Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) chun Drugaí a Chomhrac (2013-16)
Leagtar síos sa phlean gníomhaíochta seo cúig thosaíocht chun drugaí a chomhrac: éileamh a laghdú, soláthar a laghdú, comhordú náisiúnta agus comhordú ar fud an AE, comhar idirnáisiúnta, agus tuiscint níos fearr ar fheiniméan na ndrugaí.
ACHT
Plean Gníomhaíochta an AE chun Drugaí a Chomhrac don tréimhse 2013-16
ACHOIMRE
Tá Plean Gníomhaíochta an AE chun Drugaí a Chomhrac 2013-16 ar an chéad cheann de dhá phlean a ceapadh chun Straitéis Drugaí AE don tréimhse 2013-20 a chur i bhfeidhm. Féachtar leis an straitéis soláthar agus éileamh araon a laghdú agus dul i ngleic leis an díobháil shóisialta agus shláinte a bhaineann le húsáid drugaí agus le trádáil i ndrugaí.
Bunaithe ar an chreat a leagtar amach sa Straitéis Drugaí AE, cumhdaítear sa phlean gníomhaíochta 5 réimse thosaíochta:
Éileamh laghdaithe
Cuspóir: laghdú intomhaiste ar úsáid fhoriomlán drugaí agus ar úsáid fhadhbach drugaí, andúil i ndrugaí agus díobháil shóisialta agus shláinte atá bainteach le drugaí a laghdú, moill a chur le tosú úsáid drugaí.
Soláthar laghdaithe
Cuspóir: laghdú intomhaiste ar infhaighteacht agus ar sholáthar drugaí aindleathacha san AE.
Comhoibriú feabhsaithe
Cuspóir: comhordú níos éifeachtaí maidir le beartais drugaí, lena mbaineann rialtais náisiúnta, institiúidí Eorpacha, comhlachtaí eile an AE (m.sh. Europol agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí), grúpaí saoránach, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha nach tíortha den AE iad. Is tábhachtach iad na gníomhartha seo a leanas ach go háirithe:
Comhar neartaithe idirnáisiúnta
Cuspóir: idirphlé agus comhar idir an AE, tíortha nach tíortha den AE iad agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tuiscint fheabhsaithe ar fheiniméan na ndrugaí
Cuspóir: fianaise fhónta uileghabhálach ar ar féidir beartais agus gníomhartha drugaí a bhunú.
Dréachtófar Plean Gníomhaíochta don tréimhse 2017-20 roimh 2016, tar éis d’athbhreithniú meántéarmach a bheith déanta ar an Straitéis Drugaí AE.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
30.11.2013 |
- |
IO C 351 den 30.11.2013 |
DOICIMÉAD DÁ DTAGRAÍTEAR
Nuashonraithe 17.03.2014