10.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TUAIRIM UIMH. 6/2010

(de bhun Airteagal 322, den CFAE)

maidir le togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

2010/C 334/01

CLÁR NA nÁBHAR

 

Mír

lch.

Achoimre

I-XV

3

Réamhrá

1-4

4

Na prionsabail bhuiséadacha

5

4

Ioncam sannta

6-9

4

An togra ón gCoimisiún

6

4

Anailís

7-8

4

Moladh

9

5

An riosca inghlactha earráide

10-23

5

An togra ón gCoimisiún

10-11

5

Anailís

12-22

5

Cuspóir …

13-15

5

Sainiú agus meastachán …

16-17

5

Leibhéal an riosca inghlactha a thomhas …

18

6

Róil agus Freagrachtaí …

19-22

6

Moladh

23

6

Modhanna cur chun feidhme agus oibleagáid na mBallstát

24-36

6

An togra ón gCoimisiún

24-25

6

Anailís

26-35

6

Freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát …

28

7

Na socruithe riaracháin maidir le talmhaíocht a chur i bhfeidhm in áiteanna eile …

29-32

7

Costas na dtograí …

33

7

Comhoiriúnacht le córas feidhmíochtbhunaithe aisíocaíochta …

34

7

Cé mar a úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis? …

35

7

Moladh

36

7

Íocaíochtaí, gníomhaíocht maidir le gnóthú agus soláthar

37

7

Cuntais mhuiníneacha

38-41

8

An togra ón gCoimisiún

38

8

Anailís

39-40

8

Moladh

41

8

Deontais agus duaiseanna

42

8

Ionstraimí airgeadais

43-47

8

An togra ón gCoimisiún

43

8

Anailís

44-46

8

Moladh

47

9

Iniúchóireacht sheachtrach

48-69

9

An tuarascáil bhliantúil

49-63

9

An togra ón gCoimisiún …

49

9

Anailís …

50-62

9

Moladh …

63

10

Tuarascálacha speisialta

64-68

10

An togra ón gCoimisiún …

64

10

Anailís …

65-67

11

Moladh …

68

11

Saincheisteanna eile maidir leis an iniúchóireacht sheachtrach

69

11

Cistí iontaobhais Eorpacha

70-78

11

An togra ón gCoimisiún

70

11

Anailís

71-77

11

Saincheisteanna riaracháin …

72-73

11

Costas …

74-75

11

Cuntasacht agus socruithe iniúchóireachta …

76-77

12

Moladh

78

12

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha

79-82

12

An togra ón gCoimisiún

79

12

Anailís

80-81

12

Moltaí

82

12

Ceannach foirgneamh a mhaoiniú

83

12

Forálacha críochnaitheacha

84

12

Saincheisteanna nár tugadh suntasacht dóibh sa mheabhrán míniúcháin ón gCoimisiún

85

12

Imréiteach an réamh-mhaoinithe

86-89

12

An togra ón gCoimisiún

86

12

Anailís

87

12

Moladh

88-89

13

Na cuntais a thíolacadh agus cuntasaíocht

90-93

13

An togra ón gCoimisiún

90

13

Anailís

91-92

13

Moladh

93

13

Rialacháin airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile arna mbunú faoin gConradh

94-100

13

An togra ón gCoimisiún

94

13

Anailís

95-98

13

Moladh

99-100

14

Ceanglais um thuairisciú

101-102

14

IARSCRÍBHINN - an téacs leasaithe ón gCoimisiún agus moladh na Cúirte

 

 

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra le haghaidh Rialacháin (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “an Rialachán Airgeadais” anseo feasta),

Ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite a fuarthas sa Chúirt an 3 Meán Fómhair 2010 agus don iarraidh ón bParlaimint den 23 Meitheamh 2010

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:

Achoimre

I.

Obair thábhachtach is ea feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh agus ar na socruithe chun an Coimisiún a choinneáil cuntasach as an mbainistiú a dhéanann sé ar chistí. D’fhéadfadh rialachán ról a bheith aige anseo – agus tá athruithe a chuideoidh le bainisteoirí cinntí ciallmhara a dhéanamh san áireamh sna leasuithe a mholtar: tá simpliú suntasach ar nósanna imeachta i gceist le roinnt de na hathruithe atá beartaithe. Ach ní leor an rialachán amháin: déanfar na príomhfheabhsúcháin trí ghníomhaíochtaí bainisteoirí sa Choimisiún, sna hinstitiúidí eile, agus sna Ballstáit.

II.

Is é an cur síos a rinne an Coimisiún ar an togra go sáraíonn sé an gnáthraon feidhme a bhíonn ag an athbhreithniú tríbhliantúil. Ach mar atá an scéal, níl na hathruithe atá beartaithe chomh huaillmhianach is a bhreathnaíonn siad. Mar shampla, (mír 42), tráchtar sa mheabhrán míniúcháin ar chóras na ndeontas a athrú ó cheann bunaithe ar ionchuir go ceann bunaithe ar aschuir. Faoi mar atá an scéal, cé gur ann do roinnt nuálaíochta amhail foráil do dhuaiseanna a dhámhachtain, is fada idir an ardmhian agus na moltaí.

III.

Tá bonn fónta faoin togra ón gCoimisiún maidir le hioncam sannta seachtrach, ach dealraíonn sé nach gá catagóir d’ioncam sannta inmheánach a choimeád (míreanna 6 go 9).

IV.

Is ann do thograí ón gCoimisiún maidir le riosca inghlactha earráide. Tugann an Chúirt dá haire go mbaineann roinnt mhaith éiginnteachta le sainiú agus le cur i bhfeidhm choincheap na hearráide inghlactha; agus go ndealraíonn sé nach n-úsáideann an togra ón gCoimisiún coincheap an riosca inghlactha ach amháin mar bhonn lena mheas céard é an leibhéal d’íocaíocht neamhrialta cistí ar chóir é a mheas mar leibhéal a nglacfaí leis ex post. Molann an Chúirt go mbreithneodh an Pharlaimint agus an Chomhairle cibé ar chóir do na Rialacháin Airgeadais a cheangal ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a scagadh ar thograí caiteachais tráth a gcuirtear chun cinn iad, agus feabhas a chur ar a fháthmheas ar na cúiseanna earráide. Níor chóir go bhféachfadh an Rialachán Airgeadais le freagracht na Cúirte a shrianadh go cinneadh a dhéanamh ar leibhéal iomchuí ábharthachta (míreanna 10 go 23).

V.

Tá ceanglas suntasach maidir le dearbhú bainistíochta ar úsáid na gcistí uile a bhfuil a mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit i gceist leis an togra ón gCoimisiún maidir le modhanna bainistíochta. Mar sin féin ardaíonn na tograí saincheisteanna costais, praiticiúlachta agus freagrachta ar gá iad a bhreithniú go cúramach (míreanna 24 go 36).

VI.

Molann an Chúirt gur chóir don Rialachán Cur Chun Feidhme féachaint do na tráchtanna a bhí ag an gCúirt roimhe seo maidir le cuntais mhuiníneacha (míreanna 38 go 41).

VII.

Is iomchuí bunús sonrach dlí maidir le húsáid ionstraimí airgeadais a bheith san áireamh sa Rialachán Airgeadais. Tugann an Chúirt dá haire, áfach, nach dtéann an méid atá beartaithe a chur leis an Rialachán Airgeadais i ngleic le saincheist na húinéireachta. Ní léir an bhfuil an Coimisiún ag súil leis go ndéanfaí na hionstraimí airgeadais uile a thaifeadadh ar chlár comhardaithe an Aontais Eorpaigh (míreanna 43 go 47).

VIII.

Chuirfeadh codanna substaintiúla de na tograí maidir le hiniúchóireacht sheachtrach srian le cumas na Cúirte a freagrachtaí faoin gConradh a chur i gcrích go héifeachtach. Molann an Chúirt, dá bhrí sin, don Pharlaimint agus don Chomhairle diúltú don chuid is mó de na tograí seo (míreanna 48 go 69).

IX.

Molann an Coimisiún go gcruthófaí cistí iontaobhais Eorpacha. Tarraingíonn an Chúirt aird na Parlaiminte agus na Comhairle ar shaincheisteanna riaracháin, cuntasachta agus iniúchóireachta arna n-ardú ag an togra seo (míreanna 70 go 78).

X.

Ní iarrtar comhairliúchán na Cúirte go follasach san fhoráil maidir le “eiseamláir éadrom de Rialachán Airgeadais” do na comhlachtaí speisialta comhpháirtíochta poiblí-príobháidí. Measann an Chúirt go bhfuil sé tábhachtach nach gcuirfeadh an doiciméad seo srian ar bhealach ar bith le cumas na Cúirte iniúchóireacht a dhéanamh ar úsáid chistí an AE (míreanna 79 go 81).

XI.

Molann an Chúirt an fhoráil maidir le réamh-mhaoiniú a neartú tuilleadh, mar aon le gníomhaíocht bhainistíochta chun rócharnadh d’ítimí neamh-imréitithe a laghdú (míreanna 86 go 89).

XII.

Tá simpliú éigin ar na socruithe i ndáil leis na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gceist leis na tograí. Molann an Chúirt go n-athluafaí agus go soiléireofaí, ina theannta sin, an gealltanas ón gCoimisiún ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta (míreanna 90 go 93).

XIII.

Molann an Chúirt go bhfaighfí soiléiriú ar an togra ón gCoimisiún maidir le hiniúchóireacht na ngníomhaireachtaí d’fhonn an ranníocaíocht a d’fhéadfadh an togra seo a dhéanamh i ndáil leis an urrús foriomlán ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a uasmhéadú (míreanna 94 go 99).

XIV.

Molann an Chúirt go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceanglais um thuairisciú (míreanna 101 go 102).

XV.

San iomlán, tabharfaidh na tograí atá san athmhúnlú den Rialachán Airgeadais deiseanna don Choimisiún feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar bhainistíocht airgeadais. Ach dá mbeifí leis an reachtaíocht earnálach a shimpliú ba thábhachtach an bealach é sin chun feabhas suntasach a chur ar fheidhmíocht.

Réamhrá

1.

Tá líon mór d’athruithe mionsonraithe a bheartaítear a chur ar airteagail an Rialacháin Airgeadais sa togra ón gCoimisiún (COIM(2010) 260 leagan deireanach). Déantar achoimre sa mheabhrán míniúcháin atá leis an togra sin ar intinn agus ar chineál na n-athruithe ar ghrúpaí airteagal. Leanann tuairim na Cúirte chomh fada agus is féidir an struchtúr atá sa mheabhrán míniúcháin ón gCoimisiún.

2.

Tagraítear sa tuairim seo, nuair is gá, don téacs ón gCoimisiún (ROINN(2010) 639/2) ina léirítear athruithe féideartha ar a Rialachán lena gcuirtear an Rialachán Airgeadais chun feidhme. Ní dhéantar iarracht ann trácht ar an téacs sin tríd is tríd.

3.

Obair thábhachtach is ea feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh agus ar na socruithe chun an Coimisiún a choinneáil cuntasach as an mbainistiú a dhéanann sé ar chistí. D’fhéadfadh athruithe ar an Rialachán Airgeadais ról a bheith aige anseo – agus tá go leor athruithe inmhianaithe sna leasuithe atá beartaithe a rachaidh níos faide leis an bpróiseas seo. Ach, mar a thaispeáin an Chúirt in áit eile (3), is gá simpliú a dhéanamh ar, agus feabhsúcháin eile a chur ar an reachtaíocht earnálach mar aon le céimeanna eile chun tacú le, spreagadh a thabhairt do agus gníomhaíocht fhónta a iarraidh ar bhainisteoirí sa Choimisiún, sna hinstitiúidí eile, agus sna Ballstáit má táthar chun feabhas a chur ar chaighdeán caiteachais an AE. Ní dócha gurb é an toradh a bheidh ar reachtaíocht chasta go dtarlóidh an fheidhmíocht fheabhsaithe atá á lorg ag geallsealbhóirí uile an AE.

4.

Déantar moltaí mionsonraithe i ndáil le hathruithe ar na tograí ón gCoimisiún i gcúpla cás sna míreanna seo thíos. Leagtar amach iad seo san Iarscríbhinn.

Na prionsabail bhuiséadacha (Airteagail 3 go 30)

5.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líon áirithe athruithe a dhéanamh i dTeideal II den Rialachán Airgeadais, ina ndéileáiltear le prionsabail bhuiséadacha. Tugann an Chúirt dá haire gurb éard atá i gceist go ginearálta leis na hathruithe seo (go háirithe, céimeanna chun forálacha maidir le gnóthú úis a shimpliú) oibríocht an bhuiséid a shimpliú agus a éascú fad is a urramaítear na prionsabail bhuiséadacha: seachas dhá eisceacht (an bealach a chaithfear le hioncam sannta agus leis an riosca inghlactha earráide) níl aon tráchtaí mionsonraithe aici.

Ioncam sannta (Airteagail 10 agus 18)

An togra ón gCoimisiún

6.

Liostaítear roinnt cineálacha de “ioncam sannta” sa Rialachán Airgeadais reatha (in Airteagal 18), atá le húsáid chun ítimí sonracha airgeadais de chaiteachas a mhaoiniú. Foráiltear in Airteagal 10 den téacs reatha gur cheart aon ioncam neamhúsáidte den sórt a thabhairt anonn go huathoibríoch. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún:

in Airteagal 18 idirdhealú a dhéanamh idir “ioncam sannta seachtrach” (ó Bhallstáit, tríú tíortha etc.) agus “ioncam sannta inmheánach” ó chatagóirí áirithe d’idirbhearta (fáltais ó dhíol feithiclí, trealaimh, íocaíochtaí árachais, etc.),

in Airteagal 10 a fhoráil go dtabharfar ioncam sannta seachtrach anonn go dtí go mbeidh sé caite go hiomlán, fad is a thabharfar ioncam sannta inmheánach anonn ar feadh bliana.

Anailís

7.

Is togra réasúnach é an togra ón gCoimisiún maidir le hioncam sannta seachtrach. Is mian le Rialtais agus eile, a rinne ranníocaíocht, mar shampla, i dtaighde nó i gcláir chabhrach a bheith ábalta a aimsiú gur úsáideadh a gcistí chun na gcríoch a bhí leo.

8.

Dealraíonn sé, áfach, nach gá catagóir d’ioncam sannta inmheánach a choimeád. Féadfar déileáil le hadmhálacha a ghintear go hinmheánach tríd an ngnáthphróiseas buiséadach.

Moladh

9.

Molann an Chúirt go nglacfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún maidir le hioncam sannta seachtrach amháin.

An riosca inghlactha earráide (Airteagal 28b)

An togra ón gCoimisiún

10.

Faoi Airteagal 28b den togra ón gCoimisiún bheadh d’oibleagáid ar an údarás reachtach (agus ní hé amháin go gceadófaí dó) cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an riosca inghlactha earráide “ag comhiomlánú iomchuí den bhuiséad”. Tá an cinneadh seo le cur “san áireamh” sa nós imeachta bliantúil um urscaoileadh. Is ar anailís ar chostais agus ar thairbhí na rialuithe atá leibhéal an riosca inghlactha earráide le bunú. Ceanglófar ar Bhallstáit, eintitis agus daoine a bhainistíonn cistí AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún ar an gcostas ar an gcaiteachas AE a iompraíonn siad a sheiceáil.

11.

Cuireann Aithris 27 sonraí breise leis:

athróidh riosca inghlactha an bealach ina ndéanfaidh oifigigh údarúcháin measúnú ar riosca (agus athrófar dá réir an bealach a ullmhaíonn siad a dTuarascálacha ar Ghníomhaíocht Bhliantúil),

glacfaidh na húdaráis um urscaoileadh a gcinneadh ar bhonn an riosca inghlactha,

ba cheart don údarás reachtach riosca inghlactha a chinneadh “i gcás gach réimse beartais”, téarma ar gnách an bhrí an bhreis is tríocha réimse beartais ina roinntear roinn an Choimisiúin den bhuiséad a bhaint as.

Anailís

12.

Leagann an Chúirt amach anseo thíos barúlacha a bhaineann le cuspóirí, sainiú, meastachán agus cur i bhfeidhm leibhéal inghlactha riosca, agus le freagrachtaí na n-institiúidí.

Cuspóir

13.

Thaispeáin an Chúirt roimhe seo (Tuairim Uimh 1/2010) go bhféadfadh anailís ar chostais agus tairbhí na gclár caiteachais agus ar na rioscaí féideartha earráide a bheith ina bonn le scrúdú a dhéanamh ar an gcóras rialaitheach agus ar struchtúr bainistíochta na gclár i dtrácht. Lena chur ar bhealach eile, ba cheart don Choimisiún féachaint ar na laigí atá i gcórais atá ann faoi láthair agus anailís a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí na n-athruithe féideartha éagsúla. I gcás nach mbeadh sé praiticiúil leibhéal ard a shroicheadh ó thaobh rialacha na scéime a chomhlíonadh, dhealródh sé go bhféadfaí teacht ar líon roghanna. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé san áireamh leo seo rialacha na scéime a shimpliú, an clár a athcheapadh, rialuithe a bheith níos doichte, glacadh le leibhéal níos airde de neamhchomhlíonadh nó, dá mba ghá, an ghníomhaíocht a fhoirceannadh.

14.

Is cosúil, i gcontrárthacht leis sin, nach n-úsáideann an togra ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 28b coincheap an riosca inghlactha ach amháin mar bhonn lena chinneadh céard é an leibhéal d’úsáid neamhrialta cistí ar chóir é a mheas mar leibhéal a nglacfaí leis ex post. Ní iarrann sé ar an gCoimisiún mar shampla costas na gcóras riaracháin agus rialaithe a mheas, céard é an ráta dóchúil de neamhchomhlíonadh, agus na roghanna maidir le simpliú arna meas nuair a bhíonn aon scéimeanna nua caiteachais á gcur ar aghaidh (mar shampla le linn do chláir chaiteachais an Aontais ón mbliain 2014 ar aghaidh a bheith á mbreithniú) a leagan amach.

15.

Faoi láthair níl focal sa Rialachán Airgeadais maidir le freagrachtaí an Choimisiúin agus tograí nua ar chaiteachas á n-ullmhú aige (seachas Airteagal 49, ina gcumhdaítear an gá atá le bunghníomh). Tá sé le breithniú cibé ar chóir don Rialachán Airgeadais a cheangal ar an gCoimisiún leibhéil dhóchúla de neamhchomhlíonadh a mheas, tabhairt faoi mheasúnú tionchair, agus forchostais agus costais rialaithe dhóchúla a mheas sula gcuirfí tograí nua maidir le caiteachas ar aghaidh.

Sainiú agus meastachán

16.

Cé go bhfuil “leibhéal an riosca inghlactha” le sainiú ag an údarás reachtach go huimhriúil, níor sainíodh go soiléir na paraiméadair a bheadh i gceist. Mar a luadh thuas, tugtar níos mó sonraí sa sainiú atá san aithris atá sa dréacht maidir leis an líon aonad de chaiteachas atá le cumhdach ná mar a thugtar san airteagal atá sa dréacht; meascán mearaí é sin. Agus ar an dul céanna, ní léir ó théacs an dréachta cibé an bhfuil an riosca earráide le meas i ndáil leis an méid de chaiteachas a éilítear a chuir na tairbhithe deiridh i gcrích i gceart (beart bailí) nó leis an líon eisíocaíochtaí ón gCoimisiún (lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, nach bhfuil ábhartha ach go teoranta chun a thaispeáint cibé an raibh an caiteachas dlíthiúil agus rialta i réimsí amhail comhbhainistíocht nó taighde).

17.

Ní léir ón togra maidir le hAirteagal 28b cibé ar cheart go nglacfaí leis go mbeadh “costais na rialuithe” san áireamh sna costais a iompraíonn na tairbhithe. Is féidir a áitiú gur cheart gur mar sin a bheadh má tá leibhéal an riosca inghlactha le leagan trí chostais agus tairbhí imeallacha na rialuithe breise a chur i gcomparáid, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún ina theachtaireachtaí. Ná ní thaispeántar go follasach sa téacs go gcuirfear na costais a iompraíonn an Coimisiún san áireamh.

Leibhéal an riosca inghlactha a thomhas

18.

Dá nglacfadh an t-údarás reachtach le heilimintí de na tograí ón gCoimisiún, ba ghá breithniú mionsonraithe i ndáil leis an gcaoi lena thomhas cibé ar coinníodh srian i ndáiríre go leibhéal inghlactha ar an riosca earráide.

Róil agus Freagrachtaí

19.

Faoi mar a léirigh an Chúirt ina tráchtaí ar theachtaireacht 2008 ón gCoimisiún “Towards a common understanding of the concept of tolerable risk of error’” (COIM(2008) 866), [I dtreo na comhthuisceana ar choincheap an riosca inghlactha earráide], eascraíonn saincheisteanna as coincheap an leibhéil inghlactha earráide, nó an riosca earráide, ar faoin bParlaimint agus faoin gComhairle atá sé díospóireacht a dhéanamh orthu agus iad a chinneadh, ina gcáil mar reachtóirí agus i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh. Tá an togra ón gCoimisiún ag teacht go hiomchuí ar an modh sin le dáileadh na bhfreagrachtaí ar na hinstitiúidí.

20.

I gcontrárthacht leis sin, an sainiú ar leibhéal na hábharthachta, is ábhar é sin atá le cinneadh ag an iniúchóir seachtrach. Tá d’oibleagáid ar an gCúirt Iniúchóirí “tairseach ábharthachta” a shainiú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht.

21.

Ceanglaíonn na caighdeáin seo ar an iniúchóir seachtrach:

(a)

breithiúnas gairmiúil a úsáid nuair a bheidh an leibhéal ábharthachta á chinneadh ag céim na pleanála;

(b)

nach í an earráid chomhiomlánaithe amháin atá ann a bheidh le breithniú ach freisin cineál na hearráide nuair a bheifear ag cinneadh cibé ar cheart nó nár cheart tuairim na hiniúchóireachta a mhodhnú.

22.

Tugann an Chúirt dá haire dá mba mhian le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle tairseacha don riosca inghlactha earráide a shainiú go bhféadfaidís sin a dhéanamh i “ndlí bog”, mar shampla i dtreoirlínte seachas sa reachtaíocht.

Moladh

23.

Molann an Chúirt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a bhreithniú agus na breithniúcháin atá leagtha amach thuas a chur san áireamh. Is ábhar do na húdaráis um urscaoileadh na coinníollacha faoina ndeonaíonn na húdaráis um urscaoileadh an t-urscaoileadh. Taispeánann an Chúirt, áfach, go mbaineann roinnt mhaith éiginnteachta le sainiú agus cur i bhfeidhm choincheap an riosca inghlactha. Molann an Chúirt go mbreithneodh an Pharlaimint agus an Chomhairle cibé ar chóir do na Rialacháin Airgeadais a cheangal ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a scagadh ar thograí caiteachais tráth a gcuirtear chun cinn iad, agus feabhas a chur ar a fháthmheas ar na cúiseanna earráide. Níor chóir go bhféachfadh an Rialachán Airgeadais le freagracht na Cúirte a shrianadh go cinneadh a dhéanamh ar leibhéal iomchuí ábharthachta.

Modhanna cur chun feidhme agus oibleagáidí na mBallstát (Airteagail 53 agus 53a)

An togra ón gCoimisiún

24.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líon reatha na modhanna bainistíochta atá sainithe sa Rialachán Airgeadais a laghdú go dhá cheann: díreach agus indíreach. Bheadh an caiteachas uile atá faoi chomhbhainistíocht leis na Ballstáit faoi réir socruithe riaracháin a bhunófaí ar eiseamláir na socruithe reatha don talmhaíocht.

25.

Cheanglófaí ar chomhlachtaí a gcuireann na Ballstáit freagracht as caiteachas a bhainistiú de chúram orthu a áirithiú go raibh siad faoi réir iniúchóireacht sheachtrach neamhspleách agus “dearbhú urrúis bhainistíochta” ina gcumhdófaí iomláine agus cruinneas na gcuntas, oibríocht na gcóras rialaithe agus rialtacht an chaiteachais bhainistithe a sholáthar. Sholáthrófaí an dearbhú seo, lena ngabhfadh tuairim ó iniúchóir neamhspleách, faoin 1 Feabhra (agus theastódh tuarascáil sintéise faoin 15 Feabhra i gcás ina mbeadh níos mó ná aon chomhlacht amháin freagrach as an gcaiteachas a dhéanamh).

Anailís

26.

Ba cheart go gcuirfeadh ceanglas caighdeánach maidir le dearbhú tráthúil ón mbainistíocht feabhas go fónta ar thráthúlacht agus ar chomhleanúnachas sa tuairisciú ar airgeadas agus ar bhainistíocht.

27.

Ní shimpleodh na tograí ón gCoimisiún, áfach, na socruithe riaracháin. Spreagtar líon áirithe ceisteanna iontu, lena n-áirítear:

costas na socruithe a cheanglaítear faoin reachtaíocht,

a fhurasta is is féidir na córais airgeadais don talmhaíocht (an eiseamláir d’Airteagal 53a atá beartaithe) a chur i bhfeidhm ar shruthanna eile caiteachais,

cibé an bhfuil an togra comhoiriúnach leis an gcuspóir atá dearbhaithe ag an gCoimisiún, sé sin bogadh chuig córas feidhmíochtbhunaithe aisíocaíochta, agus

cé mar a d’úsáidfeadh an Coimisiún an fhaisnéis a ghinfí de bharr na socruithe atá beartaithe.

Ina theannta sin ní insítear amach díreach céard í an tairbhe fhoriomlán a bhainfí as an togra (féach míreanna 35 agus 36).

Freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát

28.

Cuirtear san áireamh leis na hathruithe atá beartaithe a chur ar an Rialachán Airgeadais an sainiú a bhí roimhe seo ar ról na mBallstát “cúraimí cur chun feidhme” a dhéanamh a scrios. Tá sé riachtanach go leagfaí amach go soiléir freagrachtaí an Choimisiúin i ndáil le comhbhainistíocht (4). Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis seo spriocdhátaí a shocrú do na gníomhaíochtaí a gcuirtear síos orthu in Airteagal 53a(b), agus a cheangal ar an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh maidir le méid deireanach an chaiteachais inmhuirearaithe don bhliain airgeadais a aithint.

Na socruithe riaracháin maidir le talmhaíocht a chur i bhfeidhm in áiteanna eile

29.

Ba é an claonadh a bhí leis an gcaiteachas talmhaíochta as buiséad an AE le blianta gur leibhéal níos lú earráide a chuaigh i gcion air i gcomparáid le réimsí eile den chaiteachas oibríochtúil. Ach tá na difríochtaí atá idir an caiteachas talmhaíochta agus réimsí eile an-sonrach, áfach. Cuireann tairbhithe chaiteachas an Chomhbheartais Talmhaíochta an ghníomhaíocht riachtanach i gcrích mar is dual, agus déanann na húdaráis náisiúnta seiceálacha, sula ndéantar an íocaíocht; maidir le 70 % den chaiteachas ní ar bhonn aisíocaíocht an chostais a ríomhtar é ach ar bhonn critéir oibiachtúla e.g. talamh atá incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Aonair.

30.

Maidir le caiteachas i réimsí amhail na Cistí Struchtúracha, Oideachas agus Cultúr agus Ceartas agus Gnóthaí Baile, is faighteoirí ilghnéitheacha iad na faighteoirí fóirdheontais agus faigheann siad ranníocaíochtaí AE i leith gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl agus a chómhaoinítear as foinsí eile. Déantar na híocaíochtaí sula dtabhaítear na costais, agus glactar leis na héilimh ar bhonn dearbhuithe gur tabhaíodh costais incháilithe.

31.

Ar an modh sin ní sholáthróidh córas cuntasaíochta an chomhlachta atá ag bainistiú na híocaíochta taifead díreach ar an teidlíocht chun íocaíochta, ach soláthróidh sé taifead indíreach ar dhearbhuithe a rinne comhlachtaí eile. Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeadh difríocht idir chineál na seiceálacha ar (mar shampla) scéim bonneagair, scéim caipiteal riosca, agus scéim oiliúna ó thaobh uainithe agus cineáil de.

32.

Dá bhrí sin, ní gá go mbeidh sé éasca na socruithe riaracháin a mhacasamhlú thart ar na híocaíochtaí talmhaíochta. Ná ní féidir glacadh leis go n-aistreoidh an t-athrú atá beartaithe na láidreachtaí dealraitheacha atá sa chóras reatha chun déileáil le caiteachas talmhaíochta go huathoibríoch chuig codanna eile den bhuiséad.

Costas na dtograí

33.

Ní thugtar aon léiriú ar an gcostas dóchúil a bhainfeadh leis na struchtúir a dtugtar breac-chuntas orthu in Airteagal 53a. Ba chuidiú é dá gcuirfí measúnú tionchair maidir leis na tograí san áireamh chun costais den sórt a mheas.

Comhoiriúnacht le córas feidhmíochtbhunaithe aisíocaíochta

34.

Dealraíonn sé gur ionann na tograí arna ndéanamh san airteagal seo agus mórinfheistíocht ó thaobh faisnéis níos cruinne a fháil ar chostais inaisíoctha arna dtabhú ag tairbhithe. Cé gur inmhianaithe an ní é seo má tá na córais íocaíochta le fágáil mar atá, fógraíodh sa mheabhrán tosaigh a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais go n-athrófar go “córas feidhmíochtbhunaithe, bunaithe ar an sainiú ar tháscairí agus ar chuspóirí comhaontaithe”. B’fhéidir go mbeadh creat riaracháin de chineál eile iomchuí dá dtabharfaí córas den sórt isteach.

Cé mar a úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis?

35.

Tá an-chosúlacht idir an togra ón gCoimisiún agus na smaointe a leagadh amach i dTuairim na Cúirte Uimh 2/2004 maidir le heiseamláir na “hiniúchóireachta aonair” (agus togra le haghaidh Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Chomhphobail). Tá córas seiceálacha comhordaithe san áireamh iontu araon maidir le caiteachas ar fud an bhuiséid, córas a oibríonn i bhfoirm pirimide, agus a thacaíonn leis an urrús foriomlán ag leibhéal an Choimisiúin. Cé go mb’fhéidir go gcuirfeadh na tograí arna ndéanamh sa dréacht-Rialachán Airgeadais le “pirimid urrúis”, ní thaispeántar sa togra ón gCoimisiún cé mar a úsáidfidh sé an fhaisnéis seo chun teacht ar chonclúid go bhfuil na cuntais cruinn, agus go bhfuil na sruthanna caiteachais uile saor ó earráid ábhartha.

Moladh

36.

Molann an Chúirt don Pharlaimint agus don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a bhreithniú i bhfianaise na dtráchtaí arna leagan amach thuas. Tugann sí dá haire go háirithe go gcónaidhmíonn na tograí saincheisteanna maidir le hailtireacht institiúideach agus le saincheisteanna urrúis maidir le hiontaofacht na faisnéise cuntasaíochta, dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, agus an phróifíl riosca maidir le sruthanna caiteachais. Bheifí ábalta, mar shampla, dearbhú bainistíochta a fháil le haghaidh gach sruth caiteachais gan a bheith ag seasamh air go mbeadh na socruithe eagraíochtúla céanna ag gach ceann díobh.

Íocaíochtaí, gníomhaíocht maidir le gnóthú agus soláthar

37.

Níl aon trácht le déanamh ag an gCúirt ar na tograí atá sa dréacht-Rialachán Airgeadais.

Cuntais mhuiníneacha (Airteagal 61(4))

An togra ón gCoimisiún

38.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go bhféadfar cuntais mhuiníneacha (faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin atá i bhfeighil cur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta le comhaontú ó oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin) a oscailt in ainm an Choimisiúin agus thar a cheann. Déanfaidh eintiteas arna liostú in Airteagal 53(1) pointe (2)(c) agus (d), lena n-áirítear institiúidí airgeadais a bhfuil cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais curtha faoina gcúram, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) na cuntais seo a bhainistiú.

Anailís

39.

Rinne an Chúirt iniúchóireacht roimhe seo ar an mbainistíocht a dhéanann an Coimisiún ar na cuntais mhuiníneacha (e.g. Tuarascáil Speisialta Uimh 5/2009). Ba í conclúid na Cúirte, i measc nithe eile, nár bunaíodh aon rialacha soiléire maidir le cuntais mhuiníneacha a chur ar bun.

40.

Bhí cuntais mhuiníneacha in úsáid cheana féin ag an gCoimisiún le blianta fada, nuair a bhí cláir agus gníomhaíochtaí amhail oibríochtaí caipiteal riosca nó ráthaíochtaí d’Fhiontair Bheaga agus Mheánacha á gcur chun feidhme aige. Sholáthródh an fhoráil nua seo an bunús dlí chun cuntais mhuiníneacha nua a oscailt. Ní cheanglaíonn sé ar an oifigeach údarúcháin atá i bhfeighil chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta comhaontú a fháil ó oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin maidir leis na cuntais mhuiníneacha reatha, ná rialacha maidir lena n-úsáid agus monatóireacht orthu a bhunú.

Moladh

41.

Molann an Chúirt go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh sna tráchtaí arna ndéanamh i míreanna 30-32 i dTuarascáil Speisialta Uimh 5/2009 ón gCúirt nuair a bheidh téacs na Rialacha Cur Chun Feidhme á thabhairt chun críche aige.

Deontais agus Duaiseanna (Airteagail 108 go 120a)

42.

Is líonmhar iad na tograí ón gCoimisiún maidir leis an gcóras chun costais i ndáil le haisíoc (agus níos mó úsáide a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid chaighdeánaigh, etc. san áireamh) a chur in oiriúint. Ach is beag míniú a thugtar, áfach, sna tograí maidir leis an Rialachán Airgeadais a leasú ar an gcaoi a mbogfar chuig córas feidhmíochtbhunaithe. Dá bhrí sin, tá bearna idir an ardmhian atá sa mheabhrán míniúcháin (ina luaitear gur cuspóir é “córas na ndeontas a athrú ó bhainistíocht bunaithe ar fhíorchostas (ionchuir) go scéim feidhmíochtbhunaithe (aschuir), chun díriú níos fearr ar chuspóirí beartais agus chun go simpleofar go suntasach na ceanglais maidir le nósanna imeachta agus cáipéisíocht a bhaint amach chun leasa na dtairbhithe, agus úsáid cnapshuimeanna a éascú”) agus réaltacht na n-athruithe atá beartaithe. B’fhéidir gur comhartha atá sna tograí maidir le duaiseanna go bhfuiltear chun bogadh ó aisíocaíocht ar bhonn costais. Más rud é gur mian leis an gCoimisiún dul chun cinn suntasach a dhéanamh chuig córas feidhmíochtbhunaithe aisíocaíochta ní foláir dó aghaidh a thabhairt ar an bpointe sna rialacha cur chun feidhme agus/nó sa reachtaíocht earnálach.

Ionstraimí Airgeadais (Airteagal 120b agus 120c)

An togra ón gCoimisiún

43.

Soláthraíonn an Teideal nua seo creat reachtach maidir le húsáid ionstraimí airgeadais. Faoina fhorálacha féadfaidh an Coimisiún ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme sa mhodh díreach bainistíochta nó sa mhodh indíreach bainistíochta, trí chúraimí a chur de chúram ar an BEI, CEI nó ar institiúidí airgeadais eile. Roimhe seo dhéileáiltí le hionstraimí airgeadais mar eisceachtaí ó shocruithe caighdeánacha maidir le deontais.

Anailís

44.

Is iomchuí bunús sonrach dlí maidir le húsáid ionstraimí airgeadais a bheith san áireamh sa Rialachán Airgeadais ar na cúiseanna arna míniú ag an gCoimisiún. Tugann an Chúirt dá haire, áfach, nach dtéann an treoir nua arna soláthar ag an méid atá beartaithe a chur leis an Rialachán Airgeadais i ngleic le saincheist na húinéireachta: ní léir cibé an bhfuil an Coimisiún ag súil leis go ndéanfaí na hionstraimí airgeadais uile a thaifeadadh ar chlár comhardaithe an Aontais Eorpaigh, mar ba cheart dóibh a dhéanamh de réir caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil aitheantas (5) acu go hidirnáisiúnta. (Féach freisin míreanna 46 agus 92).

45.

Rinne an Chúirt iniúchóireacht roimhe seo ar bhainistíocht na n-ionstraimí airgeadais éagsúla ag an gCoimisiún agus ag an BEI, CEI, agus idirghabhálaithe airgeadais eile (e.g. Tuarascáil Speisialta Uimh 1/2009, Tuarascáil Bhliantúil 2008). Ba í conclúid na Cúirte, i measc nithe eile, nár leor i roinnt cásanna an mhonatóireacht ar úsáid na n-ionstraimí airgeadais ag an gCoimisiún ná ag idirghabhálaithe airgeadais a raibh a mbainistíocht curtha faoina gcúram.

46.

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún cur leis an úsáid a bhaineann sé as ionstraimí airgeadais. Dá bhrí sin teastóidh uaidh monatóireacht a dhéanamh ar a n-úsáid agus infheistiú a dhéanamh in oiliúint foirne i ndáil leis na rioscaí (6) gaolmhara a bhainistiú. Teastóidh uaidh freisin a áirithiú go mbeidh baill foirne ar an eolas ar an ngá atá le trédhearcacht (lena n-áirítear nochtadh i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta).

Moladh

47.

Molann an Chúirt go bhféachfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le soiléiriú sa bhreis a fháil ón gCoimisiún maidir le húinéireacht na n-ionstraimí airgeadais, agus maidir leis an gcaoi a bhfuil sé ag súil leis na hionstraimí airgeadais a chur i gcuntas agus a thuairisciú i ráitis airgeadais an AE. Agus thairis sin, molann an Chúirt go mbeadh beartais iomchuí maidir le monatóireacht a dhéanamh ar úsáid na n-ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear iad siúd arna gcur i bhfeidhm faoi bhainistíocht indíreach, san áireamh ag an gCoimisiún sna rialacha cur chun feidhme. Ba cheart freisin go neartódh sé cumas bhaill foirne an Choimisiúin ionstraimí airgeadais measartha casta a oibriú.

Iniúchóireacht sheachtrach (Airteagail 129, 140, 143 go 144a)

48.

Déanann an Coimisiún líon áirithe tograí atá ábhartha do Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte (Airteagal 129, Airteagal 143, Airteagal 144a) agus do thuarascálacha speisialta (Airteagal 144). Ní dheachaigh an Coimisiún (príomhiniúchaí na Cúirte) i gcomhairle leis an gCúirt (iniúchóir seachtrach an Choimisiúin) sular mhol sé na hathruithe seo ar na socruithe maidir le hiniúchóireachtaí na Cúirte.

An tuarascáil bhliantúil

An togra ón gCoimisiún

49.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún (i dteannta athordú éigin a dhéanamh ar Airteagal 143):

spriocdhátaí níos luaithe a bheith ann le haghaidh aon bharúlacha is dóigh a bheidh sa tuarascáil bhliantúil a tharchur, i.e. dréachtchaibidlí den tuarascáil bhliantúil. In ionad an 30 Meitheamh, mar atá faoi láthair, is é an 15 Meitheamh an dáta a bheadh ann don tarchur chuig an gCoimisiún agus an 1 Meitheamh an dáta don tarchur chuig institiúidí agus comhlachtaí eile (143(1)),

spriocdhátaí níos luaithe a bheith ann do chuntais shealadacha na n-institiúidí seachas an Coimisiún, agus comhlachtaí eile (129(1)),

ráiteas á rá go bhfuil barúlacha na Cúirte faoi réir nós imeachta bréagnaitheach (143(1) agus 143(2)),

leagan eile den fhoclaíocht a bheith ar na socruithe maidir le foilsiú freagraí na n-institiúidí (143(4)),

athmhúnlú na socruithe trína lorgaíonn an Coimisiún dearcadh gach Ballstáit ar bharúlacha ón gCúirt atá ábhartha dó (143(6)), lena n-áirítear achar níos faide a bheith ag Ballstáit le freagairt,

foráil nua arna cheangal ar an gCúirt ráitis ar réamhchinntí a bheadh ábhartha don Tuarascáil Bhliantúil a tharchur faoin 1 Meitheamh an bhliain i ndiaidh na bliana dá dtagraíonn siad, agus ina dtugtar don institiúid, comhlacht nó Ballstát i dtrácht dhá mhí go leith chun an Chúirt a chur ar an eolas i dtaobh aon tráchtaí is mian léi a dhéanamh ar na ráitis ar na réamhchinntí (144a).

Anailís

50.

Níl aon tráchtaí le déanamh ag an gCúirt ar na hathruithe atá beartaithe ar Airteagal 143(4) nó (6).

51.

Tá an togra maidir le tagairt a chur isteach sa nós imeachta bréagnaitheach in Airteagail 143(1) agus 143(2) iomarcach.

52.

Is é dearcadh na Cúirte go bhfuil na hathruithe maidir leis an tráthchlár atá beartaithe a chur ar Airteagal 143(1) míchuí. Go foirmiúil, laghdóidís go mór an t-achar a bheadh ag an gCúirt chun a barúlacha a ullmhú. Tugann an Chúirt dá haire ina theannta sin nach ndearna an Coimisiún togra maidir leis an dáta ar a gceanglaítear na cuntais shealadacha (Airteagal 128) agus deiridh (Airteagal 129) a thíolacadh a thabhairt chun cinn.

53.

Tá an tráthchlár atá beartaithe fíorshuntasach maidir leis na tuarascálacha ar ghníomhaíocht bhliantúil Ard-Stiúrthóirí an Choimisiúin agus an “tuarascáil sintéise” a thugann i gceann a chéile iad. Tráchtann an Chúirt ar na doiciméid seo ina tuarascálacha bliantúla. Foráiltear in Airteagal 60(8) den Rialachán Airgeadais go gcuirfear iad seo ar fáil ar an 15 Meitheamh. Cheanglófaí ar an gCúirt mar sin a dréacht-tuarascáil a tharchur ar an lá céanna a gceanglaítear ar an gCoimisiún a tuarascáil sintéise ar oibríocht an chórais rialaithe inmheánaigh a tharchur.

54.

Aithníonn an Chúirt a inmhianaithe is atá sé aon ábhar a chur ar fáil don Choimisiún agus eile go tráthúil agus is é an cleachtas atá aici sin a dhéanamh roimh na spriocdhátaí don tarchur foirmiúil arna leagan amach sa Rialachán Airgeadais i ngach cás inar féidir é. Molann sí gurbh fhearr na spriocdhátaí foirmiúla reatha a fhágáil gan athrú agus leanúint de bheith ag brath ar chomhoibriú.

55.

Más rud é ina áit sin go mbíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle den tuairim gur cheart spriocdhátaí áirithe a thabhairt chun cinn, measann an Chúirt go mbeidh sé riachtanach an cur chuige céanna a ghlacadh maidir le spriocdhátaí don Choimisiún.

56.

Sa chás seo, b’inmhianaithe go háirithe an spriocdháta ar a mbeadh na freagraí ón gCoimisiún agus ó institiúidí eile ar dhréacht-Tuarascáil Bhliantúil na Cúirte (barúlacha) le bheith faighte a bhreithniú an athuair. Is é an 15 Deireadh Fómhair atá leagtha amach dó seo in Airteagal 143(1). Dá mba rud é go mbeadh sé chomh deireanach seo nuair a chuirfeadh institiúidí a bhfreagraí aistrithe deiridh ar fáil, bheadh sé dodhéanta an Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú in am. D’fhonn cloí leis an tráthchlár reatha chun an Tuarascáil Bhliantúil a thíolacadh don údarás buiséadach i dtús na Samhna, ní mór don Chúirt na freagraí agus iad aistrithe go hiomlán a fháil ar dháta nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.

57.

Ní foláir Airteagal 144a nua atá beartaithe a bhreithniú i bhfianaise na sriantachta ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte a tharraingt suas.

58.

Ceanglaítear ar an gCúirt tuairisciú ar an gcaiteachas uile do bhliain airgeadais. Ní féidir léi a clár de chuairteanna iniúchóireachta a chríochnú go dtí go mbíonn an caiteachas (7) uile taifeadta ag an gCoimisiún. Sna cúinsí sin, beidh sé dosheachanta gan na páirtithe uile a bheith faoi strus mar gheall ar chur in iúl thorthaí na hiniúchóireachta. Is gá comhoibriú, cumarsáid agus plé chun aghaidh a thabhairt air seo.

59.

De ghnáth bíonn trí ócáid ann ar a mbíonn deis ag an iniúchaí freagra a thabhairt ar chinntí na Cúirte:

(a)

le linn na gcuairteanna iniúchóireachta (a gcinneann go leor tairbhithe/Ballstát doiciméadacht bhreise a sholáthar ina ndiaidh);

(b)

trí ráiteas na réamhchinntí (a sheoltar i ndiaidh na cuairte iniúchóireachta, agus aon fhaisnéis bhreise a bheith faighte);

(c)

i ndiaidh tharchur na dréacht-tuarascála (“barúlacha”) chuig an gCoimisiún. Faoi láthair bíonn cruinniú ar aghaidh a chéile idir í féin agus an Coimisiún i gceist leis na dréacht-tuarascálacha uile d’fhonn a ndréachtfhreagra uathu a phlé.

60.

Is cuid de nósanna imeachta inmheánacha na Cúirte é an ráiteas ar réamhchinntí seachas doiciméad arna ghlacadh ag an gCúirt nó ag Seomra (8). Tá an Chúirt dá bhrí sin den tuairim go bhfuil sé míchuí i bprionsabal foráil amhail Airteagal 144a a chur isteach sa Rialachán Airgeadais.

61.

Ina theannta sin is ann d’agóidí suntasacha praiticiúla i gcoinne an togra ón gCoimisiún.

Is é is dóiche de go mbeidh ócáidí ann ina mbeidh comhthacaíocht réamhchinntí inmhianaithe (mar shampla, i gcás go mbíonn sé mall nuair a fhaightear faisnéis ó thairbhí),

Tá an tréimhse dhá mhí go leith dá bhforáiltear in Airteagal 144a (2) chun freagraí a thabhairt ar na ráitis ar réamhchinntí (a d’fhéadfadh a bheith chomh fada le lár-Lúnasa) chomh fada is go bhfuil sí neamhphraiticiúil agus, mar a thugtar ar aire i mír 59, ní fhreagraíonn sí do na socruithe reatha. D’fhéadfadh go bhfágfadh sé nárbh fhéidir an Tuarascáil Bhliantúil a sholáthar faoin 15 Samhain, mar a cheanglaítear faoin Rialachán Airgeadais,

Tá sé ar neamhréir freisin le ceachtar den dá cheann, an tAirteagal reatha 143(2) nó an tAirteagal 143(1) atá beartaithe. Ba cheart go léireofaí i ndréachtbharúlacha na Cúirte (atá le seoladh i mí an Mheithimh) an plé ar na ráitis ar na réamhchinntí (a d’fhéadfadh faoi Airteagal 144a atá beartaithe a bheith ar siúl go dtí lár Lúnasa).

62.

Má tá úsáid na ráiteas ar na réamhchinntí le bheith rialaithe, ba éard a bheadh mar thosaíocht oibleagáid dhlíthiúil a leagan ar an gCoimisiún freagairt, agus spriocdháta uasta de shé seachtaine a bheith leis sin.

Moladh

63.

Molann an Chúirt don Pharlaimint agus don Chomhairle:

gan na hathruithe atá beartaithe ar Airteagal 143(1) a dhéanamh,

gan an téacs nua atá beartaithe d’Airteagal 143(2) a chur isteach sa Rialachán Airgeadais,

gan an tAirteagal 144a nua atá beartaithe a chur isteach sa Rialachán Airgeadais.

Tuarascálacha speisialta

An togra ón gCoimisiún

64.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún:

tagairt don nós imeachta bréagnaitheach a chur isteach in Airteagal 144,

roinnt athruithe maidir le dréachtú a dhéanamh ar théacs Airteagal 144(1),

mír nua a chur isteach chun an bealach ina dtíolacann an Chúirt a tuarascálacha speisialta a rialú.

Anailís

65.

Agus mar atá i gcás na tuarascála bliantúla, measann an Chúirt go bhfuil an tagairt don nós imeachta bréagnaitheach iomarcach.

66.

Tá an dara ceann de na hathruithe a bhfuil sé ceaptha dóibh soiléiriú a thabhairt air doiléir. Is dóigh gurb éard atá ar intinn gur cheart go nglacfadh an Chúirt an leagan cinntitheach den tuarascáil speisialta taobh istigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaigheadh sí na freagraí i dtrácht. Is é cleachtas na Cúirte in aon chás tuarascálacha speisialta a ghlacadh láithreach tar éis di an leagan deireanach de na freagraí a fháil ón institiúid i dtrácht. Measann an Chúirt gur deis mhaith atá san athbhreithniú seo ar an Rialachán Airgeadais chun an fhomhír iomarcach seo a bhaint amach as Airteagal 144.

67.

Chuirfeadh an fhomhír dheireanach nua atá beartaithe d’Airteagal 144(1) srian neamhchúntach le cumas na Cúirte tuarascálacha speisialta a sholáthar ar bhealach a mbeadh an luach is mó le baint ag léitheoirí astu. Déanann an Chúirt athbhreithniú go leanúnach ar an mbealach ina dtíolactar tuarascálacha agus cheana féin tugann sí níos mó suntasachta do na freagraí ó na hiniúchaithe ná mar a thugann formhór na nArdinstitiúidí Iniúchóireachta. Tuigeann an Chúirt go bhfáiltíonn an chuid is mó de na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta roimh thráchtaí ón iniúchaí maidir lena ndréacht-tuarascálacha, agus go ndéanann siad achoimre ansin ar a dtráchtaí i dtéacs na tuarascála. Sa chás go bhfuil athruithe le déanamh, b’fhearr leis an gCúirt an eiseamláir seo de thíolacadh.

Moladh

68.

Molann an Chúirt don Pharlaimint agus don Chomhairle gan glacadh leis na hathruithe ar Airteagal 144 a pléadh thuas; agus scrios Airteagal 144(1), tríú fomhír, a bhreithniú.

Saincheisteanna eile maidir leis an Iniúchóireacht Sheachtrach

69.

Imíonn an tríú habairt in Airteagal 140(2) den Rialachán Airgeadais reatha ó théacs an Chonartha ar thrí bhealach: tá na focail “i gcomhar” in áit na bhfocal “i gcuibhreann” atá sa Chonradh; labhraítear sa Rialachán Airgeadais ar “institiúidí iniúchóireachta” seachas “comhlachtaí iniúchóireachta” agus is “atá freagrach” seachas “inniúla” an cur síos a thugtar ar “ranna náisiúnta” Molann an Chúirt an roinn seo a chur ar chomhréim le téarmaíocht an Chonartha.

Cistí iontaobhais Eorpacha (Airteagal 164)

An togra ón gCoimisiún

70.

Tá Airteagal 164 nua sa dréacht-Rialachán Airgeadais, ar bonn é ar a bhféadfaí cistí iontaobhais Eorpacha a chruthú. Chruthófaí iad bunaithe ar eiseamláir oibríochtaí chiste iontaobhais an Bhainc Dhomhanda agus na Náisiún Aontaithe. Cheadóidís don Choimisiún cistí ó dheontóirí eile a bhainistiú (chomh maith le cistí as buiséad an AE) i gcomhthiomsú coiteann. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na cistí seo a choinneáil i gcuntas sonrach bainc, agus táille bhainistíochta de 7 % a ghearradh.

Anailís

71.

Is ábhar beartais nach lorgaíonn an Chúirt seasamh a thógáil air an cinneadh cibé ar cheart don Choimisiún tosú ag bainistiú cistí iontaobhais. Tarraingíonn an Chúirt aird na Parlaiminte agus na Cúirte, áfach, ar shaincheisteanna riaracháin, costais, cuntasachta agus iniúchóireachta arna n-ardú ag an togra seo.

Saincheisteanna riaracháin

72.

Cé go bhféadfadh gurb iomchuí gur ann do chuntas sonrach bainc chun ranníocaíochtaí a ghlacadh, agus iad a choinneáil go dtí go dteastódh siad, ní foláir socruithe eile a bheith ann d’fhonn tabhartais a chur chun fónaimh. Thabhódh ciste iontaobhais arbh é a aidhm freagairt don chrith talún i Háítí, mar shampla, speansais airgeadra áitiúil i Háítí, cheannódh sé soláthairtí agus seirbhísí i líon éagsúil d’airgeadraí thart ar réigiún na Cairibe, agus gheobhadh sé earraí agus seirbhísí lóistíochta ón taobh istigh den AE agus thart timpeall air. Ba ghá mar sin go láimhseodh líon éagsúil de chuntais bhainc idirbhearta na gcistí iontaobhais, agus go ndéileálfadh líon éagsúil de tharmligin agus de bhaill foirne leo.

73.

Ba ghníomhaíocht chasta mar sin an ghníomhaíocht a bhainfeadh le cuntasaíocht chiste iontaobhais, agus bheadh sí comhtháite go dlúth i ngníomhaíochtaí eile cuntasaíochta. Ní thugtar aitheantas don chastacht seo sa dréacht-téacs ón gCoimisiún maidir le “cuntais shonracha bhainc”.

Costas

74.

Cheadódh an dréacht-Rialachán Airgeadais don Choimisiún táille bhainistíochta de 7 % de ranníocaíochtaí a ghearradh as ciste iontaobhais a riar. Tuigeann an Chúirt go léiríonn an figiúr seo (a úsáidtear freisin faoi Chreat-Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin an CE/na NA) teorainn na bhforchostas riaracháin a cheadaítear i réimsí eile den bhuiséad, seachas meastóireacht ar na costais dhóchúla bhreise a bhainfeadh le ciste iontaobhais a rith.

75.

Gné den togra is ea go mbeadh an Coimisiún, ar dheontóir é féin, ábalta an táille riaracháin a ghearradh as a ranníocaíocht féin chuig an gciste. De réir mar a thugtar síos sa mheabhrán míniúcháin bheadh an cuntas sonrach bainc “lasmuigh den bhuiséad”, rud a thabharfadh le fios go bhfuil súil ag an gCoimisiún caitheamh le haistrithe chuig an gciste iontaobhais mar chaiteachas buiséadach. Ní léir go bhfuil sé dlisteanach don Choimisiún táille riaracháin a ghearradh as a chistí féin a bhainistiú, ná ní léir cibé an ionann an 7 % de tháille bhainistíochta agus luacháil chóir ar na costais dhóchúla a bheidh i gceist.

Cuntasacht agus socruithe iniúchóireachta

76.

Luaitear sna dréacht-Rialacha Cur Chun Feidhme (Airteagal 231a) go bhfuil an ciste iontaobhais le comhdhlúthú i gcuntais bhliantúla an Choimisiúin agus go bhfuil cuntas bliantúil le tíolacadh chuig an údarás buiséadach i gcomhthéacs an phróisis um urscaoileadh. Beidh gach ceann ar leith de na cistí iontaobhais faoi réir trí cinn d’iniúchóireachtaí ar a laghad: ceann na Seirbhíse Iniúchóireachta Inmheánaí, ceann na Cúirte, agus an ceann a bheidh ag an “iniúchóir seachtrach neamhspleách”.

77.

Is féidir na socruithe seo a chur i gcomparáid leo siúd atá ag bainisteoirí cistí iontaobhais atá seanbhunaithe. Go tipiciúil bíonn sé i gceist leo ráiteas comhdhlúite ar na cistí iontaobhais a ullmhú, arna chumhdach ag iniúchóireacht aonair. Laghdaíonn an comhdhlúthú seo costas na hiniúchóireachta go mór. I gcás an Bhainc Dhomhanda, socraíonn deontóirí ar mian leo urrús breise a bheith acu ar chistí iontaobhais aonair go ndéanfaidh iniúchóir seachtrach an chomhlachta bhainistithe iniúchóireacht, ach go gcaithfidh siad táille a íoc leis an iniúchóir chun costas breise na hiniúchóireachta seo a chlúdach.

Moladh

78.

Molann an Chúirt don Pharlaimint agus don Chomhairle an meáchan cuí a leagan ar na breithniúcháin arna leagan amach thuas nuair a bheidh an togra ón gCoimisiún á bhreithniú, agus a mheas, i gcás go dtacaítear leis an togra cistí iontaobhais Eorpacha a chruthú, cén chaoi ina bhféadfaí socruithe urrúnta ach costéifeachtacha a cheapadh.

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha (Airteagal 185a)

An togra ón gCoimisiún

79.

Tá Airteagal 185a nua san áireamh sa dréacht-Rialachán Airgeadais, ar bonn é chun coincheap na gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha (PPPanna) a thabhairt isteach go follasach agus chun a gcur chun feidhme a chur de chúram ar chomhlacht speisialta comhpháirtíochta poiblí-príobháidí. Foráiltear sa togra ón gCoimisiún do ghlacadh an Choimisiúin le heiseamláir éadrom de Rialachán Airgeadais, trína leagfaí síos sraith prionsabal is gá d’fhonn bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. D’áireofaí na prionsabail seo, faoi thionchar Airteagal 53b nua den dréacht-Rialachán Airgeadais go háirithe, sna rialacha airgeadais le glacadh ag na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu arna bunú le bunghníomh agus a bhfuil cur chun feidhme de PPP curtha de chúram orthu de bhun Airteagal 53(1) pointe (2)(e).

Anailís

80.

Go bunúsach is cineál de shocrú dlíthiúil fadtéarmach, ar ardluach agus go minic casta iad na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha. Luaitear sa mheabhrán teicniúil ón gCoimisiún nach measann páirtithe go bhfuil na forálacha atá sna Rialacháin Airgeadais reatha oiriúnach. Ar an mbonn seo (agus i ndiaidh tuilleadh anailíse), bhreithnigh an Coimisiún gur cheart d’fhonn PPP a chur chun feidhme, an rogha bhreise é a chur de chúram ar chomhlacht speisialta comhpháirtíochta poiblí-príobháidí a chur leis na roghanna reatha.

81.

Is ábhar beartais nach lorgaíonn an Chúirt seasamh a thógáil air an cinneadh cibé an gcuirfí cur chun feidhme PPP de chúram ar chomhlacht speisialta comhpháirtíochta poiblí-príobháidí. Ní dhéanann na forálacha maidir leis an “eiseamláir éadrom de Rialachán Airgeadais” le haghaidh na gcomhlachtaí speisialta aon fhoráil do chomhairliúchán na Cúirte. Measann an Chúirt go bhfuil sé tábhachtach nach gcuirfeadh an doiciméad seo srian ar bhealach ar bith le cumas na Cúirte iniúchóireacht a dhéanamh ar úsáid chistí an AE.

Moltaí

82.

Molann an Chúirt na focail “agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí” a chur leis an dara habairt den Airteagal seo.

Ceannach foirgneamh a mhaoiniú (Airteagal 179(3)b)

83.

Níl aon trácht le déanamh ag an gCúirt ar an togra seo.

Forálacha críochnaitheacha

84.

Níl aon trácht le déanamh ag an gCúirt ar an moladh ón gCoimisiún maidir le nós imeachta.

Saincheisteanna nár tugadh suntasacht dóibh sa mheabhrán míniúcháin ón gCoimisiún

85.

Is mian leis an gCúirt aird na Parlaiminte agus na Comhairle a tharraingt ar cheithre ábhar nár cuireadh i bhfios dóibh sa mheabhrán míniúcháin ón gCoimisiún: imréiteach íocaíochtaí an réamh-mhaoinithe sna cuntais (Airteagal 81), freagrachtaí an oifigigh chuntasaíochta (Airteagal 123), an iniúchóireacht ar na gníomhaireachtaí (Airteagal 185(4)) agus an leathadh d’oibleagáidí maidir le tuairisciú atá ar fud an Rialacháin Airgeadais.

Imréiteach an réamh-mhaoinithe (Airteagal 81)

An togra ón gCoimisiún

86.

Tharla leibhéil an-ard de réamh-mhaoiniú neamh-imréitithe le blianta anuas i gcodanna áirithe den bhuiséad. Tugtar freagra ar an bhfadhb seo sa togra ón gCoimisiún.

Anailís

87.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, inter alia, mír nua 4 a chur le hAirteagal 81 faoina gceanglófaí ar an oifigeach údarúcháin atá freagrach an réamh-mhaoiniú a imréiteach “go rialta”, ach níl aon tagairt inti do mhinicíocht an imréitithe. Ní léir cibé an mbainfidh an t-athrú atá beartaithe amach an cuspóir atá leagtha amach.

Moladh

88.

Molann an Chúirt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle breathnú ar an bhforáil seo a láidriú, mar shampla trí thagairt dá inmhianaithe is atá sé rócharnadh d’ítimí neamh-imréitithe a sheachaint, agus/nó gan ach íocaíocht aonair réamh-mhaoinithe a cheadú.

89.

Taispeánann an Chúirt gur cheart go bhféadfadh an Coimisiún dul i ngleic le fadhb na leibhéal ard de réamh-mhaoiniú neamh-imréitithe sula ndéanfaí athruithe ar an Rialachán Airgeadais. Molann an Chúirt don Choimisiún sprioc maidir leis an leibhéal de réamh-mhaoiniú neamh-imréitithe a ghlacadh, agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn trí bhíthin tuarascálacha gníomhaíochta bliantúla.

Na cuntais a thíolacadh agus cuntasaíocht (Teideal VII)

An togra ón gCoimisiún

90.

Simplítear agus tá níos lú de théacs i dtaca le tíolacadh na gcuntas sna tograí ón gCoimisiún. Déantar roinnt athruithe maidir le dáta tíolactha na sraitheanna éagsúla d’fhaisnéis airgeadais.

Anailís

91.

Fáiltíonn an Chúirt roimh shimpliú an téacs reatha den teideal seo. Tá an Chúirt den tuairim, áfach, gurbh fhónta an deis seo a ghlacadh chun freagracht oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a léiriú go follasach maidir le cuntais an Choimisiúin d’fhonn a áirithiú go n-ullmhófar na cuntais i gceart. Níorbh é a bheadh i gceist aon athrú substainte a thabhairt i gcrích: faoi mar a ullmhaítear na cuntais sna poncanna ábhartha uile i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí. Ach d’fhéadfaí é a shoiléiriú tuilleadh.

92.

Molann an Chúirt modhnú a dhéanamh ar Airteagal 123 d‘fhonn a lua go bhfuil na cuntais le tarraingt suas i gcomhréir leis “na caighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta” (focail atá á dtógáil as Airteagal 133) ach sárú lena ngabhfadh léargas fíorcheart a bheith ag an oifigeach cuntasaíochta. Ar an modh seo cheadófaí don oifigeach cuntasaíochta cóir a ghlacadh a bheadh éagsúil ón gcóir a cheanglaítear leis na caighdeáin nuair ba ghá sin chun léargas fíorcheart a thaispeáint agus ansin amháin. Cheanglófaí uirthi/air ansin a mhíniú go ndearnadh seo, agus a thaispeáint (sna nótaí leis na cuntais) cé mar a bheadh na ráitis airgeadais difriúil dá leanfaí na caighdeáin.

Moladh

93.

Molann an Chúirt don Pharlaimint agus don Chomhairle, nuair a bheidh na tograí ón gCoimisiún a mbreithniú acu don chuid seo den Rialachán Airgeadais, an soiléiriú ar na línte arna moladh thuas a chur isteach a mheas.

Rialacháin airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile arna mbunú faoin gConradh (Airteagal 185(4))

An togra ón gCoimisiún

94.

Tá Airteagal 185(4) nua maidir le déileáil le hiniúchóireacht ar ghníomhaireachtaí an AE beartaithe ag an gCoimisiún. Foráiltear ann go n-úsáidfear obair a rinne iniúchóirí as an earnáil phríobháideach, arna gceapadh ag gach gníomhaireacht, i dtuarascálacha sonracha bliantúla na Cúirte ar na gníomhaireachtaí. Is ann do dhébhríocht éigin faoina bhfuil i gceist leis an togra go díreach: tagraíonn an chéad abairt do dhlíthiúlacht agus rialtacht ioncaim agus caiteachais, tagraíonn an dara ceann do na cuntais.

Anailís

95.

Tá de chumas ag an togra ón gCoimisiún bonn a sholáthar do chreat feabhsaithe iniúchóireachta le haghaidh na ngníomhaireachtaí. Tá cleachtadh ag iniúchóirí san earnáil phríobháideach a bheith ag teacht ar thuairim maidir le hiontaofacht cuntas. Tá an Chúirt ar aon intinn le dearcadh an Choimisiúin gur chóir go mbeadh ar a gcumas brath ar obair iniúchóra neamhspleách, ceaptha mar is ceart, as an earnáil phríobháideach maidir lena thuairim i ndáil le hiontaofacht cuntais ghníomhaireachta.

96.

Tá cúrsaí beagán níos casta i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht, mar a bhfuil na ceanglais arna leagan amach i ndlí an AE níos faide arís ó ghnáthobair iniúchóireachta na n-iniúchóirí as an earnáil phríobháideach. De réir dhearcadh na Cúirte ba é an cúrsa ab iomchuí a cheangal ar iniúchóir ainmnithe as an earnáil phríobháideach “nósanna imeachta arna gcomhaontú’” a ghlacadh air féin maidir le saincheisteanna soláthair agus earcaíochta, trína roghnódh an t-iniúchóir as an earnáil phríobháideach sampla “arna chomhaontú” de phróisis soláthair agus earcaíochta agus go ndéanfadh sé sraith tástálacha “arna comhaontú” ar an sampla sin. Thiocfadh an Chúirt ar a tuairim féin ansin, arna bunú ar thorthaí na tástála, maidir le saincheist dhlíthiúlacht agus rialtacht chuntais na gníomhaireachta.

97.

Molann an Chúirt dá bhrí sin gur cheart go mbeadh sí rannpháirteach i roghnú na n-iniúchóirí as an earnáil phríobháideach, gur cheart go mbeadh úinéireacht aici ar pháipéir oibre na hiniúchóireachta agus go mbeadh an seasamh deireanach aici seirbhísí iniúchóra as an earnáil phríobháideach a chur ar ceal dá mba rud é go gcreidfeadh an Chúirt gur ghá sin. Ó tharla gurb ionann tuairim na hiniúchóireachta agus tuairim na Cúirte agus gur mar sin a bheadh, ba cheart go mbeadh smacht iomlán ag an gCúirt ar aon obair iniúchóireachta allamuigh arna seachfhoinsiú.

98.

Cheadódh togra arna athbhreithniú ar an mbealach seo don Chúirt leanúint uirthi ag comhlíonadh a sainordaithe ar bhealach costéifeachtach i gcomhthéacs líon méadaitheach de ghníomhaireachtaí agus de chomhlachtaí.

Moladh

99.

Molann an Chúirt glacadh leis an togra ón gCoimisiún faoi réir na n-athruithe seo a leanas:

(a)

ba cheart gur réamhriachtanas é formheas na Cúirte a bheith le ceapachán iniúchóra as an earnáil phríobháideach ag gníomhaireacht. Ní mór don Chúirt a bheith sásta gur tharla próiseas ceart tairisceana, go bhfuil an ghnólacht iniúchóireachta arna roghnú sách inniúil agus neamhspleách agus go bhfuil an táille iniúchóireachta atá beartaithe réasúnach. Leagfadh an Chúirt síos go mbeadh conradh caighdeánach curtha ar bun ina mbeadh na clásail bainteach leis na nósanna imeachta arna gcomhaontú maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais.

(b)

Níor cheart go mbeadh d’oibleagáid ar an gCúirt brath go hiomlán ar obair iniúchóirí eile. Ní mór don Chúirt é a bheith ar a cumas aon nósanna imeachta iniúchóireachta a mheastar is gá chun teacht ar thuairim a sheoladh. Ina theannta sin arís, ba cheart an abairtín “braithfidh” a leasú ionas gur “féadfaidh… brath ar” a bheidh ann d’fhonn nach mbeidh a lánrogha bainte den Chúirt ag an Rialachán Airgeadais. Ní mór d’éirim dhlíthiúil an abairtín ceadú don Chúirt brath iniúchóirí eile ach gan iallach a chur uirthi sin a dhéanamh.

(c)

Ba cheart go n-áireofaí le misean an iniúchóra as an earnáil phríobháideach tuairim an iniúchóra sheachtraigh maidir le hiontaofacht a sholáthar don Chúirt agus sraith de nósanna imeachta arna gcomhaontú maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht a ghabháil air féin. Tá sé beartaithe an téacs a mhodhnú de bheagán mar léargas ar mhisean den sórt sin atá beartaithe.

100.

I dteannta na bpointí seo, tá sé beartaithe ag an gCúirt breis bheag a chur le hAirteagal 185(1) d’fhonn a áirithiú go leanfar de bheith ag dul i gcomhairle leis an gCúirt sula nglacfar eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile.

Ceanglais um thuairisciú

101.

Foráiltear sa Rialachán Airgeadais do líon áirithe tuarascálacha ón gCoimisiún. Tagann na ráitis airgeadais bhliantúla agus na tuarascálacha ar chur chun feidhme shruth an bhuiséid (Airteagal 121) as na caighdeáin idirnáisiúnta. Forchuireann an Rialachán Airgeadais ceanglais eile um thuairisciú, amhail tuarascáil gníomhaíochta bliantúla an oifigigh údarúcháin (Airteagal 60(7)) agus an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais (Airteagal 122). Ceanglaítear tuarascáil mheastóireachta bhliantúla ar airgeadas an Aontais faoin gconradh anois freisin (Airteagal 318 den CFAE).

102.

Gan luach aon cheann de na tuarascálacha seo a thabhairt faoi cheist, molann an Chúirt go mb’fhéidir gur mhian le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a iarraidh ar an gCoimisiún a mheas cibé an ann don raon feidhme d’fhonn tuarascálacha a shimpliú agus a chomhdhlúthú, agus riachtanais na n-úsáideoirí á gcur san áireamh.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 21 Deireadh Fómhair 2010.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

An tUachtarán


(1)  COIM(2010) 260 leagan deireanach an 28 Bealtaine 2010.

(2)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(3)  Féach tuairim Uimh 1/2010 – Improving the financial management of the European Union budget: risks and challenges [Feabhsú na bainistíochta airgeadais ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh: rioscaí agus dúshláin]. (http://eca.europa.eu/portal/page/portal/publications/auditreportsandopinions/opinions) Meabhraíonn an Chúirt go moltar sa tuairim seo go gcuirfí an coincheap “Breisluach Eorpach” in iúl i ndearbhú oiriúnach polaitiúil nó i reachtaíocht an AE d’fhonn treoir a thabhairt d’údaráis pholaitiúla an AE lena húsáid agus tosaíochtaí caiteachais á roghnú. D’fhéadfadh gur mheán reachtach den sórt é an Rialachán Airgeadais.

(4)  Dealraíonn sé go bhfuil sé á léiriú i mír bhrollaigh 39 nach mbeidh aon mheasúnú ex-ante ann maidir le cibé an soláthraíonn rialuithe na mBallstát leibhéal sásúil de chosaint le haghaidh leasanna airgeadais an Aontais, cé go bhfuil moladh in Airteagal 53a go bhféadfaidh ról creidiúnaithe a bheith ag an gCoimisiún.

(5)  Níl roinnt de na hionstraimí airgeadais a luaitear sa mheabhrán teicniúil ón gCoimisiún ar an ngné seo dá dtograí sa chlár comhardaithe faoi láthair.

(6)  Tugann an Chúirt dá haire gur bhain gníomhaireachtaí úsáid as ionstraimí airgeadais freisin.

(7)  Tarlaíonn sé fós go mbíonn íocaíochtaí comhchruinnithe ag deireadh na bliana. In 2009, mar shampla, thaifead an Coimisiún go ndearnadh 33 % de chaiteachas Chiste Sóisialta na hEorpa i mí na Nollag.

(8)  Is léargas iad na socruithe reatha ar phlé i gcomhthéacs an Choiste Teagmhála, ar a bhfuil cinn Ardinstitiúidí Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear Uachtarán na Cúirte (i gcomhréir leis an gceanglas atá sa Chonradh go gcomhoibreodh an Chúirt agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta “de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean”). Lorgaíonn an Chúirt freagra taobh istigh de cheithre seachtaine, nó i ngach cás inar féidir é taobh istigh de thréimhse níos faide, ar a barúlacha i ndáil leis an Ráiteas Urrúis. Bheadh an Chúirt sásta gealltanas a thabhairt na ráitis ar réamhchinntí bainteach leis an Tuarascáil Bhliantúil a tharchur faoin dáta an 1 Meitheamh arna leagan amach in Airteagal 144a atá beartaithe.


IARSCRÍBHINN

An téacs leasaithe ón gCoimisiún

Moladh na Cúirte

Airteagal 10

Rialacha maidir le hioncam sannta a thabhairt anonn

Airteagal 10

Rialacha maidir le hioncam sannta a thabhairt anonn

Aon ioncam neamhúsáidte agus leithreasaí atá le fáil an 31 Nollaig agus a tháinig as an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfar iad a thabhairt anonn mar seo a leanas:

Aon ioncam neamhúsáidte agus leithreasaí atá le fáil an 31 Nollaig agus a tháinig as an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfar iad a thabhairt anonn mar seo a leanas:

déanfar ioncam sannta seachtrach a thabhairt anonn go huathoibríoch agus ní mór é a úsáid ina iomláine go dtí go mbeidh gach oibríocht a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó é déanta. Féadfar ioncam sannta seachtrach a fuarthas le linn na bliana deireanaí den chlár nó den ghníomhaíocht a úsáid sa chéad bhliain den ghníomhaíocht nó den chlár ina dhiaidh sin,

déanfar ioncam sannta seachtrach a thabhairt anonn go huathoibríoch agus ní mór é a úsáid ina iomláine go dtí go mbeidh gach oibríocht a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó é déanta. Féadfar ioncam sannta seachtrach a fuarthas le linn na bliana deireanaí den chlár nó den ghníomhaíocht a úsáid sa chéad bhliain den ghníomhaíocht nó den chlár ina dhiaidh sin,

déanfar ioncam sannta inmheánach a thabhairt anonn ar feadh aon bhliana amháin, mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh is infheidhme nó i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha dóibh. Ní mór na leithreasaí comhfhreagracha atá le fáil a úsáid i dtús báire.

Airteagal 81

Cineálacha íocaíochtaí

Airteagal 81

Cineálacha íocaíochtaí

[…]

[…]

4.   Imréiteoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe go rialta. Chuige sin, áireofar na forálacha iomchuí sna conarthaí, sna cinntí deontais agus sna comhaontuithe agus sna comhaontuithe tarmligin a chuireann na cúraimí cur chun feidhme de chúram ar na heintitis agus ar na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) de phointe (2) den chéad mhír d'Airteagal 53.

4.   Imréiteoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe Chuige sin, áireofar na forálacha iomchuí sna conarthaí, sna cinntí deontais agus sna comhaontuithe agus sna comhaontuithe tarmligin a chuireann na cúraimí cur chun feidhme de chúram ar na heintitis agus ar na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) de phointe (2) den chéad mhír d'Airteagal 53.

Airteagal 123

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

Airteagal 123

Na rialacha lena rialaítear na cuntais

 

Comhlíonfaidh na ráitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 121 rialacha cuntasaíochta an Aontais arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, agus tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar shócmhainní agus dliteanais, muirir, ioncam agus sreabhadh airgid.

Comhlíonfaidh na cuntais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 121 na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha amach sa Rialachán seo. Tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar an ioncam buiséadach agus ar oibríochtaí caiteachais.

Comhlíonfaidh na cuntais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 121 na prionsabail bhuiséadacha atá leagtha amach sa Rialachán seo. Tabharfaidh siad léargas fíorcheart ar an ioncam buiséadach agus ar oibríochtaí caiteachais.

Airteagal 143

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 143

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an gCoimisiún faoin 15 Meitheamh agus chuig na hinstitiúidí agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 121, faoin 1 Meitheamh ar a dhéanaí, aon bharúlacha ar barúlacha iad a mheasann an Chúirt Iniúchóirí ba cheart a chur isteach sa tuarascáil bhliantúil. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta bréagnaitheach. Cuirfidh gach institiúid a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an gCoimisiún agus chuig hinstitiúidí faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí, aon bharúlacha ar barúlacha iad a mheasann an Chúirt Iniúchóirí ba cheart a chur isteach sa tuarascáil bhliantúil. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún Cuirfidh gach institiúid a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin ar a dhéanaí. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

2.   Tar éis an nós imeachta bréagnaitheach a chur i gcrích, cuirfidh gach institiúid nó comhlacht i dtrácht a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Seolfar freagraí na n-institiúidí, seachas freagraí an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí, chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

   

Airteagal 144

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

Airteagal 144

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí don institiúid nó don chomhlacht i dtrácht aon bharúlacha a mheasann sí ba cheart a bheith i dtuarascáil speisialta. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta bréagnaitheach.

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht aon bharúlacha ar barúlacha iad a mheasann an Chúirt Iniúchóirí ba cheart a chur isteach i dtuarascáil speisialta. Ní mór na barúlacha sin a choinneáil faoi rún

Beidh dhá mhí go leith ag an institiúid nó ag an gcomhlacht i dtrácht aon fhreagraí a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí is mian leo a thabhairt ar na barúlacha i gceist.

Beidh dhá mhí go leith ag an institiúid nó ag an gcomhlacht i dtrácht aon fhreagraí a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí is mian leo a thabhairt ar na barúlacha i gceist.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí an leagan cinntitheach den tuarascáil speisialta i gceist an mhí ina dhiaidh sin nuair a gheobhaidh sí na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht i dtrácht.

Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bpáirt leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagra.

Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bpáirt leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagra.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide nó comhlachta i dtrácht ar a mbarúlacha díreach in aice nó tar éis na mbarúlacha lena mbaineann siad.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar freagraí gach institiúide nó comhlachta i dtrácht ar a barúlacha mar aon leis an tuarascáil.

Airteagal 185

Rialachán réime Airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Airteagal 185

Rialachán réime Airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

1.   I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Coimisiún Rialachán réime Airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh sin agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, comhlachtaí a bhfuil pearsantachtaí dlítheanacha acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar bhuiséad an Aontais.

1.   I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh glacfaidh an Coimisiún Rialachán réime Airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh sin agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, comhlachtaí a bhfuil pearsantachtaí dlítheanacha acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar bhuiséad an Aontais.

[…]

[…]

4.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh a chruthaíonn comhlacht a thagraítear i mír 1, scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus caiteachas an chomhlachta sin sula gcomhdlúthófar a gcuntais le cuntais an Choimisiúin. Beidh an scrúdú sin ag brath ar an tuarascáil iniúchóireachta arna bunú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách arna ainmniú ag an gcomhlacht agus a bhfuil sé de mhisean aige a fhíorú go gcomhlíonann cuntais an chomhlachta Airteagal 123 den Rialachán seo.

4.   

   

Airteagal 185a

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

Airteagal 185a

Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha

Na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu arna bunú le bunghníomh agus ar cuireadh cúram cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí-príobháidí orthu de bhun Airteagal 53(1) pointe (2)(e), glacfaidh siad na rialacha airgeadais sin.

Na comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu arna bunú le bunghníomh agus ar cuireadh cúram cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí-príobháidí orthu de bhun Airteagal 53(1) pointe (2)(e), glacfaidh siad na rialacha airgeadais sin.

Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú, faoi thionchar Airteagal 53b den Rialachán reatha go háirithe, agus arna leagan síos in eiseamláir éadrom de Rialachán Airgeadais, le glacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá d'fhonn bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú, faoi thionchar Airteagal 53b den Rialachán reatha agus arna leagan síos in eiseamláir éadrom de Rialachán Airgeadais, le glacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 183aa, Airteagal 183ab agus Airteagal 183ac mutatis mutandis i ndáil leis an Airteagal seo.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 183aa, Airteagal 183ab agus Airteagal 183ac mutatis mutandis i ndáil leis an Airteagal seo.