30.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/41


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1342/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 maidir le oblast Kaliningrad agus ceantair riaracháin Pholannacha áirithe a áireamh sa limistéar teorann incháilithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Fágann rialacha an Aontais maidir le trácht teorann áitiúil, arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (2), atá i bhfeidhm ó 2007, go seachnaítear bacainní a chur ar thrádáil, ar idirmhalartú sóisialta agus cultúrtha agus ar chomhar réigiúnach le tíortha comharsanachta, agus ag an am céanna go gcaomhnaítear slándáil limistéar Schengen ar fad.

(2)

Tá suíomh geografach eisceachtúil ag gabháil le oblast Kaliningrad: ceantar réasúnta beag é atá mórthimpeallaithe ag dhá Bhallstát agus is é an t-aon iamhchríoch san Aontas Eorpach é; de bharr chruth an réigiúin agus dháileadh an daonra, dhéanfaí an iamhchríoch a dheighilt go mínádúrtha dá gcuirfí na rialacha caighdeánacha maidir leis an sainmhíniú ar an limistéar teorann i bhfeidhm, agus chiallódh deighilt den sórt sin go ndéanfaí trácht teorann áitiúil a éascú do chuid de na háitritheoirí ach go gceilfí an t-éascú sin ar thromlach na n-áitritheoirí, áitritheoirí chathair Kaliningrad ina measc. I bhfianaise a aonchineálaí is atá oblast Kaliningrad, agus chun trádáil, idirmhalartú sóisialta agus cultúrtha agus comhar réigiúnach a fheabhsú, ba cheart eisceacht shonrach a dhéanamh ó Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ionas go measfaí oblast Kaliningrad ina iomláine mar limistéar teorann.

(3)

Ba cheart limistéar teorann sonrach ar thaobh na Polainne a aithint mar limistéar teorann incháilithe freisin, chun go mbeadh fíoréifeacht ag cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 sa réigiún sin trí dheiseanna níos mó a chruthú i ndáil le trádáil, le hidirmhalartú sóisialta agus cultúrtha agus le comhar réigiúnach idir oblast Kaliningrad de pháirt agus mórionaid i dtuaisceart na Polainne den pháirt eile.

(4)

Tá an Rialachán seo gan dochar don sainmhíniú ginearálta ar an limistéar teorann agus do lánurraim a thabhairt do na rialacha agus na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 lena n-áirítear na pionóis a fhorchuireann na Ballstáit ar áitritheoirí teorann a bhaineann mí-úsáid as córas an tráchta teorann áitiúil.

(5)

Cabhraíonn an Rialachán seo leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise a chur chun cinn tuilleadh, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá leagtha síos sa Phlean Oibre le haghaidh Spáis Choitinn um Shaoirse, Slándáil agus Ceartas, agus cuireann sé san áireamh an caidreamh foriomlán idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise.

(6)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon oblast Kaliningrad agus ceantair riaracháin Pholannacha áirithe a áireamh sa limistéar teorann incháilithe, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (4).

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(11)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(12)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 leis seo mar a leanas:

(1)

ag deireadh Airteagal 3, pointe (2), cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Measfar gur cuid den limistéar teorann iad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;”;

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. SZPUNAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2011.

(2)  IO L 405, 30.12.2006, lch. 1.

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(9)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(10)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

1.

Oblast Kaliningrad

2.

Ceantair riaracháin Pholannacha (powiaty) województwo pomorskie: pucki, m. Gdynia, m. Sopot, m. Gdańsk, gdański, nowodworski, malborski

3.

Ceantair riaracháin Pholannacha (powiaty) województwo warmińsko-mazurskie: m. Elbląg, elbląski, braniewski, lidzbarski, bartoszycki, m. Olsztyn, olsztyński, kętrzyński, mrągowski, węgorzewski, giżycki, gołdapski, olecki”.