Straitéis an Aontais Eorpaigh le haghaidh foraoisí agus na hearnála foraois-bhunaithe
Le hionchur ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus ó pháirtithe leasmhara (amhail úinéirí foraoisí, an tionscal agus grúpaí comhshaoil), d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach straitéis sa bhliain 2013 chun a chinntiú go mbeidh foraoisí agus an earnáil foraoisí AE réidh chun dul i ngleic le dúshláin thodhchaíocha.
ACHT
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Foraoise AE nua: le haghaidh foraoisí agus na hearnála foraois-bhunaithe (COM(2013) 659 final, 20.9.2013).
ACHOIMRE
Le hionchur ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus ó pháirtithe leasmhara (amhail úinéirí foraoisí, an tionscal agus grúpaí comhshaoil), d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach straitéis sa bhliain 2013 chun a chinntiú go mbeidh foraoisí agus an earnáil foraoisí AE réidh chun dul i ngleic le dúshláin thodhchaíocha.
CÉARD A DHÉANANN AN STRAITÉIS FORAOISE AE SEO?
Cuirtear béim inti ar an méid a chuireann an fhoraoiseacht le hearnálacha amhail na cinn seo a leanas: forbairt tuaithe (fostaíocht agus ioncaim), an t-athrú aeráide a chomhrac (carbón a ionsú), an bhithéagsúlacht, acmhainní le haghaidh fuinnimh agus tionscail, srl.
Déantar scrúdú inti ar na dúshláin atá os comhair na hearnála agus ar an gcaoi a rachfar i ngleic leo.
Cuirtear béim inti ar an ngá atá le cur chuige iomlánaíoch, agus an tionchar a bhíonn ag beartais eile ar na foraoisí á chur san áireamh.
Aithnítear inti conas is féidir bainistíocht inbhuanaithe na bhforaoisí a fheabhsú.
Tugtar spreagadh inti do bheartais AE a bhaineann le foraoisí a chur san áireamh go hiomlán i mbeartais náisiúnta foraoisí.
Iarrtar inti ar Chóras Faisnéise um Fhoraoisí a bhunú chun sonraí comhchuibhithe faoi fhoraoisí a bhailiú ar fud AE.
Féachtar léi cur le comhordú agus le comhtháthú beartas maidir le tionscnaimh fhoraois-bhunaithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá gá le creat beartais nua chun a chinntiú go gcomhlíonfar róil éagsúla na foraoiseachta ar bhealach cothrom. Ní mór beartais a bhaineann le foraoisí a chomhordú agus sineirgíochtaí le hearnálacha eile a chur san áireamh iontu. Ní mór foraoisí a chruthú a chuireann an méid is mó is féidir le cuspóirí AE.
Aithnítear ocht dtosaíocht sa straitéis:
CÚLRA
Cuireann an straitéis 2013 (1998) leis an Straitéis Foraoise AE (1998) roimhe sin. Faoin straitéis, cruthaíodh creat gníomhaíochtaí chun tacú leis an mbainistíocht inbhuanaithe, ina oibríonn Ballstáit AE le chéile ar raon beartas agus tionscnamh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Nuashonraithe 03.04.2015