30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/16


RIALACHÁN (AE) Uimh. 259/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le fosfáití agus comhdhúile eile fosfair a úsáid i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina Thuarascáil an 4 Bealtaine 2007 chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa, rinne an Coimisiún meastóireacht, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar úsáid fosfáití i nglantaigh. Tar éis tuilleadh anailíse, baineadh as mar thátal gur cheart úsáid fosfáití i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a theorannú chun an méid a chuireann fosfáití ó ghlantaigh le rioscaí eotrófaithe a laghdú agus chun an costas a bhaineann le hasbhaint fosfáití i ngléasraí cóireála fuíolluisce a laghdú. Is mó an méid a shábháilfear ó thaobh costais ná an costas a bhainfeadh le glantaigh níocháin tomhaltóra a athfhoirmliú le roghanna malartacha ar fhosfáití.

(2)

Sna roghanna malartacha éifeachtúla ar ghlantaigh níocháin tomhaltóra fosfáit-bhunaithe, tá gá le méideanna beaga de chomhdhúile eile fosfair, eadhon fosfónáití, a d’fhéadfadh, má mhéadaítear na cainníochtaí díobh atá in úsáid, a bheith ina gcúis imní ó thaobh an chomhshaoil de. Cé go bhfuil sé tábhachtach spreagadh a thabhairt d’úsáid substaintí malartacha a bhfuil próifíl comhshaoil níos fabhraí acu ná fosfáití agus comhdhúile eile fosfair i monarú glantach níocháin tomhaltóra agus glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, ba cheart nach mbeadh riosca ar bith ann, nó ba cheart gur riosca is ísle a bheadh ann, don duine agus/nó don chomhshaol ó shubstaintí den sórt sin, faoina ngnáthchoinníollacha úsáide. Ba cheart, dá bhrí sin, an córas REACH (4) a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí den sórt sin.

(3)

Maidir leis an idirghníomhaíocht idir fosfáití agus comhdhúile eile fosfair, is gá rogha chúramach a dhéanamh maidir le raon feidhme agus leibhéal an teorann maidir le húsáid fosfáití i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an teorann ní hamháin maidir le fosfáití ach maidir le gach comhdhúil fosfair freisin chun nach mbeifí taobh le comhdhúile eile fosfair a chur in áit fosfáití. Ba cheart go mbeadh an teorainn ar an gcion fosfair íseal go leor chun cosc éifeachtach a chur ar fhoirmlithe de ghlantaigh níocháin tomhaltóra fosfáit-bhunaithe a mhargú, agus ba cheart di a bheith ard go leor chun an t-íosmhéid fosfónáití atá riachtanach le haghaidh foirmlithe malartacha a cheadú.

(4)

Ní hiomchuí, faoi láthair, na teorainneacha ar úsáid fosfáití agus úsáid comhdhúile eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a leathnú chuig glantaigh institiúideacha agus tionsclaíocha ar leibhéal an Aontais, mar níl roghanna malartacha ar úsáid fosfáití sna glantaigh sin ar fáil go fóill a bheadh oiriúnach go teicniúil agus indéanta ó thaobh na heacnamaíochta de. Maidir le glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, is dóchúil go mbeidh roghanna malartacha ar fáil ar shlí níos forleithne go luath amach anseo. Is iomchuí, dá bhrí sin, srian a chur ar úsáid fosfáití sna glantaigh sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag srian den sórt sin ó dháta amach anseo a mbeifear ag súil leis faoin tráth sin go mbeidh substaintí malartacha ar fhosfáití ar fáil go forleathan chun forbairt táirgí nua a spreagadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, freisin uaschion fosfair incheadaithe a shonrú atá bunaithe ar fhianaise lena n-áirítear srianta náisiúnta atá ann cheana ar fhosfar i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra. Is gá a fhoráil freisin, áfach, gur cheart don Choimisiún, sula dtiocfaidh an srian sin chun bheith infheidhme ar fud an Aontais, measúnú críochnúil a dhéanamh ar an teorainnluach ar measúnú é a bheadh bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil, agus má tá údar maith leis, togra reachtach a thíolacadh. Ba cheart go gcumhdófaí leis an measúnú sin an tionchar atá ag glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ag a bhfuil leibhéil fosfair atá os cionn agus faoi bhun an teorainnluacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa ar an gcomhshaol, ar an tionscal agus ar thomhaltóirí, agus go gcumhdófaí leis chomh maith substaintí malartacha ar na glantaigh sin, agus nithe lena n-áirítear a gcostas, a n-infhaighteacht, a n-éifeachtúlacht glantacháin agus a dtionchar ar chóireáil fuíolluisce á gcur san áireamh.

(5)

Is é ceann d’aidhmeanna an Rialacháin seo an comhshaol a chosaint trí eotrófú de bharr fosfair i nglantaigh a úsáideann tomhaltóirí a laghdú. Ní bheadh sé iomchuí, dá bhrí sin, iallach a chur ar Bhallstáit a bhfuil srianta i bhfeidhm cheana féin acu maidir le fosfar i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra na srianta sin a oiriúnú sula dtiocfaidh an srian Aontais chun bheith infheidhme. Ina theannta sin, is inmhianaithe go gceadófaí do Bhallstáit na srianta atá leagtha amach sa Rialachán seo a thabhairt isteach de réir a chéile agus chomh luath agus is féidir.

(6)

Ba cheart sainmhíniú ar “glanadh” a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 in ionad tagartha don chaighdeán ISO ábhartha ar mhaithe leis an inléiteacht a éascú, agus ba cheart sainmhínithe ar “glantach níocháin tomhaltóra” agus ar “glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra” a áireamh freisin. Ina theannta sin, is iomchuí an sainmhíniú atá ar “cur ar an margadh” a shoiléiriú agus sainmhíniú ar “cur ar fáil ar an margadh” a áireamh.

(7)

Chun faisnéis chruinn a sholáthar laistigh den scála ama is giorra agus is féidir, is iomchuí an tslí ina bhfoilsíonn an Coimisiún na liostaí de na húdaráis inniúla agus de na saotharlanna faofa a nuachóiriú.

(8)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 684/2004 a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, chun forálacha a thabhairt isteach maidir le glantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí agus chun teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh ailléirginí cumhráin a thabhairt isteach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin is leasuithe atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaca leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(10)

Is iomchuí foráil a dhéanamh chun go ndéanfaí cur i bhfeidhm na srianta a bhunaítear leis an Rialachán seo a chur siar chun deis a thabhairt d’oibreoirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a gcuid glantach níocháin tomhaltóra fosfáit-bunaithe agus a gcuid glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra fosfáit-bhunaithe a athfhoirmliú trí roghanna malartacha a úsáid le linn a ngnáth-thimthrialla athfhoirmlithe chun na costais a ghabhann leis sin a íoslaghdú.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an méid a chuireann fosfáití ó ghlantaigh tomhaltóra le rioscaí an eotrófaithe a laghdú, an costas a bhaineann le hasbhaint fosfáití i ngléasraí cóireála fuíolluisce a laghdú agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach bhféadfar le bearta náisiúnta a bhfuil sonraíochtaí teicniúla éagsúla acu feabhsú cuimsitheach ar cháilíocht an uisce a thrasnaíonn teorainneacha náisiúnta a áirithiú, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(12)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc agus an ceathrú fleasc, agus cuirtear cúigiú fleasc leis:

“—

lipéadú breise ar ghlantaigh, lena n-áirítear ailléirginí cumhráin,

an fhaisnéis a chaithfidh na monaróirí a choimeád lena cur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát agus dá bpearsanra liachta,

teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“1a.

Ciallaíonn ‘glantach níocháin tomhaltóra’ glantach le haghaidh níocháin arna chur ar an margadh lena úsáid ag neamhphroifisiúnaigh, lena n-áirítear i neachtlainníní poiblí.

1b.

Ciallaíonn ‘glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra’ glantach arna chur ar an margadh lena úsáid i miasniteoirí uathoibríocha ag neamhphroifisiúnaigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ciallaíonn ‘glanadh’ an próiseas lena mbaintear deascán neamh-inmhianaithe amach ó shubstráit nó ó laistigh de shubstráit agus ina n-athraítear go staid tuaslagáin nó chuig staid spréite é.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

“9.

Ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad chur ar fáil táirge ar mhargadh an Aontais. Measfar gurb ionann allmhairiú isteach i gcríoch custaim an Aontais agus cur ar an margadh.

9a.

Ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé i gcomaoin ar íocaíocht nó saor in aisce.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

Teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair

Ní dhéanfar glantaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn VIa agus nach gcomhlíonann na teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair ar teorainneacha iad atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin a chur ar an margadh ó na dátaí atá leagtha amach inti.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún na liostaí de na húdaráis inniúla, atá luaite i mír 1, agus de na saotharlanna faofa, atá luaite i mír 2, a chur ar fáil go poiblí.”;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ina theannta sin, beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear i Roinn B d’Iarscríbhinn VII ar phacáistíocht glantach níocháin tomhaltóra agus ar phacáistíocht glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra.”;

(6)

in Airteagal 12, scriostar mír 3;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

“Airteagal 13

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun na leasuithe a thabhairt isteach is gá chun Iarscríbhinní I go IV, Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Úsáidfidh an Coimisiún caighdeáin Eorpacha, aon uair is féidir.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun leasuithe a thabhairt isteach ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le glantaigh tuaslagóir-bhunaithe.

3.   I gcás ina mbunaíonn an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh na n-ailléirginí cumhráin, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun an teorainn 0,01 % atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn VII a oiriúnú dá réir sin.

Airteagal 13a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 19 Aibreán 2012. Faoin 19 Iúil 2016 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí breise cúig bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Clásal saorghluaiseachta

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian nó bac ar ghlantaigh, agus/nó dromchlaghníomhaithe le haghaidh glantach, a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, a chur ar fáil ar an margadh, ar fhorais a ndéileáiltear leo sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a leagan síos maidir le srianta ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh ar ina leith nach bhfuil aon srianta maidir leis an gcion leagtha amach dóibh in Iarscríbhinn VIa, i gcás ina bhfuil údar maith leis na rialacha sin, go háirithe, ar fhorais amhail cosaint na sláinte poiblí nó cosaint an chomhshaoil agus i gcás ina bhfuil roghanna malartacha eile ar fáil atá indéanta go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na rialacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 19 Márta 2012 a choimeád ar bun, ar rialacha iad a bhaineann le srianta ar chion na bhfosfáití agus na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh ar ina leith nach bhfuil na srianta atá leagtha amach dóibh in Iarscríbhinn VIa tagtha chun bheith infheidhme fós. Déanfar bearta náisiúnta den sórt sin atá ann cheana féin a thuairisciú don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2012 agus féadfaidh siad leanúint orthu de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta a mbeidh feidhm ag na srianta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIa.

4.   Ón 19 Márta 2012 go dtí an 31 Nollaig 2016, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh lena ndéantar an srian ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh a chur chun feidhme, ar srian é atá leagtha síos i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa, i gcás ina bhfuil údar maith leis, go háirithe ar fhorais amhail cosaint na sláinte poiblí nó an chomhshaoil agus i gcás ina bhfuil roghanna malartacha eile ar fáil atá indéanta go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de. Déanfaidh Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta den sórt sin i gcomhréir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise. (5)

5.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chur ar fáil go poiblí.

(8)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina bhfuil forais inchosanta ag Ballstát le creidiúint go bhfuil glantach sonrach ina riosca do shábháilteacht nó sláinte an duine nó do shábháilteacht nó do shláinte ainmhithe nó go bhfuil sé ina riosca don chomhshaol, cé go gcomhlíontar riachtanais an Rialacháin seo leis, féadfaidh sé gach beart sealadach iomchuí a ghlacadh, ar bearta iad atá ar comhréir le cineál an riosca, chun a áirithiú nach bhfuil riosca ag baint leis an nglantach lena mbaineann a thuilleadh, go ndéantar é a bhaint den mhargadh nó go ndéantar é a athghairm laistigh de thréimhse réasúnta nó go gcuirtear srian ar a infhaighteacht.

Cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin, agus na cúiseanna lena chinneadh á lua aige.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Tuarascáil

1.   Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht trí bhíthin measúnaithe chríochnúil i dtaobh cibé ar cheart an srian atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa a mhodhnú, agus faisnéis ó na Ballstáit maidir leis an gcion fosfair i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra arna gcur ar an margadh ina gcríocha á cur san áireamh aige agus i bhfianaise aon fhaisnéis eolaíochta atá ann cheana nó aon fhaisnéis nua eolaíochta atá ar fáil dó maidir le substaintí a úsáidtear i bhfoirmlithe ina bhfuil fosfáití agus i bhfoirmlithe malartacha. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin anailís maidir leis an tionchar atá ag glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ar an gcomhshaol, ar an tionscal agus ar thomhaltóirí is glantaigh a bhfuil leibhéil fosfair acu atá os cionn agus faoi bhun an teorainnluacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIa, agus nithe lena n-áirítear costas, infhaighteacht, éifeachtúlacht glanta agus an tionchar ar chóireáil fuíolluisce á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú críochnúil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Ina theannta sin, má mheasann an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe chríochnúil dá dtagraítear i mír 1, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an srian a chuirtear ar fhosfáití agus ar chomhdhúile eile fosfair arna n-úsáid i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, déanfaidh sé togra reachtach iomchuí a thíolacadh faoin 1 Iúil 2015. Ní mór é a bheith mar aidhm ag aon togra den sórt sin an tionchar diúltach ó na táirgí glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra go léir ar an gcomhshaol i gcoitinne a íoslaghdú, agus aird á tabhairt d’aon chostais eacnamaíocha mar a shainítear iad sa mheasúnú críochnúil sin. Mura rud é go gcinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a mhalairt, ar bhonn togra den sórt sin, faoin 31 Nollaig 2016, tiocfaidh an teorainnluach atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa chun bheith ina teorainn don chion fosfair i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ón dáta atá leagtha amach sa phointe sin.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin bearta iomchuí a cheadaíonn d’údaráis inniúla na mBallstát cosc a chur ar ghlantaigh nó ar dhromchlaghníomhaithe le haghaigh glantach nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

Áireofar sna rialacha sin bearta lena gceadaítear d’údaráis inniúla na mBallstát coinsíneachtaí glantach nach gcomhlíonann an Rialachán seo a choinneáil.”;

(11)

déantar an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004;

(12)

leasaítear Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

(a)

i Roinn A, scriostar an téacs seo a leanas:

“Má bhunaíonn CECTNB teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh na n-ailléirginí cumhráin ina dhiaidh sin, togróidh an Coimisiún go ndéanfar na teorainneacha sin a ghlacadh chun iad a chur in ionad na teorann 0,01 % a luaitear thuas. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B:

“B.   Lipéadú maidir le faisnéis dáileogachta

Mar a fhorordaítear in Airteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is forálacha maidir le lipéadú, i gcás pacáistíochta glantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne.

Glantaigh níocháin tomhaltóra

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistíocht na nglantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne agus atá beartaithe lena n-úsáid mar ghlantaigh níocháin:

na cainníochtaí molta agus/nó na treoracha dáileogachta arna sloinneadh i millilítir nó i ngraim atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin, i leith na leibhéal cruais uisce cruas bog, meánach agus crua agus treoracha do phróisis níocháin d’aon timthriall amháin nó de dhá thimthriall,

maidir le glantaigh tromshaothair, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘gnáthshalaithe’, agus, maidir le glantaigh d’fhabraicí fíneáilte, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘beagshalaithe’, ar féidir iad a ní le hinneachar an phacáiste agus úsáid á baint as uisce de chruas meánach, arb ionann é agus 2,5 mileamól CaCO3/l,

déanfar toilleadh aon chupáin tomhais, más ann dó, a léiriú i millilítir nó i ngraim, agus beidh marcáil air chun an dáileog de ghlantach atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin a léiriú i leith na leibhéal cruais uisce cruas bog, meánach agus crua.

Is iad na gnáthualaí meaisín níocháin ná 4,5 kg fabraic thirim do ghlantaigh thromshaothair agus 2,5 kg fabraic thirim do ghlantaigh saothair éadroim, i gcomhréir le sainmhínithe Chinneadh 1999/476/CE ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na Critéir Éiceolaíocha maidir le hÉicilipéad Comhphobail a bhronnadh ar Ghlantaigh Níocháin (6). Measfar go bhfuil glantach ina ghlantach tromsaothair mura rud é gurb é cúram na fabraice, i.e. níochán ar theocht íseal, fabraicí fíneáilte agus dathanna, a chuirtear chun cinn go príomha i maíomh an mhonaróra.

Glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistíocht na nglantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne agus atá beartaithe lena n-úsáid mar ghlantaigh miasniteoirí uathoibríocha:

an gnáthdháileogacht arna sloinneadh i ngraim nó i ml nó i líon na dtaibléad le haghaidh an phríomhthimthrialla níocháin do threalamh boird gnáthshalaithe i miasniteoir de chóiriú ionaid dháréag atá líonta go hiomlán, agus na treoracha, i gcás inarb iomchuí, don chruas uisce cruas bog, meánach agus crua.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 71.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Feabhra 2012.

(3)  IO L 104, 8.4.2004, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.).

(5)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.”;

(6)  IO L 187, 20.7.1999, lch. 52. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2011/264/AE (IO L 111, 30.4.2011, lch. 34.).”.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VIa

TEORAINNEACHA AR CHION NA bhFOSFÁITÍ AGUS AR CHION NA gCOMHDHÚL EILE FOSFAIR

Glantach

Teorainneacha

An dáta óna mbeidh feidhm ag an teorainn

1.

Glantaigh níocháin tomhaltóra

Ní chuirfear ar an margadh iad más comhionann le 0,5 gram, nó os a chionn, an cion iomlán fosfair sa chainníocht mholta den ghlantach atá le húsáid i bpríomhthimthriall an phróisis níocháin do ghnáthualach meaisín níocháin mar a shainítear í i Roinn B d’Iarscríbhinn VII le haghaidh uisce ar crua a chruas uisce

le haghaidh fabraicí ‘gnáthshalaithe’ i gcás glantach tromshaothair,

le haghaidh fabraicí ‘beagshalaithe’ i gcás glantach le haghaidh fabraicí fíneáilte.

30 Meitheamh 2013

2.

Glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

Ní chuirfear ar an margadh iad más comhionann le 0,3 gram, nó os a chionn, an cion iomlán fosfair sa ghnáthdháileogacht mar a shainítear í i Roinn B d’Iarscríbhinn VII

1 Eanáir 2017”