02019R0816 — GA — 03.08.2021 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

(IO L 135 22.5.2019, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019

  L 135

85

22.5.2019

►M2

RIALACHÁN (AE) 2021/1151 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021

  L 249

7

14.7.2021




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:

(a) 

córas chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír a shainaithint (“ECRIS-TCN”);

(b) 

na coinníollacha faoina n-úsáidfidh na húdaráis lárnacha ECRIS-TCN chun faisnéis a fháil faoi na ciontuithe a rinneadh roimhe sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a bunaíodh le Cinneadh 2009/316/CGB, chomh maith leis na coinníollacha faoina n-úsáidfidh Eurojust, Europol agus OIPE ECRIS-TCN;

▼M1

(c) 

na coinníollacha faoina rannchuidíonn ECRIS-TCN le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus a chabhrú faoi na coinníollacha agus chun críocha Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), trí shonraí céannachta, sonraí doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil in CIR;

▼M2

(e) 

na coinníollacha faoina bhféadfaidh Láraonad ETIAS, a bunaíodh laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), sonraí in ECRIS-TCN a úsáid chun críche tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú críochnúil ar riosca slándála na n-iarratasóirí, sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí, d’fhonn a chinneadh an bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann atá bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena theacht ar an tátal go bhfuil riosca slándála ann de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

▼M2

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise céannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit, chun críche na Ballstáit inar tugadh na ciontuithe den sórt sin a shainaithint. Cé is moite de phointe (b)(ii) d’Airteagal 5(1), i dtaca leis na forálacha den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír, tá feidhm acu freisin maidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil náisiúnaigh tríú tír acu freisin agus a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit.

Leis an Rialachán seo:

(a) 

tacaítear le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b) 

tacaítear le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240;

(c) 

cuidítear le ceart-sainaithint daoine, agus déantar an tsainaithint sin a éascú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “ciontú” aon chinneadh críochnaitheach ó chúirt choiriúil i gcoinne duine nádúrtha i ndáil le cion coiriúil, sa mhéid go mbreactar síos an cinneadh sin i dtaifid choiriúla an Bhallstáit chiontaithigh;

(2) 

ciallaíonn “imeachtaí coiriúla” an chéim roimh an triail, céim na trialach agus forghníomhú an chiontaithe;

(3) 

ciallaíonn “taifead coiriúil” an clár náisiúnta nó na cláir náisiúnta ina ndéantar ciontuithe a thaifeadadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(4) 

ciallaíonn “Ballstát ciontaitheach” an Ballstát inar tugadh ciontú;

(5) 

ciallaíonn “údarás lárnach” údarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

▼M2

(6) 

ciallaíonn “údaráis inniúla” na húdaráis lárnacha, Eurojust, Europol, OIPE, údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus Láraonad ETIAS, atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

▼B

(7) 

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, nó duine gan stát, nó duine nach eol an náisiúntacht atá aige;

▼M1 —————

▼B

(9) 

ciallaíonn “bogearraí comhéadain” na bogearraí arna n-óstáil ag na húdaráis inniúla a ligeann dóibh an lárchóras a rochtain tríd an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1);

(10) 

ciallaíonn “faisnéis chéannachta” sonraí alfa-uimhriúla, sonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a mbaintear úsáid astu chun nasc a bhunú idir na sonraí sin agus duine nádúrtha;

(11) 

ciallaíonn “sonraí alfa-uimhriúla” sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna agus le comharthaí poncaíochta;

(12) 

ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann le méarloirg, idir loirg shimplí agus loirg rollta, gach ceann de mhéara an duine;

(13) 

ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhá dhigiteach d'aghaidh duine;

(14) 

ciallaíonn “amas” meaitseáil nó meaitseálacha a fhaightear trí chomparáid a dhéanamh idir faisnéis chéannachta arna taifeadadh sa lárchóras agus an fhaisnéis chéannachta arna húsáid do chuardach;

(15) 

ciallaíonn “lárphointe rochtana náisiúnta” an pointe náisiúnta a nascann leis an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1);

(16) 

ciallaíonn “cur chun feidhme thagairt ECRIS” na bogearraí arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus arna gcur ar fáil do na Ballstáit chun faisnéis faoi thaifid choiriúil a mhalartú trí ECRIS;

(17) 

ciallaíonn “údarás maoirseachta náisiúnta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme;

(18) 

ciallaíonn “údaráis mhaoirseachta” an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta;

▼M1

(19) 

ciallaíonn “CIR” an stóras coiteann sonraí céannachta a bunaíodh le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/818;

(20) 

ciallaíonn “sonraí ECRIS-TCN” na sonraí uile a stóráiltear sa lárchóras agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 5;

(21) 

ciallaíonn “ESP” an tairseach chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

Airteagal 4

Ailtireacht theicniúil ECRIS-TCN

1.  

Is é a bheidh in ECRIS-TCN:

▼M1

(a) 

lárchóras;

▼M1

(aa) 

CIR;

▼B

(b) 

lárphointe rochtana náisiúnta i ngach Ballstát;

(c) 

bogearraí comhéadain lena gceanglaítear na húdaráis inniúla leis an lárchóras trí na lárphointí rochtana náisiúnta agus an bonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d);

(d) 

bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus na lárphointí rochtana náisiúnta;

▼M1

(e) 

bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus bonneagair láir ESP agus CIR.

▼B

2.  
Is é eu-LISA a dhéanfaidh an lárchóras a óstáil ar na uíomhanna teicniúla atá aige.
3.  
Déanfar na bogearraí comhéadain a chomhtháthú le cur chun feidhme thagairt ECRIS. Úsáidfidh na Ballstáit cur chun feidhme thagairt ECRIS nó, i gcás mhíreanna 4 go 8 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach iontu, bogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS chun ECRIS-TCN a cheadú agus chun iarrataí a sheoladh ina dhiaidh sin le haghaidh faisnéis faoi thaifid choiriúla.
4.  
Beidh freagracht ar na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS a áirithiú go gceadóidh a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS dá n-údaráis náisiúnta um thaifid choiriúla úsáid a bhaint as ECRIS-TCN, cé is moite de na bogearraí comhéadain, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, áiritheoidh siad, faoin dáta a gcuirfear tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 35(4), go bhfeidhmeoidh a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS i gcomhréir leis na prótacail agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10, agus i gcomhréir le haon cheanglais theicniúla bhreise atá bunaithe ag eu-LISA de bhun an Rialacháin seo bunaithe ar na gníomhartha cur chun feidhme sin.
5.  
Fad nach mbeidh úsáid á baint acu as cur chun feidhme thagairt ECRIS, áiritheoidh na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS go gcuirfear chun feidhme gan moill mhíchuí na hoiriúnuithe teicniúla a cheanglófar ina dhiaidh sin i leith a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS de bharr aon athrú a dhéantar ar na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10, nó aon athrú a dhéantar ar aon cheanglais theicniúla breise atá bunaithe ag eu-LISA de bhun an Rialacháin seo bunaithe ar na gníomhartha cur chun feidhme sin.
6.  
Na Ballstáit sin a bhainfidh úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, is iad féin a sheasfaidh na costais uile a bhaineann lena mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS a chur chun feidhme, a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh, agus lena idirnascadh le ECRIS-TCN, cé is moite de na bogearraí comhéadain.
7.  
I gcás nach bhfuil Ballstát a bhaineann úsáid as a bhogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS in ann a oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, cuirfear d'oibleagáid air cur chun feidhme thagairt ECRIS a úsáid, lena n-áirítear na bogearraí comhéadain comhtháite, chun úsáid a bhaint as ECRIS-TCN.
8.  
I bhfianaise an mheasúnaithe atá le déanamh ag an gCoimisiún de bhun phointe (b) d'Airteagal 36(10), cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún.



CAIBIDIL II

Iontráil agus úsáid sonraí ag na hÚdaráis lárnacha

Airteagal 5

Sonraí a iontráil in ECRIS-TCN

▼M1

1.  

I gcás gach náisiúnaigh tríú tír arna chiontú, cruthóidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh taifead sonraí in ECRIS-TCN. Áireofar an méid seo a leanas sa taifead sonraí:

▼B

(a) 

a mhéid a bhaineann le sonraí alfa-uimhriúla:

(i) 

faisnéis atá le háireamh mura rud é, i gcásanna aonair, nach bhfuil an fhaisnéis sin i bhfios don údarás lárnach (faisnéis éigeantach):

— 
sloinne (ainm teaghlaigh),
— 
ainmneacha (ainmneacha baiste),
— 
dáta breithe,
— 
áit bhreithe (baile agus tír),
— 
náisiúntacht nó náisiúntachtaí,
— 
inscne,
— 
ainmneacha a bhí ar an duine roimhe seo, más infheidhme,
— 
cód an Bhallstáit chiontaithigh,
(ii) 

faisnéis atá le háireamh má iontráladh sa taifead coiriúil í (faisnéis roghnach):

— 
ainmneacha na dtuismitheoirí,
(iii) 

faisnéis atá le háireamh má tá sí ar fáil don údarás lárnach (faisnéis bhreise):

▼M2

— 
uimhir aitheantais, nó cineál agus uimhir dhoiciméid aitheantais an duine, lena n-áirítear doiciméid taistil, chomh maith le hainm an údaráis eisiúna,

▼B

— 
ainmneacha bréige nó ailiasanna;
(b) 

a mhéid a bhaineann le sonraí méarlorg:

(i) 

sonraí méarlorg a bailíodh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta le linn imeachtaí coiriúla;

(ii) 

den chuid is lú, sonraí méarlorg a bailíodh ar bhonn cheachtar de na critéir seo a leanas:

— 
i gcás ina bhfuair an náisiúnach tríú tír pianbhreith choimeádta 6 mhí ar a laghad;
— 
i gcás inar ciontaíodh an náisiúnach tríú tír i gcion coiriúil is inphionóis faoi dhlí an Bhallstáit le pianbhreith choimeádta uastréimhse 12 mhí ar a laghad;

▼M2

(c) 

bratach lena léirítear, chun críoch Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2018/1240, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann le linn na 25 bliana roimhe sin i gcion sceimhlitheoireachta nó le linn na 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.

▼M1

1a.  
Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus sna sonraí seo a leanas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1: sloinne (ainm teaghlaigh); céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; ainmneacha roimhe sin, más infheidhme; i gcás fáil a bheith orthu, ainmneacha bréige nó ailiasanna; i gcás fáil a bheith orthu, cineál agus uimhir dhoiciméid taistil an duine, mar aon le hainm an údaráis eisiúna. Féadfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a bheith ar áireamh in CIR. Stórálfar sonraí eile ECRIS-TCN sa lárchóras.

▼B

2.  
Beidh ag na sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cháilíocht, thaifeach agus phróiseáil na sonraí méarlorg dá bhforáiltear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1). Áireofar cód an Bhallstáit chiontaithigh in uimhir thagartha shonraí méarlorg an duine arna chiontú.
3.  
Féadfar íomhánna d'aghaidh na náisiúnach tríú tír arna gciontú a bheith sa taifead sonraí chomh maith, más rud é go gceadaítear le dlí an Bhallstáit chiontaithigh íomhánna d'aghaidh daoine arna gciontú a bailiú agus a stóráil.
4.  
Cruthóidh an Ballstát ciontaitheach an taifead sonraí go huathoibríoch, nuair is féidir, agus gan moill mhíchuí, tar éis taifead an chiontaithe a iontráil sna taifid choiriúla.
5.  
Cruthóidh na Ballstáit chiontaitheacha taifid sonraí freisin do chiontuithe a tugadh roimh dháta iontrála na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 35(1) sa mhéid go stóráiltear ina mbunachair sonraí náisiúnta féin sonraí a bhaineann le daoine arna gciontú. Sna cásanna sin, ní chuirfear sonraí méarlorg ar áireamh ach amháin i gcás inar bailíodh iad le linn imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus i gcás inar féidir iad a mheaitseáil go soiléir le faisnéis chéannachta eile sna taifid choiriúla.
6.  
Chun na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí (b)(i) agus (ii) de mhír 1, agus i mír 5, a chomhlíonadh, chun críocha sonraí méarlorg a áireamh ar an taifead sonraí, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí méarlorg arna mbailiú chun críocha seachas críocha imeachtaí coiriúla, i gcás ina gceadaítear an úsáid sin faoin dlí náisiúnta.

▼M2

7.  

Ní bheidh bratacha agus cóid Ballstát ciontaitheach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo inrochtana ná inchuardaithe ach ag:

(a) 

Lárchóras VIS, a bunaíodh le pointe (b) d’Airteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun críoch na bhfhíoraithe de bhun Airteagal 7a den Rialachán seo i gcomhar le pointe (e) d’Airteagal 9a(4) nó pointe (e) d’Airteagal 22b(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b) 

Lárchóras ETIAS, mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, chun críoch na bhfhíoraithe de bhun Airteagal 7b den Rialachán seo i gcomhar le pointe (n) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 i gcás ina dtuairiscítear amais tar éis na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) den Rialachán sin.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheicthe ag aon údarás seachas údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh a chruthaigh an taifead sonraí a bhfuil bratach leis.

▼B

Airteagal 6

Íomhánna den aghaidh

1.  
Go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 i bhfeidhm, ní fhéadfar íomhánna den aghaidh a úsáid ach chun céannacht náisiúnaigh tríú tír a sainaithníodh mar gheall ar chuardach alfa-uimhriúil nó ar chuardach trí úsáid a bhaint as sonraí méarlorg a dheimhniú.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le húsáid a bhaint as íomhánna den aghaidh chun críche céannacht náisiúnaigh tríú tír a shainaithint chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe a rinne na náisiúnaigh tríú tír sin roimhe sin a shainaithint, tráth a dtiocfaidh an méid sin chun bheith indéanta go teicniúil. Sula bhfeidhmeoidh sé an chumhacht sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht agus ar ullmhacht na teicneolaíochta, agus aird á tabhairt aige ar riachtanas agus comhréireacht, agus ar fhorbairtí teicniúla i réimse na mbogearraí aghaidh-aitheanta.

Airteagal 7

ECRIS-TCN a úsáid chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla a shainaithint

1.  

Bainfidh na húdaráis lárnacha úsáid as ECRIS-TCN chun na Ballstáit sin ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír a shainaithint chun faisnéis a fháil maidir le ciontuithe roimhe sin trí ECRIS, nuair a iarrtar faisnéis faoi thaifid choiriúla faoin duine sin sa Bhallstát lena mbaineann chun críocha imeachtaí coiriúla i gcoinne an duine sin, nó chun aon chríche díobh seo a leanas, i gcás ina bhforáiltear dóibh sin faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis:

— 
seiceáil a dhéanamh ar thaifead coiriúil pearsanta duine arna hiarraidh sin dó nó di,
— 
imréiteach slándála a dhéanamh,
— 
ceadúnú nó ceadúnas a fháil,
— 
grinnfhiosrúchán fostaíochta a dhéanamh,
— 
grinnfhiosrúchán a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí deonacha lena mbaineann teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí nó le daoine leochaileacha,
— 
nósanna imeachta víosa, nósanna imeachta maidir le saoránacht a fháil agus nósanna imeachta imirce, lena n-áirítear nósanna imeachta tearmainn, agus
— 
seiceálacha a dhéanamh i ndáil le conarthaí poiblí agus scrúduithe poiblí.

Mar sin féin, i gcásanna sonracha seachas na cásanna sin ina n-iarrann náisiúnaigh tríú tír faisnéis faoina dtaifid choiriúla féin ar an údarás lárnach, nó i gcás ina ndéantar an iarraidh chun faisnéis a fháil faoi thaifid choiriúla de bhun Airteagal 10(2) de Threoir 2011/93/AE, féadfaidh an t-údarás a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla á hiarraidh aige a chinneadh nach iomchuí ECRIS-TCN a úsáid ar an mbealach sin.

2.  
Aon Bhallstát a chinnfidh úsáid a bhaint as ECRIS-TCN, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis, chun aon chríocha seachas na críocha sin a leagtar amach i mír 1 chun faisnéis a fháil faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin trí ECRIS, déanfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le críocha eile den sórt sin agus aon athrú ar na críocha sin faoin dáta a gcuirfear tús leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 35(4) nó aon tráth dá éis sin. Foilseoidh an Coimisiún fógraí den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de 30 lá ó na fógraí a fháil,.
3.  
Tá Eurojust, Europol, agus ag OIPE i dteideal ECRIS-TCN a cheadú chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnaigh tríú tír a shainaithint i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18. Mar sin féin, ní dhéanfaidh siad aon sonraí a iontráil in ECRIS-TCN, ná aon sonraí atá sa chóras sin a cheartú ná a léirscriosadh.
4.  
Chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis inniúla ECRIS-TCN a cheadú freisin chun a fhíorú, i leith saoránach de chuid an Aontais, an bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla a bhaineann leis an duine sin mar náisiúnach tríú tír ag aon Bhallstát.
5.  
Agus ECRIS-TCN á cheadú acu, féadfaidh na húdaráis inniúla na sonraí go léir, nó cuid díobh, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a úsáid. Déanfar an tacar sonraí is lú is gá chun an córas a cheadú a shonrú i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 10(1).
6.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla ECRIS-TCN a cheadú freisin trí úsáid a bhaint as íomhánna den aghaidh, ar choinníoll gur cuireadh feidhmiúlacht den sórt sin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

▼M2

7.  

I gcás amais, cuirfidh an lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil leis an náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a) 

iarraidh a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

(b) 

iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo;

(c) 

tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; nó

(d) 

tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240.

▼B

8.  
I gcás nach dtiocfar ar amas, cuirfidh an lárchóras an t-údarás inniúil ar an eolas go huathoibríoch faoin méid sin.

▼M2

Airteagal 7b

ECRIS-TCN a úsáid le haghaidh fíoruithe ECRIS

1.  
Chun críche na cúraimí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1240, beidh sé de cheart ag Láraonad ETIAS sonraí ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach. Mar sin féin, ní bheidh sé de cheart ag Láraonad ETIAS ach chun rochtain a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ar na taifid sonraí sin ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin chun críche fíoraithe ag:

(a) 

Lárionad ETIAS de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1240; nó

(b) 

Aonaid Náisiúnta ETIAS de bhun Airteagal 25a(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 chun críche taifid choiriúla náisiúnta a cheadú; ceadófar taifid choiriúla náisiúnta sula ndéanfar measúnuithe agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, sula ndéanfar na measúnuithe agus sular dtabharfar na tuairimí de bhun Airteagal 28 den Rialachán sin.

2.  
Beidh CIR nasctha le ESP chun gur féidir na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 a dhéanamh.
3.  
Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240, leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) den Rialachán sin, beifear in ann na fíoruithe dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin a dhéanamh.

Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, bainfidh Lárchóras ETIAS úsáid as ESP chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid le sonraí ECRIS-TCN ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo agus Airteagal 11(8) de Rialachán (AE) 2018/1240, agus na sonraí a liostaítear i dtábla na gcomhfhreagairtí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo á n-úsáid aige.

▼B



CAIBIDIL III

Na sonraí a choinneáil agus a mhodhnú

Airteagal 8

Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

▼M1

1.  
Stórálfar gach taifead sonraí sa lárchóras agus in CIR ar feadh na tréimhse a bheidh na sonraí a bhaineann le ciontuithe an duine lena mbaineann stóráilte sna taifid choiriúla.
2.  
Nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 imithe in éag, léirscriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí, lena n-áirítear aon sonraí méarloirg nó íomhánna den aghaidh, ón lárchóras agus ó CIR gan moill mhíchuí. Déanfar an léirscriosadh go huathoibríoch, nuair is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí tar éis don tréimhse choinneála sin dul in éag.

▼M2

3.  
Léirscriosfar na bratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) go huathoibríoch nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo imithe in éag nó 25 bliana tar éis an bhratach a chruthú a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó 15 bliana tar éis an bhratach a chruthú a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha eile, cibé acu is túisce.

▼B

Airteagal 9

Sonraí a mhodhnú agus a léirscriosadh

1.  
Féadfaidh na Ballstáit na sonraí a d'iontráil siad in ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ a mhodhnú nó a léirscriosadh.
2.  
Aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis sna taifid choiriúla ba bhonn le taifead sonraí a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 5, beidh ar an mBallstát ciontaitheach an leasú ceannann céanna a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa taifead sonraí sin sa ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ gan moill mhíchuí.
3.  

I gcás ina mbeidh cúis ag Ballstát ciontaitheach lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a thaifead sé sa ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sa ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé an méid a leanas:

(a) 

tús a chur láithreach le nós imeachta chun seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na sonraí lena mbaineann nó ar dhleathacht a bpróiseála, de réir mar is iomchuí;

(b) 

más gá, na sonraí a cheartú nó iad a léirscriosadh ón ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ gan moill mhíchuí.

4.  
I gcás ina mbeidh cúis ag Ballstát, seachas an Ballstát ciontaitheach, a d'iontráil na sonraí lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sa ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé teagmháil le húdarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh gan moill mhíchuí.

Déanfaidh an Ballstát ciontaitheach an méid seo a leanas:

(a) 

nós imeachta chun seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na sonraí nó ar dhleathacht a bpróiseála a sheoladh láithreach bonn, de réir mar is iomchuí;

(b) 

más gá, na sonraí a cheartú nó iad a léirscriosadh ón ►M1  Lárchóras agus CIR ◄ gan moill mhíchuí;

(c) 

a chur in iúl don Bhallstát eile gur ceartaíodh nó gur léirscriosadh na sonraí, nó na cúiseanna i dtaobh nár ceartaíodh nó nár léirscriosadh iad a chur in iúl dó, gan moill mhíchuí.



CAIBIDIL IV

Forbairt, oibríocht agus freagrachtaí

Airteagal 10

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

1.  

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun ECRIS-TCN a fhorbairt agus a chur chun feidhme go teicniúil a luaithe is féidir, agus glacfaidh sé, go háirithe, gníomhartha a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

na sonraíochtaí teicniúla maidir le próiseáil na sonraí alfa-uimhriúla;

(b) 

na sonraíochtaí teicniúla maidir le cáilíocht, taifeach agus próiseáil sonraí méarlorg;

(c) 

sonraíochtaí teicniúla na mbogearraí comhéadain;

(d) 

na sonraíochtaí teicniúla maidir le cáilíocht, taifeach agus próiseáil íomhánna den aghaidh chun críocha Airteagal 6 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

(e) 

cáilíocht sonraí, lena n-áirítear sásra agus nósanna imeachta chun seiceálacha a dhéanamh ar cháilíocht sonraí;

(f) 

na sonraí a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 5;

(g) 

ECRIS-TCN a rochtain agus a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 7;

(h) 

na sonraí a mhodhnú agus a léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9;

(i) 

logaí a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 31;

▼M1 —————

▼B

(k) 

staidreamh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 32;

(l) 

ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta ECRIS-TCN, lena n-áirítear sonraíochtaí íosta agus ceanglais maidir le feidhmíocht bhithmhéadrach ECRIS-TCN, go háirithe maidir leis an ráta sainaitheanta bréagdheimhní agus an ráta sainaitheanta bréagdhiúltaí.

2.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 11

Forbairt agus bainistiú oibríochtúil ECRIS-TCN

1.  
Is é eu-LISA a bheidh freagrach as forbairt ECRIS-TCN i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Anuas air sin, is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil ECRIS-TCN. Is éard a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.
2.  
Is é eu-LISA a bheidh freagrach freisin as cur chun feidhme thagairt ECRIS a fhorbairt tuilleadh agus a chothabháil.
3.  
Is é eu-LISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach ECRIS-TCN lena n-áirítear a shonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh ar na sonraíochtaí sin i dtaca leis an lárchóras, an lárphointe rochtana náisiúnta agus na bogearraí comhéadain. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an dearadh sin, faoi réir tuairim fhabhrach ón gCoimisiún.
4.  
Is é eu-LISA a dhéanfaidh ECRIS-TCN a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 10 a ghlacadh.
5.  
Roimh chéim deartha agus forbartha ECRIS-TCN, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta de chuid an Chláir ar a mbeidh deichniúr comhaltaí.

Ar Bhord Bainistíochta an Chláir, beidh ochtar comhalta a cheapfaidh an Bord Bainistíochta, Cathaoirleach an Ghrúpa Comhairligh dá dtagraítear in Airteagal 39 agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh an Bord Bainistíochta, toghfar iad as measc na mBallstát sin atá faoi cheangal go hiomlán, faoi dhlí an Aontais, ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear ECRIS agus a bheidh rannpháirteach in ECRIS-TCN, agus as a measc siúd amháin. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go mbeidh, ag na comhaltaí a cheapfaidh sé chuig Bord Bainistíocha an Chláir, an taithí agus an saineolas is gá i bhforbairt agus i mbainistiú chórais TF lena dtugtar tacaíocht d'údaráis bhreithiúnacha agus d'údaráis um thaifid choiriúla.

Beidh eu-LISA rannpháirteach in obair Bhord Bainistíochta an Chláir. Chun na críche sin, freastalóidh ionadaithe de chuid eu-LISA ar chruinnithe Bhord Bainistíochta an Chláir chun tuarascáil a chur le chéile i ndáil le dearadh agus le forbairt ECRIS-TCN agus i ndáil le haon obair ghaolmhar eile agus le haon gníomhaíochtaí gaolmhara eile.

Tiocfaidh Bord Bainistíochta an Chláir le chéile uair amháin gach trí mhí ar a laghad, agus níos minice ná sin nuair is gá. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha ECRIS-TCN agus áiritheoidh sé go mbeidh comhsheasmhacht ann idir tionscadail lárnacha agus náisiúnta ECRIS-TCN, agus bogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS. Cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go rialta, agus gach mí más féidir, maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ag Bord Bainistíochta an Chláir.

6.  

Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir a rialacha nós imeachta a bhunú lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an chathaoirleacht;

(b) 

ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c) 

ullmhú cruinnithe;

(d) 

saineolaithe a ligean isteach ar chruinnithe;

(e) 

pleananna cumarsáide a áiritheoidh go gcoimeádfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta nach mbíonn rannpháirteach sna cruinnithe go hiomlán ar an eolas.

7.  
Beidh cathaoirleacht Bhord Bainistíochta an Chláir ag Ballstát atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear ECRIS agus ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, feidhmiú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA.
8.  
Is é eu-LISA a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta eu-LISA maidir leo. Déanfaidh eu-LISA rúnaíocht Bhord Bainistíochta an Chláir a áirithiú.
9.  
Le linn chéim an deartha agus na forbartha, is éard a bheidh i nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39 bainisteoirí tionscadal náisiúnta ECRIS-TCN agus déanfaidh eu-LISA cathaoirleacht air. Le linn chéim an deartha agus na forbartha, tiocfaidh sé le chéile go rialta, uair sa mhí ar a laghad más féidir, go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN. Tuairisceoidh sé do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an obair leantach a bhaineann le staid ullmhachta na mBallstát.
10.  
Chun rúndacht agus sláine na sonraí atá stóráilte in ECRIS-TCN a áirithiú, déanfaidh eu-LISA, i gcomhar leis na Ballstáit, foráil maidir leis na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht, ar an gcostas a bhaineann le cur chun feidhme agus ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil.
11.  

Is é eu-LISA a bheidh freagrach as na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1):

(a) 

maoirseacht;

(b) 

slándáil;

(c) 

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus soláthraí an bhonneagair cumarsáide.

12.  

Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as gach cúram eile a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1), go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b) 

fáil agus athnuachan;

(c) 

ábhair a bhaineann le conarthaí.

13.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh agus a chothabhálfaidh sásra agus nósanna imeachta chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN agus cuirfidh sé tuarascálacha rialta faoi bhráid na mBallstát. Cuirfidh eu-LISA tuarascálacha rialta faoi bhráid an Choimisiúin ina gcumhdaítear na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus na Ballstáit lenar bhain.
14.  
Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil ECRIS-TCN na cúraimí go léir is gá chun ECRIS-TCN a choinneáil ag obair i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmíonn ECRIS-TCN ar leibhéal atá sásúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.
15.  
Is é eu-LISA a dhéanfaidh na cúraimí maidir le hoiliúint a thabhairt i dtaca le húsáid theicniúil ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS.
16.  
Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 3 ), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh bheith ag obair le sonraí atá cláraithe sa lárchóras. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 12

Freagrachtaí na mBallstát

1.  

Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

nasc slán a áirithiú idir a bhunachair sonraí náisiúnta de thaifid choiriúla agus de mhéarloirg agus an lárphointe rochtana náisiúnta;

(b) 

forbairt, oibriú agus cothabháil an naisc dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

nasc a áirithiú idir a chórais náisiúnta agus cur chun feidhme thagairt ECRIS;

(d) 

bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain a bheith ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe na n-údarás lárnach ar ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i ndáil le liosta de na baill foirne sin, maille leis na próifílí dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 19(3) a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

2.  
Cuirfidh gach Ballstát oiliúint iomchuí lena gcumhdófar, go háirithe, shlándáil sonraí, rialacha cosanta sonraí agus na cearta bunúsacha is infheidhme, ar bhaill foirne a údaráis lárnaigh a mbeidh sé de cheart acu ECRIS-TCN a rochtain, sula n-údaróidh sé dóibh na sonraí sin atá stóráilte sa ►M1  lárchóras agus CIR ◄ a phróiseáil.

Airteagal 13

Freagracht as úsáid na sonraí

1.  

I gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar na sonraí arna dtaifeadadh in ECRIS-TCN a phróiseáil go dleathach, agus áiritheoidh siad go háirithe:

(a) 

gur ag na comhaltaí foirne cuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí chun a gcúraimí a chur i gcrích;

(b) 

gur go dleathach ar shlí ina dtugtar lán-urraim do dhínit agus do chearta bunúsacha an náisiúnaigh tríú tír a bhaileofar na sonraí;

(c) 

go n-iontrálfar na sonraí go dleathach in ECRIS-TCN;

(d) 

go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a iontrálfar in ECRIS-TCN iad.

2.  
Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo, leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an ►M1  lárchóras, CIR ◄ agus an bhonneagair cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1) a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit.
3.  
Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas a luaithe is féidir faoi na bearta a dhéanann sé de bhun mhír 2 mar gheall ar thús oibríochtaí ECRIS-TCN.
4.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal trí shuíomh gréasáin poiblí a nuashonrófar go rialta.

Airteagal 14

Rochtain ag Eurojust, Europol agus OIPE

1.  
Beidh rochtain dhíreach ag Eurojust ar ECRIS-TCN chun críocha chur chun feidhme Airteagal 17, agus chun a chúraimí faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1727, chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír a rinneadh roimhe sin.
2.  
Beidh rochtain dhíreach ag Europol ar ECRIS-TCN chun críocha a chúraimí faoi phointí (a) go (e) agus (h) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 2016/794 a chomhlíonadh, chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír a rinneadh roimhe sin.
3.  
Beidh rochtain dhíreach ag OIPE ar ECRIS-TCN chun críocha a chúraimí faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1939 a chomhlíonadh, chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír a rinneadh roimhe sin.
4.  
Tar éis amas a fháil lena léirítear na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír, féadfaidh Eurojust, Europol agus OIPE a dteagmhálacha faoi seach le húdaráis náisiúnta na mBallstát sin a úsáid chun an fhaisnéis faoi thaifid choiriúla a iarraidh ar an gcaoi dá bhforáiltear ina ngníomhartha bunaidh faoi seach.

Airteagal 15

Rochtain ag comhaltaí foirne údaraithe Eurojust, Europol agus OIPE

Beidh Eurojust, Europol agus an OIPE freagrach as bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain a bheith ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe ar ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i ndáil le liosta de na comhaltaí foirne sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

Airteagal 16

Freagrachtaí Eurojust, Europol, agus OIPE

Déanfaidh Eurojust, Europol, agus OIPE an méid seo a leanas:

(a) 

an modh teicniúil a bhunú ionas gur féidir leo nascadh le ECRIS-TCN, agus is iad a bheidh freagrach as an nasc sin a chothabháil;

(b) 

oiliúint iomchuí lena gcumhdófar, go háirithe, rialacha maidir le slándáil sonraí agus cosaint sonraí, agus leis na cearta bunúsacha is infheidhme a chur ar fáil do na comhaltaí dá bhfoirne sin a bhfuil ceart rochtana acu ar ECRIS-TCN sula n-údarófar iad chun sonraí a stóráiltear sa lárchóras a phróiseáil;

(c) 

a áirithiú go gcosnófar na sonraí pearsanta a phróiseálann siad faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 17

Pointe teagmhála le haghaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.  
Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun críocha imeachtaí cóiriúla, iarrataí ar fhaisnéis i dtaobh na mBallstát, más ann dóibh, ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír a chur chuig Eurojust. Chuige sin, bainfidh siad úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.  
Nuair a fhaigheann Eurojust iarraidh faoi mhír 1, bainfidh sé úsáid as ECRIS-TCN chun na Ballstáit, más ann dóibh, ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla an náisiúnaigh tríú tír a shainaithint.
3.  
I gcás amas a bheith ann, iarrfaidh Eurojust ar an mBallstát ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann an dtoilíonn sé go gcuirfidh Eurojust in iúl don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta ainm an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás ina dtugann an Ballstát sin a thoiliú, cuirfidh Eurojust in iúl don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta ainm an Bhallstáit sin ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid chóiriúla an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh sé an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta ar an eolas maidir leis an gcaoi ar féidir sleachta as na taifid choiriúla a iarraidh ar an mBallstát sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.
4.  
I gcásanna gan amas a bheith ann, nó i gcás nach féidir le Eurojust freagra a thabhairt i gcomhréir le mír 3 i ndáil le hiarrataí a rinneadh faoin Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann gur thug sé an nós imeachta chun críche, ach ní thabharfaidh sé le fios cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla an duine lena mbaineann ag ceann de na Ballstáit.

Airteagal 18

Faisnéis a chur ar fáil do thríú tír, d'eagraíocht idirnáisiúnta nó do pháirtí príobháideach

Ní dhéanfaidh Eurojust, Europol, OIPE ná aon údarás lárnach faisnéis a fuarthas ó ECRIS-TCN a bhaineann le náisiúnach tríú tír a aistriú chuig tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó chuig páirtí príobháideach ná a chur a fáil dóibh. Ní dochar an tAirteagal seo d'Airteagal 17(3)

Airteagal 19

Slándáil sonraí

1.  
Is é eu-LISA a dhéanfaidh na bearta is gá chun slándáil ECRIS-TCN a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát, agus na bearta slándála a shonraítear i mír 3 á gcur san áireamh.
2.  
Maidir le hoibriú ECRIS-TCN, is é eu-LISA a dhéanfaidh na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste a ghlacadh, agus chun a áirithiú go bhféadfar córais suiteáilte a aischur i gcás ina dtarlóidh briseadh.
3.  

Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as slándáil na sonraí sula gcuirfear chuig an lárphointe rochtana náisiúnta iad agus fad a bheifear á gcur chuige. Go háirithe, déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a) 

cosnóidh siad na sonraí go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun an bonneagar a chosaint;

(b) 

diúltóidh siad rochtain do dhaoine neamhúdaraithe ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí a bhaineann le ECRIS-TCN;

(c) 

cuirfidh siad bac ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe na meán sonraí;

(d) 

cuirfidh siad bac ar iontráil neamhúdaraithe sonraí agus ar iniúchadh, modhnú nó léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte;

(e) 

cuirfidh siad bac ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí in ECRIS-TCN agus aon mhodhnú nó léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí arna bpróiseáil in ECRIS-TCN;

(f) 

áiritheoidh siad nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú acu ECRIS-TCN a rochtain ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana, trí bhíthin aitheantais indibhidiúla úsáideora agus modhanna rochtana rúnda amháin;

(g) 

áiritheoidh siad go gcruthóidh na húdaráis uile a bhfuil ceart rochtana ar ECRIS-TCN acu próifílí ina mbeidh cur síos ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe sonraí a iontráil, a cheartú, a léirscriosadh, a cheadú agus a chuardach, agus go gcuirfear na próifílí sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta gan moill mhíchuí arna iarraidh sin dóibh;

(h) 

áiritheoidh siad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid chuige sin;

(i) 

áiritheoidh siad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na sonraí a próiseáladh in ECRIS-TCN, cá huair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh í;

(j) 

cuirfidh siad cosc ar léamh, cóipeáil, modhnú nó léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta nuair a bheidh na sonraí pearsanta sin á dtarchur chuig ECRIS-TCN nó uaidh, nó le linn iompar na meán sonraí, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí;

(k) 

déanfaidh siad faireachán ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus déanfaidh siad na bearta eagrúcháin is gá maidir le féinfhaireachán agus maoirseacht inmheánach chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo.

4.  
Déanfaidh eu-LISA agus na Ballstáit comhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh ann cur chuige comhtháite maidir le slándáil sonraí arna bhunú ar phróiseas bainistithe riosca slándála a chuimseoidh ECRIS-TCN ina iomláine.

Airteagal 20

Dliteanas

1.  

Beidh aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó mar thoradh ar aon ghníomhaíocht eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, i dteideal cúiteamh a fháil:

(a) 

ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó nó di; nó

(b) 

ó eu-LISA, i gcás nár chomhlíon eu-LISA a oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo nó i Rialachán (AE) 2018/1725.

Beidh an Ballstát atá freagrach as an damáiste a rinneadh nó eu-LISA, faoi seach, díolmhaithe ón dliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má chruthaíonn sé nárbh é a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.  
Más rud é gurb é is cúis le damáiste do ECRIS-TCN aon mhainneachtain de chuid Bhallstáit, Eurojust, Europol nó OIPE a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, is é an Ballstát sin, Eurojust, Europol nó OIPE, faoi seach, a chuirfear faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura rud é gur mhainnigh, agus a mhéid a mhainnigh, eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach in ECRIS-TCN bearta réasúnta a dhéanamh chun an damáiste sin a chosc ó tharlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.
3.  
Is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialófar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Is faoi réir a ngníomhartha bunaidh faoi seach a rialófar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne eu-LISA, Eurojust, Europol agus OIPE as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 21

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás lárnach na earta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh sé, i gcás inar gá, leis na húdaráis mhaoirseachta.

Airteagal 22

Pionóis

Beidh aon mhí-úsáid a bhainfear as sonraí a iontráiltear in ECRIS-TCN faoi réir pionóis nó bearta araíonachta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, pionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.



CAIBIDIL V

Cosaint sonraí agus maoirseacht ar chosaint sonraí

Airteagal 23

Rialaitheoir sonraí agus próiseálaí sonraí

1.  
Táthar lena mheas gur rialaitheoir sonraí gach údarás lárnach i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí sin an Aontais is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag údarás lárnach an Bhallstáit sin faoin Rialachán seo.
2.  
Measfar gur próiseálaí sonraí eu-LISA i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na sonraí pearsanta arna n-iontráil sa ►M1  lárchóras agus CIR ◄ ag na Ballstáit.

Airteagal 24

An cuspóir atá le próiseáil sonraí pearsanta

▼M2

1.  

Ní phróiseáilfear sonraí a iontráiltear sa lárchóras agus in CIR ach chun na gcríoch seo a leanas:

(a) 

na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i dtaca le náisiúnaigh tríú tír;

(b) 

tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; nó

(c) 

tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240.

Déanfar na sonraí a iontráiltear in CIR a phróiseáil freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/818 chun ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus chun cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼B

2.  
Cé is moite de chomhaltaí foirne cuí-údaraithe Eurojust, Europol agus OIPE a bhfuil rochtain acu ar ECRIS-TCN chun críocha an Rialacháin seo, beidh rochtain ar ECRIS-TCN teoranta, go heisiach, do chomhaltaí foirne cuí-údaraithe na n-údarás lárnach. Beidh an rochtain teoranta a mhéid is gá chun gur féidir na cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcuspóir dá dtagraítear i mír 1, agus beidh an rochtain sin teoranta don mhéid atá riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

▼M1

3.  
Gan dochar do mhír 2, déanfar rochtain chun na gcríoch na sonraí a stóráiltear in CIR a cheadú a fhorchoimeád freisin d'foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus d'fhoireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/818. Beidh rochtain den sórt sin teoranta i gcomhréir leis an méid a bheidh na sonraí de dhíth chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis na críocha sin, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

▼B

Airteagal 25

Ceart ar rochtain, ar cheartú, ar léirscriosadh agus ar phróiseáil a shrianadh

1.  
Féadfar na hiarrataí ó náisiúnaigh tríú tír maidir le cearta a bhaineann le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta, lena gceartú agus lena léirscriosadh agus lena bpróiseáil a shrianadh, a leagtar amach i rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme, a sheoladh chuig údarás lárnach aon Bhallstáit.
2.  

I gcás ina ndéantar iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát ciontaitheach, déanfaidh an Ballstát ar seoladh an iarraidh chuige an iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBallstát ciontaitheach, gan moill mhíchuí, agus i ngach cás tráth nach déanaí ná 10 lá oibre ón iarraidh a fháil. Ar an iarraidh a fháil, déanfaidh an Ballstát ciontaitheach an méid seo a leanas:

(a) 

nós imeachta a sheoladh láithreach bonn chun seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na sonraí lena mbaineann agus ar dhleathacht a bpróiseála in ECRIS-TCN; agus

(b) 

freagra a thabhairt don Bhallstát a chuir an iarraidh ar aghaidh chuige, gan moill mhíchuí.

3.  
I gcás ina mbeidh na sonraí a taifeadadh in ECRIS-TCN míchruinn nó gur go neamhdhleathach a próiseáladh iad, ceartóidh nó léirscriosfaidh an Ballstát ciontaitheach na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 9. Deimhneoidh an Ballstát ciontaitheach nó, más iomchuí, an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh, i scríbhinn, gan moill mhíchuí, don duine lena mbaineann go ndearnadh gníomhaíocht chun na sonraí a bhaineann leis an duine sin a cheartú nó a léirscriosadh. Anuas air sin agus gan moill mhíchuí, cuirfidh an Ballstát ciontaitheach aon Bhallstát eile a fuair faisnéis faoi chiontuithe, trí ECRIS-TCN a cheadú, ar an eolas faoin ngníomhaíocht atá déanta.
4.  
Má tharlaíonn sé nach n-aontaíonn an Ballstát ciontaitheach go bhfuil sonraí atá ar taifead in ECRIS-TCN míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur go neamhdhleathach a próiseáladh iad, glacfaidh an Ballstát sin cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena míneofar i scríbhinn, don té lena mbaineann, cad chuige nach bhfuiltear sásta na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú nó a léirscriosadh. Féadfar cásanna den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, a chur in iúl don údarás maoirseachta náisiúnta.
5.  
Ina theannta sin, cuirfidh an Ballstát a ghlac an cinneadh de bhun mhír 4 faisnéis ar fáil don duine lena mbaineann ina míneofar na bearta is féidir leis an duine sin a dhéanamh mura bhfuil an míniú a tugadh de bhun mhír 4 inghlactha don té sin. Áireofar san fhaisnéis sin faisnéis maidir le conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus maidir le haon chúnamh, lena n-áirítear cúnamh ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, atá ar fáil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
6.  
An fhaisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint, beidh sí san áireamh in aon iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 1. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 a éascú, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus déanfar í a léirscriosadh láithreach ina dhiaidh sin.
7.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, coimeádfaidh an t-údarás lárnach ar chuige a seoladh an iarraidh taifead i scríbhinn go ndearnadh iarraidh den sórt sin agus faoin mbealach ar láimhseáladh an iarraidh agus faoin údarás ar chuige a cuireadh ar aghaidh í. Arna iarraidh sin don údarás naisiúnta maoirseachta, cuirfidh an t-údarás lárnach an taifead sin ar fáil don údarás maoirseachta naisiúnta sin gan mhoill. Léirscriosfaidh an t-údarás lárnach agus an t-údarás maoirseachta naisiúnta na taifid sin trí bliana tar éis a gcruthaithe.

Airteagal 26

Comhar chun urraim do chearta cosanta sonraí a áirithiú

1.  
Comhibreoidh na húdaráis lárnacha le chéile chun urramú na gceart a leagtar síos in Airteagal 25 a áirithiú.
2.  
I ngach Ballstát, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta faisnéis, arna iarraidh sin dó, don duine lena mbaineann maidir leis an gcaoi arbh fhéidir a cheart nó a ceart a fheidhmiú chun go ndéanfaí sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a léirscriosadh, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.
3.  
Chun críocha an Airteagail seo, oibreoidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin a tharchuir na sonraí i gcomhar le húdarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh.

Airteagal 27

Leigheasanna

Beidh sé de cheart ag aon duine gearán a dhéanamh agus beidh sé de cheart aige nó aici leigheas dlí a fháil sa Bhallstát ciontaitheach a dhiúltaigh an ceart rochtana ar shonraí a bhaineann leis an té sin, nó an ceart go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú nó a léirscriosadh, dá dtagraítear in Airteagal 25 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais.

Airteagal 28

Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.  
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú de bhun rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme faireachán ar dhleathacht na próiseála arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig ECRIS-TCN agus uaidh sin.
2.  
Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta go ndéanfar iniúchadh, gach trí bliana ar a laghad ón dáta a gcuirfear tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN, ar na hoibríochtaí próiseála sonraí i mbunachair sonraí náisiúnta na dtaifead coiriúil agus na méarlorg a bhaineann le malartú sonraí idir na córais sin agus ECRIS-TCN i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a dhóthain acmhainní ag a n-údaráis mhaoirseachta náisiúnta chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
4.  
Soláthróidh gach Ballstát aon fhaisnéis a iarrfaidh a údaráis mhaoirseachta náisiúnta air agus, go háirithe, soláthróidh sé dóibh faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 12, 13 agus 19. Tabharfaidh gach Ballstát rochtain dá údarás maoirseachta náisiúnta ar a thaifid de bhun Airteagal 25(7) agus ar a logaí de bhun Airteagal 31(6) agus ceadóidh sé dóibh rochtain a bheith acu ag aon tráth ar gach áitreabh dá chuid a bhaineann le ECRIS-TCN.

Airteagal 29

Maoirseacht arna déanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  
Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán gur i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanfaidh eu-LISA gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a bhaineann le ECRIS-TCN.
2.  
Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchadh, gach trí bliana ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig eu-LISA agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.
3.  
Soláthróidh eu-LISA an fhaisnéis a iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain dó nó di ar gach doiciméad agus ar na logaí dá chuid dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ceadóidh sé rochtain dó nó di ag aon tráth ar gach áitreabh dá chuid.

Airteagal 30

Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Áiritheofar maoirseacht chomhordaithe ar ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 31

Logaí a choinneáil

1.  
Áiritheoidh eu-LISA agus na húdaráis inniúla, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí in ECRIS-TCN a logáil i gcomhréir le mír 2 chun críocha inghlacthacht na n-iarrataí a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar shláine agus slándáil sonraí agus ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí chomh maith chun críche féinfhaireachán a dhéanamh.
2.  

Léireoidh an loga an méid seo a leanas:

(a) 

cuspóir na hiarrata ar rochtain ar shonraí atá stóráilte in ECRIS-TCN;

(b) 

na sonraí arna dtarchur dá dtagraítear in Airteagal 5;

(c) 

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d) 

dáta agus am beacht na hoibríochta;

(e) 

na sonraí a úsáideadh chun ceadú a dhéanamh;

(f) 

marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach.

3.  
Leis an loga a dhéantar ar chomhairliúcháin agus ar nochtadh, beifear in ann an t-údar atá leis na hoibríochtaí sin a dhéanamh amach.
4.  
Ní úsáidfear logaí ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht na próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfar ach logaí ina bhfuil sonraí neamhphearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 36. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad tar éis trí bliana, mura mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana.
5.  
Arna iarraidh sin air, cuirfidh eu-LISA logaí a oibríochtaí próiseála ar fáil do na húdaráis lárnacha gan moill mhíchuí.
6.  
Na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, as faireachán a dhéanamh ar dhleathacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain acu ar na logaí sin arna iarraidh sin dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin orthu, cuirfidh na húdaráis lárnacha logaí a n-oibríochtaí próiseála ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla gan moill mhíchuí.

▼M2

Airteagal 31b

Logaí a choinneáil chun críocha na hidir-inoibritheachta le ETIAS

I dtaca leis na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagal 7b den Rialachán seo, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a dhéantar in CIR agus ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.

▼B



CAIBIDL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 32

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

1.  
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe eu-LISA, na n-údarás inniúil agus an Choimisiúin ar na sonraí arna bpróiseáil laistigh de ECRIS-TCN, gan ligean go bhféadfar daoine aonair a shainaithint.

▼M1

2.  
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sina stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

3.  
Leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 36 agus ar chur chun feidhme thagairt ECRIS, áireofar an fhéidearthacht staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta chun críche faireacháin.

▼M2

Gach mí, cuirfidh eu-LISA staidreamh faoi bhráid an Choimisiúin a bhaineann le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise a bhaintear as taifid choiriúla trí ECRIS-TCN agus trí chur chun feidhme thagairt ECRIS, lena n-áirítear staidreamh ar na taifid sonraí a bhfuil bratach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) curtha leo. déanfaidh eu-LISA a áirithiú nach féidir daoine aonair a shainaithint ar bhonn an staidrimh sin. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

▼B

4.  
Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh ar fáil do eu-LISA is gá chun na hoibleagáidí atá air dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad staidreamh ar fáil don Choimisiún faoi líon na náisiúnach tríú tír arna gciontú mar aon le líon chiontuithe na náisiúnach tríú tír ar a gcríoch féin.

Airteagal 33

Costais

1.  
Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú i dtaca leis an ►M1  lárchóras, CIR agus ◄ , leis an mbonneagar cumarsáide, leis na bogearraí comhéadain dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1) agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS a bhunú agus a fheidhmiú.
2.  
Maidir leis na costais arna dtabhú i dtaca le Eurojust, Europol agus OIPE a nascadh le ECRIS-TCN, is ar a mbuiséid faoi seach a thitfidh siad.
3.  
Is ar na Ballstáit a thitfidh na costais eile, go sonrach na costais arna dtabhú i dtaca le cláir náisiúnta na dtaifead coiriúil atá ann faoi láthair, na bunachair sonraí náisiúnta méarlorg atá ann faoi láthair agus na húdaráis lárnacha a nascadh le ECRIS-TCN maille leis na costais arna dtabhú i dtaca le cur chun feidhme thagairt ECRIS a óstáil.

Airteagal 34

Fógra a thabhairt

1.  
Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA maidir lena údarás lárnach, nó lena údarais lárnacha, ag a bhfuil rochtain ar shonraí a iontráil, a cheartú, a léirscriosadh, a cheadú nó a chuardach, chomh maith le haon athrú i ndáil leis sin.
2.  
Áiritheoidh eu-LISA go bhfoilseofar an liosta de na húdaráis lárnacha a dtabharfaidh na Ballstáit fógra ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin. Nuair a fhaigheann eu-LISA fógra faoi aon athrú a bhaineann le húdarás lárnach Ballstáit, tabharfaidh sé an liosta cothrom le dáta gan moill mhíchuí.

Airteagal 35

Sonraí a iontráil agus tús a chur le hoibríochtaí

1.  

A luaithe a bheidh an Coimisiún sásta go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, cinnfidh sé an dáta óna ndéanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 a iontráil in ECRIS-TCN:

(a) 

beidh na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 10 glactha;

(b) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhailiú agus a tharchur chuig ECRIS-TCN bailíochtaithe ag na Ballstáit agus beidh fógra tugtha acu don Choimisiún ina leith;

(c) 

beidh tástáil chuimsitheach déanta ag eu-LISA ar ECRIS-TCN, i gcomhar leis na Ballstáit, agus úsáid á baint as sonraí tástála anaithnide.

2.  
Nuair a chinnfidh an Coimisiún an dáta chun tús a chur le sonraí a iontráil i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an dáta sin in iúl do na Ballstáit. Laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis an dáta sin, déanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 a iontráil in ECRIS-TCN, agus aird á tabhairt acu ar Airteagal 41(2).
3.  
Tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh eu-LISA an tástáil deiridh ar ECRIS-TCN, i gcomhar leis na Ballstáit.
4.  
Nuair a bheidh an tástáil dá dtagraítear i mír 3 déanta go rathúil agus nuair a mheasfaidh eu-LISA go bhfuil ECRIS-TCN réidh le tús a chur le hoibríochtaí, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thorthaí na tástála agus cinnfidh sé an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN.
5.  
Déanfar an cinneadh ón gCoimisiúin faoin dáta a gcuirfear tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN, dá dtagraítear i mír 4, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6.  
Tosóidh na Ballstáit ag úsáid ECRIS-TCN ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 4.
7.  
Agus na cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo á nglacadh aige, féadfaidh an Coimisiún dátaí éagsúla a shonrú le haghaidh sonraí alfa-uimhriúla agus sonraí méarlorg a iontráil in ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 5, agus le haghaidh thús na n-oibríochtaí i ndáil leis na catagóirí éagsúla sonraí sin.

Airteagal 36

Faireachán agus meastóireacht

1.  
Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt ECRIS-TCN de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2.  
Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ECRIS-TCN agus ar an gcothabháil theicniúil, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh in ECRIS-TCN agus i gcur chun feidhme thagairt ECRIS.
3.  
Faoin 12 Nollaig 2019 agus gach sé mhí dá éis le linn chéim an deartha agus na forbartha, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi staid na himeartha i ndáil le forbairt ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS.
4.  
Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 forléargas ar na costais reatha agus ar dhul chun cinn an tionscadail, measúnú tionchair airgeadais, agus faisnéis maidir le haon fhadhbanna teicniúla agus rioscaí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chostais iomlána ECRIS-TCN, costais a sheasfaidh buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 33.
5.  
I gcás go gcuirfear moill shuntasach ar an bpróiseas forbartha, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe is féidir maidir le cúiseanna na moille sin agus ar an tionchar a bheidh aici i dtéarmaí ama agus airgeadais.
6.  
A luaithe a bheidh an fhorbairt maidir le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS tugtha chun críche, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith le haon chás inar imíodh óna raibh socraithe.
7.  
I gcás uasghrádú teicniúil ar ECRIS-TCN, a bhféadfadh costais shuntasacha a bheith mar thoradh air, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin.
8.  
Dhá bhliain tar éis do ECRIS-TCN tús a chur lena oibríochtaí agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS, lena n-áirítear a slándáil, faoi bhráid an Choimisiúin, tuarascáil a bheidh bunaithe go háirithe ar staidreamh maidir le feidhmiú agus úsáid ECRIS-TCN agus ar mhalartú na faisnéise, trí bhíthin chur chun feidhme thagairt ECRIS, arna baint as na taifid choiriúla.
9.  
Ceithre bliana tar éis do ECRIS-TCN tús a chur lena oibríochtaí, agus gach ceithre bliana dá éis, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar ECRIS-TCN agus ar chur chun feidhme thagairt ECRIS. Áireofar sa tuarascáil fhoriomlán meastóireachta, arna bunú ar an mbonn sin, measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus scrúdú ar na torthaí a baineadh amach i gcomparáid leis na cuspóirí a leagadh síos agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha. Anuas air sin, áireofar sa tuarascáil measúnú i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil an bhunréasúnaíocht le ECRIS-TCN a oibriú fós bailí, a oiriúnaí atá úsáid na sonraí bithmhéadracha chun críocha ECRIS-TCN, a shláine atá ECRIS-TCN agus aon impleachtaí slándála atá ann d'oibríochtaí amach anseo. Áireofar sa mheastóireacht sin aon mholtaí is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.
10.  

Ina theannta sin, áireofar, sa chéad mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear i mír 9, measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) 

a mhéid a cabhraíodh, ar bhonn sonraí staidrimh ábhartha agus faisnéis bhreise ó na Ballstáit, le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach trí fhaisnéis chéannachta shaoránaigh an Aontais a bhfuil náisiúntacht tríú tír acu freisin a chur isteach in ECRIS-TCN;

(b) 

an deis a bheith ag roinnt Ballstát leanúint de bhogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c) 

sonraí méarlorg a iontráil in ECRIS-TCN, go háirithe cur i bhfeidhm na gcritéar íosta dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 5(1);

(d) 

tionchar ECRIS agus ECRIS-TCN ar chosaint sonraí pearsanta.

Féadfar tograí reachtaíochta a bheith ag gabháil leis an measúnú, más gá. I meastóireachtaí foriomlána a dhéanfar ina dhiaidh sin, féadfar measúnú ar aon cheann amháin de na gnéithe sin nó ar gach ceann acu a áireamh.

11.  
Tabharfaidh na Ballstáit, Eurojust, Europol agus OIPE do eu-LISA agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3, 8 agus 9 a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla arna réamhshainiú ag an gCoimisiún nó ag eu-LISA nó acu araon. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, céannacht comhaltaí foirne ná imscrúduithe.
12.  
I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta do eu-LISA agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 9 a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla arna réamhshainiú ag an gCoimisiún nó ag eu-LISA nó acu araon. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, céannacht chomhaltaí foirne ná imscrúduithe.
13.  
Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 9 a dhéanamh.

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 11 Meitheamh 2019.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 39

Grúpa Comhairleach

Bunóidh eu-LISA Grúpa Comhairleach chun an saineolas a bhaineann le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS a fháil, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí á n-ullmhú aige. Le linn chéim an deartha agus na forbartha, beidh feidhm ag Airteagal 11(9).

Airteagal 40

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.  
Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as ullmhú, forbairt nó bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES), DubliNet, an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRISl.”;
(2) 

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

Cúraimí a bhaineann le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS

I ndáil le s ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 )

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS.

(3) 

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES, ETIAS, DubliNet, ECRIS-TCN agus córas mórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(5).”;
(4) 

in Airteagal 19, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ee):

“(ee) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ETIAS de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) 2019/816;”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ff):

“(ff) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, agus ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun Airteagal 36(8) de Rialachán (AE) 2019/816;”;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (hh):

“(hh) barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadh de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;”.

(d) 

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(lla) staidreamh a chur faoi bhráid an Choimisiún a bhaineann le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun na dara fomhíre d'Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) 2019/816”,

(e) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (mm):

“(mm) foilsiú bliantúil liosta na n-údarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II de bhun Airteagal 31(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 46(8) de Chinneadh 2007/533/CGB a áirithiú, mar aon le liosta Oifigí chórais náisiúnta SIS II (Oifigí N.SIS II) agus na mBiúrónna SIRENE de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 7(3) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, mar aon le liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 agus liosta na n-údarás lárnach de bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2019/816;”;

(5) 

in Airteagal 22(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an tríú fhomhír:

“Féadfaidh Eurojust, Europol agus OIPE freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le ECRIS-TCN i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/816 ar an gclár oibre.”;

(6) 

in Airteagal 24(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):

“(p) ceanglais rúndachta a bhunú, gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne na nOifigeach, chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB, Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 74(2) de Rialachán 2018/1240 agus Airteagal 11(16) de Rialachán (AE) 2019/816 a chomhlíonadh;”;

(7) 

in Airteagal 27(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da) Grúpa Comhairleach ECRIS-TCN;”.

Airteagal 41

Cur chun feidhme agus forálacha idirthréimhseacha

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh a luaithe is féidir chun feidhmiú cuí ECRIS-TCN a áirithiú.

▼M1

2.  

Maidir le ciontuithe a forchuireadh roimh dháta a gcuirfear tús le sonraí a chur isteach i gcomhreir le hAirteagal 35(1), cruthóidh na húdaráis lárnacha na taifid aonair sonraí sa lárchóras agus sa CIR mar a leanas:

(a) 

ba cheart sonraí alfa-uimhriúla a chur isteach sa lárchóras agus in CIR faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 35(2) ar a dhéanaí;

(b) 

ba cheart méarloirg a chur isteach in CIR ar a dhéanaí laistigh de dhá bhliain tar éis thús na n-oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 35(4).

▼B

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCRÍBHINN

AN FHOIRM CHAIGHDEÁNACH IARRATA AR FHAISNÉIS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 17(1) DE RIALACHÁN (AE) 2019/816 D'FHONN FAISNÉIS A FHÁIL MAIDIR LEIS AN MBALLSTÁT AG A BHFUIL FAISNÉIS MAIDIR LE TAIFID CHOIRIÚLA NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR

image

▼M2




IARSCRÍBHINN II

Tábla na gcomhfhreagairtí



Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Sonraí ECRIS-TCN comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo a bhfuil na sonraí in ETIAS le cur i gcomparáid leo

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinne breithe

ainmneacha a bhí ar an duine roimhe seo

céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste)

ainmneacha (ainmneacha baiste)

ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíonta nó ainmneacha ealaíonta, gnáthainm nó gnáthainmneacha)

ainmneacha bréige nó ailiasanna

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe

áit bhreithe (baile agus tír)

tír bhreithe

áit bhreithe (baile agus tír)

inscne

inscne

náisiúntacht reatha

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

cineál an doiciméid taistil

catagóir dhoiciméid taistil an duine

uimhir an doiciméid taistil

uimhir dhoiciméid taistil an duine

tír eisiúna an doiciméid taistil

ainm an údaráis eisiúna



( 1 ) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L135, 22.5.2019, lch. 85).

( 2 ) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

( 3 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

( *1 ) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).”;