29.6.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/24


RIALACHÁN (CE) Uimh. 545/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2009

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an ghéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais ag cur isteach go mór anois ar ghníomhaíochtaí aeriompróirí. Tá laghdú suntasach tagtha ar aerthrácht dá bharr i dtréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2008/2009. Déanfaidh an ghéarchéim eacnamaíoch difear freisin do thréimhse sceidealaithe shamhradh 2009.

(2)

Chun a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar neamhúsáid na sliotán a leithroinneadh do thréimhse sceidealaithe shamhradh 2009 go gcaillfidh aeriompróirí a dteidlíocht ar na sliotáin sin, ní mór a shonrú go soiléir agus gan athbhrí go bhfuil difear déanta don tréimhse sceidealaithe ag an ngéarchéim eacnamaíoch.

(3)

Ba cheart go leanfadh an Coimisiún leis an anailís ar thionchar na géarchéime eacnamaíche ar earnáil an aeriompair. Más rud é go rachaidh an staid eacnamaíoch in olcas roimh thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2009/2010, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athnuachan a dhéanamh ar na socruithe atá sa Rialachán seo do thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2010/2011. Sula dtíolacfaí togra den sórt sin, ba cheart go ndéanfaí measúnacht iomlán tionchair, lena ndéanfaí anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an togra ar chúrsaí iomaíochta agus ar thomhaltóirí, agus níor cheart é a thíolacadh ach amháin i gcás inar cuid de thogra é chun athbhreithniú ginearálta a dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (3) chun neamhéifeachtúlachtaí sa leithroinnt sliotán atá ann faoi láthair a réiteach agus chun a áirithiú go mbaintear úsáid bharrmhaith as toilleadh tearc ag aerfoirt phlódaithe.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a leasú dá réir, agus ar bhonn práinne. Ní dhéanfaidh an leasú seo aon difear do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le hAirteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a:

‘Airteagal 10a

Chun críche Airteagal 10(2), glacfaidh comhordaitheoirí leis go mbeidh teideal ag aeriompróirí ar an tsraith de shliotáin do thréimhse sceidealaithe shamhradh 2010 agus a leithroinneadh orthu ag tús thréimhse sceidealaithe shamhradh 2009 i gcomhréir leis an Rialachán seo.’;

2.

scriostar Airteagal 10b.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Š. FÜLE


(1)  Tuairim an 24 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2009.

(3)  IO L 14, 22.1.1993, lch. 1.