontais (in-imscartha nó buan)

1.1.

Sainmhíniú na gceanncheathrúna a gcómhaoinítear a gcostais incriminteacha:

(a)

Ceanncheathrú (HQ): an cheanncheathrú; na heilimintí ceannais agus tacaíochta arna bhformheas sa phlean oibríochta (OPLAN).

(b)

Ceanncheathrú oibríochta (OHQ): ceanncheathrú bhuan an cheannasaí oibríochta lasmuigh den limistéar, a bhíonn freagrach as fórsa de chuid an Aontais a shlógadh, a sheoladh, a chothú agus a athshlánú.

Sainmhíniú na gcostas coiteann is infheidhme maidir le OHQ le haghaidh oibríochta, beidh sé infheidhme freisin maidir le hArdrúnaíocht na Comhairle, le SEGS lena n-áirítear an Cumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe, agus leis an tSaoráid a mhéid a fheidhmíonn siad go díreach ar son na hoibríochta sin.

(c)

Ceanncheathrú Fórsa (FHQ): ceanncheathrú fórsa de chuid an Aontais arna imscaradh chuig limistéar oibríochtaí oibríochta feidhmiúcháin míleata.

(d)

Ceanncheathrú Fórsa Misin (MFHQ): ceanncheathrú fórsa de chuid an Aontais arna imscaradh chuig limistéar oibríochtaí misin neamh-fheidhmiúcháin mhíleata.

(e)

Ceanncheathrú Ceannais Comhpháirte (CCHQ): ceanncheathrú ceannasaí comhpháirte de chuid an Aontais arna imscaradh le haghaidh na hoibríochta (eadhon ceannasaithe aerfhórsaí, fórsaí tíre, fórsaí muirí agus fórsaí speisialta eile a bhféadfaí a mheas go mbeadh sé riachtanach iad a cheapadh ag brath ar chineál na hoibríochta).

1.2.

Sainmhíniú na gcostas incriminteach do cheanncheathrú arna gcómhaoiniú:

(a)

Costais iompair: iompar chuig láthair na n-oibríochtaí agus ó láthair na hoibríochta chun FHQanna, MFHQanna agus CCHQanna a imscaradh, a chothú agus a athshlánú.

(b)

Costais taistil agus chóiríochta: costais taistil agus chóiríochta arna dtabhú ag an OHQ le haghaidh aistear oifigiúil is gá i gcás oibríochta; costais taistil agus chóiríochta arna dtabhú ag pearsanra ó HQanna imscartha a bhíonn ag taisteal ar aistir oifigiúla chuig an mBruiséil agus/nó chuig cruinnithe i ndáil le hoibríochtaí.

(c)

Iompar/taisteal (cé is moite de chostais “per diem”) na gCeanncheathrúna laistigh de láthair na n-oibríochtaí: caiteachas a bhaineann le hiompar feithiclí agus le taisteal eile ar mhodhanna eile agus costais lastais, lena n-áirítear taisteal arna dhéanamh ag pearsanra breise náisiúnta agus cuairteoirí; costais incriminteacha ar bhreosla os cionn an chostais a bhainfeadh le gnáthoibríochtaí; feithiclí breise a léasú; costais árachais tríú páirtí arna bhforchur ag roinnt tíortha ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a stiúrann oibríochtaí ina gcríoch.

(d)

Riarachán: trealamh breise oifige agus cóiríochta, seirbhísí conarthacha agus fóntais, costais chothabhála fhoirgnimh na gceanncheathrúna.

(e)

Pearsanra sibhialta arna earcú go sonrach sna Ceanncheathrúna incháilithe do riachtanais na hoibríochta: pearsanra sibhialta atá ag obair san Aontas, pearsanra idirnáisiúnta agus áitiúil arna earcú ar láthair na n-oibríochtaí a theastaíonn do stiúradh oibríochtúil os cionn na ngnáthriachtanas oibríochtúil (lena n-áirítear aon íocaíochtaí cúitimh ragoibre).

(f)

Cumarsáid idir na Ceanncheathrúna incháilithe féin agus idir Ceanncheathrúna incháilithe agus fo-fhórsaí díreacha: caiteachas caipitiúil le haghaidh trealamh breise cumarsáide agus TF a cheannach agus a úsáid, agus costais le haghaidh seirbhísí arna dtabhairt (móideimí, línte teileafóin, fóin satailíte, crioptafacsanna, línte slána, soláthraithe idirlín, línte sonraí, líonraí achair logánta a léasú agus a chothabháil).

(g)

Beairic agus lóistín/bonneagar: caiteachas maidir leis na saoráidí ceanncheathrúna riachtanacha a fháil, a fhruiliú nó a athchóiriú ar láthair na n-oibríochtaí (foirgnimh, foscadáin, pubaill a fháil ar cíos), más gá.

(h)

Faisnéis phoiblí: costais a bhaineann le feachtais faisnéise agus na meáin chumarsáide ar leibhéal na gceanncheathrúna a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an straitéis faisnéise arna forbairt ag HQ.

(i)

Ionadaíocht agus fáilteachas: costais ionadaíochta; costais riachtanacha ar leibhéal na gceanncheathrúna le haghaidh oibríocht a sheoladh.

2.   Costais incriminteacha arna dtabhú chun tacaíocht a sholáthar don fhórsa ina iomláine

Is iad na costais arna sainmhíniú thíos na costais sin a thabhaítear mar thoradh ar imscaradh fórsa chuig a láthair:

(a)

Oibreacha imscartha/bonneagair: caiteachas fíor-riachtanach don fhórsa ina iomláine chun a mhisean a chomhlíonadh (aerfort, iarnród, cuanta, príomhbhóithre lóistíochtúla arna n-úsáid go comhpháirteach, lena n-áirítear pointí díbhordála agus limistéir thionóil chun tosaigh; suirbhéanna uisce, caidéalú, cóireáil, leithdháileadh agus diúscairt, soláthar uisce agus cumhachta, úiroibreacha agus cosaint fórsa sheasta, saoráidí stórála (go háirithe le haghaidh breosla agus armlóin), limistéir thionóil agus lóistíochta; tacaíocht theicniúil do bhonneagar arna chómhaoiniú).

(b)

Comharthaí sainaitheantais: comharthaí sainaitheantais ar leith, cártaí aitheantais, suaitheantais, boinn ar a bhfuil “an tAontas Eorpach” marcáilte, bratacha i ndathanna an Aontais nó comharthaíocht shainaitheanta Fórsa nó HQ eile (seachas éadaí, hataí nó éidí).

(c)

Seirbhísí agus saoráidí leighis: aslonnuithe leighis éigeandála (Medevac). Seirbhísí agus saoráidí ról 2 agus 3 ar leibhéal na gné de láthair na n-oibríochtaí, amhail aerfoirt agus calafoirt díbhordála arna bhformheas san OPLAN. Seirbhísí agus saoráidí ról 1 do mhisin neamhfheidhmiúcháin mhíleata.

(d)

Sealbhú faisnéise: Íomhánna satailíte le haghaidh faisnéis arna bhformheas san OPLAN, mura féidir iad a mhaoiniú ó na cistí atá á gcur ar fáil i mbuiséad Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SATCEN).

3.   Costais incriminteacha bhreise a bhaineann go sonrach le Buíon chatha an Aontais

Is iad na costais a shainítear thíos na costais bhreise arna dtabhú mar thoradh ar imscaradh agus ath-imscaradh Bhuíon Chatha an Aontais chuig láthair na n-oibríochtaí agus ó láthair na n-oibríochtaí:

(a)

Costais iompair maidir le himscaradh: costais incriminteacha iompair le haghaidh imscaradh ar tír, ar muir agus san aer de Bhuíon Chatha an Aontais ar gearrfhógra chuig limistéar comhpháirteach na n-oibríochtaí i gcomhréir le Coincheap Bhuíon Chatha an Aontais agus ar bhonn Gníomh an 29 Bealtaine 2012 ón gCoiste Speisialta agus na Rátaí Cothroma Aisíocaíochta is infheidhme maidir le Buíonta Catha an Aontais a imscaradh (11806/12, arna fhormheas ag an gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012). Ní bheidh na costais tíre agus mhara maidir le Buíon Chatha an Aontais a imscaradh incháilithe mar chostais choiteanna ach amháin i gcás inarb é sin an rogha is costéifeachtaí agus ar choinníoll gur féidir na hamlínte ceangailteacha maidir le himscaradh do Bhuíon Chatha an Aontais a chomhlíonadh leo.

(b)

Costais reatha: costais incriminteacha do sheirbhísí atá ríthábhachtach chun tacaíocht dhíreach a thabhairt d’imscaradh Bhuíon Chatha an Aontais ag pointí iontrála aeir agus/nó muirí agus ag limistéir lóistíochta agus thionóil, go háirithe ach gan a bheith teoranta do stóráil dhaingnithe trealaimh agus soláthairtí, seirbhísí agus saoráidí Ról 1, cóiríocht chodlata, sláintíochta (saoráidí níocháin, cithfholctha, leithris), saoráidí itheacháin, diúscairt dramhaíola, tacaíocht ghinearálta innealtóireachta.

(c)

Pacáiste ullmhachta d’imscaradh: costais incriminteacha do bhia, uisce agus breosla le haghaidh suas le 10 lá soláthair le haghaidh imscaradh Bhuíon Chatha an Aontais ina hiomláine, mar a formheasadh in OPLAN.

(d)

Costais iompair maidir le hath-imscaradh: costais incriminteacha maidir le hiompar pearsanra i mBuíon Chatha an Aontais ó láthair na n-oibríochtaí ar tír, ar muir nó san aer ar mhaithe le hath-imscaradh. Ní chuirfear san áireamh mar chostais choiteanna ach an rogha iompair is costéifeachtaí.

4.   Costais incriminteacha arna dtabhú trí leas a bheith á bhaint ag an Aontas as sócmhainní coiteanna agus acmhainní ECAT a chuirtear ar fáil le haghaidh oibríocht faoi cheannas an Aontais.

An costas a bheidh ar an Aontas de bharr chur i bhfeidhm, i ndáil le ceann amháin dá chuid oibríochtaí míleata, na socruithe idir an tAontas agus ECAT i dtaca le scaoileadh, faireachán agus filleadh nó aisghairm sócmhainní agus acmhainní coiteanna ECAT a chuirtear ar fáil le haghaidh oibríocht faoi cheannas an Aontais. Aisíocaíochtaí ó ECAT chuig an Aontas.

5.

Costais incriminteacha arna dtabhú ag an Aontas le haghaidh earraí, seirbhísí nó oibreacha a áirítear ar an liosta de chostais choiteanna agus atá á gcur ar fáil in oibríocht faoi cheannas an Aontais ag Ballstát, institiúid de chuid an Aontais, tríú stát nó eagraíocht idirnáisiúnta de bhun socraithe dá dtagraítear in Airteagal 37. Aisíocaíochtaí ó Stát, ó institiúid de chuid an Aontais nó ó eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar shocrú den sórt sin.

CUID B

COSTAIS CHOITEANNA I nDÁIL LEIS AN gCÉIM GHNÍOMHACH LE hAGHAIDH OIBRÍOCHT SHONRACH, ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID MÁ CHINNEANN AN CHOMHAIRLE AMHLAIDH

Costais iompair: iompar chuig láthair na n-oibríochtaí agus ó láthair na n-oibríochtaí chun na fórsaí is ga le haghaidh na hoibríochta a imscaradh, tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a athshlánú.

Ceanncheathrú an tascfhórsa ilnáisiúnta: ceanncheathrú ilnáisiúnta de thascfhórsaí an Aontais arna n-imscaradh i limistéar na hoibríochta.

CUID C

COSTAIS CHOITEANNA ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID I gCÁS INA nIARRFAIDH AN CEANNASAÍ OIBRÍOCHTAÍ É AGUS INA bhFORMHEASFAIDH AN COISTE É

(a)

Beairic agus lóistín/bonneagar: caiteachas ar áitreabh a fháil, a fhruiliú nó a athchóiriú ar láthair na n-oibríochtaí (foirgnimh, foscadáin, pubaill) de réir mar is gá do na fórsaí arna n-imscaradh le haghaidh na hoibríochta.

(b)

Trealamh breise bunriachtanach: trealamh ar leith gan choinne a fhruiliú nó a cheannach i gcaitheamh na hoibríochta ar trealamh bunriachtanach é chun an oibríocht a fhorghníomhú, a mhéid nach gcuirfear an trealamh sin ar ais ag deireadh an mhisin.

(c)

Seirbhísí agus saoráidí leighis: Seirbhísí ról 2 ar láthair na n-oibríochtaí, seachas iad sin a luaitear i gCuid A.

(d)

Sealbhú faisnéise: sealbhú faisnéise (íomhánna satailíte; faisnéis, taiscéalaíocht agus faireachas ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí (ISR), lena n-áirítear faireachas aer go talamh (AGSR); agus faisnéis dhaonna).

(e)

Acmhainní ríthábhachtacha eile ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí: dímhianú má mheastar é a bheith riachtanach le haghaidh na hoibríochta, cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN); stóráil agus scriosadh arm agus armlóin arna mbailiú laistigh de limistéar na hoibríochta.

(f)

Costais iompair an ath-imscartha: costais incriminteacha maidir le hiompar trealaimh Bhuíon Chatha an Aontais ó láthair na n-oibríochtaí ar tír, ar muir nó san aer ar mhaithe le hath-imscaradh. Ní chuirfear san áireamh mar chostais choiteanna ach an rogha iompair is costéifeachtaí.

(g)

Costais reatha ar oibríocht feidhmiúcháin arna imscaradh chuig láthair na n-oibríochtaí: costais incriminteacha do sheirbhísí atá ríthábhachtach chun tacaíocht dhíreach a thabhairt d’imscaradh tosaigh na bhfórsaí ina n-iomláine le linn dóibh a bheith postaithe go sealadach ag pointí iontrála aeir agus/nó muirí agus ag limistéir lóistíochta agus thionóil ar a slí chuig a gceann scríbe deiridh (bainistíocht aerthráchta/muirthráchta, láimhseáil lasta agus paisinéirí, seirbhísí custaim agus idirthurais, seirbhísí slándála agus sábháilteachta lena n-áirítear cosaint na bhfórsaí, stóráil dhaingnithe trealaimh agus soláthairtí, seirbhísí agus saoráidí Ról 1, cóiríocht chodlata, sláintíochta (saoráidí níocháin, cithfholctha, leithris), saoráidí itheacháin, diúscairt dramhaíola, tacaíocht ghinearálta innealtóireachta).

(h)

Pacáiste ullmhachta don imscaradh maidir le hoibríocht feidhmiúcháin: costais incriminteacha do bhia, uisce agus breosla le haghaidh soláthar suas le 10 lá le haghaidh imscaradh tosaigh na bhfórsaí ina n-iomláine, arna bhformheas in OPLAN.


IARSCRÍBHINN V

COSTAIS CHOITEANNA I nDÁIL LE FOIRCEANNADH OIBRÍOCHTA, ARNA SEASAMH AG AN tSAORÁID

Costais arna dtabhú chun ceann scríbe deiridh a aimsiú don trealamh agus don bhonneagar arna gcomhchistiú le haghaidh na hoibríochta.

Costais incriminteacha chun cuntais a tharraingt suas le haghaidh na hoibríochta. Déanfar na costais choiteanna incháilithe a chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, á mheabhrú dóibh gur leis an gceanncheathrú le haghaidh na hoibríochta sin an fhoireann is gá chun na cuntais a tharraingt suas, fiú amháin tar éis don HQ sin scor dá gníomhaíochtaí.